COMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 1.
Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an athair Pádraic
Ua Caoimh, O Ard-Fhairce Caisil:
Agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seaghan Pléimion.
Do'n Bhaisdeadh.
Agus d'fhiafruigheadar dé, agus adúbhra-
dar leis: cread fá n-déanair-se Baisdeadh,
(Naomh Eoin, i. 25,)
Do righne ár g-ceud athair Ádhamh peacadh
ag ithe toraidh Crainn na h-Aithne i ngáirdín
Pharrthais, agus do thuit a chlann uile 'san
b-peacadh so Ádhaimh acht an t-aon n-duine
amháin. — “Agus i b—peacadh Ádhaimh do pheac—
uigheamar uile.” Air an adhbhar sin, gach
leanbh d'á ngeintear air an saoghal so,
geintear é 'na namhaid aig Dia, le sal
nimheamhail an pheacaidh sin ár sinnsear go
fóírleathan agus go doimhin in a anam. An
fhaid atá se 'san riocht so, ní féidir leis an
anam dul go Flaitheas Dé, óir ní thig le
h—aon nidh truaillighthe dul asteach i bh—flai—
theamhnas. Acht do righne Dia Uilechúmhachtach,
'na mhór—thrócaire do'n duine, iocshláinte
rioghamhuil do chur air bun i sacraimint an
Bhaisdidh le a maithtear peacadh an t—sinnsir.
Agus mar so leis an m—baisdeadh, aithghein—
tear sinn i nuadh—bheatha in Íosa Críost;
tigimíd chum a bheith 'nár g—Críostaidhibh, 'nár
g—clainn aig Dia, agus 'nár n—oighrighibh air
ríoghacht neimhe. “Agus d'fhiafruigheadar
dé, agus adubhradar leis: cread fá n—déa—
nair—se Baisdeadh?” Ní bh—fuil slánughadh
le fághail gan baisdeadh; óir adeir an
Tighearna muna ngeintear duine arís le
h—uisge agus leis an Spiorad Naomh ní féidir
leis dul asteach go rioghacht Dé. (N. Eoin,iii. 5)
Uime sin, ní theidhid na leinbh a gheibheas bás
gan baisdeadh go flaitheamhnas, agus ní
fheicfidh siad gnúis Dé go bráth. Ní bh—fuighid
siad mar sheilbh acht an chéim is airde de'n
t—seun nádúrtha. Gidheadh, déanann mair—
tíreacht in áit an fhíor—bhaisdidh an uair nach
bh—fuil fághail air an sacraimint. Mar an
g—ceudna déanann mian an bhaisdidh maille
le fíor—aithreachasin áit an t—sacraimint do'n
té tháinic chum aoise céille má gheibh bás agus
gan air g—cumas dó an sacraimint do
ghlacadh.
Do chuir Íosa Críost Sacraimint an
Bhaisdidh air bun. Gidh nach raibh riachtanas
aige féin leis, do righne se, mar sompla
duínne, baisdeadh do ghlacadh ó Naomh Eoin
aig abhainn Iordan. “Annsin do thig Íosa
ó'n nGalilea gus an Iordan chum Eoin go
m—baisdfidhe leis é … agus iar n-a
bhaisdeadh d'Íosa tháinic se gan mhoill amach
as an uisge: agus feuch do h-osgladh na
flaithis dó: agus do chonairc se Spiorad Dé
ag túirling mar cholum agus ag teacht air
sin. Agus feuch guth ó neamh ag rádh: is é
so mo mhac dil-si in a bh-fuil mór-shásamh
agam”. (N. Mátha iii. 13, &c.)
Do sheanmóir na h-Apstoil foircheadal an
bhaisdidh: do thugadar le n-a lámhaibh séin, an
sacraimint so do gach aon neach, óg agus
aosda, do h-iompoigheadh chum an Chreidimh
Chríostamhuil, gan cur suas d'aon-duine.
Budh dheimhin leo go m-budh chuid riachtanach d'á
d-teachtaireacht ó Dia baisdeadh do dhéanadh.
“Air an adhbhar sin, air n-imtheacht díbh, muinidh
na h-uile chríocha, aig a m-baisdeadh in Ainm
an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh” (N. Mátha xxviii.19). Tá an Eaglais
Chatoiliceach, do togbhadh air bhunudhas na
n-Apstol, gan aisdriughadh air bhith, fós ag
teagasg riachtanais an Bhaisdidh, mar ghleus
slánuighthe nach feidir déanadh in a éagmuis,
agus mar thobar ó n-ad-tig gach uile ghrása
agus beannacht.
Comhthathuigheann an Baisdeadh sinn le
corp furdhorcha Chríost, ionnos go n-déantar
baill dínn uile le chéile, agus Críost 'na
cheann orrainn. Tré n-ár g-ceann, Críost,
tigimíd gan mhoill chum a bheith 'nár macaibh
agus' nár n-oighrighibh aig Dia agus 'nár g-cómh-
oighrighibh le Críost (Eoin.i.12). Adeir Cómhairle
na Trenta: “Do righneadh sinn d'atharrughadh
le soightheach nígheacháin an aithghineamhna ó'n
riocht in a rugadh sinn 'nár g-clainn aig an
g-ceud Ádhamh, go stáid na ngrás, 'nár ma-
caibh cúlghabhtha aig Dia, tres an dara Ádhamh,
Íosa Críost, ár Slánuightheoir.” Ó is
neimhtheoranach agus is do-thomhaiste an grádh
a taisbeantar i sacraimint an bhaisdidh le a
n-árduighthear duine aindeis ó n-a riocht dí-
mheasta go réim a bheith 'na mhac aig Dia, 'na
bhall agus 'na dhearbhráthair aig Críost, agus
'na theampull beo aig an Spiorad Naomh.
Aig an m-baisdeadh nightear ár n-anmna ó
gach sal peacaidh: Tá siad glanta, mar a deir
Naomh Pól, “le soighteach nigheacháin an uisge
a m-bréithir na beatha” (Ephes. v. 26). Is iad
na briathra agus an t-uisge so cómharthaidhe
foirimiolocha na ngrás inmheádhonach le a
n-déantar an t-anam do ghlanadh agus do
naomhughadh, agus is cuid fhíor-riachtanach de
shacramint an bhaisdidh iad. Tugann an
Eaglais úghdaras d'á sagartaibh baisdeadh
do dhéanadh. Is leis an sagart is gnáthach
baisdeadh do dhéanadh, agus is dó is cóir a
dhéanadh; gidheadh le linn riachtanais, 'sé sin,
'nuair atá an leanbh i m-baoghal báis, agus
gan sagart le fághail, is féidir le h-aon
tuatha, fear no bean, baisde do dhéanadh, agus
atá sé d'fhiachaibh orra a dhéanadh. Is air
bhaisdeadh de'n chineul so a goirthear baisdeadh
urláir. Is iomdha anam anois i rioghacht Dé
do fuair sealbh an radhairc bheannuighthe tré
bhaisdeadh duine thuathaigh. Fiafróchaidh sibh,
mar sin, cionnos is cóir do thuatha baisdeadh
do dhéanadh. Mar so: Uisge do dhórtadh air
cheann an té a tá le baisdeadh, ag rádh 'san
am ceudna, agus le h-intinn an nidh ceudna
do dhéanadh a dhéanas an Fíor-Eaglais,
“Baisdim thú in Ainm an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh.” Déanfadh
aon aisdriughadh no easbha i bh-foirm na
bh-focal an baisdeadh gan éifeacht. Uime
sin, is cóir a bheith ró-aireach ag déanadh
usáide d'fhoirm bheacht na m-briathar so:
“Baisdim thu in Ainm an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh.” Ní cuid
de'n fhoirm an focal “Amen.” Is éigin do'n
té do ghnidh an baisdeadh na focail a rádh agus
iad do rádh an feadh bhidheas ag dórtadh an
uisge air ceann an té baisdtear.
Anois, tabhair fá deara maitheas agus
eagna ár d-Tíghearna bheannuighthe i g-cur
air bun, agus i bh-friothólamh an t-sacraimint
so, atá chomhriachtanach agus sin. Air bh-feicsin
an riachtanais le baisdeadh atá againn chum
dul asteach i m-beatha spioradálta na ngrás,
do righne se gach nidh bheanas ris simplide,
soidhéanta. Mar adhbhar do'n t-sacraimint,
do thogh se an nídh is coithchinne agus is usa
d'fhághail in gach áit, mar atá uisge — uisge na
neul, na h—abhann, na tiobruide, na mara.
I g—cúis riachtanais is féidir le tuatha air bith,
fear no bean, Catoiliceach no duine nach
bh—fuil 'na Chatoiliceach, Iudaigheach, Eiriceach
no Ainchríostaidhe, baisdeadh do dhéanadh, acth
amháin go m—baisdeann se mar do mhínigh
me, agus go bh—fuil intinn aige an nidh a
dhéanas ar fhíor—Eaglais do dhéanadh. Agus
is i an fhoirm is símplidhe air bith í: “Bais—
dim thu' in Ainm an Athar, agus an Mhic, agus
an Spioraid Naoimh.”
Aig an m—baisdeadh buailtear air an anam
clódh, no cómhartha spioradálta nach féidir a
sgrios amach go bráth. Cuirthear an cómhartha
so mar sheula chum breise glóire do'n anam
má slánuighthear é, no chum breise náire dhó
má cailltear é. Is cómhartha é le a n—aithin—
tear an Críosdaidhe ó'n g—cuid eile de'n
chineadh daona.
Aig an m—baisde cuirthear díbirt air an
droch—spiorad as an anam. “Imtigh uaidh a
spioraid neamhghlain,” deir an sagart, ag
friothólamh an bhaisdidh, “agus déan slighe
do'n Spiorad Naomh.” Dóirtear asteach 'san
anam na trí Subhailcidhe Diadha, Creideamh,
Dóthchas, agus Grádh, agus cuirthear suas
do thiodal air ghrásaibh gníomharthacha le'r
féidir do'n té baistear a mhóide baisdidh
do choimeád, agus a bheatha chaitheamh i stáid
na ngrás.
Acht, gidh go g—cuirthear amach go h—iomlán
aig an m—baisdeadh gach uile shal peacaidh as
an anam fanann fós ainmhian dúthchusach ann,
a bhidheas do ghnáth d'á ghríosadh chum an
pheacaidh. Ni peacadh an t—ainmhian so; agus
ní bh—fuil a ghríosuighthe ná a oibrighthe pea—
camhuil, muna d—tugthar toil do'ibh go h—iom—
lán agus go léirmheasda. Adeir Cómhairle
na Trenta: “Ní peacadh an t—ainmhian ann
féin.” Ní fuláir buaidh do bhreith air an
ainmhian so le h—urnuighe. Uime sin adeir
Naomh Tomás: “D'éis baisdidh atá síor—ur—
nuighe riachtanach do'n duine ionnos go rachadh
se asteach i bh—flaitheamhnas, óir gidh go maith—
tear ár b—peacuidhe leis an m—baisdeadh,
fanann fós an t—ainmhian le tabhairt fúinn
o'n leith astigh, agus an saogal agus an
diabhal chum sinn d'ionnsuighe air an taobh
amuigh.”
An ghairm Críostaidhe a tugthar dúinn
aig an m—Baisdeadh is gairm onóra, mór—
dhachta, agus aird—chéime í. Atá si 'na
gairm i bh—fad ós cionn gach uile garma tal—
mhuide. “I g—coimheas le h—árd—ghairm an
Chríostaidhe is neimhnidh garma agus onóracha
uile an t—saoghail,” ar an t—impire Teodosius.
An bh—fuil meas mar is fiú é againn air
ár ngairm Chríostaidhe? An n—déanamaoid
an t—ainm do mhaoidheamh go mórdhálach? An
m—bidheann lúthghair orrainn fa sinn do
ghairm i n—diaidh Chríost? An g—congbhaighmíd
suas clú an Chríostaidhe d'admhuighmíd a
bheith 'na ghairm againn? An bh—fuil ár
m—beatha fíor—Chríostamhail? An bh—fuil si
cosamhail le beatha Chríost, lán de cheann—
sacht agus d'úirísleacht? “Fóghluimidh uaimse,
óir tá mé ceannsa, umal—chroidheach”
(N.Mátha, xi. 29.) An bh—fuil si lán de
charthannacht: “Do ghrádhuigh Dia sinn agus
do thug se suas é féin ar ár son” (N.Eoin
iii. 16,). An bh—fuil ár m—beatha 'na beatha
beo—chreidimh? Óir, “is marbh creideamh gan
oibreachaibh” (N.Seamus ii.26). An bh—fuil
ár m—beatha do réir ár móideadh baisdidh?
An bh—fuilmíd ag troid go cróda in agaidh
na g—cathughthadh fá bhratach Chríost agus na
h—Eaglaise? Ar theitheamar ó n—ár suai—
cheantas air son an diabhail, an t—saoghail
agus na colna? An bh—fuilmíd ag breith
linn go cathaoir breitheamhnais Íosa Críost
culaidh bhán ár m—baisdidh gan sal, go glan,
gle—gheal. A Chríostaidh ionmhuin, congbhaigh
solus an Chreidimh air lasadh ad' chroidhe i
g—cómhnuighe; congbhaigh do bhaisdeadh gan
milleán; coimeád aithe—anta Dé, agus nuair
thiocfaidh an Tighearna, do luaidheadh leat aig
an m—baisdeadh, chum a phósta, rachfaidh tú go
lúthghaireach do theagbháil air, i bh—fochair na
naomh uile's an g—cúirt neamhdha, agus
blaisfidh tu de mhilseacht flaitheamhnais, d'á
lúthgháir agus d'á ghlóire, nach bh—fuil aon
ghlóire mar í; agus cuirfidh tú do cheann
chum milis—shuain in ucht Dé, ag mothughadh an
Chroidhe Naomhtha ag bualadh le lúthgháir agus
le grádh neimh—inniste dhuit, air feadh na
síoruigheachta uile.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11