Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomramh Mhaela Dhúin. (Continued.) II.

Title
Iomramh Mhaela Dhúin. (Continued.) II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IOMRAMH MHAELA DHÚIN.
(continued)



II.



26. An tan do chliseadar (25) na h-ubhla
sin orra, agus ba mhór a n-ocras agus a d-tart, agus
an tan do bhidheadar a m-beula agus a sróna
lán do bhreuntas na mara, do chidhid inis
nár ba mhór, agus dún innti, agus balla geal árd
'na thimcheall sin amhail a's dá mba as aol
dóighte do righneadh é, nó amhail a's dá mba
aon chloch chailce é. Mór a áride ó'n muir
— beag nach ráinig sé neulta nime. Fos
gailte do bhí an dún. Tighthe sneachtamhla
glégheala 'na thimcheall. Mar do chuadar
isteach insan teach ba mhó dhíobh, ní fhacadar
aen-neach ann acht cat beag do bhí ar urlár
an tighe, ag cluithche(26) ar na ceithre h-


L. 120


uaithnibh cloiche do bhí ann. Théidheadh sé
do léim ó cheann go chéile dhíobh. D'fheuch sé
lé seal beag ar na fearaibh, agus níor stad
sé d'á chuithche.



27. Chonnacadar trí sreatha ar bhalla
an tighe, ó ursain go h-ursain 'magcuairt.
Sreath ann, ar dtús, do bhreathnasaibh óir agus
airgid, agus a g-cosa insan m-balla; agus sreath
do mhuin-torcaibh óir agus airgid — mar fhonnsa
daibhche(dabhaighe)gach muin-torc dhíobh. An
treas shreath, do chloidhmhibh móra, agus iomdhuirn
óir agus airgid orra. Do bhídheadar leab-
thacha an tighe lán do choiltibh geala agus
d'eudachaibh lonnracha. Damh bruighte, mar
an gceudna, agus tinne (27) ar urlár an tighe;
agus soithigh móra agus deigh-leann meisgeamhail
ionnta. “An duinne do fágbhadh so?” ar
Mael Dhúin leis an g-cat. D'fheuch an cat
air go h-obann, agus do ghabh ag cuithche arís.



28. Do thuig Mael Dhúin annsin gur
ba dhóibh do fágbhadh an phroinn: do phroinne-
adar annsin, agus d'óladar, agus chodladar.
Do chuireadar fuighleach an leanna insna
potaaidhibh, agus fuighleach an bhidh i dtaiscidh. An
tan do shaoileadar imtheacht, adubhairt
treas comhalta Mhaele Dhúin: “An dtiubhrad
liom muintorc dhíobh so?” “Ná tabhair!”
ar Mael Dhúin, “ní gan coimheud atá an
teach.” Thug sé leis ceann aca, ar a
shon sin, go lár na leasa; do chuaidh an cat
'na dhiaidh agus do léim tríd amhail shaighid
theinntidhe, do dhóigh é go raibh sé 'na luaith-
readh, agus do chuaidh an a a ais go raibh ar a
uaithne arís. Do bhreug Mael Dhúin, lé n-a
bhriathraibh, a cat, agus do chuir an muin-torc
'na ionad ar ais, agus do chaith ar chiumhais na
mara é. Do thrialladar annsin in a g-cu
rach, ag moladh agus ag altughadh an Tighearna.



29. Maidin go moch an treas lae 'na
dhiaidh sin, do chidhid inis eile, agus sconnsa umha
tar a lár, do roinn an inis 'na dá leith;
agus do chidhid treuda móra do chaorchaibh innti,
iodhon, treud dubh an taobh i bhfos do'n
sconnsa, agus treud bán an taobh thall de.
Agus chonnacadar fear mór ag dealughadh
na g-caorach ó chéile. Nuair do chaitheadh sé
caor bhán tar an sconnsa anall gur na
caorchaibh dubha, do bhidheadh sí dubh ar an
m-ball (28): nuair do chuireadh sé caora
dhubh tar an sconnsa anonn, do bhídheadh sí
bán ar an m-ball. Do bhuail scannradh iad,
ar fheicsin an neith sin dhóibh. “So an nidh is
feárr duinn,” ar Mael Dhúin, “caithimis
dhá shlait isteach ins-an inis. Má athruighid
dath, athróchmuid-ne dá dtídhmis innti.”
Annsin do chaitheadar slat dhubh ar an taoibh
i rabhadar na caorcha bána, agus do bhí sí bán
ar an m-ball. Annsin do chaitheadar slat
lomtha, gheal, ar an taobh i rabhadar na
caorcha dubha, agus do bhí sí dubh ar an m-ball.
“Ní seachrán an fromhadh sin,” ar Mael
Dhúin,“ ná téidhmis insan inis; go dearbhtha,
níorbh fheárr ár ndath fein ioná dath na
slat. Da chuadar ar g-cúl ó'n inis lé
eagla mhóir.



30. An treas lá 'na dhiaidh sin d'airith-
eadar inis mhór leathan eile, agus treud do
mhucaibh áluinne innti. Marbhaid banbh beag
dhíobh. Annsin níor fheudadar a bhreith leo
d'á bhruith, go dtángadar uile 'na thimcheall:
do bhruitheadar annsin agus thugadar leo isteach
'na g-curach é. Do chidhid annsin sliabh mór
insan inis, agus do shaoileadar teacht d'fheicsin
na h-inse as. Mardo chuaidh Diurán file,
agus Gearman, ag triall ar an sliabh, fuara-
dar abháin leathan, nár ba dhomhain, rómpa.
Do thom Gearmán cos a ghae insan abhainn agus
do dóghadh ar an mball í, mar do loscfadh
teine í, agus ní dheachadar níos sia. Chonnaca-
dar annsin, taobh thall do'n abhainn, damha
móra maola 'na luighe, agus fear mór 'na
shuidhe 'na g-comhair. (29) Do bhuail Gearmán
sleagh lé sgiath go sgannruidheadh na damha.
“Cad fá sgannraighir na laoigh baotha?”
arsa an t-aoghaire mór sin. “Cá h-áit i
bhfuil máithre na laogh so?” ar Gearmán.
“Atáid taobh thall do'n sliabh úd.” Do


L. 121


chuadar go d-tí na g-caoimhtheachaibh (30), agus
innisid na sceula dhóibh. D'imthigheadar leo
annsin.



31. Níor chian 'na dhiaidh sin go bhfuara-
dar inis, agus muileann mór gránda innti, agus
muilneoir gleadhach, gránda, garbh ann.
Fiarfuighid de, “cia an muileann é so?”
“Cuma sin,” ar sé, “an nidh nach fios díobh,
ní aithneóchthaoi.” “Ná h-abair sin?” ar
siad-san. “Leath arbhair bhur dtíre,” ar sé,
“is annso meiltear é. Gach nidh mhaoidhthear,
insan muileann so mheiltear é.”



32. Leis sin, do chidhid na h-ualaigh
troma as áireamh, ar eachaibh agus ar dhaoinibh
ag dul chum an mhuilinn agus uaidh arís; acht
an meud do bheirthí uaidh, is siar do bheirthí.
D'fhiarfuigheadar athuair, “cad is ainm do'n
mhuileann so?” “Muilean Inbhir tre-
ceanann,” ar an mhuilneoir. Do gheárradar
comhartha croiche Críost orra fein annsin, ó
do chualadar agus do chonnacadar na neithe so
uile. Do chuadar isteach 'na g-curach ar
teicheadh.



33. Nuair do chuadar annsin ó'n inis
úd an mhuilinn, fuaradar insi mhór agus sluagh
mór do dhaoinibh inti. Dubh iad, idir chorp
agus eudach: ceann-snáithe fa n-a g-ceannaibh,
agus ní stadaidís do bheith ag caoi. Do thuit
droch-chrannchur ar dhuine do bheirt chomhalta
Mhaele Dhúin(agus do chuir air) dular an inis.
Mar do chuaidh seisean gur na daoinibh do
bhí ag caoi ba chaoimhtheach leo(31) 'ar an
mball é, agus do ghabh ag caoi leo. Do cui-
readh beirt eile d'a thabhairt air ais, agus ní
aithnigheadar tar na daoinibh eile é, agus do
thosuigheadar féin ag caoi. Is annsin
adubhairt Mael Dhúin: “Teidheadh ceathrar
dhíbh,” ar sé, “lé bhur n-armaibh, agus tugaidh
libh na fir ar éigean, agus ná dearcaidh ar an
talmhain ná ar an aer, agus cuiridh bhur n-eudach
fá bhur bhfearaibh féin.” Do righneadh amhlaidh
sin. Do chuaidh an ceathrar agus rugadar leo
an bheirt eile ar éigean. Nuair do fiar-
ruighthí dhíobh, creud do chonnacadar insan
tír, adeiridís: “Ní fios duinn go deimhin
acht gach a bhfacamar ag a dhéanamh ag an
dream eile, do righneamar féin amhlaidh.”
Thángadar go luath ó'n inis 'na dhiaidh sin.



34. Tigid, 'na dhiaidh sin, go h-inis áird
in a rabhadar ceithre sconnsaidhe do roinn
'na ceithre rannaibh í. Sconnsa óir, ar dtús;
sconnsa airgid annsin; an treas sconnsa
d'umha; agus ceathramhadh sconnsa do ghloine.
Rí insan g-ceathramhadh rann; bainrioghain
ins an rann eile; gaiscidhigh ins an rann
eile; ingheana(33) ins an rann eile. Do
chuaidh inghíon 'na g-coinne (34), agus thug i
dtír iad, agus thug biadh dhóibh. Do shamh-
luigheadar lé cáise é, agus cia b'e blas
do ba mhaith lé gach aenneach do ghei-
bheadh sé air é. Agus do riar sí iad as
soitheach beag, gur chodladar díobh meisge
trí lá agus trí oidhcheadh. Do bhí an inghean
ag freastal orra ar feadh na h-aimsire sin.
Nuair do dhúisigheadar an treas lá, is in
a g-curach ar muir do bhidheadar: ní fhaca-
dar in aon áit an inis ná an inghean.
d'iomradar as 'na dhiaidh sin.



35. Fuaradar inis eile annsin, nár
ba mhór, agus dún innti. Doras umhaidh air agus
ceangail (35) umhaidhe ar an doras. Droichead
gloine air. Nuair do théidhdís suas ar an
droichead, do thuitídís síos ar a g-cúl. Leis
sin do chidhid bean amach as an dún agus soitheach
'na láimh: tógbhaidh sí clár gloine d'íochtar
an droichid agus líonaidh an soitheach as an
tobar do bhí fá'n droichead agus do chuaidh asteach
insan dún arís. “Tig bean-tighe (36) do
Mhael Dhúin!” ar Gearmán. “Do Mhael Dhúin,
an eadh?” ar sise; agus do dhúin sí an, doras
'na diaidh. Annsin do bhidheadar ag bualadh na
g-ceangal nmhaidhe, agus an lín umhaidhe do bhí
orra: agus an foghar do righneadar mar sin
ba ceol taithneamhach téid-bhinn é, do chuir
'na g-codladh iad go maidin ar n-a bhárach.



36. Nuair do dhúisigheadar, chonnacadar


L. 122


an bhean cheudna ag teacht as an dún agus a
soitheach 'na láimh, agus líonaidh fá'n g-clár
ceudna é. “Tig bean-tighis do Mhael-Dhúin,
chean,” ar Gearmán. “Nach mór an tsuim
atá agam ann!” ar si, agus do dhúin sí an
doras 'na diaidh. D'fhágaibh (37) an ceol
ceudna 'na g-codladh arís iad go lá ar n-a
bhárach.



37. Trí lá agus trí oidhche dhóibh ar an g-
cuma sin. An ceathramhadh lá, do thriall an
bhean chuca. Áluinn go deimhin tháinig sí
ann. Brat geal uirri. Fáinne óir fá n-a
folt. Folt órdha uirri. Dhá bhróigín airgid
ar a cosaibh geal-chorcra. Breathnas airgid
'na brat, agus breifnidhe óir ann; agus léine
ró-eudtom síoda lé n-a geal-chneas.
“Fáilte romhat! a Mhaeil Dhún” ar sí,
agus do ghoir sí ar gach fear ar leith dhíobh
'na ainm díleas féin. “Is fada is eol agus is
aithne bhur dteacht annso,” ar sí. Agus
do bheir isteach iad i dteach mór do bhí
in aice na mara agus thug a g-curach i dtír.
Annsin chonnacadar ins an tigh rómpa
leabuidh do Mael Dúin féin, agus leabuidh do
ghach triúr d'á mhuintir. Do bheir sí dhóibh, in
aen chis, biadh cosamhail lé cáise. Thug sí
cuid do ghach triur, gach blas ba mhian lé
cách, is eadh do geibheadh air. Do riar sí
Mhael Dhúin i leathtaoibh. Líonaidh sí a
soitheach fá'n g-clár ceudna agus roinnidh dhóibh-
lán soithigh do ghach triur: do riar sí gach
triur do réir uaine. D'aithin sí an tan ba
leor, agus do sguir sí d'á riar. “Bean
oireamhnach do Mhael Dhúin an bhean so!”
ar gach fear d'á mhuintir. Do chuaidh sí
annsin lé n-a cis agus le n-a soitheach uatha.



38. Adubhairt a mhuintir le Mhael Dhúin:
“An labhróchmuid leithe d'fheuchain an mbéidh
sí 'na mnaoi agat?” “Ca'r mhisde dhíbh,”
ar seisean, “labhairt léithe?”



39. Tig sí ar n'a bhárach. Adubhradar
léithe: an mbéidhir ad' mhnaoi ag Mhael
Dhúin? Do chuaidh sí d'á tigh ann, tig
ar n'a bhárach an trath ceudna dá riar.
Nuair do bhidheadar ar meisge agus sáthach,
adeirid na briathra ceudna léithe. “I
mbárach,” ar sí, “do chuaidh sí annsin d'á tigh,
agus do chodladar-san ar a leabthachaibh. Nuair
do dhúisigheadar, is in a g-curach do bhidheadar,
ar charraig; agus ní fhacadar an inis, ná an
dún, ná an bhean, ná an áit i rabhadar,
arís.



40. Mar do chuadar ó'n áit sin, do
chualadar in oirdtuaidh gáir mhór agus glór
mar ghabháil shalm. An oidhche sin agus an lá
ar n-a bhárach go nóin dóibh aig iomramh d-
fheuchain cia an gháir nó cia an glór sin do
chualadar. Do chidhid inis árd sliabhdha, lán
d'eunaibh dubha agus donna agus breaca ag
gaodhach agus ag labhairt go h-árd.



41. D'imradar beagán ó'n inis sin, go
bhfuaradar inis eile nár ba mhór. Croinn
iomdha innt, agus éin iomdha orra. Agus
chonnacadar 'na dhiaidh sin, fear ins an inis,
agus a fholt féin do bhí d'eudach air. Annsin
d'fhiarfuigheadar dhe cia'r bh'é féin, agus cia'r
dhíobhé. “Do fhearaibh Éireann meise,” ar
sé; “do chuadar in oilithre(turas) i g-curach
bheag, agus do sgoilt mo churach fúm mar do
chuadhas beagán ó thír. Do chuadas i dtír
arís, agus do chuireas fód d'úir mo thíre fá mo
chosaibh agus thógbhas mé fein air, agus do
chuadhas ar muir. Agus d'fhág Dia an fód
sin ins an láthair so(38), agus cuiridh Dia troigh
gach cliadhain ar a leithead as sin anuas go
d-tí so, agus crann gach bliadhain ag fás ann.”
“Na h-éin do chidhir insna crannaibh,” ar sé,
“amanna mo chloinne agus mo mhuintire iad,
idir mhnáibh agus fearaibh, atá ag feitheamh
annsúd lé lá an Bhreitheamhnais. Leath-
bhairghean agus greim éisg, agus uisge an tobair
thug Dia dham: tig sin chugam gach lá,” ar sé,
“tré freastal aingeal. Um thráthnóna arís,
tig leathbhairghean eile agus greim éisg do ghach
aen fhear díobh súd agus do ghach aon mhnaoi.
Uisge an tobair, mar is leor lé gach
aenneach.”


L. 123


42. Nuair do bhídheadar na trí h-oidhche
aoidheachta istigh, d'fhágbhadar slán agus bean-
nacht aige. Agus adubhairt seisean leo.
Sreithfidh (39) sibh uile bhur d-tír féin acht
aen fhear amháin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services