Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Ghiolla an amáráin: le Donnchadh Ruadh. An Dara Roinn. (Air leanamhain.)
Title
Eachtra Ghiolla an amáráin: le Donnchadh Ruadh. An Dara Roinn. (Air leanamhain.)
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA GHIOLLA AN AMARÁIN: le Donnchadh Ruadh. An Dara Roinn. (Air leanamhain.) I n-a dtáthar ar Aoibheall na Carraige Léithe d'a bhreith léi gus an áit le a ráidh- tear Elysium, ar gach radharc dá bh-feacaidh ann, agus ar a chasadh a bhaile. Eistig tamall go n-aithrisim sgeul díbh, A's tar éis na spairne geallaim nach breug sin. 155 Ar lár mo smuainte a's m'inntinn traochda, Tháinig an t-sigh-bhean mhíonla mhaordha, A cuacha sgaoilte síos go feur léi, 'Sa gruaidhe mar chaor ag suidheamh a sgéimhe. Ar fhighar a phearsan d'aithin mé ar éigin 160 Aoibheall chleasach na Carraige Léithe Do chuir si lámh ar chlár lag m'éadain, 'S do rug si 'n-áirde as m'árus féin mé. Do tharruing an fháigh-bhean mhánla léi me Gur stadadh linn láimh le báinsigh réidh- tigh. 165 D'amharcas uaim a n-gluaiseadh gaoth as, Sgeacha ar a bhruach leas-t-suas as fraoch glas, D'fiosfuigheas de'n stáid-bhean bháin chnis bheusach Cía an seachrán fáin 'nar bh'áil lei mé chur? Do thug sí freagra aibigh go h-easgaidh: 170 Ná cuireadh beart ar bith, fearg ná fraoch ort, Ná déan iongantas de nidhthibh an t- saoghail-so, Ná tréig mire go bh-fillir 's ní baoghal duit: Radharc nach bhj-fuair fir Tuadh-Mhúmhan is léir-go Bh-faghair-se uaim-se agus luach do shaothair. 175 Buaileamaoid a ngeibheal a chéile, 'San uaimh sin síos ar shoillse an lae ghil, Go bh-feacamar uainn ann cuanta a's geur-mhuir, Is Acheron fuar ag gluaiseacht taobh linn. So an t-anach 'n-a ngabhann an drong so d'eugann, 180 Gach anam a's samhuilt a ngeall do daorthar, Na mílte ceann do bhí ann go deurach. Nach bh-faghadh dul anonn tar abhann le réidhteach, Ni h-ionann mar thuiteann ó Virgil 'san Aeneid, Gur ab le h-uireasba a g-curtha ar an saoghal-so; 185 Acht slóighte chathann le rabuirne a saothar, Ag ól 'sa carbhus go bh-fanaid gan aonrud,
Gan cobhacaim aca na an leath-phinge dhéighionach, Le tabhairt do'n chalaith muna nglacaidh mar dhéirc í. Is é chluinim dá rádh ag lucht ráidhte a's léighin, 190 Gur bh'é duine bhí a m-bád ann Charon méirsgreach; Acht deirim-se leo gur dóibh is breug sin, 'S gur cleithire mór de phór na h-Éireann, Do chídhmís ann sean-bhád dá thiomain go saothrach - An dithreabhach golánta, Conán na Féinne. 195 Bhí croiceann dubh fóisge ar a thoin mar éadach 'S níor bheag linn go deo mar chomhartha an mhéid sin. Ní thabharfadh se Danas tar caladh gan real gheal 'S ní labharfadh dada acht Laidean na Gaedheilge. Nuair do chonairc sé Aoibheall bhinn a's me aice, 200 Croitheann se a mhaoil 's budh sgíosmhar a fheachain; A dúbhairt mar tharbh go feargach fraochda "A chrústa mhaluighthe, a chaile, 'sa mhéirlig Is dána thugair-se duine a g-cruth dhaonda A n-áit nach d-tigeann aon sgiolladh de'n chre ar bith. 205 Da m-b'fhiú liom mursantacht cumais do dheanadh, Do rúsgfainn tusa a's do ghiolla mar aon leat." Fóil, a churaidh, ar an mhiochair-bhean mhaordha, Tóg do chuthach as glac iomarca réidhtig; Duine gan bhuairt do fuair me a ngeur- bhruid, 210 De'n chine mhór a's d'uaislibh Eireann. Do rug an macaomh ar bhárr mo mheura, Do rigne sé gáir os árd a's béiceach; Le fuaim a ghotha do chritheadar spéurtha Do chualaidh an chruinne é is chuir ifrionn géim as. 215 Téidhim tar srothán 'san g-curachán caol dubh A's déanamh an t-aighgheárr g'nuig cnocán beag aorach; Go rángamar anaighe 'n a raibh gear- taidhe gan aon ghlas, A n-áit 'n-a raibh maisdín ag glamaoil gan traochadh. Ni breug do Virgil a deir i n-a bhéarsa, 220 Gur b'é so Cerberus do theibheadh an réidhteach: Na codla bhí ar cheart-lár án chosáin 'sgan fé sin, Acht soparnach piseán 'sé ag sronán 'sa séideadh. Do rug an fear foir-neart de phór na h-Éireann. Go dubh ar a sgornach le forsa a ghéaga; 225 'S níor léig do'n mhadra feacadh na straonadh, Gur ritheamar thairis faoi eagla 'ár n-daothain. Nior fanadh linn go barra an chnoic de'n réim sin Mar ar stadadh linn a' machtnamh 'sa feuchain Go bh-feacamair uainn an sluadh air gach taobh dínn 230 Aig tarraing ma g-cuaird 's a ruagadh a chéile. A dúbhairt linn suidhe go n-inseoch' éifeacht, A's cúntus díreach buidhne a's beusa Feuch-sa thall uait clann Gaedhélus, Ar sé, agus banntracht mhodh'ail na h-Éireann; 235 Feuch mar leanaid an aicme úd na d-trean-rith, Baint preimeacha as talamh, d'á g-car- tadh 's d'á g-caochadh.
Tá an ruag 'sa raide aig fir fearsa a's fenius. Air Thuatha de Danann d'á seaipeadh 's d'á sgeánadh. An bh-feicir-se Donn sa lann air faobhar 240 Aig teilgeann ceann a ngabhal a chéile? An bh-feicir fir ghroidhe na Traoi 'sna gréige? Hector 'sa choidheamh a maoidheamh a tréithe; An sean-duine Anchises críon le léithe, A mhac le na thaoibh 'sa sinnsear éachtach; 245 'S an obair úd ag Romulus 'saig Remus, Aig cur clocha-neirt aig cosaint cine a's reimteacht. A g-cloisir-se an glór so aig slóigh na n-Éigse, Aig seinm a g-ceolta a's spórt a's plé aca? Tá Horace ann a mealladh a shuilt Maecenas, 250 'S d'á ngearradh sin gan laga air bith le géire. Ovid na shuidhe air bhinnse féir ghlais As nota aige dh'á sgíriobh' go fuidheach chum Caesar. Juvenal 'sa phionna idir a mheuraibh, A's domblas mar dhubh aige a's geur- nimh. 255 Aodh buidhe Mac Cuirtín As Eirinn Agus é filidheacht go guth-bhinn i nGae- dheilge; A b-prionnsa suil go ceannsa d'a m-breugadh, A's fonn a ghuib go d-tabharfadh duin ó'n eug leis. An bh'fheicir na gaill-fhir aig luidhe seach i n-aon-lucht. 260 S go m-beirid a g-cinn tar na Cyclops le chéile. Atáid ann súd, uch! trúip na féinne, Go h-árdhach, lúbach, lúith-mhear léimneach. Uch, a Fhinn Mhic Chumhail, a chlú na m-béimeann, Dá mairfinn-se a's tú 'n ár n-dúithche gaolmhar, 265 Do bhéarfamaois fortacht do bhochtaibh go caomhnach, Agus cabhair a's fosgadh do'n ollamhuin léigheannda: Do thabharfaimis a bhaile 'rís an Faraire Mac Sheámuis, A's bheidh cabhair le n-aghaidh i 'n-Albain, no mealladh me féin les. Machtnaidh-se lúter d'iompuid an teurma 270 As Calvin 'na chrústa aig cubhar le méithchrus; An t-Ochtmhadh heinridh 'sa bhainríoghain taobh leis, Crochda le slabhraidhibh as bhrannraidhibh daora. 'S gach Sagsanach ghabhann an ball so pleusgann, An ceathrar cam so d'iompuidh an chléir uainn. 275 Iad so tá sgaoilte 's do chídhir gan aon ghlas Béarfar arís go rioghacht Mhic Dé 'steach. Imthigh-se a bhaile, ar an faraire trean- mhear A dhuine so thagann mar teachdaire as Eirinn. Is fada bheidh síolrach min-tais Sheumuis 280 Fa ceannus an rígh tá didhean bhur ngaodhlaibh. Go n-eiréochaidh plannda de sheann- sliocht Éibir. Do dhéanfaidh cuncas mar gheall air éigceart Do bhainfidh an choróin de'n chóip in a éiric; Acht lean-sa go foil de phór Mhilésius. 285 Seachain an t-olc do loit síol Ebha air fad, Gabh paidir, a's trosgadh, a's cros mhic Dé ort; Bí déirceach, carthanach, air lasadh le daonnacht,
As réim na bh-flaitheas do gheabhair más féidir. Rachad-sa air siúbhal, ta liú agus glaodh orm, 290 Aig an aicme so liútair do bhrúgaidh na h'aeghe 'n am; Do mharbh an Francach an domhan 'sa saoghal díobh A's caithfead-sa a d-tabhairt anonn do'n taobh so. Go ro fhada sginn sé ó'm radharc de'n léim sin, 'S do thóg Aoibheall íoguir lei me. 295 Thangamar aníos air choignioll nach léir dam, Mar ruaigthear libh coinín as phoillín le spéice. Gan stad, ó'm smúid do mhúsgail mé ann sin, S mo leaba-fum, mo thronc, a's m'éadach: As amhlaidh bhraitheas tarsna le faothamh, 300 'S an long ag tarraing go Sagsana air foireigin. 'Sé chrádh mo chroidhe 'n uair smuainidh mé ann sin, Gach gádh ar ghabhas tríd gur thaibhreadh bréige é. Chuaidh duine 'sa g-crann i d-teannta an maintop, S da chonairc sé thall an long le séide. 305 Helm a lee! 's budh bínn an sgéal liom, A dúbhairt Captaoin Allen go feargach fabhrach, Gunner, give fire; we'll fight the negroes. We'll conquer or die, my Irish heroes! All hands aloft; do phreb me am' léine, 310 S' do bhí cutlass am' ghlaic as faobhar air. Gunna agus piosdal ann ionad a chéile. Do bhíodhmar bórd re bórd ag raobadh; ag gabháil de ghunnaidhibh a mullaidhibh a chéile; Raig a's gorraidhe as buillidhe tréana, 315 Fuaim a's geoin, a's gleó agus caor- thainn. Gártha, as troid, as gol as béiceach; Do chualaidh Corca, 's níor bh'fhogus d'á chéile, Fuaim an chogadh so, as torann an lae sin. Frigate mear Francach, lom, glan, gléusda, 320 Do chuir sinn a b-ponc 's sgannradh ar n-daothain. Faoi dhá fhichid glan ghunadh dá léigion gach féile. Budh rogha linn casadh chomh gasda 's dob' fhéidir, 'Sa long budh mheasa chum reatha bíodh fé dhe. Do bhí a g-cuid fola 'na locha ar an main deck; 325 Siós rem' bhrollach do polladh mo thaobh-sa. A g-críoch an chogaidh do loiteadh me am' éadan, 'Sa gj-ceinn 'sa g-corpa fá'm chosaibh 'na dtraosta Haul yards, stand by, and hoist the main sail; Haul tacks and sheets, and free the stay-sails! 330 A bh-foircheann do gabhadh sinn re lom- cheart mo sgeulta, Locadh faoi an hold sinn a d'teannta 'sa d-tréanas, Gan blaise na beatha o mhaidhin a n-dé againn. A lagus a n-easba, a d-taise, 'sa n-éagcruth. Do bhraitheamar barraile leanna bhí taobh linn, 335 D'ólamar gaise 's do theasduigh go daor uainn. 'S do rinnneamar deck, agus deire do raobhadh, S do rugamar treis ar bhreis agus caogad. De'n aicme sin an Laoisigh mar chaoirigh gan aodhaire, S do bhalcamar síos san g-cuibhreach téadna iad.
340 Do chasamar soir ar luighe do Phoebus, A g-cúrsa comhthrom go portaibh na h-Eireann. Marbhadh fiche da bh-fuirion 'sa sgléip sin, Ni arimhidhim tuille do milleadh bhí creéachtach. Do chailleamar triúr a d-túis an lae ghil, 345 Do bhí gearradh agus bhrúghadh ar chuig fir deug díobh. Chuaidh urchar in dailtin an chaptaoin sní leun liom. Do ghoid sé mo chaípin 's níor dhanaoid leis maol me. Rangamar an Phasaisde go batrálta, tréith-lag, 350 S'do thangas go Portlairge ar chos- anáirde 'm'aonar. Timchioll míosa claoidhte créimtheach, Bhíos am' luighe gur leighis Mac Dé me. Tigim a bhaile go tapaidh 's budh dhéirc liom, 'S is dearbh nach glacar na breug sin, 355 Ar loing fad mhairfead ni rachfad má fhéadaim, Muna rachfainn le stracadh no cean- gailte le téadaibh, Mar bharra ar gach nidh le Criost biodh buidheachas A Chara bí am dhíon, a Righ na tréig sinn. A Righ na bh-flaitheas do cheannuigh go daor, sinn, 360 Sgaoil ar nglasa o'n b-peacadh 's an t-saghal so; Tóg-sa t'fearg dinn, neartuigh a's saor ainn, As fóir ar ar n-anam, - sin agaibh mo sgeul-sa. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services