Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomramh Mhaela Dhúin. (Continued.) II.
Title
Iomramh Mhaela Dhúin. (Continued.) II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IOMRAMH MHAELA DHÚIN. (continued) II. 26. An tan do chliseadar (25) na h-ubhla sin orra, agus ba mhór a n-ocras agus a d-tart, agus an tan do bhidheadar a m-beula agus a sróna lán do bhreuntas na mara, do chidhid inis nár ba mhór, agus dún innti, agus balla geal árd 'na thimcheall sin amhail a's dá mba as aol dóighte do righneadh é, nó amhail a's dá mba aon chloch chailce é. Mór a áride ó'n muir — beag nach ráinig sé neulta nime. Fos gailte do bhí an dún. Tighthe sneachtamhla glégheala 'na thimcheall. Mar do chuadar isteach insan teach ba mhó dhíobh, ní fhacadar aen-neach ann acht cat beag do bhí ar urlár an tighe, ag cluithche(26) ar na ceithre h-
uaithnibh cloiche do bhí ann. Théidheadh sé do léim ó cheann go chéile dhíobh. D'fheuch sé lé seal beag ar na fearaibh, agus níor stad sé d'á chuithche. 27. Chonnacadar trí sreatha ar bhalla an tighe, ó ursain go h-ursain 'magcuairt. Sreath ann, ar dtús, do bhreathnasaibh óir agus airgid, agus a g-cosa insan m-balla; agus sreath do mhuin-torcaibh óir agus airgid — mar fhonnsa daibhche(dabhaighe)gach muin-torc dhíobh. An treas shreath, do chloidhmhibh móra, agus iomdhuirn óir agus airgid orra. Do bhídheadar leab- thacha an tighe lán do choiltibh geala agus d'eudachaibh lonnracha. Damh bruighte, mar an gceudna, agus tinne (27) ar urlár an tighe; agus soithigh móra agus deigh-leann meisgeamhail ionnta. “An duinne do fágbhadh so?” ar Mael Dhúin leis an g-cat. D'fheuch an cat air go h-obann, agus do ghabh ag cuithche arís. 28. Do thuig Mael Dhúin annsin gur ba dhóibh do fágbhadh an phroinn: do phroinne- adar annsin, agus d'óladar, agus chodladar. Do chuireadar fuighleach an leanna insna potaaidhibh, agus fuighleach an bhidh i dtaiscidh. An tan do shaoileadar imtheacht, adubhairt treas comhalta Mhaele Dhúin: “An dtiubhrad liom muintorc dhíobh so?” “Ná tabhair!” ar Mael Dhúin, “ní gan coimheud atá an teach.” Thug sé leis ceann aca, ar a shon sin, go lár na leasa; do chuaidh an cat 'na dhiaidh agus do léim tríd amhail shaighid theinntidhe, do dhóigh é go raibh sé 'na luaith- readh, agus do chuaidh an a a ais go raibh ar a uaithne arís. Do bhreug Mael Dhúin, lé n-a bhriathraibh, a cat, agus do chuir an muin-torc 'na ionad ar ais, agus do chaith ar chiumhais na mara é. Do thrialladar annsin in a g-cu rach, ag moladh agus ag altughadh an Tighearna. 29. Maidin go moch an treas lae 'na dhiaidh sin, do chidhid inis eile, agus sconnsa umha tar a lár, do roinn an inis 'na dá leith; agus do chidhid treuda móra do chaorchaibh innti, iodhon, treud dubh an taobh i bhfos do'n sconnsa, agus treud bán an taobh thall de. Agus chonnacadar fear mór ag dealughadh na g-caorach ó chéile. Nuair do chaitheadh sé caor bhán tar an sconnsa anall gur na caorchaibh dubha, do bhidheadh sí dubh ar an m-ball (28): nuair do chuireadh sé caora dhubh tar an sconnsa anonn, do bhídheadh sí bán ar an m-ball. Do bhuail scannradh iad, ar fheicsin an neith sin dhóibh. “So an nidh is feárr duinn,” ar Mael Dhúin, “caithimis dhá shlait isteach ins-an inis. Má athruighid dath, athróchmuid-ne dá dtídhmis innti.” Annsin do chaitheadar slat dhubh ar an taoibh i rabhadar na caorcha bána, agus do bhí sí bán ar an m-ball. Annsin do chaitheadar slat lomtha, gheal, ar an taobh i rabhadar na caorcha dubha, agus do bhí sí dubh ar an m-ball. “Ní seachrán an fromhadh sin,” ar Mael Dhúin,“ ná téidhmis insan inis; go dearbhtha, níorbh fheárr ár ndath fein ioná dath na slat. Da chuadar ar g-cúl ó'n inis lé eagla mhóir. 30. An treas lá 'na dhiaidh sin d'airith- eadar inis mhór leathan eile, agus treud do mhucaibh áluinne innti. Marbhaid banbh beag dhíobh. Annsin níor fheudadar a bhreith leo d'á bhruith, go dtángadar uile 'na thimcheall: do bhruitheadar annsin agus thugadar leo isteach 'na g-curach é. Do chidhid annsin sliabh mór insan inis, agus do shaoileadar teacht d'fheicsin na h-inse as. Mardo chuaidh Diurán file, agus Gearman, ag triall ar an sliabh, fuara- dar abháin leathan, nár ba dhomhain, rómpa. Do thom Gearmán cos a ghae insan abhainn agus do dóghadh ar an mball í, mar do loscfadh teine í, agus ní dheachadar níos sia. Chonnaca- dar annsin, taobh thall do'n abhainn, damha móra maola 'na luighe, agus fear mór 'na shuidhe 'na g-comhair. (29) Do bhuail Gearmán sleagh lé sgiath go sgannruidheadh na damha. “Cad fá sgannraighir na laoigh baotha?” arsa an t-aoghaire mór sin. “Cá h-áit i bhfuil máithre na laogh so?” ar Gearmán. “Atáid taobh thall do'n sliabh úd.” Do
chuadar go d-tí na g-caoimhtheachaibh (30), agus innisid na sceula dhóibh. D'imthigheadar leo annsin. 31. Níor chian 'na dhiaidh sin go bhfuara- dar inis, agus muileann mór gránda innti, agus muilneoir gleadhach, gránda, garbh ann. Fiarfuighid de, “cia an muileann é so?” “Cuma sin,” ar sé, “an nidh nach fios díobh, ní aithneóchthaoi.” “Ná h-abair sin?” ar siad-san. “Leath arbhair bhur dtíre,” ar sé, “is annso meiltear é. Gach nidh mhaoidhthear, insan muileann so mheiltear é.” 32. Leis sin, do chidhid na h-ualaigh troma as áireamh, ar eachaibh agus ar dhaoinibh ag dul chum an mhuilinn agus uaidh arís; acht an meud do bheirthí uaidh, is siar do bheirthí. D'fhiarfuigheadar athuair, “cad is ainm do'n mhuileann so?” “Muilean Inbhir tre- ceanann,” ar an mhuilneoir. Do gheárradar comhartha croiche Críost orra fein annsin, ó do chualadar agus do chonnacadar na neithe so uile. Do chuadar isteach 'na g-curach ar teicheadh. 33. Nuair do chuadar annsin ó'n inis úd an mhuilinn, fuaradar insi mhór agus sluagh mór do dhaoinibh inti. Dubh iad, idir chorp agus eudach: ceann-snáithe fa n-a g-ceannaibh, agus ní stadaidís do bheith ag caoi. Do thuit droch-chrannchur ar dhuine do bheirt chomhalta Mhaele Dhúin(agus do chuir air) dular an inis. Mar do chuaidh seisean gur na daoinibh do bhí ag caoi ba chaoimhtheach leo(31) 'ar an mball é, agus do ghabh ag caoi leo. Do cui- readh beirt eile d'a thabhairt air ais, agus ní aithnigheadar tar na daoinibh eile é, agus do thosuigheadar féin ag caoi. Is annsin adubhairt Mael Dhúin: “Teidheadh ceathrar dhíbh,” ar sé, “lé bhur n-armaibh, agus tugaidh libh na fir ar éigean, agus ná dearcaidh ar an talmhain ná ar an aer, agus cuiridh bhur n-eudach fá bhur bhfearaibh féin.” Do righneadh amhlaidh sin. Do chuaidh an ceathrar agus rugadar leo an bheirt eile ar éigean. Nuair do fiar- ruighthí dhíobh, creud do chonnacadar insan tír, adeiridís: “Ní fios duinn go deimhin acht gach a bhfacamar ag a dhéanamh ag an dream eile, do righneamar féin amhlaidh.” Thángadar go luath ó'n inis 'na dhiaidh sin. 34. Tigid, 'na dhiaidh sin, go h-inis áird in a rabhadar ceithre sconnsaidhe do roinn 'na ceithre rannaibh í. Sconnsa óir, ar dtús; sconnsa airgid annsin; an treas sconnsa d'umha; agus ceathramhadh sconnsa do ghloine. Rí insan g-ceathramhadh rann; bainrioghain ins an rann eile; gaiscidhigh ins an rann eile; ingheana(33) ins an rann eile. Do chuaidh inghíon 'na g-coinne (34), agus thug i dtír iad, agus thug biadh dhóibh. Do shamh- luigheadar lé cáise é, agus cia b'e blas do ba mhaith lé gach aenneach do ghei- bheadh sé air é. Agus do riar sí iad as soitheach beag, gur chodladar díobh meisge trí lá agus trí oidhcheadh. Do bhí an inghean ag freastal orra ar feadh na h-aimsire sin. Nuair do dhúisigheadar an treas lá, is in a g-curach ar muir do bhidheadar: ní fhaca- dar in aon áit an inis ná an inghean. d'iomradar as 'na dhiaidh sin. 35. Fuaradar inis eile annsin, nár ba mhór, agus dún innti. Doras umhaidh air agus ceangail (35) umhaidhe ar an doras. Droichead gloine air. Nuair do théidhdís suas ar an droichead, do thuitídís síos ar a g-cúl. Leis sin do chidhid bean amach as an dún agus soitheach 'na láimh: tógbhaidh sí clár gloine d'íochtar an droichid agus líonaidh an soitheach as an tobar do bhí fá'n droichead agus do chuaidh asteach insan dún arís. “Tig bean-tighe (36) do Mhael Dhúin!” ar Gearmán. “Do Mhael Dhúin, an eadh?” ar sise; agus do dhúin sí an, doras 'na diaidh. Annsin do bhidheadar ag bualadh na g-ceangal nmhaidhe, agus an lín umhaidhe do bhí orra: agus an foghar do righneadar mar sin ba ceol taithneamhach téid-bhinn é, do chuir 'na g-codladh iad go maidin ar n-a bhárach. 36. Nuair do dhúisigheadar, chonnacadar
an bhean cheudna ag teacht as an dún agus a soitheach 'na láimh, agus líonaidh fá'n g-clár ceudna é. “Tig bean-tighis do Mhael-Dhúin, chean,” ar Gearmán. “Nach mór an tsuim atá agam ann!” ar si, agus do dhúin sí an doras 'na diaidh. D'fhágaibh (37) an ceol ceudna 'na g-codladh arís iad go lá ar n-a bhárach. 37. Trí lá agus trí oidhche dhóibh ar an g- cuma sin. An ceathramhadh lá, do thriall an bhean chuca. Áluinn go deimhin tháinig sí ann. Brat geal uirri. Fáinne óir fá n-a folt. Folt órdha uirri. Dhá bhróigín airgid ar a cosaibh geal-chorcra. Breathnas airgid 'na brat, agus breifnidhe óir ann; agus léine ró-eudtom síoda lé n-a geal-chneas. “Fáilte romhat! a Mhaeil Dhún” ar sí, agus do ghoir sí ar gach fear ar leith dhíobh 'na ainm díleas féin. “Is fada is eol agus is aithne bhur dteacht annso,” ar sí. Agus do bheir isteach iad i dteach mór do bhí in aice na mara agus thug a g-curach i dtír. Annsin chonnacadar ins an tigh rómpa leabuidh do Mael Dúin féin, agus leabuidh do ghach triúr d'á mhuintir. Do bheir sí dhóibh, in aen chis, biadh cosamhail lé cáise. Thug sí cuid do ghach triur, gach blas ba mhian lé cách, is eadh do geibheadh air. Do riar sí Mhael Dhúin i leathtaoibh. Líonaidh sí a soitheach fá'n g-clár ceudna agus roinnidh dhóibh- lán soithigh do ghach triur: do riar sí gach triur do réir uaine. D'aithin sí an tan ba leor, agus do sguir sí d'á riar. “Bean oireamhnach do Mhael Dhúin an bhean so!” ar gach fear d'á mhuintir. Do chuaidh sí annsin lé n-a cis agus le n-a soitheach uatha. 38. Adubhairt a mhuintir le Mhael Dhúin: “An labhróchmuid leithe d'fheuchain an mbéidh sí 'na mnaoi agat?” “Ca'r mhisde dhíbh,” ar seisean, “labhairt léithe?” 39. Tig sí ar n'a bhárach. Adubhradar léithe: an mbéidhir ad' mhnaoi ag Mhael Dhúin? Do chuaidh sí d'á tigh ann, tig ar n'a bhárach an trath ceudna dá riar. Nuair do bhidheadar ar meisge agus sáthach, adeirid na briathra ceudna léithe. “I mbárach,” ar sí, “do chuaidh sí annsin d'á tigh, agus do chodladar-san ar a leabthachaibh. Nuair do dhúisigheadar, is in a g-curach do bhidheadar, ar charraig; agus ní fhacadar an inis, ná an dún, ná an bhean, ná an áit i rabhadar, arís. 40. Mar do chuadar ó'n áit sin, do chualadar in oirdtuaidh gáir mhór agus glór mar ghabháil shalm. An oidhche sin agus an lá ar n-a bhárach go nóin dóibh aig iomramh d- fheuchain cia an gháir nó cia an glór sin do chualadar. Do chidhid inis árd sliabhdha, lán d'eunaibh dubha agus donna agus breaca ag gaodhach agus ag labhairt go h-árd. 41. D'imradar beagán ó'n inis sin, go bhfuaradar inis eile nár ba mhór. Croinn iomdha innt, agus éin iomdha orra. Agus chonnacadar 'na dhiaidh sin, fear ins an inis, agus a fholt féin do bhí d'eudach air. Annsin d'fhiarfuigheadar dhe cia'r bh'é féin, agus cia'r dhíobhé. “Do fhearaibh Éireann meise,” ar sé; “do chuadar in oilithre(turas) i g-curach bheag, agus do sgoilt mo churach fúm mar do chuadhas beagán ó thír. Do chuadas i dtír arís, agus do chuireas fód d'úir mo thíre fá mo chosaibh agus thógbhas mé fein air, agus do chuadhas ar muir. Agus d'fhág Dia an fód sin ins an láthair so(38), agus cuiridh Dia troigh gach cliadhain ar a leithead as sin anuas go d-tí so, agus crann gach bliadhain ag fás ann.” “Na h-éin do chidhir insna crannaibh,” ar sé, “amanna mo chloinne agus mo mhuintire iad, idir mhnáibh agus fearaibh, atá ag feitheamh annsúd lé lá an Bhreitheamhnais. Leath- bhairghean agus greim éisg, agus uisge an tobair thug Dia dham: tig sin chugam gach lá,” ar sé, “tré freastal aingeal. Um thráthnóna arís, tig leathbhairghean eile agus greim éisg do ghach aen fhear díobh súd agus do ghach aon mhnaoi. Uisge an tobair, mar is leor lé gach aenneach.”
42. Nuair do bhídheadar na trí h-oidhche aoidheachta istigh, d'fhágbhadar slán agus bean- nacht aige. Agus adubhairt seisean leo. Sreithfidh (39) sibh uile bhur d-tír féin acht aen fhear amháin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services