Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aodh o Ceallaigh.

Title
Aodh o Ceallaigh.
Author(s)
Mac-Con_Mara, Donnchadh Ruadh,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1885
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Aodh o Ceallaigh.



Air maidin a n-dé bhí camadam a sgéil,
Aig gaige gan chéill d'á leathadh 'dir
mhnáibh,
Go bh-feacaidh sé Aod Ó Ceallaigh go
tréith,
I d-Talamh an Éisg 'na mhangaire smáil:
Lag marbh 'san stage, gan tapa 'na ghéig
Ó tharruing an eisg, 'sa t-sallainn do
ghnáth
A's sagsanach méath d'á lasgadh air a thaobh
O bhathus go feur 'sdob' aindeis man phádh.



Dob' aithnid dam fein fearaibh nach é
Do chleachtadh an sgléip 'sna stadfadh on
b-práisg;
Do rachadh a b-plé le Sagsanach méath,
I d talamh an Eisg 'sag baile gan
tslás:
Do phlabfadh do phleagfadh bathais a's
plaosga,
Do chnapfadh do raobfadh rathacha a's
cnámha
Le bata, le cloidheamh, le cleachaibh, le
pileir:
A's glacaim-se a Aodh ui Cheallaigh do
Pháirt.



Má's frolic le h-Aodh dul tamall d'á
shaoghal,
Go talamh an Éisg aig Caithe 'saig
fághail,
Ní taithneamh leis aon-fhear magaidh ná
bréige.
Bheith aig aithris sgéal air 'san m-baile
do mhnáibh,
Is fearamhail, faobhrach, leanabach, léidmheach,
Calma an laoch é aig tarruing tar sáil;
A's banna a's cléirceacs, arra 'gus
éadach
As airgiod réidh aige aig casadh 'san
bh-fál.



Is tapa do theidheann in shallop de léim
A's na flaithis aig séideadh seachtmhuin
no lá;


L. 298


A's go m-b'fearra leis craos-mhuir gail-
lean a's gaoth
A's cranna d'á raobhadh na tarruing an
ramha
A ghlaca budh threun air halyard an main-
sail,
Taca a's teud dhá stracadh go clár
Do neartuigh se an chéim i d-Talamh-an
Éisg,
As abram go léir go d-tagaidh sé slán.



Is é an fearaire súgach do chaithfeadh na
púint,
Do sgaipfeadh an leann, sdo lagfadh an
clár;
Do chnagfadh 'san t-súil aon t-Sagsanach
ramhar.



* * *



Bíonn caga, a's crúsga, cana a's cúbhar
air,
A's bata do lúbfadh in a dorn do gnáth:
Ní chasfadh sé a'cul le fearaibh na
Múmhan,
No gur mhasluigh an gúta a chosa 'sa lámha.



An té chasfadh le h-Aodh beith aig tarruing
an t-séine
Nó a m-barra na fleice as barra d'á
chrádh,
Sin damanta daor é má thagann go h-
Eirinn.
Beannuighid gach éigse cleasa 'gus bárd
Dob fearra le gaodhail é beith eadtorra
féin
Aig seasamh 'san sgléip 'sag cur eagla
air chach;
Sin anfadh o'n aer i d'Talamh an éisg;
Sin teasdas air Aodh Ó Cheallaigh ó'm
láimh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services