Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 5. Agallamh na m-Bárd.
Title
Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 5. Agallamh na m-Bárd.
Author(s)
O'Carroll, John James - Eoin Séamus Ó Cearbhaill,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHARCA DEALBHCHLUTHACHA. Uimh. 5. Eoin Séamus Ua Cearbhaill, S.Í. ro chán. Agallamh na m-Bárd. (MacLiag agus a mhac i láthair). MacLiag. — Chidhim anois Mac Coise 'g teacht annso Acht cia an duine tá in éinfheacht leis? Och ní fhuil aon amhrus air! Tá fios agam- sa Go maith anois. Feuch, feuch; sin Giolla Cómhghaill Ua Slébhin ollamh Uladh. Feuch, an nós Atá se déanadh cómhráidh agus siubhail! Anois agus arís ag stad, ag déanadh Mion-chorruigheachta le gach láimh, gac meur! Agus Mac Coise breágh, ag éisteacht leis, Ag stad, ag siubhal mar é, agus in aman- naibh Ag creathadh go fómósach, doimhin, a chinn. O Ghiolla Chomhghaill, Ghiolla Chomhghaill! Geur An teanga tá 'ga creathadh in do cheann-sa! Budh é an bárd, a mhic, — ní'r bh'eadh Mac Coise — Budh Ghiolla Comhghaill é, air son Mhaoil— sheachlainn Do cuireadh “ar cend Aeda U Néill Ri Aelig Agus ar cend Eocada Fós, Ri Uladh, Ga n-grisadh cath mór feargach fearamhuil thabhairt Do Bhrian agus do Leith Mogha leis, A's saordacht Teamhrach chosnamh riu air fad.” Och, sin an fear is leis an teanga gheur Ní mar Mhac Coise é. Caint eile aige-sean Níos bríoghmhara, níos uaisle, níos fearamhla Ag labhairt, d-taoibh Mhaoilsheachlainn le Ua Néill 'Na bhí riamh aig Mac Coise, bárd Mhaoilshea- chlainn Ag labhairt air a shon féin in Aileach. Ní fuair se buaidh, gidh budh mhaith a theanga, Ní fhaghann lámh air bith, ná teanga buaidh Air Bhrian ár n-Áirdrigh, agus bhí fios air sin I d-tír na n-Uladh a's in Aileach féin. Tá fós an teanga aig an duine buailte. Is geárr go m-beidh se 'nios annso. A mhic, Fan tamall beag, éist leis an g-caint a bheidheas. Cuirfead air bun cómhrádh i d-taoibh Mhaoilsheachlainn, Sul a bheidh seinm mór na m-bárd ag glaodhach. Nuair tosuigheann an ceol sin, imthigh leat. (Tigid asteach Mac Coise agus Ua Slébhin.) A Ghiolla Chómhghaill, fáilte, fáilte rómhat! Céad míle fáilte rómhat, a MhicCoise!
Ní fhuil fós aon duine acht mo mhac-sa ann. Nach maith atá an triur againn le chéile? Nach againne atá an chúmhacht is uaisle, áirde, Ós cionn na n-intinn a's ós cionn na ngníomh? Tig linne brosdughadh suas go h-obann meisnigh Na saighdiur a's na bh-flaith, a's cur na buaidhe 'Na suidhe le gach dóthchas in a g-croidhe. Cuireann an righ foiréigean air na daoinibh Acht cuirimíd-ne gean do'n éigean féin. Bronnamaoid air ghníomharthaibh na n- daoineadh luth, Luthgháire, uras, saidhbhreas séin a's cúmhach- ta Óir dúisgimíd 'san anam daonda, brigh, Brigh na mór-smuaineadh, na síor-fhialmhair- eachta! Sin cúmhacht is linne í, sin cúmhacht na m- bárd! Nach maith atá ár d-triur-sa 'nois le chéile? Ua Slébhin. — Cad é a deiridh tusa air an meud sin? Mac Coise. — Tá cúmhacht mhór aig an m- bárd. Tá cúmhacht cho breágh sin Nach d-taithneann liom a moladh 'n iomar- cuidh. B'fheárr liom a taisbeánadh mar atá si féin. Ná h-abhair choidhche gur as ceol na m-bárd Dóirtear an meisneach mór in uair an bhaoghail. Ná h-abair choidhche gur in' am an bhróin Do tháinic sólás fíor do'n duine as. Dá m-beidheadh anois an baoghal air do cheann, An déarfá-sa gur ins an bh-filidheacht Gheobhthá an neart? Ná creid é sin go bráth. Och cia an duine brónach, nuair atá An dólas úr, éistfeadh le ceol no duan? Ní aimhsir filidheachta am na buaidheartha. Acht nuair nach bh-fuil aon mhothughadh-croidhe ro-gheur Nach bh-fuil chritheagla obann no crádh dian Níos mó le ga doghluaiste 'g ceusadh anam. Nuair d'fhill an t-síothcháin no an dóthchas chugainn, — Annsin is breágh, mór, iongantach, an chúmhacht Atá i bh-filideacht a's ceol na m-bárd. Cuimhnighim, nuair do chonnarcas an creach Do righneadh air mo dhún i g-Clártha, cheana, Trá dhaoinibh as an d-tuaisceart, bí mo chroidhe Mar bhriste in mo chliabh. Ní dhearnas smuaineadh Annsin air cheol no filidheacht air bith, Air d-tús do bhidheas báidhthe in mo bhrón. Acht tháinic dóthchas dam 'na dhiaigh sin, A's d'éirigh meisneach, d'éirigh smuaineadh, ionam; Smuaineas-sa air m'fhilidheacht, mo chumhacht Agus cómh-chuireas braisgeul. MacLiag. [air leith] — Och, mo náise thu! MacCoise. — Air thriall go h-Aileach dham go h-Aodh an righ, Bhí ádh air, a's budh mhaith leis adhbhacht, fonn; Ro chuir mo bhraisgeal sásadh, áthas, air; Thaithnigheas leis, a's fuair me tiodhlachthe I saidhbhreas a's i n-dhíoghaltas go leor. Sin cúmhacht an bháird! Tá cúmhacht againn an-diu. I measg an t-sluaigh mhóir so clann na h— Éireann. Ní sinne chuir an meisneach in a g-croidhe, Tá siad air fad go toilteanach annso, Le cath a's buaidh tres an m-bás a fhághail. Anois mar tá aca an dóthchas mór, Tig linne déanadh as an dóthchas áthas; Tig linne bronnadh air an meisneach clú. Sin cúmhacht na m-bárd, agus is breágh an chúmhacht í, Gan bheith coimh-ionnan le cúmhacht mhóir na righ. MacLiag. — Cad é a deir tu féin, anois, a Ghiolla Chómhghaill? Bh-fuil aondacht measg an t-sluaigh so d'á ríribh?
Ua Slébhin. — Atá an beirt agaibh ag dul a múgha! Ní fíor go bh-fuil ár g-cúmhacht ós cionn na righ. Ní fíor é, acht budh chóir é bheith 'na fhírinne, Och a MhicLiag, is mar dhuine sásta Bhidhis ag dóirt urlabhra áluinn síos Ag moladh méid na cúmhachta a's na glóire Budh chóir bheith againne measg na lucht a's righ. Is fíor gur linne eolas agus eagna, Is fíor gur linne bláth na críonachta Is fíor go bh-fuil sgiamhacth a's blas an bheoil Mar aon le mórdhacht céille aig na bárdaibh. Budh chóir mar sin gach cúmhacht bheith aig a g- cómhairle; Faraoir, ní maith le righ ná daoinibh í! Ní trínne cruinnighthear anois na sluaighte Ní tré ár g-ceol air chlú agus súbháilce Tré shaint na n-daoineadh tá a meisneach aca; Tré ghliocas suarach faghann cómhairle buaidh. Och! a MhicLiag, tá tu caoch nach bh-feicir An droch-chaoi tá an domhan mór siubhal go brodamhail. MacLiag. — Agus cad é do dheárfá um MacCoise? Ua Slébhin. — Is measa é 'ná thu. Tá amharc aige-sean. Chidh se gur beag an clú no cúmhacht tá againn, Agus atá se sásta leis. Budh chóir Le fearg anois bheith lasta suas, nach bh-fuil Ár g-ceannas ceart, ár g-cúmhacht iomchubh- aidh againne. MacLiag Óg, — Ní ró-mhór chailleas-sa mar sin ná'r fheudas Fóghluim an mhéid tá riachtanach do'n bhárd. MacLiag. — Bí tosdach, thu! MacLiag Óg. — A athair, iarraim logha. Ua Slébhin. — Bidheadh fios agat, anois, a dhuine óig, Nach bh-fuil aon chiall in do chaint no gáiridhe. Is dóigh leat gur faon, gan cúmhacht, ár bh- fearg, Ní fheicir gleus an chatha in ár láimh Bidheadh fios agat go bh-fuil gleus-catha mór San bh-feirg, an uair atá si air an m-bárd. Sin cúmhacht an bháird dá ríribh, teanga nimhneach. Is measa le gach righ, 'ná ga a námhad, An t-aor do chaith an file in a aghaidh. Nuair tá an t-eigseach teilgthe, tarcuis- nighthe, Tá in a lámhaibh díoghaltas níos mó 'Ná bidheann aig Áirdrigh na h-Éireann no an domhain Sin cúmhacht na m-bárd tá fanacht linne fós. Ins an am ársa bhí níos mó 'ná sin. Och a MhicLiag, a MhicCoise, chuige Nach bh-fuilmid 'nois mar ins an am chuaidh tharrainn Do bhí sean-bháird na h-Éireann? O! annsin Bhí aondacht 'measg na m-bárd. Fíor-aon- dacht í! Ní aondacht mar an aondacht tá an-diu, Idir damh-oide a's a dhamhtachaibh; Acht aondacht 'measg na m-bárd budh mhó 'san tír Do shiubhaladh mar aon dream ó áit go h-áit A's in gach áit do gheibhidís a d-toil. Annsin budh dóigh na m-bárd an dóigh árd- choitchionn í, Bhidheadar fó bhláth, fó chúmhacht. Níor lámh aon righ Cur tarcuisne no diultaidh air a meas. Cá bh-fuil an aondacht imthighte anois? Aig gach aon righ atá a bhárd, a's d'éirigh Na báird fóniósach, geilleamhail cladhardha. Ní'l 'nois an dóigh árd-choitchionn in a láimh: Oir ní'l aon dóig fhíor-choitchionn in a g- ceann. Mo thruaigh! Ní'l aon dóigh air bith níos mo Aig cuid mhaith de na bárdaibh, acht an dóigh Is maith le righthibh bheith. Do cailleadh, cailleadh An dóigh árd-choitchionn láidir ins an tír
An dóigh fíor-eagnach dar ab chúmhacht 'san intinn. A's d'imthigh' leis, dóigh neachamhail, mheisne- amhail, bhreágh. Cad é tá riaghlughadh 'nois i d-tír na h- Éireann? An-toil neamhsmachtuighthe a's dóthchas suarach. MacCoise. — Na' h-abair nidh mar sin. Tabhair aire, a chara. Ua Slébhin. — Aire! Cad é an eagla a tá ort? Is fíor gur caillte neart na h-aondachta; Tá saoirseacht neachamhail aig mo theangain fós. Ní thig le bárdaibh treorughadh 'nois na righ; Ní thig le righthibh cur 'na thocht aon bháird Air eígean, acht amháin le ór, le cumhthach. Ará an t-oiread aondachta fós againn, Atá an t-oiread grádha orainn féin, Go m-beidhmís aontuighthe in aghaidh gach duine Nach leigfeadh saoirseacht-teangan do na bárdaibh. MacLiag. — Is maith a dubhairt. Abair gur fíor é sin. Och! a Mhic Coise, bh-fuil aon amhrus air? Mac Coise. — Ní'l amhrus air go deimhin. Admhuighim. Ní foir-neart bhí in m'intinn acht árd- chuibheas. Ua Shlébhin. — Nach deas an cuibheas, breug a's cladhaireacht? MacLiag. — Ná bac leis. Abair dúinn an fhírinne. Fíor duit nach bh-fuil an aondacht 'measg na m-bárd Acht amháin le h-aghaidh iad féin a chosaint In aghaidh na n-daoineadh eile ins an tír. Is beag an aondacht 'measg na m-bárd anois. D'fhág an fhíor-aondacht iad agus d'imthigh Do réir mo dhóigh-sa go na righthibh. Abair, Nach é do mheas-sa a Mhic Coise? Mhac Coise. — Seadh. Agus is deas fíor-aondacht an mhór-shluaigh. MacLiag Óg.— Is deas go deimhin! Áit a bh-fuil an chúmhacht, Gach gleus do chum na troda a's an bháis, Agus an t-anam ullmhuighthe go geur,— An aondacht bheith air an taoibh chéudna fós! Is deas, is iongantach an t-amharc é. Ua Slébhin. — Budh mhór an t-iongnadh é. MacLiag. — Agus go mór-mhór, Maoilsheachlainn bheith comhaontuighthe le Brian, Iar n-a bheith cheana 'na áirdrigh, cho h-úmhal sin 'nois! Deireann anois na daoine go h-an-choitchionn Clanna na h-Éireann bheith anois le Brian Uile go léir. Ní fíor go beacht é sin. Acht 's mó an bhuaidh an t-aon fhear amháin Beith aige 'ná dá m-beidheadh dhá chúige 'g leanamhain, Agus is maith liom féin bheith rádh go bh-fuil Clanna na nGaedheal air fad i lámhaibh Bhriain Mar fheicim 'nois ní h-é amháin Connachta Do réir mar tá Múmha, agúmh lughadh dhó Acht Midhe na h-Ua Néill, sean-Mhidhe na n-áirdrigh. Agus Maoilsheachlainn, a h-áirdrigh athríoghtha Ag déanadh tola Bhriain Mhic Chinnéidigh. Agus má's fíor nach bh-fuil na h-Ultaigh. Tabhairt congnaidh dhúinn annso, atá se cinnte Nach g-cuirfidís in aghaidh an Áirdrigh Bhriain. D'iarr Maoilsheachlainn orra thabhairt an chongnaidh sin A's fuair se diultadh. Ro fhaoidh se thu, Ua Slébhin, teachtaire go h-Aodh in Aileach Agus do sheun Aodh, an righ, gach congnadh dhuit-se, Ní raibh annsin aon tairbhe in d'urlabhairt Ag caint air fhine, fineur, cineul, sliocht, Áirdrigheacht ársaidh na n-Ua Néill, do bhí Idir a síol in Uladh a's i Midhe.
Dob' fheárr le Righ Aodh an d-síothcháin le Righ Brian. Mar sin a deirim go bh-fuil aondacht ann. Aondacht níos mó 'ná cheana bhí a riamh, Aondacht níos feárr 'ná nuair bhí báird fó bhláth, Aondacht na righ, fíor-aondacht clann na nGaedheal! Ua Slébhin — Atá an chiall buailte le do cháint! Is bunoscionn atá an fhírinne In gach aon chuid, gach blodh agus gach blúire De'n aithris so ro-bhloscaigh bhlomasaigh - Och, Foighid! Foighid! MacLiag. — Taisbeán dam mo mhí-cheart. Craobhsgaoil, tabhair míniughadh. 'S maith liom éisteacht leat. Ua Slébin. — Och atá iomadamhlacht mear- bhal ann! Agus ní thig liom feicsin cia an nidh Budh chóir dam ceartughadh 'nois i d-tús Cad é An cheud nidh d-innsis? 'Nois ní fheadar-sa. Ciannos co-chuiris-se do bhraisgeul baoth. Mac Coise. — Taisbeán Maoilsheaclainn dó, mar tá dá ríribh Mo thighearna, — air a shon do labhrais-se, In do thir-duthchais féin ós cómhair na righ,- Cruthuigh go bh-fuil se' fearamhail uasal fós, I lá na mádhma mar i lá na buaidhe. Ta aithne agat air, mar agam-sa. Taisbeán le aileacht, críonacht, neart do bhréithre, Céimeamhaileacht, agus maise beus Mhaoil- sheachlainn righ. Gur chosain se go meisneamhail árd gach ceart Bhí aige ó n-a thír a's ó n-a shíol, Le dóthchas mór árd-intinneach ro-fhial: Agus nuair airigh se gur fhág a shíol é Ro leig se síos go fial fos gach céim Bhí aige, acht amháin a ríoghacht — Midhe A's d'fhan 'na ghaisgidheach budh mhó in Éirinn Le croidhe neimhbhriste. 'Nois bidheadh aithne air. Ua Slébhin. — Taisbeánfad-sa Maoil- sheachlainn daoibh go demhin Ní'l aithne mhaith air aig aon duine agaibh Níor leig se síos cho h-obann sin a chéim Inneosad daoibh mar eachtaire an sgeul A's cuirfead ós bhur g-cómhair go h-iom- lán é. Pars magna fui, Suidhídh síos anois Thusa annsin, thusa annsúd mar táir, Suidh síos annso, a ógánaigh, a deirim; Ní éireochaidh aon fhear 'nois no go m-beidh go beacht Fios aige cia an fear Maoilsheachlainn é. Fanfad am' shearadh in bhur measg go d-tí sin Ag tabhairt fíor-theagaisg daoibh. Éistídh 'nois Is breágh an nidh an fios ceart bheith aig daoinibh. MacLiag. (Lé n-a mhac)— Go mór-mhór fios ceart air Mhaoilsheachlainn 'nois.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services