Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeul ar Nóra Ní Mac Aodha agus na Sídheógaibh.
Title
Sgeul ar Nóra Ní Mac Aodha agus na Sídheógaibh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Collector
Bushe, C. P.
Contributor
O'Muirís, Séamus
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEUL AR NÓRA NÍ MAC AODHA AGUS NA SÍDHEÓGAIBH. Ar réir mar d'innsigh Séamus O'Muirís as Eanach Cuain i g-condae na Gaillimhe é. Contributed by Mr. C. P. Bushe as a fair specimen of West Connaught Irish. Lá cruaidh sneachta do bhí baintreabhach bhocht 'na comhuidhe ag Caisleán an Eacaéid i bhfogus do Chnoc Meagha i g-condae na
Gaillimhe, a m-b'ainm dí Nór' Ní Mac Aodha. Do bhí sí an-bhocht. Budh í a ceird bean- chungantacht. Do bhí sí amuich ag cruinniughadh cual aig iarraidh teineadh do na malraighibh. Do chuala sí torann casúir taobh shiar dí. D'fheuch sí ar a cúlaibh agus do chonnaic sí gaisgidheach beag gleusta faoi n-a chasóig dheirg, a bhríste leathair agus a naparún, agus é ag bualadh leathair ar iarann do bhí ar a ghlúinibh. Do chuimnigh sí go tapa gurb é an gréasaidhe leipreachán do bhí ann, agus do chuala sí i n-imtheacht a saoghail dá bhfeicfeá é gan do shúile a thógbháil dé, go d-tiubhradh sé suas a thaisge dhuit, acht dá leigteá as t'amharc é, go n-imtheógadh sé agus nach bhfeicfeá aríst é. Do thriall sí air, agus d'eírigh sé do léim, agus do leig sé píosa leathair tuitim uaidh ar an talamh. Dubhairt sé léithi “Tóig é sin.” 'Nuair do chrom sise as go bráth leis-sean! Do thóig sí an leathar agus 'nuair a d'fheuch sí uaithi, ní raibh sé le feiceáil i n-ait ar bith. Budh mhór a brón. 'Sé a dubhairt sí: “Chaill mé mo shaidhbhreas, acht ní'l neart air; is goire cabhair Dé 'ná an dorus.” Do chuir sí an chual ar a muin, agus d'iompuigh sí ar ais a bhaile; annsin do chonnaic sí marcach ag triall uirrthi ar chapall bán; do bheannuigh sé dhí, agus do labhair sé léithi: “Bhfuil eolus agat ar bhean d'ar b'ainm dí Nór' Ní Mac Aodha, 'sérd a tá annti bean-chunganta?” “Is maith mar tharla, a ghrádh; mise an bhean a tá tú lorg.” “Má's tú an bhean, seo, buail suas ar mo chúlaibh.” Do chúl sé an capall i n-aghaidh staighre; do chaith Nóra an chual d'a muin; do bhuail sí suas an staighre; as sin do chuaidh sí do léim ar a chúlaibh ar an g-capall; do thiomáin sé leis chomh mear agus do bhí ins an g-capall a dhéanamh; dubhairt sé go raibh Nuala Bainríoghan Finn-bhearra go h-an- dona 'nuair a d'fhágaibh sé an bhruighin — an marcach do bhí ann, budh duine de na daoinibh maithe é — do thiomáin sé asteach thríd phóirse fada dorcha thríd an g-cnoc. Do bhain geite mór Nóra 'nuair a bhí sí ag dul thríd an m-bealach sin. Níor bh'fhada dhí go bhfaca sí as a comhair an t-áitiughadh nac bhfaca sí agus nar shaoil sí go bhfeicfeadh sí choidhche a leithide. Tugadh suas ag dorus mór na bruighne í; do leigeadh anuas de'n chapall í. Do bhí ag an dorus roimpi dáreug ban- coimhdeachta. Do chuir gach bean acabh céad míle fáilte roimh Nór' Ní Mac Aodha i n-a h-ainm agus i n-a sloinne. “Go mairidh sibh slán,” a dubhairt Nóra, “Cia an chaoi a bhfuair sibh m'ainm-sa amach?” “Ná bac leis sin, a Nóra,” a dubhairt bean acabh. Tugadh Nóra suas an staighre go seomra na bainríoghna; 'nuair a d'fhagbhadar Nóra annsin do scapadar ó chéile. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Níor bh'fhada do bhí Nóra istich no go raibh leanbh mic beirthe. Do bhí áthas mór ins an g-cúirt ar sin a chloisdeáil. Do rinne Nóra a raibh le déanamh aici. Do ghleus sí an leanbh, agus do thug sí asteach do'n bhainríoghan ins an leabhaidh é. Do thainic bean uasal óg asteach; dubhairt an bhainríoghan léithi Nóra a thabhairt amach agus rud eicínt fhaghail réidh dhí le caitheamh. Do fuair Nóra ithe agus ól, nach bhfuair sí a leithide riamh roimhe, ná 'na dhiaigh ó d'fhagaibh sí Caisleán an Eacaéid. Do bhí Nóra ins an m-bruighin ar feadh míosa, agus do shaoil sí go raibh sí is na fláitheasaibh, agus ní raibh a fhios aici cia an chaoi a bhfágfadh sí áit chomh breágh agus chomh taithneamhach leis an áit sin, acht i n-imtheacht na míosa sin do bhí na malraighe bochta faoi an-shógh mór no gur fhill sí orrthu. Chomh luath a's bhí an bhainríoghan go maith agus 'na suidheamh, do chuaidh sí féin agus a cuid ban-coimhdeachta amach lá. Do bhí omar an taobh istich de'n dorus. Do thum an bhainríoghan ar tús a meur ins an omar, agus do leag sí ar a shúil dheis í, agus do rinne gach bean eile acabh mar an g-ceadna. Do ghnídís mar sin i g-comhnuidhe ar fhágbháil
na bruighne dhóibh, go mh-beidheadh siad dó- fheiceálta le súilibh duine bheó. 'Nuair a d'imthigheadar amach dubhairt Nóra léithi féin, “Ní coraide daoibh ná dhamhsa,” agus do rinne sise mar rinne siadsan. Go goirid 'na dhiaigh sin d'íoc an bhainríoghan Nóra, agus dubhairt sí léithi nach g-coinneóghadh sí níos foide ó'n m-baile í. D'fhiafruigh an bhainríoghan dí an raibh bó aici; “Ní'l, a ghrádh,” dubhairt Nóra. “Seo deich b-punt duit agus ceannuigh bó,” dubhairt an bhain- ríoghan. Bhí na ba saor 'san am sin, a's dubhairt sí léithi beatha a cheannacht ar a m-beidheadh aici i n-diaigh an bhó a cheannacht. D'fhágaibh Nóra slán agus beannacht ag an m-bainríoghan. Do chuaidh sí ag aonach an Torlaigh Mhóir, agus do cheannuig sí bó. Do bhí sí ag dul amach as an aonach, agus do chonnaic sí dáreug ban budh bhréaghachta do chonnaic sí ariamh, agus an bhainríoghan rompu amach ag teacht aici thríd an aonach. Do gheit Nóra agus do chuir sí céad míle fáilte roimh an m-bainríoghan, agus d'fiaf- ruigh sí dhí, cia an chaoi an raibh an leanbh. “Tá sé go rí-mhait,” a dubhairt an bhainrío- ghan, “acht cia leis a bhfaca tú mé?” “Chon- naic mé leis an t-súil seo thú,” arsa Nóra, a' leagan meur ar a súil dheis. Do chuir an bhainríoghan séidéog faoi n-a súil, agus a dubhairt sí léithi, “ní fheicfidh tú aríst choidhche mé.” D'fhill Nóra a bhaile faoi bhrón; ní mar sin do shaoil sí ar maidin a d'fhillfeadh sí. Thug sí bó a bhaile léithe, agus má thug, budh daor an bhó uirrthi-si í, dá réir do chaill sí a súil dheas léithi. Pé'r budh é airgiod d'fhan i n-a lamhaibh i n-diaigh an bhó a cheannacht do chuaidh sí go Tuaim agus do cheannuigh sí beatha air. Do mhair sí a bhfad ar leath-shúil, acht ní fhaca sí ariamh duine eile de na daoinibh maithe go bhfuair sí bás. NOTES. Ar réir mar d'innsigh = do réir mar d'innis. Ar a cúlaibh, behind her. Do na malraighibh, for the children. Cual, a fagot, gen. cuaile; this word is fem. in Con- naught. Also meur, a finger, is fem. in Connaught. Cuimnigh = cuimhnigh. Coinneóghadh = coingeóbhadh. As go bráth leis-sean! away with him for ever! - he vanished. 'Sérd a tá annti (innti), bean chunghanta, who is a midwife = a tá 'na bean chunganta. Finn-Bhearra, King of the Fairies. An Bhruighin, The Fairy Palace. Feiceál = feicsint. Geite, fear, terror. Do gheit sí, she started or was sur- prised. As a comhair = ós a comhair; so, also, as a cionn for ós a cionn, agusc. Istich = astigh. Amuic = amuigh. Aríst = arís. Eicínt = éigin, some. Fláitheasaibh, spoken as if fláithis. Pé'r budh é airgiod, whatever money. See vol. iii., p. 24. Bhfágfadh = bhfuigfeadh. Breághachta = breágha. D'fhágaibh = d'fág. Ceannacht = ceannach. Acabh = aca. Ar leath-shúil, blind of one eye. Beatha, provisions. Duine bheo = duine bhí. Caisleán an Eacaéid. Castle Hackett.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services