Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Síghle Ní Ghadhra.
Title
Síghle Ní Ghadhra.
Author(s)
Veale, Father James,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SÍGHLE NÍ GHADHRA. I. Aréir ar mo leabain 'sme a machtnamh trém' neultaibh Ar an rígh-bhean dob' aoibhinne thúirling ó Ébhá; Bhí a cuacha léi sgaoilteadh go triopallach, péarlach, 'Sa cnis mar na lile a dh'fhásann gach féile Bhí a gruaidhe mar na caora 'sa gné mar an rós; A dhá mala chlaon' a's a glé-rosg gan cheó; 'Sí ag seinm a bhéarsa ar théadaibh go meadhrach Go raibh Eire 'rís buaidhte aige Síghle ni Ghadhra. II. Do dhruideas 'na coinne 'sdo bheannuigheas go séimh di, Mo hata dem' bhathus a's d'umhluigheas go féar di;
D'fhiosruigheas fios a h-ainm' nó cá sloine n-ar díobh í: An í Venus bain-dé í do threasgair na mílte. An tú Dídó, no Iúno, no Pallas bean ghroidhe No Helen ó'n nGréig do thug léirsgrios na Traoi, Nhó an fhinne-bhean bheusach sgaothan gach maighre, N-ar bh'ainm di Éire no Sígle ní Ghadra. III. 'Sé Éire fós m'ainm, is admhuighim do Shíghle, Cé chuir éirleach na méirleach, Righ Sagson ó thígeas me. Ár d-teampoill gur leagadar 'sár sagairt gur dhíbir 'S ár n-Aifrinn dá léigeadh dhuinn cois sgairte 'gus díge: D'fhoighnigheas go cródha go d-táinig an t-am, Gur neartuigh mo ghaoltha sgur dh'aosuigh mo chlann, Go d-táinig ar saor-fhear mo shéimh-fhear mar oighre, Sé Dómhnall ó Conaill, mac Shíghle ní Ghadhra. IV. 'Sa Shíghle na gile, na finne, 'sna féile, Admhuighim tú choidhche 'gus tugaim duit géilleadh, Acht réitigh an cheist so, 'sná bí-se liom breugach, An bh-fadhaidh Domhnall 'sa chunganta an cúrsa do réiteach? Do bheirim mo briathar mar dheimhin ar gach sgeul Go sgiobfaidh tar triúch chugainn anall an repale Go m-beidh an chaomh-cruit d'á gleus 'sí ag seinm go meadhrach Agus Parliament glaoidhte aige Síghle Ni Ghadhra. V. Nior bh'iongnadh liom féin mo shéimh-fhear mear groidhe Da d-treigfeadh an cúrsa a's dá reubfadh a chroidhe Tré gach galaire méirligh do thréig é ar díol, Do bhótáil le méath-phuic a' cur deachmhadh ar gach síol. Bhí an sagart fuarthán ann o Dhun-na-mbarc shiar Flannubhra chluain-meala agus tuilleadh de'n chliar Nár náireach an gnó dhóibh a g-cúl thabhairt do'n oighre, Tá a coimhead géirleanmhuin veto ó Shíghle Ní Ghadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services