SPOKEN GAELIC OF DONEGAL.
Díorfach Dúin-Alt.
JOHN C. WARD
Dar le Dubh go m-béarfadh sé air, agus
d'imthigh leis 'na dhéidh, a chú le n-a chois, a
sheabhac air a bhois, agus a each caol donn faoi
n-a thóin, go m-bainfeadh sé ribe de'n ghaoith
agus nach m-bainfeadh an ghaoth ribe dhe. Nuair
a b'árd dó-san, etc. Lean sé an gearrfhiadh
go d-táinic néoin bheag, etc. agus go díreach le
tuitim na h-oidhche thug sé iarraidh a dhul
isteach i d-taoibh carraige acht rug Dubh air
a dha chois deirionnaigh agus mharbh sé é.
Sgairt sean-chailleach a bhí ins an bhruighin
amach “Cé rin a mharbh Toimidin an Lúith?”
“Tá mise” arsa Dubh Mhac a' Díorfaigh “agus a
mhairbhfeadh thusa fós dá g-cuirfea mórán
iargnaoidh orm.” Dhruid Dubh suas leis an
teinídh agus theith an chailleach síos ann a dorais.
“Cad chuige nach suidheann tú abhos aig an
teinídh,” arsa Dubh? Bheidheadh eagla orm
go m-buailfeadh an beathach mór sin preab
orm, no go m-bainfeadh an beathach sin eile
sglamh asam, no an beathach beag sin gob
asam.” “Da mbeidheadh bealach agam-sa
le n-a gceangal, cheanglóchainn iad“ arsa
Dubh. Tharraing an chailleach trí ribe fionn-
faidh as poll a h-eascail agus chaith sí chuige
iad. D' fheuch Dubh ceann aca air a mheur agus
ghearr sé é go d-tí an cnámh. Leis sin chaith
sé iad 'sa teinidh agus righne siad trí bhloisg
mhóra, agus cheangail sé na beithigh le trí
fiogaibh. Nuair a bhí an chailleach tamall
aig an teinidh dubairt sí le Dubh nach d-tug
sí fasgadh tighe nó teas teineadh do aon fhear
aríamh nach mairbhfeadh mart de chuid an righ
dí. “Maiseadh” arsa Dubh “ní beidh mise
níos measa 'ná cách,” agus chuaidh sé amach agus
mharbh sé mart agus thug isteach é. Chaith sé
ceathramha de chuicí. Tharraing sí é thríd an
ghríosaigh, thríd an ghrásaigh, thríd a fiacla
fada buidhe, agus shluig sé é.
“Biadh, biadh nó troid,” ars an chailleach,
etc.
Le sgeul fada a dheanadh goirid, thug sé
trí ceathramhnacha dí agus chuir sí troid air mar
nach d-tabhairfeadh sé tuille dhí. Bhí an
chailleach aig breith buaidh agus sgairt Dubh amach
“Cuideadh, cuideadh a eich.” “Teann, teann
a ribe agus bain an ceann de'n each” ars an
tsean-chailleach. Is doilghe damh agus me brúighte,
dóighte air chúl mo chinn 'sa teinidh“ ars an
ribe. Thoisigh an each aig cuideadh le Dubh
acht 'na dheidh sin agus uile bhí an chailleach aig
breith buaidh gur sgairt sé air a chú agus air a
sheabhac. Bhuaileadh an t-each preab uirri,
bhaineadh an cú sglamh aisdí, agus phioc an seabhac
an dá shúil aisdí, gur chlaoidh siad í. Nuair
a bhí sí a chómhair a bheith marbh, “Fóil, fóil“
ars sise “na marbh mé agus bhéarfaidh mé mo
shlat dhraoidheachta dhuit, agus thig leat do dhear-
bhráthair atá 'na charraig shíos annsin le
taoibh an dorais a dheanadh beó arís leithe.”
“A chailleach shalach, is liom féin an t-slat
sin ó do lá-sa amach,” arsa Dubh, agus leis sin
bhain sé an ceann dí. Rug sé air an t-slait
dhraoidheachta agus bhuail sé an charraig a bhí le
taoibh an dorais, agus d' eirigh a dhearbh-
rathair suas beó, beitheach comh maith agus
bhí sé ariamh. Righne sé an rud céadna
leis an each, leis an chú agus leis an
t-seabhac. Air n-dóighche bhí luthgháir mhór
air na dearbhráithreachaibh agus chaith siad an
oidhche sin go súgach ins an bhrúighin. Air
maidin lá ar n-a bhárach thug siad iarraidh
air an bhaile. Nuair a bhí siad aig triall
leó thoisigh Dubh aig innsint mar thárla dó
ó d'fhág sé an baile agus dubhairt sé nar chuir
rud air bíth oiread iongantais air leis an
bhean a cuireadh a luidhe chuige ins an teach
mór air bhain sé faoi ann an oidhche roimhe.
Réir mar d'innis sé d'aithin Donn gur bhí
a bhean féin a bhí ann agus d'eirigh an oiread
sin feirge air gur bhuail sé Dubh le slait
na draoidheachta agus righne sé carraig cloiche
dhe, agus d'imthigh leis ann a' chaisleáin a
rabh a bhean ann. Nuair a bheannaigh isteach
ann, shaoil sé nach rabh an oiread fearadh-
fháilte aig n-a mhnaoi roimhe agus budh chóir agus
fuair sé amach uaithe go deárn sé éugcóir
air a dhearbhrathair. Go luath air maidin lá
ar n-a bhárach, d'imthigh sé go d-táinic sé
chomh fada leis an áit a dearn sé carraig
de Dhonn, bhuail sé le slat na draoidheachta
e agus d'eirigh sé suas beó arís. Shiubhail siad
leó go d-táinic siad ann a' chaisleáin, agus
fuair siad an uile dhuine ann sin faoi bhrón
mhór. H-innseadh dóibhthe go d-táinic Ceann
Gruagach na g-Cleasann as an Dómhan
Shoir agus go d-tug sé bean Dhoinn leis le
bheith 'na mnaoi aige acht sul ar fhág siad an
caisleán, chuir sí faoi gheasaibh é lá agus
bliadhain de spás a thabhairt dí sul a b-
pósfaidhe iad. D'imthigh Donn agus Dubh 'na
ndéidh, lá ar n-a bhárach agus shiúbhail leó go
d-táinic neóin bheag, etc.. Ní fhacaidh siad
teach mór a bh-fad uaibhthe no teach beag
ndeas dóibhthe, acht teach beag amháin, fionn,
fionnagach, donn, donnagach; gan bun cleite
amach nó bárr cleite isteach acht an cleite
beag amháin a bhí aig deanadh dídin agus
fasgaidh do'n teach a lig. Chuaidh siad
isteach agus d'eirigh sean-duine beag liath agus
chuir fáilte roimh Dhonn Mhac a' Díorfaigh
agus a dhearbhráthair. Chaith siad an oidhche sin
trian le fíannuigheacht etc. D'innis an
sean-duine dóibhthe go rabh Ceann Gruagach
na g-Cleasann ann sin a réir agus bean
bhrónach leis. Nuair a bhí siad aig imtheacht
air maidin, d'iarr an sean-duine orra an
géibheann is mó a m-beidheadh siad ann go
d-tigeadh siad air ais sgairt a dheanadh air
Mhadadh Ruadh na Coilleadh Craobhaighe agus go
d-tiocfadh seisean le cuideadh chuca. D'fhág
siad slán agus beannacht aige agus shiúbhal leó
go dtáinic neoin bheag agus deireadh an
lae agus chonnaic siad teach beag agus chuaidh
isteach. Chuir seanduine beag líath a bhí
'na shuidhe le cois na teineadh fáilte rómpa,
agus d'iarr orra fanacht aige an oidhche sin.
D'fhan agus nuair a bhí siad aig imtheacht uaidh
air maidin dubhairt sé leó an géibheann is
mó a m-beidheadh siad ann, go d-tigeadh siad
air ais, sgairt a dheanadh air Sheabhac na
Coilleadh Léithe agus go rachfadh seisean a
chuideadh leó. An tríomhadh h-oidhche d'fhan
siad aig seanduine eile agus air imtheacht
dóibhthe air maidin uaidh d'iarr sé orra an
géibheann is mó a m-béidheadh siad ann, go
d-tigeadh siad air ais, sgairt a dheanadh air
Dhóbhran Donn Lochafóil (Feabhla) agus go
d-tabhairfeadh seisean tárthail dóibhthe.
Shiúbhail siad leó go rabh siad ins an
Dómhan Shoir agus go d-táinic siad go cúirt
agus caisleán Chinn Ghruagaigh na g-Cleasann.
Bhí sé féin air siúbal aig seilg, agus is amhlaidh
mar fuair siad an bhean a d'fhuaduigh sé 'o
Dhonn Mhac A' Díorfaigh aig ciaradh a cinn
le cíar óir agus í 'na suidhe i g-cathaoir airgid.
Bhí luathghair mhór uirri rómpa agus nuair a
tháinic an tráthnóna chuir sí i bh-folach iad.
Comh luath agus tháinic an Gruagach isteach air
an doras “Fud, fad, féusóige, mothuighim
boladh an Éirionnaigh bhinn bhréugaigh in mo
thigh-se” ars seisean. “Bubo!” ars an
bhean nach bh-fuil a fhios agat go mothóchaidh
tú boladh 'Eirionnaigh in do tigh comh fada agus
bhéidheas mise ann.
Air maidin lá air na bhárach, sul ar imthigh
an Gruagach a sheilg d'fhiafruigh an bhean de
cá rabh a anam agus d'innis sé dí go rabh sé
faoi leic an dorais. Aig teacht abhaile dhó,
tráthnóna, fuair sé leac an dorais cúmh-
duighthe le síoda agus sról agus d'fhiafruigh sé cad
é an fáth a rabh sin deanta. Dubhairt an
bhean leis gur mar gheall airsean a righne
sí é. Chuir so áthas mór air agus dubhairt sé
gur chosamhail dá m-beidheadh a fhios aicí ca
rabh a anam go m-beidheadh sí go maith dhó.
Leig sí uirrí go rabh fearg uirrí mar nár
innis sé an fhírinne dhí. Sul ar imthigh sé
air maidin lá air n-a bhárach d'fheuch sí
faghail amach uaidh cá rabh a anam agus dubhairt
sé leithe gur i g-carraig mhóir air chúl an
tighe bhí sé. Chúmhduigh sí an charraig le
síoda agus sról agus nuair a thainic an Gruagach
abhaile tráthnóna leig sé gáire as air chruth
go bh-feicfea an dúradan dubh a bhí shíos air
thóin a ghaile. D'fhiosruigh an bhean cad é
adhbhar a gháire agus dubhairt sé gur fa'n chóru-
ghadh deas a righne sí air an charraig agus
gur bh-feasach dó anois dá m-beidheadh a fhios
aicí cá rabh a anam go n-deanfadh sí an-
mhór de. Leig sí uirrí go rabh fearg agus mí-
shásadh mór uirrí agus annsin d'innis sé dí
go rabh crann fuinnseoige ins an ghárraidh;
istigh ins an chrann go rabh reithe agus ins an
reithe go rabh lacha agus ins an lacha go rabh ubh
agus nach muirbhthidhe eisean a choidhche go m-
buailfidhe leis an ubh sin é ós coinne an
dúradain dubh a bhí air thóin a ghoile agus mar
sin de gur shaoil sé go rabh léas aige cómh
fada air a shaoghal agus bhí aig aon fhear eile
faoi an dómhan.
Cómh luath lá air n-a bhárach agus mheas Donn
Mhac a' Díorfaigh go rabh an Gruagach fad
mór as baile fuair sé an tuagh bhriste
bheárnach a bhí aig an Ghruagach faoi cholbha
a leaptha agus thoisigh sé aig gearradh an chrainn
fuinnseoige agus le gach buille d'ar buaileadh
air an chrann leis an tuaigh bhearnach chaill
an Gruagach neart céad fear agus chómh luath agus
mhothuigh sé é fein aig fás lag thug sé iarraidh
air an bhaile. Nuair a chuaidh aig Donn an
crann a leagadh d'imthigh reithe de rása amach
as agus sgairt Donn air Mhadadh Ruadh n-a
Coilleadh Craobhaighe agus thainic sé agus rug sé
sé air a reithe agus mharbh sé é. D'imthigh lacha
amach as air eiteog agus sgairt Donn air
Sheabhac na Coilleadh Léithe agus thainic sé agus
rug sé air an lacha nuair a bhí sí ag dul
os cionn locha. Thuit ubh aisdí síos ins an
loch agus sgairt Donn air Dhóbhran Donn
Lochafóil agus thainic sé agus fuair an ubh. Leis
sin bhí an Gruagach aig tarraingt in aice
leis an bhaile agus le méid na feirge a bhí air,
bhí a chraos fosgailte ins an riocht go rabh
an dúradan dubh a bhí air thóin a ghoile air
feiceáil. Chuaidh Donn air a leath-ghlún agus
bhuail sé an Gruagach le h-urchur de'n ubh
os coinne an dúradain dubh a bhí air thóin a
ghoile agus thuit sé síos marbh.
Bhí luthgháir mhór orra, air n-dóithche, agus
chaith siad an oidhche sin go súgach. D'fhág
siad an Dómhan Shoir lá air n-a bhárach
agus thug siad iarraidh air an bhaile. Bhí
luthgháir agus an-luthgháir rómpa. Thuit Dubh
Mhac a' Díorfaigh i ngrádh leis an darna
inghín a bhí aig an duine uasal. Fuaras
sagart méiseach agus cléireach uisge agus pósadh
iad agus righneadh banais chúrtha, chártha a mhair
naoi n-oidhche agus naoi lá agus gur bh-fearr an lá
deirionnach 'ná an cheud lá.
Chuaidh siadsan an t-áth, mise an clochán,
báitheadh iadsan agus thainic mise.
Críoch.
(Budh ghnáthach a radh leis an sgeulaidhe i
ndéidh sgeul a críochnughadh “Míle beannacht
le h-anamnaibh do cháirde” ins an áit so.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11