Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Turas go hÁrainn

Title
An Turas go hÁrainn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Connacht Telegraph

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHEARNÓG



Uiml. II. Uimhir 7. EANAIR, 1925. Luach 3 Píghinne.



AN TURAS GO hÁRAINN.



Sa Samhradh a thárla sé. Bhí an Cúrsa Gaedhilge fá
lán t-seóil i nGaillimh, agus bhí neart cailíní dathamhail
agus buachaillí croidheamhail sa gcathair. Bhí aithne curtha
agam féin ar chailín deas, agus bhíos ag dul ar aghaidh
go maith leithe, ag siubhal amach léithe tráthnóna nó ghá
tabhairt chuig an amharclainn, agus ag caitheamh mo chuid
airgid ar mhilscáin dhuithe. Cé go mbíodh an dearg mhí-
adh orm i gcomhnaidhe i gcúrsaí grádha, bhí dóchas láidir
agam go bhféadfainn an cailín seó a mhealladh abhaile
liom i ndeireadh an Cúrsa. Ní raibh sé de mhisneach
agam an cheist mhór a chur uirthí fós, acht bhí tuairim agam
nach ndiúltóchadh sí mé nuair a chuirfinn í mar bhí sí
ceanamhail go maith orm.



An t-seachtmhain áirithe seó bhí sé socruighthe ag na
maca-leighin a bhí ar na Coláistí Gaedhilge go mbéadh
turas go hÁrainn aca Dia Sathairn. Bíonn an turas sin
acu chuile Shamhradh agus muna mbíonn spórt agus
siamsa, agus ar ndóigh togha spalluigheachta acu ní lá
go maidin é!



An ndeachaidh tú ar thuras go h-Árainn ariamh, a
léightheóir? Muna ndeachaidh, ba cheart duit a dhul ann
an chéad uair a bhéas deis agat. Tá sé mar a bheitheá ar
shaoghal eile ar fad. Is cosamhail le aon mhuirighin mhóir
amháin an dream a bhíos ar bord na luinge, agus tig
leat dul chun cainnte le daoine nach bhfuca tú ariam
roimhe sin má's mian leat é. Nach mór an gar é sin do
bhuachaillí óga mar mé féin atá ar thóir céile! Nach
mór an gar é sin do bhuachaillí óga mar mé féin atá ar
thóir céile! Nach minic ar an talamh tirim a chíos
buachaill cailín dá dtugann sé tnuthán a chroidhe, acht
toisg nach bhfuil aithne aige uirthí ní bhíonn sé de chead
aige labhairt léi, fiú amháin dreas spalluigheachta a
dhéanamh léithe. Acht bíonn a mhalairt de sgéal ar fad
ar bhord na luinge ag dul amach go h-Árainn. Ní cuir-
tear aon t-suim annsin ins na riaghlacha seafóideacha a
bhíos i bhfeidhm ar an talamh tirim. Cuirtear ar neamh-
nidh ar fad iad.



Badh é b'fhada liom féin go ngealadh an Satharn, mar
bhí Caitlín le bheith ar an turas agus bí fhios agam go
mbéadh lá breágh fada agam 'na cuideachtain. Tá, mar
a dubhras cheana, draoidheacht eicint ag baint leis an
turas agus leis an oileán é féin, agus muna n-éirigheadh
liom an chuthaileacht a chur ar leath-taoibh agus an cheist
níor a chur ar Chaitlín, agus sin beirt 5nár suidhe ar na
carraigeacha amuigh san oileán, b'aisteach an sgéal é.
Bhéadh leith-sgéal maith agam amuigh annsin le breith ar
láimh uirthí agus mo lámh a chur timcheall ar a cuim, áit a
mbéadh orm conghnamh a thabhairt duithe ag strapadh thar
na carraigeacha, agus ar ndóigh, ba thosach maith é sin,
agus deir an sean-fhocal gur leat na h-oibre tosach
maith. Fadó a bhéadh an cheist curtha agam uirthí dá
bhféadainn an tosach úd a dhéanamh acht táim chomh dia-
bhaltach cuthail sin nach dtig liom breith ar láimh ar chailín
de'n céad uair gan leith-sgéal. Acht ní bhéadh aon
easbaidh leith-sgéil orm i nÁrainn, agus dá bhrigh sin bhí
dóchas láidir agam go mbéinn féin agus Caitlín
luaidhte le chéile roimh fhilleadh ar Ghaillimh dhúinn trath-
nóna.



Cheannuigh mé péire bróg trathnóna Dia hAoine.
Bróga uimhir a dó-dhéag a chaitheas mé de ghnath. Sin
rud a chuireas buaidhreadh ar mo chroidhe go minic a
mhéid is atá mo chosa. Tá daoine ann a bhfuil cosa
móra fútha, agus tá daoine ann a bhfuil cosa an-mhóra
ar fad futha, acht ní fhaca tú ariamh a leithéid de na
spága atá fúm-sa. Sílim gur fearr go mór fada an
t-adh a bhéadh orm le na cailíní meireach iad. Luigheann
sé le réasún gur lugha-de meas na gcailíní ar bhuachaill
bocht spága a bheith faoi. Bítear ag magadh faoi, i
gcomhnaidhe agus, nidh nach ionghnadh, ní maith le cailín ar
bíth aon bhaint a bheith aici le buacháill atá 'na cheap
magaidh ag an bpobal.



Acht mar a bhíos a radh, cheannuigh mé péire bróg
trathnóna Dia hAoine. Ní raibh aon phéire sa siopa de'n
uimhir a bhí ag teastáil uaim, acht mhól an buachaill a bhí
i mbun an t-siopa, mhól sé dhom péire uimhir a h-aon-
déag a cheannacht. Dubhairt sé go mbéidís sathach-mhór
dhom acht a gcaithinn cúpla lá iad. Dubhairt sé fós gur
laghduigh sé a chosa féin ar an dóigh sin, go gcaitheadh sé
uimhir a deich uair amháin, agus nach raibh dá chaitheamh
aige ar an lathair úd acht uimhir a seacht. Is ionghantach
an rith-chainnte a bhíos ar chuid de na buachaillí úd ins
na siopaí! Chuirfidhís an dubh 'na bhán ort. Meallfaidhe
Naomh Peadar leó. Ar chaoi ar bith mealladh mise leis
an mbuachaill seó, agus badh é deireadh an sgéil gur
thugas bróga uimhir a h-aon-déag abhaile liom, agus bhí
sé de rún daingean agam mo chosa a laghdughadh mar a
rinne an buachaill sa siopa. Samhluigheadh dhom an lá, i
gceann cúig nó sé mbliadhain, nuair a d'fhéadfainn
siubhal ar na sráideanna gan aon duine ag tabhairt
sundais do mo chosa.



D'éirigheas go moch maidin Dia Sathairn agus chuadhas
chuig Aifreann a h-ocht. Bhí an long le n-imtheacht ar a
deich a chlog. Ar theacht ón Aifreann dom d'itheas mo
bhrisfeasta agus annsin chuadhas suas staighre le mé
féin a bhearradh. Níor mhór dhom, ar ndóighthe, a bheith go
glan bearrtha agus mé le bheith i bhfochair mo Chaitlín i
rith an lae. Bheadh a lán buachaillí eile ar an turas agus
bhéadh sí dom' chur i gcomórtas leóbhtha. Agus fós, dá
n-éirigheadh liom an cheist mhór a chur uirtí roimh thigheacht
abhaile dhúinn, agus dá nglacadh sí liom níor mhór dhom
annsin thar ariamh mo leicne a bheith chomh sleamhain le
leac mharmair.


L. 2


Boil, bhíos dom' sgríobadh agus dom' ath-sgríobadh le
rásúr nach raibh ar ghéire an domhain nó sa deireadh gur
bhaineas giota den chneas dem' smig agus thoisigh an
fhuil ag brughadh amach mar a bhéadh Dia ghá rádh léi. Ar
thug tú fá deara ariamh, a léightheóir, a dheacra is atá sé
fuil a stopadh, go mór-mhór má bhíonn deifir ort? Bhí
sé i bhfoisgeacht deich móiméid do'n deich — an t-am a
raibh an long le n-imtheacht — sul a raibh an fhuil stoptha
agam-sa an mhaidin úd. Bhí cúig móiméid eile imthighthe
sul ar fhéad mé na bróga nuadh a chur orm, mar is ar
éigin a rachadh mo chosa isteach ionnta chor ar bith. D'fhág
sé sin nach raibh acht cúig móiméid agam le dul síos
chuig an dug. A Dhia na Glóire, céard a dhéanfainn dá
gcaillinn an long agus Caitlín a bheith imthighthe ar an
turas léithe féin! Ní labhróchadh sí liom go deó airís.
Thug furmhór dá mbéadh ar an turas an chaoi a raibh an
sgéal eadrainn, agus muna dtéidhinn ar an turas le
Caitlín céard a déarfaidhe nó a ceapfaidhe acht gur ag
éirighe tuirseach di a bhíos. Seadh, ní mhaithfeadh sí dhom
go deó é dá gcaillinn an long.



Síos liom im' lán-rith chuig an dug. Ar shroichint na
h-áite dhom bhí na daoine uilíg ar bord agus an long
go díreach ag gluaiseacht amach ón gcéibh. Dá mba mhian
liom a dhul ar bord bheadh orm léim lúthmhar glan-
osgardha a thabhairt mar a dhéanfadh duine de na Fianna
fadó. Uair ar bith eile ní dhéanfainn a léitheid de lénn
ar ór na cruinne, acht fuaireas amharc ar Chaitlín ar
bhord na luinge agus thugas fa deara go raibh buachaill
árd dathamhail i n-aice léithe agus ghríosuigh sé sin chun
gaisgidheachta mé. Thugas ruathar go bruach na chéibhe
agus thugas léim a chuirfeadh éad ar Thársan na n-Ápa
dá bhfeiceadh sé í. Thug Dia dhom gur éirigh liom clár
na luinge a bhaint amach, acht muna mbaininn bhéadh mo
chuid aráin ithte agus mo dhreas deireadh spalluigheachta
déanta. Dá dtuitinn sa dug báithfidhe mé chomh cinnte
is tá gob ar phréachán, mar níl aon t-snúmh agam acht
an oiread le ceann casúir.



Bhí iongnadh a gcroidhe ar a raibh ar bord nuair a
chonnaiceadar chuca mé. Cheap cuid acu gur ghealt a
bhí ionnam, agus go deimhin duit ba chosamhala mé le
gealt ná le duine ciallmhar ar an lathair úd. Bhí an
fhuil ag teacht go tréan ómh' smig arís i ngan fhios dom,
agus bí stríoc mór fola anuas ar bhrollach mo léine.
Arbh aon iongnadh é má dhruid na cailíní, agus cuid de
na fir freisin, amach uaim nuair a thúrluing mé 'na
measg?



Acht bhí áthas ar Chaitlín go raibheas ar fághail. D'innis
sí do chuid dá cáirde go raibh mise le bheith léithe ar an
turas, agus bhí faitchíos a h-anama uirthí go gclisfinn
agus go mbéadh sí 'na staicín magaidh acu. Agus ba
mhór an glionndar a chuir sé uirthí gur 'spáin mé dhóibh
go raibh an oiread sin measa agam uirthí is go rachainn
i gcontabhairt mo bháis sul a sgaoilinn chun siubhail í
gan a bheith na fochair.



Chomh luath is a thug na daoine faoi deara go raibh
cailín agam ar bord ní rabhadar ag coingbhéal amach
uaim ní b'fhuide. Má tá cailín ag duine tig leis a rogha
rud, dá leibidighe é, a dhéanamh agus ní ceapfar go
bhfuil sé as a chéill. Má tá cailín ag duine béidh
cailíní eile ag brughadh cáirdeachais agus cineáltais air,
acht má tá an duine bocht 'na chadhan-aonraic seachnóchaidh
siad é mar an donas. Má tugtar faoi deara nach
bhfuil ag éirighe le buachaill cailín a fhaghail ceaptar is
dóighche go bhfuil aistighil eicínt ag baint leis agus ann-
sin tá sé réidh; acht fághadh sé cailín uair amháin agus
tig leis a rogha dhíobhtha a fhághail 'na dhiaidh sin. Nach
aisteach í inntinn na mban! Ní h-iongnadh ar bith é go
sáruigheann sí an tuigsint daondha.



Bhéinn ar dhruim na muice anois meireach rud amháin.
Thoisigh na bróga nuadh ag goilleamhaint go mór orm.
Bhí mo chosa mar a bhéidís sa teine. A léightheóir na
gcarad, munar chaith tú ariamh bróga a bhí ró-bheag duit
níl fhios agat céard is fulaingt ann. Ní féidir aon
chur-síos a dhéanamh ar ar fhulaing mhise an lá úd. Ní
raibh aon t-suaimhneas agam im' shuidhe nó im sheasamh,
agus maidir le baoth-chainnt a choingbhéal ar siubhal le
Caitlín agus pian na gcéadta dá fulaingt agam, ní
fhéadfainn é a dhéanamh. Facthar dom gur cheap an
creatúir bocht gur ag éirighe tuirseach dí a bhíos. Agus
leis an sgéal a dhéanamh níos measa bhí an buachaill árd
dathamhail úd ag bualadh thart agus ag bualadh bleid
uirthí go minic, agus rud eicínt ar bhárr a theangan aige
i gcomhnaidhe a bhaineadh racht gáire aistí. Ní fuláir nó
bhéadh sí 'gár gcur i gcomórtas, — mise go dúr gruamdha
agus eisean go meidhreach aereach — agus thuigeas go
maith gur lugha de mo sheans léithe an comórtas sin.
Ghuidheas gach mallacht dá raibh ar eólas agam anuas
ar a cheann, agus ar cheann an té a dhíol na bróga liom.



Shroicheamar an t-oileán sa deireadh, acht is ar éigin
a bhí mise i n-ann siubhal chor ar bith fa'n am seó. Chuaidh
ochtar againn, ceathrar buachaillí agus ceathrar cailíní,
chuig an teach-ósta le dinnéar a fhághail. Nuair a bhéadh
an dinnéar caithte againn rachaimís amach ag siubhal,
agus annsin bhéadh seans agam an cheist a chur ar Chaitlín
dá leigeadh na bróga dhom.



Ní rabhamar acht 'nár suidhe chun buird nuair a bhuail
an buachaill árd dathamhail isteach agus d'orduigh din-
néar, agus tugadh áit dó ag an mbord céadna linn-ne.
Nuair a chonnaiceas chugainn é ba mhaith liom é a thachtadh,
mar facthas dom go raibh súil aige ar Chaitlín.



Bhí na cosa chomh te agam anois le splannc teineadh.
Dá bhfaghainn an domhan air ní fhéadfainn an phian a
sheasamh níos fuide, agus bhainneas na bróga dhíom
faoi'n mbord i ngan fhios do na daoine eile. Ó nár
bhreágh an fionn-fhuaras é do mo chosa bochta! D'airigh-
eas ar nós anam a tóigfidhe ó Phurgadóir go Flaitheas.
D'éirigh liom mo theanga a bhogadh chun líomhthachta arís,
agus deirim leat nár fhágas an chainnt ar fad faoi'n
mbuachaill árd dathamhail le linn dinnéir.



Nuair a bhí an dinnéar caithte againn cuireadh i gcomh-
airle go rachaimís amach ag siubhal le eólas a chur ar an
oileán. B'in é a bhí uaim-se go díreach. B'in é an
seans a bhí leagtha amach agam leis an gceist a chur ar
Chaitlín ó cuireadh dlúthas leis an turas ar dtús, agus
bhí sé ceaptha amach agam go gcrochfainn chun bealaigh
liom í ó na daoine eile. Bhí áit deas uaigneach ar
eólas agam chuig a dtiubhrainn í, agus bhéadh orm, mar
a dubhras cheana, breith ar láimh uirthí le 'na stiúradh
thar n acarraigeacha. Bhéadh liom ac a mbéadh a láimhín
i ngreim agam. D'fhéadfainn tagairt a dhéanamh do na
méaranna deasa caola a bhí aici, agus a rádh gur deas
a rachadh fáinne do cheann acu. B'fhurasta dhom annsin
a rádh go mbfhearr liom féin ná ór na cruinne é a bheith
de chead agam uaithe fáinne a chur ar an méirín sin.
Agus annsin, ar ndóighche chuirfinn i n-íul di an grádh
dó-mheasta dó-theóranta a bhí agam dhuithe. Seadh, ba
chinnte mé go n-éireóchadh go geal liom ach a n-imthighimís
ó na daoine eile.



D'fhéacas le na bróga a chur orm arís i ngan fhios dá
raibh i láthair, acht mo léan géar! níorbh fhéidir liom.
D'atuigh mo chosa ó tugadh an fionn-fhuaras dhóibh, agus
dá mbéinn leó go dtigeadh an lá indé ar ais dheamhan
a rachaidís isteach ins na bróga arís!



Bhí iongnadh a gcroidhe ar na daoine eile ar a thabhairt
fa deara dhéibh nach raibh fonn siubhail orm féin. Thuigeas
go raibh fearg ar Chaitlín liom mar gheall ar mé a bheith
'ghá chur i gcéill dóibh nach raibh aon dhuil agam dul amach
ag siubhal léithe féin. Acht cé'n neart a bhí agam air?
Dá nochtuighinn dóibh an chaoi a raibh an sgéal, bhéinn im'
cheap magaidh go dteigheadh cré orm. Agus leis an
sgéal a dhéanamh níos measa, chuir an buachaill árd
dathamhail a ladar isteach.



"Nach go fonnmhar," ar seisean, ag tagairt don chaoi


L. 3


a raibh an sgéal idir mé féin agus Caitlín, "nach go
fonnmhar a rachainn-sé amach dá mbéinn id' bhróga!"



Níor dhubhras go mba fonnmhar a rachainn féin amach
dá mbéinn i mo bhróga, acht b'amhlaidh a bhí sé.



Sa deireadh nuair a connacthas nach raibh aon mhaith a
bheith liom. Bhuail an t-ochtar eile amach, agus ó bhíodar
'na mbeirteanna chuaidh Caitlín leis an mbuachaill árd
dathamhail. Ba saighead i lár mo chroidhe iad a fheiceál
ag imtheacht, agus go mór-mhór an fhéachaint a thug
Caitlín dhom, a b'ionnam is a rádh go raibh sí réidh liom.



An gádh dhom fad a chur ar an sgéal? D'éaluigh mé
síos chuig an luing im' stocaí nuair a fuaireas faill —
ní raibh bróga uimhir a dó-dhéag le fághail ar an oileán —
agus chuadhas i bhfolach inntí i gcúl-áit nach bhfeicfidhe
mé. Nuair shroicheamar Gaillimh sa trathnóna b'éigin
dom fanacht san áit a raibheas i bhfolach nó go raibh na
daoine a bhí ar an turas sguabtha leó abhaile, agus
annsin d'éaluigh mé tríd na cúl-sráideanna chuig an
teach-lóistín.



Casadh Caitlín liom ar an t-sráid an lá 'na dhiaidh
sin, acht ní bhreathnóchadh sí orm. Agus tá an buachaill
árd dathamhail na leanán aicí ó shoin i leith.



PÁDHRAIC Ó GABHLÁIN.



SGÉAL AN PHIOBAIRE.



Ins an gColáiste seo bhí Franncaigh agus Spáinigh
chómh maith le Éireannachaibh agus Sasanaigh, agus is
furus a thuigsint go mbéadh anois agus arís rud beag
achrainn idir na macaibh léighinn.



Na hÉireannaigh a bhí ann, bhí an chuid ba mhó aca
Gallda go leór. Ba h-iad na buachaillí a rugadh in
Éirinn ba Ghallda. Bhí gasúr aca siúd nach stopfad
acht go mo chreachadh faoi gur rugadh i Sasana mé.
D'fhuiling mé chómh fada agus dob' fhéidir liom é, agus
sa deireadh thug mé a dhubhshlán dó. Bhí a fhios agam go
bhfuigheadh sé an bhuaidh orm ag dornáil acht bhí sé ceaptha
agam é do thachtadh. Thoisig an troid. Níor chuir mé
na dorna suas chor ar bith, mar ba chuma liom buille
dá mbéadh seans agam greim d'fhághail ar a sgeadamán.
Bhuail sé mé go breágh idir an dá shúil, agus ghearr sé
mé, acht sul má bhí am aige buille eile do tharraing,
bhí greim piobáin agam air. Rinne an bochtán a dhícheall,
acht bhí mé ní ba fiúntaighe ná é. Thug mé cor coise dó,
agus thuit sé. Bhí mise i na mhullach agus mo ghlún ar a
bholg. Ríth na gasúir eile chugainn, agus d'fhiafruigh
duine aca díom an mbuailfinn fear ar an talamh.



"Níl mé dhá bhualadh," arsa mise. "Tá dúil agam é
do thachtadh."



Labhair buachaill eile, agus d'iarr orm é leigean
aníos.



"Go deimhin, ní leigfead," arsa mise. "Bhí an iom-
arca trioblóide orm é leagadh."



Rugadar orm annsoin, agus bhí deireadh leis an troid,
acht chongbhuigh mo dhuine amach uaim as sin amach.



San mbliadhain deireannach do chaith mé san gColáiste
seo, bhí beirt ollamh n-ogh ann a bhí ag dul isteach san
Órd Dhuir siad so cuma an-Ghallda ar án saoghal, mar
ba Sasanaigh iad go smior is go smusach. Tar éis gach
cuirme cheóil a bhiodh againn, bhuailfeadh duine aca suas
rosg cotha Shasana, agus ghéill na n-ollamhna eile dóibh.
Ghoill sé seo go mór ar na Frannchaibh agus ar na
Spáineachaibh, agus ní nach ionghnadh ar na Gaedhealaibh
chómh maith. Aon oidhche amháin, bhí árd-chuirm cheóil ann
in onóir do phatrún an úird. Nuair a bhí an siamsa thart,
d'éirigh an t-ollamh ré ceoil, a slat draoi dheachta beag
in a láimh aige. Bhuail ollamh eile (an Sasanach) roinnt
nótaí dhé ar an bpianó. Sheas 'chuile dhuine suas acht
amháin ochtar mac léighinn. D'ardaigh an t-ollamh a
chuaille. A h-aon, a dó, a trí! Bhí na focal "God save"
ag teacht amach as a bhéal nuair a chonnaic sé sinne.
Stad sé. Leig sé a shean-bhéic ag ordúghadh domhsa
seasamh, mar ba mé an mac léighinn ba shine ann. Níor
chorruigh mé, agus níor chorruigh duine de'n ochtar.
Ghlaoidh sé orm arís. Labhar mé annsin agus dubhairt
mé leis nár chleachtaidh mé an port sin agus gur
Éireannach mé. Dubhairt mo chomradaí rud éigin freisin
agus briseadh suas an cruinniúghadh gan "God save the
Queen" do rádh. Cuireadh pionás trom orrainn mar
gheall ar ár gcuid easumhlachta, acht ba chuma linn sin,
mar thaisbeánamar nárbh Shasanaigh sinn.



Is doiligh é creideamhain acht is ins an gColáiste seo
a thoisigh mé ag foghluim na Gaedhilge. Bhí a fhios agam
go raibh teanga áithrid ag muinntir na hÉireann mar
chualaidh mé focla anois agus arís ag m'athair. Tharla
dom lá amháin piosa dhe pháipéar nuaideachta, an "Free-
man's Journal" b'fhéidir go raibh bhéarsai ann ag moladh
teanga na nGaedheal. Sílim gur thoisig bhéarsa amháin
mar seo: "The Irish tongue is my native tongue," says
the sterling Irishman." Chualaidh mé Franncaigh agus
Spáinigh a labhairt as a dteanga féin thart orm. Minic
a bhéadh siad ag magad fiúnn — na h-Éireannaigh nach
raibh teanga fá leith againn. Mhionnuigh mé dom féin go
mbéadh mo theanga féin agam dá dtagadh liom é. Bhí
laidin agus Frainncís agam cheana, agus facthas dom
nach mbéadh sé an deacair teanga eile do phiocadh suas.
Bhí ádhbhar léightheóireachta ag teastáil uaim, lá, agus
chuaidh mé go dtí an leabharlann. Bhí mé ag cuartúghadh
go bhfacaidh mé ar an liosta "Grammaire Irlandaise."
Fuair mé an leabhar ar iasacht, agus go maithidh Dia
dhom é! Rinne mé dearmad ar a thabhairt ar ais. In
Acaill do clóbhuaileadh é ag an Mission Press, agus bhí
sé agam roinnt bliadhain go bhfacaidh duine i Lonndain
é. Fuair seisean ar iasacht uaim é, agus d'imir sé an
cleas ceannan céadna orm agus d'imir mé ar an
gColáiste. Is aisteach an rud é, acht fuair mé cóip
eile de in Aonach Úrmhumhan ag sean-phílear Protas-
túnach go mb' éigin dó teicheadh ó 'n mbaile sin, mar
gheall ar eachtraidhe mhná a bhí ró thugtha do'n bhraon beag
cruaidh. Bhí áthas orm a fhághail cé gur beag cuimhne a
bhí agam an uair sin go gcaithfinn seal in Acaill.



Tá a fhios agam gur gnáthach le daoinibh na laetheannta
a chaith siad i gColáiste do mholadh. Ní mholfaidh mé
agus ní cháinfidh mé an saoghal a chaith mé féin faoi
smacht, mar bhí mé rud beag righin ag glacadh léighinn,
agus bhímís cráidhte ag scrúduighthibh. B'fhearr liom
bheith ag ropadh liom faoi'n aer glan ar mhuir nó ar
thalamh, ná bheith ag pléasgadh mo chinn le Ailgeabar,
le Ceimseata, agus le Uimhreacht. B'shin iad na diabhail
nár thaithnigh liom ariamh, cé nach bhfuair mé mórán
anróigh ó na h-ádhbharaibh léighinn eile. Le teann cromtha
os cionn leabhar bhí cruit breágh ag fás orm, mar cé
go raibh teach fairsing agus gach gléas le h-aghaidh
aclaí dheachta níor baineadh mórán úsáide as. Is iomdha
buille treasna na slinneán a fuair mé ó m'athair nuair
a bhínn sa mbaile, mar b'fhuath leis cruiteachán. Acht an
bhliadhain deiridh do chaith mé san áit seo thigeadh saighdiúr
chuig an gColáiste cúpla uair sa tseachtmhain chun
aclaidheacht do mhúineadh dúinn. Ba mhaith liom sin go
mór, agus chlaoidhe mé leis go dtáinig liom snaidhm do
dhéanamh de mo chorp, agus gur éirigh mé chómh díreach le
crann luinge. Níor ghnóthuigh mé mórán duaiseanna an
bhliadhain sin, mar níor bronnadh orm acht ceann amháin
duais le h-aghaidh feabhsa 'san eaclaideacht. Bhí leisce
orm an duais sin do thaisbeáint do m'athair, acht ní raibh
aon dul as agam. Ní bhfuair sé aon locht ionnam, acht
dubhairt sé go raibh sé fásta, mar nár mhór dom bheith
im' fhear sul mar a bhéinn in mo shagart, agus maidir
liom féin tá 's agam gur shábháil an aclaidheacht céadhna
m'anam dom níos mó ná aon uair amháin.



(Ní críoch.)


L. 4


GRIP: MADADH.



Is forasta aithne an neart atá sa bhfuarloch nuair
fheiceas tú píosa mhaide scuabtha leis ar an bpoínnte
as t-amharc. Ba shin é fhearacht ag mo charaid é. Grip
an t-ainm a bhí air. Thréig sé an bóthar mór a mbíodh gach
madadh air a raibh aon mheas aige air héin, agus bain sé
as ins na casáin iar-gcúltha agus timcheall na gcoirnéal
uaighneach agus gan aon deagh-chómhluadar le fáil ann.
Ba h-é an maid ear an tuile é agus chuir sé díomadha
orm é dá scuabadh chun bealaigh.



An chéad am a thug mé súnntas dhó, badh é an uair
bhíodh sé ag dul chuig na peictiúirí. Chuir sé seo iongnadh
orm agus chuimhnigh mé nar mhór níos mo iongnadh beith
ar a chomrádaí héin ná bhéadh ar ár leitheide dá gcastaí
duine orainn nach dteigheadh annsin le inghean an Bhailin-
tín fheiceál a's í gléasta sa bhfaisiún is deireannaí.



Tig liom cara eicínt d'e Ghrip fheiceál rómham, sean-
chara borb cainnteach b'fhéidir, a bhéadh ar mhaithe leis,
agus é a chur síos ar an am fadó nuair a ghoidthí cnámha
as steallaí búistéara, nó b'fhéidir go mbéadh dhíospóir-
eacht gan gruascán eatorra ar an gcuma céadna leó
a bhíodh na madraí i n-allód, nó ar ar shiolruigh siad ó
dheagh-phór uasal nach bhfuil ar fáil an uair seo dhe ló.



Tig liom sean-chara dhá shórt úd fheiceál agus é a
tabhairt Grip ar leath-thaoibh leis a's é a rádh go stadach
le iomdha "thum" agus "thá" —



"Anois, a mhic mo chomhursan, bíodh fhios agat gur ar
mhaithe leat héin atá mé. Ní maith liom thú a ghortú a's
is fearr liom-sa innseacht dhuit, ná aon duine eile — bheith
á —. A gcloiseann tú leat mé? — Marach an t-suím
atá agam ionnat ní abróchainn tada — ach — i dtaoibh an
cleasa nuaidh úd atá agat — na peictiúirí, tá fhios agat.
Ach, foighid leat go fóilleach," — déarfadh an cara nuair
thosóch' Grip ag crathadh a riobaill go díomadhach. "Tá
na madraí ag cúl-chainnt cheana agus goilleann sé orm
bheith ag éisteacht leó. Tá fhios agat go maith, a mhaicín,
nach gcleachtuigheann muid-ne an nós nuadh seo bheith dhul
chuig na peictiúirí. Ná tosuigh gnás is ná seachain sean-
ghnás. Fanfaidh muid-ne sa mbaile. Téigheadh ár
maighistrí go dtí — a — na peictiúirí. Is cuma, ar ndó,
fanacht nó imtheacht, ach déan mar rinne do mhúinntir
romhat. Tá sé cóir —"



Agus annsin d'iompóch' Grip ar a shálaibh go mí-
fhoighdeach a's é a radh faoi 'na fhiacal go bhféadfadh sé
breathnú i ndiaidh a ghnaithí héin. Gortóchthaí an sean-
chara a's chuimhneóch sé go mbudh dual athar dho Ghrip
bheith ceann-dána. Leis sin bhéadh dual an chartanais
sgeithte, agus achar gearr in a dhiaidh bhéadh an téad
sgeithte ar fad 'na phiosaí.



Sin í an uair a thiocfadh an cuipeadh feirge ar Ghrip
bocht a's bhéadh sé seacht n-uaire ní ba mheasa ná bhí sé ó
thús, a dhéanamh ós comhair an t-saoghail an rud ceanann
céadna a rabhthas a fáilt lucht air. Feicim é le n-a dhá
chluais cocáilte aige chomh neamh-spleadhach le madadh
ar bith a's é ar a ghogaide ar cheann dhe na suidheachain
b' aeraighe i dteach na bpeictiúirí agus suim an t-saogh-
ail aige in eachtraibh grádha agus gráin.



Tá fhios ag Dia go raibh fhios agam go maith céard a
bhí ar siubhal, acht bhí leisg orm a labhairt go fóill beag
go dtí gur thárla rud a chuir orm labhairt gan sgeón
gan fhaitchios.



Bhí mé ag siubhal suas an baile mór, lá, nuair thug
mé faoi deara dha mhadadh 'na seasamh go díomhaoineach
le coirnéal sráide agus iad ag cogarnaighil le chéile
is ag breathnú go spreamhsach thart ar 'chaon taobh dhóibh.
Ní raibh aon deagh-fhuadar fútha. Bhí ceann aca an-
ghiobach, salach a breathnú, ar nós an cine i gcomhnaidhe.
Bhí leath-chluas leis stróicthe dhe bharr achrain náireach
eicínt, is doigh, agus bhí breathnú glic, aisteach ins an
leath -shúil a bhí slán leis gur thainig aimhreas orm faoi.
B'fhurasta aithne gur dhe'n dream úd gan mhaith gan
mhaoin é, nach gcuimhneóch' ar dhul a fiadhach nó a snámh —
ruda seafóideacha mar iad. Bhí aon rud amháin sa
saoghal ag déanamh i mní dhóibh — soláthairt feóla ar uain
nó ar íasacht agus théis a bheith sughach sáthach, iad 'na
luighe siar a déanamh ghoradh le gréin nó ag troid is ag
bruighean i lár an bhóthair, ag cocaireacht le madraí
uasal nach mbreathnóch ins an dtaoibh a mbéidís. Luigh
an madadh seo suas leis an gcoirnéal agus 'sbáin sé
nár indiu ná indé a d'fhoghluim seisean céird an
díomhaoinis. Ba mhór an deifir i méin idir a chomarád
a's é héin. Bhí cóta mór an dara mhadaidh an t-salach
dhe bharr faillighthe, ach shíl mé i dtús gur le fíor-ghoirid
a thuit sé ins an umar 'gus sa gclábar. Agus shil mé
i n-a dhiaidh sin gur ar an seachrán a bhí sé go ceann
cúpla lá is go n-éireóch' sé as an ball beag. Acht nuair
bhreathnuigh mé níos géire air, cé bhí ann ach Grip. Tháinic
olc orm agus rinne mé m'intinn suas é d'ionnsú gan
aon mhoill. Acht d'fhan mé 'mo thost. Chuaidh an ruifín-
each dhe chomarád amach thar an gcoirnéal. Dhearc sé
siar thar a ghualainn ar mo mhadadh-sa, chaoc an leath-
shúil, a's as go bráth le Grip suas an t-sráid. Theann
an chéad mhadad suas leis an mballa arís a's d'fhan
annsin ar nos cuma liom.



Bhí mé cinnte go raibh droch-fhuadar futha an babhta seo
agus, mo léan, b'fhíor dam.



Bhí Grip ag greadadh leis agus an cosamhaileacht air
a bhíos ar an bprínntíseach san olcas, gan aon dochar
nó geárradh ann. Stop sé ar aghaidh stealla bhúistéara
agus rug ar chloigeann bheithidhigh a bhí ar an urlár agus
as go bráth leis. Rith an búistéara amach agus tharraing
sé buille dha thuagh dhe láisg 'na dhiaidh. Dá bhfághadh
Grip é, bhéadh sé réidh go lá na ndeór. Chaill Grip an
cloigeann fuilteach a's rith i mbarr na bhfásgaí ar a
anam agus screadaghaoil a's clocha dá gcaitheamh na
dhiaidh.



Bhí m'intinn déanta suas agam anois thar ariamh.
Labhróchainn leis a luaithe is thiocfainn abhaile. Chuaidh
mé thar an ruifíneach 'na shuidhe ar a chorageamh ag coir-
néal na sráide. Ní raibh aon mhaith dham bheith leis siud.
Ní bhfuighfinn ach masla uaidh, agus ní eisean a dhéanfad
aithrighe.



Bhí Grip romham sa mbaile.



"Chonnaic mé do chuid amhaille, a Ghrip," arsa mise go
mí-chéadtach. "Níl fhios agam céard ta ag teacht ort
ós cómhair do cháirde héin agus mo mhuinntir-se i lár
na sráide. Céard tá fút, a mhic ó, a deirim-se?"



"Céard tá déanta as an mbealach agam?" ar sé.



"Ar an mbealach! Nach ort atá an ceó 'gus an
ciméar a's freagra mar sin a thabhairt orm? Le mo
dhá shúil chonnaic mé thú ag lúitéis a's ag luathgháire le
dríodar an bhaile mhóir a's ag iarraidh feóil a ghoid ó'n
mbúistéara chéadna a bhfághaim an fheóil uaidh, an chéad
bhiadh a chuaidh ar sluigeadh dhuit agus a d'íth tú faoi
shógh ins an teach seo! Agus rud níos measa ná sin,
chonnaiceas thú ag greadadh 'sna bhfásgaí is mo chara 'do
dhiaidh ag iarraidh díoghaltais a bhaint amach. Agus théis
sin," arsa mise go doilghéasach, "Fiafruigheann tú dhíom
céard a rinne tú as an mbealach!"



"Agus fiafruighim arís dhíot é," ar seisean ag tabhairt
mo dhubhshláin. "Céard faoi cúpla mí ó shoin nuair bhí
tú héin dallta ag damhsa na bhfeiliméaraí, agus bhain
tú na cnagairí dhe na doirse a's tú ag tarainnt abhaile
ar éigean.



"Och, ní shin leithscéal faoi —"



"Agus céard faoi oidhche an Toghaidh nuair thóg tú
mopa an dorais a's d'iomchar tú ar bharr bata é le na
focla —" Tugaidh guth ar… scríobhtha air."



"Stop do bhéal, a mhadaidh, adeirim-se. Táim ag
iarraidh deire a chur leis an tútaighil seo. An ndéan-


L. 5


faidh tú é?"



"Och! Ní raibh sé an-tuatach, ar ndó," ar seisean go
teanntásach. "Is iomdha duine thar thú a bhí ar meisge
ag an ndamhsa úd."



"Tá fhios agat go maith céard táim a rádh, a chladh-
aire," arsa mise. "Tabhair freagra orm."



"Seod é m'fhreagra, mar sin. Déanfaidh mé mo rogha
rud feasta."



"Mar sin adeirim-se i mealladh ná i ndearmad ná
taobhuigh mo dhoras níos mó, nó go ndéanaidh tú athrú
dho chuid béasaí."



"Níl fúm iad athrú," ar seisean go dubhshlánach.
"Tháinig mé arais le mo chuid bagairtí a bhailiú liom."



Leis sin rug sé ar chnámh mhór in a dhradh agus d'imthigh
sé.



In a dhiaidh sin, bhí sé gan ceannas ceann ag strachadh
leis an saoghal agus is iomdha rafla a chuala mé 'na
dhiaidh agus is iomdha duine a bhí ag bogadh a bhéil ar a
chuid bealaigh. Aon uair amháin chonnaic mé ag teacht
chugam in a shean-rith é agus caintín ceangailte air is é
ag baint deannach as an mbóthar in a dhiaidh aníar.



Ní bhéinn réidh go maidin dá gcuirinn síos ar gach a
chuala mé faoi timcheall an ama seo. D'éirigh easaon-
tas idir na madraí lá agus tháinig siad anuas ar Ghrip.
Badh é an sgeach sa mbearnam aca é. Marach gur
éirigh Dia liom a bheith ann bhéadh a cháisgín meilte.



Rinne sé aithrighe na dhiaidh sin agus tháinig sé abhaile
chugam ciúin, socair, cómhairlighthe ag an saoghal.



Leanann sé mé anois go min, reidhi ins chuile áit a
dteighim. Ní bhreathnuigheann sé sa taoibh a mbídís
cheana. Madadh ciuin, socair, macánta anois é. Séard
tá na mná a rádh go bhfuighfidh siad ribín dearg agus
bogha dhó amach annseo.



MÍCHEÁL Ó CONLÁIN.



AN GADUIDHE.



DRÁMA BEAG DO PHÁISDIDHIBH SGOILE.



GNÍOMH A H-AON.



Áit:- Cros-bhóthar ar aghaidh garrdha an Mháighistir.
Na malraigh ag dul abhaile ó sgoil.



Darach: An bhfuil deifir abhaile orraibh?



Colm: Tá deifir orm-sa.



Pádraig: Muise! fan tamaillín, agus béidh "Geat-
aidhe Árda" again.



Séamaisín: Ní féidir liom-sa fanacht. Tá orm an
dinnéar a thabhairt do m'athair.



Cáit: Ó! Béidh "Seo iad na gaduidhthe" againn.



Iad go léir: Ó! Béidh! Béidh! (An cluiche.)



Colm: Céard tá ort, a Antoine? 'Tuige nach bhfuil
tú ag imirt?



Antoine: Órá! Ní maith liom "Seo iad na gaduighthe."
Tá "Geataidhe Árda" i bhfad níos deise.



Nóra: Cé chaoi bhfuil Bríghdín, a Antoine? An mbéidh
sí ar sgoil i mbárach?



Antoine: Ní bhéidh. Tá sí in a luighe tinn le coicidhis,
agus chualaidh mé mo mháthair a rádh ar maidin go bhfuil
sí an-lag, agus tháinig deora in a súilibh agus í dhá rádh.



Nóra: Ó! Béidh biseach uirthi i gcionn tamaillín. Fan
go bhfeicidh tú!



Máire: Támuid ag dul abhaile, a Mháire. Nach bhfuil
tú ag teacht?



Nóra: Tá. (Le Antoine) Abair le Bríghdín go mbéidh
mé ag dul siar trathnóna le n-a feiceál. (Imthigheann
sí.)



Míchilín: Chualaidh mé go bhfuil beacha an Mháighistir ag
eirghe.



Antoine: Nach deas an garrdha atá aige!



Míchilín: Is deas go deimhin. Nuair bhéidheas mé in
m'fhear, béidh mé in mo Mháighistir Sgoile le congnamh
Dé, agus béidh garrdha de'n t-saghas sin agam. Béidh
crainn rós agus crainn spíonán agus crainn ubhall
agam ann. Béidh clocha beaga deasa mar iad sin thart
leis an gcasán agam. Agus béidh clocha móra —



Antoine: Féach, a Mhíchilín, an teachín beag áluinn
faoi sgáth an crainn rós.



Míchilín: Níl ann acht teach babóige. Is le Neans
bheag an Mháighistir é. Nach bhfaca tú cheana é?



Antoine: ó! Ní fhaca mé a leithead de theachín beag
gleóidhte ariamh.



Míchilín: Tarra uait, as soin, a Antoine. Shílfeadh
duine ort gur girrseach thú. Tá mise ag imtheacht. Nach
bhfuil tú ag teacht? (Imthigheann sé.)



Antoine: Óra! Nach deas é! É déanta d'ádhmad!
Dhá stór ann! Doras beag glas air! Trí fuinneoga
gloine air! Agus féach bean uasal an tighe in a suidhe
sa doras. Truagh gan a leithead ag Bríghdín, an
créatúir, agus í lag tinn Dá mbéadh an bhabóigín féin
aici, tá mé lán-chinnte go gcuirfeadh sí biseach uirthi.
Goidfidh mé. (Teigheann sé isteach thar an sgonnsa.
Beireann sé ar an mbabóig agus sáitheann sé isteach
faoi n-a chasóig í.)



Antoine: Is gaduidhe mé, acht is cuma liom. Cuirfidh
an bhabóg biseach ar Bhríghdín.



Brat Anuas.



GNÍOMH A DÓ.



Cistín. Bríghdín in a suidhe i gcathaoir cois na teineadh.



An Mháthair: Seo braoinín beag bainne dhuit, a ghrádh.



Bríghdín: Ní maith liom é, a Mhamaí.



An Mháthair: Sloig siar é, a leinbh. Déanfaidh sé
maith duit.



Bríghdín: An fada go dtigidh Antoine, a Mhamaí?



An Mháthair: Ní fada, a chuid. Chonnaiceas Seán
Thaidgín ag dul abhaile cúpla móiméad ó shoin.



Bríghdín: Tá mé lag tuirseach istigh, a Mhamai. Feic-
thear dom nach mbéidh mé in ann siubhal an bóthar, nó
ríth treasna na ngarranta le Nóra agus Antoine arís
go bráth.



An Mháthair: Ó! Ná h-abair é sin, a ghrádh. Seo
Antoine anois, a mhuirnín.



Bríghdín: Ora! Antoine, 'tuige bhfuil tú chómh deir-
eannach sin? Gabh i leith, agus innis dom cé chaoi ar
éirigh libh sa sgoil indiu?



Antoine: A Bríghdín, tá bronntanas agam duit.



Bríghdín: Cé'n sórt bronntanais?



Antoine: Tomhais!



Bríghdín: Milseáin.



Antoinne: Ní h-eadh.



Bríghdín: Cáca milis?



Antoine: Ní h-eadh, muis'.



Bríghdín: Péire stocai?



Antoine: Ní h-eadh, go deimhin. Cá bhfuighinn péire
stocai?



Bríghdín: Leabhar urnaighthe?



Antoine: Ní h-eadh, 'chor ar bíth.



Bríghdín: Céard é fhéin, d'eile?



Antoine: Féach!



Bríghdín: Óra, nach deas í! Ó; a Antoine, a ghrádh,
cá bhfuair tú í?



Antoine: Neans bheag an Mháighistir a chuir chugat í
mar brontannas.



Bríghdín: Óra, ó! Béidh páiste dom' chuid fhéin agam
anois. Béidh páisde dom' chuid fhéinín fhéin agam. Béidh
páisde ag Bríghdín. Póg (le Antoine). A Mhamai, a
chuid, féach an bronntanas a chuir Neans bheag an
Mháighistir chugam.



An Mháthair: An dariríbh?



Bríghdín: Seadh. Antoine a thug isteach chugam í. Póg.



(Ní críoch.)


L. 6


AN CHEARNÓG.



EANAIR, 1925.



Tá "Árd-Chúrsa i Litrigheacht Gaedhilge" ar siubhal
tríd an bpost ag Colláisde Laighean. Is mór an
congnamh do na Múinteóiribh Sgoile an Cúrsa so, mar
is cosamhail le Cúrsa Áird-Theistis na h-Aireachta é.
Leanfar do'n Chúrsa go Bealtaine, agus bronnfaidh an
Colláisde teistis ar na mic léighinn a sheasfas an
scrúdughadh. Seo é an chlár:



1. Litrigheacht agus Stair Litrigheachta na Gaedhilge.



2. Aistí.



3. Gramadach agus Foghraigheacht na Gaedhilge.



4. Tionntóchán agus Meadaracht.



Tá súil againn go mbéidh a leithead so de Chúrsa ag
Colláisdídhibh Chonnacht an bhliadhain seo chugainn.



Bhí mé ag cainnt le fear tamall ó shoin faoi na
Cúrsaidhibh Gaedhilge.



"Níl ins na Cúrsaidhibh sin," ar seisean, "acht ag cur
airgid amugha."



"Acht," arsa mise, "an bhfuil aon scéim agat-sa le
cur in a n-áit?"



"Tá," ar seisean. "Fógra bliadhna a thabhairt do na
Múinteóiribh Scoile teisteas a fhághail, agus muna bhfuil
sí aca i gcionn bliadhna, a gcuid tuarastail a chongbháil
siar nó go mbídh sí fághta aca."



Aontuighim le mo charaid nach bhfuil ins na Cúrsaidhibh
Gaedhilge (mar bhí siad i n áiteachaibh anuraidh ar chuma
ar bíth) acht ag cur airgid amugha. B'fhéidir go bhfuil sé
ró-chruaidh ins an tuairim eile a luadh sé. Níl fhios
agam. Is iomdha deis atá ag na Múinteóiribh faoi
láthair an Ghaedhilge d'fhóghluim. Tá na ranngannaibh faoi
Choisde an Cheárd-Oideachais aca, acht ní theigheann siad
chuca.



Ann fearr mar scéim é Cúrsa tríd an bpost, mar
atá ag Colláisde Laighean? Ní bhéadh air, acht dhá ghinní.
Ní bhéadh call ar bíth le Cúrsa Samhraidh. Duine ar bíth
a thogrghchadh, d'fhéadfad sé dhul chuig na Colláisdidhibh
Gaedhilge i rith a laetheannta saoire ins an Samhradh,
agus ní bhéadh an oiread clamhsáin is mar tá faoi dhúnadh
na Sgoileanna. Rud eile, bhéadh teisteas le fághail ag
an té a sheasfadh an scrúdughadh, teisteas a shásóchadh
Cigire ar bíth.



Ag cruinniughadh de Choisde Colláisdidhe Gaedhilge
Chonnacht tamall ó shoin, socruigheadh go n-iarrfaidhe
songnamh ar Aireacht an Airgid le Colláisde Gaedhilge
do pháisdídhibh sgoile a chur ar bun i dTúr Mhic Éadaigh
agus ins an Spidéal, ar nós an inn atá aca sa Rinn.
Colláisde do bhuachaillibh a bhéadh i gceann aca, agus
Colláisde do chailíníbh ins an gceann eile. Múinfidhe
gach ádhbhar léighinn thríd an nGaedhilge amháin. Ní rachadh
chuig na Colláisdidhibh seo acht páisdí idir aois a seacht
agus a dó-dhéag. Ní bhéadh an chomórtas idir na Col-
láisdidhibh seo agus na sgoileanna atá ins na ceann-
taraibh cheana, nó leis na Sgoileannaibh Idir-Mheadhonacha.
Acht is maith an rud comórtas, agus is dócha go gceap-
faidhe scéim éigin le comórtas a chur ar bun idir na
Colláisdidhibh féin. Tá súil againn go n-éireóchaidh leis
an gCoisde ins an deagh-obair seo, agus gur gearr go
mbídh Colláisde Gaedhilge againn do pháisdidhibh
Chonnacht.



MAC DARA.



I gCAIDSEAMH NA SEAN DÚINN.



Árdóchaimid na seolta bocóideacht bacóideacha go
dtéighimíd siar i gcaidseamh na sean ionndiúirí a
seasfaidh a gcainnt fhad's mhairfear Teanga na h-Éir-
eann. Ag seo thíos giotaí atá go laetheamhail ag sean-
Ghaedhilgeóirí an Iarthair, iarsmaí uaisle an trátha a raibh
bláth bán ar chrann na Gaedhilge.



An té atá tugtha do léightheóiréacht, is ionndamhail go
mbíonn Leabhairín Solumair ag gabháil leis, agus éadáil
ar bith rann no rádh a castar chuige agus a thaithnigheanns
leis, nó a labhranns 'na chroidhe, racann sé isteach ann é.



Seo é thíos Leabhairín Solumair "Na Cearnóige," agus
béidh fáilte againn roimh éadáil ar bíth a seolfar
chugann agus a bhéas feileamhnach le cur ann. Go
mb' annsa le n-ar lucht léighte é agus go rabhthar ag
cur 'na dhiaidh go tréan!



Tosach luinge cláir,
Tosach átha clocha
Tosach flatha fáilte,
Tosach sláinte codladh.



Deire luinge báthadh,
Deire áithe losgadh,
Deire fléidhe cáineadh,
Deire sláinte osnadh.



Tá an roth ag dul thart,
Is níl cómhnuidhe faoi,
Níl sonas gan donas,
Acht in-ordlaigh thríd.



Féach an té a bhí indhé luath láidir,
A léimfeadh sconnsa, claidhe is bearna,
A bhí trathnóna ag siubhail na sráide,
Is ag dul faoi'n gcréafóig lá'r na mhárach.



A éinín, thuas ar bhárr an bhile,
An eagal nó an truagh leat bás?
Nó an bhfeicir fear na h-uaighe thíos,
Is an féar uaithne thríd ag fás?



Pé ar bith oideachais nó múnadh a gheobhfas
An búiste, mac an daoi,
Brisfidh an túta thríd an mbrúta
'Réis é a chúrsa a chur i grích.



An té atá socair sochma in-áras féin
Gheobhfaidh sé cuireadh Nodlag is fáilte lae.
Acht an té atá gan muc gan mart gan cráin
gan gé,
Is mór sa solus é, agus is follusach do chác a
mhéid.



Ní truimide loch an lacha,
Ní truimide each an srian,
Ní truimide caora olann,
Ní truimide colainn ciall.



AN CHEARNÓG.



Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh,
nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG
scríobhadh sé go dtí:-



BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG,"
Caisleán a' Bharraigh, Co. Mhuigheó.


L. 7


AN DHÚIL BHEO AGUS AN GEIMHREADH.



Is cruaidh a théigheanns an geimhreadh ar roinnt de'n
Dhúil Beo, agus ach beag go bhfuil ionnta dul ar bhear-
taigheacht leis caillfidhe iad. Tá cuid aca dála na
bhfáinleog a ghlananns leo go dtí na tíortha teo; cuid
eile go dtéigheann aca air le fearr-is-bárr clúmhdaigh
fearacht an ghirrfhiaidh. Is mó i bhfad a bhíonns d'fhionnadh
ar an ngirrfhiadh sa ngeimhreadh ná sa samhrad, i gceann
é a bheith níos teo. Tá cuid aca a n-iompuigheann a
bhfionnadh bán. Ní théigheann an girrfhiadh ar an meoin
seo acht ins na réigiúin fuara a bhíonns faoi shneachta
ar feadh bunáite na bliadna. Gheobhfá corr cheann bán
in Éirinn, acht rí-chorr ceann é. Chreideadh na sean
daoine gur girrfhiadhacha sídhe iad agus nár cheart dul i
ndréim leo. Dá dtéigheadh an sgéal amach go raibh
girrfhiadh bán ins na fabhraí, cuirfidhe na seacht seachaint
ar an aos óg gan drannadh leis. Is minic a cluintí
cainnt sa mbaile ar ghirrfhiadh bán Cloch na Finne, gur
chinn sé duth is dubh ar a raibh ins na bailte é a mharbhu-
ghadh nó gur chuir Páidín Uatéir urchar ann, maidin moch
earraigh dá raibh an fheithide bhocht in-éadan a gheabhair:
agus mar dubhairt an sgéalaidhe, ní dhearna Páidín aon
lá maitheasa uaidh sin amach.



Tá cineálacha, mar tá an mheach agus an siongán
gurab é an gorta an gad is goire do'n mhuinéal aca
agus cuireann siad stórtha móra bídh i dtaisge. Acht
níl aicme ar bíth aca a chuireanns an fuacht thairis níos
réidhe ná an chuid a chodluigheanns amach é fearacht na
gráineoige.



An beatha a bhfuil a teacht suas air — péistí agus eile
ní bhíonn aon fhághail ortha sa ngeimhreadh. Dhá bhrígh sin
ní mór do'n ghráineoig dul ar mheoin eicín go mbí siad
so-fhághta arís, agus 'séard a ghnídheann sí, nead te
teolaidhe a shocrughadh dí féin istigh i sconnsa nó i sean-
bhalla tirim. Cuireann sí an-bhail ar a leabaidh le duil-
leoga is féar críon. Scaithte bíonn olann, sean-
chirteacha tirime agus solmar eile mar iad ann, le cúl
a chur ar an ngaibh, faoi n-a theacht do'n droch-shín. Ar
a bheith déanta dá h-áitreabh dí socruigheann sí í féin
na cúb istigh ann agus ní bhíonn beann croicinn
calóige aicí ar dhallcairt ná ar dhoininn.



Déarfá go mbadh deacair di maireachtáil dh'easbhaidh
beatha ach is beag é a díol, agus bíonn an oiread
bluinice 'na colainn de bhárr an t-samhraidh agus a
chothuigheanns í. Bíonn sí dí-bheo an fhad is bhíonn sí sa
neid agus ní bhuaileann a croidhe acht ceithre h-uaire
faoi'n móiméad, i gcruthamhnas nach bhfuil ann acht go
maireann sí. Nuair a thaganns nádúr is boige san uair
amach san earrach, agus go mbuaileann an scollán te
an sconnsa, baineann an ghráineog searradh aistí féin
agus siod amach as a neid í is í chomh caol le tangas.



Déanann an seilmide, an mhíoltóg, an mhíoltóg
leathair agus feithidí eile ar nós na gráineoige. Bíonn
an seilmhide go cúthánach 'na chochall gan goir ag gaoith
ná báistigh cuimilt leis. Acht cheana, nuair a thaganns
sioc mór, is go reoidhtear an croidhe ann, téigheann sé
in-éag. Gheobhfá an mhíoltóg leathair ar crochadh de na
cosa deiridh as rata an sciobóil gan smeadhbh ann, agus
bíonn an mhíoltóg ráithte ins na fraghthacha.



Sin feithide eile a chuireanns an geimhreadh de le
diomhaoineas an loscán (frog). Ní bhíonn aige acht
poll a dhéanamh i mbruach agus fanacht ann. Is iongan-
tach an seasamh aige é freisin, tha ré, is mhinic a bhíonns
an bruach is é féin 'na leac sheaca, agus 'na dhiaidh sin
tagann sé.



Tá ughdair ann a deireanns nach le ceal bídh ná le
teann fuaicht a théigheanns an aicme seo un suain chor
ar bíth, acht gur ó dhúthcas dóibh é; go dtugann sé sgíth



Bíodh sin mar atá, acht nach iongantach an bealach atá
leobhtha; agus cé déarfadh nach bhfuil a sháith le déanamh
ag gach uile aicme ar druim an domhain chómh maith leis
an duine agus cor in-aghaidh an chuir a imirt ar an
saoghal?



Agus nach geall leis an bhfeithide an duine sa méid
atá ráidhte thuas. Féach na buic mhóra a bhfuil an
t-airgead aca. Nach nglanfaidh siad leo go dtí na
tíortha teo shul a mbeirídh an geimhreadh ortha i bhfus,
fearacht na ndruideach is na bhfáinleogh? Ceal nach
cosamhail leis an mbeach agus leis an madadh crainn,
an bhean tighe a ghnídheanns tíoghbhus ar mhil is ar shúbh is
ar uibheacha. Agus cé bhfuightheá samhail do'n ghiorrfhiadh
acht an duine a chaitheanns fearre-is-bárr éadaigh in-
aghaidh an fhuaicht. Maidir leis an aicme a chaitheanns an
geimhreadh le diomhaoineas, tá a n-uime le fághail ar an
gcine daonna i Sibéirí, san áit a dtuiteann támh ortha
nach sgarann leobhtha go mbí an sé dhorcha thart.



LIAM Ó COINÍN.



ROINN NA LEABHAR.



CUID CEATHRAMHNACHA ÓMAIR CHIGHIAIM. Antoin
Mhac A' Bhéird d'aistrigh. Cló-lucht an Talbóidigh,
Ath Cliath, Teór. 2/-.



Aistriughadh un leabhar so ar chéad rann de'n
"Rubaiyat" a d'aistrigh Éamonn Mac Gearalt go
Béarla. Aistriughadh ar aistriughadh is eadh é. Acht in
a dhiaidh sin is deas so-léighte an leabhar é. Tá an
Ghaedhilge agus an Béarla aghaidh ar aghaidh, agus is
féidir leis an léighteóir iad a chur i gcomórtas agus é
ag léigheadh an leabhair. Tá nótaí ann freisin.



Má tá locht ar bíth le fághail ar aistriuúadh Mhic A'
Báird, sé locht é gur lean sé ró-dhílis do'n Bhéarla.
Acht tá an locht céadna le fághail ar gach aistriugadh.



Molamuid an leabhar so go mór mar aistriughadh go
Gaedhilge, acht ceapamuid go bhfuigheadh an t-ughdar
leabhar níos feileamhnaighe le n-aisrtiughadh, má's aistriu-
ghadh a bhí uaidh. Ní rítheann feallsamhnacht Ómair
Chaighiaim leis an meón Gaedhealach. Ní bhéidh níos mó
measa ag Gaedhealaibh uirri agus leagan Gaedhilge
uirri.



M.



RANNTA.



Chuaidh mo mhac-sa agus do mhac-sa un na mónadh.
Chuaidh mo mhac-sa is do mhac-sa un cónnradh.
Thug mo mhac-sa bocsa do do mhac-sa,
Is chuir mo mhac-sa do mhac-sa le bocsa i bpoll mánadh.



Un cónnradh — ag troid.



Bhí dhá láir ruadha ar bhord dhá ruadhán.
Bhí ruadh láir agus láir ruadh ann.
'Séard dubhairt an ruadh láir leis an láir ruadh: "Priú
ruadh láir agus priú láir ruadh."



Cat beag breac ballach ag dul chun na roilige agus
greim beag bog bluinice 'na bhéal.



Is fearr an troid ná an t-uaigneas.



Sé a locht a laighead.



Tá súil ón bhfairrge, níl ón uaigh.



Ní ualach do dhuine a bhrath.



Níl grádh dhá mhéad nach dtagann fuath dá réir.



Níl tuile dá mhéad nach dtrághann, acht tuile na ngrás.



Ní thagann an crúiscín slán ón tobar i gcómhnuidhe.


L. 8


ROINN NA bPAISTÍ.



A Pháisdí Dílse,



Tá súil agam go raibh Nodlaig shona shéanmhar
agaibh go léir. Is dócha go raibh, mar bronann Íosagán,
moladh go deo leis, gach rud níos fearr ná a chéile, ar
pháisdí óga gan urchóid.



Is geal leis sibh uilig a sheiceál timcheall na h-Altóra
agus an t-Aifreann binn d'á léigheadh. Ní h-aoibhne leis
guth na n-Aingeal ná guth na bpáisdí agus iad ag tabh-
airt buidheachais Dó faoi n-a mhór-thrócaire — "Glóir do
Dhia ins na Flaithis go h-árd" dá chanadh aca go cráibh-
theach ceolmar — rud a rinne sibh-se gan amhras Maidin
Lae Nodlag.



An raibh ceachtar agaibh ag Aifreann an Mheadhon-
oidhche, má bhí sgríobh cugam-sa agus innis dam gach
rud faoi. Acht bídhidh cinnte agus gan sgríobhadh cugam
i mBéarla. Ní fhéadaim a léigheamh. Tá lear ar m'
amharc le sé bliadna fhichead nó mar sin. Cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun an t-am sin agus ó shoin i
leith eirighim dall chuile uair a leagtar leabhar Béarla
ós comhair mo shúl.



Casadh San Nioclás orm cupla lá ó shoin. Bhí sé ag
casaoid agus ag rádh liom nach féidir leis páisdí a
shásamh chor ar bith anois. "Bíonn gluaisteáin is rothair
is a lán rudaí eile ag teastáil uatha," ar seisean, "agus
ní bhíonn áit agam le n-a gcur acht istocaí beaga. "Dha
mbeadh ciall aca," ar seisean, "ní stocaí a chrocfaidís
suas, acht málaí móra leathair cosamhail leis na málaí a
bhíodh ar na Fir Bhuilg fadó. Céard a thug sibh do Dheaidí
nó go Mhaimí i gcomhair na Nodlag? Agus an cailín
beag bocht a bhíos na luighe tinn sa mbotháinín ar thaoibh
an bhóthair, céard a thug sibh dí? Tá mé cinnte gur
chuidigh sibh le Íosagán le 'chuile chroidhe a ghealadh.



Sgríobaidh chugam gan mhoill agus innsighidh domhsa
cé'n chaoi a dtaithnigheann "An Chearnóg" libh, go mór-
mhór, Roinn na bPaidí. Má tá rud ar bith ar mhaith libh
cur sa roinn, níl le deanamh agaibh acht cogar a thabhairt
do Nuala — damhsa tá fhios agaibh. Tá grádh mór agam
do pháisdí beaga agus ba mhaith liom bheith óg arís go
rachainn amach libh ag caitheamh ceirtlíní sneachta agus
ag imirt "'bhFolach Bhíodhg," nó "Stocaire." Acht
faraoir ní fhilleann an óige agus níl de shólas agam
anois acht bheith ag cainnt libh agus bheith ag obair ar
mhaithe libh. Mar sin sgríobhaidh chugam agus tógfaidh sibh
an ceo de mo chroidhe. Focal eile: béidh súil agam le
n-a lán iomaidhtheoirí, mar tá mé cinnte go rachaidh sibh
uilig sa gcomórtas, le taisbeáint do'n t-saoghal go
bhfuil an t-Iarthar 'na dhúiseacht. Ní leigfidh páisdí
"Connacht na Riogh" an lá — le páisdí as cúige ar bith
eile, acht cruthóchaidh siad go bhfuil siad féin ar na
páisdí is cliste agus is dúthrachtaighe in-Éirinn.



Beannacht Dílis Dé libh!



NUALA.



AN DÁ LOSCÁN LATHAIGHE.



Lá breágh brothallach samhraidh bhí dhá loscán lathaighe
ag siubhailthart dóibh féin, agus iad spalptha leis an
tart. Tráthamhail go leor, céard d'fheicfidís, achar beag
uatha sa bféar, acht canna bainne. Bhí an cailín ar
léithe an canna ag bleaghan na mbó sgathamh beag uaidh.
Bhí na creatúiríní ar an dé deire agus thugadar cupla
troslóg chuig an soitheach agus síos leobhtha ann le deoch
a fhághail. Acht, mo léan géar! níor fhéadar teacht amach.
Bhí a gcroidhe na mbéal aca agus iad sluparnaighíl agus
ag slaparnaighíl sa mbainne, agus gan goir aca teacht
as. Chaill ceann aca a mhisneach agus síos leis go tóin,
nó gur báitheadh é.



Acht níorbh é sin do'n cheann eile: d'eirigh sé, ar
uachtar an bhainne, mar ghaisgidheach a mbéadh fonn troda
air, gur thosuigh ghá ghreadadh le n-a lapaí ag iarraidh a
chloigeann a thabhairt leis. I gceann tamaill, céard
dearfá nach raibh maistreadh deanta aige de'n bhainne
agus cé'r frítheadh mo dhuine, agus é slán sábháilte, acht
'na shuidhe ar a ghogaide ar an mioscán ime a bhí ag
snámh thart s agcanna.



CEISTEANNA.



An bhfaca tú loscán ariamh? Cé'n sort rud é? Cé
mheud loscán a bhí sa bpáirc an lá úd? Cá gcomhnuigh-
eann na loscain? Céard a bhí an cailín a dheanamh?
Cé'n graithe a bhí aicí de'n channa. Ar báitheadh an dá
loscán? Cé'n chaoi ar eirigh leis an dara ceann a theacht
slán?



BAINNE.



NA SGÉALTA.



AN MÚINTEOIR.



Sheadh, a bhuachaillí, tá súil agam go mbéidh an-saoghal
ar fad agaibh ar feadh na laetheannta saoire agus go
dtiocfaidh sibh uilig ar ais ar sgoil go h-abaidh cliste
thar mar bhí.



NA BUACHAILLÍ.



Go mb'amhlaidh dhuit-se a mháigistir! Go mb'amhlaidh
dhuit-se!



2.



TADHG (in-aois a seacht mbliadan).



Tá me ag dul 'un an bhaile mhóir i gcoinne buidéil do
Taimín atá tinn.



PÁIDIN.



Céard tá air?



TADHG.



An galra cleiteach sílim. Fuair mé féin dhá chleite
na leabhaidh.


L. 9


3.



"Tá fhios agam fear a raibh a thídeacht suas ar mhairt-
fheoil agus bhí sé comh láidir le damh."



"Ara beannacht Dé duit! ní shin tada. Tá fhios
agamsa fearnár ith aon bhlas ariamh acht iasc agus níl
snámh aige!"



4.



Bronnadh gabhar ar Liaimín lá a bhreite. An lá dá'r
gcionn tháinig sé isteach 'na tighe agus é ag gol agus
ag tabhairt fhola.



"'Séadh anois a Liaim," ars an mháthair céard a rinne
tú nuair a leag an gabhar tú?"



"Dada," arsa Liam, "bhí mé ag iarraidh eirighe ó thús
deire na troda."



5.



AN DATHADÓIR: "An cailín tuatach sin! Níor theip
an tuaithbheal ariamh uirthí. Chuimhil sí ceirtlín dem'
phictiúr áluinn agus gan an dath tirm air. Níl ann
anois acht smál.



A BHEAN: Nach cuma é a chuid. Abair gur radharc
faoi'n dtuaith mar fhéacas sí do'n duine a théigheas thríd
in gluaisteán é.



COMÓRTAIS.



RIAGHLACHA:



1. Cúpón a chur le gach iarracht.



2. T-ainm a bheith cláruighthe ar Rolla Nuala.



3. Ainm do mhúinteora a bheith sgriobhtha ar ghach
páipear a chuirfeas tú isteach.



4. T-iarracht a chur go:-



NUALA,
Oifig na Cearnóige
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe.



COMÓRTAS A H-AON — Duais: Leabhar.



(Faoi bhun ocht mbliadna déag d'aois.)



An t-ainm is fearr le cur ar an bpictiúr seo thíos:



COMÓRTAS A DÓ — Duais: Leabhar.



(Faoi bhun dhá bliadhain déag d'aois.)



An cnuasacht is fearr de Thomaiseanna.



COMÓRTAS A TRÍ — Duais: Leabhar.



(Faoi bhun cúig bliadna déag d'aois.)



An té is fearr a chuirfeas isteach na focla atá ar
iarraidh sa liosta seo leanfas:-



Chomh bocht le —



Comh tanaidhe le —



Chomh ramhar le —



Comh geal le —



Chomh lag le —



Chomh láidir le —



Comh bán le —



Comh marbh le —



Chomh crosta le —



Chomh dubh le —



Comh tirm le —



Comh cruaidh le —



Comh te le —



Comh fliuch le —



Comh bog le —



Comh searbh le —



Chomh trom le —



Chomh h-éadtrom le —



TOMHAISEANNA.



(Tá na freagartha le fághail ar leathannach a 11.)



Tagann sí isteach ar ghuailne daoine, is imthigheann sí
amach mar shnáithe síoda.



2.



Chuir mé mo Lomairtín Lamairtín,
Suas go baile Bhigeirí Bheagairí.
Níor fhan cloch ná crann thuas
I mbaile Bhigeirí Bheagairí,
Nár thuit anuas
I mullach mo Lomairtín Lamairtín



Seo chugainn tríd an lios,
Fear gan léine, fear gan crios.
Fear na coise caoile cruaidhe.
Sé mo thruaigh nach bhféadaim ríth.



Chuaidh mé suas an bóithrín.
Tháinig mé anuas an bóithrín,
Agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom.



Cia aca is mo a d'íosfadh — caoirigh dhubha nó caoirigh
bána?



6.



Ceathar ag rith, ceathar ar crith,
Beirt ar an gcaraidh, fear eile ag béicmheach,
Agus Mac Uí Mhaoil Radaire ag reath ar an
méid sin.



7.



Fear fada dubh ar an gcnoc
Agus gan focal 'na phus acht "dud."



8.



Fear ag innsint sgéil gan feith, gan fuil.



9.



Mo ghiolla bheag chaol 'na luighe ag an tobar,
Tá a cheann cruaidh maol, maol leis an obair.
Ní itheann sé arán, agus ní ólann sé bainne.
Ní bhíonn sé ag gearán, cé gur minic bhíonn práidhinn air
Acht ní dhéanfaidh sé tada, is cuma cé'n obair
Go gcuirim i bhfad síos a cheann ins an tobar.



Meileann muilte Dé go mall,
Acht meileann siad mín is garbh.



Más mall is díreach díoghaltas Dé.



Tagann maith le cáirde, agus grásta le foighid.



An té bhíonn amuigh, fuarann a chuid air.


L. 10


PEADAR CROSTA.



Óra! Óra! Óra! Pheadair,
Óra! Pheadair, abair amhrán.
Cé'n chaoi a n-abhróchaidh
Peadar é,
Is an teach uilig ag cómhrádh?



Óra! Óra! Óra! Pheadair,
Óra! Pheadair, buail an
bóthar.
Cé'n chaoi a mbuailfidh
Peadar é,
Is gan tosaigh fá n-a bhrógaibh?



Óra! Óra! Óra! Pheadair,
Óra! Pheadair, bog a' páisde.
Dheamhan a mbogfaidh Peadar
é,
Go bhfuigidh sé súgh is cáca.



CLÁIRSEÓIR AN DOI-CHEÓIL.



Bhí fear ann fadó, agus ní raibh fear sa domhan ba
saidhbhre ná é. Ní raibh aige acht aon mhac amháin.



Buachaill aerach a bhí 'san mac, gan áird ar athair na
ar mháthair aige, acht i gcómhnuidhe ag aermáil thart le
droch-chómhluadar agus le droch-chompánachaibh.



Bhagair an t-athair, agus chómhairligh an mháthair, acht ní
raibh aon mhaith ann. Ní dhéanfadh sé tada ar a gcómh-
airle. Faoi dheireadh cailleadh an mháthair bhocht le síor-
dhuibhthin croidhe de bhárr a mhic mhuirnigh a bheith ag
imtheacht le fán an tsaoghail mar bhí.



Ar deireadh, thuit an t-athair tinn. Bhí a fhios aige go
raibh sé ar leabaidh a bháis. Bhlaodhaigh sé chuige ar a
mhac.



"Anois," ars' an t-athair leis, "Tá mise ar leabaidh
mo bháis. Chómhairligheas dhuit go minic an droch chómh-
luadar a sheachaint acht níor seachnuighis go fóill.
Impidhim agus agruidhim anois ort ó leabaidh má báis
mo chómhairle a ghlacadh agus an dríodar cómhluadar sin
a thabhairt suas, agus cómhluadar a bhfuil deagh-iomchur
futha agus deagh-bhéasa agus deagh-mhéin aca a ghlacadh
chugat. "Acht go háithrid," ar seisean leis, "Ba mhait
liom go bposfá inghean a leithide seó" — ag cur ainme
agus sloinnidh ar dhuine uasail a raibh aithne mhaith ag an
mac air.



Ba gearr i n-a dhiaidh sin go bhfuair an t-athair bocht,
bás, agus ó bhí an mháthair bhócht cáillte le sgathamh
roimhe sin, bhí an mach ar a chómhairle fhéin anois.



"A chómhairle fhéin ag mac Anna agus ní fhuair ariamh
cómhairle nios measa," ars' an sean-focal.



Chómh luath is cuireadh an t-athair, sgaoil an mac le
n-a chuid seólta agus le gach uile saghas siamsa agus
caitheamh, ithe agus ól, fleadh agus féasta, pléaráca
agus pléidhseam, níor stop sé gur chaith sé gach uile
phighinn dhá raibh aige. Phós sé freisin ar ndóigh, agus má
phós fhéin, niorbh' í an cailín a leag an t-athair amach dhó
a phós sé ná bean ar bith ar foghnamh acht stróinseóigín
suarach mná. Chuidigh sise leis an gcaitheamh i leabaidh
a bhacadh agus bhí síad ag caitheamh ariamh, ariamh ionnus
nach raibh aca sa deireadh acht aon phláta amháin fatai.



"Anois," ars' an bhean leis, "Ba choir duit, fear teann
láidir mar thú go mbeitheá i n-ann-beatha a bhaint amach."



"Cia chaoi mbainfinn beatha amach?" ar seisean — "fear
nár chleachtaigh obair ar bith a dhéanamh ariamh."



"Tá cláirseach ar chúl na gaibhle annsin," ar sise,
"agus má tá aon mhaith leat id' cheoltoir, bhainfeá beatha
amach leis."



"Níl aon mhaith liom im 'cheoltóir," ar seisean, "agus
nuair nach bhfuil cé'n mhaith dhom é."



Mar sin fhéin, tharraing sé chuige anuas a chláirseach
ó chúl na gaibhle agus dh'imthigh roimhe. Ní dheachaidh sé i
bhfad gur casadh fear dhó.



"Is agat-sa," ars' an fear leis, "atá an gléas le
beatha a bhaint amach."



"Cé'n mhaith dhom sin," ar seisean, "nuair nach bhfuil
aon maith liom mar cheoltóir?"



"Séid suas go bhfeicimid," ars' an fear. Shéid; agus
ar ndóigh, norb' fiú do sheacht mallacht an ceol a bhain
sé as an gclairsigh. Ní raibh ann acht gráin-thormán garg
borb.



"A!" ars' an fear leis, "crampaí ar do mhéara-
chaibh. Fan go minighidh mé dhuit iad."



Leag sé a lámh r a mhéarachaibh gur mhínigh iad.



"Séid suas anois," ar seisean.



Shéid; agus níor chualaidh tú aon cheóil ariamh mar an
gceól a bhain sé as an gcláirsigh le binneas agus
croidheamhlacht caoidheamhail caoin.



"Anois," ars' an fear leis, "tá dinnéar mór le bheith
ins an teach seo thoir anocht agus racamuid ann."



Chuaidh. Bhí gach uile cineál ceóil dár cluineadh ariamh
ar fheabhas na tíre sa teach sin acht cébi deamhan abhí ar
an gceóltóir nuadh nár lochtuigh sé a gcuid ceóil ós
árd os cómhair an teallaigh ar fad.



Chuir siad ialach air fhéin annsin ceól a ghabháil. Ghabh;
agus nior bhfiú éisteacht le n-a chuid ceóil i gcomortas
le ceól na gceóltóirí eile chómh suarach siarbh garbh is
ghabh sé.



Bhíodar ag gabhail dhá chaitheamh amach nuair a labhair a
chara, an fear seo a thug ann é.



"Leigidh dhó," ar seisean. "Tagann crampa 'na a
mhéaracha cor-uair. Fan go mínighidh mé dhó iad."



Mhínigh sé na méaracha dhó, agus níor chualaidh lucht an
tighe sin ariamh ó rugadh iad a leithid de cheóil is thug
ceóltóir na sean clairsighe uaidh. Ní raibh de mheas aca
ar cheóltóir ar bith dá raibh ann acht air fhéin agus
thugadar a sheacht n-oiread de thuarasdal dó is thugadar
d'aon cheóltóir eile.



Ar maidin lá ar na bhárach nuair a bhí lucht an t-siamsa
a' sgapadh níor fhéad fear na cláirsighe a shean chara
d'fheiceál i n-áit ar bith. Bhí sé sguabtha leis.



"Tá sé chómh maith dhom," ar seisean, "mo sean-
chláirseach a thabhairt liom agus slighe beatha a bhaint as
chomh maith is fhéadfas mé."



Shiúbhail leis agus bhí sé ag siúbhal gur casadh fear leis
a raibh tréad beithidhigh aige. Sheas fear na mbeithidheach
gur labhair sé leis.



"M'anam," arsa fear na mbeithidheach, "gur agat-sa
atá an tslighe dheas maireachtála. An ndéanfá malrait
liom sa anois ar na beithidhigh seo, agus an chláirseach
sin a thabhairt dhom."



"Is fada liom uaim an tairisgint," ar seisean,
"déanfad agus fáilte."



Rinne siad an mhalrait annsin.



"Gabh port dom anois," arsa fear na mbeithidheach leis,
"go bhfeicidh mé an bhfuil aon mhaith leis seo mar ghléas
ceóil."



Shéid sé suas acht ní raibh sé in-ann aon cheól a bhaint
aisti acht fuamán garbh doi-cheólmhar.



"Is geall le ceól phiobaire an doi-cheóil an ceól sin,"
arsa fear na mbeithidheach.



"An ndéanfá na beithidheach sin a roinnt ar ais liom
anois ó thárla nach bhfuil aon mhaith leis an ngléas ceóil
a thug tú dom?"



"Is cuma liom," arsa fear na cláairsighe leis.
"Mara bhfuil tú sásta leis an margadh a rinne tú,


L. 11


roinnfidh mé leat ar ais iad."



"Maith go leór," arsa fear na mbeithidheach. "Béidh
a bhfuil ionnta de chosaibh agus cnámhaibh agam-sa."



"Á! Ní dhéanfaidh mé aon roinnt de'n tsórt sin
leat," arsa fear na cláirsighe.



"Má's mar sin é," ars' an fear eile, "Fágfamuid
faoi'n mnaoi seo ag tigheacht suas linn é."



D'fhéach sé go bhfeiceadh sé an bhean — a bhean fhéin a bhí
ann. Acht nuair a d'fhéach sé thart arís ní raibh fear ná
beithidheach nach raibh sguabtha. Ní raibh siad le feiceál
i n-áit ar bith.



Rinne sé an-ghaisge le n-a mhnaoi as a fheabhas is bhí ag
eirghe leis, agus le na ghaisge a chruthughadh chaith sé chuici
a raibh d'airgead ar fad aige. Bhí síse an-tsásta leis,
agus mhol sí agus chan sí a thréithre thar cheoltóiribh an
domhain go raibh sé chomh ríméadach sásta le péacóig.



Chruinnigh sí uaidh agus chuaidh sí abhaile. Rug seisean
ar a chláirsigh arís agus is beag ná gur shaoil sé gur
togha ceoltóra a bhí ann anois. D'imthigh leis agus bhí
sé ag siubhal roimhe ar an mbóthar gur casadh fear dhó
ag marcuigheacht ar chapall breágh éasgaidh agus gabhar
mór le n-a chois.



"Is agat-sa atá an gléas le beatha a bhaint amach,"
arsa fear an chapaill leis. "An ndéanfá malrait
liomsa ar an gcapall air."



"Muise, níl aon mhaith dhómh-sa sa gcláirsigh seo," an
seisean leis fhéin. "Ó thárla nach bhfuil mé i n-ann aon
cheól a bhaint aisti. Is fearr dhom capall fhéin ná
cláirseach."



Thug sé an gléas ceóil uaidh agus suas leis ag mar-
cuigheacht ar an gcapall. Agus suas leis an bhfear
eile ag marcuigheacht ar an ngabhar agus a gléas ceóil
aige.



Chómh luath is bhí sé ar mhuin an ghabhair tharraing sé an
chláirseach chuige agus thosuigh dá gabhail. Bhí an gabhar
ag sodarnaighil le ríméad, acht níor fhéad fear an
chapaill aon tsiubhal ar bith morán a bhaint as an
gcapall. B'éigean dh' fhear an ghabhair fanamhaint leis
gach uile nóiméad go dtagadh sé suas leis. Ar deireadh
labhair fear an ghabhair leis.



"Bhfhéidir," ar seisean, "go mb'fhearr leat an gabhar
seo ná an capall údaigh; agus déanfaidh mé malrait
each leat má thogruigheann tú."



"Is cuma liom," ars' an fear eile leis, "Níl ins an
sean-chapall sin acht sean staig."



Anuas leis de'n chapall go ndeachaidh ar dhruim an
ghabhair, agus chuaidh an fear eile ar an gcapall. Ní
túisge ar an gcapall é na tharraing sé amach a ghléas
ceóil gur thosuigh dhá ghabhail.



Ní túisge gá ghabhail é ná an gabhar ar bhog-shodar-
naighil faoi n-a mharcach. Ghéaraigh fear na cláirsighe ar
a chuid ceóil. Ghéaraigh an gabhar ar a bhog shodharnaighil
go raibh sé i n-a chos i n-áirde aige agus ghéaraigh
marcach an ghabhair ar a ghreim ar adharcaibh an ghabhair.



Ghéaraigh ar an gceól. Ghéaraigh ar an
gcapall faoi n-a mharcach. Ghéaraigh ar an
reatha ag an ngabhar. Ghéaraigh ar an marcach ar a
ngreamaibh. Bhí an capall i n-a chos-n-áirde. Bhí an
gabhar i n-a chos-in-áirde. Bhí an ceóil i n-a chos-in-áirde.
Suas ar chlaidhe leis an ngabhar. Anuas de chlaidhe leis.
Isteach i dtom driseacha. Amach as tom driseacha.
Isteach imeasg draighean, sgeach, muin agus dris ionnos
nár fágadh snáithe ar mharcaigh an ghabhair nach raibh
stiallta stróictha dhe anuas.



Faoi dheireadh, bhog an ceól. Bhog an tsiubhal faoi'n
gcapall. Bhog an tsiubhal faoi'n ngabhar. Bhog a
ngreama ag na marcaigh. Sheas an lucht mire.



"B'fhéidir go bhfuil tú tuirseach de'n each sin," arsa
marcach aca leis an marcach eile.



"Mo chuid dílis dhe'n tubaiste leis," ars' an marcach
sin, ag tuirling anuas. "Is beag nach bhfuil mé tar-
raingte o chéile aige."



"Anois," arsa fear na míorbhúil leis. "Seo siosúr
agus ní fhaca tú aon tsiosúr ariamh chómh maith leis, mar
tá sé i n-ann culaith nuadh a dhéanamh dhe shean-chulaith.
Níl ort acht greim a bhaint as sean chulaith, agus tá sé
in-a chulaith nuadh."



Bhain sé greim as a chulaith fhein leis, agus ní aith-
neóchtá gurab é an fear céadna chor ar bith a bhí ann,
leis an athrughadh éadaigh a tháinic air ar an bpointe
boise.



"Muise is géar atá culaith ag theastáil uaim," arsa
marcach an ghabhair, "Agus is fearr a d'oireadh an siosúr
fhéin dom ná capall no gabhar."



Rug sé ar an siosúr uaidh. Bhain greim leis as a
chuid éadaigh, agus bhí sé i n-a chulaith nuadh, agus an
méad dathanna da bhfuil faoi'n ngréin ann i n-a
spotaibh.



D'fhéach sé air fhéin.



"Dheamhan fear le fághail," ar seisean ag feachaint
síos ar a chuid éadaigh, "is mo is cosmaíl leis mé ná
amadán."



"Níl," ars' an fear eile dhá freagairt, "Agus níl
fear le faghail is fearr a chruthuigh i n-a amadán ná thú."



D'fhéach sé suas agus chonnaic sé nárbh' é fear an
tsiosúir a bhí ag labhairt leis acht fear na mbeithideach.
D'fhéach sé ath-uair agus dar leis, nárbh é fear na
mbeithidheach a bhí ann acht an fear a mhínigh a mhéaracha
dhó agus a rinne ceoltóir áidhbhéil de. D'fhéach aríst
eile agus cé bhéadh ann, dar leis, acht fear a raibh
aithne mhaith aige air fadó agus é i n-a pháisde, agus é
ag bagairt láimhe air. Labhair sé leis annsin agus é ag
bagairt le na láimh air:



"In d'amadán a fuair mé thú; in d'amadán a chruthuigh
tú; agus in d'amadán fhágfhás mé thú."



D'imthigh leis ann sin.



"Tá sé sa sgéal," ars' an seanchaidhe, "go dtáinic an
t-amadán abhaile tinn tuirseach traochta dhe bharr a
aistir ag ceoltóireacht agus gur chaith sé sgathamh fada
ar a leabaidh, acht go dtáinig sé chuige fhéin i ndiaidh a
chéile agus go dtáinig ciall aige i ndiaidh a chéile agus
go roighin réidh mall, agus go dtáinic maoin aige
freisin agus ollmhaoin de réir a chéile, agus go roighin
réidh mall go raibh sé i n-a fhear shaidhbhir ath-uair. Agus
bhí sé sa sgéal freisin, mara bréag é, gurab é a bhí i
n-a chrapán céille agus é in-a shean fhear, agus go
bhfuair sé bás socair suaimneach sa deireadh ar a
leabaidh."



"Agus sin é sgéal cláirseoir an doi-cheóil," ars' an
sgéalaidhe.



Arsa duine bhí i lathair, agus an sgéal dá innseacht:
"Muise measann tú cé'r bhé an draoidheadóir a raibh
an draoidheacht millteach sin aige agus dá chur fhéin as
a cumaríocht mar bhí?"



"Measaim," arsa an sgéalaidhe go searbh. "Acht cé'n
mhaith meas? Nach fios atá uait?"



P. Ó. D.



FREAGARTHA NA dTOMHAS.



1. Móin.



2. Fata a chuirfeadh duine in béal.



3. An Bás.



4. Dréimide (dréimire).



5. Caoirigh bhána, thar é is mó aca atá ann.



6. Bó.



Ceathar (ceathrar) ag rith — na cosa.
Ceathrar ar crith — na sineacha (sinidhe).
Beirt ar an gcaraidh — na h-adharca.
Fear eile ag béicmheach — géimneach na bó.
Mac Uí Mhaoil Radaire — an t-iorball.



7. Gunna. 8. Litir. 9. Peann.


L. 12


AN BHAOGHALTACH.



(Ar leanamhaint.)



Go moch ar maidin d'éirigh An Bhaoghaltach, nigh sé a
éadan, chíor sé a cheann agus d'iarr sé ar Dhia é achur
ar a leas. D'imthigh sé un an chnuic. Sheinn sé an
fhideóg, agus ní raibh aon nathair nimhe ná aon bheithidheach
allta ná aon amach nár thuit 'na chodladh. Bhain seisean
trí bheart de bhile na Mumhan. D'fheann sé an nathair
nimhe agus thug sé a craiceann leis, agus thainig sé ar
ais go sgiobtha, go bun an chnuic. Dhearc sé 'na dhiaidh
agus chonnaic sé lán an chnuic de bheithidhigh allta agus
amhuis agus naithpeacha nimhe ag ithe a chéile faoi an
nathair nimhe bheith feannta agus faoi trí bheart de bhile
na Mumhan bheith imthighthe.



Anois," ars an seanfhear leis, "Nuair a rachas tú
go dtí Gabha Geárr Ifrinn agus craiceann na nathrach
nimhe leat agus na trí bheart de bhile na Mumhan,
fiafhróchaidh sé dhíot cé an graithe a bhéas agat ag
tigeacht annseo. Abróchaidh tú leis go bhfuil tú ag
iarraidh airsan claidheamh a dhéanamh dhuit. Déanfaidh sé
claidheamh dhuit i dtoiseach agus cuir thusa sa dorn é
agus craith é agus cuirfidh tú as an dorn é. Déanfaidh
sé an darna ceann duit agus cuirfidh tú 'sa dorn é
agus bain trí chrathadh as agus ceann ar bith nach seas-
faidh tri chrathadh ní'l aon mhaith duit ann. Fiafhróchaidh sé
dhíot a' bhfuil na trí bheart de bhile na Mumhan agus
craiceann na nathrach nimhe agat. Abhróchaidh tú leis go
bhfuil. Tá dá ghabha deug ag obair ins an gceárdcha
agus dhá bholg déag ar chúl a chéile. Seasfaidh tusa i
mbéal an doruis. Seachdeóchaidh tú isteach do'n
mháighistir an craiceann agus na trí bheart. Caithfidh tú
eirghe annsin de léim agus a dhul isteach treasna ar an
dá bholg déag, agus iad a ghlanadh d'aon léim amháin.
Chómh luath agus bhéarfas tusa t' aghaidh ar an léim a
thabhairt, rithfidh an daréag gaibhne ag dul amach an
doras. Mur mbí tú dhe léim ar ais aríst agus bheith
ar an gcéad fhear ar an doras tá tú caillte. Agus
sin nidh gur doiligh a dhéanamh."



"Caithfidh mé féachaint leis," ars' An Baoghaltach.



D'imthigh sé annsin go ndeachaidh sé go dtí Gabha Geárr
Ifrinn.



"Céard tá tú a iarraidh?" ars' an Gabha Geárr leis.



"Táim ag iarraidh claidhimh ort."



"A 'bhfuil trí bheart de bhile na Mumhan leat?"



"Tá."



"A bhfuil craiceann na nathrach nimhe leat?"



"Tá."



"Is maith an fear thu. Eabhair dhom isteach annseo iad."



Sheachaidh sé dho isteach iad. D'éirigh sé de léim de'n
doras agus chuaidh sé isteach ar chúl an dá bholg déag.
Rith an daréag gaibhne thug siad a n-aghaidh ar an doras
ag rith amach ins na gáinní. Léim seisean ar ais aríst
do léim árd acfuinneach; ghlan sé an da bholg déag
amach agus bhí sé ar an gcéad fhear ar an doras.
"Fanaidh isteach ar seisean leóbh. Déanaidh an claidheamh
dhom anois."



Rinne an Gabha Geárr claidheamh dhó acht an chéad
chrathadh a bhain sé as chaith sé as an dorn é. Rinne an
Gabha ceann eile dhó agus chaith sé as an dorn é.



"Is doiligh claidheamh a dhéanamh dhuit," ars' an Gabha.



"Caithfidh tusa claidheamh a dhéanamh dhom a shásóchas mé
sul da bhfágaidh mé seo," ars An Bhaoghaltach.



Thug sé dhó claidheamh anois a raibh leathairde meirge
air. Bhain sé crathadh as agus bhogaigh sé an mheirg air.
An darna crathadh chaith sé an mheirg dhe; an triomhadh
crathadh rinne sé chómh lonnrach le airgead geal é.



"Déanfaidh sé seo graithe," ar seisean.



"Creidim go ndéanfaidh," arsa Gabha Gearr Ifrinn.



D'fhág an Bhaoghaltach slán aige agus d'imthigh leis
agus níor stop sé agus níor stríoc sé go dtainig sé
isteach i riogacht na bhFear Oirgeach. Bhí sé lá ag
siubhal ar fud na riogachta leis féin. Bhí sé ag dul
treasna ar pháirc bháin. Chonnaic sé bean ag gearradh
luachra agus cliabh aice agus 'chuile gháir chaointe aice.
Tharraing sé uirthi agus d'fhiafhruigh sé dhí cé an fáth
caointe abhí aice.



"Innseóchaidh mé sin duit, a dhuine uasail," ars an
bhean. "An céad mhac a d'oil mé do rígh na Frainnce
tá sé féin agus beirt eile clann righthe leis an gcloig-
eann a bhaint diobh indiu. Tá mise ag gearradh an sop
luachra seo le cur faoi na cheann ins an gcónra nuair
a bhainfidhear an ceann de."



"A mháighistreas," ar seisean. "Cé 'chaoi a dtainig sé
gur oil tusa an mas is sine do rígh na Frainnce?"



Is mé a d'oil é, agus aon duine déag eile leis 'sa
bhFainnc agus d'oil mé an triomhadh mac dhéag do rígh
na hÉireann.



"An fear a d'oil mé dó rígh na h-Éireann, nuair a
fuair mé tóigthe é, d'imthigh mé ag iarraidh m' fhir féin
'na thír féin, agus tá sé sáruighthe orm an áit sin a
dhéanamh amach."



"An n-aithneóchtha an tríomhadh mhac déag dhá thfeicthá
é?" ar seisean.



"Ó! d'aithneóchainn," ar sise. "Mar bhí ball d' ódhráin
faoi na thaobh deas."



Nocht seisean a bhrollach agus theasbáin sé an ball
d'ódhráin di. Acht scread sise dhá uair níos cruaidhe un
caointe.



"Cér' bheag dhomsa bheith ag deareadh ar fhear agaibh
ag cailleadh a chinn agus gan a bheith ag dearcadh oraibh
beirt ag cailleadh an dá chloigeann i gcuideacht. Anois
an príosún a bhfuil an triúr ann, tá siad ceangailte do
gheibhinn cos agus lámh. Tá an chéad bheirt tá siad
fásta faoi thor fionnaidh agus tá mac rí na Frainnce
ní'l an oiread sin fionnaidh air ó is geárr ó thainig sé
ann. Dá dteidhtheá go dtí an príosún agus troid leis
na gárdaibh thiocfadh tuilleamh agus bhainfead siad na
cloigne dhíobhtha sa. A' bhfuil fhios agat céard do dhéan-
fas tu anois? Caith dhíot do chulaidh airm agus éadaigh
agus gabh isteach 'sa gcliabh seo agus folóchaidh mise
os do chionn agus iomchróchaidh mé liom thú ins an gcliabh,
go dtugaidh mé isteach ins an bpríosún thú, agus
sgaoilfidh tú iadsan triúr sul dá marbhuighthear duine
ar bith agus bfhéidir gur maith an cúl báire agat iad."



"Déanfaidh mé do chomhairle," ars An Bhaoghaltach.



Thug sé leis an cliabh agus leag sé é ar áit árduighthe,
an áit a b'usa dhi a árdughadh ar a druim. Chaith sé dhe
a chulaidh airm agus éaduigh agus chuir sé isteach í agus
chuaidh sé féin isteach agus d'fholuigh an bhean air.



(Ní críoch.)



"AN MOLADH A FUAIR SÉ."



An Bhean Uasal Ghrádh-diamhail: "Tá mé buadhartha
faoi'n droch-bhail seo atá ort. Céard a chuir ar an
mbóthar thú an chéad lá ariamh?"



An Fear Déirce: "An dochtúir, a bhean uasal!"



An Bhean Ú: "An dochtúir, an eadh? Cé'n chaoi a thárla
sin?"



An Fear Déirce: "Mhol sé dhom siúbhlóid fhada a
dhéanamh idir gach dhá bhéile, agus ghlac mé a chomhairle."



CÚPÓN.



EANAIR, 1925.



Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an
"Telegraf Connacht" i gCaisleán a' Bharraigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services