Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ára na Naomh. III.
Title
Ára na Naomh. III.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÁRA NA NAOM. III. Tá muintir Árann bocht. Gach uile bhliadhain, i m-beul an t-samhraidh, teidheann an sgeul amach go bh-fuil an ghorta ins na h-oileánaibh arís. Ní h-iongnadh sin. Tá na daoine ag taobhadh leis an bh-fairrge, agus tá toradh na fairrge chomh h-athruightheach leis an ngaoith, agus nidh eile, ní'l gleus ceart a g-ceirde aca, na líonta, na báid, etc. Cuireann siad a n-droghanna suaracha amach as a g-cuid currach, agus is minic a chaitheann siad oidhcheanna air fairrge, oidhcheanna garbha anróidhteacha, gan aon bhreaca mharbhadh. Uair eile, b'fhéidir, beidh gabhail mhaith air an iasg, agus marbhuigheann siad cuid mhaith. Air maidin, chidhfidh tú asal an tighe ag dul síos do'n chladach, ciséan mór ag crochadh gach aon taobh de'n tsráthar, agus é ag teacht a bhaile agus an dá chiseán lán d'iasg. Caithtear air an urlár 'na g-cárn lonnrach iad, glantar, tiormuightear agus sailltear annsin iad le h-aghaidh an mhargaid. Acht sin an rud! Cá bh-fuil an margadh? Dá m-beidheadh iasg an t-saoghail agat, agus gán fagháil agat air é dhíol; cia an gár dhuit é? Ní'l aon margadh acht i nGaillimh, agus ní'l aon tráchtadh air an iasg saillte annsin; mar so, caithfear a dhíol air fíor- bheagán an t-iasg a n-deachaidh na daoine bochta i g-contabhairt air a shon. Oir níor mhór liom a rádh go g-cuireann siad na curraigh amach — agus ní go h-anamh — gan fhios aca an bh-feicfidh siad a g-cairde choidhche arís. Ní féidir do dhuine air bith nach bh-faca iad, neart agus fiadhántus na d-tonnta agus na madhmann a thuiteas air an g-cuan úd shiar a mheas. Tagann siad asteach mar bheidheadh sléibhte, sguabann siad gach uile rud rómpa, agus chonnaic mé féin clocha millteacha a theilg siad suas leis an aill mhóir. Bhí seisear fear aig iasgach, lá, air aill-na-nglasogh, go d-táinic tonn mhór fairrge, rith sí asteach go h-obann orra, agus nuair sguaib sí tharsta, sgiob sí léi gach uile dhuine aca. Acht nach bh-fuil an talamh aca? Maiseadh, tá, acht má tá féin, is beag an mhaith dhóibh sin. Níor chóir an talamh so a thoimhseadh do réir acradh, acht ba chóra í mheadhachan. San g-cuid is mó de na h-oileánáibh, chomh fada a's d'fheicfeas tú, ní'l acht creaga, agus leaca loma, sínte ós do choinne. Ins na scealpaibh, gheobhuidh tú raithneacha, caonach agus fraoch ag fás go fairsing; acht dhá bhreághacht iad so, le breathnughadh orra, is dona an t-slighe mhaireachtála a gheobhfá astú. Teidheann roinnt de na scealpaibh so deich d-troighthe a's tuille síos; níor mhor duit bheith an-aireach in áitibh; d'eagla go sáithfeá do chos asteach i g-ceann aca. Corr-áit, le saothar agus sglábhuidheacht, beidh méidín beag d'ithir cruinnighthe aig duine bocht suaithte le feamainn, gaineamh, agus a leithéide, agus garrdha déanta mar sin. Ní bhidheann acht trí nó ceathar d'orlaighibh d'ithir ós cionn na g-cloch, agus is furas a mheas gur eudtrom iad na báirr bheaga a thugann an garrdha. Go deimhin, d'fheudfadh an duine bocht a garrdha d'árdughadh leis ó áit go h- áit i m-bara-rotha. Ní call dhó an ceuchta ná an chliath-fursta leis an talamh a shaothrughadh; ní beag an ramhan agus an t- sluasaid. Cois na h-aille i lár na n-oileán, 'seadh faghtar na buailidhe beaga mar a bh- faghann áirnéis na n-Árainneach greim ghann féir. Air maidin, chidhfidh tú an loilgheach ag teacht amach tar éis bheith blighte, cuirfidh an duine atá 'ga tiomáint a shlinneán leis an m-balla (ní'l geataidhe ann), siubhailfidh an bhó asteach, agus tóigfidh an fear an balla
arís. Bidheann an t-eallach eile le muintir Árann, laoigh, caoirigh, bioraighe etc., agus capaill agus searraigh freisin, air feurach aca amuig air na sléibhtibh i g-Cuannamara; acht creidim gur beag an bantáisde faghtar asta. Sgháthadh ó shoin, faightí go leor air an g- ceilp a dhéanann siad as an bh-feamainn, acht thuit an luach anuas go mór le déidheanaighe. Is follusach go m-bheidh na h-oileáin bocht nó go m-beidh bád gaile láidir ag teacht amach go laetheamhail, nó gach le lá, leis an iasg úr a thabhairt chum an mhargaidh; ann sin beidh na h-iasgairidhe i g-caoi líonta agus báid air foghnadh a sholáthar dhóibh féin, óir ní bheidh a n-obair agus a n-anró gan tairbhe. In Árainn, mar an g-ceudna, is geur a mothuighthear an easbha mhór úd — easbhá gnó agus oibre éigin do feudfuidhe a dhéanadh 'san m-baile, ins na tighthibh. 'Sé mo bharamhail gur 'iad muintir Inse- meodhain is cruadhógaighe agus is bailighe de dhaoinibh na n-oileán. Acht níor bh'amhla an chúis fad ó, nó is breugach an file:— Inis meadhoin, Inis gan 'rán, Inis ghann ghortach; Mara d-tiubhraidh tú leat aran, An lá ghabhfas tú ann, Beidh tú an lá sin do throsgadh. Siuineir nó deileadóir éigin, ba sheadh an file a righne an rann so; is follusach “go raibh sé astigh aige do” mhuintir Inse- meodhain, ní'l fhios agam cad chuige. Acht má b'fhíor dhó — ní chreidim é ní fíor anois é. Agus cia bocht iad na h-oileáin, tá croidhthe na n-Árainneach — amuigh agus 'san m-baile — fighte agus fuaighte leis na creagaibh loma. Cad é sin i g-croidhe an duine a cheanglas é leis an áit, dhá umhaileacht, a rugadh agus ar tóigeadh é? Adhbhar díobh, dár ndóigh, agus adhbhar a tá láidir air an Árainneach, go bh-fuil a shinnsir 'na luidhe 'san roiligín cois na fairrge, faoi sgáile theampuill na g-canónach. Adhbhar eile a imrigheas air, an mian atá air an Éireannach áit dá chuid féin a bheith aige. Breathnuighmís air inntinnibh na n- Árainneach anois. Ó nádúir is daoine geura, grinne iad. Tá leabhar mór na Nádúire fosgailte os a g-comhair, air tuinn agus air talamh chidheann siad lorg láimhe “an fhir in áirde.” Go deimhin, sin a bh-fuil aca de leabhraibh, mar is beag duine dhíobh fheudas léigheadh nó sgríobhadh. Acht nach bh- fuil na scoileanna aca? Maiseadh, tá; acht is beag a righneadar fós. Ní h-iad na páisdidhe is cionntach tá dúil an-mhór 'san bh-foghluim aca. Ní h-iad na h-oididhe, dar ndóigh. Acht is é is cionntach, an chaoi air a ndéantar gach uile rud a mhúnadh, nó feuchaint le n-a mhúnadh, i m-Beurla, do na páisdidhibh so nach bh-fuil aon tuigsint air an m-Beurla aca. Nó go m-beidh gach rud dá mhíniughadh agus dá chiallughadh dhóibh trés an teanga do thuigeann siad, beidh an t-aos óg in áitibh mar so, ag diomailt na h- aimsire. Agus an lá andiu, in Arainn agus in a lán eile d'áitibh, tá fir óga agus mná óga, daoine óga is inntleachtaighe, báidhte in ainbhfios; agus muna m-beidheadh an chaoi amaideach a ndéantar teagasg a thabhairt ins na scoileannaibh, gheobhadh siad slighe mhaith beatha a dhéanadh 'san t-saoghal. Creidim féin nach bh-fuil duine in Eirinn a dhéanfadh obair ba mhó sochar agus leas don aos óg, agus obair ba mó tír-ghradh innte féin, ná an t-oide scoile a thosóchadh go misneamhail ag múnadh na Gaedhilge in áitibh dén leithéid so. Ba mhór an t-áthas agus an dóthchus a cuireadh orm an lá fá dheire, 'nuair d'airigheas go bh-fuil oide scoile in Árainn-mhóir ag múnadh na Gaedhilge anois. Go n-eirighidh leis! Buidheachus leis, beidh an teanga dúthchusach air faghail 'san oileán úd, láidir, urrudhasach i g-ceann céid bliadhain. Dubhairt mé shuas go bh-fuil leabhar na Nádúire aig na h-Arainnighibh, agus is maith atá sé léighte aca. Is an-eolgusach iad air gach a m-baineann leis an bh-fairrge,
na h-éisg, na gaoithe, maruidheacht na h- aimsire, na srutha agus an tuille, na h-éin aille etc. As na sgeultaib faghann siad cuid mhór dá n-eolus. Gheobhaidh tú sgeuluidhe air gach baile. Beidh a bheart féin de sgeultaibh aig gach uile dhuine, agus aithnigheann muintir na n-oileán sgeulta gac duine. “Sin sgeul a leithéide so nó a leithéide súd de dhuine,” adéarfaidh siad leat. Cuirfidh lucht na sgeul síos duit, ó mhaidin go h-oidhche, air an Sluagh Sidhe, air thaídhbhsibh agus air thaisibh agus hoc genus omne:— Taidhbhsidhe geala, taidhbhsidhe dubha, Slabhraidh leo a's osnadha truagha; Cleasa 's bearta púcaidh' gránna, Liopracháin go gáibhtheach, dána; Mná sidhe seanga 'gul 's ag caoineadh, Ceol a's rinnce ins na bruighnibh Macnus árd faoi liosa 's ratha Cuir a's puirt aig daoinibh maithe Draoidheacht dubh ó chumhacht deamhan Leigheasfadh galra daoineadh 'n domhain; Pisreóga a's orthaidh baoise; Aislinge i lár na h-oidhche; Abhaic bheaga; fáthaigh móra; Sladuidhth; gaduidhth', daoine córa; Cáirde beo, nó ins an uaigh, Sgeulta dhúsgas bród a's cumha. An é go d-tugann siad géilleadh do ghach uile rámás a chluineann siad ag lucht na sgeul? Caithfear difir a dhéanadh eatorra. Creideann siad go daingean go bh-fuil taidhbhsidhe agus taisidhe ann. Tugann siad creideamh, fós, do chomharthaidhibh — níor mhaith leo dá bh-feicfeadh siad bean ruadh ag dul chum bealaigh dhóibh. Measann siad go bh-fuil leigheas tinneas agus aicíd aig daoinibh thar dhaoinibh eile. Déarfaidh siad leat go raibh fáthaigh abhaic, draoidheacht, ann fad ó, “agus cogar!” adubhairt seanduine liom “b'fhéidir go bh-fuil siad fós ann.” Maidir leis an sluagh sidhe, an mhaighdean mhara, agus nidhthe eile nach saoghalta, tá siad ins an m-bád ceudna le cuid mhoir dhínn-féin in amhrus. Sin duit, arís, na reigiúin iongantacha air a ndéantar trácht aig lucht na sgeul — Tír na n-óg. Tír Tairngirre, agus Tíortha seunmhara eile — do bhí aig na sean-Eirrean- naighibh págánacha in áit an Phárrthais atá againne. Go mór-mhór Beag-Ára. Uí Bhreasail (i m-Beurla), air ar sgríobh O'Gríobhtha bocht an duan áluinn. Ag so mar labhair Pádraig Mac Conraoi air Bheag-Árainn, maidin bhreágh, agus muid air bhruach na h-aille ag breathnnghadh siar air an m-ball a bh-fuil an t-oileán soghmhar, má's fíor. “Bhidheadh sé dhá rádh,” ar sé, “go bh-feictí Beag-Arainn fad ó, agus facas. Bean ó Chill-Enda thall seadh chonnaic í, nuair bhí sí á bleaghan a bó, agus chonnaic sí an ghrian ag scairteadh air an m-baile mór ins an oileán, taobh ó dheas dh'Árainn. Agus dubhairt duine liom (agus ba duine díreach fírinneach é) gur chuala sé ó n-a mháthair féin gur chuimhneach léithe an bean údan a chonnaic an baile mór.” “Agus bhí fear ag fosuidheacht air an aill, lá, agus thuit sé 'na chodladh, agus nuair a dhúisigh sé, sé an áit a bh-fuair sé é féin i m-Beag- Árainn. Agus bhí sé ag siubhal na sráide agus tharraing sé amach a phiopa, agus thosuigh sé dhá deargadh, agus tháinic na daoine go d-tí é, agus d'agair siad air gan a phíopa a dheargadh nó go m-beidheadh an t-oileán tóigthe ó dhraoideacht orraib (orra), “agus fágfamuid air n-ais arís tú, agus luach- saothair freisin, leabhar a m-beidh leigheas gach tinnis ann, agus tiubhair aire mhaith dhó.” Leis sin, shín se siar, agus thuit sé 'na chodladh arís, agus fágadh air n-ais air an aill é. Agus bhí an leabhar aige nó gur goideadh uaidh é.” Ní h-iongnadh liom go m-bidheadh an t- Éireannach tugtha do bhreathnughadh roimhe, 'na inntinn, go tír seunmhair mar so, mar nach m-beidheadh cíos, cás nó cathughádh. Go d-tí so, cad eile bhí aig an Éireannach 'na thír féin acht anró agus aindeis? Tóig duine as Árainn, mar sin, a bhi aig éisteacht ó bhí sé 'na leanbh le trácht air Bheag-Árainn
agus áitibh eile; cuirtear ós cionn an tuille é ag dearcadh siar air ghlóir tinntigh na gréine, ag dul faoi dhí; an ghrian ag lonnradh air na neultaibh air na mealltaibh tiugha, air na síogaibh caola, air na lomairidhibh eudtroma 'san aer! ag dealradh air an g-ceo faoi bhun na spéire, nach féidir dhuit bheít cinnte cia aca, ceo nó oileán tá ann; agus cia an t-iongnadh é má chuimhnigheann sé air an tír a n-deachaidh an t-iasgaire bocht dhá tóirigeacht, óir. Tho' Arann was holy, Hy Brasil was blest? A! is iomdha sgeul siamsamhail do chualas féin amuigh ins an g-currach aig iasgach ins an tráthnóna ciuin; nó cois na teineadh oidhche stoirmeamhail, nuair a bhidheadh an ghaoth ag séideadh agus ag sgreadach amuigh, agus sgeul tar éis sgéil dhá innseacht astigh, agus muid ag tarraingt ní ba dlúithe leis an teine le gach sgeul, agus an té ba mhisneamhla ag dearcadh go faiteach thar gualainn nuair a chroitheadh an ghaoth an dorus nó an fhuinneog, d'eagla go m-buail feadh lioprachán, sigheóg nó (ní ba mheasa ná sin féin) taidhbhse, asteach chugainn. (Air leanamhain). EOGHAN O'GRAMHNA. NOTES. Bantáirse, advantage, profit. Cruadhógach, hard-working Mara, colloquial for muna. Tiubhair, do. for tabhair. Deileadóir, joiner, carpenter. Grinn, sharp, observant. Maruidheacht, forecasting the weather. Fosuidheacht, tending cattle, keeping them from injuring crops, agus c. Also in Meath, where it is translated into English (!) by "fossying." Agair, beg, beseech. úda and údan = úd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services