Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Mháire 's a Mhúirnín.
Title
A Mháire 's a Mhúirnín.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Mháire 's A Mhúirnín. A Máire 'gus a mhúirnín 'sa lúibín na gcraobh-fholt, An cuimhin leat mar do shiubhlamaois air dhrúich-tinnidhe an fhéir ghlais? A bhláth na n-uball g-cubhar tha na g-cnó buídhe 'sna g-caoradh air do pheursa nuair smuainighim is dubhach bídhim ad eugmuis.
A Mháire 'gus a mhúirnín, 's a lúibín na g-craobh-fholt, An cuimhin leat mar do shiubhlamaois air dhrúichtinnidhe an fhéir ghlais? A bhláth na n-ubhall g-cúbhártha, na g-cnó buidhe, 'sna g-caoradh, Ar do pheursa 'nuair smuainím 's dubhach bhídhim ad' éagmuis A ghrádh dhil 'sa rúinín, tar taoibh liom oidhche éigin? Nuair luighfid mo mhuinntir beidheam ag caint le na chéile; Mo lámh air do chuimín, ag deimhniughadh mo sgéil duit, 'Sgur b'é do ghrádh-sa a mhaighdean, bhuain radharc flathais Dé dhíom. Dá m-béidinn-se am' iasgaire shiar i m- Beinn Éidir 'S Máire na n-geal m-brághad na bradán air Loch Eirne; Is súgach 'sas meadhrach do raghainn-se dá h-éiliomh, 'S do gheabhainn ann mo líontán “Gríanán ban Éirionn.” Dá mbeidhinn-si am' lacha 's fairsinge sleibhe 'gam, 'S radharc air na flaithis d'fhonn m'anam do shaoradh, Do thabharfainn an ainghir a bhaile dá b-feud- fainn, 'S leigfinn dá h-athair a bheith sealad dá h-éiliomh. Dá m-beidhinn-se i Lundain mar cheann air an ngárda 'S cead agam ó'n bh-francach mo long chur thar sáile, Chúig míle púnt, 's d'á m-b'fhiú sin gach lá me, 'Sí Máire mo roghasa, 's do bhronnfainn mo stát di. Tá mo mhuinntir gabháil damhsa chionn ná phósfainn an síothbhra, Go bh-fuil briosgáinín bó 'ci 'san t-ór ag a muinntir; Go déimhin díbh-se a chomharsana dá m-budh dhóigh liom-sa an nídh sin 'S geárr go bh-feicfídh mo chróchar mar shnuachar 'san tír so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services