Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Síghle Ní Ghadhra.

Title
Síghle Ní Ghadhra.
Author(s)
Veale, Father James,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1890
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SÍGHLE NÍ GHADHRA.



I.



Aréir ar mo leabain 'sme a machtnamh trém'
neultaibh
Ar an rígh-bhean dob' aoibhinne thúirling ó
Ébhá;
Bhí a cuacha léi sgaoilteadh go triopallach,
péarlach,
'Sa cnis mar na lile a dh'fhásann gach féile
Bhí a gruaidhe mar na caora 'sa gné mar an
rós;
A dhá mala chlaon' a's a glé-rosg gan cheó;
'Sí ag seinm a bhéarsa ar théadaibh go
meadhrach
Go raibh Eire 'rís buaidhte aige Síghle ni
Ghadhra.



II.



Do dhruideas 'na coinne 'sdo bheannuigheas
go séimh di,
Mo hata dem' bhathus a's d'umhluigheas go
féar di;


L. 26


D'fhiosruigheas fios a h-ainm' nó cá sloine
n-ar díobh í:
An í Venus bain-dé í do threasgair na
mílte.
An tú Dídó, no Iúno, no Pallas bean ghroidhe
No Helen ó'n nGréig do thug léirsgrios
na Traoi,
Nhó an fhinne-bhean bheusach sgaothan gach
maighre,
N-ar bh'ainm di Éire no Sígle ní Ghadra.



III.



'Sé Éire fós m'ainm, is admhuighim do Shíghle,
Cé chuir éirleach na méirleach, Righ Sagson ó
thígeas me.
Ár d-teampoill gur leagadar 'sár sagairt
gur dhíbir
'S ár n-Aifrinn dá léigeadh dhuinn cois
sgairte 'gus díge:
D'fhoighnigheas go cródha go d-táinig an t-am,
Gur neartuigh mo ghaoltha sgur dh'aosuigh mo
chlann,
Go d-táinig ar saor-fhear mo shéimh-fhear mar
oighre,
Sé Dómhnall ó Conaill, mac Shíghle ní
Ghadhra.



IV.



'Sa Shíghle na gile, na finne, 'sna féile,
Admhuighim tú choidhche 'gus tugaim duit
géilleadh,
Acht réitigh an cheist so, 'sná bí-se liom
breugach,
An bh-fadhaidh Domhnall 'sa chunganta an
cúrsa do réiteach?
Do bheirim mo briathar mar dheimhin ar gach
sgeul
Go sgiobfaidh tar triúch chugainn anall an
repale
Go m-beidh an chaomh-cruit d'á gleus 'sí ag
seinm go meadhrach
Agus Parliament glaoidhte aige Síghle Ni
Ghadhra.



V.



Nior bh'iongnadh liom féin mo shéimh-fhear
mear groidhe
Da d-treigfeadh an cúrsa a's dá reubfadh a
chroidhe
Tré gach galaire méirligh do thréig é ar díol,
Do bhótáil le méath-phuic a' cur deachmhadh ar
gach síol.
Bhí an sagart fuarthán ann o Dhun-na-mbarc
shiar
Flannubhra chluain-meala agus tuilleadh
de'n chliar
Nár náireach an gnó dhóibh a g-cúl thabhairt
do'n oighre,
Tá a coimhead géirleanmhuin veto ó Shíghle
Ní Ghadhra.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services