Historical Irish Corpus
1600 - 1926

De Bhás Cheit, Mhic Mágach.

Title
De Bhás Cheit, Mhic Mágach.
Author(s)
Céitin,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DE BHÁS CHEIT, MHIC MÁGACH.



Fa tréanfhear an Ceat so, agus biodhbha
biothfhoghlach air Ulltachaibh é feadh a ré. Lá
n-aon dá n-deachuidh an Ceat so i n-Ulltaibh
do dhéanamh díbhfeirge, mar fá gnáth leis,
go dt-tárla sneachta mór 'san am soin ann,
agus ag tilleadh dhó, agus trí cinn laoch
aige, do mharbhadh leis san turas sin, tig
Conall Cearnach air a lorg, gur chuir fá
ghréim (1) ag Ath Ceit é, gur chomraicsead
re chéile, agus do thuit Ceat 's an chomhluinn
sin, agus do tromghonadh Conall, gur thuit
i n-éal air an láthair, iar d-tréigion iomad
fola dhó. Leis sin tig Béalchu Breifne,
tréinfhear de Chonnachtuibh do láthair, mar a
bh-fuair Ceat marbh agus Conall i g-crothaibh
báis, agus a dubhairt gur mhaith an sgeul an
dá onchoin sin, da d-táinic aidhmhilleadh
Eireann, do bheith is na h-ainreachtaibh sin.
Is fíor sin, ar Conall, agus i n-díoghal a
n-deárna misi de dhochar do Chonnachtaibh,
marbh-sa mé. Is uime a dubhairt sin, de
bhrígh go m-badh feárr leis ioná flaithios
Eireann, laoch éigin eile d'á ghoin, ionnus
nach biaidh clú a mharbhtha air aon laoch amháin
de Chonnachtaibh. Ní mhuirfiod thú, ar Béalchu,
óir is geall (2) ré bheith marbh dhuit an riocht
i n-a bh-fuile, gidheadh béar liom thú agus
cuirfiod léighios ort, agus má's téarno
ód' h-othrus duit do dhéan comhrac aoinfhir
riot, go n-díoltar liom ort gach dochar agus
gach dioth dár h-ionradh leat air Chonnachtaibh,
agus leis sin cuirios iomchar faoi, agus
beirios leis d'á theach féin é gur chuir leighios
air ann go bheith d'á chreuchtaibh cneasuighthe.
Mar do mheas, iomorra, Béalchu eision do
bheith ag téarno agus a neart féin ag fás


L. 318


arís ann, do ghabh eagla re g-Conall é, agus
ollmhuighthios triar laoch d'á chloinn le
Béalchoin Breifne re marbhadh Chonaill tre
fheall 's an oídhché air a leabuidh. Gidheadh
fuair Conall dóigh air chogar na ceilge sin,
agus an óidhche do bhí a bhara (3) fá 'n
g-cloinn teacht do dhéanamh na feille, a
dubhairt Conall re Béalchoin go g-caithfiodh
malairt leaptha d'fhaghail uaidh no go muir-
feadh é. Leis sin lúighios Béalchu, gé'r leisc
leis é, i leabuidh Conaill, agus do luígh
Conall i leabuidh Béalchon, go d-tángadar
an triar laoch sin fa clann do Béalchoin,
d'ionnsuíghe na leaptha i m-biodh Conall, gur
marbhadh a n-athair fein leó. Mar do
mothuigh, iomorra, Conall iadsan air marbhadh
a n-athar i n-a riocht féin do ling orra,
agus marbhthar iad a d-triúr leis (4), agus
dícheantar leis iad mar aon re n-a n-athair,
go rug air na mhárach a g-cinn d'á g-comh-
mhoidheamh go h-Eamhuin: gona ag maoidheamh
an ghníomhasa a tá an rann so as an
seanchus, —



Fa do chearduibh Conuill Cearnoigh,
Ionnradh Manann, mór an módh,
Is goin trí mac m-Béalchon m-Bréifne,
Iar ngoin luighdheach mhic trí gcon.



Gonadh é marbhadh Cheit, mhic Mágach, aus
Bealchon Bréifne, go n-a thriur mac go
nuige so.



Céitin. (Forus Feasa air Eirinn.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services