Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhradh idir Oide Múinte agus Bainisteoir
Title
Comhradh idir Oide Múinte agus Bainisteoir
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHRADH IDIR OIDE MÚINTE AGUS BAINISTEOIR. Bainisteoir. A Pádraig, a chumainn, a is ró mhaith liom, d'faicsin, go bh-fuil do fhláinte i bh-fad níos fearr, o dhún tu teach na sgoile, agus d'imthigh tú ag déanadh do shaoire. Oide. Go raibh maith agat, a dhuine uasail, airighim mé féin i lán neart, agus ullamh le tosughad arís ar an obair — atá an t-saoire bhliadhantamhuil ró riachtanach do'n oidhe choimhlíonas a dhualgus mar is cóir. B. Innis dam, led' thoil, cár chaith tú do shaoire i m-bliadhna? O. I n-Inis Mhananáin. B. Cad do bheir ort an t-Innis sin do thoghadh in áit dul go ceann eigin de na h-ionadaibh breaga in a'r ghnátach leat dul fá sháile ins na bliadhantaibh so cuaidh thort. Is iomdha fáth bhí agam leis an athrugadh do dhéanadh. Budh mhaithliom beagán nuaidheachta do chur 'san modh in a'r ghnáth liom an t-saoire do chaitheamh; agus do bhí dúil mhor agam mo chos do chur ar an oileán so do bhí dlúth-cheangailte d'Eirinn 'san t-sean aimsir. Saoiltear go m-budh o Eirinn do na daoinibh d'áitigh an t-oileán ar d-tus. Agus dob'é ár naomh Pádruig féin, do thug solus an chreidimh ann. Bhí eaglais na h-innse so agus eaglais na h-Éireann 'san t-sean-aimsir go dluth i muinnteardhas agus a g-cumann le chéile. Gus an de- achmadh h-aois do meastaidhe gurab le h- Eirinn do bhuain an innis so, agus go raibh cios-cháin ag Rígh Eiriann uirre. B. Go raibh maith agat ar son an chuntais spéise- amhuil so, agus budh mhaith liom fios d'fá ghail uait an raibh nídh ar bith eile ad' thar- ruing chum na tíre sin. O. Bhí go deimhin, agus neithe iomdha. Bí an turus ar fairge ó Beul-feirste go Píl ro aoibhinn; is 'san lá deantar an turus uile anois, agus ata tu i radarc na tíre ar feadh aimsire an turuif go léir. Fagbhaidh tú Beul-feirste ar maidin ag an g-ceathair de chlog, agus i m-beagán níos lugha 'ná chúig uaire bidh tu ag ceann sgríbe. Ní'l an díoluigheacht turuis iomarcach — naoi sgillinne ar chead dul agus teact 'san g-cábán. Ar n-déanadh do phriomh-aitrimh de phíl, agus fuireach ann an chéadh oidhche, ar na mharach agus is na laetibh 'na dhiaigh, is féidir leat bailte móra agus gach áit speiseamhuil 'san oiléan d'fheicsin. Atá na gléis iomchair ar an m-bóthar iarainn no ar thrucail comhgarach, agus ni'l siad cosdasach. I d-tighthibh ósda agus bídh 'san oiléan gheabhaidh an tais- diollach is doiriartha gac nídh dár cumadh chum sóigh agus sughachais na n-daoineadh 'san aimsir so na beadaidheachta agus na golántachta. (Le Leanamhuin.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services