Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Mháire 's a Mhúirnín.

Title
A Mháire 's a Mhúirnín.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A Mháire 's A Mhúirnín.



A Máire 'gus a
mhúirnín 'sa lúibín na gcraobh-fholt, An
cuimhin leat mar do shiubhlamaois air
dhrúich-tinnidhe an fhéir ghlais? A bhláth na
n-uball g-cubhar tha na
g-cnó buídhe 'sna g-caoradh air do
pheursa nuair smuainighim is
dubhach bídhim ad eugmuis.


L. 74


A Mháire 'gus a mhúirnín, 's a lúibín na
g-craobh-fholt,
An cuimhin leat mar do shiubhlamaois air
dhrúichtinnidhe an fhéir ghlais?
A bhláth na n-ubhall g-cúbhártha, na g-cnó
buidhe, 'sna g-caoradh,
Ar do pheursa 'nuair smuainím 's dubhach
bhídhim ad' éagmuis



A ghrádh dhil 'sa rúinín, tar taoibh liom oidhche
éigin?
Nuair luighfid mo mhuinntir beidheam ag
caint le na chéile;
Mo lámh air do chuimín, ag deimhniughadh mo
sgéil duit,
'Sgur b'é do ghrádh-sa a mhaighdean, bhuain
radharc flathais Dé dhíom.



Dá m-béidinn-se am' iasgaire shiar i m-
Beinn Éidir
'S Máire na n-geal m-brághad na bradán
air Loch Eirne;
Is súgach 'sas meadhrach do raghainn-se dá
h-éiliomh,
'S do gheabhainn ann mo líontán “Gríanán
ban Éirionn.”



Dá mbeidhinn-si am' lacha 's fairsinge sleibhe
'gam,
'S radharc air na flaithis d'fhonn m'anam do
shaoradh,
Do thabharfainn an ainghir a bhaile dá b-feud-
fainn,
'S leigfinn dá h-athair a bheith sealad dá
h-éiliomh.



Dá m-beidhinn-se i Lundain mar cheann air
an ngárda
'S cead agam ó'n bh-francach mo long chur
thar sáile,
Chúig míle púnt, 's d'á m-b'fhiú sin gach lá
me,
'Sí Máire mo roghasa, 's do bhronnfainn mo
stát di.



Tá mo mhuinntir gabháil damhsa chionn ná
phósfainn an síothbhra,
Go bh-fuil briosgáinín bó 'ci 'san t-ór ag a
muinntir;
Go déimhin díbh-se a chomharsana dá m-budh
dhóigh liom-sa an nídh sin
'S geárr go bh-feicfídh mo chróchar mar
shnuachar 'san tír so.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services