Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaelic of West Munster.

Title
Gaelic of West Munster.
Author(s)
Lloyd, J. H.,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GAELIC OF WEST MUNSTER.
J. H. LLOYD.



GAEDHEALG IARTHAIR CHUIGE MUMHAN.



Seo sgeul do chuala Pádraig O Briain
atá anois n-a chomhnaidhe i mBaile-átha cliath,
agus é 'n-a gharsún no 'n-a ghárlach an tráth do
chuala sé d'á innsint é. Do h-iarradh air seo
sean-sgeul do innsint ós comhair choimh-
thionóil áirighthe de Chonnradh na Gaedhilge i
mBaile átha cliath. Dubhairt sé go
n-inneosadh, agus 'nuair a tháinig an t-am do
innis sé é seo leanas, agus gan aon agó do
thaithin sé go h-an-mhór le gach n-aon dá
raibh san t-seomra, agus thar bárr go mór-mhór
liomsa. I bhfoclaibh an sgéil féin, dubhairt
liom fhéin nach beinn sásda choidhche go
bhfeicfinn é i gclodh. D'a bhrigh sin do cheapas
gur cheart dam iarracht do thabhairt ar a
sgríobhadh síos, dhá leigfidhe dham é. D'a réir
sin dho chuadhas ag triall ar an sgeulaidhe i
rith na Nodlag, agus an smuaineadh sin ar
m'aigne, agus do fhiafruigheas de an leigfeadh
sé dham an sgeul do sgríobhadh síos. 'Sé
an freagradh thug sé orm, mar is gnáthach
leis i gcomhnaídhe 'nuair iarraim éinnidh air,
go leigfeadh agus fáilte. Do chionn an cheada
sin, do sgríobhas síos é díreach mar do
innis an Brianach dham é, agus mar tá sé
annso.



Is fiosach do'n chuid is mó de lucht an
Chonnartha chomhnuigheas i mBaile Atha Cliath
gur i n-athchoimireacht do'n Sgibirín do
rugadh agus do beathuigheadh Pádraig O Briain.
D'a bhárr soin is i gcanamhaint iarthair
Chúige Mumhan innistear an sgeul so. Tá
togha gaedhilge d'a labhairt ins an dúthaigh
sin fós, agus b'fhéidir nach tiubhrainn m' éitheach
dá leomhainn a rádh nach ins an Eachtra beag
so do gheobhmaoid aon chuid, dá laighead é,
de dhíogha na Gaedhilge.



Bíodh a fhios agaibh, a léightheoiridhe, nár
sgríobh an Brianach focal féin de'n sgeul,
acht gur innis é, agus is é siúd is fáth leis na
foclaibh céadna bheith d'a n-athrádh annso agus
annsúd. 'Nuair a bhí sé aithsgríobhtha agamsa
do thaisbeánas do é, agus thar éis do é léigheadh,
do cheartuigh sé a dó no a trí d' fhoclaibh de.



Ní fuláir dam a rádh mar an gcéadna go
ndeárna an sgeulaidhe mion-athrughadh ar
bheagán de seo leanas agus é d'a innsint ós
comhair an choimhthionóil, acht is díreach mar
do chuala sé féin é atá sé innste aige
annso.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services