Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Title
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SPOKEN GAELIC OF DONEGAL. Díorfach Dúin-Alt. JOHN C. WARD Dar le Dubh go m-béarfadh sé air, agus d'imthigh leis 'na dhéidh, a chú le n-a chois, a sheabhac air a bhois, agus a each caol donn faoi n-a thóin, go m-bainfeadh sé ribe de'n ghaoith agus nach m-bainfeadh an ghaoth ribe dhe. Nuair a b'árd dó-san, etc. Lean sé an gearrfhiadh go d-táinic néoin bheag, etc. agus go díreach le tuitim na h-oidhche thug sé iarraidh a dhul isteach i d-taoibh carraige acht rug Dubh air a dha chois deirionnaigh agus mharbh sé é. Sgairt sean-chailleach a bhí ins an bhruighin amach “Cé rin a mharbh Toimidin an Lúith?” “Tá mise” arsa Dubh Mhac a' Díorfaigh “agus a mhairbhfeadh thusa fós dá g-cuirfea mórán iargnaoidh orm.” Dhruid Dubh suas leis an teinídh agus theith an chailleach síos ann a dorais. “Cad chuige nach suidheann tú abhos aig an
teinídh,” arsa Dubh? Bheidheadh eagla orm go m-buailfeadh an beathach mór sin preab orm, no go m-bainfeadh an beathach sin eile sglamh asam, no an beathach beag sin gob asam.” “Da mbeidheadh bealach agam-sa le n-a gceangal, cheanglóchainn iad“ arsa Dubh. Tharraing an chailleach trí ribe fionn- faidh as poll a h-eascail agus chaith sí chuige iad. D' fheuch Dubh ceann aca air a mheur agus ghearr sé é go d-tí an cnámh. Leis sin chaith sé iad 'sa teinidh agus righne siad trí bhloisg mhóra, agus cheangail sé na beithigh le trí fiogaibh. Nuair a bhí an chailleach tamall aig an teinidh dubairt sí le Dubh nach d-tug sí fasgadh tighe nó teas teineadh do aon fhear aríamh nach mairbhfeadh mart de chuid an righ dí. “Maiseadh” arsa Dubh “ní beidh mise níos measa 'ná cách,” agus chuaidh sé amach agus mharbh sé mart agus thug isteach é. Chaith sé ceathramha de chuicí. Tharraing sí é thríd an ghríosaigh, thríd an ghrásaigh, thríd a fiacla fada buidhe, agus shluig sé é. “Biadh, biadh nó troid,” ars an chailleach, etc. Le sgeul fada a dheanadh goirid, thug sé trí ceathramhnacha dí agus chuir sí troid air mar nach d-tabhairfeadh sé tuille dhí. Bhí an chailleach aig breith buaidh agus sgairt Dubh amach “Cuideadh, cuideadh a eich.” “Teann, teann a ribe agus bain an ceann de'n each” ars an tsean-chailleach. Is doilghe damh agus me brúighte, dóighte air chúl mo chinn 'sa teinidh“ ars an ribe. Thoisigh an each aig cuideadh le Dubh acht 'na dheidh sin agus uile bhí an chailleach aig breith buaidh gur sgairt sé air a chú agus air a sheabhac. Bhuaileadh an t-each preab uirri, bhaineadh an cú sglamh aisdí, agus phioc an seabhac an dá shúil aisdí, gur chlaoidh siad í. Nuair a bhí sí a chómhair a bheith marbh, “Fóil, fóil“ ars sise “na marbh mé agus bhéarfaidh mé mo shlat dhraoidheachta dhuit, agus thig leat do dhear- bhráthair atá 'na charraig shíos annsin le taoibh an dorais a dheanadh beó arís leithe.” “A chailleach shalach, is liom féin an t-slat sin ó do lá-sa amach,” arsa Dubh, agus leis sin bhain sé an ceann dí. Rug sé air an t-slait dhraoidheachta agus bhuail sé an charraig a bhí le taoibh an dorais, agus d' eirigh a dhearbh- rathair suas beó, beitheach comh maith agus bhí sé ariamh. Righne sé an rud céadna leis an each, leis an chú agus leis an t-seabhac. Air n-dóighche bhí luthgháir mhór air na dearbhráithreachaibh agus chaith siad an oidhche sin go súgach ins an bhrúighin. Air maidin lá ar n-a bhárach thug siad iarraidh air an bhaile. Nuair a bhí siad aig triall leó thoisigh Dubh aig innsint mar thárla dó ó d'fhág sé an baile agus dubhairt sé nar chuir rud air bíth oiread iongantais air leis an bhean a cuireadh a luidhe chuige ins an teach mór air bhain sé faoi ann an oidhche roimhe. Réir mar d'innis sé d'aithin Donn gur bhí a bhean féin a bhí ann agus d'eirigh an oiread sin feirge air gur bhuail sé Dubh le slait na draoidheachta agus righne sé carraig cloiche dhe, agus d'imthigh leis ann a' chaisleáin a rabh a bhean ann. Nuair a bheannaigh isteach ann, shaoil sé nach rabh an oiread fearadh- fháilte aig n-a mhnaoi roimhe agus budh chóir agus fuair sé amach uaithe go deárn sé éugcóir air a dhearbhrathair. Go luath air maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh sé go d-táinic sé chomh fada leis an áit a dearn sé carraig de Dhonn, bhuail sé le slat na draoidheachta e agus d'eirigh sé suas beó arís. Shiubhail siad leó go d-táinic siad ann a' chaisleáin, agus fuair siad an uile dhuine ann sin faoi bhrón mhór. H-innseadh dóibhthe go d-táinic Ceann Gruagach na g-Cleasann as an Dómhan Shoir agus go d-tug sé bean Dhoinn leis le bheith 'na mnaoi aige acht sul ar fhág siad an caisleán, chuir sí faoi gheasaibh é lá agus bliadhain de spás a thabhairt dí sul a b- pósfaidhe iad. D'imthigh Donn agus Dubh 'na ndéidh, lá ar n-a bhárach agus shiúbhail leó go d-táinic neóin bheag, etc.. Ní fhacaidh siad teach mór a bh-fad uaibhthe no teach beag ndeas dóibhthe, acht teach beag amháin, fionn, fionnagach, donn, donnagach; gan bun cleite amach nó bárr cleite isteach acht an cleite beag amháin a bhí aig deanadh dídin agus fasgaidh do'n teach a lig. Chuaidh siad
isteach agus d'eirigh sean-duine beag liath agus chuir fáilte roimh Dhonn Mhac a' Díorfaigh agus a dhearbhráthair. Chaith siad an oidhche sin trian le fíannuigheacht etc. D'innis an sean-duine dóibhthe go rabh Ceann Gruagach na g-Cleasann ann sin a réir agus bean bhrónach leis. Nuair a bhí siad aig imtheacht air maidin, d'iarr an sean-duine orra an géibheann is mó a m-beidheadh siad ann go d-tigeadh siad air ais sgairt a dheanadh air Mhadadh Ruadh na Coilleadh Craobhaighe agus go d-tiocfadh seisean le cuideadh chuca. D'fhág siad slán agus beannacht aige agus shiúbhal leó go dtáinic neoin bheag agus deireadh an lae agus chonnaic siad teach beag agus chuaidh isteach. Chuir seanduine beag líath a bhí 'na shuidhe le cois na teineadh fáilte rómpa, agus d'iarr orra fanacht aige an oidhche sin. D'fhan agus nuair a bhí siad aig imtheacht uaidh air maidin dubhairt sé leó an géibheann is mó a m-beidheadh siad ann, go d-tigeadh siad air ais, sgairt a dheanadh air Sheabhac na Coilleadh Léithe agus go rachfadh seisean a chuideadh leó. An tríomhadh h-oidhche d'fhan siad aig seanduine eile agus air imtheacht dóibhthe air maidin uaidh d'iarr sé orra an géibheann is mó a m-béidheadh siad ann, go d-tigeadh siad air ais, sgairt a dheanadh air Dhóbhran Donn Lochafóil (Feabhla) agus go d-tabhairfeadh seisean tárthail dóibhthe. Shiúbhail siad leó go rabh siad ins an Dómhan Shoir agus go d-táinic siad go cúirt agus caisleán Chinn Ghruagaigh na g-Cleasann. Bhí sé féin air siúbal aig seilg, agus is amhlaidh mar fuair siad an bhean a d'fhuaduigh sé 'o Dhonn Mhac A' Díorfaigh aig ciaradh a cinn le cíar óir agus í 'na suidhe i g-cathaoir airgid. Bhí luathghair mhór uirri rómpa agus nuair a tháinic an tráthnóna chuir sí i bh-folach iad. Comh luath agus tháinic an Gruagach isteach air an doras “Fud, fad, féusóige, mothuighim boladh an Éirionnaigh bhinn bhréugaigh in mo thigh-se” ars seisean. “Bubo!” ars an bhean nach bh-fuil a fhios agat go mothóchaidh tú boladh 'Eirionnaigh in do tigh comh fada agus bhéidheas mise ann. Air maidin lá air na bhárach, sul ar imthigh an Gruagach a sheilg d'fhiafruigh an bhean de cá rabh a anam agus d'innis sé dí go rabh sé faoi leic an dorais. Aig teacht abhaile dhó, tráthnóna, fuair sé leac an dorais cúmh- duighthe le síoda agus sról agus d'fhiafruigh sé cad é an fáth a rabh sin deanta. Dubhairt an bhean leis gur mar gheall airsean a righne sí é. Chuir so áthas mór air agus dubhairt sé gur chosamhail dá m-beidheadh a fhios aicí ca rabh a anam go m-beidheadh sí go maith dhó. Leig sí uirrí go rabh fearg uirrí mar nár innis sé an fhírinne dhí. Sul ar imthigh sé air maidin lá air n-a bhárach d'fheuch sí faghail amach uaidh cá rabh a anam agus dubhairt sé leithe gur i g-carraig mhóir air chúl an tighe bhí sé. Chúmhduigh sí an charraig le síoda agus sról agus nuair a thainic an Gruagach abhaile tráthnóna leig sé gáire as air chruth go bh-feicfea an dúradan dubh a bhí shíos air thóin a ghaile. D'fhiosruigh an bhean cad é adhbhar a gháire agus dubhairt sé gur fa'n chóru- ghadh deas a righne sí air an charraig agus gur bh-feasach dó anois dá m-beidheadh a fhios aicí cá rabh a anam go n-deanfadh sí an- mhór de. Leig sí uirrí go rabh fearg agus mí- shásadh mór uirrí agus annsin d'innis sé dí go rabh crann fuinnseoige ins an ghárraidh; istigh ins an chrann go rabh reithe agus ins an reithe go rabh lacha agus ins an lacha go rabh ubh agus nach muirbhthidhe eisean a choidhche go m- buailfidhe leis an ubh sin é ós coinne an dúradain dubh a bhí air thóin a ghoile agus mar sin de gur shaoil sé go rabh léas aige cómh fada air a shaoghal agus bhí aig aon fhear eile faoi an dómhan. Cómh luath lá air n-a bhárach agus mheas Donn Mhac a' Díorfaigh go rabh an Gruagach fad mór as baile fuair sé an tuagh bhriste bheárnach a bhí aig an Ghruagach faoi cholbha a leaptha agus thoisigh sé aig gearradh an chrainn fuinnseoige agus le gach buille d'ar buaileadh air an chrann leis an tuaigh bhearnach chaill an Gruagach neart céad fear agus chómh luath agus mhothuigh sé é fein aig fás lag thug sé iarraidh air an bhaile. Nuair a chuaidh aig Donn an
crann a leagadh d'imthigh reithe de rása amach as agus sgairt Donn air Mhadadh Ruadh n-a Coilleadh Craobhaighe agus thainic sé agus rug sé sé air a reithe agus mharbh sé é. D'imthigh lacha amach as air eiteog agus sgairt Donn air Sheabhac na Coilleadh Léithe agus thainic sé agus rug sé air an lacha nuair a bhí sí ag dul os cionn locha. Thuit ubh aisdí síos ins an loch agus sgairt Donn air Dhóbhran Donn Lochafóil agus thainic sé agus fuair an ubh. Leis sin bhí an Gruagach aig tarraingt in aice leis an bhaile agus le méid na feirge a bhí air, bhí a chraos fosgailte ins an riocht go rabh an dúradan dubh a bhí air thóin a ghoile air feiceáil. Chuaidh Donn air a leath-ghlún agus bhuail sé an Gruagach le h-urchur de'n ubh os coinne an dúradain dubh a bhí air thóin a ghoile agus thuit sé síos marbh. Bhí luthgháir mhór orra, air n-dóithche, agus chaith siad an oidhche sin go súgach. D'fhág siad an Dómhan Shoir lá air n-a bhárach agus thug siad iarraidh air an bhaile. Bhí luthgháir agus an-luthgháir rómpa. Thuit Dubh Mhac a' Díorfaigh i ngrádh leis an darna inghín a bhí aig an duine uasal. Fuaras sagart méiseach agus cléireach uisge agus pósadh iad agus righneadh banais chúrtha, chártha a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá agus gur bh-fearr an lá deirionnach 'ná an cheud lá. Chuaidh siadsan an t-áth, mise an clochán, báitheadh iadsan agus thainic mise. Críoch. (Budh ghnáthach a radh leis an sgeulaidhe i ndéidh sgeul a críochnughadh “Míle beannacht le h-anamnaibh do cháirde” ins an áit so.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services