Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 1.
Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 1.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 1. Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an athair Pádraic Ua Caoimh, O Ard-Fhairce Caisil: Agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seaghan Pléimion. Do'n Bhaisdeadh. Agus d'fhiafruigheadar dé, agus adúbhra- dar leis: cread fá n-déanair-se Baisdeadh, (Naomh Eoin, i. 25,) Do righne ár g-ceud athair Ádhamh peacadh ag ithe toraidh Crainn na h-Aithne i ngáirdín Pharrthais, agus do thuit a chlann uile 'san b-peacadh so Ádhaimh acht an t-aon n-duine amháin. — “Agus i b—peacadh Ádhaimh do pheac— uigheamar uile.” Air an adhbhar sin, gach leanbh d'á ngeintear air an saoghal so, geintear é 'na namhaid aig Dia, le sal nimheamhail an pheacaidh sin ár sinnsear go fóírleathan agus go doimhin in a anam. An fhaid atá se 'san riocht so, ní féidir leis an anam dul go Flaitheas Dé, óir ní thig le h—aon nidh truaillighthe dul asteach i bh—flai— theamhnas. Acht do righne Dia Uilechúmhachtach, 'na mhór—thrócaire do'n duine, iocshláinte rioghamhuil do chur air bun i sacraimint an Bhaisdidh le a maithtear peacadh an t—sinnsir. Agus mar so leis an m—baisdeadh, aithghein— tear sinn i nuadh—bheatha in Íosa Críost; tigimíd chum a bheith 'nár g—Críostaidhibh, 'nár g—clainn aig Dia, agus 'nár n—oighrighibh air ríoghacht neimhe. “Agus d'fhiafruigheadar dé, agus adubhradar leis: cread fá n—déa— nair—se Baisdeadh?” Ní bh—fuil slánughadh le fághail gan baisdeadh; óir adeir an Tighearna muna ngeintear duine arís le h—uisge agus leis an Spiorad Naomh ní féidir leis dul asteach go rioghacht Dé. (N. Eoin,iii. 5) Uime sin, ní theidhid na leinbh a gheibheas bás gan baisdeadh go flaitheamhnas, agus ní fheicfidh siad gnúis Dé go bráth. Ní bh—fuighid siad mar sheilbh acht an chéim is airde de'n t—seun nádúrtha. Gidheadh, déanann mair— tíreacht in áit an fhíor—bhaisdidh an uair nach bh—fuil fághail air an sacraimint. Mar an g—ceudna déanann mian an bhaisdidh maille le fíor—aithreachasin áit an t—sacraimint do'n té tháinic chum aoise céille má gheibh bás agus gan air g—cumas dó an sacraimint do ghlacadh. Do chuir Íosa Críost Sacraimint an Bhaisdidh air bun. Gidh nach raibh riachtanas aige féin leis, do righne se, mar sompla duínne, baisdeadh do ghlacadh ó Naomh Eoin aig abhainn Iordan. “Annsin do thig Íosa ó'n nGalilea gus an Iordan chum Eoin go
m—baisdfidhe leis é … agus iar n-a bhaisdeadh d'Íosa tháinic se gan mhoill amach as an uisge: agus feuch do h-osgladh na flaithis dó: agus do chonairc se Spiorad Dé ag túirling mar cholum agus ag teacht air sin. Agus feuch guth ó neamh ag rádh: is é so mo mhac dil-si in a bh-fuil mór-shásamh agam”. (N. Mátha iii. 13, &c.) Do sheanmóir na h-Apstoil foircheadal an bhaisdidh: do thugadar le n-a lámhaibh séin, an sacraimint so do gach aon neach, óg agus aosda, do h-iompoigheadh chum an Chreidimh Chríostamhuil, gan cur suas d'aon-duine. Budh dheimhin leo go m-budh chuid riachtanach d'á d-teachtaireacht ó Dia baisdeadh do dhéanadh. “Air an adhbhar sin, air n-imtheacht díbh, muinidh na h-uile chríocha, aig a m-baisdeadh in Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh” (N. Mátha xxviii.19). Tá an Eaglais Chatoiliceach, do togbhadh air bhunudhas na n-Apstol, gan aisdriughadh air bhith, fós ag teagasg riachtanais an Bhaisdidh, mar ghleus slánuighthe nach feidir déanadh in a éagmuis, agus mar thobar ó n-ad-tig gach uile ghrása agus beannacht. Comhthathuigheann an Baisdeadh sinn le corp furdhorcha Chríost, ionnos go n-déantar baill dínn uile le chéile, agus Críost 'na cheann orrainn. Tré n-ár g-ceann, Críost, tigimíd gan mhoill chum a bheith 'nár macaibh agus' nár n-oighrighibh aig Dia agus 'nár g-cómh- oighrighibh le Críost (Eoin.i.12). Adeir Cómhairle na Trenta: “Do righneadh sinn d'atharrughadh le soightheach nígheacháin an aithghineamhna ó'n riocht in a rugadh sinn 'nár g-clainn aig an g-ceud Ádhamh, go stáid na ngrás, 'nár ma- caibh cúlghabhtha aig Dia, tres an dara Ádhamh, Íosa Críost, ár Slánuightheoir.” Ó is neimhtheoranach agus is do-thomhaiste an grádh a taisbeantar i sacraimint an bhaisdidh le a n-árduighthear duine aindeis ó n-a riocht dí- mheasta go réim a bheith 'na mhac aig Dia, 'na bhall agus 'na dhearbhráthair aig Críost, agus 'na theampull beo aig an Spiorad Naomh. Aig an m-baisdeadh nightear ár n-anmna ó gach sal peacaidh: Tá siad glanta, mar a deir Naomh Pól, “le soighteach nigheacháin an uisge a m-bréithir na beatha” (Ephes. v. 26). Is iad na briathra agus an t-uisge so cómharthaidhe foirimiolocha na ngrás inmheádhonach le a n-déantar an t-anam do ghlanadh agus do naomhughadh, agus is cuid fhíor-riachtanach de shacramint an bhaisdidh iad. Tugann an Eaglais úghdaras d'á sagartaibh baisdeadh do dhéanadh. Is leis an sagart is gnáthach baisdeadh do dhéanadh, agus is dó is cóir a dhéanadh; gidheadh le linn riachtanais, 'sé sin, 'nuair atá an leanbh i m-baoghal báis, agus gan sagart le fághail, is féidir le h-aon tuatha, fear no bean, baisde do dhéanadh, agus atá sé d'fhiachaibh orra a dhéanadh. Is air bhaisdeadh de'n chineul so a goirthear baisdeadh urláir. Is iomdha anam anois i rioghacht Dé do fuair sealbh an radhairc bheannuighthe tré bhaisdeadh duine thuathaigh. Fiafróchaidh sibh, mar sin, cionnos is cóir do thuatha baisdeadh do dhéanadh. Mar so: Uisge do dhórtadh air cheann an té a tá le baisdeadh, ag rádh 'san am ceudna, agus le h-intinn an nidh ceudna do dhéanadh a dhéanas an Fíor-Eaglais, “Baisdim thú in Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.” Déanfadh aon aisdriughadh no easbha i bh-foirm na bh-focal an baisdeadh gan éifeacht. Uime sin, is cóir a bheith ró-aireach ag déanadh usáide d'fhoirm bheacht na m-briathar so: “Baisdim thu in Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.” Ní cuid de'n fhoirm an focal “Amen.” Is éigin do'n té do ghnidh an baisdeadh na focail a rádh agus iad do rádh an feadh bhidheas ag dórtadh an uisge air ceann an té baisdtear. Anois, tabhair fá deara maitheas agus eagna ár d-Tíghearna bheannuighthe i g-cur air bun, agus i bh-friothólamh an t-sacraimint so, atá chomhriachtanach agus sin. Air bh-feicsin an riachtanais le baisdeadh atá againn chum dul asteach i m-beatha spioradálta na ngrás, do righne se gach nidh bheanas ris simplide, soidhéanta. Mar adhbhar do'n t-sacraimint, do thogh se an nídh is coithchinne agus is usa d'fhághail in gach áit, mar atá uisge — uisge na
neul, na h—abhann, na tiobruide, na mara. I g—cúis riachtanais is féidir le tuatha air bith, fear no bean, Catoiliceach no duine nach bh—fuil 'na Chatoiliceach, Iudaigheach, Eiriceach no Ainchríostaidhe, baisdeadh do dhéanadh, acth amháin go m—baisdeann se mar do mhínigh me, agus go bh—fuil intinn aige an nidh a dhéanas ar fhíor—Eaglais do dhéanadh. Agus is i an fhoirm is símplidhe air bith í: “Bais— dim thu' in Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.” Aig an m—baisdeadh buailtear air an anam clódh, no cómhartha spioradálta nach féidir a sgrios amach go bráth. Cuirthear an cómhartha so mar sheula chum breise glóire do'n anam má slánuighthear é, no chum breise náire dhó má cailltear é. Is cómhartha é le a n—aithin— tear an Críosdaidhe ó'n g—cuid eile de'n chineadh daona. Aig an m—baisde cuirthear díbirt air an droch—spiorad as an anam. “Imtigh uaidh a spioraid neamhghlain,” deir an sagart, ag friothólamh an bhaisdidh, “agus déan slighe do'n Spiorad Naomh.” Dóirtear asteach 'san anam na trí Subhailcidhe Diadha, Creideamh, Dóthchas, agus Grádh, agus cuirthear suas do thiodal air ghrásaibh gníomharthacha le'r féidir do'n té baistear a mhóide baisdidh do choimeád, agus a bheatha chaitheamh i stáid na ngrás. Acht, gidh go g—cuirthear amach go h—iomlán aig an m—baisdeadh gach uile shal peacaidh as an anam fanann fós ainmhian dúthchusach ann, a bhidheas do ghnáth d'á ghríosadh chum an pheacaidh. Ni peacadh an t—ainmhian so; agus ní bh—fuil a ghríosuighthe ná a oibrighthe pea— camhuil, muna d—tugthar toil do'ibh go h—iom— lán agus go léirmheasda. Adeir Cómhairle na Trenta: “Ní peacadh an t—ainmhian ann féin.” Ní fuláir buaidh do bhreith air an ainmhian so le h—urnuighe. Uime sin adeir Naomh Tomás: “D'éis baisdidh atá síor—ur— nuighe riachtanach do'n duine ionnos go rachadh se asteach i bh—flaitheamhnas, óir gidh go maith— tear ár b—peacuidhe leis an m—baisdeadh, fanann fós an t—ainmhian le tabhairt fúinn o'n leith astigh, agus an saogal agus an diabhal chum sinn d'ionnsuighe air an taobh amuigh.” An ghairm Críostaidhe a tugthar dúinn aig an m—Baisdeadh is gairm onóra, mór— dhachta, agus aird—chéime í. Atá si 'na gairm i bh—fad ós cionn gach uile garma tal— mhuide. “I g—coimheas le h—árd—ghairm an Chríostaidhe is neimhnidh garma agus onóracha uile an t—saoghail,” ar an t—impire Teodosius. An bh—fuil meas mar is fiú é againn air ár ngairm Chríostaidhe? An n—déanamaoid an t—ainm do mhaoidheamh go mórdhálach? An m—bidheann lúthghair orrainn fa sinn do ghairm i n—diaidh Chríost? An g—congbhaighmíd suas clú an Chríostaidhe d'admhuighmíd a bheith 'na ghairm againn? An bh—fuil ár m—beatha fíor—Chríostamhail? An bh—fuil si cosamhail le beatha Chríost, lán de cheann— sacht agus d'úirísleacht? “Fóghluimidh uaimse, óir tá mé ceannsa, umal—chroidheach” (N.Mátha, xi. 29.) An bh—fuil si lán de charthannacht: “Do ghrádhuigh Dia sinn agus do thug se suas é féin ar ár son” (N.Eoin iii. 16,). An bh—fuil ár m—beatha 'na beatha beo—chreidimh? Óir, “is marbh creideamh gan oibreachaibh” (N.Seamus ii.26). An bh—fuil ár m—beatha do réir ár móideadh baisdidh? An bh—fuilmíd ag troid go cróda in agaidh na g—cathughthadh fá bhratach Chríost agus na h—Eaglaise? Ar theitheamar ó n—ár suai— cheantas air son an diabhail, an t—saoghail agus na colna? An bh—fuilmíd ag breith linn go cathaoir breitheamhnais Íosa Críost culaidh bhán ár m—baisdidh gan sal, go glan, gle—gheal. A Chríostaidh ionmhuin, congbhaigh solus an Chreidimh air lasadh ad' chroidhe i g—cómhnuighe; congbhaigh do bhaisdeadh gan milleán; coimeád aithe—anta Dé, agus nuair thiocfaidh an Tighearna, do luaidheadh leat aig an m—baisdeadh, chum a phósta, rachfaidh tú go lúthghaireach do theagbháil air, i bh—fochair na naomh uile's an g—cúirt neamhdha, agus blaisfidh tu de mhilseacht flaitheamhnais, d'á lúthgháir agus d'á ghlóire, nach bh—fuil aon ghlóire mar í; agus cuirfidh tú do cheann
chum milis—shuain in ucht Dé, ag mothughadh an Chroidhe Naomhtha ag bualadh le lúthgháir agus le grádh neimh—inniste dhuit, air feadh na síoruigheachta uile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services