Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
De Bhás Cheit, Mhic Mágach.
Title
De Bhás Cheit, Mhic Mágach.
Author(s)
Céitin,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DE BHÁS CHEIT, MHIC MÁGACH. Fa tréanfhear an Ceat so, agus biodhbha biothfhoghlach air Ulltachaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá n-deachuidh an Ceat so i n-Ulltaibh do dhéanamh díbhfeirge, mar fá gnáth leis, go dt-tárla sneachta mór 'san am soin ann, agus ag tilleadh dhó, agus trí cinn laoch aige, do mharbhadh leis san turas sin, tig Conall Cearnach air a lorg, gur chuir fá ghréim (1) ag Ath Ceit é, gur chomraicsead re chéile, agus do thuit Ceat 's an chomhluinn sin, agus do tromghonadh Conall, gur thuit i n-éal air an láthair, iar d-tréigion iomad fola dhó. Leis sin tig Béalchu Breifne, tréinfhear de Chonnachtuibh do láthair, mar a bh-fuair Ceat marbh agus Conall i g-crothaibh báis, agus a dubhairt gur mhaith an sgeul an dá onchoin sin, da d-táinic aidhmhilleadh Eireann, do bheith is na h-ainreachtaibh sin. Is fíor sin, ar Conall, agus i n-díoghal a n-deárna misi de dhochar do Chonnachtaibh, marbh-sa mé. Is uime a dubhairt sin, de bhrígh go m-badh feárr leis ioná flaithios Eireann, laoch éigin eile d'á ghoin, ionnus nach biaidh clú a mharbhtha air aon laoch amháin de Chonnachtaibh. Ní mhuirfiod thú, ar Béalchu, óir is geall (2) ré bheith marbh dhuit an riocht i n-a bh-fuile, gidheadh béar liom thú agus cuirfiod léighios ort, agus má's téarno ód' h-othrus duit do dhéan comhrac aoinfhir riot, go n-díoltar liom ort gach dochar agus gach dioth dár h-ionradh leat air Chonnachtaibh, agus leis sin cuirios iomchar faoi, agus beirios leis d'á theach féin é gur chuir leighios air ann go bheith d'á chreuchtaibh cneasuighthe. Mar do mheas, iomorra, Béalchu eision do bheith ag téarno agus a neart féin ag fás
arís ann, do ghabh eagla re g-Conall é, agus ollmhuighthios triar laoch d'á chloinn le Béalchoin Breifne re marbhadh Chonaill tre fheall 's an oídhché air a leabuidh. Gidheadh fuair Conall dóigh air chogar na ceilge sin, agus an óidhche do bhí a bhara (3) fá 'n g-cloinn teacht do dhéanamh na feille, a dubhairt Conall re Béalchoin go g-caithfiodh malairt leaptha d'fhaghail uaidh no go muir- feadh é. Leis sin lúighios Béalchu, gé'r leisc leis é, i leabuidh Conaill, agus do luígh Conall i leabuidh Béalchon, go d-tángadar an triar laoch sin fa clann do Béalchoin, d'ionnsuíghe na leaptha i m-biodh Conall, gur marbhadh a n-athair fein leó. Mar do mothuigh, iomorra, Conall iadsan air marbhadh a n-athar i n-a riocht féin do ling orra, agus marbhthar iad a d-triúr leis (4), agus dícheantar leis iad mar aon re n-a n-athair, go rug air na mhárach a g-cinn d'á g-comh- mhoidheamh go h-Eamhuin: gona ag maoidheamh an ghníomhasa a tá an rann so as an seanchus, — Fa do chearduibh Conuill Cearnoigh, Ionnradh Manann, mór an módh, Is goin trí mac m-Béalchon m-Bréifne, Iar ngoin luighdheach mhic trí gcon. Gonadh é marbhadh Cheit, mhic Mágach, aus Bealchon Bréifne, go n-a thriur mac go nuige so. Céitin. (Forus Feasa air Eirinn.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services