Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Title
Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1894
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.</title><author><persName>Ward, John.C</persName></author><editor><name type="main">Ó Gramhnaigh, Eoghan</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG05-10074</note> <note type="L">5</note> <note type="B">1894</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>March, 1894</date><idno>IG05-10074</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">5</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ward, John.C</author><title>Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Spoken Gaelic of Donegal - Díorfach Dúin-Alt.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>March, 1894</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="en">English</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>SPOKEN GAELIC OF DONEGAL.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>Díorfach Dúin-Alt.</span> <lb n="3"/><span>JOHN C. WARD</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Dar le Dubh go m-béarfadh sé air, agus</span> <lb n="6"/><span>d'imthigh leis 'na dhéidh, a chú le n-a chois, a</span> <lb n="7"/><span>sheabhac air a bhois, agus a each caol donn faoi</span> <lb n="8"/><span>n-a thóin, go m-bainfeadh sé ribe de'n ghaoith</span> <lb n="9"/><span>agus nach m-bainfeadh an ghaoth ribe dhe. Nuair</span> <lb n="10"/><span>a b'árd dó-san, etc. Lean sé an gearrfhiadh</span> <lb n="11"/><span>go d-táinic néoin bheag, etc. agus go díreach le</span> <lb n="12"/><span>tuitim na h-oidhche thug sé iarraidh a dhul</span> <lb n="13"/><span>isteach i d-taoibh carraige acht rug Dubh air</span> <lb n="14"/><span>a dha chois deirionnaigh agus mharbh sé é.</span></p> <lb n="15"/> <lb n="16"/><p><span>Sgairt sean-chailleach a bhí ins an bhruighin</span> <lb n="17"/><span>amach “Cé rin a mharbh Toimidin an Lúith?”</span> <lb n="18"/><span>“Tá mise” arsa Dubh Mhac a' Díorfaigh “agus a</span> <lb n="19"/><span>mhairbhfeadh thusa fós dá g-cuirfea mórán</span> <lb n="20"/><span>iargnaoidh orm.” Dhruid Dubh suas leis an</span> <lb n="21"/><span>teinídh agus theith an chailleach síos ann a dorais.</span> <lb n="22"/><span>“Cad chuige nach suidheann tú abhos aig an</span></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="23"/><p><span>teinídh,” arsa Dubh? Bheidheadh eagla orm</span> <lb n="24"/><span>go m-buailfeadh an beathach mór sin preab</span> <lb n="25"/><span>orm, no go m-bainfeadh an beathach sin eile</span> <lb n="26"/><span>sglamh asam, no an beathach beag sin gob</span> <lb n="27"/><span>asam.” “Da mbeidheadh bealach agam-sa</span> <lb n="28"/><span>le n-a gceangal, cheanglóchainn iad“ arsa</span> <lb n="29"/><span>Dubh. Tharraing an chailleach trí ribe fionn-</span> <lb n="30"/><span>faidh as poll a h-eascail agus chaith sí chuige</span> <lb n="31"/><span>iad. D' fheuch Dubh ceann aca air a mheur agus</span> <lb n="32"/><span>ghearr sé é go d-tí an cnámh. Leis sin chaith</span> <lb n="33"/><span>sé iad 'sa teinidh agus righne siad trí bhloisg</span> <lb n="34"/><span>mhóra, agus cheangail sé na beithigh le trí</span> <lb n="35"/><span>fiogaibh. Nuair a bhí an chailleach tamall</span> <lb n="36"/><span>aig an teinidh dubairt sí le Dubh nach d-tug</span> <lb n="37"/><span>sí fasgadh tighe nó teas teineadh do aon fhear</span> <lb n="38"/><span>aríamh nach mairbhfeadh mart de chuid an righ</span> <lb n="39"/><span>dí. “Maiseadh” arsa Dubh “ní beidh mise</span> <lb n="40"/><span>níos measa 'ná cách,” agus chuaidh sé amach agus</span> <lb n="41"/><span>mharbh sé mart agus thug isteach é. Chaith sé</span> <lb n="42"/><span>ceathramha de chuicí. Tharraing sí é thríd an</span> <lb n="43"/><span>ghríosaigh, thríd an ghrásaigh, thríd a fiacla</span> <lb n="44"/><span>fada buidhe, agus shluig sé é.</span></p> <lb n="45"/> <lb n="46"/><p><span>“Biadh, biadh nó troid,” ars an chailleach,</span> <lb n="47"/><span>etc.</span></p> <lb n="48"/> <lb n="49"/><p><span>Le sgeul fada a dheanadh goirid, thug sé</span> <lb n="50"/><span>trí ceathramhnacha dí agus chuir sí troid air mar</span> <lb n="51"/><span>nach d-tabhairfeadh sé tuille dhí. Bhí an</span> <lb n="52"/><span>chailleach aig breith buaidh agus sgairt Dubh amach</span> <lb n="53"/><span>“Cuideadh, cuideadh a eich.” “Teann, teann</span> <lb n="54"/><span>a ribe agus bain an ceann de'n each” ars an</span> <lb n="55"/><span>tsean-chailleach. Is doilghe damh agus me brúighte,</span> <lb n="56"/><span>dóighte air chúl mo chinn 'sa teinidh“ ars an</span> <lb n="57"/><span>ribe. Thoisigh an each aig cuideadh le Dubh</span> <lb n="58"/><span>acht 'na dheidh sin agus uile bhí an chailleach aig</span> <lb n="59"/><span>breith buaidh gur sgairt sé air a chú agus air a</span> <lb n="60"/><span>sheabhac. Bhuaileadh an t-each preab uirri,</span> <lb n="61"/><span>bhaineadh an cú sglamh aisdí, agus phioc an seabhac</span> <lb n="62"/><span>an dá shúil aisdí, gur chlaoidh siad í. Nuair</span> <lb n="63"/><span>a bhí sí a chómhair a bheith marbh, “Fóil, fóil“</span> <lb n="64"/><span>ars sise “na marbh mé agus bhéarfaidh mé mo</span> <lb n="65"/><span>shlat dhraoidheachta dhuit, agus thig leat do dhear-</span> <lb n="66"/><span>bhráthair atá 'na charraig shíos annsin le</span> <lb n="67"/><span>taoibh an dorais a dheanadh beó arís leithe.”</span> <lb n="68"/><span>“A chailleach shalach, is liom féin an t-slat</span> <lb n="69"/><span>sin ó do lá-sa amach,” arsa Dubh, agus leis sin</span> <lb n="70"/><span>bhain sé an ceann dí. Rug sé air an t-slait</span> <lb n="71"/><span>dhraoidheachta agus bhuail sé an charraig a bhí le</span> <lb n="72"/><span>taoibh an dorais, agus d' eirigh a dhearbh-</span> <lb n="73"/><span>rathair suas beó, beitheach comh maith agus</span> <lb n="74"/><span>bhí sé ariamh. Righne sé an rud céadna</span> <lb n="75"/><span>leis an each, leis an chú agus leis an</span> <lb n="76"/><span>t-seabhac. Air n-dóighche bhí luthgháir mhór</span> <lb n="77"/><span>air na dearbhráithreachaibh agus chaith siad an</span> <lb n="78"/><span>oidhche sin go súgach ins an bhrúighin. Air</span> <lb n="79"/><span>maidin lá ar n-a bhárach thug siad iarraidh</span> <lb n="80"/><span>air an bhaile. Nuair a bhí siad aig triall</span> <lb n="81"/><span>leó thoisigh Dubh aig innsint mar thárla dó</span> <lb n="82"/><span>ó d'fhág sé an baile agus dubhairt sé nar chuir</span> <lb n="83"/><span>rud air bíth oiread iongantais air leis an</span> <lb n="84"/><span>bhean a cuireadh a luidhe chuige ins an teach</span> <lb n="85"/><span>mór air bhain sé faoi ann an oidhche roimhe.</span> <lb n="86"/><span>Réir mar d'innis sé d'aithin Donn gur bhí</span> <lb n="87"/><span>a bhean féin a bhí ann agus d'eirigh an oiread</span> <lb n="88"/><span>sin feirge air gur bhuail sé Dubh le slait</span> <lb n="89"/><span>na draoidheachta agus righne sé carraig cloiche</span> <lb n="90"/><span>dhe, agus d'imthigh leis ann a' chaisleáin a</span> <lb n="91"/><span>rabh a bhean ann. Nuair a bheannaigh isteach</span> <lb n="92"/><span>ann, shaoil sé nach rabh an oiread fearadh-</span> <lb n="93"/><span>fháilte aig n-a mhnaoi roimhe agus budh chóir agus</span> <lb n="94"/><span>fuair sé amach uaithe go deárn sé éugcóir</span> <lb n="95"/><span>air a dhearbhrathair. Go luath air maidin lá</span> <lb n="96"/><span>ar n-a bhárach, d'imthigh sé go d-táinic sé</span> <lb n="97"/><span>chomh fada leis an áit a dearn sé carraig</span> <lb n="98"/><span>de Dhonn, bhuail sé le slat na draoidheachta</span> <lb n="99"/><span>e agus d'eirigh sé suas beó arís. Shiubhail siad</span> <lb n="100"/><span>leó go d-táinic siad ann a' chaisleáin, agus</span> <lb n="101"/><span>fuair siad an uile dhuine ann sin faoi bhrón</span> <lb n="102"/><span>mhór. H-innseadh dóibhthe go d-táinic Ceann</span> <lb n="103"/><span>Gruagach na g-Cleasann as an Dómhan</span> <lb n="104"/><span>Shoir agus go d-tug sé bean Dhoinn leis le</span> <lb n="105"/><span>bheith 'na mnaoi aige acht sul ar fhág siad an</span> <lb n="106"/><span>caisleán, chuir sí faoi gheasaibh é lá agus</span> <lb n="107"/><span>bliadhain de spás a thabhairt dí sul a b-</span> <lb n="108"/><span>pósfaidhe iad. D'imthigh Donn agus Dubh 'na</span> <lb n="109"/><span>ndéidh, lá ar n-a bhárach agus shiúbhail leó go</span> <lb n="110"/><span>d-táinic neóin bheag, etc.. Ní fhacaidh siad</span> <lb n="111"/><span>teach mór a bh-fad uaibhthe no teach beag</span> <lb n="112"/><span>ndeas dóibhthe, acht teach beag amháin, fionn,</span> <lb n="113"/><span>fionnagach, donn, donnagach; gan bun cleite</span> <lb n="114"/><span>amach nó bárr cleite isteach acht an cleite</span> <lb n="115"/><span>beag amháin a bhí aig deanadh dídin agus</span> <lb n="116"/><span>fasgaidh do'n teach a lig. Chuaidh siad</span></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="117"/><p><span>isteach agus d'eirigh sean-duine beag liath agus</span> <lb n="118"/><span>chuir fáilte roimh Dhonn Mhac a' Díorfaigh</span> <lb n="119"/><span>agus a dhearbhráthair. Chaith siad an oidhche sin</span> <lb n="120"/><span>trian le fíannuigheacht etc. D'innis an</span> <lb n="121"/><span>sean-duine dóibhthe go rabh Ceann Gruagach</span> <lb n="122"/><span>na g-Cleasann ann sin a réir agus bean</span> <lb n="123"/><span>bhrónach leis. Nuair a bhí siad aig imtheacht</span> <lb n="124"/><span>air maidin, d'iarr an sean-duine orra an</span> <lb n="125"/><span>géibheann is mó a m-beidheadh siad ann go</span> <lb n="126"/><span>d-tigeadh siad air ais sgairt a dheanadh air</span> <lb n="127"/><span>Mhadadh Ruadh na Coilleadh Craobhaighe agus go</span> <lb n="128"/><span>d-tiocfadh seisean le cuideadh chuca. D'fhág</span> <lb n="129"/><span>siad slán agus beannacht aige agus shiúbhal leó</span> <lb n="130"/><span>go dtáinic neoin bheag agus deireadh an</span> <lb n="131"/><span>lae agus chonnaic siad teach beag agus chuaidh</span> <lb n="132"/><span>isteach. Chuir seanduine beag líath a bhí</span> <lb n="133"/><span>'na shuidhe le cois na teineadh fáilte rómpa,</span> <lb n="134"/><span>agus d'iarr orra fanacht aige an oidhche sin.</span> <lb n="135"/><span>D'fhan agus nuair a bhí siad aig imtheacht uaidh</span> <lb n="136"/><span>air maidin dubhairt sé leó an géibheann is</span> <lb n="137"/><span>mó a m-beidheadh siad ann, go d-tigeadh siad</span> <lb n="138"/><span>air ais, sgairt a dheanadh air Sheabhac na</span> <lb n="139"/><span>Coilleadh Léithe agus go rachfadh seisean a</span> <lb n="140"/><span>chuideadh leó. An tríomhadh h-oidhche d'fhan</span> <lb n="141"/><span>siad aig seanduine eile agus air imtheacht</span> <lb n="142"/><span>dóibhthe air maidin uaidh d'iarr sé orra an</span> <lb n="143"/><span>géibheann is mó a m-béidheadh siad ann, go</span> <lb n="144"/><span>d-tigeadh siad air ais, sgairt a dheanadh air</span> <lb n="145"/><span>Dhóbhran Donn Lochafóil (Feabhla) agus go</span> <lb n="146"/><span>d-tabhairfeadh seisean tárthail dóibhthe.</span> <lb n="147"/><span>Shiúbhail siad leó go rabh siad ins an</span> <lb n="148"/><span>Dómhan Shoir agus go d-táinic siad go cúirt</span> <lb n="149"/><span>agus caisleán Chinn Ghruagaigh na g-Cleasann.</span> <lb n="150"/><span>Bhí sé féin air siúbal aig seilg, agus is amhlaidh</span> <lb n="151"/><span>mar fuair siad an bhean a d'fhuaduigh sé 'o</span> <lb n="152"/><span>Dhonn Mhac A' Díorfaigh aig ciaradh a cinn</span> <lb n="153"/><span>le cíar óir agus í 'na suidhe i g-cathaoir airgid.</span> <lb n="154"/><span>Bhí luathghair mhór uirri rómpa agus nuair a</span> <lb n="155"/><span>tháinic an tráthnóna chuir sí i bh-folach iad.</span> <lb n="156"/><span>Comh luath agus tháinic an Gruagach isteach air</span> <lb n="157"/><span>an doras “Fud, fad, féusóige, mothuighim</span> <lb n="158"/><span>boladh an Éirionnaigh bhinn bhréugaigh in mo</span> <lb n="159"/><span>thigh-se” ars seisean. “Bubo!” ars an</span> <lb n="160"/><span>bhean nach bh-fuil a fhios agat go mothóchaidh</span> <lb n="161"/><span>tú boladh 'Eirionnaigh in do tigh comh fada agus</span> <lb n="162"/><span>bhéidheas mise ann.</span></p> <lb n="163"/> <lb n="164"/><p><span>Air maidin lá air na bhárach, sul ar imthigh</span> <lb n="165"/><span>an Gruagach a sheilg d'fhiafruigh an bhean de</span> <lb n="166"/><span>cá rabh a anam agus d'innis sé dí go rabh sé</span> <lb n="167"/><span>faoi leic an dorais. Aig teacht abhaile dhó,</span> <lb n="168"/><span>tráthnóna, fuair sé leac an dorais cúmh-</span> <lb n="169"/><span>duighthe le síoda agus sról agus d'fhiafruigh sé cad</span> <lb n="170"/><span>é an fáth a rabh sin deanta. Dubhairt an</span> <lb n="171"/><span>bhean leis gur mar gheall airsean a righne</span> <lb n="172"/><span>sí é. Chuir so áthas mór air agus dubhairt sé</span> <lb n="173"/><span>gur chosamhail dá m-beidheadh a fhios aicí ca</span> <lb n="174"/><span>rabh a anam go m-beidheadh sí go maith dhó.</span> <lb n="175"/><span>Leig sí uirrí go rabh fearg uirrí mar nár</span> <lb n="176"/><span>innis sé an fhírinne dhí. Sul ar imthigh sé</span> <lb n="177"/><span>air maidin lá air n-a bhárach d'fheuch sí</span> <lb n="178"/><span>faghail amach uaidh cá rabh a anam agus dubhairt</span> <lb n="179"/><span>sé leithe gur i g-carraig mhóir air chúl an</span> <lb n="180"/><span>tighe bhí sé. Chúmhduigh sí an charraig le</span> <lb n="181"/><span>síoda agus sról agus nuair a thainic an Gruagach</span> <lb n="182"/><span>abhaile tráthnóna leig sé gáire as air chruth</span> <lb n="183"/><span>go bh-feicfea an dúradan dubh a bhí shíos air</span> <lb n="184"/><span>thóin a ghaile. D'fhiosruigh an bhean cad é</span> <lb n="185"/><span>adhbhar a gháire agus dubhairt sé gur fa'n chóru-</span> <lb n="186"/><span>ghadh deas a righne sí air an charraig agus</span> <lb n="187"/><span>gur bh-feasach dó anois dá m-beidheadh a fhios</span> <lb n="188"/><span>aicí cá rabh a anam go n-deanfadh sí an-</span> <lb n="189"/><span>mhór de. Leig sí uirrí go rabh fearg agus mí-</span> <lb n="190"/><span>shásadh mór uirrí agus annsin d'innis sé dí</span> <lb n="191"/><span>go rabh crann fuinnseoige ins an ghárraidh;</span> <lb n="192"/><span>istigh ins an chrann go rabh reithe agus ins an</span> <lb n="193"/><span>reithe go rabh lacha agus ins an lacha go rabh ubh</span> <lb n="194"/><span>agus nach muirbhthidhe eisean a choidhche go m-</span> <lb n="195"/><span>buailfidhe leis an ubh sin é ós coinne an</span> <lb n="196"/><span>dúradain dubh a bhí air thóin a ghoile agus mar</span> <lb n="197"/><span>sin de gur shaoil sé go rabh léas aige cómh</span> <lb n="198"/><span>fada air a shaoghal agus bhí aig aon fhear eile</span> <lb n="199"/><span>faoi an dómhan.</span></p> <lb n="200"/> <lb n="201"/><p><span>Cómh luath lá air n-a bhárach agus mheas Donn</span> <lb n="202"/><span>Mhac a' Díorfaigh go rabh an Gruagach fad</span> <lb n="203"/><span>mór as baile fuair sé an tuagh bhriste</span> <lb n="204"/><span>bheárnach a bhí aig an Ghruagach faoi cholbha</span> <lb n="205"/><span>a leaptha agus thoisigh sé aig gearradh an chrainn</span> <lb n="206"/><span>fuinnseoige agus le gach buille d'ar buaileadh</span> <lb n="207"/><span>air an chrann leis an tuaigh bhearnach chaill</span> <lb n="208"/><span>an Gruagach neart céad fear agus chómh luath agus</span> <lb n="209"/><span>mhothuigh sé é fein aig fás lag thug sé iarraidh</span> <lb n="210"/><span>air an bhaile. Nuair a chuaidh aig Donn an</span></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="211"/><p><span>crann a leagadh d'imthigh reithe de rása amach</span> <lb n="212"/><span>as agus sgairt Donn air Mhadadh Ruadh n-a</span> <lb n="213"/><span>Coilleadh Craobhaighe agus thainic sé agus rug sé </span> <lb n="214"/><span>sé air a reithe agus mharbh sé é. D'imthigh lacha</span> <lb n="215"/><span>amach as air eiteog agus sgairt Donn air</span> <lb n="216"/><span>Sheabhac na Coilleadh Léithe agus thainic sé agus</span> <lb n="217"/><span>rug sé air an lacha nuair a bhí sí ag dul</span> <lb n="218"/><span>os cionn locha. Thuit ubh aisdí síos ins an</span> <lb n="219"/><span>loch agus sgairt Donn air Dhóbhran Donn</span> <lb n="220"/><span>Lochafóil agus thainic sé agus fuair an ubh. Leis</span> <lb n="221"/><span>sin bhí an Gruagach aig tarraingt in aice</span> <lb n="222"/><span>leis an bhaile agus le méid na feirge a bhí air,</span> <lb n="223"/><span>bhí a chraos fosgailte ins an riocht go rabh</span> <lb n="224"/><span>an dúradan dubh a bhí air thóin a ghoile air</span> <lb n="225"/><span>feiceáil. Chuaidh Donn air a leath-ghlún agus</span> <lb n="226"/><span>bhuail sé an Gruagach le h-urchur de'n ubh</span> <lb n="227"/><span>os coinne an dúradain dubh a bhí air thóin a</span> <lb n="228"/><span>ghoile agus thuit sé síos marbh.</span></p> <lb n="229"/> <lb n="230"/><p><span>Bhí luthgháir mhór orra, air n-dóithche, agus</span> <lb n="231"/><span>chaith siad an oidhche sin go súgach. D'fhág</span> <lb n="232"/><span>siad an Dómhan Shoir lá air n-a bhárach</span> <lb n="233"/><span>agus thug siad iarraidh air an bhaile. Bhí</span> <lb n="234"/><span>luthgháir agus an-luthgháir rómpa. Thuit Dubh</span> <lb n="235"/><span>Mhac a' Díorfaigh i ngrádh leis an darna</span> <lb n="236"/><span>inghín a bhí aig an duine uasal. Fuaras</span> <lb n="237"/><span>sagart méiseach agus cléireach uisge agus pósadh</span> <lb n="238"/><span>iad agus righneadh banais chúrtha, chártha a mhair</span> <lb n="239"/><span>naoi n-oidhche agus naoi lá agus gur bh-fearr an lá</span> <lb n="240"/><span>deirionnach 'ná an cheud lá.</span></p> <lb n="241"/> <lb n="242"/><p><span>Chuaidh siadsan an t-áth, mise an clochán,</span> <lb n="243"/><span>báitheadh iadsan agus thainic mise.</span></p> <lb n="244"/> <lb n="245"/><p><span>Críoch.</span></p> <lb n="246"/> <lb n="247"/><p><span>(Budh ghnáthach a radh leis an sgeulaidhe i</span> <lb n="248"/><span>ndéidh sgeul a críochnughadh “Míle beannacht</span> <lb n="249"/><span>le h-anamnaibh do cháirde” ins an áit so.)</span></p> <lb n="250"/> <lb n="251"/><p> <lb n="252"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services