Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe - Sean-Sgéal as Tír Amalghaidh

Title
Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe - Sean-Sgéal as Tír Amalghaidh
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1911
Publisher
Clódhanna Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉAL AR MHAC MIC IASGAIRE
BHUIDHE LUIMNIGHE



Ins an tsean-shaoghal, an-fhada siar, bhí mórán daoine
'na gcomhnuidhe a chois fairrge, agus iad ag baint a
mbeathadh as cnuas na fairrge mar b'fhearr an tslighe
bheathadh bhainfidhe de'n fhairrge ná de'n talamh, mar
bhí na tighthe tanuighste agus an-fhada ó chéile.



Bhí go maith 's ní raibh go dona. Thimcheall 's an tráth
a bhfuil mé ag trácht faoi, mhair an t-iasgaire seo
agus chaith sé an chuid is mó d'á shaoghal ag iasgaireacht
ar an bhfairrge mhóir, agus rith an ama sin is iomdha
oidhche anróiteach a chaith sé ar an bhfairrge le anfa,
dailteann agus casgairt, le dócamhal iomartha agus
easbhaidh bídh. Nuair a thainic sé i n-aois d'fhág sé a
athair agus phós sé bean, agus mar bhí sé i n-a bhádóir
toradh-aireach glic, bhí togha agus rogha óg-bhan na tíre
le fagháil aige; agus 'léir mar dubhairt an sgéal, a
ghrádh mo chroidhe! phós sé an cailín ab' fhearr a
thaithnigh leis, agus ba mhó a raibh gean aige uirthi. Le
sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fhada, ní raibh aon
lánamhain a chois cladaigh ba mhó a raibh spéir ag na
daoinibh anntú ná ins an lánamhain seo, mar bhí fear
an tighe i n-a threoraidhe d'iomlán na mbádóirí a chois
cuain.



Bhí téagar agus catharnas eidir an lánamhain seo,
mar nár dhubhairt siad 's eadh ná ní headh go searbh
ariamh le n-a chéile, agus bhí ádh agus amhtar orthú,
agus gach uile nídh acú ar a gcomhairle féin acht
amháin easbhaidh clainne, mar bhí siad pósta os cionn
fiche bliadhan agus níor thainic éinne ar a sliocht; acht
mar sin féin, níor chothuigh sin én-mhíostainnc eatorra.



Bhí go maith 's ní raibh go dona. Bhí an lánamhain
triollúsach críonna, agus iad ag cosaint beagáinín i


L. 4


gcomhnuidhe le haghaidh na coise tinne, mar bhí a fhios
aca go dtiocfadh an lá a n-imtheochadh bláth na hóige
agus snuadh na maitheasa dhíobhtha, agus mheas siad go
bhfóirfeadh an ciste a bhí siad a bhailiughadh an tráth a
bheith a gcnámha ag seargadh agus a n-ailt ag stroncadh
le aois; acht ar a shon sin níor theip an bádóir ar a
chuid oibre fhad 's bhí sé i n-an' buille rámha a
tharraint, ná an líogán a árdughadh, ná dul eangaighe a
thabhairt; acht a ghrádh, (mar dubhairt an sean-fhocal)
"téidheann ar gach nídh acht ar ghlóir fhlaitheas," agus
b'fhearacht sin leis-sean é, mar, dá mhéad a urrudhas
agus a fhearamhlacht, a thuisgint cinn, agus a mheabhair
intinne, chuaidh ar gach ní aca sin 'léir mar chuaidh
mo chréatúir i n-aois, agus níor mhór dó an ciste
a bhailigh sé i dtús a óige ná, mar dubhairt an sean-rádh,
mur mbídh sé agat dhuit féin, béidh tú fann lag agus
claon amuigh leis an ngréin; agus bheith an bádóir
seo amuigh leis an ngréin dá mbeith sé rachmallach i
dtús a óige. D'fhíor an ciste dhó, agus d'fhan sé i
mbun a chosa nó go raibh sé beagnach caitthe aig an
lánamhain, agus nuair a bhí, b'éigean dó toisiughadh ag
iasgaireacht i ndeireadh a shaoghail, agus is iomdha
oidhche a chaith sé ar an bhfairrge, agus gan lann éisg
a thionntódh; agus d'á bhárr sin bhí an lánamhain i
gcruadh-chás agus imnidhe orthú go bhfuigheadh siad ocras.



Ins an tráth seo bhí a chuid eangach stiallta ó chéile
le gairbhtheon agus gargaint na dtonntracha, agus
b'éigean do mo chréatúir an tsnáthad eangaighe agus a
cheirtlín barraigh fhagháil, agus toisiughadh ar áit na
mbonn agus na heangachaí a dheasughadh.



Nuair a bhí deis aige orra chuir sé isteach iad i n-a
churachán snámha, agus le linn smál na hoidhche, i mí
mheadhoin an fhoghmhair, d'iomair sé amach go dtí bannc
an éisg. Chaith sé dul eangaighe, agus tar éis uair nó
dhó, thoisigh sé ag bordughadh, agus 'léir mar bhí sé ag
bordughadh bhí sé ag bunránacht le n-a intinn féin, mar
nach raibh duth ná dath i n-a chuid eangach acht stapógaí
agus slata mara; is nuair a bhí borduighthe aige
thug sé a aghaidh ar an gcuan, agus nuair a bhí an bád


L. 5


faoi iomramh thug sé faoi deara fad a shean-radhairc
uaidhe long faoi sheóltaibh, agus í ag gearradh claise
ins an bhfairrge le mhéad a luais agus an snámh a bhí
fúithí.



Sgannruigh mo chréatúir, mar bhí mearbhall air gur
bád sídhe a bhí ann, agus d'iomair sé ar a lán-dhícheall
le leac a' bháid a bhaint amach sul má mbéarfadh an
long sídhe air, acht ní riabh sé a fhad agus bhéitheá ag
rádh "Dia raisias" go dtainic an long i bhfoisgeacht
fad maide rámha dhó, agus nuair a thainic, stad sé de
iomramh, agus bhreathnuigh sé an long go géar, agus ní
raibh éinne ar bhord luinge acht cailín óg, agus ní fhuil
léigheadh ná innsint sgéil ar a breághaichte. Chuir sí
forán ar an mbádóir, agus d'fhiafruigh sí dhe an raibh
mórán éisg marbh aige.



"Maise, a bhainríoghain ríoghamhail," ars' eisean,
"ní fhuil; agus, ó's duit atá mé dh'á innsint, níor
mharbhuigh mé ball éisg le seachtmhain, agus tá mé bocht
anróiteach lag claon agus gan slighe ins an domhan
mhór agam le greim bídh a fhagháil, acht ag feitheamh ar
chabhair na fairrge agus tá an chabhair sin de dhíth orm
le seal gearr."



"Mo thruaighe thú, a dhuine chóir," ars' ise, "mar
is cruadh-chásach do sgéal, acht b'fhéidir go mbeithinn i
n-an' congnamh agus cuidiughadh a thabhairt dhuit, má
tá tú so-chomhairleach."



"A ríoghain áluinn chumharra," ars' eisean, "ní raibh
mé do-chomhairleach ariamh, agus glacfaidh mé comhairle
mo leasa uait-se, mar aithnighim in d'aghaidh go bhfuil
tú dáríribh."



"Tá tú pósta," ars' ise.



"Tá," ars' eisean.



"Agus ní fhuil aon chlann agaibh."



"Go deimhin, ní fhuil," ars' eisean.



"Agus an measann tú an mbéidh?" ars' ise.



"Tá mé dearbhtha dhe nach mbéidh," ars' eisean,
"mar tá ar gcos ar bhruach na huaighe agus ó thárla


L. 6


nach raibh sliocht clainne againn i dtús ar n-óige, is
rud i n-aghaidh na nádúire a bheith ag feitheamh leobhtha
anois."



"Anois, a dhuine chóir," ars' ise, "éist liom-sa;
trí ráithe ó'n oidhche anocht gan lá aige ná uaidhe
béarfaidhear leanbh fir dhuit-se, agus, má thugann tú
chugam-sa é annseo i gcothrom trí ráithe ó anocht,
bhéarfaidh mise lucht do bháid d'ór dhuit ar a shon. Sin
í mo chomhairle anois, glac í agus ní bheadh aithmhéal
ort."



Leis sin chrom sí fúithi ins an long, agus thóg sí
spaigín i n-a láimh, agus chaith sí an spaigín isteach i
mbád an iasgaire.



"Tabhair leat a bhaile é sin," ars' ise, "agus
fóirfidh sé dhuit as seo go dtí sin. Slán leat anois,"
ars' ise, "mar níor thráth d'á fhaillighe é."



Chrom sé faoi ins an mbád, agus rug sé ar an
spaigín i n-a láimh, agus nuair a d'árduigh sé a cheann
le buidheachas a ghlacadh léithi, bhí an long éaluighthe as
a radharc.



Ní dhearna sé aon taithighe ach tarraint ar an gcuan,
agus tharraing sé a bhád faoi fhasgadh, agus a bhaile
leis ar bhuille boise. Nuair a bhuail sé isteach
d'fhiafruigh a bhean de an raibh mórán éisg leis.



"'Sé an sgéal céadna é, a ghrádh," ars' eisean,
"mar nár mharbhuigh mé aon bhall éisg i rith na hoidhche,
ach mu'r mharbhuigh féin," ars' eisean, "caithfimid
tidheacht i dtír gan é."



Nuair a bhain sé dhe a chuid éadaigh a bhí fliuch ag
gargaint na tuinne shuidh sé ar a shuidhisleoig a bhí a
chois na teineadh ag clúid an bhaic, agus nuair a shuidh
chuir sé sgal gáire as, agus dhearc a bhean air i n-aon
chlár amháin, agus sul már leag sí na foraidheacha ar a
chéile: -



"Goicé fáth do gháire?" ars' ise.



"Fáth maith," ars' eisean, "mar tá spaigín óir annso
agam, agus seo dhuit anois é, a ghrádh, agus comhair é,
agus chó'n's bhéidheas tú 'ghá chomhaireamh, tá deagh-
bhriathra nuadha agam le n-innsing dhuit."


L. 7


"Fáilte roimh an éadáil," ars' ise, "agus 'sé
beatha an sgéil."



Rug sí ar an spaigín, agus thoisigh sí ag conndas an
airgid, agus chó'n's bhí sise ag comhaireamh ní dheachaidh
cosg ar a bhéal-san nó gur innis sé dhí, focal ar fhocal,
de chomhrádh bainríoghna na luinge, agus nuair a bhí
deireadh le n-a bhriathra sgeart a bhean ag gáiridhe, agus
ars' ise: -



"Go mbadh slán an sgéal."



Bhí go maith 's ní raibh go dona. Níor thug sí mórán
áirde ar a chomhrádh, mar bhí mearbhall uirthí go
mb'fhéidir gur bhain bainríoghain na luinge leis na
brilleogaíbh léin; acht ar a shon sin de d'fhóir tairbhe
an spaigín dóbhtha, mar bhí siad i n-an' gach ní a d'fhóir
do seal tighe a cheannacht; agus leis an sgéal a
ghiorrachan, a chomhluadair na cruinne, níor tharraing
fear an tighe buille rámha, ná níor thug sé dul
eangaighe ó'n oidhche sin go dtí cothrom na hoidhche
réamhráidhte, agus go díreach mar déarfá é, rugadh
leanbh fir dhó ar an oidhche sin thimcheall 's an mheadhon
oidhche, agus ins an tráth céadna bhí tairbhe an spaigín
beagnach caithte, agus mar bhí gann-chuid tabhartais
aige, b'áin leis comhairle bainríoghna na luinge a
chomhnlladh; agus tar éis an gogaire naoidheanán a
chlúdach ins an bpludeoig, rug sé ar an naoidheanán
idir a dhá láimh agus thoisigh sé 'gá iongabháil ar a bhacán,
agus chó'n's bhí an gogaire gnaitheach ag déanamh an
cheapaire chneadaigh de'n mhnaoi thinn, d'ealuigh seisean
amach i ngan fhios dí, agus as go bráth leis chum an
chladaigh.



Nuair a shroich sé an cladach sháith sé amach an bád,
agus shín sé an naoidheanán ar an naprún deiridh, agus
d'iomair sé ar a lán-dhícheall, agus deirim-se leat-sa,
a dhuine chóir, nár iomramh go dtí é. Nuair a shroich
sé bannc an éisg bhí an long faoi ancoire roimhe, agus
an bhainríoghain 'na seasamh glan-díreach i lár báire
buird na luinge, agus bhí falluing óir bhuidhe uirthí ó'n
bhfeara go diúra agus aimiléis óir ó uain a cinn go
dtí íochtar a sála. Bhí a pampútdaí ar dhath ar airgid,


L. 8


ag deallradh go soillseamhail mar theinidh ghealáin, agus
a déad ag tabhairt lóchrainn ar feadh míle i n-a
thimcheall, agus maidir le n-a folt bhí sé treillsighthe i
n-a threillseáin agus iad i n-a ndulaibh ó chaol a droma
do dtí rúitín a cosa.



Leis an anamhór a thainic air i dtaobh an radhairc a
chonnaic sé, níor fhéad sé húth ná háth a rádh, agus
sháruigh sé air ball d'á cholainn a chorrughadh, acht ar
deireadh thiar fuair sé réidh an achair bhig, agus go
díreach nuair a bhí sé ag brath ar forán a chur uirthí,
labhair sise, agus dubhairt: -



"Céad míle fáilte rómhat! is fear dhod' fhocal thú,
ach feicthear dhom go bhfuil sgáthmhaireacht orm romham.
Ná bíodh fuacht ná faitchíos ort, a dhuine chóir, mar ní
le dolaidh a dhéanamh dhuit a thainic mise annseo; acht
mo chuimhne, an dtug tú an naoidheanán leat?"



"'nDomhnach," ars' eisean, "a bhainríoghain ríoghamhail,
thugas, dh'aindeoin go gcráidheann sé mo chroidhe
sgaramhaint leis; acht, a ghrádh, sgarann bochtanas
téagar agus nádúir ó chéile go minic, 's a fhearacht
sin liom-sa anois."



"A dhuine chóir," ars' ise, "tá a fhios agam gur
deacair leat sgaramhaint leis, acht, dá mbeith fios mo
rúin-sa agat, ní chuirfeá gruaim in do mhalaidh faoi
n-a thabhairt dham-sa, agus ó thárla nach tráth dh'á
fhaillighe é (mar tá sé riachtanach agam-sa mo long a
chur faoi shnámh), seachaid dhom an naoidheanán, agus
uair bochtanais ná anró ní bhfuighidh tú go bráth."



Sheachaid sé an naoidheanán dhí, agus, nuair a rug
sí air idir a dhá láimh, chuir sí sgal gáire aistí agus
cluineadh mac alla an gháire ar fud na tíre.



Ar an móiméid, a mhíle ghrádh, ni dhearna sí duth ná
dath acht toisiughadh uirthí i lom-láthair ag cárnadh óir
i n-a bhád, nó go raibh sí luchtuighthe go dtí an clár
béil, agus annsin ars' ise: -



"An bhfuil tú sásta?"



"Och, maise tá," ars eisean, "agus mur'
mbeithinn, badh fear do-shásta a bheith ionnam."


L. 9


"Is maith liom," ars' ise, "go bhfuil ar gcoinghíoll
cóimhlíonta eadrainn gan ádhbhar clamhsáin ag ceachtar
againn."



"Imthigh leat a bhaile anois," ars' ise, "agus bíodh
muinighin agat asam-sa mar máthair altroma ceart
cneasta feileamhnach go deo na ndeor."



Shuidh sé ar an gclórda, agus thoisigh sé ag cúlughadh
le toiseach a' bháid a thabhairt ar an tír, agus tar éis
sin a dhéanamh thóg sé a cheann le buidheachas a ghlacadh
léithi, agus nuair a thóig, a chumainn, bhí an long
éaluighthe gan fios a tuairisge.



Leis an sgéal a ghiorrachan, a ghrádh, bhain sé an
cladach amach, agus bhí obair dheacrach aige lucht a bháid
a iomchar a bhaile, acht, mar dubhairt an sean-fhocal,
"thug sé leis é beagán ar bheagán, mar d'ith an cat
an measgán," agus nuair a bhí sé i n-a ghróigín aige i
gceart-lár an urláir, bhí luthgháir ar an lánamhain i
dtaobh méid an ghróigín óir, agus deir siad, nuair a
thainic an t-ór isteach ar an doras, go ndeachaidh an
chumhaidh a bhí i ndiaidh an naoidheanáin amach ar an
bpoll dheataigh, agus, gan bhréag a dhéanamh, bhí an
lánamhain as sin amach ar seol na bracha, mar bhí togha
agus rogha gach uile ní ní bh'fhearr ná a chéile aca,
agus maidir le sult agus slumairt, ní raibh a sárughadh
le fagháil. Ní innsigheann an bal críoch a cuireadh ar
an lánamhain, mar caithfimid a dhul ar an bhfairrge mhóir,
agus leanamhaint do'n sgéal, mar is faoi'n bhain-
ríoghain agus an mac altroma atá an sgéal as seo
amach.



Deirtear, nuair a fuair sí an naoidheanán faoi n-a
cúram, go dtug sí aire choimhéadach dhó, agus an
borradh nach ndéanfadh sé san oidhche dhéanfadh sé san
lá é, agus, a dhuine chóir, ní'l léigheadh ar an bhfás a
bhí faoi mar deirtear go raibh sé chomh toirteamhail le
fear nuair a bhí sé i n-aois a chúig bliadhan déag. Ní
raibh éinne ar an luing acht ise agus eisean, agus ní
raibh eolas ar a threibh aige ná ar éinne a bhain dó,
mar nach bhfaca sé nídh ar bith acht an fhairrge mhór, agus
tréartha glice na hógmhná, agus le seacht bhfocail a


L. 10


chur i n-aon fhocal amháin, ní raibh aon inntridheacht a
d'fhóir do fhear nár chuir sí i n-umhail dó, agus nuair
a bhí sé i n-aois a bhliadhna is fiche, bhí gach uile
tréaraidheacht, inntlidheacht agus ealadhain de ghlan-
mheabhair aige; agus maidir le ealadhanta níor bh'fhéidir
a shárughadh.



Bhí go maith, a bhuachaill ó! I rith na bliadhna
is fiche ní dheachaidh támh ar a súil, acht í an chuid is
mó d'á ham ag an líogán dh'á oibriughadh deiseal agus
tuaithbheal, agus go díreach mar déarthá é, nuair a
thainic seisean i n-aois thainic trom-chodladh uirthí agus
dubhairt sí leis-sean aire a thabhairt do'n líogán nó
go bhfuigheadh sí támh codlata, mar bhí sí i n-a chall.
Ní túisge bhí na briathra ráidhte ná shuidh sé ar an
gcrannóig agus rug sé ar an líogán agus ní fhuil
léigheadh ná innsint sgéil ar an snámh a chuir sé faoi 'n
luing, mar bhí sí ag imtheacht chomh lúthmhar le sinneán
gaoith' Márta, agus an ghaoth a bhí roimpí bhí sí ag teacht
suas léithi, agus an ghaoth a bhí 'na diaidh d'fhág sí na
mílte ar deireadh í le mhéad a siubhail agus seóil.
Nuair a b'fhacas dó go raibh sé ag dul ar aghaidh go
han-mhaith d'éirigh sé de'n chrannóig, agus shiubhail sé
siar agus aniar ar fadh na luinge, agus bhuail sé
isteach ins an ngrianán a raibh sise 'na codladh ann le
innsint dhí gur chuir sé snámh thar bárr faoi 'n luing
agus gan deifir a bheith uirthí a thidheacht amach, mar bhí
sé i n-an' aire a thabhairt do'n luing feasta, agus
nuair a chuaidh sé isteach bhí sí 'na codladh agus
fallaing óir 'gá falach.



Bhí sé 'ghá breathnughadh ar feadh tamaill, agus níor
mhaith leis a dúsacht, agus le chomh cumhra agus bhí a
haghaidh chrom sé a cheann agus bhain sé póg dhí, agus
ar an móiméid a bhain d'éirigh sí aniar agus dhearc sí do
aon chlár amháin air, agus ars' ise: -



"Tá críoch le mo chuid geasa anois, agus caithfidh
mise agus tusa sgaramhaint ó chéile, agus cráidheann
sé mé a imtheacht uait, mar nach dtig liom fanamhaint,
agus a ghrádh, níl árach air; acht, sul má n-imthighidh mé,
tá sé riachtanach agam innsint dhuit cé mé féin. Mise


L. 11


Gruth-bhán na Mara, Inghean an Mhongánaigh Fiach, atá
faoi gheasaibh le naoi gcéad déag bliadhain, agus ní
raibh i ndán fuasgailt dhom nó go bhfuighinn póg ó'n
mbéal nár phóg én-bhéal ariamh, agus, dá bpógfaidhe
thusa an oidhche a rugadh thú, bhí brígh na hearaide imthighthe,
agus ní bhéitheá i nan' mise a fhuasgailt; agus a
charaid, is iomdha naoidheanán a fuair mé ó am go
ham, agus ní raibh én-fheidhm anntú dhom, mar pógadh
iad sul má bfuair mise iad, agus ins an gcéad phóig
atá an t-amhtar. Is cóir dom innsint dhuit goicé
thú féin agus an treabh ar shíolruigh tú uabhtha," agus a
ghrádh mo chroidhe, thoisigh sí ag innsint dhó mar tá
innste, agam-sa do'n chomhluadar, agus nuair a bhí
deireadh le n-a briathra, shiubhail an dís ar fhad na
luinge. "Agus anois," ars' ise, "caithfidh mé
imtheacht uait, agus sul má n-imthighim pronnfaidh mé
an long ort, agus fágfaidh mé buaidh agat nach
múchfaidhear agus nach mbáithfidhear go deo thú. Déan
ar dhuit féin anois," ars' ise, "agus b'fhéidir go
bhfeicfeá mise aríst, acht a ghrádh, níl ann acht
b'fhéidir."



Leis sin d'eirigh sí ins an spéir i n-a colm chomh
geal le eala ar bhruach na tuinne, agus ar leagan do
shúl bhí sí imthighthe as a radharc, agus, nuair a bhí mo
chréatúir i n-a aonraic, thainic laige bheó air, i riocht
gur dhiúltuigh a chosa do mheadhachan a cholna, agus
b'éigeann dó suidhe faoi nó go bhfuair sé réidh an achair
ó'n anamhóir a bhí air, agus a ghrádh mo chroidhe, nuair
a fuair sé fóirithin, d'éirigh sé 'na sheasamh, agus
shiubhail sé anonn agus anall ar bhord na luinge, agus
ars' eisean: -



"Is cuma liom mo bheó ná mo mharbh, agus ní fhanfa
mé móiméid eile ins an luing seo; ó thárla nach féidir
mo bháthadh, béidh fhios agam go luath agus go tapaidh
goicé an cineál áite íochtar na fairrge," agus ar
thionntódh do láimhe léim sé isteach sa bhfairrge, agus
chuaidh sé de'n léim sin go dtí an t-íochtar, agus nuair
a bhuail sé a dhá bhonn i n-aghaidh an ghrinnill, shiubhail
sé leis, agus, le chomh haoibhinn agus bhí gach ní


L. 12


d'fheicfeadh sé, rinne sé dearmad a thidheacht i n-uachtar
nó gur shiubhail sé mór-chuid de'n fhairrge mhóir, agus
tar éis é sgathamh dá shaoghal a chathamh ag taisteal na
fairrge bhí sé an tráth seo ag brath ar thidheacht
i n-uachtar, agus, go díreach mar déarfá é, nuair
bhí sé ag brath ar é féin a árdughadh, thug sé
rud eicínt faoi deara a mbadh mhaith leis fios fhagháil
goicé an cineál roda bhí ann, agus nuair a shiubhail sé
chomh fada leis, an measann sibh, a chomhluadair, goicé
bhí os comhair a dhá shúl? - Maise, bhí, a ghrádh, seangán,
seabhac, agus mathghamhain, agus spólla feola eatorra,
agus iad ag troid le chéile faoi 'n spólla, mar bhí gach
ceann aca ag tabhairt iarrachta é bheith aige féin; agus,
dá mhéad urrudhas an mhathghamhna, ní raibh sé i n-an'
an fheoil a bheith aige ar a chomhairle féin, agus dá
bhrígh sin bhí clampar eatorra, mar, dá laghad an
seabhac, bhí sé gangaideach, agus cúrsaidhe an tseangáin
bhí urchóid i n-a ghath. Sheas mo ghiolla tamall ag faire
ar an bhfad-rúsgadh bhí eatorra, agus arrainneacha i n-a
thaobh le mhéad a chuid gáiridhe; agus ar deireadh thiar
rug sé ar an spólla i n-a láimh, agus thoisigh an
mathghamhain ag faire air as deireadh a shúile. Bhí an
seabhac ar dhruim an mhathghamhna, agus níor bhain sé
a dhá shúil dhe, agus a ghrádh mo chroidhe, shuidh an
seangán ar a chorraibh geábh, agus b'fhacas do'n ghiolla
go raibh radharc a dhá shúl ag dul thríd mar bárr na
snáthaide. Bhí sgian ag an ngiolla, a bhuachaill ó, agus
rinne sé trí chuid de'n spólla ag tabhairt an
chuid ba mhó do'n mhathghamhain, an darna cuid ba
toirteamhla do'n tseabhac, agus an chuidín ba lugha
do'n tseangán, mar budh é an gaisgidheach ba lugha
goile é. Tar éis é sin a dhéanamh, b'fhacas dó go
riabh siad sásta le n-a roinn, agus, i gceann an méid
sin, go ndeárna sé eadarasgáin eatorra. I n-a dhiaidh
sin thug sé cúl a dhá chos dhóbhtha, agus d'imthigh sé ar
aghaidh. Nuair a bhí sé tamaillín beag imthighthe, labhair
an seangán agus ars' eisean:-


L. 13


"Is dona fuaras sinn nár thug buidheachas ná luach
saothair d' fhear na ranna, mar tá gach éinne againn
sásta i gceann é ar gclampar a chosg."



"Maise, dheamhan bréag agat," ars' an mathghamhain,
"agus mo ghrádh thú, a sheabhaic," ars' eisean, "lean é
i mbárr na bhfásgaidhthe, agus tabhair chugainn é."



Ní túisge a hubhradh ná rinneadh, mar d'eiteall an
seabhac, agus thug sé ar ais mo ghiolla. Budh é an
mathghamhain a thionnsgail na briathra agus ars' eisean:



"Ó thárla go ndeárna tú eadarasgáin, tugaim-se
buaidh dhuit - gur féidir leat, am ar bith a thogróchas
tú é, thú féin a chumadh i gcumraidheacht mathghamhna,
agus nach bhfuil, agus ní bhéidh mathghamhain ar dhruim
uachtair na talmhana, nach mbéidh tú i n-an' a chuir faoi
lár, 'sé sin, uair ar bith a bhéas dréim aca leat."



"Tugaim-se buaidh dhuit," ars' an seabhac, "go
dtig leat seabhac a dhéanamh dhíot féin am ar bith is
toil leat, agus go mbéidh tú i n-an' eitealladh ar
fhad na ríoghachta gan sgríste."



"A mhic mo chroidhe," ars' an seangán, "ó tárla
gur agam-sa atá an treas chrann, tugaim-se mar
bhuaidh dhuit an t-am is mó a bhéidheas tú i gcruadhóig,
i ngéibheann ná i ngábhadh, gur féidir leat seangán a
dhéanamh dhíot féin ar leagan do shúl, agus ar ndóigh,
tig leat a dhul i bhfalach idir siúntaí na gcláraí, má
thigeann ort. Sul má n-imthighidh tú anois, is cóir
dúinn innsint dhuit i mbriathra gearra beagán faoi
n-ar dtréartha i dtús ar n-óige. Is triúr fathach sinne
agus bhíomar fearamhail colgach cródha agus roighin i
gcath Tailtean, agus, dá mhéad ar gcalmacht, cliseadh
orainn, agus tá sinn mar fheiceanns tú sinn ó'n tráth
sin go dtí an lá indiu; agus a mhic mo chroidhe, níl
fhios againn cá'd eile a bhéidheas sinn annseo. Anois,
ní thig liom níos mó innsint duit, acht t'igfidh tú as,
agus fóirfidh na trí bhuaidh dhuit lá níos fuide ná an
lá indiu, mar níl agat acht a rádh mar seo: "Badh
mhaith liom a bheith in mo sheabhac, in mo sheangán ná in
mo mhathghamhain, agus ní túisge bhéidheas na briathra
ráidhte ná béidh tú cumtha ar chuma ceachtair againn."




L. 14


Leis an sgéal a ghiorrachan, a ghrádh mo chroidhe, ghlac
Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe buidheachas leobhtha,
agus ar thionntódh an tsuip, "Badh mhaith liom," ars'
eisean, "a bheith in mo sheabhac," agus ní túisge bhí ráidhte
ná bhí déanta, agus d'éirigh sé i n-uachtar na fairrge,
's nuair a d'éirigh, chuimhnigh sé ar an luing a thréig sé
tamall an-fhada roimhe sin, agus d'éirigh sé i n-áirde
ins an spéir, agus thoisigh sé ag eiteall ar a lán-
dhícheall théinte go bhfeicfeadh sé an long faoi dhá
cúrsadh le gargaint na tuinne, acht níor fhéad sé a
feiceáil i n-áit ar bith, agus dá bhárr sin bhain sé a
shúil dí, agus d'fhág sé an fhairrge, agus a ghrádh mo
chroidhe, d'eiteall sé ar fud na réagún nó gur fhág sé
cuid mhór de'n tír 'na dhiaidh.



Bhí go maith 's ní raibh go holc. Le linn coinfheasgair
na hoidhche bhí brath aige tuirlint i gcoill uaithbhéalta
leis an oidhche a chur thairis annsin, agus thug sé faoi
deara ins an am chéadna ros mór ar a aghaidh, agus
d'eitill sé os cionn an ruis, agus nuair a bhí sé
thimcheall 's i lár bháire an ruis, thug sé faoi deara
cúirt bhreagh aoibhinn i lúib na coille, ag d'eitill sé
thart thimcheall na cúirte, agus a ghrádh, nuair a
d'eitill, chonnaic sé an bean uasal ba fíor-bhreághaichte
d'ár leag sé súil ariamh uirthí i n-a suidhe ar chathaoir
óir taobh istigh de'n fhuinneóig. Thuirling sé ar ghiall
na fúinneóige ar bhuille boise agus thoisigh sé ag
cluifearnacht a sgiathán, agus nuair a chualaidh sí an
chluifearnacht thóig sí a ceann, is nuair a thug sí faoi
dearna gur seabhac a bhí ann d'árduigh sí an fhuinneóg,
agus shín sí uaithi a dhá láimh, agus rug sí ar mo gheócach
eidir a dhá láimh, agus ar ndóigh, thoisigh sí 'ghá
pheataireacht agus 'ghá shíocadh i n-a hucht, agus fhad
's bhí sí 'ghá shlíocadh thoisigh an seabhac ag crónánacht
agus as an gcrónán thoisigh sé ar cheathramha amhráin: -



"Is truagh gan mé im' ubhaillín,
Nó im' nóinín bheag éigin
Nó im' rós ins an ngáirdín
Mar a ngnáthuigheann tú id' aonar,


L. 15


Mar shúil is go mbuainfeá liom
Géagáinín éigin
Do bheith agat id' dheas-láimh
Nó in do bhrollach geal gléigeal."



'nDomhnach, a chumhlódair na cruinne, chó'n's bhí an
seabhac ag gabhail na ceathramhan, thoisigh an bhean
uasal ag teicheadh, mar bhí 'fhios aici go mba tuar
teichte dhí é, agus chaith sí an seabhac as a hucht, agus
thug sí áladh ar an gcomhlaidh le n-a osgailt, agus
sul mar éirigh léithi sin a dhéanamh, bhí seisean athruighthe
ó sheabhac i n-a chuma féin, agus ars' eisean do aon
phleasg: -



"A Inghean an Mhongánaigh Fiach, ná bíodh faitchíos
ort romham-sa," agus nuair a chualaidh sí na briathra
sin, dhearc sí thar a gualainn, agus goicé bhí 'na sheasamh
ar a cúl acht an fear a shaoruigh í ó n-a geasaibh a bhí
uirthí an seal fada bhí sí ar an bhfairrge, mar budh in
í an bhainríoghain a bhí ar an luing, mar tá ráidhte cheana
féin agam, agus a stóir mo chléibhe, nuair a d'aithnigh sí
é, chuir sí a dhá láimh thimcheall a mhuinéil, agus mhúch sí
le deoraibh é, fhliuch sí le pógaibh é, agus thriomuigh sí
le brataibh síoda agus sróil é, agus threóruigh sí go
dtí cathaoir óir é, agus shuidh sí féin ar chathaoir
airgid.



Tar éis iad suidhe go sócamhlach thoisigheadar ag caoin-
chomhrádh, agus gach éinne aca ag trácht ar a n-eachtra
féin ó sgar siad le chéile, agus nuair a bhí brígh a
mbriathra tuigthe ag a chéile, go díreach mar déarfá
é, chuala siad béicighil taobh amuigh de bhalla na gamhna,
agus phreab seisean i n-a sheasamh, agus tar éis
preabadh, "Cé fáth na béicighile sin," ars' eisean.



"Ach muise, a ghrádh," ars' ise, "ó's dhuit-se atá
mé 'ghá innsint, is maith is eól damh-sa an bhéicighil sin;
mar tá mé annseo ó sgar mé leat-sa, agus tá mé
faoi slám draoidheachta ag an bhfathach ar leis an
caisleán seo, agus 'sé an fathach is urramhanta agus
is cumhachtamhla d'á bhfuil le fagháil, agus tigeann sé
gach uile thráthnóna le coinfheasgar na hoidhche. Nuair


L. 16


a thigeann sé isteach craitheann torann a choiscéimeanna
creatalachaí na cúirte le mhéad a mheadhachain agus a
thoirte colna, agus a ghrádh, má bhíonn múisiam feirge
air, lúbann sé an maide mullaigh agus cuireann sé
staon i mbinn na cúirte agus mar sin féin," ars' ise,
"tá aoibhneas amháin agam-sa i dtaobh a chuid feirge,
agus 'sé sin, nach féidir leis a thidheacht thar ghiall an
dorais, agus tá cathaoir na hathchuinghe aige ag an
tairsigh, suidheann sé innti, agus tá sé chomh hárd
agus go mbíonn barr a chinn níos airde ná an
fárdoras nuair a bhíonn sé i n-a shuidhe, agus ó
suidheann sé ins an gcathaoir nó go n-éirghidh sé aisti
'sé iomlán a bhriathra ar an bhfad sin ag iarraidh mise
a bhladar le n-a chluainidheacht chiuin fhealltaigh, ag
iarraidh an chluain a chur orm-sa théinte go dtiubhrainn
geallamhaint pósta dhó, mar, a ghrádh, sin a bhfuil
uaidhe, agus is sin rud nach ndéanfaidh mé go sáruighidh
an saoghal mé, mar, dá ngeallfainn dó go bpósfainn
é, bheith na geasa briste agus thiocfadh leis a thidheacht
in mo sheómra uair ar bith badh toil leis."



Labhair seisean agus dubhairt: - "A' bhfuil slighe nó
caoi ar bith le fagháil a chuirfeadh creapall air i riocht
go lagfaidhe a cholann, agus go gclaoidhfidhe a urrudhas,
agus a chur ar lár ar bhuille boise."



"Níl," ars' ise, agus fairíor géar casta cráidhte
nach bhfuil, mar, a ghrádh, tá mearbhall orm nach bhfuil
a bheatha ar iomchar leis, agus, dá dtiocfadh liom a
bhladar i riocht go n-innseochadh sé dham cá bhfuil a
bheatha faoi fhasgadh aige, b'fhéidir annsin go mbeith sinn
i n-an' dó-bheart a bhualadh air, agus a chnámha mío-
stuamdha gránna a chur faoi an sgraith, acht anois,"
ars' ise, "ní tráth cainnte dhom feasta é, mar béidh
sé annseo ar áit na mbonn, agus, mur mbídh tusa i
n-an' a dhul i bhfalach, tá faitchíos m'anma orm go
gcuirfidh sé do bhaladh, agus má chuireann, is tuar
teichte dhuit é, mar leagfaidh sé an teach as ar
gcoinn."



"Ná bíodh imnidhe ar bith ort fúm-sa," ars' éisean,
"mar tá mé i n-an' déanamh as dham féin, agus,


L. 17


nuair a thiocfaidh sé isteach, leig ort féin go bhfuil
cion agus gean agat air, agus b'fhéidir go leigfeadh
sé a rún leat, agus má leigeann, mise an buachaillín
a shocróchas Samhain agus Bealtaine leis."



Ní túisge bhí an méid sin ráidhte, a bhuachaill ó, ná
cluineadh a ghlór, agus ar bhuille boise, chum Mac
Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnighe é féin i gcumraidheacht
siongáin, agus chuaidh sé i bhfalach eidir na siúntaí,
agus leis sin thainic an fathach mór go dtí giall an
dorais, agus, a ghrádh mo chroidhe, bhí coipe cubhair le
n-a bhéal, agus ars' eisean ós árd: -



"Fud, fad, féasóig, fághaim baladh an Éireannaigh
bhréagaigh bhradaigh; bhíodh sé saoghlach ná marbh, láidir
na lag, béidh a cholann mar deóladh agam-sa anocht."



Fhad 's bhí sé ag stolladh na mbriathar so as, bhí sise
i n-a seasamh os comhair an dorais, agus a rosg ag
deallradh mar lonnradh na gréine, agus frighid an
gháire i n-a dhá pluic, agus ars' ise de aon phleasg
amháin: -



"A chumainn na gcumann, agus a stóir mo chroidhe,
tá dí-mhearbhall ort i dtaobh thú 'rádh gur chuir tú baladh
Éireannaigh, mar is sin rud nach raibh, nach bhfuil, agus
nach mbéidh; acht a ghrádh, ó's dhuit-se tá mé 'ghá innsint,
d'eiteall seabhac trasna na sráide thimcheall 's uair
ó shoin, agus bhí cnámh leis eidir a dhá chrúib, agus é
ag teicheadh ó'n iorlach mór, agus, nuair a thainic air
go tobann, b'éigin dó i lár a chruadhóige an cnámh a
leigint le fánaidh, agus thuit sé ins an ngamhna, agus is
sin é an baladh a fuair tú i leabaidh baladh Eireannaigh."



Tar éis na mbriathra sin shámh sé, agus dhearc sé go
géar i n-a haghaidh, agus ars' eisean: - "Creidim thú
mar, ar m'udhachta dhuit, níl mé ag déidearradh ar do
chuid briathra," agus ar thionntódh an tsuip, a bhuachaill
ó, shuidh sé i n-a chathaoir mar ba ghnáthach dó, agus
dheasuigh sise a cathaoir féin i ngar do'n doras, agus
ar ndóigh shuidh sí ar a sócamhal, agus thoisigh seisean
ar an sean-sgéal ar air, 'sé sin, ag fiafruighe dí cá
fhaide nó go dtiubhradh sí geallamhaint phósta dhó.


L. 18


"Maise, a ghrádh," ars' ise, "is minic a bhí brath
agam sin a dhéanamh, agus thoiseochainn ag smaoineadh
ar ais go mb'fhéidir nach mbeithinn thar leith-bhliadhain
pósta agat nó go dtiocfadh gaisgidheach cumhachtach
eicínteacht a mharbhóchadh thú, agus annsin bheithinn in
mo bhaintrigh, agus, dá dhonacht dá bhfuil mé faoi láthair,
bheithinn ní ba mheasa, dá mbadh rud go n-éireóchadh an
míothapa sin duit."



Leis sin chúb seisean é fhéin ins an gcathaoir, agus
chuir sé sgal gáire as a chuir crith talmhana faoi bhun
na cúirte, agus ars' eisean de mhaol a mháige: -



"Sin rud nach mbéidh go deo na ndeor, mar nach
bhfuil mo bheatha ar iomchar liom, agus dá bhrígh sin ní
féidir truisle ná leagaint a bhaint asam, mar tig
liom éalodh ó bhuille claibhi' mar éaluigheanns gath
gréine de'n bhalla an tráth fhaluigheanns néal an ghrian,
agus, ó thárla go bhfuil tú ag brath ar do ghean a
thabhairt dhom, tá sé riachtanach agam innsint dhuit an
áit a bhfuil mo bheatha cosanta."



Tar éis na briathra sin dubhairt sé léithi siubhal go
dtí an fhuinneog. Shiubhail sí agus ars' eisean: -



"An bhfeiceann tú an crann mór daraighe atá ag
fás i lár na gamhna?"



"Feicim," ars' ise.



"Dearbhuighim duit," ars' eisean, "gur i gceart-
lár croidhe an chrainn sin atá mo bheatha, agus tá an
crann sin ag fás annsin le linn mo sheacht sinnsear,
agus, ní fhuil síon ná dailteann a shéid ariamh i n-an'
feanncadh a bhaint as; nó go ngearrtar an crann agus
go ndóightear i n-a luaithreamhán é, níl neach beo i n-an'
mise a lot. Tá mé 'ghá innsint seo dhuit faoi rún,
mar tá mé cinnte dhe go gcoinneóchaidh tú an rún.
Anois," ars' eisean, "níl aon fhaill cainnte agam
leat feasta, mar tá sé thar am agam bheith ag imtheacht
atus tá súil agam nuair fhillfeas mé tráthnóna i
mbárach go dtiubhraidh tú do lámh is d'fhocal dom i
gceann geallamhaint phósta."



"Ní thig liom sin a rádh," ars' ise, "go bhfillidh
tú ar ais agus, nuair a thiocfas tú, béidh cainnt agus


L. 19


comhrádh againn, agus, má thaithnigheann do thréartha
agus do chuid bealaigh liom, b'fhéidir go mbeith fáinne
cumainn eadrainn."



Bhí go maith, a bhuachaill ó, d'imthigh seisean agus ní
túisge a bhí cúl a dhá chois tugtha do'n seomra ná
d'éirigh an seangán as na siúntaí, agus rinne se
seabhach dhe féin, agus thoisigh sé ag eiteall ar fhad
agus leithead an tseomra.



Shuidh sise i n-a cathaoir airgid ag faire ar
áthbhuillidheacht an tseabhaic, agus nuair a bhí sé
beagnach sáruighthe, chúb sé a chuid sgiathán agus thuit
sé anuas ar ghualainn na mná óige, agus nuair a
thuit, shín sí a lámh le breith air, agus a ghrádh, mar
bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, bhí sé cumtha i
gcumraidheacht fir, agus é i n-a sheasadh le n-a hais.



"Ara, a ghrádh," ars' ise, "ar chualaidh tú seanchas
an fhathaigh ghránna?"



"I nDomhnach, chualaidh mé, agus god as nach
gcluinfinn? mar bhí mé chomh gar dó agus bhí tú féin."



"Sílim anois," ars' ise, "go bhfuil eolas agam ar
shlighe a mharbhtha, agus ar maidin i mbárach," ars'
ise, "gheobhaidh mé treathar agus ithillear, agus gearr-
faidh mé an crann, agus a ghrádh," ars' ise, "béidh
sé i n-a luaithreamhán agam le linn smál na hoidhche."



Labhair seisean léithi tar éis na mbriathar sin: -



"A chailín mo chróidhe, ná bhí chomh dí-chéillidh sin,
mar is sin gálóg a d'innis sé duit, god' fhéachaint go
bhfeicfeadh sé an bhfuil cion agat air, agus seo í mo
chomhairle-sa dhuit i dtaobh an chrainn. I mbárach
téirigh amach agus tabhair uisge agus grafán leat.
Toisigh ort, agus sgríob an caonach de'n chrann, agus
nigh agus sgiúr é i gceann an méid sin, mar, nuair a
thiocfas sé a bhaile tráthnóna i mbárach, bhéarfaidh sé
an chéad shúil ar an gcrann, agus, nuair fheicfeas sé
gur chuir tú íognódh ort féin ag glanadh an chrainn
agus ag cosaint a bheathadh, taithneochaidh sé sin go
mór leis, mar béidh sé lán-chinnte go bhfuil tú marbh
le grádh air, agus rachaidh mise i mbannaí go


L. 20


n-innseochaidh sé dhuit ar an bpointe boise an áit a
bhfuil a bheatha te teolaidhe faoi fhasgadh aige."



Tar éis an ghearr-chomhráidh seo, a ghrádh mo chroidhe,
labhair sise agus dubhairt: -



"I nDomhnach, is ciallmhar í do chomhairle, agus, ach'
beag do chomhairle, dhéanfainn-se míothapa nach
n-éireochadh liom, agus anois," ars' ise, "i ndeireadh
na cainnte tá sé i n-am againn blas bídh a fhagháil,"
agus ar thionntódh an tsuip, a chomhluadair, tharraing
sí slaitín draoidheachta as a póca, agus lúb sí an
tslat i riocht gur bhuail sí a dhá ceann faoi chéile, agus
ar leagan do shúl léim an tslat as a láimh, agus thuit
sí ar an urlár, agus nuair a thuit, ar chasadh do láimhe
bhí bord bídh agus dighe leagtha faoi an dís chomh breagh
agus leagadh faoi bhainríoghain ná rí ariamh. Bhí ithe
agus ól, sult agus sásamh aca i n-a gcuid bídh, mar
bhí fiche cineál aráin ar leith agus bhí blas na meala
ar gach aon ghreim, agus ní raibh dá ghreim dhe aon
bhlas. Chuidigh an lánamhain le chéile, mar bhí siad ag
túnadh agus ag síor-thúnadh an bhídh agus an dighe ar a
chéile fhad 's bhí siad i gcionn a mbéilidh bídh, agus
nuair a bhí siad súghach sáthach, a dhuine chóir, leag 'ach
éinne aca a gceann tharsta, agus bhí suan beag
codlata aca as sin go maidin.



Bhí go maith, a chumainn na gcumann. Ní túisge
gheal an mhaidin ná rinne seisean seabhac de féin,
agus ars' eisean léithi: -



"Rachaidh mise amach go mbreathnuighidh mé thart
thimcheall na háite, agus ní thoicfaidh mé ar ais go dtí
le linn an chlapsholais, acht cogar," ars' eisean, "mo
ghrádh thú, agus ná déan dearmad i dtaobh an chrainn
a nighe."



"Ó ní dhéanfad," ars' ise, "ná bíodh imnidhe ar
bith ort faoi."



Leis sin, d'imthigh seisean leis mar bhuailfeá ar an
gcluais é, agus seal gearr 'na dhiaidh sin, nuair a
d'éirigh an lá as a chionn, chuaidh sise amach, agus
sgríob sí, nigh sí, agus sgiúr sí an crann, agus


L. 21


d'fhaluigh sí na craobha a bhí íseal le ceirteogaí bána
a bhí déanta de sgaith na hanraite.



Bhí go maith 's ní raibh go dona. Leis an sgéal a
ghiorrachan, nuair a thainic an fathach a bhaile tráthnóna,
ní dhearnaidh sé dearmad gan breathnughadh ar an
gcrann de'n chéad taca, agus fhadh 's bhí sé ag breathnughadh
an chrainn, thainic an seabhac a bhaile, is d'árduigh sise
an fhuinneog nó gur leig sí isteach é, agus a ghrádh,
chaith an fathach uair go leith ag breathnughadh ar an
gcrann agus ag siubhal thart i n-a thimcheall, agus
dheamhan coiscéim d'á dtugadh sé nach mbuailfeadh
sé a dhá bhois faoi chéile i gceann é bheith ag gáiridhe
ós árd le méad a bhróid i dtaobh an chrainn a bheith
glanta ó'n sean-chaonach liath a bhí ag fás air le
cuimhne na ndaoine; acht, a dhuine chóir, nuair a shásuigh
sé a intinn ag faire ar an gcrann, shiubhail sé roimhe
nó go dtainic sé go dtí doras na cúirte, agus
thoisigh sé ag glaodhach uirthí a thidheacht i n-a airicis,
agus maitheamhnas a thabhairt dhó mar gheall air gálóg
de bhréig innsint i riocht gur chuir sé íognódh uirthí i
dtaobh glanadh an chrainn.



Níor thug sí fáir ná freagradh air nó go dtainic
sé go dtí cathaoir na hathchuinghe. Shuidh sé innti agus
dheasuigh sise a cathaoir féin i ngar do'n doras. Bhí
an seangán, ar ndóigh, i bhfalach, agus tar éis an
bheirt aca suidhe go sócamhlach agus eisean an chéad
duine a labhair.



"Tá aithmhéal orm, a ghrádh," ars' eisean, "faoi
rádh is gur chuir mé íognódh ort, acht ní raibh mé acht
god' fhéachaint go bhfeicfinn an raibh suim agat ionnam.
Tuigim anois go soilléartha go bhfuil," ars' eisean,
"agus maith dham i dtaobh an bhréag innsint aréir,
acht tá mé ag dul ag déanamh maith i n-aghaidh an uilc
anois, 'sé sin le rádh, go n-innseochaidh mé clár na
fírinne dhuit. Ní ins an gcrann sin atá mo bheatha,
acht ins an Domhan Thoir, mar tá mathghamhain ins an
tír sin a bhfuil air trí claigne, agus is ins an
gclaigeann láir atá mo bheatha-sa, mar i lár a
inchinne atá spras fola clagtha chomh cruaidh le inneoin


L. 22


ceardcha agus níl baoghal báis damh-sa nó go mbuail-
tear an spreas fola sin ar an mball dóráin atá
faoi m'asgaill deis agus anois, a ghrádh," ars' eisean,
"níl aon ádhbhar faitchíosa agat i dtaobh mise a phósadh,
mar nach bhfuil aon cheathaire ná aon dómhra ar dhruim
uachtair na talmhana i n-an' an mathghamhain sin a lot."



Labhair sise annsin, a bhuachaill ó, agus dubhairt sí
go díreach mar seo: - "Má 's mar sin atá an sgéal,
béidh luthgháir orm ag glacadh fáinne cumainn uait,
agus, tar éis a fhaghála, geallaim go fírinneach dhuit
go bpósfaidh mé thú dhá bhliadhain ó'n lá a bhéarfas tú
dham é gan lá aige ná uaidhe, 'sé sin, má bhíonn sinn
saoghlach agus saor ó easbhaidh sláinte."



"Mo ghrádh thú!" ars' eisean, "is fada a bhí
cathughadh i ndiaidh na geallamhaint sin agam, agus ná
bíodh imnidhe ar bith ort i dtaoibh easláinte, mar,
maidir liom féin, ní baoghal doighe bior ná arraing dham
nó go loitthear an mathghamhain, mar dubhairt mé leat
cheana, agus ní féidir sin a dhéanamh nó go n-éagfaidh
sé le aois. Tá fios mo rúin agat anois," ars'
eisean, "agus ar do bhás ná leig le hais d'anáile é.
Caithfidh mise bheith ag imtheacht agus, nuair a fhillfeas
mé ar ais, béidh an fáinne liom."



"Sonas agus séan ort anois," ars' eisean, agus
tar éis na mbriathra sin bhailigh sé leis mar sgal
teinntrighe. Ní túisge a bhí sé thar an táirsigh ná bhí
an seangán i n-a fhear, agus é 'na shuidhe ar cathaoir
óir.



"Anois, a chailín mhaith!" ars' eisean, "ní raibh aon
dul amugha orm nuair a dubhairt mé leat gur gálóg
a d'innis sé dhuit i dtaobh an chrainn."



"I nDomhnach," ars' ise, "tugaim faoi dearna anois
nach riabh aon dul amudha ort, acht mar sin féin, nach
bhfuil mo bhuaidhreadh-sa níos measa anois ná bhí ó thús,
mar nach bhfuil mé i n-an' claoi do chosantóir a bheathadh,
'sé sin, an mathghamhain, agus nuair a bhéas an lá cáirde
istigh, nách gcaithfidh mé a phósadh, agus a ghrádh, dhá
bhrígh sin, dá dhonacht maol is measa ióna sin mullach."


L. 23


"A chailín bháin mo chroidhe," ars' eisean, "fuair
mise trí bhuaidh tar éis mé do long-sa do thréigeadh,
agus d'fhóir dhá cheann aca dham. Tá an treas cheann
le féachaint agam go fóill, agus dearbhuighim dhuit
nach ndéanfaidh mé stad, marbh ná comhnuidhe nó go
bhféachfaidh mé an treas bhuaidh ins an Domhan Thoir,
agus 'sé sin, comhrac eidir mé féin agus Mathghamhain
na dTrí gClaigeann, agus claoidhfidh mé é chomh cinnte
agus tá mo dheas-lámh ar mo cholainn."



"Maise, goirim saoghlach thú!" ars' ise, "an bhfuil
tú ag glacadh misnigh a dhul go dtí an Domhan Thoir,
agus má's ar mo shon-sa atá tú 'ghá dhéanamh sin,
níor maith liom thú fhéin a chur i gcontabhairt d'anma."



"Níl aon chontabhairt, dá bhaoghlaighe, nach fiú do
ógánach fhéachaint le ainnir chiúin chumhra mar thusa a
shaoradh; agus ná cuir níos déine orm anois, mar ní
túisge ghealfas an lá ná bhéarfaidh mise m'aghaidh ar
an Domhhan Thoir."



Níor labhair sí húth ná háth i n-a dhiaidh sin acht
bord bídh a leagaint i n-a fhiadhnaise, deoch agus
annlann, agus maidir le sult agus slumairt, ba
deacair a shárughadh, agus leis an sgéal a chríochnughadh,
a dhaoine córa, tar éis iad greadadh bídh agus dighe
ite agus a ól, leag siad a gceann tharsta agus
chodail siad go socair sámh as sin go maidin. Ní
túisge gheall an mhaidin ná bhí seisean i n-a sheasamh ar
ghaill ar fuinneóige, agus, mar bhainfeá smeach as do
mhéir, bhí sé 'na sheabhac agus é i n-áirde ins an spéir, agus
a chomhluadair, níor chúb sé sgiathán ná níor lúb sé
crúb nó gur thuirling sé ins an Domhan Thoir, 's nuair
a thuirling, a ghrádh, chum sé é féin i gcumraidheacht
gaisgidhigh áird-fhearamhail, agus d'imthigh sé leis ar fud
na tíre ag tóruigheacht aimsire. Ní dheachaidh sé i
bhfad nó gur bhuail sé isteach i ngamhna an-leathan agus
fairsingeacht mhór annti. "I nDomhnach," ars' eisean
leis féin, "aithnighim 'léir cuma na gamhna seo gur
sgológ atá 'na chomhnuidhe thimcheall na háite seo."


L. 24


Ní túisge bhí na briathra sin ráidhte ná bhuail fear
isteach ins an ngamhna. Dhearc an fear air go géar
agus ars' eisean leis: -



"Cé thú féin ná cé as ar thárla tú? Mar nach bhfuil
do dheallradh ná do sgéimh i gcosamhlacht le muinntir
na tíre seo."



"Ach'," ars' eisean, "a dhearbhráthair mo chroidhe, is
fear mé atá ag imtheacht ó ríoghachta go ríoghachta ag
iarraidh aimsire, agus ní thig liom éinne a fhagháil a
chuirfeadh aimsir orm."



"I nDomhnach, a bhuachaill ó," ars' an fear leis, "tá
call do leithide orm-sa, agus cuirfidh mise aimsir ort
i gceann tuarastal maith a thabhairt dhuit, má bhíonn
tú i n-an' an obair a chóimhlíonadh 'léir mar chuirfeas
mise i n-umhail dhuit í."



"Maise, a dhuine chóir," ars' an buachaill leis, "bhí
claon agam-sa le obair i gcomhnuidhe, agus ní misde
liom cé an cineál oibre a mbéidh mé fruilthigh'e i n-a
cionn, acht tuarastal fhagháil agus suaimhneas oidhche."



"Tá sin le fagháil agat," ars' an fear, "agus is
cóid dam anois a chuir i n-umhail duit an obair a bhéas
agat. Tá céad torc i n-aon fhail amháin agam, agus
bhéarfaidh tusa amach ar maidin iad, seolfaidh tú rómhat
iad go dtí Coill na Smálaighe Duibhe. Béidh tú 'ghá
mbuachailleacht annsin i rith an lae, agus, má bhíonn
an comhaireamh ceann leat tráthnóna, bhéarfaidh mise
luach saothair maith dhuit, acht tabhair faoi deara, má
bhíonn aon cheann aca easbhach, béidh craiceann do chinn
mar bairéad seilge agam-sa lá ar n-a bhárach in gceann
do cholann a bheith i n-a luaithreamhán i bpúirthín na
hátha atá agam le haghaidh na hócáide."



Labhair Mac Mhic an Iasgaire agus ars' eisean: -
"Is dian é do choinghioll, acht mar sin féin cóimhlíon-
faidh mise m'obair lae, agus dearbhuighim dhuit nach
mbéidh ádhbhar casaoide agat."



"Sin é is maith liom," arsa a mháighistir, "agus
sul má dtéighmid níos fuide ins an gcainnt, tá sé
chomh maith dham m'ainm a chaidreamh leat. Mise Rí
na Smálaighe Duibhe, agus tá an ríoghachta seo agus


L. 25


muinntir na ríoghachta agam-sa ar mo chomhairle fhéin,
agus má shásuigheann tusa mé in do chuir oibire, ní
fheicfidh tú aon lá bocht anois i rith do shaoghail."



"Déanfaidh mé mo dhícheall, a rí!" ars' eisean,
"agus má sháruigheann orm, dham fhéin is measa."



Tar éis na mbriathra sin, a chomhluadair na cruinne,
thug sé isteach 'un a' tighe é, agus leagadh faoi
greadadh bídh, dalladh dighe, agus neart a chodlata
é, agus fuair sé leabaidh do sgaith clúmhach na n-éan,
agus bhí sé chomh te teolaidhe ainntí go raibh múnógaí
allais ag tuitim dhe chomh mór le póiríníbh fataí, agus
é mhéad an trom-chodlata bhí air de bhárr a shócamhail
níor airigh sé an lá ag fáinneachan nó go dtainnic giolla
an ríogh ag an doras, agus gháir sé ós árd: -



"Bí in do shuidhe go tapaidh," ars' eisean, "mar
tá sé an dó-dhéag 'sna clocháin."



'nDomhnach, a bhuachaill, nuair a chualaidh sé glór an
ghiolla, níor bh' fhallsóir é ag éirghe agus, nuair a bhí
ughaim na hoibre air, shiubhail sé amach agus shiubhail an
giolla leis nó gur fhosgail sé doras na faile,
agus nuair a d'fhosgail, a ghrádh, rith an chéad torc
amach mar sinneán gaoith' Márta, agus ars' an giolla
leis: - "Lean iad ar áit na mbonn, agus ní chromfaidh
siad smut fúbhtha go sroichfidh siad Coill na Smálaighe
Duibhe, mar sin é an áit fhághann siad a mbeatha ag ithe
cnoithe agus measra, agus cnuas ar bith eile a chas-
faidhear leobhtha."



'Léis sin, a ghrádh, rith Mac Mhic an Iasgaire 'n-a
ndiaidh mar bhuailfeá ar an gcluais é, agus coisidheacht
ar choisidheacht, acht budh in í fhéin an choisidheacht, agus
leis an sgéal gearr seo a ghiortughadh, nuair a shroich
siad an choill, rith na tuirc isteach ag iarraidh cnuas
dóbhtha fhéin, agus, nuair a fuaidh seisean 'na ndiaidh,
bhí an choill chomh dubh dorcha sin agus nár léar dó an
té a chuirfeadh méar i n-a shúil, agus ars' eisean leis
féin: - "Tá mé giollachtaí, mar caitfidh mé suidhe i
mbun mo chosa agus cead reatha tabhairt dóbhtha."




L. 26


Shuidh sé ag bun crainn agus ní raibh sé 'na shuidhe
baileach nó gur chualaidh sé búirthighil uathbhásach agus
leis an neart a bhí le fuaim na búirthighile, chrith an
talamh faoi n-a chuid cosa. D'éirigh sé 'na sheasamh,
agus bhí na búirthighile ag méadughadh.



"Ní tráth d'á fhaillighe é," ars' eisean, agus leis
sin chum sé é fhéin i gcumraidheacht mathghamhna agus
d'imthigh sé leis ag dul i n-airicis an bheithidhigh bhródhaigh
a bhí ag búirthighil, agus ní dheachaidh sé ró-fhada nó go
dtug sé faoi deara an mathghamhain a raibh sé ar a
thóir ag nochtadh chuige, agus a chumhlódair na cruinne,
budh é an solas a bhí ag soillsiughadh i súilibh an
mhathghamhna a thug léargus dó thríd an gcoill, mar
tá sé ráidhte go raibh chúig súile i gclaignibh an
mháthghamhna seo - 'sé sin, dhá shúil ach aon cheann de'n
dá chlaigeann colbha, agus aon súil amháin ins an
gclaigeann láir, agus bhí coinneal nimhe i ngach uile
shúil aca i riocht gur sgap siad lóchrann solais go
bpiocthá bioráin bheaga le gile an tsolais.



Ins an tráth céadna bhí mathghamhain na dtrí
gclaigheann ag deasughadh leis na torcaibh, agus le
n-a cheapadh ó ár a dhéanamh ortha chuaidh sé roimhe ar
a bhealach, agus, nuair a chonnaic mathghamhain na
gcoinneal nimhe an mathghamhain seo eile, níor bhac sé
leis na torcaibh, ach thug sé sodar chun cinn leis an
mathghamhain a d'alpadh, agus ba mhaith an mhaise do'n
mhathghamhain daonna é, d'ionnsuigh sé mathghamhain na
dtrí gclaigeann go bord colgach fíochmhar fíochda
cróga calma neartmhar baoghlach agus an-fhuilteacht,
agus a ghrádh, nuair a d'fhastuigh siad a chéile ní raibh
a leitheide de throid ó thiar an domhain go dtí thuar
an domhain agus bhí eatorra, mar rinne siad bogán
de'n chruadhtán agus cruadhtán de'n bhogán, d'ísligh
siad na hárdáin agus d'árduigh siad na fánáin le
mhéad a nirt, a lútha, a n-aclaidheachta agus troimeacht
a gcolna, agus, le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal
fada, bhíodar ag tabhairt dh'á chéile ar an gcuma sin
go dtí smál na hoidhche, agus le linn an trátha sin
bhí ceann de na claignibh colbha sgaithte de'n mhath-


L. 27


ghamhain; agus ar an móiméid chuaidh an solas as agus
d'éaluigh sé ar siubhal i ndorchadas na coille.



Leis sin, a ghrádh, rinne an mathghamhain seo fear dhe
fhéin, agus shiubhail sé amach as an gcoill le fionn-
fhuaras fhagháil, mar bhí sé i n-a chall, agus fhad 's bhí
sé ag fhagháil fóirithine thainic an comhaireamh ceann de
na torcaibh as an gcoill, agus shiubhail siad roimhe go
socair suaimhneach le uan caorach nó gur chuir sé isteach
ins an bhfail iad, agus chomh luath géar agus bhí doras
na faile dúinte aige bhí an rí le n-a shálaibh.



"Tá tú ann," ars' an rí leis.



"'nDomhnach, tá," ars' eisean, "an lá céadna a
d'imthigh mé."



"Bhfuil an comhaireamh ceann a bhaile leat?" ars'
an rí.



"Tá," ars' eisean, "agus god as nach mbeith?"



"M'anam gur maith thú," ars' an rí, "agus béidh
a shliocht ort, íocfaidh mise go maith thú ar shon do
chuid oibre, má éirigheann leat i mbárach agus athrughadh
i mbárach."



Leis an sgéal seo a chríochnughadh, a chumhlódair,
fuair an buachaill biadh agus deoch agus sócamhal
oidhche, agus ní túisge gheal an lá ná bhí sé 'na shuidhe,
agus sheol sé roimhe an sealbhán torc. Casadh an
mathghamhain leis ins an gcoill. Bhí troid fhuilteach
eatortha agus d'éirigh leis le linn an chlapsholais an
dara claigeann a bhaint de'n mhathghamhain.



Tar éis sin d'éaluigh sé uaidhe i ndorchadas na
coilleadh, agus thug sé a bhaile na tuirc, agus ní túisge
bhí sé ins an ngamhna ná bhí an rí i n-a chuideachta.



"An bhfuil siad leat?" ars' an rí.



"'nDomhnach, tá," ars' eisean, "is god chuige nach
mbeith?"



Ní dhearna sé ceo na frighde acht a thabairt leis 'un
a' tighe, agus bhí bord bídh agus dighe leagtha i n-a
fhiadhnaise nár bhréag bord bídh a thabhairt air.



Tar éis é a sháith ithe chuaidh sé go dtí a sheomra,
mar theastuigh sócamhal oidhche uaidhe, agus a chumhlódair,
gan déidearradh ar bith, chodail sé ar a sháimhín sógh,


L. 28


agus bhí a chall sin air, mar bhí sé sladtha de bhárr
dócamhail troda ar feadh dhá lá, acht mar sin féin ní
raibh deireadh le n-a chuid troda an tráth sin, mar, tar
éis é béilidh na maidne a chathamh an treas lá, ghluais
sé féin agus a thréad torc chum na coilleadh agus ar
an móiméid thainic sé go dtí ciumhais na coilleadh bhí
an mathghamhain roimhe, agus an choill go hiomlán faoi
lóchrann aige, mar bhí na cúig coinnle réamhráidhte
lasta ar thobar a bhathaise, agus a ghrádh mo chroidhe,
thug sé áladh ar na torcaibh le greallach a dhéanamh
dhíobhtha, acht sul má bhfuair sé faill sin a dhéanamh, bhí
greim geoc ag an mathghamhain daonna air, agus a
dhuine chóir, má thugann tú cluas dam, ní raibh ins an
troid a bhí aca an dá lá roimhe sin acht caitheamh
dartacha ar ghualainn na troda bhí aca an treas lá,
mar bhí an dá mhathghamhain ag troid ar son báis ná
beathadh, agus níor mhór do'n mhathghamhain daonna an
dá bhuaidh eile a bhí aige, mar, nuair a bhí an troid ag
dul rithte leis, ghníodh sé seangán dhe féin, agus fhad
's bhí sé i n-a sheangán bhí sé i n-an' a sgrísde a
dhéanamh, agus d'ionnsuigheadh sé aríst é go fíochmhar
borb; agus 'léir mar theannuigh a chruadhóg air
d'éirigheadh sé i n-áirde ar dhruim an mhathghamhna i n-a
sheabhac, agus le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin,
mhair an troid eatorra go raibh an lá ag diúltadh dh'á
sholus, agus an oidhche ag sgaipeadh néalta dorcha i
riocht gur mhúch sí solus an lae, agus le linn an trátha
sin sgaith sé an treas cheann de'n mathghamhain ó bhun
na diúide, agus bhí treis agus buaidh aige, agus ní
fearr ná shaothruigh sé é.



Tar 'éis sin, a dhuine chóir, rug sé ar an gclaigeann,
agus rinne sé dá leith chothroma de, agus fuair sé an
spreas fola a thionnsgail a thuras go dtí an tír sin.
Chuir sé an spras fola go cúramach i bpóca a
asgalla, agus thug sé roinn de lom fola an mhath-
ghamhna i bhflasg, agus ar bhuille boise, a ghrádh, sheol
sé roimhe a thréad torc go dtí gamhna an ríogh, agus
bhí an rí annsin ag fuireacht leis, mar sheas sé ag
dorus na faile gur chomhair sé na tuirc ceann ar


L. 29


cheann i riocht go mbeith sé cinnte an raibh an
comhaireamh ceann leis, agus tar éis a gcomhairimh
rug sé greim dhá lámh ar Mhac Mhic an Iasgaire, agus
chraith sé go talamh iad, agus ars' an rí leis: -



"Is tú an fear is fearr a casadh orm-sa ná ar
m'athair ariamh, mar, a dhuine, chóir, ó's dhuit-se tá mé
'ghá innsint is tusa an céadadh buachaill a cuireadh go
dtí Coill na Smálaighe Duibhe ó am go ham, agus
níor thainic éinne aca ar ais, agus caithfidh buaidh
cumhachtamhail eicínteacht a bheith agus, mar tá fhios
agam gur casadh leat Mathghamhain na dTrí gClaigne,
agus a ghrádh, tá an tír seo creachta casgartha ag an
mathghamhain sin le cuimhne na ndaoine."



"A rí," ars' eisean, "casadh liom é, agus ní
dheachaidh leis mar tá sé marbh, agus dearbhuighim dhuit
nach gcuirfidh sé íongnodh ort-sa ná ar éinne ar bith
eile do deo na ndeor."



"Má's mar sin atá an sgéal," ars' an rí, "bhéar-
faidh mé m'inghean dhuit mar chéile, 'sí sin, Cúl
Famainneach agus i gceann an méid sin béidh mo
ríoghacht agat tar éis mo bháis."



"A rí eagnaidhe!" ars' eisean, "tá mé ró-
bhuidheach dhiot ar son do thairisgint dh'aindeoin go
gcaithfidh mé a dhiúltadh, mar tá fáinne cumainn eidir
mé féin agus ríoghain óg, agus mar gheall ar an ríoghain
sin thainic mé 'un na tíre seo, agus feiceann tú
anois go bhfuil ádhbhar agam Cúl Famainneach eiteach."



"Is maith liom," ars' an rí, "gur fear dhod' fhocal
thú, agus, ó thárla nach bhfuil mian agat fanach, bhéar-
fiadh mise luach saothair dhuit i n-éiric a bhfuil déanta
agat."



"Ní ghlacfaidh mé ceo na frighde uait do'n taca
seo," ars' eisean, "acht, má fhillim ath-uair tá mé
cinnte go mbéidh tú in do charaid lághach agam."



"Gan déidearrach ar bith," ars' an rí, "béidh mé,
agus má bhíonn mío-stainnc ar bith eidir thú féin agus
do shearc, tapuigh chugam-sa agus fóirfidh mé ort."



"Tá mé buidheach dhíot, a rí," ars' eisean, "acht
anois caithfidh mé bheith ag imtheacht, mar ní tráth d'á


L. 30


fhaillighe é," agus mar smeach do mhéire, d'éirigh sé
i n-áirde i n-a sheabhac ins an spéir, agus, a chumhlódair
na cruinne, leis an sgéal a ghiorrachan, níor chúb sé
sgiathán ná níor lúb sé crúb nó gur thuirling sé ar
ghiall na fuinneóige i gcathair an fhathaigh mhóir, agus
nuair a thuirling, bhí an ríoghan 'na suidhe i gcathaoir
óir, agus d'árduigh sí an fhuinneog, agus ar leagan do
shúl, léim an seabhac isteach agus bhí sé i n-a fhear ar
bhuille boise, agus a dhuine chóir, ní bréag a rádh, nár
mhúch sí le deoraibh é, fhliuch sí le pógaibh é, agus
thriomuigh sí le brataibh míne agus sróil é.



Tar 'éis sin chaith siad béilidh bídh, agus thoisigh an
chainnt agus an comhrádh eatortha, agus a dhuine chóir,
tabhair faoi deara, an chéad lá thoisigh an troid eidir
an dá mhathghamhain gur ghlac an fathach taom thinnis i
riocht go mb'éigin dó luighe faoi n-a sguillí, agus
'léir mar bhí an mathghamhain d'á chlaoi bhí an fathach ag
éirghe níos laige gach lá, agus, leis an sgéal a
ghiorrachan, bhí clochar an bháis i n-a sgornaigh le linn
an ama seo, agus a bhuachaill ó, chuir Mac Mhic an
Iasgaire culaith leagha air féin, agus shiubhail sé isteach
i seomra an fhathaigh, agus dubhairt sé leis an bhfathach
go mba liaigh é a bhí i n-an' gach uile gharla a leigheas.



"Má leigheasuigheann tú mise," ars' an fathach,
"béidh tú in d' fhear saidhbhir fhad 's mhaireas tú beó."



Ní dhearnaidh an liaigh ceó na frighde acht an fleasg a
raibh an fhuil ann bhaint as a phóca agus thug sé braon
beag, de'n fhuil le n-ól do'n fhathach, agus tar éis é a
ól, fuair sé réidh an achair beag i riocht gur shuidh sé
aniar ins an leabaidh ag cainnt leis an liaigh, agus
ars' an liaigh leis: " A dhuine chóir, an bhfuil dochar
dham fhiafruighe dhíot go cé an tsiocair a fuair tú i
dtaobh an taom thinnis seo a ghlacadh."



"Leig mé mo rún le ainnir uasail, mar shíl mé go
gcoinneochadh sí rún, ach' 'léir an bhail orm-sa faoi
láthair, leig sí mo rún le gaoith i riocht gur claoidheadh
i gcóir ná i n-éagcóir cosantóir mo bheatha-sa."



"Dona go leór," ars' an liaigh.


L. 31


"Tá sé dona agus an-dona, fairíor!" ars' an
fathach, "agus bundún teangadh agus preabadh croidhe
go raibh ar fhear ar bith ins an domhan a leigfeas a
rún le mnaoi, is cuma cé an grádh ná cion atá
eatortha."



"Á," ars' an liaigh, "bíonn na mná i gcomhnuidhe
'gcomhnuidhe cleasach glic, atá ná bac leis an méid
sin, mar leighseochaidh mise thú, agus anois, a ghrádh,
innis dom cé an áit is déine a bhfuil bior na doighe
ort."



"An áit is déine," ars' an fathach, "a bhfuil doigh
orm faoi láthair, go díreach annseo faoi bhun m'
asgalla."



Ar an toirt chumail an liaigh beagáinín de'n fhuil as
cionn na háite i raibh an doigh, agus a bhuachaill ó,
fuair sé fóirithin ar bhuille boise, "agus mo ghrádh thú,"
ars' eisean leis an liaigh, "cumail tuilleadh de'n
mhíonbhach sin orm."



Thoisigh sé ag cumailt ar a lán-dhícheall nó go dtug
sé an ball dóráin faoi deara agus nuair a thug
dubhairt sé leis an bhfathach a lámh a árdughadh i n-áirde
i riocht go mbeith sé i n-an' cumailt mhaith a thabhairt
dhó, agus ní túisge bhí an lámh i n-áirde aige ná bhuail
sé an spras fola ar an mball dóráin, agus, mar
smeach do mhéire, marbhuigheadh an fathach; agus nuair a
marbhuigheadh budh é luas a chosa thug é féin agus Gruth-
bhán na Mara as teach an fhathaigh, mar ní baileach a bhí
siad thar chloich na tairsighe nó gur thuit an chúirt faoi
thalamh, mar budh é draoidheacht an fhathaigh a choinnigh an
chúirt 'na seasamh, agus nuair a d'éag an fathach bhí
Gruth-bhán saor ó n-a cuid geasa, agus deirim-se
libh-se, a chomhluadair, go raibh bród agus áthas croidhe
ar an mbeirt i dtaobh an fathach a bheith smiogtha, agus,
d'imthigheadar leobhtha, a dhuine chóir, i mbárr na
bhfásgaidhthe, agus deirim-se leat-sa nár fhás mórán
féir ná uisge faoi n-a gcosaibh nó gur shroich siad


L. 32


bruach na fairrge agus nuair a shroich, a chomhluadair
na cruinne, bhí an long faoi sheoltaibh ag fuireacht
leobhtha, agus 'sí sin an long chéadna a rabhadar ainntí
i dtús a n-óige.



(AN CHAILTHÍM)



Chuaidh an lánamhain ar bhord luinge, agus, nuair a
chuaidh, d'ollmhuigh siad iad féin i gcóir na seol-
tóireachta fada agus an-fhada bhí rompa, mar thug
siad toiseach na luinge ar muir agus a deireadh ar
tír. Níor fhág siad téad tíre gan tarraint, cábla
gan sguradh, líogán gan casadh, halmadóir gan bogadh,
croga gan lúbadh, maide rámha gan staonadh, clórda
gan briseadh, clár ceangailt gan sgaoileadh, naprún
gan casadh, cambadh gan staonadh, gur árduigh siad a
seolta beaga, seolta móra, a gcuid bocóideacha
bacóideacha comhfhada comhaedheardha faoi bharra na
gcrann go raibh leobhtha iomramh dháréag, stiúradh dhá
chéad, trian siubhail, dhá dtrian seoil gur threabh siad
an fhairrge folcanta falcanta ag cur cubhair bháin i
n-íochtar agus clocha móra i n-uachtar, an fhairrge glas
rompa, dearg 'na ndiaidh, ag cathamh na míolta móra
de bharr na dtonn le neart siubhail agus seoil, agus
bhí sin leobhtha ceol binn agus glinn, mar nach raibh
aon éan ins an domhan thoir nach raibh leobhtha ar bhois
na maidí rámha, gur bhuail siad cuan agus cladach
ag Binn Éadain i n-aice Muighe n-Ealta. Nuair a bhuail
siad cladach chuir sé méar ar thoiseach agus deireadh na
luinge gur chuir sé isteach í naoi n-acra naoi n-adhtra
gan truisle gan tuirlint gur tharraing sé í faoi sgáth
crainn san áit nár bhaoghal dí grian dá pléasgadh,
gaoth dá réabadh, ná clocha beaga dá stialladh ná dá
lot.



(CRÍOCH NA CAILTHÍME)



Bhí go maith 's ní raibh go dona, a dhearbhráthair,
d'imthigh an lánamhain ar aghaidh ó dheas thríd an tír,


L. 33


agus, tar éis sgathadh coisidheachta, chuir siad fúbhtha i
mbaile beag, agus pósadh an lánamhain tar éis iad
ráth ríogh a chuir ar bun, agus tá sé ráidhte gur mhair
siad bliadhanta móra fada i gceann a chéile faoi ádh
agus amhtar, séan agus sonas, agus i gceann an
méid sin bhí muirighin mhór chlainne aca i riocht gur
shíolruigh an bunadh sin ó'n tráth a bhfuil mé ag cainnt
faoi nó gur cuireach an ruaig ortha aimsir na Gall-
tórainne, agus tugadh mar ainm ar an áit ar chomhnuigh
Mac Mhic Iasgaire Bhuidhe Luimnight "Luimnigh Bheag."



Tá an sgéal seo agaibh mar bhí sé agam-sa, agus tá sé
agam-sa mar bhí sé ag na sean-seanchaidhthe, agus,
nuair chualaidh mise an sgéal, bhí mé sásta leis,
agus is duine do-shásta nach sásóchadh an sgéal seo é.
Nuair a pósadh an lánamhain rinneadar bainis agus
thriall mé le dhul ag geamaireacht, 's, nuair a bhí mé
sgathadh de'n bhealach, loic mé, mar thuit an trioll ar
an treall orm, agus b'éigean dom filleadh gan blas
de bhulóig na bruinnille.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services