Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Ghiolla an amáráin: le Donnchadh Ruadh. An Dara Roinn. (Air leanamhain.)

Title
Eachtra Ghiolla an amáráin: le Donnchadh Ruadh. An Dara Roinn. (Air leanamhain.)
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1884
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA GHIOLLA AN AMARÁIN:
le Donnchadh Ruadh.



An Dara Roinn. (Air leanamhain.)



I n-a dtáthar ar Aoibheall na Carraige
Léithe d'a bhreith léi gus an áit le a ráidh-
tear Elysium, ar gach radharc dá bh-feacaidh
ann, agus ar a chasadh a bhaile.



Eistig tamall go n-aithrisim sgeul díbh,
A's tar éis na spairne geallaim nach
breug sin.
155 Ar lár mo smuainte a's m'inntinn
traochda,
Tháinig an t-sigh-bhean mhíonla mhaordha,
A cuacha sgaoilte síos go feur léi,
'Sa gruaidhe mar chaor ag suidheamh a
sgéimhe.
Ar fhighar a phearsan d'aithin mé ar
éigin
160 Aoibheall chleasach na Carraige Léithe
Do chuir si lámh ar chlár lag m'éadain,
'S do rug si 'n-áirde as m'árus féin mé.
Do tharruing an fháigh-bhean mhánla léi
me
Gur stadadh linn láimh le báinsigh réidh-
tigh.
165 D'amharcas uaim a n-gluaiseadh gaoth as,
Sgeacha ar a bhruach leas-t-suas as
fraoch glas,
D'fiosfuigheas de'n stáid-bhean bháin
chnis bheusach
Cía an seachrán fáin 'nar bh'áil lei mé
chur?
Do thug sí freagra aibigh go h-easgaidh:
170 Ná cuireadh beart ar bith, fearg ná
fraoch ort,
Ná déan iongantas de nidhthibh an t-
saoghail-so,
Ná tréig mire go bh-fillir 's ní baoghal
duit:
Radharc nach bhj-fuair fir Tuadh-Mhúmhan
is léir-go
Bh-faghair-se uaim-se agus luach do
shaothair.
175 Buaileamaoid a ngeibheal a chéile,
'San uaimh sin síos ar shoillse an lae
ghil,
Go bh-feacamar uainn ann cuanta a's
geur-mhuir,
Is Acheron fuar ag gluaiseacht taobh
linn.
So an t-anach 'n-a ngabhann an drong so
d'eugann,
180 Gach anam a's samhuilt a ngeall do
daorthar,
Na mílte ceann do bhí ann go deurach.
Nach bh-faghadh dul anonn tar abhann le
réidhteach,
Ni h-ionann mar thuiteann ó Virgil
'san Aeneid,
Gur ab le h-uireasba a g-curtha ar an
saoghal-so;
185 Acht slóighte chathann le rabuirne a
saothar,
Ag ól 'sa carbhus go bh-fanaid gan
aonrud,


L. 226


Gan cobhacaim aca na an leath-phinge
dhéighionach,
Le tabhairt do'n chalaith muna nglacaidh
mar dhéirc í.
Is é chluinim dá rádh ag lucht ráidhte a's
léighin,
190 Gur bh'é duine bhí a m-bád ann Charon
méirsgreach;
Acht deirim-se leo gur dóibh is breug
sin,
'S gur cleithire mór de phór na
h-Éireann,
Do chídhmís ann sean-bhád dá thiomain
go saothrach -
An dithreabhach golánta, Conán na
Féinne.
195 Bhí croiceann dubh fóisge ar a thoin mar
éadach
'S níor bheag linn go deo mar chomhartha
an mhéid sin.
Ní thabharfadh se Danas tar caladh gan
real gheal
'S ní labharfadh dada acht Laidean na
Gaedheilge.
Nuair do chonairc sé Aoibheall bhinn a's
me aice,
200 Croitheann se a mhaoil 's budh sgíosmhar
a fheachain;
A dúbhairt mar tharbh go feargach
fraochda
"A chrústa mhaluighthe, a chaile, 'sa
mhéirlig
Is dána thugair-se duine a g-cruth
dhaonda
A n-áit nach d-tigeann aon sgiolladh
de'n chre ar bith.
205 Da m-b'fhiú liom mursantacht cumais
do dheanadh,
Do rúsgfainn tusa a's do ghiolla mar
aon leat."
Fóil, a churaidh, ar an mhiochair-bhean
mhaordha,
Tóg do chuthach as glac iomarca réidhtig;
Duine gan bhuairt do fuair me a ngeur-
bhruid,
210 De'n chine mhór a's d'uaislibh Eireann.
Do rug an macaomh ar bhárr mo mheura,
Do rigne sé gáir os árd a's béiceach;
Le fuaim a ghotha do chritheadar spéurtha
Do chualaidh an chruinne é is chuir ifrionn
géim as.
215 Téidhim tar srothán 'san g-curachán
caol dubh
A's déanamh an t-aighgheárr g'nuig
cnocán beag aorach;
Go rángamar anaighe 'n a raibh gear-
taidhe gan aon ghlas,
A n-áit 'n-a raibh maisdín ag glamaoil
gan traochadh.
Ni breug do Virgil a deir i n-a
bhéarsa,
220 Gur b'é so Cerberus do theibheadh an
réidhteach:
Na codla bhí ar cheart-lár án chosáin
'sgan fé sin,
Acht soparnach piseán 'sé ag sronán 'sa
séideadh.
Do rug an fear foir-neart de phór na
h-Éireann.
Go dubh ar a sgornach le forsa a ghéaga;
225 'S níor léig do'n mhadra feacadh na
straonadh,
Gur ritheamar thairis faoi eagla 'ár
n-daothain.
Nior fanadh linn go barra an chnoic de'n
réim sin
Mar ar stadadh linn a' machtnamh 'sa
feuchain
Go bh-feacamair uainn an sluadh air
gach taobh dínn
230 Aig tarraing ma g-cuaird 's a ruagadh
a chéile.
A dúbhairt linn suidhe go n-inseoch'
éifeacht,
A's cúntus díreach buidhne a's beusa
Feuch-sa thall uait clann Gaedhélus,
Ar sé, agus banntracht mhodh'ail na
h-Éireann;
235 Feuch mar leanaid an aicme úd na
d-trean-rith,
Baint preimeacha as talamh, d'á g-car-
tadh 's d'á g-caochadh.


L. 227


Tá an ruag 'sa raide aig fir fearsa
a's fenius.
Air Thuatha de Danann d'á seaipeadh
's d'á sgeánadh.
An bh-feicir-se Donn sa lann air
faobhar
240 Aig teilgeann ceann a ngabhal a chéile?
An bh-feicir fir ghroidhe na Traoi 'sna
gréige?
Hector 'sa choidheamh a maoidheamh a
tréithe;
An sean-duine Anchises críon le léithe,
A mhac le na thaoibh 'sa sinnsear éachtach;
245 'S an obair úd ag Romulus 'saig
Remus,
Aig cur clocha-neirt aig cosaint cine
a's reimteacht.
A g-cloisir-se an glór so aig slóigh na
n-Éigse,
Aig seinm a g-ceolta a's spórt a's
plé aca?
Tá Horace ann a mealladh a shuilt
Maecenas,
250 'S d'á ngearradh sin gan laga air bith
le géire.
Ovid na shuidhe air bhinnse féir ghlais
As nota aige dh'á sgíriobh' go fuidheach
chum Caesar.
Juvenal 'sa phionna idir a mheuraibh,
A's domblas mar dhubh aige a's geur-
nimh.
255 Aodh buidhe Mac Cuirtín As Eirinn
Agus é filidheacht go guth-bhinn i nGae-
dheilge;
A b-prionnsa suil go ceannsa d'a
m-breugadh,
A's fonn a ghuib go d-tabharfadh duin
ó'n eug leis.
An bh'fheicir na gaill-fhir aig luidhe seach
i n-aon-lucht.
260 S go m-beirid a g-cinn tar na Cyclops
le chéile.
Atáid ann súd, uch! trúip na féinne,
Go h-árdhach, lúbach, lúith-mhear léimneach.
Uch, a Fhinn Mhic Chumhail, a chlú na
m-béimeann,
Dá mairfinn-se a's tú 'n ár n-dúithche
gaolmhar,
265 Do bhéarfamaois fortacht do bhochtaibh
go caomhnach,
Agus cabhair a's fosgadh do'n ollamhuin
léigheannda:
Do thabharfaimis a bhaile 'rís an Faraire
Mac Sheámuis,
A's bheidh cabhair le n-aghaidh i 'n-Albain,
no mealladh me féin les.
Machtnaidh-se lúter d'iompuid an
teurma
270 As Calvin 'na chrústa aig cubhar le
méithchrus;
An t-Ochtmhadh heinridh 'sa bhainríoghain
taobh leis,
Crochda le slabhraidhibh as bhrannraidhibh
daora.
'S gach Sagsanach ghabhann an ball so
pleusgann,
An ceathrar cam so d'iompuidh an chléir
uainn.
275 Iad so tá sgaoilte 's do chídhir gan
aon ghlas
Béarfar arís go rioghacht Mhic Dé
'steach.
Imthigh-se a bhaile, ar an faraire trean-
mhear
A dhuine so thagann mar teachdaire as
Eirinn.
Is fada bheidh síolrach min-tais Sheumuis
280 Fa ceannus an rígh tá didhean bhur
ngaodhlaibh.
Go n-eiréochaidh plannda de sheann-
sliocht Éibir.
Do dhéanfaidh cuncas mar gheall air
éigceart
Do bhainfidh an choróin de'n chóip in a
éiric;
Acht lean-sa go foil de phór Mhilésius.
285 Seachain an t-olc do loit síol Ebha air
fad,
Gabh paidir, a's trosgadh, a's cros mhic
Dé ort;
Bí déirceach, carthanach, air lasadh le
daonnacht,


L. 228


As réim na bh-flaitheas do gheabhair más
féidir.
Rachad-sa air siúbhal, ta liú agus glaodh
orm,
290 Aig an aicme so liútair do bhrúgaidh na
h'aeghe 'n am;
Do mharbh an Francach an domhan 'sa
saoghal díobh
A's caithfead-sa a d-tabhairt anonn do'n
taobh so.
Go ro fhada sginn sé ó'm radharc de'n
léim sin,
'S do thóg Aoibheall íoguir lei me.
295 Thangamar aníos air choignioll nach léir
dam,
Mar ruaigthear libh coinín as phoillín
le spéice.
Gan stad, ó'm smúid do mhúsgail mé
ann sin,
S mo leaba-fum, mo thronc, a's m'éadach:
As amhlaidh bhraitheas tarsna le faothamh,
300 'S an long ag tarraing go Sagsana
air foireigin.
'Sé chrádh mo chroidhe 'n uair smuainidh
mé ann sin,
Gach gádh ar ghabhas tríd gur thaibhreadh
bréige é.
Chuaidh duine 'sa g-crann i d-teannta
an maintop,
S da chonairc sé thall an long le séide.
305 Helm a lee! 's budh bínn an sgéal liom,
A dúbhairt Captaoin Allen go feargach
fabhrach,
Gunner, give fire; we'll fight the
negroes.
We'll conquer or die, my Irish heroes!
All hands aloft; do phreb me am'
léine,
310 S' do bhí cutlass am' ghlaic as faobhar air.
Gunna agus piosdal ann ionad a chéile.
Do bhíodhmar bórd re bórd ag raobadh;
ag gabháil de ghunnaidhibh a mullaidhibh a
chéile;
Raig a's gorraidhe as buillidhe tréana,
315 Fuaim a's geoin, a's gleó agus caor-
thainn.
Gártha, as troid, as gol as béiceach;
Do chualaidh Corca, 's níor bh'fhogus d'á
chéile,
Fuaim an chogadh so, as torann an lae sin.
Frigate mear Francach, lom, glan,
gléusda,
320 Do chuir sinn a b-ponc 's sgannradh ar
n-daothain.
Faoi dhá fhichid glan ghunadh dá léigion
gach féile.
Budh rogha linn casadh chomh gasda 's
dob' fhéidir,
'Sa long budh mheasa chum reatha bíodh
fé dhe.
Do bhí a g-cuid fola 'na locha ar an
main deck;
325 Siós rem' bhrollach do polladh mo
thaobh-sa.
A g-críoch an chogaidh do loiteadh me am'
éadan,
'Sa gj-ceinn 'sa g-corpa fá'm chosaibh
'na dtraosta
Haul yards, stand by, and hoist the
main sail;
Haul tacks and sheets, and free the
stay-sails!
330 A bh-foircheann do gabhadh sinn re lom-
cheart mo sgeulta,
Locadh faoi an hold sinn a d'teannta
'sa d-tréanas,
Gan blaise na beatha o mhaidhin a n-dé
againn.
A lagus a n-easba, a d-taise, 'sa
n-éagcruth.
Do bhraitheamar barraile leanna bhí
taobh linn,
335 D'ólamar gaise 's do theasduigh go
daor uainn.
'S do rinnneamar deck, agus deire do
raobhadh,
S do rugamar treis ar bhreis agus
caogad.
De'n aicme sin an Laoisigh mar chaoirigh
gan aodhaire,
S do bhalcamar síos san g-cuibhreach
téadna iad.


L. 229


340 Do chasamar soir ar luighe do
Phoebus,
A g-cúrsa comhthrom go portaibh na
h-Eireann.
Marbhadh fiche da bh-fuirion 'sa sgléip
sin,
Ni arimhidhim tuille do milleadh bhí
creéachtach.
Do chailleamar triúr a d-túis an lae
ghil,
345 Do bhí gearradh agus bhrúghadh ar chuig
fir deug díobh.
Chuaidh urchar in dailtin an chaptaoin
sní leun liom.
Do ghoid sé mo chaípin 's níor dhanaoid
leis maol me.
Rangamar an Phasaisde go batrálta,
tréith-lag,
350 S'do thangas go Portlairge ar chos-
anáirde 'm'aonar.
Timchioll míosa claoidhte créimtheach,
Bhíos am' luighe gur leighis Mac Dé
me.
Tigim a bhaile go tapaidh 's budh dhéirc
liom,
'S is dearbh nach glacar na breug
sin,
355 Ar loing fad mhairfead ni rachfad má
fhéadaim,
Muna rachfainn le stracadh no cean-
gailte le téadaibh,
Mar bharra ar gach nidh le Criost biodh
buidheachas
A Chara bí am dhíon, a Righ na tréig
sinn.
A Righ na bh-flaitheas do cheannuigh go
daor, sinn,
360 Sgaoil ar nglasa o'n b-peacadh 's an
t-saghal so;
Tóg-sa t'fearg dinn, neartuigh a's saor
ainn,
As fóir ar ar n-anam, - sin agaibh
mo sgeul-sa.



Críoch.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services