Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Chroidhe Naomhtha Íosa.
Title
Air Chroidhe Naomhtha Íosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Air Chroidhe Naomhtha Íosa. (Preached on the last Sunday of June, 1889.) Andiu a dhearbhráthaireacha an domhnach deigheanach, agus an lá deigheanach de'n Meitheamh — mí Croidhe Naomhtha Íosa. Dia h-aoine so d'imthig tharuinn, an naomhadh lá déis Diardaoin Auinn, budh h-é Féile an Chroidhe Naomhtha é, sollamhúin do chuir an Eaglais air bun chum adhradh agus onóir do thabhairt do Íosa Críost mar gheall air an ghrádh uathbhásach ós meadhon do thug Sé-sean do'n chine daona. Agus ní h-é an lá so amháin atá ceapaighthe leis an inntinn sin acht atá an Meitheamh go léir deilte amach chum go d-taisbeánfadh Críostuighthe i slighe neamh-choiteannta a n-urraim agus a d-teas- ghrádh dho'n Día do thug a lethéid sin de ghrádh dhóibh. Air an adhbhar san is méinn liom beagán focal do rádh libh andiu air an sollamhúin so. Anois cad é fuaineaméad nó brígh na h- onóra agus an adhraidh a thugamaoid do Chroidhe Íosa? Cad é an chúis a chroidhe naomhtha a thoghadh amach seoch a's aon bhall eile dá chorp ró bheannuighthe? Is deimhneach
a dr., gur fiu gach ball de chorp naomhtha Íosa adhradh do thabhairt do, do brígh go bh- fuil an Focal síorruidhe táthaighthe leis, acht tá cúis áirighthe le onóir agus adhradh fá leith a a thabhairt dá chroidhe mar gur b'é sin a suidheachán a ghrádh do'n chine daona. O! cía h-é ar féidir leis innsint cad é doimhneacht agus aoirde, faid agus fairsin- geacht an gradh so? Cía h-é ar féidir leis cúntas do thabhairt, nó aithris do dheunadh air? Fad nach raibh spioraid air neamh ná daondacht air talamh, bhí an chroidhe sin air dhearg-lasadh le grádh dhúinn-ne. Ní raibh binn-ghuth aingil fós ag deunadh aoibhneas anns na flathais; ní raibh teanga mharthannach dhá luasgadh fós i b-parrthas; ní raibh fuaim fairrge ná geóin easa, glaodh eallaig na ceileabhar ein dá g-cloistin air talam, nuair a bhí Croidhe naomhtha Íosa lionta le síor-gradh dho'n chine daona. Is fíor nach raibh se fós leath-s-muigh dhe ucht a áthar síorruidhe acth do bhí fios, aige cad a bhí le teacht. Bhí ós a chomhair an chruinne do bhí le teacht ó laimh a athar; bhí a fhios aige roimh ré cad a thuitfeadh amach do'n chruinne sin — cad é an mí-ádh do thiocfadh air. Connairc Sé air aon taobh amháir cruinne áluinn ghlórmhar, cruinne uasal, aoibinn, as a bh- faghadh Dia a lán soláis a's glóire; acht air an taobh eile chonnairc Sé an domhan de aindeise, de choiriptheacht agus de phea- camhlacht; na táinte de chreatuiribh deunta 'na chosamhalacht féin agus iad lán de dhonas agus de dhorchadas mar gheall air dhúireacht a g-croidhe. Truaigh do na creatúiribh so agus fonn a saoradh; chum iad a tharruing as dhorchadas an pheacaidh agus a d-tabhairt thar n-ais chum muinteardhais Dé, is sé so chorruigh croidhe Íosa le grádh síorruidhe. Ní raibh Sé gan a fhios gur b'é a gheobhadh Sé mar mhallairt air na mí-chuman agus mí-bhuidheachas, acht cad tá níos treise na gradh? Chuir an ghrádh so d'fiachaibh air daonacht do ghlacadh, agus croidhe d'ullmhugadh dho féin lán de thruaighmhéil agus de thrócaire; lan de fhad- fhuiling agus de fhoighne; croidhe subhailceach, cneasda; croidhe do sheaseóchadh buan 'na grádh cé nach raibh le fághail aige mar geall air acht masla; croidhe do bheanneóchadh gus do mhaithfeadh tar éis a bheith tarcuis- nighthe na milte uair. Budh h-é gradh Iosa do labhair air son ár g-ceud athar agus ár g-ceud mhathar dona, agus do thug geallmhuint doibh go g-curfaidhe Slánuightheóir chucha; budh h-e an grádh ceudna do righne eadar- ghuidhe dho'n saoghal peacamhuil air feadh cheithre mhile bliadhan go d-táime Sé air d- talamh; agus anois ag túirling do ó 'n a ghlóire, agus ag glacadh cuma dhaonda, is eadh do leigheann an chroidhe naomhtha so le grádh, le trócaire, agus le truaighmhéil. In lár an chroidhe sin do bhí teinne coigilte ar thainic Sé air talamh chum adhainte. Agus anois da ríribh tosnuigheann athnuachan aghaidh na talmhan. Le teacht Íosa tagann luathgháir air an saoghal. An tír do bhi do- brónach mar geall air cheó agus smúit an peacaidh, beidh sí lán de mheír; an talamh do bhí 'na bh-fásach beidh sí toramhuil. líonmhar. Mar an lasar do sgapann Íosa air fuaid an domhain — lasar teas-gradh a chroidhe ró naomhtha — leigheann sé an leac-a- h-oidhre do bhí dha chruinniughadh ar feadh na h-oidhche fada fuaire atá, anois ag teacht chum deire; cuireann sé brígh gus nuadh- bheatha ins na croidhthibh a bí ag dul a léig, agus tarruingeann sé chuige iad, ní go h- iomlán le n-a chomhacht acht go h-áirighthe le n-a cheannsacht agus le n-a chneastacht. “Blaisidh agus feícidh chomh milis a's é an tíghearna,” a dúbhradh i g-céin, acht anois briseann an milseacht san amach trí shuilibh daona agus labhrann go sár-bhinn trí ghlórthaibh gotha Íosa. Dubhradh I d-tairringireacht go m-beidheadh an Slánuightheóir sgíamhach thar chlannaibh adhamh, agus anois tá an sgéimh sin dhá fhoillsiughadh, agus ag soillsiughadh aghaidh na talmhan. Cuir Sé cuma an leinbh air féin chum clann na mallachta do bhladaireacht chuige, agus cheil Sé a ghlóire uatha air eagla iad a
sganrughadh uaidh. Agus cá raibh leanbh a ariamh mar an leanbh Íosa? — Chomh séimh chomh a gleóite, chomh maiseach modhmharach, do bí Se gur tharruing Sé chuige na croidhthe do tháinic dá ionnsuighe agus líonadar lé h- annsacht do. Badh h-óan cás ceadna ó 'nuair a bhí Sé 'na fhear óg. Ní raibh aige acht focal do labhairt aig siubhal do cois mara Galilee 'nuair le cloistin a ghotha ghluais Apstol i n-diagh Apstoil dhá lean- muint, agus a fágbháil gach dá raibh aca l 'san saoghal i ngrádh a bheith 'na chuideachta. Agus ní h-iad na h-apstoil amháin, acht leanaid na sluaidhte é ó chathair go cathair, agus teidhid fé na dhéin amach an tslíabh no asteach 'san b-fásach chum radharc a bheith aca air agus a bhriartha bhinn-gloracha do chlos. Cortha, sáruighthe, ealuigheann Sé uatha agus imthigheann Sé asteach 'san bh- fiadhantus uaigneach, acht an dreaim do chonnairc nó do chlos aon uair amháin é, in b- faghaid é leigion as a radharc; leanaid agus faghaid amach ann so féin é, agus fanaid i n- fochair gan cuimhne aca air teaghlach ná muin- tir, ná suim aca in nidh air bith acht a bheith 'na chomhluadar bheannuighthe. Gan é atá baile féin uaigneach, i n-fochair tá an fásach compórdamhuil taithneamhach. Leis an cneastacht do gleusann gach beart, claoidheann Sé gach croidhe, agus tarrangann chuige iad le n-a grádh. Agus air an adh- bar so, nuair, a ghlac Sé cuma daona, is eadh do cheap Sé ball fá leith mar ionad an ghradh sin do tháinic Sé air talamh chum adhanta. Agus mar do ghradhuig Sé ó thuis is eadh do ghrádheochaidh Sé go deire. Agus 'nuair a thagann an deire is eadh do thaisbeánann croidhe Iosa go h-áirighthe a dhílseacht agus a chalmacht. Atá Sé chum imthighthe thar ais go d-tí a athair air neamh, acht ceapann slighe fanacht 'nar measg air talamh. Cuireann Sé air bún an Naomh Shácramuint, agus an san imthigheann Sé agus togann suas a chrois go fonnmhar. O! a dhr., ma fheuchamaoid asteach i g-croidhe ár Slánuightheóra, ma dheunamaoid machtnamh air an grádh do chuir d'fíachaibh air túirling air talamh, agus cailís ár b-peacuigheadh do thaosgadh; ma choimeadamaoid ós chomhair ár n-intinne an radharc so — mach Dé na nglóire dhá iodhbart féin air crann na croise i ngrádh creatuiridhe peacamhula, mío-chumannacha do shaoradh ó bhás shíor- iuidhe — so radharc nach bh-faiceadh a leithéid le h-áileacht, a's nach bh-feicfear; radharc ann a chidhtear glóire na diadháchta agus líonmharacht na daonachta ann aon pearsa amhain dhá fhoillsiughadh air talamh. “Agus an té do cloiseann abraidh sé: tair. Agus tagadh an té a bh-fuil tart air. Agus an té ar méinn leis é, glacadh sé uisge na beatha i naisge.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services