Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaelic of West Munster.
Title
Gaelic of West Munster.
Author(s)
Lloyd, J. H.,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GAELIC OF WEST MUNSTER. J. H. LLOYD. GAEDHEALG IARTHAIR CHUIGE MUMHAN. Seo sgeul do chuala Pádraig O Briain atá anois n-a chomhnaidhe i mBaile-átha cliath, agus é 'n-a gharsún no 'n-a ghárlach an tráth do chuala sé d'á innsint é. Do h-iarradh air seo sean-sgeul do innsint ós comhair choimh- thionóil áirighthe de Chonnradh na Gaedhilge i mBaile átha cliath. Dubhairt sé go n-inneosadh, agus 'nuair a tháinig an t-am do innis sé é seo leanas, agus gan aon agó do thaithin sé go h-an-mhór le gach n-aon dá raibh san t-seomra, agus thar bárr go mór-mhór liomsa. I bhfoclaibh an sgéil féin, dubhairt liom fhéin nach beinn sásda choidhche go bhfeicfinn é i gclodh. D'a bhrigh sin do cheapas gur cheart dam iarracht do thabhairt ar a sgríobhadh síos, dhá leigfidhe dham é. D'a réir sin dho chuadhas ag triall ar an sgeulaidhe i rith na Nodlag, agus an smuaineadh sin ar m'aigne, agus do fhiafruigheas de an leigfeadh sé dham an sgeul do sgríobhadh síos. 'Sé an freagradh thug sé orm, mar is gnáthach leis i gcomhnaídhe 'nuair iarraim éinnidh air, go leigfeadh agus fáilte. Do chionn an cheada sin, do sgríobhas síos é díreach mar do innis an Brianach dham é, agus mar tá sé annso. Is fiosach do'n chuid is mó de lucht an Chonnartha chomhnuigheas i mBaile Atha Cliath gur i n-athchoimireacht do'n Sgibirín do rugadh agus do beathuigheadh Pádraig O Briain. D'a bhárr soin is i gcanamhaint iarthair Chúige Mumhan innistear an sgeul so. Tá togha gaedhilge d'a labhairt ins an dúthaigh sin fós, agus b'fhéidir nach tiubhrainn m' éitheach dá leomhainn a rádh nach ins an Eachtra beag so do gheobhmaoid aon chuid, dá laighead é, de dhíogha na Gaedhilge. Bíodh a fhios agaibh, a léightheoiridhe, nár sgríobh an Brianach focal féin de'n sgeul, acht gur innis é, agus is é siúd is fáth leis na foclaibh céadna bheith d'a n-athrádh annso agus annsúd. 'Nuair a bhí sé aithsgríobhtha agamsa do thaisbeánas do é, agus thar éis do é léigheadh, do cheartuigh sé a dó no a trí d' fhoclaibh de. Ní fuláir dam a rádh mar an gcéadna go ndeárna an sgeulaidhe mion-athrughadh ar bheagán de seo leanas agus é d'a innsint ós comhair an choimhthionóil, acht is díreach mar do chuala sé féin é atá sé innste aige annso.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services