Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe - Sean-Sgéal as Tír Amalghaidh
Title
Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe - Sean-Sgéal as Tír Amalghaidh
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1911
Publisher
Clódhanna Teo.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉAL AR MHAC MIC IASGAIRE BHUIDHE LUIMNIGHE Ins an tsean-shaoghal, an-fhada siar, bhí mórán daoine 'na gcomhnuidhe a chois fairrge, agus iad ag baint a mbeathadh as cnuas na fairrge mar b'fhearr an tslighe bheathadh bhainfidhe de'n fhairrge ná de'n talamh, mar bhí na tighthe tanuighste agus an-fhada ó chéile. Bhí go maith 's ní raibh go dona. Thimcheall 's an tráth a bhfuil mé ag trácht faoi, mhair an t-iasgaire seo agus chaith sé an chuid is mó d'á shaoghal ag iasgaireacht ar an bhfairrge mhóir, agus rith an ama sin is iomdha oidhche anróiteach a chaith sé ar an bhfairrge le anfa, dailteann agus casgairt, le dócamhal iomartha agus easbhaidh bídh. Nuair a thainic sé i n-aois d'fhág sé a athair agus phós sé bean, agus mar bhí sé i n-a bhádóir toradh-aireach glic, bhí togha agus rogha óg-bhan na tíre le fagháil aige; agus 'léir mar dubhairt an sgéal, a ghrádh mo chroidhe! phós sé an cailín ab' fhearr a thaithnigh leis, agus ba mhó a raibh gean aige uirthi. Le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fhada, ní raibh aon lánamhain a chois cladaigh ba mhó a raibh spéir ag na daoinibh anntú ná ins an lánamhain seo, mar bhí fear an tighe i n-a threoraidhe d'iomlán na mbádóirí a chois cuain. Bhí téagar agus catharnas eidir an lánamhain seo, mar nár dhubhairt siad 's eadh ná ní headh go searbh ariamh le n-a chéile, agus bhí ádh agus amhtar orthú, agus gach uile nídh acú ar a gcomhairle féin acht amháin easbhaidh clainne, mar bhí siad pósta os cionn fiche bliadhan agus níor thainic éinne ar a sliocht; acht mar sin féin, níor chothuigh sin én-mhíostainnc eatorra. Bhí go maith 's ní raibh go dona. Bhí an lánamhain triollúsach críonna, agus iad ag cosaint beagáinín i
gcomhnuidhe le haghaidh na coise tinne, mar bhí a fhios aca go dtiocfadh an lá a n-imtheochadh bláth na hóige agus snuadh na maitheasa dhíobhtha, agus mheas siad go bhfóirfeadh an ciste a bhí siad a bhailiughadh an tráth a bheith a gcnámha ag seargadh agus a n-ailt ag stroncadh le aois; acht ar a shon sin níor theip an bádóir ar a chuid oibre fhad 's bhí sé i n-an' buille rámha a tharraint, ná an líogán a árdughadh, ná dul eangaighe a thabhairt; acht a ghrádh, (mar dubhairt an sean-fhocal) "téidheann ar gach nídh acht ar ghlóir fhlaitheas," agus b'fhearacht sin leis-sean é, mar, dá mhéad a urrudhas agus a fhearamhlacht, a thuisgint cinn, agus a mheabhair intinne, chuaidh ar gach ní aca sin 'léir mar chuaidh mo chréatúir i n-aois, agus níor mhór dó an ciste a bhailigh sé i dtús a óige ná, mar dubhairt an sean-rádh, mur mbídh sé agat dhuit féin, béidh tú fann lag agus claon amuigh leis an ngréin; agus bheith an bádóir seo amuigh leis an ngréin dá mbeith sé rachmallach i dtús a óige. D'fhíor an ciste dhó, agus d'fhan sé i mbun a chosa nó go raibh sé beagnach caitthe aig an lánamhain, agus nuair a bhí, b'éigean dó toisiughadh ag iasgaireacht i ndeireadh a shaoghail, agus is iomdha oidhche a chaith sé ar an bhfairrge, agus gan lann éisg a thionntódh; agus d'á bhárr sin bhí an lánamhain i gcruadh-chás agus imnidhe orthú go bhfuigheadh siad ocras. Ins an tráth seo bhí a chuid eangach stiallta ó chéile le gairbhtheon agus gargaint na dtonntracha, agus b'éigean do mo chréatúir an tsnáthad eangaighe agus a cheirtlín barraigh fhagháil, agus toisiughadh ar áit na mbonn agus na heangachaí a dheasughadh. Nuair a bhí deis aige orra chuir sé isteach iad i n-a churachán snámha, agus le linn smál na hoidhche, i mí mheadhoin an fhoghmhair, d'iomair sé amach go dtí bannc an éisg. Chaith sé dul eangaighe, agus tar éis uair nó dhó, thoisigh sé ag bordughadh, agus 'léir mar bhí sé ag bordughadh bhí sé ag bunránacht le n-a intinn féin, mar nach raibh duth ná dath i n-a chuid eangach acht stapógaí agus slata mara; is nuair a bhí borduighthe aige thug sé a aghaidh ar an gcuan, agus nuair a bhí an bád
faoi iomramh thug sé faoi deara fad a shean-radhairc uaidhe long faoi sheóltaibh, agus í ag gearradh claise ins an bhfairrge le mhéad a luais agus an snámh a bhí fúithí. Sgannruigh mo chréatúir, mar bhí mearbhall air gur bád sídhe a bhí ann, agus d'iomair sé ar a lán-dhícheall le leac a' bháid a bhaint amach sul má mbéarfadh an long sídhe air, acht ní riabh sé a fhad agus bhéitheá ag rádh "Dia raisias" go dtainic an long i bhfoisgeacht fad maide rámha dhó, agus nuair a thainic, stad sé de iomramh, agus bhreathnuigh sé an long go géar, agus ní raibh éinne ar bhord luinge acht cailín óg, agus ní fhuil léigheadh ná innsint sgéil ar a breághaichte. Chuir sí forán ar an mbádóir, agus d'fhiafruigh sí dhe an raibh mórán éisg marbh aige. "Maise, a bhainríoghain ríoghamhail," ars' eisean, "ní fhuil; agus, ó's duit atá mé dh'á innsint, níor mharbhuigh mé ball éisg le seachtmhain, agus tá mé bocht anróiteach lag claon agus gan slighe ins an domhan mhór agam le greim bídh a fhagháil, acht ag feitheamh ar chabhair na fairrge agus tá an chabhair sin de dhíth orm le seal gearr." "Mo thruaighe thú, a dhuine chóir," ars' ise, "mar is cruadh-chásach do sgéal, acht b'fhéidir go mbeithinn i n-an' congnamh agus cuidiughadh a thabhairt dhuit, má tá tú so-chomhairleach." "A ríoghain áluinn chumharra," ars' eisean, "ní raibh mé do-chomhairleach ariamh, agus glacfaidh mé comhairle mo leasa uait-se, mar aithnighim in d'aghaidh go bhfuil tú dáríribh." "Tá tú pósta," ars' ise. "Tá," ars' eisean. "Agus ní fhuil aon chlann agaibh." "Go deimhin, ní fhuil," ars' eisean. "Agus an measann tú an mbéidh?" ars' ise. "Tá mé dearbhtha dhe nach mbéidh," ars' eisean, "mar tá ar gcos ar bhruach na huaighe agus ó thárla
nach raibh sliocht clainne againn i dtús ar n-óige, is rud i n-aghaidh na nádúire a bheith ag feitheamh leobhtha anois." "Anois, a dhuine chóir," ars' ise, "éist liom-sa; trí ráithe ó'n oidhche anocht gan lá aige ná uaidhe béarfaidhear leanbh fir dhuit-se, agus, má thugann tú chugam-sa é annseo i gcothrom trí ráithe ó anocht, bhéarfaidh mise lucht do bháid d'ór dhuit ar a shon. Sin í mo chomhairle anois, glac í agus ní bheadh aithmhéal ort." Leis sin chrom sí fúithi ins an long, agus thóg sí spaigín i n-a láimh, agus chaith sí an spaigín isteach i mbád an iasgaire. "Tabhair leat a bhaile é sin," ars' ise, "agus fóirfidh sé dhuit as seo go dtí sin. Slán leat anois," ars' ise, "mar níor thráth d'á fhaillighe é." Chrom sé faoi ins an mbád, agus rug sé ar an spaigín i n-a láimh, agus nuair a d'árduigh sé a cheann le buidheachas a ghlacadh léithi, bhí an long éaluighthe as a radharc. Ní dhearna sé aon taithighe ach tarraint ar an gcuan, agus tharraing sé a bhád faoi fhasgadh, agus a bhaile leis ar bhuille boise. Nuair a bhuail sé isteach d'fhiafruigh a bhean de an raibh mórán éisg leis. "'Sé an sgéal céadna é, a ghrádh," ars' eisean, "mar nár mharbhuigh mé aon bhall éisg i rith na hoidhche, ach mu'r mharbhuigh féin," ars' eisean, "caithfimid tidheacht i dtír gan é." Nuair a bhain sé dhe a chuid éadaigh a bhí fliuch ag gargaint na tuinne shuidh sé ar a shuidhisleoig a bhí a chois na teineadh ag clúid an bhaic, agus nuair a shuidh chuir sé sgal gáire as, agus dhearc a bhean air i n-aon chlár amháin, agus sul már leag sí na foraidheacha ar a chéile: - "Goicé fáth do gháire?" ars' ise. "Fáth maith," ars' eisean, "mar tá spaigín óir annso agam, agus seo dhuit anois é, a ghrádh, agus comhair é, agus chó'n's bhéidheas tú 'ghá chomhaireamh, tá deagh- bhriathra nuadha agam le n-innsing dhuit."
"Fáilte roimh an éadáil," ars' ise, "agus 'sé beatha an sgéil." Rug sí ar an spaigín, agus thoisigh sí ag conndas an airgid, agus chó'n's bhí sise ag comhaireamh ní dheachaidh cosg ar a bhéal-san nó gur innis sé dhí, focal ar fhocal, de chomhrádh bainríoghna na luinge, agus nuair a bhí deireadh le n-a bhriathra sgeart a bhean ag gáiridhe, agus ars' ise: - "Go mbadh slán an sgéal." Bhí go maith 's ní raibh go dona. Níor thug sí mórán áirde ar a chomhrádh, mar bhí mearbhall uirthí go mb'fhéidir gur bhain bainríoghain na luinge leis na brilleogaíbh léin; acht ar a shon sin de d'fhóir tairbhe an spaigín dóbhtha, mar bhí siad i n-an' gach ní a d'fhóir do seal tighe a cheannacht; agus leis an sgéal a ghiorrachan, a chomhluadair na cruinne, níor tharraing fear an tighe buille rámha, ná níor thug sé dul eangaighe ó'n oidhche sin go dtí cothrom na hoidhche réamhráidhte, agus go díreach mar déarfá é, rugadh leanbh fir dhó ar an oidhche sin thimcheall 's an mheadhon oidhche, agus ins an tráth céadna bhí tairbhe an spaigín beagnach caithte, agus mar bhí gann-chuid tabhartais aige, b'áin leis comhairle bainríoghna na luinge a chomhnlladh; agus tar éis an gogaire naoidheanán a chlúdach ins an bpludeoig, rug sé ar an naoidheanán idir a dhá láimh agus thoisigh sé 'gá iongabháil ar a bhacán, agus chó'n's bhí an gogaire gnaitheach ag déanamh an cheapaire chneadaigh de'n mhnaoi thinn, d'ealuigh seisean amach i ngan fhios dí, agus as go bráth leis chum an chladaigh. Nuair a shroich sé an cladach sháith sé amach an bád, agus shín sé an naoidheanán ar an naprún deiridh, agus d'iomair sé ar a lán-dhícheall, agus deirim-se leat-sa, a dhuine chóir, nár iomramh go dtí é. Nuair a shroich sé bannc an éisg bhí an long faoi ancoire roimhe, agus an bhainríoghain 'na seasamh glan-díreach i lár báire buird na luinge, agus bhí falluing óir bhuidhe uirthí ó'n bhfeara go diúra agus aimiléis óir ó uain a cinn go dtí íochtar a sála. Bhí a pampútdaí ar dhath ar airgid,
ag deallradh go soillseamhail mar theinidh ghealáin, agus a déad ag tabhairt lóchrainn ar feadh míle i n-a thimcheall, agus maidir le n-a folt bhí sé treillsighthe i n-a threillseáin agus iad i n-a ndulaibh ó chaol a droma do dtí rúitín a cosa. Leis an anamhór a thainic air i dtaobh an radhairc a chonnaic sé, níor fhéad sé húth ná háth a rádh, agus sháruigh sé air ball d'á cholainn a chorrughadh, acht ar deireadh thiar fuair sé réidh an achair bhig, agus go díreach nuair a bhí sé ag brath ar forán a chur uirthí, labhair sise, agus dubhairt: - "Céad míle fáilte rómhat! is fear dhod' fhocal thú, ach feicthear dhom go bhfuil sgáthmhaireacht orm romham. Ná bíodh fuacht ná faitchíos ort, a dhuine chóir, mar ní le dolaidh a dhéanamh dhuit a thainic mise annseo; acht mo chuimhne, an dtug tú an naoidheanán leat?" "'nDomhnach," ars' eisean, "a bhainríoghain ríoghamhail, thugas, dh'aindeoin go gcráidheann sé mo chroidhe sgaramhaint leis; acht, a ghrádh, sgarann bochtanas téagar agus nádúir ó chéile go minic, 's a fhearacht sin liom-sa anois." "A dhuine chóir," ars' ise, "tá a fhios agam gur deacair leat sgaramhaint leis, acht, dá mbeith fios mo rúin-sa agat, ní chuirfeá gruaim in do mhalaidh faoi n-a thabhairt dham-sa, agus ó thárla nach tráth dh'á fhaillighe é (mar tá sé riachtanach agam-sa mo long a chur faoi shnámh), seachaid dhom an naoidheanán, agus uair bochtanais ná anró ní bhfuighidh tú go bráth." Sheachaid sé an naoidheanán dhí, agus, nuair a rug sí air idir a dhá láimh, chuir sí sgal gáire aistí agus cluineadh mac alla an gháire ar fud na tíre. Ar an móiméid, a mhíle ghrádh, ni dhearna sí duth ná dath acht toisiughadh uirthí i lom-láthair ag cárnadh óir i n-a bhád, nó go raibh sí luchtuighthe go dtí an clár béil, agus annsin ars' ise: - "An bhfuil tú sásta?" "Och, maise tá," ars eisean, "agus mur' mbeithinn, badh fear do-shásta a bheith ionnam."
"Is maith liom," ars' ise, "go bhfuil ar gcoinghíoll cóimhlíonta eadrainn gan ádhbhar clamhsáin ag ceachtar againn." "Imthigh leat a bhaile anois," ars' ise, "agus bíodh muinighin agat asam-sa mar máthair altroma ceart cneasta feileamhnach go deo na ndeor." Shuidh sé ar an gclórda, agus thoisigh sé ag cúlughadh le toiseach a' bháid a thabhairt ar an tír, agus tar éis sin a dhéanamh thóg sé a cheann le buidheachas a ghlacadh léithi, agus nuair a thóig, a chumainn, bhí an long éaluighthe gan fios a tuairisge. Leis an sgéal a ghiorrachan, a ghrádh, bhain sé an cladach amach, agus bhí obair dheacrach aige lucht a bháid a iomchar a bhaile, acht, mar dubhairt an sean-fhocal, "thug sé leis é beagán ar bheagán, mar d'ith an cat an measgán," agus nuair a bhí sé i n-a ghróigín aige i gceart-lár an urláir, bhí luthgháir ar an lánamhain i dtaobh méid an ghróigín óir, agus deir siad, nuair a thainic an t-ór isteach ar an doras, go ndeachaidh an chumhaidh a bhí i ndiaidh an naoidheanáin amach ar an bpoll dheataigh, agus, gan bhréag a dhéanamh, bhí an lánamhain as sin amach ar seol na bracha, mar bhí togha agus rogha gach uile ní ní bh'fhearr ná a chéile aca, agus maidir le sult agus slumairt, ní raibh a sárughadh le fagháil. Ní innsigheann an bal críoch a cuireadh ar an lánamhain, mar caithfimid a dhul ar an bhfairrge mhóir, agus leanamhaint do'n sgéal, mar is faoi'n bhain- ríoghain agus an mac altroma atá an sgéal as seo amach. Deirtear, nuair a fuair sí an naoidheanán faoi n-a cúram, go dtug sí aire choimhéadach dhó, agus an borradh nach ndéanfadh sé san oidhche dhéanfadh sé san lá é, agus, a dhuine chóir, ní'l léigheadh ar an bhfás a bhí faoi mar deirtear go raibh sé chomh toirteamhail le fear nuair a bhí sé i n-aois a chúig bliadhan déag. Ní raibh éinne ar an luing acht ise agus eisean, agus ní raibh eolas ar a threibh aige ná ar éinne a bhain dó, mar nach bhfaca sé nídh ar bith acht an fhairrge mhór, agus tréartha glice na hógmhná, agus le seacht bhfocail a
chur i n-aon fhocal amháin, ní raibh aon inntridheacht a d'fhóir do fhear nár chuir sí i n-umhail dó, agus nuair a bhí sé i n-aois a bhliadhna is fiche, bhí gach uile tréaraidheacht, inntlidheacht agus ealadhain de ghlan- mheabhair aige; agus maidir le ealadhanta níor bh'fhéidir a shárughadh. Bhí go maith, a bhuachaill ó! I rith na bliadhna is fiche ní dheachaidh támh ar a súil, acht í an chuid is mó d'á ham ag an líogán dh'á oibriughadh deiseal agus tuaithbheal, agus go díreach mar déarthá é, nuair a thainic seisean i n-aois thainic trom-chodladh uirthí agus dubhairt sí leis-sean aire a thabhairt do'n líogán nó go bhfuigheadh sí támh codlata, mar bhí sí i n-a chall. Ní túisge bhí na briathra ráidhte ná shuidh sé ar an gcrannóig agus rug sé ar an líogán agus ní fhuil léigheadh ná innsint sgéil ar an snámh a chuir sé faoi 'n luing, mar bhí sí ag imtheacht chomh lúthmhar le sinneán gaoith' Márta, agus an ghaoth a bhí roimpí bhí sí ag teacht suas léithi, agus an ghaoth a bhí 'na diaidh d'fhág sí na mílte ar deireadh í le mhéad a siubhail agus seóil. Nuair a b'fhacas dó go raibh sé ag dul ar aghaidh go han-mhaith d'éirigh sé de'n chrannóig, agus shiubhail sé siar agus aniar ar fadh na luinge, agus bhuail sé isteach ins an ngrianán a raibh sise 'na codladh ann le innsint dhí gur chuir sé snámh thar bárr faoi 'n luing agus gan deifir a bheith uirthí a thidheacht amach, mar bhí sé i n-an' aire a thabhairt do'n luing feasta, agus nuair a chuaidh sé isteach bhí sí 'na codladh agus fallaing óir 'gá falach. Bhí sé 'ghá breathnughadh ar feadh tamaill, agus níor mhaith leis a dúsacht, agus le chomh cumhra agus bhí a haghaidh chrom sé a cheann agus bhain sé póg dhí, agus ar an móiméid a bhain d'éirigh sí aniar agus dhearc sí do aon chlár amháin air, agus ars' ise: - "Tá críoch le mo chuid geasa anois, agus caithfidh mise agus tusa sgaramhaint ó chéile, agus cráidheann sé mé a imtheacht uait, mar nach dtig liom fanamhaint, agus a ghrádh, níl árach air; acht, sul má n-imthighidh mé, tá sé riachtanach agam innsint dhuit cé mé féin. Mise
Gruth-bhán na Mara, Inghean an Mhongánaigh Fiach, atá faoi gheasaibh le naoi gcéad déag bliadhain, agus ní raibh i ndán fuasgailt dhom nó go bhfuighinn póg ó'n mbéal nár phóg én-bhéal ariamh, agus, dá bpógfaidhe thusa an oidhche a rugadh thú, bhí brígh na hearaide imthighthe, agus ní bhéitheá i nan' mise a fhuasgailt; agus a charaid, is iomdha naoidheanán a fuair mé ó am go ham, agus ní raibh én-fheidhm anntú dhom, mar pógadh iad sul má bfuair mise iad, agus ins an gcéad phóig atá an t-amhtar. Is cóir dom innsint dhuit goicé thú féin agus an treabh ar shíolruigh tú uabhtha," agus a ghrádh mo chroidhe, thoisigh sí ag innsint dhó mar tá innste, agam-sa do'n chomhluadar, agus nuair a bhí deireadh le n-a briathra, shiubhail an dís ar fhad na luinge. "Agus anois," ars' ise, "caithfidh mé imtheacht uait, agus sul má n-imthighim pronnfaidh mé an long ort, agus fágfaidh mé buaidh agat nach múchfaidhear agus nach mbáithfidhear go deo thú. Déan ar dhuit féin anois," ars' ise, "agus b'fhéidir go bhfeicfeá mise aríst, acht a ghrádh, níl ann acht b'fhéidir." Leis sin d'eirigh sí ins an spéir i n-a colm chomh geal le eala ar bhruach na tuinne, agus ar leagan do shúl bhí sí imthighthe as a radharc, agus, nuair a bhí mo chréatúir i n-a aonraic, thainic laige bheó air, i riocht gur dhiúltuigh a chosa do mheadhachan a cholna, agus b'éigeann dó suidhe faoi nó go bhfuair sé réidh an achair ó'n anamhóir a bhí air, agus a ghrádh mo chroidhe, nuair a fuair sé fóirithin, d'éirigh sé 'na sheasamh, agus shiubhail sé anonn agus anall ar bhord na luinge, agus ars' eisean: - "Is cuma liom mo bheó ná mo mharbh, agus ní fhanfa mé móiméid eile ins an luing seo; ó thárla nach féidir mo bháthadh, béidh fhios agam go luath agus go tapaidh goicé an cineál áite íochtar na fairrge," agus ar thionntódh do láimhe léim sé isteach sa bhfairrge, agus chuaidh sé de'n léim sin go dtí an t-íochtar, agus nuair a bhuail sé a dhá bhonn i n-aghaidh an ghrinnill, shiubhail sé leis, agus, le chomh haoibhinn agus bhí gach ní
d'fheicfeadh sé, rinne sé dearmad a thidheacht i n-uachtar nó gur shiubhail sé mór-chuid de'n fhairrge mhóir, agus tar éis é sgathamh dá shaoghal a chathamh ag taisteal na fairrge bhí sé an tráth seo ag brath ar thidheacht i n-uachtar, agus, go díreach mar déarfá é, nuair bhí sé ag brath ar é féin a árdughadh, thug sé rud eicínt faoi deara a mbadh mhaith leis fios fhagháil goicé an cineál roda bhí ann, agus nuair a shiubhail sé chomh fada leis, an measann sibh, a chomhluadair, goicé bhí os comhair a dhá shúl? - Maise, bhí, a ghrádh, seangán, seabhac, agus mathghamhain, agus spólla feola eatorra, agus iad ag troid le chéile faoi 'n spólla, mar bhí gach ceann aca ag tabhairt iarrachta é bheith aige féin; agus, dá mhéad urrudhas an mhathghamhna, ní raibh sé i n-an' an fheoil a bheith aige ar a chomhairle féin, agus dá bhrígh sin bhí clampar eatorra, mar, dá laghad an seabhac, bhí sé gangaideach, agus cúrsaidhe an tseangáin bhí urchóid i n-a ghath. Sheas mo ghiolla tamall ag faire ar an bhfad-rúsgadh bhí eatorra, agus arrainneacha i n-a thaobh le mhéad a chuid gáiridhe; agus ar deireadh thiar rug sé ar an spólla i n-a láimh, agus thoisigh an mathghamhain ag faire air as deireadh a shúile. Bhí an seabhac ar dhruim an mhathghamhna, agus níor bhain sé a dhá shúil dhe, agus a ghrádh mo chroidhe, shuidh an seangán ar a chorraibh geábh, agus b'fhacas do'n ghiolla go raibh radharc a dhá shúl ag dul thríd mar bárr na snáthaide. Bhí sgian ag an ngiolla, a bhuachaill ó, agus rinne sé trí chuid de'n spólla ag tabhairt an chuid ba mhó do'n mhathghamhain, an darna cuid ba toirteamhla do'n tseabhac, agus an chuidín ba lugha do'n tseangán, mar budh é an gaisgidheach ba lugha goile é. Tar éis é sin a dhéanamh, b'fhacas dó go riabh siad sásta le n-a roinn, agus, i gceann an méid sin, go ndeárna sé eadarasgáin eatorra. I n-a dhiaidh sin thug sé cúl a dhá chos dhóbhtha, agus d'imthigh sé ar aghaidh. Nuair a bhí sé tamaillín beag imthighthe, labhair an seangán agus ars' eisean:-
"Is dona fuaras sinn nár thug buidheachas ná luach saothair d' fhear na ranna, mar tá gach éinne againn sásta i gceann é ar gclampar a chosg." "Maise, dheamhan bréag agat," ars' an mathghamhain, "agus mo ghrádh thú, a sheabhaic," ars' eisean, "lean é i mbárr na bhfásgaidhthe, agus tabhair chugainn é." Ní túisge a hubhradh ná rinneadh, mar d'eiteall an seabhac, agus thug sé ar ais mo ghiolla. Budh é an mathghamhain a thionnsgail na briathra agus ars' eisean: "Ó thárla go ndeárna tú eadarasgáin, tugaim-se buaidh dhuit - gur féidir leat, am ar bith a thogróchas tú é, thú féin a chumadh i gcumraidheacht mathghamhna, agus nach bhfuil, agus ní bhéidh mathghamhain ar dhruim uachtair na talmhana, nach mbéidh tú i n-an' a chuir faoi lár, 'sé sin, uair ar bith a bhéas dréim aca leat." "Tugaim-se buaidh dhuit," ars' an seabhac, "go dtig leat seabhac a dhéanamh dhíot féin am ar bith is toil leat, agus go mbéidh tú i n-an' eitealladh ar fhad na ríoghachta gan sgríste." "A mhic mo chroidhe," ars' an seangán, "ó tárla gur agam-sa atá an treas chrann, tugaim-se mar bhuaidh dhuit an t-am is mó a bhéidheas tú i gcruadhóig, i ngéibheann ná i ngábhadh, gur féidir leat seangán a dhéanamh dhíot féin ar leagan do shúl, agus ar ndóigh, tig leat a dhul i bhfalach idir siúntaí na gcláraí, má thigeann ort. Sul má n-imthighidh tú anois, is cóir dúinn innsint dhuit i mbriathra gearra beagán faoi n-ar dtréartha i dtús ar n-óige. Is triúr fathach sinne agus bhíomar fearamhail colgach cródha agus roighin i gcath Tailtean, agus, dá mhéad ar gcalmacht, cliseadh orainn, agus tá sinn mar fheiceanns tú sinn ó'n tráth sin go dtí an lá indiu; agus a mhic mo chroidhe, níl fhios againn cá'd eile a bhéidheas sinn annseo. Anois, ní thig liom níos mó innsint duit, acht t'igfidh tú as, agus fóirfidh na trí bhuaidh dhuit lá níos fuide ná an lá indiu, mar níl agat acht a rádh mar seo: "Badh mhaith liom a bheith in mo sheabhac, in mo sheangán ná in mo mhathghamhain, agus ní túisge bhéidheas na briathra ráidhte ná béidh tú cumtha ar chuma ceachtair againn."
Leis an sgéal a ghiorrachan, a ghrádh mo chroidhe, ghlac Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe buidheachas leobhtha, agus ar thionntódh an tsuip, "Badh mhaith liom," ars' eisean, "a bheith in mo sheabhac," agus ní túisge bhí ráidhte ná bhí déanta, agus d'éirigh sé i n-uachtar na fairrge, 's nuair a d'éirigh, chuimhnigh sé ar an luing a thréig sé tamall an-fhada roimhe sin, agus d'éirigh sé i n-áirde ins an spéir, agus thoisigh sé ag eiteall ar a lán- dhícheall théinte go bhfeicfeadh sé an long faoi dhá cúrsadh le gargaint na tuinne, acht níor fhéad sé a feiceáil i n-áit ar bith, agus dá bhárr sin bhain sé a shúil dí, agus d'fhág sé an fhairrge, agus a ghrádh mo chroidhe, d'eiteall sé ar fud na réagún nó gur fhág sé cuid mhór de'n tír 'na dhiaidh. Bhí go maith 's ní raibh go holc. Le linn coinfheasgair na hoidhche bhí brath aige tuirlint i gcoill uaithbhéalta leis an oidhche a chur thairis annsin, agus thug sé faoi deara ins an am chéadna ros mór ar a aghaidh, agus d'eitill sé os cionn an ruis, agus nuair a bhí sé thimcheall 's i lár bháire an ruis, thug sé faoi deara cúirt bhreagh aoibhinn i lúib na coille, ag d'eitill sé thart thimcheall na cúirte, agus a ghrádh, nuair a d'eitill, chonnaic sé an bean uasal ba fíor-bhreághaichte d'ár leag sé súil ariamh uirthí i n-a suidhe ar chathaoir óir taobh istigh de'n fhuinneóig. Thuirling sé ar ghiall na fúinneóige ar bhuille boise agus thoisigh sé ag cluifearnacht a sgiathán, agus nuair a chualaidh sí an chluifearnacht thóig sí a ceann, is nuair a thug sí faoi dearna gur seabhac a bhí ann d'árduigh sí an fhuinneóg, agus shín sí uaithi a dhá láimh, agus rug sí ar mo gheócach eidir a dhá láimh, agus ar ndóigh, thoisigh sí 'ghá pheataireacht agus 'ghá shíocadh i n-a hucht, agus fhad 's bhí sí 'ghá shlíocadh thoisigh an seabhac ag crónánacht agus as an gcrónán thoisigh sé ar cheathramha amhráin: - "Is truagh gan mé im' ubhaillín, Nó im' nóinín bheag éigin Nó im' rós ins an ngáirdín Mar a ngnáthuigheann tú id' aonar,
Mar shúil is go mbuainfeá liom Géagáinín éigin Do bheith agat id' dheas-láimh Nó in do bhrollach geal gléigeal." 'nDomhnach, a chumhlódair na cruinne, chó'n's bhí an seabhac ag gabhail na ceathramhan, thoisigh an bhean uasal ag teicheadh, mar bhí 'fhios aici go mba tuar teichte dhí é, agus chaith sí an seabhac as a hucht, agus thug sí áladh ar an gcomhlaidh le n-a osgailt, agus sul mar éirigh léithi sin a dhéanamh, bhí seisean athruighthe ó sheabhac i n-a chuma féin, agus ars' eisean do aon phleasg: - "A Inghean an Mhongánaigh Fiach, ná bíodh faitchíos ort romham-sa," agus nuair a chualaidh sí na briathra sin, dhearc sí thar a gualainn, agus goicé bhí 'na sheasamh ar a cúl acht an fear a shaoruigh í ó n-a geasaibh a bhí uirthí an seal fada bhí sí ar an bhfairrge, mar budh in í an bhainríoghain a bhí ar an luing, mar tá ráidhte cheana féin agam, agus a stóir mo chléibhe, nuair a d'aithnigh sí é, chuir sí a dhá láimh thimcheall a mhuinéil, agus mhúch sí le deoraibh é, fhliuch sí le pógaibh é, agus thriomuigh sí le brataibh síoda agus sróil é, agus threóruigh sí go dtí cathaoir óir é, agus shuidh sí féin ar chathaoir airgid. Tar éis iad suidhe go sócamhlach thoisigheadar ag caoin- chomhrádh, agus gach éinne aca ag trácht ar a n-eachtra féin ó sgar siad le chéile, agus nuair a bhí brígh a mbriathra tuigthe ag a chéile, go díreach mar déarfá é, chuala siad béicighil taobh amuigh de bhalla na gamhna, agus phreab seisean i n-a sheasamh, agus tar éis preabadh, "Cé fáth na béicighile sin," ars' eisean. "Ach muise, a ghrádh," ars' ise, "ó's dhuit-se atá mé 'ghá innsint, is maith is eól damh-sa an bhéicighil sin; mar tá mé annseo ó sgar mé leat-sa, agus tá mé faoi slám draoidheachta ag an bhfathach ar leis an caisleán seo, agus 'sé an fathach is urramhanta agus is cumhachtamhla d'á bhfuil le fagháil, agus tigeann sé gach uile thráthnóna le coinfheasgar na hoidhche. Nuair
a thigeann sé isteach craitheann torann a choiscéimeanna creatalachaí na cúirte le mhéad a mheadhachain agus a thoirte colna, agus a ghrádh, má bhíonn múisiam feirge air, lúbann sé an maide mullaigh agus cuireann sé staon i mbinn na cúirte agus mar sin féin," ars' ise, "tá aoibhneas amháin agam-sa i dtaobh a chuid feirge, agus 'sé sin, nach féidir leis a thidheacht thar ghiall an dorais, agus tá cathaoir na hathchuinghe aige ag an tairsigh, suidheann sé innti, agus tá sé chomh hárd agus go mbíonn barr a chinn níos airde ná an fárdoras nuair a bhíonn sé i n-a shuidhe, agus ó suidheann sé ins an gcathaoir nó go n-éirghidh sé aisti 'sé iomlán a bhriathra ar an bhfad sin ag iarraidh mise a bhladar le n-a chluainidheacht chiuin fhealltaigh, ag iarraidh an chluain a chur orm-sa théinte go dtiubhrainn geallamhaint pósta dhó, mar, a ghrádh, sin a bhfuil uaidhe, agus is sin rud nach ndéanfaidh mé go sáruighidh an saoghal mé, mar, dá ngeallfainn dó go bpósfainn é, bheith na geasa briste agus thiocfadh leis a thidheacht in mo sheómra uair ar bith badh toil leis." Labhair seisean agus dubhairt: - "A' bhfuil slighe nó caoi ar bith le fagháil a chuirfeadh creapall air i riocht go lagfaidhe a cholann, agus go gclaoidhfidhe a urrudhas, agus a chur ar lár ar bhuille boise." "Níl," ars' ise, agus fairíor géar casta cráidhte nach bhfuil, mar, a ghrádh, tá mearbhall orm nach bhfuil a bheatha ar iomchar leis, agus, dá dtiocfadh liom a bhladar i riocht go n-innseochadh sé dham cá bhfuil a bheatha faoi fhasgadh aige, b'fhéidir annsin go mbeith sinn i n-an' dó-bheart a bhualadh air, agus a chnámha mío- stuamdha gránna a chur faoi an sgraith, acht anois," ars' ise, "ní tráth cainnte dhom feasta é, mar béidh sé annseo ar áit na mbonn, agus, mur mbídh tusa i n-an' a dhul i bhfalach, tá faitchíos m'anma orm go gcuirfidh sé do bhaladh, agus má chuireann, is tuar teichte dhuit é, mar leagfaidh sé an teach as ar gcoinn." "Ná bíodh imnidhe ar bith ort fúm-sa," ars' éisean, "mar tá mé i n-an' déanamh as dham féin, agus,
nuair a thiocfaidh sé isteach, leig ort féin go bhfuil cion agus gean agat air, agus b'fhéidir go leigfeadh sé a rún leat, agus má leigeann, mise an buachaillín a shocróchas Samhain agus Bealtaine leis." Ní túisge bhí an méid sin ráidhte, a bhuachaill ó, ná cluineadh a ghlór, agus ar bhuille boise, chum Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe é féin i gcumraidheacht siongáin, agus chuaidh sé i bhfalach eidir na siúntaí, agus leis sin thainic an fathach mór go dtí giall an dorais, agus, a ghrádh mo chroidhe, bhí coipe cubhair le n-a bhéal, agus ars' eisean ós árd: - "Fud, fad, féasóig, fághaim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh; bhíodh sé saoghlach ná marbh, láidir na lag, béidh a cholann mar deóladh agam-sa anocht." Fhad 's bhí sé ag stolladh na mbriathar so as, bhí sise i n-a seasamh os comhair an dorais, agus a rosg ag deallradh mar lonnradh na gréine, agus frighid an gháire i n-a dhá pluic, agus ars' ise de aon phleasg amháin: - "A chumainn na gcumann, agus a stóir mo chroidhe, tá dí-mhearbhall ort i dtaobh thú 'rádh gur chuir tú baladh Éireannaigh, mar is sin rud nach raibh, nach bhfuil, agus nach mbéidh; acht a ghrádh, ó's dhuit-se tá mé 'ghá innsint, d'eiteall seabhac trasna na sráide thimcheall 's uair ó shoin, agus bhí cnámh leis eidir a dhá chrúib, agus é ag teicheadh ó'n iorlach mór, agus, nuair a thainic air go tobann, b'éigin dó i lár a chruadhóige an cnámh a leigint le fánaidh, agus thuit sé ins an ngamhna, agus is sin é an baladh a fuair tú i leabaidh baladh Eireannaigh." Tar éis na mbriathra sin shámh sé, agus dhearc sé go géar i n-a haghaidh, agus ars' eisean: - "Creidim thú mar, ar m'udhachta dhuit, níl mé ag déidearradh ar do chuid briathra," agus ar thionntódh an tsuip, a bhuachaill ó, shuidh sé i n-a chathaoir mar ba ghnáthach dó, agus dheasuigh sise a cathaoir féin i ngar do'n doras, agus ar ndóigh shuidh sí ar a sócamhal, agus thoisigh seisean ar an sean-sgéal ar air, 'sé sin, ag fiafruighe dí cá fhaide nó go dtiubhradh sí geallamhaint phósta dhó.
"Maise, a ghrádh," ars' ise, "is minic a bhí brath agam sin a dhéanamh, agus thoiseochainn ag smaoineadh ar ais go mb'fhéidir nach mbeithinn thar leith-bhliadhain pósta agat nó go dtiocfadh gaisgidheach cumhachtach eicínteacht a mharbhóchadh thú, agus annsin bheithinn in mo bhaintrigh, agus, dá dhonacht dá bhfuil mé faoi láthair, bheithinn ní ba mheasa, dá mbadh rud go n-éireóchadh an míothapa sin duit." Leis sin chúb seisean é fhéin ins an gcathaoir, agus chuir sé sgal gáire as a chuir crith talmhana faoi bhun na cúirte, agus ars' eisean de mhaol a mháige: - "Sin rud nach mbéidh go deo na ndeor, mar nach bhfuil mo bheatha ar iomchar liom, agus dá bhrígh sin ní féidir truisle ná leagaint a bhaint asam, mar tig liom éalodh ó bhuille claibhi' mar éaluigheanns gath gréine de'n bhalla an tráth fhaluigheanns néal an ghrian, agus, ó thárla go bhfuil tú ag brath ar do ghean a thabhairt dhom, tá sé riachtanach agam innsint dhuit an áit a bhfuil mo bheatha cosanta." Tar éis na briathra sin dubhairt sé léithi siubhal go dtí an fhuinneog. Shiubhail sí agus ars' eisean: - "An bhfeiceann tú an crann mór daraighe atá ag fás i lár na gamhna?" "Feicim," ars' ise. "Dearbhuighim duit," ars' eisean, "gur i gceart- lár croidhe an chrainn sin atá mo bheatha, agus tá an crann sin ag fás annsin le linn mo sheacht sinnsear, agus, ní fhuil síon ná dailteann a shéid ariamh i n-an' feanncadh a bhaint as; nó go ngearrtar an crann agus go ndóightear i n-a luaithreamhán é, níl neach beo i n-an' mise a lot. Tá mé 'ghá innsint seo dhuit faoi rún, mar tá mé cinnte dhe go gcoinneóchaidh tú an rún. Anois," ars' eisean, "níl aon fhaill cainnte agam leat feasta, mar tá sé thar am agam bheith ag imtheacht atus tá súil agam nuair fhillfeas mé tráthnóna i mbárach go dtiubhraidh tú do lámh is d'fhocal dom i gceann geallamhaint phósta." "Ní thig liom sin a rádh," ars' ise, "go bhfillidh tú ar ais agus, nuair a thiocfas tú, béidh cainnt agus
comhrádh againn, agus, má thaithnigheann do thréartha agus do chuid bealaigh liom, b'fhéidir go mbeith fáinne cumainn eadrainn." Bhí go maith, a bhuachaill ó, d'imthigh seisean agus ní túisge a bhí cúl a dhá chois tugtha do'n seomra ná d'éirigh an seangán as na siúntaí, agus rinne se seabhach dhe féin, agus thoisigh sé ag eiteall ar fhad agus leithead an tseomra. Shuidh sise i n-a cathaoir airgid ag faire ar áthbhuillidheacht an tseabhaic, agus nuair a bhí sé beagnach sáruighthe, chúb sé a chuid sgiathán agus thuit sé anuas ar ghualainn na mná óige, agus nuair a thuit, shín sí a lámh le breith air, agus a ghrádh, mar bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, bhí sé cumtha i gcumraidheacht fir, agus é i n-a sheasadh le n-a hais. "Ara, a ghrádh," ars' ise, "ar chualaidh tú seanchas an fhathaigh ghránna?" "I nDomhnach, chualaidh mé, agus god as nach gcluinfinn? mar bhí mé chomh gar dó agus bhí tú féin." "Sílim anois," ars' ise, "go bhfuil eolas agam ar shlighe a mharbhtha, agus ar maidin i mbárach," ars' ise, "gheobhaidh mé treathar agus ithillear, agus gearr- faidh mé an crann, agus a ghrádh," ars' ise, "béidh sé i n-a luaithreamhán agam le linn smál na hoidhche." Labhair seisean léithi tar éis na mbriathar sin: - "A chailín mo chróidhe, ná bhí chomh dí-chéillidh sin, mar is sin gálóg a d'innis sé duit, god' fhéachaint go bhfeicfeadh sé an bhfuil cion agat air, agus seo í mo chomhairle-sa dhuit i dtaobh an chrainn. I mbárach téirigh amach agus tabhair uisge agus grafán leat. Toisigh ort, agus sgríob an caonach de'n chrann, agus nigh agus sgiúr é i gceann an méid sin, mar, nuair a thiocfas sé a bhaile tráthnóna i mbárach, bhéarfaidh sé an chéad shúil ar an gcrann, agus, nuair fheicfeas sé gur chuir tú íognódh ort féin ag glanadh an chrainn agus ag cosaint a bheathadh, taithneochaidh sé sin go mór leis, mar béidh sé lán-chinnte go bhfuil tú marbh le grádh air, agus rachaidh mise i mbannaí go
n-innseochaidh sé dhuit ar an bpointe boise an áit a bhfuil a bheatha te teolaidhe faoi fhasgadh aige." Tar éis an ghearr-chomhráidh seo, a ghrádh mo chroidhe, labhair sise agus dubhairt: - "I nDomhnach, is ciallmhar í do chomhairle, agus, ach' beag do chomhairle, dhéanfainn-se míothapa nach n-éireochadh liom, agus anois," ars' ise, "i ndeireadh na cainnte tá sé i n-am againn blas bídh a fhagháil," agus ar thionntódh an tsuip, a chomhluadair, tharraing sí slaitín draoidheachta as a póca, agus lúb sí an tslat i riocht gur bhuail sí a dhá ceann faoi chéile, agus ar leagan do shúl léim an tslat as a láimh, agus thuit sí ar an urlár, agus nuair a thuit, ar chasadh do láimhe bhí bord bídh agus dighe leagtha faoi an dís chomh breagh agus leagadh faoi bhainríoghain ná rí ariamh. Bhí ithe agus ól, sult agus sásamh aca i n-a gcuid bídh, mar bhí fiche cineál aráin ar leith agus bhí blas na meala ar gach aon ghreim, agus ní raibh dá ghreim dhe aon bhlas. Chuidigh an lánamhain le chéile, mar bhí siad ag túnadh agus ag síor-thúnadh an bhídh agus an dighe ar a chéile fhad 's bhí siad i gcionn a mbéilidh bídh, agus nuair a bhí siad súghach sáthach, a dhuine chóir, leag 'ach éinne aca a gceann tharsta, agus bhí suan beag codlata aca as sin go maidin. Bhí go maith, a chumainn na gcumann. Ní túisge gheal an mhaidin ná rinne seisean seabhac de féin, agus ars' eisean léithi: - "Rachaidh mise amach go mbreathnuighidh mé thart thimcheall na háite, agus ní thoicfaidh mé ar ais go dtí le linn an chlapsholais, acht cogar," ars' eisean, "mo ghrádh thú, agus ná déan dearmad i dtaobh an chrainn a nighe." "Ó ní dhéanfad," ars' ise, "ná bíodh imnidhe ar bith ort faoi." Leis sin, d'imthigh seisean leis mar bhuailfeá ar an gcluais é, agus seal gearr 'na dhiaidh sin, nuair a d'éirigh an lá as a chionn, chuaidh sise amach, agus sgríob sí, nigh sí, agus sgiúr sí an crann, agus
d'fhaluigh sí na craobha a bhí íseal le ceirteogaí bána a bhí déanta de sgaith na hanraite. Bhí go maith 's ní raibh go dona. Leis an sgéal a ghiorrachan, nuair a thainic an fathach a bhaile tráthnóna, ní dhearnaidh sé dearmad gan breathnughadh ar an gcrann de'n chéad taca, agus fhadh 's bhí sé ag breathnughadh an chrainn, thainic an seabhac a bhaile, is d'árduigh sise an fhuinneog nó gur leig sí isteach é, agus a ghrádh, chaith an fathach uair go leith ag breathnughadh ar an gcrann agus ag siubhal thart i n-a thimcheall, agus dheamhan coiscéim d'á dtugadh sé nach mbuailfeadh sé a dhá bhois faoi chéile i gceann é bheith ag gáiridhe ós árd le méad a bhróid i dtaobh an chrainn a bheith glanta ó'n sean-chaonach liath a bhí ag fás air le cuimhne na ndaoine; acht, a dhuine chóir, nuair a shásuigh sé a intinn ag faire ar an gcrann, shiubhail sé roimhe nó go dtainic sé go dtí doras na cúirte, agus thoisigh sé ag glaodhach uirthí a thidheacht i n-a airicis, agus maitheamhnas a thabhairt dhó mar gheall air gálóg de bhréig innsint i riocht gur chuir sé íognódh uirthí i dtaobh glanadh an chrainn. Níor thug sí fáir ná freagradh air nó go dtainic sé go dtí cathaoir na hathchuinghe. Shuidh sé innti agus dheasuigh sise a cathaoir féin i ngar do'n doras. Bhí an seangán, ar ndóigh, i bhfalach, agus tar éis an bheirt aca suidhe go sócamhlach agus eisean an chéad duine a labhair. "Tá aithmhéal orm, a ghrádh," ars' eisean, "faoi rádh is gur chuir mé íognódh ort, acht ní raibh mé acht god' fhéachaint go bhfeicfinn an raibh suim agat ionnam. Tuigim anois go soilléartha go bhfuil," ars' eisean, "agus maith dham i dtaobh an bhréag innsint aréir, acht tá mé ag dul ag déanamh maith i n-aghaidh an uilc anois, 'sé sin le rádh, go n-innseochaidh mé clár na fírinne dhuit. Ní ins an gcrann sin atá mo bheatha, acht ins an Domhan Thoir, mar tá mathghamhain ins an tír sin a bhfuil air trí claigne, agus is ins an gclaigeann láir atá mo bheatha-sa, mar i lár a inchinne atá spras fola clagtha chomh cruaidh le inneoin
ceardcha agus níl baoghal báis damh-sa nó go mbuail- tear an spreas fola sin ar an mball dóráin atá faoi m'asgaill deis agus anois, a ghrádh," ars' eisean, "níl aon ádhbhar faitchíosa agat i dtaobh mise a phósadh, mar nach bhfuil aon cheathaire ná aon dómhra ar dhruim uachtair na talmhana i n-an' an mathghamhain sin a lot." Labhair sise annsin, a bhuachaill ó, agus dubhairt sí go díreach mar seo: - "Má 's mar sin atá an sgéal, béidh luthgháir orm ag glacadh fáinne cumainn uait, agus, tar éis a fhaghála, geallaim go fírinneach dhuit go bpósfaidh mé thú dhá bhliadhain ó'n lá a bhéarfas tú dham é gan lá aige ná uaidhe, 'sé sin, má bhíonn sinn saoghlach agus saor ó easbhaidh sláinte." "Mo ghrádh thú!" ars' eisean, "is fada a bhí cathughadh i ndiaidh na geallamhaint sin agam, agus ná bíodh imnidhe ar bith ort i dtaoibh easláinte, mar, maidir liom féin, ní baoghal doighe bior ná arraing dham nó go loitthear an mathghamhain, mar dubhairt mé leat cheana, agus ní féidir sin a dhéanamh nó go n-éagfaidh sé le aois. Tá fios mo rúin agat anois," ars' eisean, "agus ar do bhás ná leig le hais d'anáile é. Caithfidh mise bheith ag imtheacht agus, nuair a fhillfeas mé ar ais, béidh an fáinne liom." "Sonas agus séan ort anois," ars' eisean, agus tar éis na mbriathra sin bhailigh sé leis mar sgal teinntrighe. Ní túisge a bhí sé thar an táirsigh ná bhí an seangán i n-a fhear, agus é 'na shuidhe ar cathaoir óir. "Anois, a chailín mhaith!" ars' eisean, "ní raibh aon dul amugha orm nuair a dubhairt mé leat gur gálóg a d'innis sé dhuit i dtaobh an chrainn." "I nDomhnach," ars' ise, "tugaim faoi dearna anois nach riabh aon dul amudha ort, acht mar sin féin, nach bhfuil mo bhuaidhreadh-sa níos measa anois ná bhí ó thús, mar nach bhfuil mé i n-an' claoi do chosantóir a bheathadh, 'sé sin, an mathghamhain, agus nuair a bhéas an lá cáirde istigh, nách gcaithfidh mé a phósadh, agus a ghrádh, dhá bhrígh sin, dá dhonacht maol is measa ióna sin mullach."
"A chailín bháin mo chroidhe," ars' eisean, "fuair mise trí bhuaidh tar éis mé do long-sa do thréigeadh, agus d'fhóir dhá cheann aca dham. Tá an treas cheann le féachaint agam go fóill, agus dearbhuighim dhuit nach ndéanfaidh mé stad, marbh ná comhnuidhe nó go bhféachfaidh mé an treas bhuaidh ins an Domhan Thoir, agus 'sé sin, comhrac eidir mé féin agus Mathghamhain na dTrí gClaigeann, agus claoidhfidh mé é chomh cinnte agus tá mo dheas-lámh ar mo cholainn." "Maise, goirim saoghlach thú!" ars' ise, "an bhfuil tú ag glacadh misnigh a dhul go dtí an Domhan Thoir, agus má's ar mo shon-sa atá tú 'ghá dhéanamh sin, níor maith liom thú fhéin a chur i gcontabhairt d'anma." "Níl aon chontabhairt, dá bhaoghlaighe, nach fiú do ógánach fhéachaint le ainnir chiúin chumhra mar thusa a shaoradh; agus ná cuir níos déine orm anois, mar ní túisge ghealfas an lá ná bhéarfaidh mise m'aghaidh ar an Domhhan Thoir." Níor labhair sí húth ná háth i n-a dhiaidh sin acht bord bídh a leagaint i n-a fhiadhnaise, deoch agus annlann, agus maidir le sult agus slumairt, ba deacair a shárughadh, agus leis an sgéal a chríochnughadh, a dhaoine córa, tar éis iad greadadh bídh agus dighe ite agus a ól, leag siad a gceann tharsta agus chodail siad go socair sámh as sin go maidin. Ní túisge gheall an mhaidin ná bhí seisean i n-a sheasamh ar ghaill ar fuinneóige, agus, mar bhainfeá smeach as do mhéir, bhí sé 'na sheabhac agus é i n-áirde ins an spéir, agus a chomhluadair, níor chúb sé sgiathán ná níor lúb sé crúb nó gur thuirling sé ins an Domhan Thoir, 's nuair a thuirling, a ghrádh, chum sé é féin i gcumraidheacht gaisgidhigh áird-fhearamhail, agus d'imthigh sé leis ar fud na tíre ag tóruigheacht aimsire. Ní dheachaidh sé i bhfad nó gur bhuail sé isteach i ngamhna an-leathan agus fairsingeacht mhór annti. "I nDomhnach," ars' eisean leis féin, "aithnighim 'léir cuma na gamhna seo gur sgológ atá 'na chomhnuidhe thimcheall na háite seo."
Ní túisge bhí na briathra sin ráidhte ná bhuail fear isteach ins an ngamhna. Dhearc an fear air go géar agus ars' eisean leis: - "Cé thú féin ná cé as ar thárla tú? Mar nach bhfuil do dheallradh ná do sgéimh i gcosamhlacht le muinntir na tíre seo." "Ach'," ars' eisean, "a dhearbhráthair mo chroidhe, is fear mé atá ag imtheacht ó ríoghachta go ríoghachta ag iarraidh aimsire, agus ní thig liom éinne a fhagháil a chuirfeadh aimsir orm." "I nDomhnach, a bhuachaill ó," ars' an fear leis, "tá call do leithide orm-sa, agus cuirfidh mise aimsir ort i gceann tuarastal maith a thabhairt dhuit, má bhíonn tú i n-an' an obair a chóimhlíonadh 'léir mar chuirfeas mise i n-umhail dhuit í." "Maise, a dhuine chóir," ars' an buachaill leis, "bhí claon agam-sa le obair i gcomhnuidhe, agus ní misde liom cé an cineál oibre a mbéidh mé fruilthigh'e i n-a cionn, acht tuarastal fhagháil agus suaimhneas oidhche." "Tá sin le fagháil agat," ars' an fear, "agus is cóid dam anois a chuir i n-umhail duit an obair a bhéas agat. Tá céad torc i n-aon fhail amháin agam, agus bhéarfaidh tusa amach ar maidin iad, seolfaidh tú rómhat iad go dtí Coill na Smálaighe Duibhe. Béidh tú 'ghá mbuachailleacht annsin i rith an lae, agus, má bhíonn an comhaireamh ceann leat tráthnóna, bhéarfaidh mise luach saothair maith dhuit, acht tabhair faoi deara, má bhíonn aon cheann aca easbhach, béidh craiceann do chinn mar bairéad seilge agam-sa lá ar n-a bhárach in gceann do cholann a bheith i n-a luaithreamhán i bpúirthín na hátha atá agam le haghaidh na hócáide." Labhair Mac Mhic an Iasgaire agus ars' eisean: - "Is dian é do choinghioll, acht mar sin féin cóimhlíon- faidh mise m'obair lae, agus dearbhuighim dhuit nach mbéidh ádhbhar casaoide agat." "Sin é is maith liom," arsa a mháighistir, "agus sul má dtéighmid níos fuide ins an gcainnt, tá sé chomh maith dham m'ainm a chaidreamh leat. Mise Rí na Smálaighe Duibhe, agus tá an ríoghachta seo agus
muinntir na ríoghachta agam-sa ar mo chomhairle fhéin, agus má shásuigheann tusa mé in do chuir oibire, ní fheicfidh tú aon lá bocht anois i rith do shaoghail." "Déanfaidh mé mo dhícheall, a rí!" ars' eisean, "agus má sháruigheann orm, dham fhéin is measa." Tar éis na mbriathra sin, a chomhluadair na cruinne, thug sé isteach 'un a' tighe é, agus leagadh faoi greadadh bídh, dalladh dighe, agus neart a chodlata é, agus fuair sé leabaidh do sgaith clúmhach na n-éan, agus bhí sé chomh te teolaidhe ainntí go raibh múnógaí allais ag tuitim dhe chomh mór le póiríníbh fataí, agus é mhéad an trom-chodlata bhí air de bhárr a shócamhail níor airigh sé an lá ag fáinneachan nó go dtainnic giolla an ríogh ag an doras, agus gháir sé ós árd: - "Bí in do shuidhe go tapaidh," ars' eisean, "mar tá sé an dó-dhéag 'sna clocháin." 'nDomhnach, a bhuachaill, nuair a chualaidh sé glór an ghiolla, níor bh' fhallsóir é ag éirghe agus, nuair a bhí ughaim na hoibre air, shiubhail sé amach agus shiubhail an giolla leis nó gur fhosgail sé doras na faile, agus nuair a d'fhosgail, a ghrádh, rith an chéad torc amach mar sinneán gaoith' Márta, agus ars' an giolla leis: - "Lean iad ar áit na mbonn, agus ní chromfaidh siad smut fúbhtha go sroichfidh siad Coill na Smálaighe Duibhe, mar sin é an áit fhághann siad a mbeatha ag ithe cnoithe agus measra, agus cnuas ar bith eile a chas- faidhear leobhtha." 'Léis sin, a ghrádh, rith Mac Mhic an Iasgaire 'n-a ndiaidh mar bhuailfeá ar an gcluais é, agus coisidheacht ar choisidheacht, acht budh in í fhéin an choisidheacht, agus leis an sgéal gearr seo a ghiortughadh, nuair a shroich siad an choill, rith na tuirc isteach ag iarraidh cnuas dóbhtha fhéin, agus, nuair a fuaidh seisean 'na ndiaidh, bhí an choill chomh dubh dorcha sin agus nár léar dó an té a chuirfeadh méar i n-a shúil, agus ars' eisean leis féin: - "Tá mé giollachtaí, mar caitfidh mé suidhe i mbun mo chosa agus cead reatha tabhairt dóbhtha."
Shuidh sé ag bun crainn agus ní raibh sé 'na shuidhe baileach nó gur chualaidh sé búirthighil uathbhásach agus leis an neart a bhí le fuaim na búirthighile, chrith an talamh faoi n-a chuid cosa. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus bhí na búirthighile ag méadughadh. "Ní tráth d'á fhaillighe é," ars' eisean, agus leis sin chum sé é fhéin i gcumraidheacht mathghamhna agus d'imthigh sé leis ag dul i n-airicis an bheithidhigh bhródhaigh a bhí ag búirthighil, agus ní dheachaidh sé ró-fhada nó go dtug sé faoi deara an mathghamhain a raibh sé ar a thóir ag nochtadh chuige, agus a chumhlódair na cruinne, budh é an solas a bhí ag soillsiughadh i súilibh an mhathghamhna a thug léargus dó thríd an gcoill, mar tá sé ráidhte go raibh chúig súile i gclaignibh an mháthghamhna seo - 'sé sin, dhá shúil ach aon cheann de'n dá chlaigeann colbha, agus aon súil amháin ins an gclaigeann láir, agus bhí coinneal nimhe i ngach uile shúil aca i riocht gur sgap siad lóchrann solais go bpiocthá bioráin bheaga le gile an tsolais. Ins an tráth céadna bhí mathghamhain na dtrí gclaigheann ag deasughadh leis na torcaibh, agus le n-a cheapadh ó ár a dhéanamh ortha chuaidh sé roimhe ar a bhealach, agus, nuair a chonnaic mathghamhain na gcoinneal nimhe an mathghamhain seo eile, níor bhac sé leis na torcaibh, ach thug sé sodar chun cinn leis an mathghamhain a d'alpadh, agus ba mhaith an mhaise do'n mhathghamhain daonna é, d'ionnsuigh sé mathghamhain na dtrí gclaigeann go bord colgach fíochmhar fíochda cróga calma neartmhar baoghlach agus an-fhuilteacht, agus a ghrádh, nuair a d'fhastuigh siad a chéile ní raibh a leitheide de throid ó thiar an domhain go dtí thuar an domhain agus bhí eatorra, mar rinne siad bogán de'n chruadhtán agus cruadhtán de'n bhogán, d'ísligh siad na hárdáin agus d'árduigh siad na fánáin le mhéad a nirt, a lútha, a n-aclaidheachta agus troimeacht a gcolna, agus, le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada, bhíodar ag tabhairt dh'á chéile ar an gcuma sin go dtí smál na hoidhche, agus le linn an trátha sin bhí ceann de na claignibh colbha sgaithte de'n mhath-
ghamhain; agus ar an móiméid chuaidh an solas as agus d'éaluigh sé ar siubhal i ndorchadas na coille. Leis sin, a ghrádh, rinne an mathghamhain seo fear dhe fhéin, agus shiubhail sé amach as an gcoill le fionn- fhuaras fhagháil, mar bhí sé i n-a chall, agus fhad 's bhí sé ag fhagháil fóirithine thainic an comhaireamh ceann de na torcaibh as an gcoill, agus shiubhail siad roimhe go socair suaimhneach le uan caorach nó gur chuir sé isteach ins an bhfail iad, agus chomh luath géar agus bhí doras na faile dúinte aige bhí an rí le n-a shálaibh. "Tá tú ann," ars' an rí leis. "'nDomhnach, tá," ars' eisean, "an lá céadna a d'imthigh mé." "Bhfuil an comhaireamh ceann a bhaile leat?" ars' an rí. "Tá," ars' eisean, "agus god as nach mbeith?" "M'anam gur maith thú," ars' an rí, "agus béidh a shliocht ort, íocfaidh mise go maith thú ar shon do chuid oibre, má éirigheann leat i mbárach agus athrughadh i mbárach." Leis an sgéal seo a chríochnughadh, a chumhlódair, fuair an buachaill biadh agus deoch agus sócamhal oidhche, agus ní túisge gheal an lá ná bhí sé 'na shuidhe, agus sheol sé roimhe an sealbhán torc. Casadh an mathghamhain leis ins an gcoill. Bhí troid fhuilteach eatortha agus d'éirigh leis le linn an chlapsholais an dara claigeann a bhaint de'n mhathghamhain. Tar éis sin d'éaluigh sé uaidhe i ndorchadas na coilleadh, agus thug sé a bhaile na tuirc, agus ní túisge bhí sé ins an ngamhna ná bhí an rí i n-a chuideachta. "An bhfuil siad leat?" ars' an rí. "'nDomhnach, tá," ars' eisean, "is god chuige nach mbeith?" Ní dhearna sé ceo na frighde acht a thabairt leis 'un a' tighe, agus bhí bord bídh agus dighe leagtha i n-a fhiadhnaise nár bhréag bord bídh a thabhairt air. Tar éis é a sháith ithe chuaidh sé go dtí a sheomra, mar theastuigh sócamhal oidhche uaidhe, agus a chumhlódair, gan déidearradh ar bith, chodail sé ar a sháimhín sógh,
agus bhí a chall sin air, mar bhí sé sladtha de bhárr dócamhail troda ar feadh dhá lá, acht mar sin féin ní raibh deireadh le n-a chuid troda an tráth sin, mar, tar éis é béilidh na maidne a chathamh an treas lá, ghluais sé féin agus a thréad torc chum na coilleadh agus ar an móiméid thainic sé go dtí ciumhais na coilleadh bhí an mathghamhain roimhe, agus an choill go hiomlán faoi lóchrann aige, mar bhí na cúig coinnle réamhráidhte lasta ar thobar a bhathaise, agus a ghrádh mo chroidhe, thug sé áladh ar na torcaibh le greallach a dhéanamh dhíobhtha, acht sul má bhfuair sé faill sin a dhéanamh, bhí greim geoc ag an mathghamhain daonna air, agus a dhuine chóir, má thugann tú cluas dam, ní raibh ins an troid a bhí aca an dá lá roimhe sin acht caitheamh dartacha ar ghualainn na troda bhí aca an treas lá, mar bhí an dá mhathghamhain ag troid ar son báis ná beathadh, agus níor mhór do'n mhathghamhain daonna an dá bhuaidh eile a bhí aige, mar, nuair a bhí an troid ag dul rithte leis, ghníodh sé seangán dhe féin, agus fhad 's bhí sé i n-a sheangán bhí sé i n-an' a sgrísde a dhéanamh, agus d'ionnsuigheadh sé aríst é go fíochmhar borb; agus 'léir mar theannuigh a chruadhóg air d'éirigheadh sé i n-áirde ar dhruim an mhathghamhna i n-a sheabhac, agus le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, mhair an troid eatorra go raibh an lá ag diúltadh dh'á sholus, agus an oidhche ag sgaipeadh néalta dorcha i riocht gur mhúch sí solus an lae, agus le linn an trátha sin sgaith sé an treas cheann de'n mathghamhain ó bhun na diúide, agus bhí treis agus buaidh aige, agus ní fearr ná shaothruigh sé é. Tar 'éis sin, a dhuine chóir, rug sé ar an gclaigeann, agus rinne sé dá leith chothroma de, agus fuair sé an spreas fola a thionnsgail a thuras go dtí an tír sin. Chuir sé an spras fola go cúramach i bpóca a asgalla, agus thug sé roinn de lom fola an mhath- ghamhna i bhflasg, agus ar bhuille boise, a ghrádh, sheol sé roimhe a thréad torc go dtí gamhna an ríogh, agus bhí an rí annsin ag fuireacht leis, mar sheas sé ag dorus na faile gur chomhair sé na tuirc ceann ar
cheann i riocht go mbeith sé cinnte an raibh an comhaireamh ceann leis, agus tar éis a gcomhairimh rug sé greim dhá lámh ar Mhac Mhic an Iasgaire, agus chraith sé go talamh iad, agus ars' an rí leis: - "Is tú an fear is fearr a casadh orm-sa ná ar m'athair ariamh, mar, a dhuine, chóir, ó's dhuit-se tá mé 'ghá innsint is tusa an céadadh buachaill a cuireadh go dtí Coill na Smálaighe Duibhe ó am go ham, agus níor thainic éinne aca ar ais, agus caithfidh buaidh cumhachtamhail eicínteacht a bheith agus, mar tá fhios agam gur casadh leat Mathghamhain na dTrí gClaigne, agus a ghrádh, tá an tír seo creachta casgartha ag an mathghamhain sin le cuimhne na ndaoine." "A rí," ars' eisean, "casadh liom é, agus ní dheachaidh leis mar tá sé marbh, agus dearbhuighim dhuit nach gcuirfidh sé íongnodh ort-sa ná ar éinne ar bith eile do deo na ndeor." "Má's mar sin atá an sgéal," ars' an rí, "bhéar- faidh mé m'inghean dhuit mar chéile, 'sí sin, Cúl Famainneach agus i gceann an méid sin béidh mo ríoghacht agat tar éis mo bháis." "A rí eagnaidhe!" ars' eisean, "tá mé ró- bhuidheach dhiot ar son do thairisgint dh'aindeoin go gcaithfidh mé a dhiúltadh, mar tá fáinne cumainn eidir mé féin agus ríoghain óg, agus mar gheall ar an ríoghain sin thainic mé 'un na tíre seo, agus feiceann tú anois go bhfuil ádhbhar agam Cúl Famainneach eiteach." "Is maith liom," ars' an rí, "gur fear dhod' fhocal thú, agus, ó thárla nach bhfuil mian agat fanach, bhéar- fiadh mise luach saothair dhuit i n-éiric a bhfuil déanta agat." "Ní ghlacfaidh mé ceo na frighde uait do'n taca seo," ars' eisean, "acht, má fhillim ath-uair tá mé cinnte go mbéidh tú in do charaid lághach agam." "Gan déidearrach ar bith," ars' an rí, "béidh mé, agus má bhíonn mío-stainnc ar bith eidir thú féin agus do shearc, tapuigh chugam-sa agus fóirfidh mé ort." "Tá mé buidheach dhíot, a rí," ars' eisean, "acht anois caithfidh mé bheith ag imtheacht, mar ní tráth d'á
fhaillighe é," agus mar smeach do mhéire, d'éirigh sé i n-áirde i n-a sheabhac ins an spéir, agus, a chumhlódair na cruinne, leis an sgéal a ghiorrachan, níor chúb sé sgiathán ná níor lúb sé crúb nó gur thuirling sé ar ghiall na fuinneóige i gcathair an fhathaigh mhóir, agus nuair a thuirling, bhí an ríoghan 'na suidhe i gcathaoir óir, agus d'árduigh sí an fhuinneog, agus ar leagan do shúl, léim an seabhac isteach agus bhí sé i n-a fhear ar bhuille boise, agus a dhuine chóir, ní bréag a rádh, nár mhúch sí le deoraibh é, fhliuch sí le pógaibh é, agus thriomuigh sí le brataibh míne agus sróil é. Tar 'éis sin chaith siad béilidh bídh, agus thoisigh an chainnt agus an comhrádh eatortha, agus a dhuine chóir, tabhair faoi deara, an chéad lá thoisigh an troid eidir an dá mhathghamhain gur ghlac an fathach taom thinnis i riocht go mb'éigin dó luighe faoi n-a sguillí, agus 'léir mar bhí an mathghamhain d'á chlaoi bhí an fathach ag éirghe níos laige gach lá, agus, leis an sgéal a ghiorrachan, bhí clochar an bháis i n-a sgornaigh le linn an ama seo, agus a bhuachaill ó, chuir Mac Mhic an Iasgaire culaith leagha air féin, agus shiubhail sé isteach i seomra an fhathaigh, agus dubhairt sé leis an bhfathach go mba liaigh é a bhí i n-an' gach uile gharla a leigheas. "Má leigheasuigheann tú mise," ars' an fathach, "béidh tú in d' fhear saidhbhir fhad 's mhaireas tú beó." Ní dhearnaidh an liaigh ceó na frighde acht an fleasg a raibh an fhuil ann bhaint as a phóca agus thug sé braon beag, de'n fhuil le n-ól do'n fhathach, agus tar éis é a ól, fuair sé réidh an achair beag i riocht gur shuidh sé aniar ins an leabaidh ag cainnt leis an liaigh, agus ars' an liaigh leis: " A dhuine chóir, an bhfuil dochar dham fhiafruighe dhíot go cé an tsiocair a fuair tú i dtaobh an taom thinnis seo a ghlacadh." "Leig mé mo rún le ainnir uasail, mar shíl mé go gcoinneochadh sí rún, ach' 'léir an bhail orm-sa faoi láthair, leig sí mo rún le gaoith i riocht gur claoidheadh i gcóir ná i n-éagcóir cosantóir mo bheatha-sa." "Dona go leór," ars' an liaigh.
"Tá sé dona agus an-dona, fairíor!" ars' an fathach, "agus bundún teangadh agus preabadh croidhe go raibh ar fhear ar bith ins an domhan a leigfeas a rún le mnaoi, is cuma cé an grádh ná cion atá eatortha." "Á," ars' an liaigh, "bíonn na mná i gcomhnuidhe 'gcomhnuidhe cleasach glic, atá ná bac leis an méid sin, mar leighseochaidh mise thú, agus anois, a ghrádh, innis dom cé an áit is déine a bhfuil bior na doighe ort." "An áit is déine," ars' an fathach, "a bhfuil doigh orm faoi láthair, go díreach annseo faoi bhun m' asgalla." Ar an toirt chumail an liaigh beagáinín de'n fhuil as cionn na háite i raibh an doigh, agus a bhuachaill ó, fuair sé fóirithin ar bhuille boise, "agus mo ghrádh thú," ars' eisean leis an liaigh, "cumail tuilleadh de'n mhíonbhach sin orm." Thoisigh sé ag cumailt ar a lán-dhícheall nó go dtug sé an ball dóráin faoi deara agus nuair a thug dubhairt sé leis an bhfathach a lámh a árdughadh i n-áirde i riocht go mbeith sé i n-an' cumailt mhaith a thabhairt dhó, agus ní túisge bhí an lámh i n-áirde aige ná bhuail sé an spras fola ar an mball dóráin, agus, mar smeach do mhéire, marbhuigheadh an fathach; agus nuair a marbhuigheadh budh é luas a chosa thug é féin agus Gruth- bhán na Mara as teach an fhathaigh, mar ní baileach a bhí siad thar chloich na tairsighe nó gur thuit an chúirt faoi thalamh, mar budh é draoidheacht an fhathaigh a choinnigh an chúirt 'na seasamh, agus nuair a d'éag an fathach bhí Gruth-bhán saor ó n-a cuid geasa, agus deirim-se libh-se, a chomhluadair, go raibh bród agus áthas croidhe ar an mbeirt i dtaobh an fathach a bheith smiogtha, agus, d'imthigheadar leobhtha, a dhuine chóir, i mbárr na bhfásgaidhthe, agus deirim-se leat-sa nár fhás mórán féir ná uisge faoi n-a gcosaibh nó gur shroich siad
bruach na fairrge agus nuair a shroich, a chomhluadair na cruinne, bhí an long faoi sheoltaibh ag fuireacht leobhtha, agus 'sí sin an long chéadna a rabhadar ainntí i dtús a n-óige. (AN CHAILTHÍM) Chuaidh an lánamhain ar bhord luinge, agus, nuair a chuaidh, d'ollmhuigh siad iad féin i gcóir na seol- tóireachta fada agus an-fhada bhí rompa, mar thug siad toiseach na luinge ar muir agus a deireadh ar tír. Níor fhág siad téad tíre gan tarraint, cábla gan sguradh, líogán gan casadh, halmadóir gan bogadh, croga gan lúbadh, maide rámha gan staonadh, clórda gan briseadh, clár ceangailt gan sgaoileadh, naprún gan casadh, cambadh gan staonadh, gur árduigh siad a seolta beaga, seolta móra, a gcuid bocóideacha bacóideacha comhfhada comhaedheardha faoi bharra na gcrann go raibh leobhtha iomramh dháréag, stiúradh dhá chéad, trian siubhail, dhá dtrian seoil gur threabh siad an fhairrge folcanta falcanta ag cur cubhair bháin i n-íochtar agus clocha móra i n-uachtar, an fhairrge glas rompa, dearg 'na ndiaidh, ag cathamh na míolta móra de bharr na dtonn le neart siubhail agus seoil, agus bhí sin leobhtha ceol binn agus glinn, mar nach raibh aon éan ins an domhan thoir nach raibh leobhtha ar bhois na maidí rámha, gur bhuail siad cuan agus cladach ag Binn Éadain i n-aice Muighe n-Ealta. Nuair a bhuail siad cladach chuir sé méar ar thoiseach agus deireadh na luinge gur chuir sé isteach í naoi n-acra naoi n-adhtra gan truisle gan tuirlint gur tharraing sé í faoi sgáth crainn san áit nár bhaoghal dí grian dá pléasgadh, gaoth dá réabadh, ná clocha beaga dá stialladh ná dá lot. (CRÍOCH NA CAILTHÍME) Bhí go maith 's ní raibh go dona, a dhearbhráthair, d'imthigh an lánamhain ar aghaidh ó dheas thríd an tír,
agus, tar éis sgathadh coisidheachta, chuir siad fúbhtha i mbaile beag, agus pósadh an lánamhain tar éis iad ráth ríogh a chuir ar bun, agus tá sé ráidhte gur mhair siad bliadhanta móra fada i gceann a chéile faoi ádh agus amhtar, séan agus sonas, agus i gceann an méid sin bhí muirighin mhór chlainne aca i riocht gur shíolruigh an bunadh sin ó'n tráth a bhfuil mé ag cainnt faoi nó gur cuireach an ruaig ortha aimsir na Gall- tórainne, agus tugadh mar ainm ar an áit ar chomhnuigh Mac Mhic Iasgaire Bhuidhe Luimnight "Luimnigh Bheag." Tá an sgéal seo agaibh mar bhí sé agam-sa, agus tá sé agam-sa mar bhí sé ag na sean-seanchaidhthe, agus, nuair chualaidh mise an sgéal, bhí mé sásta leis, agus is duine do-shásta nach sásóchadh an sgéal seo é. Nuair a pósadh an lánamhain rinneadar bainis agus thriall mé le dhul ag geamaireacht, 's, nuair a bhí mé sgathadh de'n bhealach, loic mé, mar thuit an trioll ar an treall orm, agus b'éigean dom filleadh gan blas de bhulóig na bruinnille.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services