Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ára na Naomh. III.

Teideal
Ára na Naomh. III.
Údar
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Bailitheoir/Eagarthóir
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Dáta cumtha
1890
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

ÁRA NA NAOM.



III.



Tá muintir Árann bocht. Gach uile
bhliadhain, i m-beul an t-samhraidh, teidheann
an sgeul amach go bh-fuil an ghorta ins na
h-oileánaibh arís. Ní h-iongnadh sin. Tá
na daoine ag taobhadh leis an bh-fairrge,
agus tá toradh na fairrge chomh h-athruightheach
leis an ngaoith, agus nidh eile, ní'l gleus
ceart a g-ceirde aca, na líonta, na báid, etc.
Cuireann siad a n-droghanna suaracha amach
as a g-cuid currach, agus is minic a chaitheann
siad oidhcheanna air fairrge, oidhcheanna
garbha anróidhteacha, gan aon bhreaca mharbhadh.
Uair eile, b'fhéidir, beidh gabhail mhaith air an
iasg, agus marbhuigheann siad cuid mhaith.
Air maidin, chidhfidh tú asal an tighe ag dul
síos do'n chladach, ciséan mór ag crochadh
gach aon taobh de'n tsráthar, agus é ag
teacht a bhaile agus an dá chiseán lán d'iasg.
Caithtear air an urlár 'na g-cárn lonnrach
iad, glantar, tiormuightear agus sailltear
annsin iad le h-aghaidh an mhargaid. Acht
sin an rud! Cá bh-fuil an margadh? Dá
m-beidheadh iasg an t-saoghail agat, agus
gán fagháil agat air é dhíol; cia an gár
dhuit é? Ní'l aon margadh acht i nGaillimh,
agus ní'l aon tráchtadh air an iasg saillte
annsin; mar so, caithfear a dhíol air fíor-
bheagán an t-iasg a n-deachaidh na daoine
bochta i g-contabhairt air a shon. Oir níor
mhór liom a rádh go g-cuireann siad na
curraigh amach — agus ní go h-anamh — gan
fhios aca an bh-feicfidh siad a g-cairde choidhche
arís. Ní féidir do dhuine air bith nach bh-faca
iad, neart agus fiadhántus na d-tonnta
agus na madhmann a thuiteas air an g-cuan
úd shiar a mheas. Tagann siad asteach mar
bheidheadh sléibhte, sguabann siad gach uile
rud rómpa, agus chonnaic mé féin clocha
millteacha a theilg siad suas leis an aill
mhóir. Bhí seisear fear aig iasgach, lá, air
aill-na-nglasogh, go d-táinic tonn mhór
fairrge, rith sí asteach go h-obann orra,
agus nuair sguaib sí tharsta, sgiob sí léi
gach uile dhuine aca.



Acht nach bh-fuil an talamh aca? Maiseadh,
tá, acht má tá féin, is beag an mhaith dhóibh
sin. Níor chóir an talamh so a thoimhseadh do
réir acradh, acht ba chóra í mheadhachan. San
g-cuid is mó de na h-oileánáibh, chomh fada
a's d'fheicfeas tú, ní'l acht creaga, agus
leaca loma, sínte ós do choinne. Ins na
scealpaibh, gheobhuidh tú raithneacha, caonach
agus fraoch ag fás go fairsing; acht dhá
bhreághacht iad so, le breathnughadh orra, is
dona an t-slighe mhaireachtála a gheobhfá astú.
Teidheann roinnt de na scealpaibh so deich
d-troighthe a's tuille síos; níor mhor duit
bheith an-aireach in áitibh; d'eagla go sáithfeá
do chos asteach i g-ceann aca. Corr-áit, le
saothar agus sglábhuidheacht, beidh méidín
beag d'ithir cruinnighthe aig duine bocht
suaithte le feamainn, gaineamh, agus a
leithéide, agus garrdha déanta mar sin. Ní
bhidheann acht trí nó ceathar d'orlaighibh d'ithir
ós cionn na g-cloch, agus is furas a mheas
gur eudtrom iad na báirr bheaga a thugann
an garrdha. Go deimhin, d'fheudfadh an duine
bocht a garrdha d'árdughadh leis ó áit go h-
áit i m-bara-rotha. Ní call dhó an ceuchta
ná an chliath-fursta leis an talamh a
shaothrughadh; ní beag an ramhan agus an t-
sluasaid.



Cois na h-aille i lár na n-oileán,
'seadh faghtar na buailidhe beaga mar a bh-
faghann áirnéis na n-Árainneach greim
ghann féir. Air maidin, chidhfidh tú an loilgheach
ag teacht amach tar éis bheith blighte, cuirfidh
an duine atá 'ga tiomáint a shlinneán leis
an m-balla (ní'l geataidhe ann), siubhailfidh
an bhó asteach, agus tóigfidh an fear an balla


L. 46


arís. Bidheann an t-eallach eile le muintir
Árann, laoigh, caoirigh, bioraighe etc., agus
capaill agus searraigh freisin, air feurach
aca amuig air na sléibhtibh i g-Cuannamara;
acht creidim gur beag an bantáisde
faghtar asta.



Sgháthadh ó shoin, faightí go leor air an g-
ceilp a dhéanann siad as an bh-feamainn,
acht thuit an luach anuas go mór le
déidheanaighe. Is follusach go m-bheidh na
h-oileáin bocht nó go m-beidh bád gaile
láidir ag teacht amach go laetheamhail, nó
gach le lá, leis an iasg úr a thabhairt chum
an mhargaidh; ann sin beidh na h-iasgairidhe
i g-caoi líonta agus báid air foghnadh a
sholáthar dhóibh féin, óir ní bheidh a n-obair
agus a n-anró gan tairbhe. In Árainn, mar
an g-ceudna, is geur a mothuighthear an easbha
mhór úd — easbhá gnó agus oibre éigin do
feudfuidhe a dhéanadh 'san m-baile, ins na
tighthibh.



'Sé mo bharamhail gur 'iad muintir Inse-
meodhain is cruadhógaighe agus is bailighe de
dhaoinibh na n-oileán. Acht níor bh'amhla an
chúis fad ó, nó is breugach an file:—



Inis meadhoin,
Inis gan 'rán,
Inis ghann ghortach;
Mara d-tiubhraidh tú leat aran,
An lá ghabhfas tú ann,
Beidh tú an lá sin do throsgadh.



Siuineir nó deileadóir éigin, ba sheadh
an file a righne an rann so; is follusach
“go raibh sé astigh aige do” mhuintir Inse-
meodhain, ní'l fhios agam cad chuige. Acht
má b'fhíor dhó — ní chreidim é ní fíor anois é.



Agus cia bocht iad na h-oileáin, tá croidhthe
na n-Árainneach — amuigh agus 'san m-baile —
fighte agus fuaighte leis na creagaibh loma.
Cad é sin i g-croidhe an duine a cheanglas
é leis an áit, dhá umhaileacht, a rugadh agus
ar tóigeadh é? Adhbhar díobh, dár ndóigh,
agus adhbhar a tá láidir air an Árainneach,
go bh-fuil a shinnsir 'na luidhe 'san roiligín
cois na fairrge, faoi sgáile theampuill na
g-canónach. Adhbhar eile a imrigheas air, an
mian atá air an Éireannach áit dá chuid féin
a bheith aige.



Breathnuighmís air inntinnibh na n-
Árainneach anois. Ó nádúir is daoine
geura, grinne iad. Tá leabhar mór na
Nádúire fosgailte os a g-comhair, air tuinn
agus air talamh chidheann siad lorg láimhe
“an fhir in áirde.” Go deimhin, sin a bh-fuil
aca de leabhraibh, mar is beag duine dhíobh
fheudas léigheadh nó sgríobhadh. Acht nach bh-
fuil na scoileanna aca? Maiseadh, tá;
acht is beag a righneadar fós. Ní h-iad na
páisdidhe is cionntach tá dúil an-mhór 'san
bh-foghluim aca. Ní h-iad na h-oididhe, dar
ndóigh. Acht is é is cionntach, an chaoi air
a ndéantar gach uile rud a mhúnadh, nó
feuchaint le n-a mhúnadh, i m-Beurla, do na
páisdidhibh so nach bh-fuil aon tuigsint air
an m-Beurla aca. Nó go m-beidh gach rud
dá mhíniughadh agus dá chiallughadh dhóibh trés
an teanga do thuigeann siad, beidh an t-aos
óg in áitibh mar so, ag diomailt na h-
aimsire. Agus an lá andiu, in Arainn
agus in a lán eile d'áitibh, tá fir óga agus
mná óga, daoine óga is inntleachtaighe,
báidhte in ainbhfios; agus muna m-beidheadh
an chaoi amaideach a ndéantar teagasg a
thabhairt ins na scoileannaibh, gheobhadh siad
slighe mhaith beatha a dhéanadh 'san t-saoghal.
Creidim féin nach bh-fuil duine in Eirinn a
dhéanfadh obair ba mhó sochar agus leas
don aos óg, agus obair ba mó tír-ghradh
innte féin, ná an t-oide scoile a thosóchadh
go misneamhail ag múnadh na Gaedhilge in
áitibh dén leithéid so. Ba mhór an t-áthas
agus an dóthchus a cuireadh orm an lá fá
dheire, 'nuair d'airigheas go bh-fuil oide scoile
in Árainn-mhóir ag múnadh na Gaedhilge
anois. Go n-eirighidh leis! Buidheachus leis,
beidh an teanga dúthchusach air faghail 'san
oileán úd, láidir, urrudhasach i g-ceann céid
bliadhain.



Dubhairt mé shuas go bh-fuil leabhar na
Nádúire aig na h-Arainnighibh, agus is
maith atá sé léighte aca. Is an-eolgusach
iad air gach a m-baineann leis an bh-fairrge,


L. 47


na h-éisg, na gaoithe, maruidheacht na h-
aimsire, na srutha agus an tuille, na h-éin
aille etc.



As na sgeultaib faghann siad cuid mhór
dá n-eolus. Gheobhaidh tú sgeuluidhe air
gach baile. Beidh a bheart féin de sgeultaibh
aig gach uile dhuine, agus aithnigheann muintir
na n-oileán sgeulta gac duine. “Sin sgeul
a leithéide so nó a leithéide súd de dhuine,”
adéarfaidh siad leat. Cuirfidh lucht na
sgeul síos duit, ó mhaidin go h-oidhche, air
an Sluagh Sidhe, air thaídhbhsibh agus air
thaisibh agus hoc genus omne:—



Taidhbhsidhe geala, taidhbhsidhe dubha,
Slabhraidh leo a's osnadha truagha;
Cleasa 's bearta púcaidh' gránna,
Liopracháin go gáibhtheach, dána;
Mná sidhe seanga 'gul 's ag caoineadh,
Ceol a's rinnce ins na bruighnibh
Macnus árd faoi liosa 's ratha
Cuir a's puirt aig daoinibh maithe
Draoidheacht dubh ó chumhacht deamhan
Leigheasfadh galra daoineadh 'n domhain;
Pisreóga a's orthaidh baoise;
Aislinge i lár na h-oidhche;
Abhaic bheaga; fáthaigh móra;
Sladuidhth; gaduidhth', daoine córa;
Cáirde beo, nó ins an uaigh,
Sgeulta dhúsgas bród a's cumha.



An é go d-tugann siad géilleadh do ghach
uile rámás a chluineann siad ag lucht na
sgeul? Caithfear difir a dhéanadh eatorra.



Creideann siad go daingean go bh-fuil
taidhbhsidhe agus taisidhe ann. Tugann siad
creideamh, fós, do chomharthaidhibh — níor mhaith leo
dá bh-feicfeadh siad bean ruadh ag dul chum
bealaigh dhóibh. Measann siad go bh-fuil
leigheas tinneas agus aicíd aig daoinibh thar
dhaoinibh eile. Déarfaidh siad leat go raibh
fáthaigh abhaic, draoidheacht, ann fad ó,
“agus cogar!” adubhairt seanduine liom
“b'fhéidir go bh-fuil siad fós ann.” Maidir
leis an sluagh sidhe, an mhaighdean mhara,
agus nidhthe eile nach saoghalta, tá siad ins
an m-bád ceudna le cuid mhoir dhínn-féin
in amhrus.



Sin duit, arís, na reigiúin iongantacha
air a ndéantar trácht aig lucht na sgeul —
Tír na n-óg. Tír Tairngirre, agus Tíortha
seunmhara eile — do bhí aig na sean-Eirrean-
naighibh págánacha in áit an Phárrthais atá
againne. Go mór-mhór Beag-Ára. Uí
Bhreasail (i m-Beurla), air ar sgríobh
O'Gríobhtha bocht an duan áluinn.



Ag so mar labhair Pádraig Mac Conraoi
air Bheag-Árainn, maidin bhreágh, agus muid
air bhruach na h-aille ag breathnnghadh siar
air an m-ball a bh-fuil an t-oileán soghmhar,
má's fíor. “Bhidheadh sé dhá rádh,” ar sé,
“go bh-feictí Beag-Arainn fad ó, agus
facas. Bean ó Chill-Enda thall seadh chonnaic
í, nuair bhí sí á bleaghan a bó, agus chonnaic
sí an ghrian ag scairteadh air an m-baile
mór ins an oileán, taobh ó dheas dh'Árainn.
Agus dubhairt duine liom (agus ba duine
díreach fírinneach é) gur chuala sé ó n-a
mháthair féin gur chuimhneach léithe an bean
údan a chonnaic an baile mór.” “Agus bhí
fear ag fosuidheacht air an aill, lá, agus
thuit sé 'na chodladh, agus nuair a dhúisigh sé,
sé an áit a bh-fuair sé é féin i m-Beag-
Árainn. Agus bhí sé ag siubhal na sráide
agus tharraing sé amach a phiopa, agus thosuigh
sé dhá deargadh, agus tháinic na daoine go
d-tí é, agus d'agair siad air gan a phíopa
a dheargadh nó go m-beidheadh an t-oileán
tóigthe ó dhraoideacht orraib (orra), “agus
fágfamuid air n-ais arís tú, agus luach-
saothair freisin, leabhar a m-beidh leigheas
gach tinnis ann, agus tiubhair aire mhaith
dhó.” Leis sin, shín se siar, agus thuit sé
'na chodladh arís, agus fágadh air n-ais air
an aill é. Agus bhí an leabhar aige nó gur
goideadh uaidh é.”



Ní h-iongnadh liom go m-bidheadh an t-
Éireannach tugtha do bhreathnughadh roimhe, 'na
inntinn, go tír seunmhair mar so, mar nach
m-beidheadh cíos, cás nó cathughádh. Go d-tí
so, cad eile bhí aig an Éireannach 'na thír
féin acht anró agus aindeis? Tóig duine
as Árainn, mar sin, a bhi aig éisteacht ó bhí
sé 'na leanbh le trácht air Bheag-Árainn


L. 48


agus áitibh eile; cuirtear ós cionn an tuille
é ag dearcadh siar air ghlóir tinntigh na
gréine, ag dul faoi dhí; an ghrian ag lonnradh
air na neultaibh air na mealltaibh tiugha, air
na síogaibh caola, air na lomairidhibh eudtroma
'san aer! ag dealradh air an g-ceo faoi bhun
na spéire, nach féidir dhuit bheít cinnte cia
aca, ceo nó oileán tá ann; agus cia an
t-iongnadh é má chuimhnigheann sé air an tír
a n-deachaidh an t-iasgaire bocht dhá tóirigeacht,
óir.



Tho' Arann was holy, Hy Brasil was blest?



A! is iomdha sgeul siamsamhail do chualas
féin amuigh ins an g-currach aig iasgach ins
an tráthnóna ciuin; nó cois na teineadh
oidhche stoirmeamhail, nuair a bhidheadh an
ghaoth ag séideadh agus ag sgreadach amuigh,
agus sgeul tar éis sgéil dhá innseacht astigh,
agus muid ag tarraingt ní ba dlúithe leis
an teine le gach sgeul, agus an té ba
mhisneamhla ag dearcadh go faiteach thar
gualainn nuair a chroitheadh an ghaoth an
dorus nó an fhuinneog, d'eagla go m-buail
feadh lioprachán, sigheóg nó (ní ba mheasa
ná sin féin) taidhbhse, asteach chugainn.



(Air leanamhain).



EOGHAN O'GRAMHNA.



NOTES.



Bantáirse, advantage, profit.
Cruadhógach, hard-working
Mara, colloquial for muna.
Tiubhair, do. for tabhair.
Deileadóir, joiner, carpenter.
Grinn, sharp, observant.
Maruidheacht, forecasting the weather.
Fosuidheacht, tending cattle, keeping them from injuring
crops, agus c. Also in Meath, where it is translated into
English (!) by "fossying."
Agair, beg, beseech.
úda and údan = úd.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services