Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aodh o Ceallaigh.
Title
Aodh o Ceallaigh.
Author(s)
Mac-Con_Mara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aodh o Ceallaigh. Air maidin a n-dé bhí camadam a sgéil, Aig gaige gan chéill d'á leathadh 'dir mhnáibh, Go bh-feacaidh sé Aod Ó Ceallaigh go tréith, I d-Talamh an Éisg 'na mhangaire smáil: Lag marbh 'san stage, gan tapa 'na ghéig Ó tharruing an eisg, 'sa t-sallainn do ghnáth A's sagsanach méath d'á lasgadh air a thaobh O bhathus go feur 'sdob' aindeis man phádh. Dob' aithnid dam fein fearaibh nach é Do chleachtadh an sgléip 'sna stadfadh on b-práisg; Do rachadh a b-plé le Sagsanach méath, I d talamh an Eisg 'sag baile gan tslás: Do phlabfadh do phleagfadh bathais a's plaosga, Do chnapfadh do raobfadh rathacha a's cnámha Le bata, le cloidheamh, le cleachaibh, le pileir: A's glacaim-se a Aodh ui Cheallaigh do Pháirt. Má's frolic le h-Aodh dul tamall d'á shaoghal, Go talamh an Éisg aig Caithe 'saig fághail, Ní taithneamh leis aon-fhear magaidh ná bréige. Bheith aig aithris sgéal air 'san m-baile do mhnáibh, Is fearamhail, faobhrach, leanabach, léidmheach, Calma an laoch é aig tarruing tar sáil; A's banna a's cléirceacs, arra 'gus éadach As airgiod réidh aige aig casadh 'san bh-fál. Is tapa do theidheann in shallop de léim A's na flaithis aig séideadh seachtmhuin no lá;
A's go m-b'fearra leis craos-mhuir gail- lean a's gaoth A's cranna d'á raobhadh na tarruing an ramha A ghlaca budh threun air halyard an main- sail, Taca a's teud dhá stracadh go clár Do neartuigh se an chéim i d-Talamh-an Éisg, As abram go léir go d-tagaidh sé slán. Is é an fearaire súgach do chaithfeadh na púint, Do sgaipfeadh an leann, sdo lagfadh an clár; Do chnagfadh 'san t-súil aon t-Sagsanach ramhar. * * * Bíonn caga, a's crúsga, cana a's cúbhar air, A's bata do lúbfadh in a dorn do gnáth: Ní chasfadh sé a'cul le fearaibh na Múmhan, No gur mhasluigh an gúta a chosa 'sa lámha. An té chasfadh le h-Aodh beith aig tarruing an t-séine Nó a m-barra na fleice as barra d'á chrádh, Sin damanta daor é má thagann go h- Eirinn. Beannuighid gach éigse cleasa 'gus bárd Dob fearra le gaodhail é beith eadtorra féin Aig seasamh 'san sgléip 'sag cur eagla air chach; Sin anfadh o'n aer i d'Talamh an éisg; Sin teasdas air Aodh Ó Cheallaigh ó'm láimh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services