Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comrádh Ceathrar Ban.

Title
Comrádh Ceathrar Ban.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

COMRÁDH CEATHRAR BAN.



Lá breág gréine do shuígh ceathrar ban
faoi chrann mhór liubháin a' ligean teas an
lae thairrstiub agus in 'san g-cómhrádh do bhí
eatarrub do thosuigh gach bean acub a moladh
ceirde a fir féin. Budh bean fir ceirde gach
aen n-duine do'n cheathrar. Bean siunéura
an cheud bhean; an dara bean b'ádhbhar
gaibhne a fear; an treas bean budh bhean
fígheadóra í; agus an ceathramhadh bean budh
bhean feilméara í. Do labhair an cheud
bhean agus a dubhairt sí.



Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne
'Ná triúr saor a' dhul chum coille,
A thuaigh féin i laimh gach aen duine,
Agus iad a' bualadh gach le buille.



Ann sin do labhair an dara bean agus
dubhairt sí mar so:—



Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne
'Ná triúr gaibhne bhi geilleadh greidil;
Ord fhéin i laimh gach aen n-duine
Agus iad a' bualadh buill' air bhuille.



Anois dubhairt an tríomhadh bhean leithe
féin, dar mo mhóid sílim féin go m-buail-
fidh mise sibh, a' rádh na bh-focal so:—



Níor chualaidh mise 'riam ceol budh bhinne
Ná ceol spóil, úghaim, agus slinne,
Pota na feola a' fiuchadh air an teine,
Agus túirnea an iteán 'g dhul le buile.



Maiseadh ars an ceathramhadh bean, ag
eirgheadh 'na seasadh, ní córa dhaoibh ná
dhamhsa; 'sé mo mheas go ngnóigheóghaidh mé
an lá. Ann sin dubairt sise:—



Níor chualaidh mise 'riamh ceol budh bhinne
Ná ceuchta cúmtha, cumhra, cliste,
An cionnaire a' rádh leis an bh-fear deire
An chreuróid thog'áil a's gan a milleadh.



'Nois, a mhná,
Sílim gur liom an lá.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services