Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhradh idir Oide Múinte agus Bainisteoir

Title
Comhradh idir Oide Múinte agus Bainisteoir
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 59


COMHRADH IDIR OIDE MÚINTE AGUS
BAINISTEOIR.



Bainisteoir. A Pádraig, a chumainn, a
is ró mhaith liom, d'faicsin, go bh-fuil do
fhláinte i bh-fad níos fearr, o dhún tu teach
na sgoile, agus d'imthigh tú ag déanadh do
shaoire. Oide. Go raibh maith agat, a dhuine
uasail, airighim mé féin i lán neart, agus
ullamh le tosughad arís ar an obair — atá an
t-saoire bhliadhantamhuil ró riachtanach do'n
oidhe choimhlíonas a dhualgus mar is cóir.



B. Innis dam, led' thoil, cár chaith tú do
shaoire i m-bliadhna? O. I n-Inis Mhananáin.



B. Cad do bheir ort an t-Innis sin do thoghadh
in áit dul go ceann eigin de na h-ionadaibh
breaga in a'r ghnátach leat dul fá sháile
ins na bliadhantaibh so cuaidh thort. Is
iomdha fáth bhí agam leis an athrugadh do
dhéanadh. Budh mhaithliom beagán nuaidheachta
do chur 'san modh in a'r ghnáth liom an
t-saoire do chaitheamh; agus do bhí dúil mhor
agam mo chos do chur ar an oileán so do bhí
dlúth-cheangailte d'Eirinn 'san t-sean
aimsir. Saoiltear go m-budh o Eirinn do
na daoinibh d'áitigh an t-oileán ar d-tus.
Agus dob'é ár naomh Pádruig féin, do thug
solus an chreidimh ann. Bhí eaglais na
h-innse so agus eaglais na h-Éireann 'san
t-sean-aimsir go dluth i muinnteardhas
agus a g-cumann le chéile. Gus an de-
achmadh h-aois do meastaidhe gurab le h-
Eirinn do bhuain an innis so, agus go raibh
cios-cháin ag Rígh Eiriann uirre. B. Go
raibh maith agat ar son an chuntais spéise-
amhuil so, agus budh mhaith liom fios d'fá
ghail uait an raibh nídh ar bith eile ad' thar-
ruing chum na tíre sin. O. Bhí go deimhin,
agus neithe iomdha. Bí an turus ar fairge
ó Beul-feirste go Píl ro aoibhinn; is 'san lá
deantar an turus uile anois, agus ata tu
i radarc na tíre ar feadh aimsire an
turuif go léir. Fagbhaidh tú Beul-feirste
ar maidin ag an g-ceathair de chlog, agus
i m-beagán níos lugha 'ná chúig uaire bidh
tu ag ceann sgríbe. Ní'l an díoluigheacht
turuis iomarcach — naoi sgillinne ar chead
dul agus teact 'san g-cábán. Ar n-déanadh
do phriomh-aitrimh de phíl, agus fuireach ann
an chéadh oidhche, ar na mharach agus is na
laetibh 'na dhiaigh, is féidir leat bailte
móra agus gach áit speiseamhuil 'san oiléan
d'fheicsin. Atá na gléis iomchair ar an
m-bóthar iarainn no ar thrucail comhgarach,
agus ni'l siad cosdasach. I d-tighthibh ósda
agus bídh 'san oiléan gheabhaidh an tais-
diollach is doiriartha gac nídh dár cumadh
chum sóigh agus sughachais na n-daoineadh
'san aimsir so na beadaidheachta agus na
golántachta.



(Le Leanamhuin.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services