Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Naomhadh Caibidil.

Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Naomhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama.
An Naomhadh Caibidil.




“During the short period that has passed before my
observation, revolutions have arisen that have no parallel
in history.” — Letters by (Hierophilos) John of Tuam,
Feb., 1820.



Is mar so bheirthear dúinn eolus as a
bheul féin air an lán neitheadh éagsamhail
noch do chonnairc agus chualaidh Seághan Mac
Héil ó aimsir a phríomh-aoise go d-tí an
bhliadhain 1820, an tráth air a bh-fuilmíd
anois ag trácht.



Tríd an Euróip go léir bhidheadar cogaidh
agus cómhbhraic agus crádhadh gan críoch.
Shaoilfeadh neach air bith go raibh an domhan
mór air mire. Feuch an t-uasal agus an
t-ísiol, an t-uachtarán agus an t-íochtarán,
an saoi agus an daoi, an deagh-dhuine agus
an droch-dhuine, an t-óg agus an t-aosda,
an cléireach agus an tuata, ag troid agus
ag cómhbhrac go h-iorghuil an bháis. Is
millteach an t-amharc é — is mor, is dual
dó, do ghoilfeadh fear óg meanmnach
meisneamhail, agus mac-léighin maoth-chroidh-
each air.



Feuch arís, nuair nach raibh se acht an-óg,
chualaidh se gur buaineadh an ceann de'n righ
agus de'n bhainríoghain, de na sagartaibh, de
gach uile mhaith, de gach uile shaoi, de gach uile
fhear fiuntach, de gach uile ollamh, no neach
uasal d'ár bh' fhéidir leis na h-uachtaránaibh


L. 139


míriaghalta a bhreith no a ghabháil air. Gan righ,
gan riaghlughadh, gan feis fhiosach fhiuntach, gan
eaglais gan cléir: éirigheann na Francaighe
in aghaidh na h-Eorpa air fad — briseann
siad rómpa ríoghachta agus flaithis; faghann
siad buaidh air gach tír agus gach cineadh,
beagnach:— an t-sean-mhuintir aig a raibh
ríoghachta agus árd-réim leis na céadta
bliadhanta, táid leagtha air lár.



Do bhí Éíre bhocht, ins an am ceudna, dona
go leor; bhí fuil a leanbh 'gá dórtadh gan
feidhm, gan toradh; agus bhí si féin mar
Rachel, ag gul agus ag caoidh, óir do bhí mac-
aoimh a bronn air lár sractha ós a cómhair.
Budh chosamhail an domhan ins an am sin leis
an muir mhóir measgtha go millteach faoi
droch-shíon, ag árdughadh a tonn faoi bhruth
suas ins an aer, agus 'gá g-cathadh go
fraochmhar, feargach air an tráigh, no 'gá
m-briseadh air na carraigibh: feuch na báid
agus na longa briste, bruighte, scaptha no
slugtha síos in áibhéis an dubhaigin. Sin
chugaibh aghaidh na h-Eorpa, agus aghaidh ár
d-tíre dúthchais féin, an tráth do bhí Seághan
MacHéil ag éirghe suas na mhalrach.



Nuair do chuir an t-Impire Napoleon an
choróin air a cheann, do shaoil se go raibh se
os cionn an domhain go léir. Do throid se
leis an b-Pápa, Pius VII., acht seal 'na
dhiaigh sin do leagadh air lár é fein agus a
chúmhacht ins an m-bliadhain 1814.



Is ins an tráth so do thosuigh an sagart
óg Seághan MacHéil ag déanadh oibre i
maithe do Dhia agus do'n duine, ag tabhairt
eoluis do na macaibh-léighin méineacha do bhí
faoi n-a stiuir, do réir iomláine a chúmhachta.
Feicthear gur fhás an deagh-dhalta suas i
laethibh lán de neithibh éagsamhla, air riocht
ná'r thangadar leithéide chum críche ó
aimsir sean-Impireachta na Róimhe. Ní
iongnadh, mar sin dé, go raibh a aigne bros-
tuighthe go mór; a intleacht glinn, a chroidhe
ag maothughadh chum maitheas a dhéanadh mar
budh dhual i d-taoibh Dé agus an duine.



Deirthear gur thug se eolus soillseach
so-thuigsiona, dearbhtha, fíor, in a ngnótaibh
do na macaibh-léighin óga noch do bhí sé ag
teagasg. Is minic dúbhairt na fir a righne
foghluim faoi, na briathra so. Do léigh se
go leor 'san am ceudna so. Righne se
meamhracht air an nGréigis níos feárr agus
níos doimhne ioná do righne se roimhe sin. Budh
ghnáth leis, cuid d'obair chlúmhair Ghiobúin
air an Impireacht Rómhánaigh do léigheadh sul
do shuigheadh se síos chum sgríobhtha: agus d'
aithsgríobhadh se cuid dí ó am go h-am.
Feicimíd in a sgríbhinibh féin, i nGaedhilig
agus i Sacsbheurla maraon, nidh éigin de
mhodh-sgríobhtha an stáraidhe sin. Do chualaidh
an té a sgríobhas na briathra so é ag rádh go
minic gur léigh se 'san nGréigis air feadh
fiche lá na ceithre leabhair air fhichid a tá
sgríobhtha ins an obair d'ár b'ainm “Iliad
Homéar.” Mar an g-ceudna, do léigh se
arís agus arís na ceithre leabhair air
fhichid eile do sgríobh Homéar, agus d'ár
b'ainm an “Oidiseus.” Do léigh se a lán
leabhar deagh-sgríobhtha i Sacsbheurla; agus
righne se ós ísiol go leor a chur i sgríbhin
le blas agus brigh agus bláth. Do bhí
eolus maith aige air an d-teangain Fhraincis;
óir budh ghnáth leis labhairt in a d-teangain
féin leis na h-oididhibh do tháinic ó'n
bh-Frainc, agus do bhí aig an am sin ins an
g-Clochar.



Ins an m-bliadhain 1820, d'eug an t-ollamh
fóghlumtha agus oide onóireach, an t-Athair
De-la-Hóg; agus ins an m-bliadhain cheudna,
i mí dheigheanaigh an t-Samhraidh, do h-árduigh-
eadh an t-Athair Seághan Mac-Héil ó bheith
'na fhear teagaisg le bheith 'na bhuan-oide ag
tabhairt eoluis agus ag múineadh intleachta
do na fearaibh-eaglaise, do bhí, i seal geárr
iad féin, le clann na h-Éireann air fad a
dhealrughadh agus a riaghlughadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services