Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 5. Agallamh na m-Bárd.

Teideal
Amharca Dealbhchluthacha: Uimh. 5. Agallamh na m-Bárd.
Údar
O'Carroll, John James - Eoin Séamus Ó Cearbhaill,
Bailitheoir/Eagarthóir
Coimín, Dáithí
Dáta cumtha
1883
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

AMHARCA DEALBHCHLUTHACHA.



Uimh. 5.



Eoin Séamus Ua Cearbhaill, S.Í.
ro chán.



Agallamh na m-Bárd.
(MacLiag agus a mhac i láthair).

MacLiag. — Chidhim anois Mac Coise 'g
teacht annso
Acht cia an duine tá in éinfheacht leis?
Och ní fhuil aon amhrus air! Tá fios agam-
sa
Go maith anois. Feuch, feuch; sin Giolla
Cómhghaill
Ua Slébhin ollamh Uladh. Feuch, an nós
Atá se déanadh cómhráidh agus siubhail!
Anois agus arís ag stad, ag déanadh
Mion-chorruigheachta le gach láimh, gac meur!
Agus Mac Coise breágh, ag éisteacht leis,
Ag stad, ag siubhal mar é, agus in aman-
naibh
Ag creathadh go fómósach, doimhin, a chinn.
O Ghiolla Chomhghaill, Ghiolla Chomhghaill! Geur
An teanga tá 'ga creathadh in do cheann-sa!
Budh é an bárd, a mhic, — ní'r bh'eadh Mac
Coise —
Budh Ghiolla Comhghaill é, air son Mhaoil—
sheachlainn
Do cuireadh “ar cend Aeda U Néill Ri
Aelig
Agus ar cend Eocada Fós, Ri Uladh,
Ga n-grisadh cath mór feargach fearamhuil
thabhairt
Do Bhrian agus do Leith Mogha leis,
A's saordacht Teamhrach chosnamh riu air
fad.”
Och, sin an fear is leis an teanga gheur
Ní mar Mhac Coise é. Caint eile aige-sean
Níos bríoghmhara, níos uaisle, níos
fearamhla
Ag labhairt, d-taoibh Mhaoilsheachlainn le Ua
Néill
'Na bhí riamh aig Mac Coise, bárd Mhaoilshea-
chlainn
Ag labhairt air a shon féin in Aileach.
Ní fuair se buaidh, gidh budh mhaith a theanga,
Ní fhaghann lámh air bith, ná teanga buaidh
Air Bhrian ár n-Áirdrigh, agus bhí fios air
sin
I d-tír na n-Uladh a's in Aileach féin.
Tá fós an teanga aig an duine buailte.
Is geárr go m-beidh se 'nios annso. A
mhic,
Fan tamall beag, éist leis an g-caint a
bheidheas.
Cuirfead air bun cómhrádh i d-taoibh
Mhaoilsheachlainn,
Sul a bheidh seinm mór na m-bárd ag
glaodhach.
Nuair tosuigheann an ceol sin, imthigh leat.



(Tigid asteach Mac Coise agus
Ua Slébhin.)



A Ghiolla Chómhghaill, fáilte, fáilte rómhat!
Céad míle fáilte rómhat, a MhicCoise!


L. 234


Ní fhuil fós aon duine acht mo mhac-sa ann.
Nach maith atá an triur againn le chéile?
Nach againne atá an chúmhacht is uaisle,
áirde,
Ós cionn na n-intinn a's ós cionn na
ngníomh?
Tig linne brosdughadh suas go h-obann
meisnigh
Na saighdiur a's na bh-flaith, a's cur na
buaidhe
'Na suidhe le gach dóthchas in a g-croidhe.
Cuireann an righ foiréigean air na daoinibh
Acht cuirimíd-ne gean do'n éigean féin.
Bronnamaoid air ghníomharthaibh na n-
daoineadh luth,
Luthgháire, uras, saidhbhreas séin a's cúmhach-
ta
Óir dúisgimíd 'san anam daonda, brigh,
Brigh na mór-smuaineadh, na síor-fhialmhair-
eachta!
Sin cúmhacht is linne í, sin cúmhacht na m-
bárd!
Nach maith atá ár d-triur-sa 'nois le chéile?



Ua Slébhin. — Cad é a deiridh tusa air
an meud sin?



Mac Coise. — Tá cúmhacht mhór aig an m-
bárd. Tá cúmhacht cho breágh sin
Nach d-taithneann liom a moladh 'n iomar-
cuidh.
B'fheárr liom a taisbeánadh mar atá si
féin.
Ná h-abhair choidhche gur as ceol na m-bárd
Dóirtear an meisneach mór in uair an
bhaoghail.
Ná h-abair choidhche gur in' am an bhróin
Do tháinic sólás fíor do'n duine as.
Dá m-beidheadh anois an baoghal air do
cheann,
An déarfá-sa gur ins an bh-filidheacht
Gheobhthá an neart? Ná creid é sin go bráth.
Och cia an duine brónach, nuair atá
An dólas úr, éistfeadh le ceol no duan?
Ní aimhsir filidheachta am na buaidheartha.
Acht nuair nach bh-fuil aon mhothughadh-croidhe
ro-gheur
Nach bh-fuil chritheagla obann no crádh dian
Níos mó le ga doghluaiste 'g ceusadh anam.
Nuair d'fhill an t-síothcháin no an dóthchas
chugainn, —
Annsin is breágh, mór, iongantach, an
chúmhacht
Atá i bh-filideacht a's ceol na m-bárd.
Cuimhnighim, nuair do chonnarcas an creach
Do righneadh air mo dhún i g-Clártha, cheana,
Trá dhaoinibh as an d-tuaisceart, bí mo
chroidhe
Mar bhriste in mo chliabh. Ní dhearnas
smuaineadh
Annsin air cheol no filidheacht air bith,
Air d-tús do bhidheas báidhthe in mo bhrón.
Acht tháinic dóthchas dam 'na dhiaigh sin,
A's d'éirigh meisneach, d'éirigh smuaineadh,
ionam;
Smuaineas-sa air m'fhilidheacht, mo chumhacht
Agus cómh-chuireas braisgeul.



MacLiag. [air leith] — Och, mo náise thu!

MacCoise. — Air thriall go h-Aileach dham
go h-Aodh an righ,
Bhí ádh air, a's budh mhaith leis adhbhacht, fonn;
Ro chuir mo bhraisgeal sásadh, áthas, air;
Thaithnigheas leis, a's fuair me tiodhlachthe
I saidhbhreas a's i n-dhíoghaltas go leor.
Sin cúmhacht an bháird! Tá cúmhacht againn
an-diu.
I measg an t-sluaigh mhóir so clann na h—
Éireann.
Ní sinne chuir an meisneach in a g-croidhe,
Tá siad air fad go toilteanach annso,
Le cath a's buaidh tres an m-bás a fhághail.
Anois mar tá aca an dóthchas mór,
Tig linne déanadh as an dóthchas áthas;
Tig linne bronnadh air an meisneach clú.
Sin cúmhacht na m-bárd, agus is breágh an
chúmhacht í,
Gan bheith coimh-ionnan le cúmhacht mhóir na
righ.



MacLiag. — Cad é a deir tu féin, anois, a
Ghiolla Chómhghaill?
Bh-fuil aondacht measg an t-sluaigh so d'á
ríribh?


L. 235


Ua Slébhin. — Atá an beirt agaibh ag dul
a múgha!
Ní fíor go bh-fuil ár g-cúmhacht ós cionn na
righ.
Ní fíor é, acht budh chóir é bheith 'na fhírinne,
Och a MhicLiag, is mar dhuine sásta
Bhidhis ag dóirt urlabhra áluinn síos
Ag moladh méid na cúmhachta a's na glóire
Budh chóir bheith againne measg na lucht a's
righ.
Is fíor gur linne eolas agus eagna,
Is fíor gur linne bláth na críonachta
Is fíor go bh-fuil sgiamhacth a's blas an
bheoil
Mar aon le mórdhacht céille aig na bárdaibh.
Budh chóir mar sin gach cúmhacht bheith aig a g-
cómhairle;
Faraoir, ní maith le righ ná daoinibh í!



Ní trínne cruinnighthear anois na sluaighte
Ní tré ár g-ceol air chlú agus súbháilce
Tré shaint na n-daoineadh tá a meisneach
aca;
Tré ghliocas suarach faghann cómhairle buaidh.
Och! a MhicLiag, tá tu caoch nach bh-feicir
An droch-chaoi tá an domhan mór siubhal go
brodamhail.



MacLiag. — Agus cad é do dheárfá um
MacCoise?



Ua Slébhin. — Is measa é 'ná thu. Tá
amharc aige-sean.
Chidh se gur beag an clú no cúmhacht tá
againn,
Agus atá se sásta leis. Budh chóir
Le fearg anois bheith lasta suas, nach bh-fuil
Ár g-ceannas ceart, ár g-cúmhacht iomchubh-
aidh againne.



MacLiag Óg, — Ní ró-mhór chailleas-sa
mar sin ná'r fheudas
Fóghluim an mhéid tá riachtanach do'n bhárd.



MacLiag. — Bí tosdach, thu!



MacLiag Óg. — A athair, iarraim logha.



Ua Slébhin. — Bidheadh fios agat, anois, a
dhuine óig,
Nach bh-fuil aon chiall in do chaint no gáiridhe.
Is dóigh leat gur faon, gan cúmhacht, ár bh-
fearg,
Ní fheicir gleus an chatha in ár láimh
Bidheadh fios agat go bh-fuil gleus-catha mór
San bh-feirg, an uair atá si air an m-bárd.
Sin cúmhacht an bháird dá ríribh, teanga
nimhneach.
Is measa le gach righ, 'ná ga a námhad,
An t-aor do chaith an file in a aghaidh.
Nuair tá an t-eigseach teilgthe, tarcuis-
nighthe,
Tá in a lámhaibh díoghaltas níos mó
'Ná bidheann aig Áirdrigh na h-Éireann no an
domhain
Sin cúmhacht na m-bárd tá fanacht linne fós.



Ins an am ársa bhí níos mó 'ná sin.
Och a MhicLiag, a MhicCoise, chuige
Nach bh-fuilmid 'nois mar ins an am chuaidh
tharrainn
Do bhí sean-bháird na h-Éireann? O! annsin
Bhí aondacht 'measg na m-bárd. Fíor-aon-
dacht í!
Ní aondacht mar an aondacht tá an-diu,
Idir damh-oide a's a dhamhtachaibh;
Acht aondacht 'measg na m-bárd budh mhó 'san
tír
Do shiubhaladh mar aon dream ó áit go h-áit
A's in gach áit do gheibhidís a d-toil.
Annsin budh dóigh na m-bárd an dóigh árd-
choitchionn í,
Bhidheadar fó bhláth, fó chúmhacht. Níor lámh
aon righ
Cur tarcuisne no diultaidh air a meas.
Cá bh-fuil an aondacht imthighte anois?
Aig gach aon righ atá a bhárd, a's d'éirigh
Na báird fóniósach, geilleamhail cladhardha.
Ní'l 'nois an dóigh árd-choitchionn in a láimh:
Oir ní'l aon dóig fhíor-choitchionn in a g-
ceann.
Mo thruaigh! Ní'l aon dóigh air bith níos mo
Aig cuid mhaith de na bárdaibh, acht an dóigh
Is maith le righthibh bheith. Do cailleadh,
cailleadh
An dóigh árd-choitchionn láidir ins an tír


L. 236


An dóigh fíor-eagnach dar ab chúmhacht 'san
intinn.
A's d'imthigh' leis, dóigh neachamhail, mheisne-
amhail, bhreágh.
Cad é tá riaghlughadh 'nois i d-tír na h-
Éireann?
An-toil neamhsmachtuighthe a's dóthchas suarach.



MacCoise. — Na' h-abair nidh mar sin.
Tabhair aire, a chara.



Ua Slébhin. — Aire! Cad é an eagla a
tá ort?
Is fíor gur caillte neart na h-aondachta;
Tá saoirseacht neachamhail aig mo theangain
fós.
Ní thig le bárdaibh treorughadh 'nois na righ;
Ní thig le righthibh cur 'na thocht aon bháird
Air eígean, acht amháin le ór, le cumhthach.
Ará an t-oiread aondachta fós againn,
Atá an t-oiread grádha orainn féin,
Go m-beidhmís aontuighthe in aghaidh gach duine
Nach leigfeadh saoirseacht-teangan do na
bárdaibh.



MacLiag. — Is maith a dubhairt. Abair
gur fíor é sin.
Och! a Mhic Coise, bh-fuil aon amhrus air?



Mac Coise. — Ní'l amhrus air go deimhin.
Admhuighim.
Ní foir-neart bhí in m'intinn acht árd-
chuibheas.



Ua Shlébhin. — Nach deas an cuibheas, breug
a's cladhaireacht?
MacLiag. — Ná bac leis. Abair dúinn an
fhírinne.
Fíor duit nach bh-fuil an aondacht 'measg na
m-bárd
Acht amháin le h-aghaidh iad féin a chosaint
In aghaidh na n-daoineadh eile ins an tír.
Is beag an aondacht 'measg na m-bárd
anois.
D'fhág an fhíor-aondacht iad agus d'imthigh
Do réir mo dhóigh-sa go na righthibh. Abair,
Nach é do mheas-sa a Mhic Coise?



Mhac Coise. — Seadh.
Agus is deas fíor-aondacht an mhór-shluaigh.

MacLiag Óg.— Is deas go deimhin! Áit
a bh-fuil an chúmhacht,
Gach gleus do chum na troda a's an bháis,
Agus an t-anam ullmhuighthe go geur,—
An aondacht bheith air an taoibh chéudna fós!
Is deas, is iongantach an t-amharc é.



Ua Slébhin. — Budh mhór an t-iongnadh é.

MacLiag. — Agus go mór-mhór,
Maoilsheachlainn bheith comhaontuighthe le
Brian,
Iar n-a bheith cheana 'na áirdrigh, cho h-úmhal
sin 'nois!
Deireann anois na daoine go h-an-choitchionn
Clanna na h-Éireann bheith anois le Brian
Uile go léir. Ní fíor go beacht é sin.
Acht 's mó an bhuaidh an t-aon fhear amháin
Beith aige 'ná dá m-beidheadh dhá chúige 'g
leanamhain,
Agus is maith liom féin bheith rádh go bh-fuil
Clanna na nGaedheal air fad i lámhaibh
Bhriain
Mar fheicim 'nois ní h-é amháin Connachta
Do réir mar tá Múmha, agúmh lughadh dhó
Acht Midhe na h-Ua Néill, sean-Mhidhe na
n-áirdrigh.
Agus Maoilsheachlainn, a h-áirdrigh athríoghtha
Ag déanadh tola Bhriain Mhic Chinnéidigh.
Agus má's fíor nach bh-fuil na h-Ultaigh.
Tabhairt congnaidh dhúinn annso, atá se
cinnte
Nach g-cuirfidís in aghaidh an Áirdrigh Bhriain.
D'iarr Maoilsheachlainn orra thabhairt an
chongnaidh sin
A's fuair se diultadh. Ro fhaoidh se thu,
Ua Slébhin, teachtaire go h-Aodh in Aileach
Agus do sheun Aodh, an righ, gach congnadh
dhuit-se,
Ní raibh annsin aon tairbhe in d'urlabhairt
Ag caint air fhine, fineur, cineul, sliocht,
Áirdrigheacht ársaidh na n-Ua Néill, do bhí
Idir a síol in Uladh a's i Midhe.


L. 237


Dob' fheárr le Righ Aodh an d-síothcháin le
Righ Brian.
Mar sin a deirim go bh-fuil aondacht ann.
Aondacht níos mó 'ná cheana bhí a riamh,
Aondacht níos feárr 'ná nuair bhí báird fó
bhláth,
Aondacht na righ, fíor-aondacht clann na
nGaedheal!



Ua Slébhin — Atá an chiall buailte le do
cháint!
Is bunoscionn atá an fhírinne
In gach aon chuid, gach blodh agus gach blúire
De'n aithris so ro-bhloscaigh bhlomasaigh -
Och, Foighid! Foighid!



MacLiag. — Taisbeán dam mo mhí-cheart.
Craobhsgaoil, tabhair míniughadh. 'S maith
liom éisteacht leat.

Ua Slébin. — Och atá iomadamhlacht mear-
bhal ann!
Agus ní thig liom feicsin cia an nidh
Budh chóir dam ceartughadh 'nois i d-tús
Cad é
An cheud nidh d-innsis? 'Nois ní fheadar-sa.
Ciannos co-chuiris-se do bhraisgeul baoth.



Mac Coise. — Taisbeán Maoilsheaclainn
dó, mar tá dá ríribh
Mo thighearna, — air a shon do labhrais-se,
In do thir-duthchais féin ós cómhair na righ,-
Cruthuigh go bh-fuil se' fearamhail uasal fós,
I lá na mádhma mar i lá na buaidhe.
Ta aithne agat air, mar agam-sa.
Taisbeán le aileacht, críonacht, neart do
bhréithre,
Céimeamhaileacht, agus maise beus Mhaoil-
sheachlainn righ.
Gur chosain se go meisneamhail árd gach ceart
Bhí aige ó n-a thír a's ó n-a shíol,
Le dóthchas mór árd-intinneach ro-fhial:
Agus nuair airigh se gur fhág a shíol é
Ro leig se síos go fial fos gach céim
Bhí aige, acht amháin a ríoghacht — Midhe
A's d'fhan 'na ghaisgidheach budh mhó in Éirinn
Le croidhe neimhbhriste. 'Nois bidheadh aithne
air.



Ua Slébhin. — Taisbeánfad-sa Maoil-
sheachlainn daoibh go demhin
Ní'l aithne mhaith air aig aon duine agaibh
Níor leig se síos cho h-obann sin a chéim
Inneosad daoibh mar eachtaire an sgeul
A's cuirfead ós bhur g-cómhair go h-iom-
lán é.
Pars magna fui, Suidhídh síos anois
Thusa annsin, thusa annsúd mar táir,
Suidh síos annso, a ógánaigh, a deirim;
Ní éireochaidh aon fhear 'nois no go m-beidh
go beacht
Fios aige cia an fear Maoilsheachlainn é.
Fanfad am' shearadh in bhur measg go d-tí sin
Ag tabhairt fíor-theagaisg daoibh. Éistídh
'nois
Is breágh an nidh an fios ceart bheith aig
daoinibh.



MacLiag. (Lé n-a mhac)— Go mór-mhór
fios ceart air Mhaoilsheachlainn 'nois.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services