Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comrádh Ceathrar Ban.
Title
Comrádh Ceathrar Ban.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMRÁDH CEATHRAR BAN. Lá breág gréine do shuígh ceathrar ban faoi chrann mhór liubháin a' ligean teas an lae thairrstiub agus in 'san g-cómhrádh do bhí eatarrub do thosuigh gach bean acub a moladh ceirde a fir féin. Budh bean fir ceirde gach aen n-duine do'n cheathrar. Bean siunéura an cheud bhean; an dara bean b'ádhbhar gaibhne a fear; an treas bean budh bhean fígheadóra í; agus an ceathramhadh bean budh bhean feilméara í. Do labhair an cheud bhean agus a dubhairt sí. Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne 'Ná triúr saor a' dhul chum coille, A thuaigh féin i laimh gach aen duine, Agus iad a' bualadh gach le buille. Ann sin do labhair an dara bean agus dubhairt sí mar so:— Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne 'Ná triúr gaibhne bhi geilleadh greidil; Ord fhéin i laimh gach aen n-duine Agus iad a' bualadh buill' air bhuille. Anois dubhairt an tríomhadh bhean leithe féin, dar mo mhóid sílim féin go m-buail- fidh mise sibh, a' rádh na bh-focal so:— Níor chualaidh mise 'riam ceol budh bhinne Ná ceol spóil, úghaim, agus slinne, Pota na feola a' fiuchadh air an teine, Agus túirnea an iteán 'g dhul le buile. Maiseadh ars an ceathramhadh bean, ag eirgheadh 'na seasadh, ní córa dhaoibh ná dhamhsa; 'sé mo mheas go ngnóigheóghaidh mé an lá. Ann sin dubairt sise:— Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne Ná ceuchta cúmtha, cumhra, cliste, An cionnaire a' rádh leis an bh-fear deire An chreuróid thog'áil a's gan a milleadh. 'Nois, a mhná, Sílim gur liom an lá.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services