Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul ar Nóra Ní Mac Aodha agus na Sídheógaibh.

Title
Sgeul ar Nóra Ní Mac Aodha agus na Sídheógaibh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Collector
Bushe, C. P.
Contributor
O'Muirís, Séamus
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL AR NÓRA NÍ MAC AODHA
AGUS NA SÍDHEÓGAIBH.



Ar réir mar d'innsigh Séamus O'Muirís as Eanach Cuain i g-condae na
Gaillimhe é.



Contributed by Mr. C. P. Bushe as a fair specimen of West Connaught Irish.



Lá cruaidh sneachta do bhí baintreabhach
bhocht 'na comhuidhe ag Caisleán an Eacaéid
i bhfogus do Chnoc Meagha i g-condae na


L. 91


Gaillimhe, a m-b'ainm dí Nór' Ní Mac Aodha.
Do bhí sí an-bhocht. Budh í a ceird bean-
chungantacht.



Do bhí sí amuich ag cruinniughadh cual aig
iarraidh teineadh do na malraighibh. Do
chuala sí torann casúir taobh shiar dí.
D'fheuch sí ar a cúlaibh agus do chonnaic sí
gaisgidheach beag gleusta faoi n-a chasóig
dheirg, a bhríste leathair agus a naparún,
agus é ag bualadh leathair ar iarann do bhí
ar a ghlúinibh. Do chuimnigh sí go tapa gurb
é an gréasaidhe leipreachán do bhí ann, agus
do chuala sí i n-imtheacht a saoghail dá
bhfeicfeá é gan do shúile a thógbháil dé, go
d-tiubhradh sé suas a thaisge dhuit, acht dá
leigteá as t'amharc é, go n-imtheógadh sé
agus nach bhfeicfeá aríst é.



Do thriall sí air, agus d'eírigh sé do léim,
agus do leig sé píosa leathair tuitim uaidh
ar an talamh. Dubhairt sé léithi “Tóig é
sin.” 'Nuair do chrom sise as go bráth
leis-sean! Do thóig sí an leathar agus 'nuair a
d'fheuch sí uaithi, ní raibh sé le feiceáil i
n-ait ar bith. Budh mhór a brón. 'Sé a
dubhairt sí: “Chaill mé mo shaidhbhreas, acht
ní'l neart air; is goire cabhair Dé 'ná an
dorus.”



Do chuir sí an chual ar a muin, agus
d'iompuigh sí ar ais a bhaile; annsin do
chonnaic sí marcach ag triall uirrthi ar
chapall bán; do bheannuigh sé dhí, agus do
labhair sé léithi: “Bhfuil eolus agat ar
bhean d'ar b'ainm dí Nór' Ní Mac Aodha,
'sérd a tá annti bean-chunganta?”



“Is maith mar tharla, a ghrádh; mise an
bhean a tá tú lorg.” “Má's tú an bhean,
seo, buail suas ar mo chúlaibh.”



Do chúl sé an capall i n-aghaidh staighre;
do chaith Nóra an chual d'a muin; do bhuail
sí suas an staighre; as sin do chuaidh
sí do léim ar a chúlaibh ar an g-capall; do
thiomáin sé leis chomh mear agus do bhí ins an
g-capall a dhéanamh; dubhairt sé go raibh
Nuala Bainríoghan Finn-bhearra go h-an-
dona 'nuair a d'fhágaibh sé an bhruighin — an
marcach do bhí ann, budh duine de na daoinibh
maithe é — do thiomáin sé asteach thríd phóirse
fada dorcha thríd an g-cnoc. Do bhain geite
mór Nóra 'nuair a bhí sí ag dul thríd an
m-bealach sin. Níor bh'fhada dhí go bhfaca sí
as a comhair an t-áitiughadh nac bhfaca sí
agus nar shaoil sí go bhfeicfeadh sí choidhche a
leithide. Tugadh suas ag dorus mór na
bruighne í; do leigeadh anuas de'n chapall í.
Do bhí ag an dorus roimpi dáreug ban-
coimhdeachta. Do chuir gach bean acabh céad
míle fáilte roimh Nór' Ní Mac Aodha i n-a
h-ainm agus i n-a sloinne. “Go mairidh sibh
slán,” a dubhairt Nóra, “Cia an chaoi a
bhfuair sibh m'ainm-sa amach?” “Ná bac
leis sin, a Nóra,” a dubhairt bean acabh.
Tugadh Nóra suas an staighre go seomra
na bainríoghna; 'nuair a d'fhagbhadar Nóra
annsin do scapadar ó chéile. Bhí go maith
agus ní raibh go h-olc. Níor bh'fhada do bhí
Nóra istich no go raibh leanbh mic beirthe.
Do bhí áthas mór ins an g-cúirt ar sin a
chloisdeáil.



Do rinne Nóra a raibh le déanamh aici.
Do ghleus sí an leanbh, agus do thug sí
asteach do'n bhainríoghan ins an leabhaidh é.
Do thainic bean uasal óg asteach; dubhairt
an bhainríoghan léithi Nóra a thabhairt amach agus
rud eicínt fhaghail réidh dhí le caitheamh.
Do fuair Nóra ithe agus ól, nach bhfuair sí
a leithide riamh roimhe, ná 'na dhiaigh ó
d'fhagaibh sí Caisleán an Eacaéid.



Do bhí Nóra ins an m-bruighin ar feadh
míosa, agus do shaoil sí go raibh sí is na
fláitheasaibh, agus ní raibh a fhios aici cia an
chaoi a bhfágfadh sí áit chomh breágh agus chomh
taithneamhach leis an áit sin, acht i n-imtheacht
na míosa sin do bhí na malraighe bochta faoi
an-shógh mór no gur fhill sí orrthu.



Chomh luath a's bhí an bhainríoghan go maith
agus 'na suidheamh, do chuaidh sí féin agus a
cuid ban-coimhdeachta amach lá. Do bhí omar
an taobh istich de'n dorus. Do thum an
bhainríoghan ar tús a meur ins an omar,
agus do leag sí ar a shúil dheis í, agus do
rinne gach bean eile acabh mar an g-ceadna.
Do ghnídís mar sin i g-comhnuidhe ar fhágbháil


L. 92


na bruighne dhóibh, go mh-beidheadh siad dó-
fheiceálta le súilibh duine bheó. 'Nuair a
d'imthigheadar amach dubhairt Nóra léithi féin,
“Ní coraide daoibh ná dhamhsa,” agus do
rinne sise mar rinne siadsan. Go goirid
'na dhiaigh sin d'íoc an bhainríoghan Nóra,
agus dubhairt sí léithi nach g-coinneóghadh sí
níos foide ó'n m-baile í. D'fhiafruigh an
bhainríoghan dí an raibh bó aici; “Ní'l, a
ghrádh,” dubhairt Nóra. “Seo deich b-punt
duit agus ceannuigh bó,” dubhairt an bhain-
ríoghan. Bhí na ba saor 'san am sin, a's
dubhairt sí léithi beatha a cheannacht ar a
m-beidheadh aici i n-diaigh an bhó a cheannacht.
D'fhágaibh Nóra slán agus beannacht ag an
m-bainríoghan. Do chuaidh sí ag aonach an
Torlaigh Mhóir, agus do cheannuig sí bó.
Do bhí sí ag dul amach as an aonach, agus do
chonnaic sí dáreug ban budh bhréaghachta do
chonnaic sí ariamh, agus an bhainríoghan
rompu amach ag teacht aici thríd an aonach.
Do gheit Nóra agus do chuir sí céad míle
fáilte roimh an m-bainríoghan, agus d'fiaf-
ruigh sí dhí, cia an chaoi an raibh an leanbh.
“Tá sé go rí-mhait,” a dubhairt an bhainrío-
ghan, “acht cia leis a bhfaca tú mé?” “Chon-
naic mé leis an t-súil seo thú,” arsa Nóra,
a' leagan meur ar a súil dheis. Do chuir an
bhainríoghan séidéog faoi n-a súil, agus a
dubhairt sí léithi, “ní fheicfidh tú aríst
choidhche mé.”



D'fhill Nóra a bhaile faoi bhrón; ní mar
sin do shaoil sí ar maidin a d'fhillfeadh sí.
Thug sí bó a bhaile léithe, agus má thug, budh
daor an bhó uirrthi-si í, dá réir do chaill sí
a súil dheas léithi.



Pé'r budh é airgiod d'fhan i n-a lamhaibh i
n-diaigh an bhó a cheannacht do chuaidh sí go
Tuaim agus do cheannuigh sí beatha air. Do
mhair sí a bhfad ar leath-shúil, acht ní fhaca sí
ariamh duine eile de na daoinibh maithe go
bhfuair sí bás.



NOTES.



Ar réir mar d'innsigh = do réir mar d'innis.
Ar a cúlaibh, behind her. Do na malraighibh, for the
children.
Cual, a fagot, gen. cuaile; this word is fem. in Con-
naught. Also meur, a finger, is fem. in Connaught.
Cuimnigh = cuimhnigh. Coinneóghadh = coingeóbhadh.
As go bráth leis-sean! away with him for ever! - he
vanished.
'Sérd a tá annti (innti), bean chunghanta, who is a
midwife = a tá 'na bean chunganta.
Finn-Bhearra, King of the Fairies.
An Bhruighin, The Fairy Palace. Feiceál = feicsint.
Geite, fear, terror. Do gheit sí, she started or was sur-
prised.
As a comhair = ós a comhair; so, also, as a cionn for ós
a cionn, agusc.
Istich = astigh. Amuic = amuigh. Aríst = arís. Eicínt
= éigin, some.
Fláitheasaibh, spoken as if fláithis.
Pé'r budh é airgiod, whatever money. See vol. iii., p. 24.
Bhfágfadh = bhfuigfeadh. Breághachta = breágha.
D'fhágaibh = d'fág.
Ceannacht = ceannach. Acabh = aca.
Ar leath-shúil, blind of one eye.
Beatha, provisions.
Duine bheo = duine bhí.
Caisleán an Eacaéid. Castle Hackett.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services