Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Naomhadh Caibidil.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Naomhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Naomhadh Caibidil. “During the short period that has passed before my observation, revolutions have arisen that have no parallel in history.” — Letters by (Hierophilos) John of Tuam, Feb., 1820. Is mar so bheirthear dúinn eolus as a bheul féin air an lán neitheadh éagsamhail noch do chonnairc agus chualaidh Seághan Mac Héil ó aimsir a phríomh-aoise go d-tí an bhliadhain 1820, an tráth air a bh-fuilmíd anois ag trácht. Tríd an Euróip go léir bhidheadar cogaidh agus cómhbhraic agus crádhadh gan críoch. Shaoilfeadh neach air bith go raibh an domhan mór air mire. Feuch an t-uasal agus an t-ísiol, an t-uachtarán agus an t-íochtarán, an saoi agus an daoi, an deagh-dhuine agus an droch-dhuine, an t-óg agus an t-aosda, an cléireach agus an tuata, ag troid agus ag cómhbhrac go h-iorghuil an bháis. Is millteach an t-amharc é — is mor, is dual dó, do ghoilfeadh fear óg meanmnach meisneamhail, agus mac-léighin maoth-chroidh- each air. Feuch arís, nuair nach raibh se acht an-óg, chualaidh se gur buaineadh an ceann de'n righ agus de'n bhainríoghain, de na sagartaibh, de gach uile mhaith, de gach uile shaoi, de gach uile fhear fiuntach, de gach uile ollamh, no neach uasal d'ár bh' fhéidir leis na h-uachtaránaibh
míriaghalta a bhreith no a ghabháil air. Gan righ, gan riaghlughadh, gan feis fhiosach fhiuntach, gan eaglais gan cléir: éirigheann na Francaighe in aghaidh na h-Eorpa air fad — briseann siad rómpa ríoghachta agus flaithis; faghann siad buaidh air gach tír agus gach cineadh, beagnach:— an t-sean-mhuintir aig a raibh ríoghachta agus árd-réim leis na céadta bliadhanta, táid leagtha air lár. Do bhí Éíre bhocht, ins an am ceudna, dona go leor; bhí fuil a leanbh 'gá dórtadh gan feidhm, gan toradh; agus bhí si féin mar Rachel, ag gul agus ag caoidh, óir do bhí mac- aoimh a bronn air lár sractha ós a cómhair. Budh chosamhail an domhan ins an am sin leis an muir mhóir measgtha go millteach faoi droch-shíon, ag árdughadh a tonn faoi bhruth suas ins an aer, agus 'gá g-cathadh go fraochmhar, feargach air an tráigh, no 'gá m-briseadh air na carraigibh: feuch na báid agus na longa briste, bruighte, scaptha no slugtha síos in áibhéis an dubhaigin. Sin chugaibh aghaidh na h-Eorpa, agus aghaidh ár d-tíre dúthchais féin, an tráth do bhí Seághan MacHéil ag éirghe suas na mhalrach. Nuair do chuir an t-Impire Napoleon an choróin air a cheann, do shaoil se go raibh se os cionn an domhain go léir. Do throid se leis an b-Pápa, Pius VII., acht seal 'na dhiaigh sin do leagadh air lár é fein agus a chúmhacht ins an m-bliadhain 1814. Is ins an tráth so do thosuigh an sagart óg Seághan MacHéil ag déanadh oibre i maithe do Dhia agus do'n duine, ag tabhairt eoluis do na macaibh-léighin méineacha do bhí faoi n-a stiuir, do réir iomláine a chúmhachta. Feicthear gur fhás an deagh-dhalta suas i laethibh lán de neithibh éagsamhla, air riocht ná'r thangadar leithéide chum críche ó aimsir sean-Impireachta na Róimhe. Ní iongnadh, mar sin dé, go raibh a aigne bros- tuighthe go mór; a intleacht glinn, a chroidhe ag maothughadh chum maitheas a dhéanadh mar budh dhual i d-taoibh Dé agus an duine. Deirthear gur thug se eolus soillseach so-thuigsiona, dearbhtha, fíor, in a ngnótaibh do na macaibh-léighin óga noch do bhí sé ag teagasg. Is minic dúbhairt na fir a righne foghluim faoi, na briathra so. Do léigh se go leor 'san am ceudna so. Righne se meamhracht air an nGréigis níos feárr agus níos doimhne ioná do righne se roimhe sin. Budh ghnáth leis, cuid d'obair chlúmhair Ghiobúin air an Impireacht Rómhánaigh do léigheadh sul do shuigheadh se síos chum sgríobhtha: agus d' aithsgríobhadh se cuid dí ó am go h-am. Feicimíd in a sgríbhinibh féin, i nGaedhilig agus i Sacsbheurla maraon, nidh éigin de mhodh-sgríobhtha an stáraidhe sin. Do chualaidh an té a sgríobhas na briathra so é ag rádh go minic gur léigh se 'san nGréigis air feadh fiche lá na ceithre leabhair air fhichid a tá sgríobhtha ins an obair d'ár b'ainm “Iliad Homéar.” Mar an g-ceudna, do léigh se arís agus arís na ceithre leabhair air fhichid eile do sgríobh Homéar, agus d'ár b'ainm an “Oidiseus.” Do léigh se a lán leabhar deagh-sgríobhtha i Sacsbheurla; agus righne se ós ísiol go leor a chur i sgríbhin le blas agus brigh agus bláth. Do bhí eolus maith aige air an d-teangain Fhraincis; óir budh ghnáth leis labhairt in a d-teangain féin leis na h-oididhibh do tháinic ó'n bh-Frainc, agus do bhí aig an am sin ins an g-Clochar. Ins an m-bliadhain 1820, d'eug an t-ollamh fóghlumtha agus oide onóireach, an t-Athair De-la-Hóg; agus ins an m-bliadhain cheudna, i mí dheigheanaigh an t-Samhraidh, do h-árduigh- eadh an t-Athair Seághan Mac-Héil ó bheith 'na fhear teagaisg le bheith 'na bhuan-oide ag tabhairt eoluis agus ag múineadh intleachta do na fearaibh-eaglaise, do bhí, i seal geárr iad féin, le clann na h-Éireann air fad a dhealrughadh agus a riaghlughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services