Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Díbirteach ó Éirinn.

Title
An Díbirteach ó Éirinn.
Author(s)
Cambeul, Tomás,
Translator
Ua Coileáin, Seághan
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN DÍBIRTEACH Ó ÉIRINN.



le Tomás Cambeul.



Air n-a athrughadh ó'n b-príomh-eagar i
Sacsbheurla go Gaedhilig i m-bliadhain ár
saoirse, 1816. Le Seághan Ua Coileáin.



Oilithreach no Díbirteach Eireann:



Air n-a aithscríobhadh ó leabhar a tá aig
Seághan Pléimion.



(Do canadh le Saoi uasal a cuireadh air
ionarbhadh ó n-a thír dúthchais ins an g-cómh-
ghluasacht adhbhal do chinn i m-bliadhain 1798.)



Tháinic chum na taoide díbirteach ó Éirinn,
Bhí líonradh na spéire air a eudach ba tháir;
Is sgíosmhar do caoineadh a thír 's é 'n aonar,
'San oidhche faoi bhléin-chnoic na sgéirde
gan sgáth:
Do bhí a shúil agus intinn go cruinn air an
reultan,
Do thugadh fios an lae dhó air Insibh na
Féile.
Mar a g-canadh se le díograis a chroidhe seal
an dréacht sin,
“Buaidh agus tréine leat, a Éire go bráth!”
“Is truagh í mo chúis,” ar an sgiuirling bhocht
cheusda,
“Gan súghchas no faoiseadh ó phéin nó ó ghádh;
Ní'l árus mo chumhdaigh i d-triuchaibh an
t-saoghail so,
Fiadh-phoic a's faolchoin gidh féidir leo fhághail;
Ní fheicfead-sa choidhche an choill chlúthair,
chraobhach
Mar a m-bidheadh mo shinsir ag síor-chleachtadh
saor-chleas,
Ní chuirfead bláth ná mín-sgoth air mo chaoin-
chruit d'á gleusadh
'S ní bhuailfead a teuda air Éirinn go bráth!
“O! Éire mo Dhúithché! cidh dúbhach a's cidh
tréigthe,
Is súghach mise am' neulaibh ag feuchain do
thrágha!
Air mhúsgailt 'san dúithche so, is úr shilim
deora,
Gan súil re dul d'éiliomh mo ghaolta go bráth:
A chineamhuin dona chruaidh! an bh-fuighead
cuaird bheag, uair éigin,
Do'n tír sin an t-suaircis, gan buaidhreadh,
gan baoghal dam,
Och! mo lomadh luain! ni luaisgfead mo
gheuga
Mo cháirde, táid traochtha no a' géilleadh d'á
námhaid.
Cá bh-fuil dorus m'áruis bhí láimh ris an g-
coill ghlais?
A cháirde 's a mhuintir an díth ribh é air lár?
An mháthair thug páirt agus grádh dham am'
naoidheantacht,
No bráthair mo chroidhe 'stigh is dilse 'ná cách;
Tá an t-anam so mo dhreolan le brón guirt
ag tradhchan,


L. 202


Cá bh-fuil anois an sógh sin budh dhóigh linne
d'fhághail seal?
Och! silim tuile deora gach ló mar an
m-báisdigh,
Gan aoibhneas, gan dóthchas le sóghchas go
bráth!
Tar gach uile smuaineadh d'á m-bidhim-se i
ngrádh leis,
Fágaim an ghuidhe so's me air intinn an bháis,
Aig Éirinn, cidh táim-se air fán uaithe, air
díbirt
Aig máthair mo shinnsear, 's aig crích chirt an
fháigh:
Go m-badh ghlas iad do mhaigheanna, a Ríoghain
na Bóchna,
Go m-badh neartmhar iad do shaoithe, go m-badh
líonmhar do shlóighte;
Go m-badh fhada bheidh do chaoin-chruit go síth-
mhilis ceolmhar,
A Éire mo mhúirnín! A Éire go bhráth.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services