Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Chroidhe Naomhtha Íosa.

Title
Air Chroidhe Naomhtha Íosa.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 70


Air Chroidhe Naomhtha Íosa.



(Preached on the last Sunday of June, 1889.)



Andiu a dhearbhráthaireacha an domhnach
deigheanach, agus an lá deigheanach de'n
Meitheamh — mí Croidhe Naomhtha Íosa. Dia
h-aoine so d'imthig tharuinn, an naomhadh lá
déis Diardaoin Auinn, budh h-é Féile an
Chroidhe Naomhtha é, sollamhúin do chuir an
Eaglais air bun chum adhradh agus onóir do
thabhairt do Íosa Críost mar gheall air an
ghrádh uathbhásach ós meadhon do thug Sé-sean
do'n chine daona. Agus ní h-é an lá so
amháin atá ceapaighthe leis an inntinn sin
acht atá an Meitheamh go léir deilte amach
chum go d-taisbeánfadh Críostuighthe i slighe
neamh-choiteannta a n-urraim agus a d-teas-
ghrádh dho'n Día do thug a lethéid sin de ghrádh
dhóibh. Air an adhbhar san is méinn liom
beagán focal do rádh libh andiu air an
sollamhúin so.



Anois cad é fuaineaméad nó brígh na h-
onóra agus an adhraidh a thugamaoid do
Chroidhe Íosa? Cad é an chúis a chroidhe
naomhtha a thoghadh amach seoch a's aon bhall
eile dá chorp ró bheannuighthe? Is deimhneach


L. 71


a dr., gur fiu gach ball de chorp naomhtha
Íosa adhradh do thabhairt do, do brígh go bh-
fuil an Focal síorruidhe táthaighthe leis, acht
tá cúis áirighthe le onóir agus adhradh fá leith a
a thabhairt dá chroidhe mar gur b'é sin a
suidheachán a ghrádh do'n chine daona.



O! cía h-é ar féidir leis innsint cad é
doimhneacht agus aoirde, faid agus fairsin-
geacht an gradh so? Cía h-é ar féidir leis
cúntas do thabhairt, nó aithris do dheunadh
air? Fad nach raibh spioraid air neamh ná
daondacht air talamh, bhí an chroidhe sin air
dhearg-lasadh le grádh dhúinn-ne. Ní raibh
binn-ghuth aingil fós ag deunadh aoibhneas
anns na flathais; ní raibh teanga mharthannach
dhá luasgadh fós i b-parrthas; ní raibh fuaim
fairrge ná geóin easa, glaodh eallaig na
ceileabhar ein dá g-cloistin air talam,
nuair a bhí Croidhe naomhtha Íosa lionta le
síor-gradh dho'n chine daona. Is fíor nach
raibh se fós leath-s-muigh dhe ucht a áthar
síorruidhe acth do bhí fios, aige cad a bhí le
teacht. Bhí ós a chomhair an chruinne do bhí
le teacht ó laimh a athar; bhí a fhios aige roimh
ré cad a thuitfeadh amach do'n chruinne sin —
cad é an mí-ádh do thiocfadh air. Connairc
Sé air aon taobh amháir cruinne áluinn
ghlórmhar, cruinne uasal, aoibinn, as a bh-
faghadh Dia a lán soláis a's glóire; acht
air an taobh eile chonnairc Sé an domhan de
aindeise, de choiriptheacht agus de phea-
camhlacht; na táinte de chreatuiribh deunta
'na chosamhalacht féin agus iad lán de dhonas
agus de dhorchadas mar gheall air dhúireacht
a g-croidhe.



Truaigh do na creatúiribh so agus fonn
a saoradh; chum iad a tharruing as dhorchadas
an pheacaidh agus a d-tabhairt thar n-ais chum
muinteardhais Dé, is sé so chorruigh croidhe
Íosa le grádh síorruidhe. Ní raibh Sé gan a
fhios gur b'é a gheobhadh Sé mar mhallairt
air na mí-chuman agus mí-bhuidheachas, acht
cad tá níos treise na gradh? Chuir an ghrádh
so d'fiachaibh air daonacht do ghlacadh, agus
croidhe d'ullmhugadh dho féin lán de
thruaighmhéil agus de thrócaire; lan de fhad-
fhuiling agus de fhoighne; croidhe subhailceach,
cneasda; croidhe do sheaseóchadh buan 'na
grádh cé nach raibh le fághail aige mar geall
air acht masla; croidhe do bheanneóchadh
gus do mhaithfeadh tar éis a bheith tarcuis-
nighthe na milte uair. Budh h-é gradh Iosa
do labhair air son ár g-ceud athar agus ár
g-ceud mhathar dona, agus do thug geallmhuint
doibh go g-curfaidhe Slánuightheóir chucha;
budh h-e an grádh ceudna do righne eadar-
ghuidhe dho'n saoghal peacamhuil air feadh
cheithre mhile bliadhan go d-táime Sé air d-
talamh; agus anois ag túirling do ó 'n a
ghlóire, agus ag glacadh cuma dhaonda, is
eadh do leigheann an chroidhe naomhtha so le
grádh, le trócaire, agus le truaighmhéil. In
lár an chroidhe sin do bhí teinne coigilte ar
thainic Sé air talamh chum adhainte. Agus
anois da ríribh tosnuigheann athnuachan
aghaidh na talmhan. Le teacht Íosa tagann
luathgháir air an saoghal. An tír do bhi do-
brónach mar geall air cheó agus smúit an
peacaidh, beidh sí lán de mheír; an talamh
do bhí 'na bh-fásach beidh sí toramhuil.
líonmhar. Mar an lasar do sgapann Íosa
air fuaid an domhain — lasar teas-gradh a
chroidhe ró naomhtha — leigheann sé an leac-a-
h-oidhre do bhí dha chruinniughadh ar feadh na
h-oidhche fada fuaire atá, anois ag teacht
chum deire; cuireann sé brígh gus nuadh-
bheatha ins na croidhthibh a bí ag dul a léig,
agus tarruingeann sé chuige iad, ní go h-
iomlán le n-a chomhacht acht go h-áirighthe le
n-a cheannsacht agus le n-a chneastacht.
“Blaisidh agus feícidh chomh milis a's é
an tíghearna,” a dúbhradh i g-céin, acht
anois briseann an milseacht san amach
trí shuilibh daona agus labhrann go
sár-bhinn trí ghlórthaibh gotha Íosa. Dubhradh
I d-tairringireacht go m-beidheadh an
Slánuightheóir sgíamhach thar chlannaibh adhamh,
agus anois tá an sgéimh sin dhá fhoillsiughadh,
agus ag soillsiughadh aghaidh na talmhan.
Cuir Sé cuma an leinbh air féin chum clann
na mallachta do bhladaireacht chuige, agus
cheil Sé a ghlóire uatha air eagla iad a


L. 72


sganrughadh uaidh. Agus cá raibh leanbh a
ariamh mar an leanbh Íosa? — Chomh séimh chomh a
gleóite, chomh maiseach modhmharach, do bí Se
gur tharruing Sé chuige na croidhthe do
tháinic dá ionnsuighe agus líonadar lé h-
annsacht do. Badh h-óan cás ceadna ó
'nuair a bhí Sé 'na fhear óg. Ní raibh aige
acht focal do labhairt aig siubhal do cois
mara Galilee 'nuair le cloistin a ghotha
ghluais Apstol i n-diagh Apstoil dhá lean-
muint, agus a fágbháil gach dá raibh aca l
'san saoghal i ngrádh a bheith 'na chuideachta.
Agus ní h-iad na h-apstoil amháin,
acht leanaid na sluaidhte é ó chathair go
cathair, agus teidhid fé na dhéin amach an
tslíabh no asteach 'san b-fásach chum radharc
a bheith aca air agus a bhriartha bhinn-gloracha
do chlos. Cortha, sáruighthe, ealuigheann Sé
uatha agus imthigheann Sé asteach 'san bh-
fiadhantus uaigneach, acht an dreaim do
chonnairc nó do chlos aon uair amháin é, in b-
faghaid é leigion as a radharc; leanaid agus
faghaid amach ann so féin é, agus fanaid i n-
fochair gan cuimhne aca air teaghlach ná muin-
tir, ná suim aca in nidh air bith acht a bheith 'na
chomhluadar bheannuighthe. Gan é atá baile
féin uaigneach, i n-fochair tá an fásach
compórdamhuil taithneamhach. Leis an
cneastacht do gleusann gach beart,
claoidheann Sé gach croidhe, agus tarrangann
chuige iad le n-a grádh. Agus air an adh-
bar so, nuair, a ghlac Sé cuma daona, is
eadh do cheap Sé ball fá leith mar ionad
an ghradh sin do tháinic Sé air talamh chum
adhanta. Agus mar do ghradhuig Sé ó thuis
is eadh do ghrádheochaidh Sé go deire. Agus
'nuair a thagann an deire is eadh do
thaisbeánann croidhe Iosa go h-áirighthe a
dhílseacht agus a chalmacht. Atá Sé chum
imthighthe thar ais go d-tí a athair air neamh,
acht ceapann slighe fanacht 'nar measg air
talamh. Cuireann Sé air bún an Naomh
Shácramuint, agus an san imthigheann Sé
agus togann suas a chrois go fonnmhar. O!
a dhr., ma fheuchamaoid asteach i g-croidhe ár
Slánuightheóra, ma dheunamaoid machtnamh
air an grádh do chuir d'fíachaibh air túirling
air talamh, agus cailís ár b-peacuigheadh do
thaosgadh; ma choimeadamaoid ós chomhair
ár n-intinne an radharc so — mach Dé na
nglóire dhá iodhbart féin air crann na
croise i ngrádh creatuiridhe peacamhula,
mío-chumannacha do shaoradh ó bhás shíor-
iuidhe — so radharc nach bh-faiceadh a leithéid
le h-áileacht, a's nach bh-feicfear; radharc
ann a chidhtear glóire na diadháchta agus
líonmharacht na daonachta ann aon pearsa
amhain dhá fhoillsiughadh air talamh. “Agus an
té do cloiseann abraidh sé: tair. Agus
tagadh an té a bh-fuil tart air. Agus an
té ar méinn leis é, glacadh sé uisge na
beatha i naisge.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services