Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Díbirteach ó Éirinn.
Title
An Díbirteach ó Éirinn.
Author(s)
Cambeul, Tomás,
Translator
Ua Coileáin, Seághan
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN DÍBIRTEACH Ó ÉIRINN. le Tomás Cambeul. Air n-a athrughadh ó'n b-príomh-eagar i Sacsbheurla go Gaedhilig i m-bliadhain ár saoirse, 1816. Le Seághan Ua Coileáin. Oilithreach no Díbirteach Eireann: Air n-a aithscríobhadh ó leabhar a tá aig Seághan Pléimion. (Do canadh le Saoi uasal a cuireadh air ionarbhadh ó n-a thír dúthchais ins an g-cómh- ghluasacht adhbhal do chinn i m-bliadhain 1798.) Tháinic chum na taoide díbirteach ó Éirinn, Bhí líonradh na spéire air a eudach ba tháir; Is sgíosmhar do caoineadh a thír 's é 'n aonar, 'San oidhche faoi bhléin-chnoic na sgéirde gan sgáth: Do bhí a shúil agus intinn go cruinn air an reultan, Do thugadh fios an lae dhó air Insibh na Féile. Mar a g-canadh se le díograis a chroidhe seal an dréacht sin, “Buaidh agus tréine leat, a Éire go bráth!” “Is truagh í mo chúis,” ar an sgiuirling bhocht cheusda, “Gan súghchas no faoiseadh ó phéin nó ó ghádh; Ní'l árus mo chumhdaigh i d-triuchaibh an t-saoghail so, Fiadh-phoic a's faolchoin gidh féidir leo fhághail; Ní fheicfead-sa choidhche an choill chlúthair, chraobhach Mar a m-bidheadh mo shinsir ag síor-chleachtadh saor-chleas, Ní chuirfead bláth ná mín-sgoth air mo chaoin- chruit d'á gleusadh 'S ní bhuailfead a teuda air Éirinn go bráth! “O! Éire mo Dhúithché! cidh dúbhach a's cidh tréigthe, Is súghach mise am' neulaibh ag feuchain do thrágha! Air mhúsgailt 'san dúithche so, is úr shilim deora, Gan súil re dul d'éiliomh mo ghaolta go bráth: A chineamhuin dona chruaidh! an bh-fuighead cuaird bheag, uair éigin, Do'n tír sin an t-suaircis, gan buaidhreadh, gan baoghal dam, Och! mo lomadh luain! ni luaisgfead mo gheuga Mo cháirde, táid traochtha no a' géilleadh d'á námhaid. Cá bh-fuil dorus m'áruis bhí láimh ris an g- coill ghlais? A cháirde 's a mhuintir an díth ribh é air lár? An mháthair thug páirt agus grádh dham am' naoidheantacht, No bráthair mo chroidhe 'stigh is dilse 'ná cách; Tá an t-anam so mo dhreolan le brón guirt ag tradhchan,
Cá bh-fuil anois an sógh sin budh dhóigh linne d'fhághail seal? Och! silim tuile deora gach ló mar an m-báisdigh, Gan aoibhneas, gan dóthchas le sóghchas go bráth! Tar gach uile smuaineadh d'á m-bidhim-se i ngrádh leis, Fágaim an ghuidhe so's me air intinn an bháis, Aig Éirinn, cidh táim-se air fán uaithe, air díbirt Aig máthair mo shinnsear, 's aig crích chirt an fháigh: Go m-badh ghlas iad do mhaigheanna, a Ríoghain na Bóchna, Go m-badh neartmhar iad do shaoithe, go m-badh líonmhar do shlóighte; Go m-badh fhada bheidh do chaoin-chruit go síth- mhilis ceolmhar, A Éire mo mhúirnín! A Éire go bhráth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services