Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tóruigheacht Mhadadh na Seacht gCos
Title
Tóruigheacht Mhadadh na Seacht gCos
Author(s)
Mac Aodháin, Pádraic,
Compiler/Editor
Ó Moghráin, Pádraic
Composition Date
1905
Publisher
Brún agus Ó Nualláin
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TÓRUIGHEACHT MHADADH NA SEACHT gCOS Bhí rí i nÉirinn fadó agus creidim nuair a bhí sé i n-aois gur phós sé agus cailleadh a bhean leis an gcéad duine cloinne. Mac a bhí aice. Cuir an rí an páiste dhá oileamhaint ag mnaoi agus bhí annsin go raibh sé suas 'na ghearrstócach. Timchioll an ama sin chuaidh a athair thar an bhfairrge ar cuairt do'n Fhrainnc agus chaith sé mí i gcúirt rí na Frainnce. An am a raibh an mhí caithte d'iarr sé an inghean ar rí na Frainnce le pósadh. Thug seisean dó í agus nuair a bhí sé ann agus aimsear na bainfheise caithte thug sé triall go h-Éirinn ar ais. Sul ar imthigh sé d'iarr sé spré na mná. "A rí agus a thighearna" ars an t-athair leis, "níor iarr tú orm acht bean agus thug mise dhuit í. Dhá n-iarrtá orm bean agus spré chaithfeá fhághail. Anois ní bhfuighidh tú aon spré." "Ní h-é sin gnás na h-Éireann," arsa rí na h-Éireann, "léir mar bhéadh 'san áit a bhfuightheá bean gheobhthá spré." "Le leisg d'eiteachtáil'" ars an rí eile, "bhéarfaidh mé breitheamhnas beirte dhuit agus sí mo bhean féin a thógfas mé ar mo thaobhsa." "Der m'onoir,"arsa rí na h-Éireann,
"ní córta dhuit é sin ná mise mo bhean féin a thógaint agus má fhágann sí í féin folamh bíodh aice." Dá réir sin chuaidh an mháthair agus an inghean isteach i seómra dhóbhtha fhéin agus rinne breith daréug Franncach agus daréug Éireannach fhághail agus a chur ag imirt liathróide, agus dhá gcuireadh na Franncaigh an liathróid amach ar na h-Éireannaigh é bheith folamh, agus dhá gcuireadh na h-Éireannaigh an liathróid amach ar na Franncaigh chaithfead sé spré fhághail. "Tá go maith," arsa rí na h-Éireann, "acht cé acu ríoghacht de'n dá ríoghacht a n-imreóchthar an liathróid ann?" "Ó, sin rud nár leag muid amach," ars na mná, "cé acu a n-imreóchaidhe í." "Der m'onóir," ars an rí, go socróchaidh mise agus rí na Frainnce é sin. Fágh dhomsa paca cárdaí agus má chuirim se an cluiche amach air imreóchar an liathróid i n-Éirinn agus má chuireann seisean an chluiche amach ormsa imrighthear sa bhFrainnc í." Shuidh an dá rí síos agus d'éirigh leis an Éireannach gur chuir sé an chluiche amach ar an bhFranncach. Leag siad amach mí ón lá sin an liathróid imirt i n-Éirinn. Scríobh an rí abhaile ag a chuid ceannphort sgata buachaillí fhágháil agus iad bheith ag imirt agus ag cleachtadh agus daréug de na fir ab' fheárr bheith réidh mí ón lá sin. An am a raibh an mhí le bheith istigh sheól siad abhaile go h-Éirinn, rí na h-Éireann agus a bhean agus rí na Frainnce agus a bhean agus iad uilig.
Nuair a thainig siad i dtír agus nuair a thainig an lá a raibh an mhí istigh thoisigh siad ag imirt. Ins an am céadna bhí mac an rí i dteach na mná a d'oil é agus chualaidh sé torann na h-imeartha. "Der m'onóir," ar seisean, "is dona an sgéal agaibh má thugann na Franncaigh treis na h-Éireann leóbh indiu." "A shramacháin," ars an bhean leis, "mur bhfuil rud i n-Éirinn a sheasfas cliú na h-Éireann tharadsa ní thusa a sheasfas é." "Is cuma liom,"ar seisean, "cé tá ann nó as, rachaidh mise 'na dháil." D'imthigh an bhean agus sheas sí ar an doras dhá choinneáil isteach, acht léim sé amach thar a gualainn agus amach leis. Pé uair a dtáinig sé isteach ins an áit a raibh an liathróid dá h-imirt bhí fear de na h-Éireannaigh agus rúitín as áit aige. Sheas an geárrstócach isteach 'na áit. Chomh luath agus fuair sé an liathróid amach roimhe ní bhfuair Franncach ná Éireannach faill ar phoc uirthi gur chuir sé amach an góraidh í. Níor dhubhairt sé focal, níor chuir sé chucu ná uatha acht a chamán a shocrughadh faoi na asgaill agus pilleadh leis abhaile an bealach céadna a dtáinig sé. Nuair a chonnaic rí na Frainnce é sin bhí iongantas an domhain air agus dubhairt sé leis an rí eile: "Der m'onóir," ar seisean, "ní fhaca mé locht ná rud ort ó casadh orm thú go dtí an méid sin : an fear a sheas spré dhuit agus cliú na h-Éireann a leigean dó imtheacht leis gan cur chuige ná uaidhe. Dhá ndéanad sé
dhomsa é sin ní bheadh 's agam cé na teidil ná na céimeanna a thiubhrainn do." "Ó,"arsa rí na h-Éireann, "tá an t-am fada le dearcadh 'na dhiaidh. Bheirim briathar go ndearcfaidh iné 'na dhiaidh sin go fóill." "Mar ndéantá sin ní dhéanfá an ceart. Léir mar chonnaic mé, bheadh treis na h-Éireann leis na Franncaigh acht mar beag an gasúr a sheas spré dhuit agus cliú agus cáil na h-Éireann." D'fhan Rí na Frainnce agus a bhainrioghan go ndearna siad a gcuairt i n-Éirinn agus 'na dhiaidh sin d'imthigh leóbh. Faoi cheann sgathaimh d'éirigh an bhainrioghan óg amach ag siubhal thart ar an gcúirt. Bhí sí ag dul thart le teach cailleach na gcearc nuair bhain sleamhnughadh dí agus dubhairt cailleach na gcearc léithe: "Ná raibh Dia ná Muire leat," ar sise. Níor dhubhairt an bhainrioghan óg tada acht ghlac sí go mór faoi na croidhe a leitheid d'easgaine a rádh léithe agus phill sí abhaile. Thainig sí amach lá ar na mhárach agus shleamhnuigh sí i n-aon turas go bhfeicead sí an n-abróchadh bean na gcearc an chainnt chéadna léithe. Dubhairt. An tríomhadh lá thainig sí amach ins an áit céadna agus shleamhnuigh sí dá toil deonughadh fhéin, agus dubhradh an chainnt chéadna léithe. "A chailligh," ars an bhainrioghan óg, "thainig mé amach tá trí lá ó shoin agus bhain sleamhnughadh dhíom agus dubhairt tusa liom "ná raibh Dia ná Muire agam." Tháinig mé amach indé agus indiu agus shleamhnuigh mé i n-aon turas go bhfeicinn an n-abróchthá an rud céadna
agus dubhairt tú. Innis dom cé an t-olc agat dom? Ná cé an t-olc a rinne mise ort-sa ná ar aon duine ar bith eile ó thainig mé go h-Éirinn gur dhubhairt tú a leitheid d'eas- gaine liom?" "Ní doiligh an cheist a fhuasgailt, a bhainrioghan óg," arsa cailleach na gcearc. "An chéad bhean a bhí ag an rí dhá mbead sí ag dul thart ba mhaith uaithe a seachadadh dhom "Nuair a chualaidh sí sin chuir an bhainrioghan óg lámh 'na póca agus tharraing sí aníos sparán óir. "Innis dom a chailligh," ar sise, "a' raibh rí na h-Éireann pósta cheana?" "An mar sin atá tú? Dhá dtagadh oighre ar bith in do dhiaidh-se síleann tusa gurab é oighre na h-Éireann é. A' bhfaca tú an fear óg a chuir amach an liathróid ar na Franncaigh? Sin oighre na h-Éireann, sin mac na céad mhná a chuir an liathróid amach." Thug an bhainrioghan óg an t-ór dhi agus d'imthigh léithe agus fealltanas 'na croidhe. Nuair a thainigh sí isteach ins an bpálás dubhairt sí leis an gcócaire sicín circe a mharbhugadh agus a chuid fola a thabhairt aice i soitheach. D'imthigh sí un a seómra féin agus luigh ar a leabaidh. Ar theacht abhaile do'n rí bhí cunntas roimhe ó'n gcócaire go raibh an bhainrioghan go dona tinn ar a leabaidh. Ar bhall na mbonn suas leis an rí glan díreach go dtí an seómra. Acht an bhean, chomh luath agus d'airigh sí a fear ag tígheacht d'ionntuigh sí ar a leathtaobh, d'ól sí lán a béil de fhuil an tsicín agus nuair a tháinig sé isteach chaith sí an fhuil amach faoi na chosaibh air. Scannruigh seisean go
mór mar shíl sé gurbh í fuil a croidhe a bhí dá cur amach aice. Mar cailleadh a chéadbhean bhí faitchíos air go raibh an chaill chéadna uirthise. "O,"ar seisean, "tá an chaill ort a thaisge." "Ar ndóigh," ar sise, "is beag an dochar dhom bheith ag cur fuil mo chroidhe amach agus is beag an mhuinighin a bhí agat asam ó thainig mé go h-Éirinn agus nach dtug tú do mhac annseo ag coinnéail comhluadair liom agus nár leig ort fhéin go raibh a leitheid agat." Bhí náire ar an rí gur fritheadh amach é, agus dubhairt sé: "Ó má dhéanann mo mhac maitheas ar bith dhuit bhéarfaidh mé chugat é agus céad fáilte." "Sílim,"ar sise, "go n-éadtromóchad sé mo chroidhe dhá mbead sé ag coinneáil comh- luadair liom." D'orduigh an rí dá chóistire ceithre cinn de chaiplibh a chur isteach 'sa gcóiste agus imtheacht i gcoinne an mhic go dtí an áit ar tóigeadh é. Nuair a tháinig an cóiste un an toige dubhairt an fear leis an mac a ghabhail isteach agus go dtiubhrad sé leis abhaile go dtí an pálás é. "Tá tú ag imtheacht anois a mhic," ars an bhean a d'oil é, "agus tá faitchíos orm gur gearr go dtéidhidh anál do leasmháthara fút." Acht an bhainrioghan óg, ó chuala sí go raibh an mac ag tigheacht bhí sí ag eirghe 'na sláinte mar adéarfá, agus nuair a tháinig sé un an toighe bhí sí chomh maith agus bhí sí ariamh. Lá ar na mhárac d'iarr an rí uirthi a thigheacht amach í fhéin agus an mac ag seilg. Acht
dubhairt sí leis nach raibh sí i riocht suidhe ar chapall indiu, agus, "Fág do mhac agam," ar sise, "ag coinneáil comhluadair liom go dtigidh tú abhaile. "Bhí an rí sásta agus d'imthigh leis. Nuair a fuair sí imthighthe é agus an teach bán mar adéarfá, chuaidh sí féin agus an mac ag imirt liathróide 'sa seómra fada fairsing a bhí ann. "Anois,"ar sise, "an té a chuirfeas an liathróid amach béidh breith agus oireachtas le tabhairt ag an duine sin ar an duine eile." "Bhí mac an rí ag cur na liathróide amach chuile uair uirthi go bhfaca sé go raibh sí ag dul i bhfeirg, agus leig sé dhí an liathróid a chur amach air aon uair amháin. Ar an móiméad sheas sí agus dubhairt: "Tá breith agus oireachtas le tabhairt agam ort." "O,"ar seisean, "cé an bhreith ná an t-oireachtas a bhéarfá orm acht léir mar thug mise ort-sa, sé sin an chathaoir a athrughadh ón taobh thall go dtí an taobh i bhfus de'n teach." "Ní hé sin an bhreith ná an t-oireachtas a bhéarfas mise ort-sa,"ar sise. "Cuirim thusa faoi gheasaibh agus faoi thromdhiombhadh na bliadhna gan dhá oidhche a chodladh i n-aonteach ná dhá bhiadh ithe d'aon bhord go gcuiridh tú an domhan mór thart, faoi, agus os a chionn ná go bhfághaidh tú dhomsa madadh na seacht gcos." Ar an móiméad, an buachaill bocht, chaith sé uaidhe an cámán agus amach leis agus gach gáir chaointe agus gola leis go dtainig sé go dtí an bhean a d'oil é. "O,"ar sise nuair a chonnaic sí é, "tá fhios ag Dia gur
geárr a chuaidh tú, a mhic, go ndeachaidh anál do leasmháthara fút. Cé an t-olc a rinne sí ort?" D'innis sé dhi gach a' ndeachaidh sé fríd agus faoi na geasa a raibh sé fútha. "Agus a mháthair,"ar seisean, "ní thig liom fanacht an darna oidhche annseo, agus caithfidh mé bheith ag imtheacht ar maidin." "O,"ars an bhean, "do mheas sí do chur as a bealach i gcuideacht." "Acht, a mháthair, a' bhfuil tuairisg madadh na seacht gcos agat le tabhairt dom?" "Mo bhrón, a mhic, ní'l bun ná tuairisg madadh na seacht gcos againn. Níor chualaidh mé ariamh go dtí anois go raibh a leitheid ann." Ar maidin lá ar na mhárach, d'fhuin sí trí cácaí beaga, "Seo anois, is a Ainebhios gan Eagla"(b'é sin an t-ainm a bhí air) ar sise, "béidh tú anocht i dteach dearbhráthara dhomsa, fathach a bhfuil neart trian an domhain ann. Níor leig sé sin Éireannach ná coimhightheach ar bith thairis nach marbhóchad sé agus nach stróicfead sé é. Tabhair dhó ceann de na cácaí agus nuair a bhrisfeas sé é rachaidh baladh mo bhainne cíoch faoi na shróin, agus aithneóchaidh sé gur mac dhomsa thú. Bhéarfaidh sé duit lóistín na h-oidhche chomh maith agus bhéas aige agus má tá tuairisg madadh na seacht gcos aige bhéarfaidh se dhuit é agus fáilte. Béidh tú an darna h-oidhche i dteach dearbhráthara eile dhom, fathach a bhfuil neart dhá dtrian an domhain ann. Tabhair dhó an darna cáca agus má tá tuairisg madadh na seacht gcos aige innseochaidh sé dhuit gach
a bhfuil d'eolas aige. Beidh tú an tríomhadh oidhche i dteach dearbhráthara eile dhom, fathach a bhfuil neart an domhain ann; tabhair dhó an tríomhadh cáca, agus gheobhaidh tú uaidh gach a bhfuil de thuairisg aige. Cheangail sí suas na trí cácaí agus dubhairt go mbéad siad chomh maith 's dhá mbeadh sí féin ag siubhal leis. D'fhág sé slán aice agus d'imthigh leis. Bhí sé ag imtheacht ar an mbealach gur casadh isteach é go mall trathnóna ag teach an fhathaigh, an chéad fhathach a raibh neart tríomhadh cuid an domhain ann. Bhí sé istigh roimhe nuair a thainig an fathach isteach. "Airighim baladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh annseo," ars an fathach. "Ní airigheann tú baladh Éireannach bréagach ná bradach is measa ná do chuid balaidh fhéin," ars Ainebhios gan Eagla. "Ara a chréatúirín ghránna," ars an fathach, "is mór liom de ghreim thú agus is beag liom de dhá ghreim thú; cé acu is feárr leat coraidheacht ar leacrachaibh glasa ná gabháil de sgeana i mbáirreasnachaibh ar a chéile?" "Is fearr liom coraidheacht ar leacrachaibh glasa,"arsa Ainebhios gan Eagla. "Sé chleacht mé ariamh i dteach m'athara agus mo mháthara i n-Éirinn." Rug an bheirt dhá shnaidhm ar a chéile thart ar an h-easnachaibh agus d'éirigh le mac rí i nÉirinn gur chuir sé an fathach faoi agus gur cheangail sé é. "Fóill, fóill, a ghaisgidhigh' ars an fathach "shiubhail mé ar shiubhail mé, chonnaic mé a bhfaca mé, chualaidh mé a gcualaidh mé agus is tú an gaisgidheach de dhuine óg is
fearr a casadh orm ariamh. Sgaoil mé agus beidh mé in mo ghiolla turais agus teachtaire agat go lá mo bháis." "Sgaoilfidh mé thú ar an gcunntar seo" arsa Ainebhios gan Eagla "nach bhfuil aon choimhightheach ná Éireannach a rachas an bealach seo aríst go bráth nach dtiubhraidh tú lóistín na h-oidhche dhó agus nach leigfidh tú slán amach as do ríoghacht." "Sin agus gach coingheall eile dá gcuir- fidh tú orm "ars an fathach agus sgaoileadh é. An am a raibh an suipéar réidh agus dhá fhéachaint acu ar 'chaon taobh de'n bhord tharraing Ainebhios gan Eagla cáca beag aníos as a phóca, ceann de na cácaí a thug an bhean a d'oil é dhó ar maidin agus thairg sé do'n fhathach é. "Seo lón,"ar seisean, "a thug mo mháthair dhom ar maidin, agus b'fhéidir go mb'fhearr leat greim dhe ná an rud a bhfuil cleachtadh agat air i gcomhnuidhe." Rug an fathach ar an gcáca agus nuair a bhris sé é chuaidh baladh an bhainne cíoch faoi na shróin. Chuir sé gáir as. "A mhic mo dheirbhshíre, nach 'eo é an fáth ar chuir do mháthair an lón seo leat le m'aghaidh le tabhairt domsa nár leig aon fhear ariamh thart nach marbhóchainn é? Agus 'tuige nach dtug tú dhom an cáca an am ar chuir mé drochaighneas ort?" "Duine óg mé a uncail," ar seisean, "nar fhág an baile ariamh roimh indiu. Ní raibh fhios agam cé an neart a bhí ionnam agus le duine muinnteardha ba mhaith liom me fhéin fhéachaint i dtoiseach, agus ba leór dhom é thabhairt duit dhá bhfeicinn dul agat
orm." "O, a mhic mo dheirbhshíre," ars an fathach, "glóir do Dhia nach bhfuair mé an bhuaidh ort. Dhá bhfághainn an lámh i n-uachtar ort, ní thiubhrainn faill duit an cáca a thabhairt dom go mbítheá marbh stróicthe agam." Go moch ar maidin d'éirigh Ainebhios gan Eagla mac rí i n-Éirinn. Nigh sé a éadan, chíor sé a cheann, agus d'iarr sé ar Dhia é a chur ar a leas. Nuair a bhí sé ag brath ar imtheacht dubhairt an fathach leis. "Fan annseo agam. Má's ór ná airgead atá ag teastáil uait nach bhfuil an oiread sin agam nach gcaithfeá choidhche a leath?" "O, a uncail, caithfidh mé bheith ag imtheacht. Táim faoi gheasaibh gan dá oidhche a chodladh i n-aon teach ná dhá bhiadh ithe d'aon bhord go bhfághaidh mé do mo leasmháthair madadh na seacht gcos. A' bhfuil eolas ar bith agat-sa, le tabhairt dom ar mhadadh na seacht gcos?" "Chualaidh mé a gcualaidh mé, a mhic, agus ní chualaidh mé trácht ar mhadadh na seacht gcos ariamh roimhe seo. Caithfidh mé dhul leat mar sin: Béidh tú anocht i dteach dearbh- ráthara dhom, fathach a bhfuil neart dhá dtrian an domhain ann. Níor leig sé duine thairis ariamh nach marbhóchad sé é agus tá faitchíos orm go marbhóchaidh sé thú mar an gcéadna." "Ní'l call agat leis," ars Ainibhios gan Eagla,"mar chuir mo mháthair cáca eile liom le h-aghaidh an fhathaigh." "Má chuir, tá an cáca chomh maith bheith leat le mise a bheith leat. Ar choimrighe Dhia thú, a mhic." D'imthigh Ainebhios gan Eagla, agus bhí neoin agus deireadh an lae ag tarraingt air nuair
casadh isteach é ag teach an darna fathaigh an darna hoidhche. Rug sé é fhéin agus an fathach dhá shnaidhm ar a chéile gur cheangail Ainbhios gan Eagla an fathach. Sul ar sgaoil sé é chuir sé coingheall Dé agus Críosta air, coimhightheach ná Éireannach ar bith a bheadh ag dul thart gan dochar a dhéanamh dhó acht lóistín na h-oidhche chomh maith 's bheadh aige thabhairt dó agus é a leigean slán ag imtheacht dó. "Sin,"ars an fathach, "agus gach coingheall eile dá gcuirfidh tú orm." I n-am an tsuipéir nuair bhris an fathach an cáca a thairg Ainebhios gan Eagla dhó, chuir sé gáir as. "A mhic mo dheirbhshíre nach 'eo é an fáth ar chuir do mháthair leat an cáca seo le tabhairt dom le do shábháil ormsa nár leig duine ná deoraidhe thart ariamh nach marbhóchainn é. 'Tuige nach dtug tú dhom é an am ar chuireas drochaighneas ort?" "Duine óg mé a uncail nár fhág an baile ariamh roimh indé. Ní raibh fhios agam cé an neart a bhí ionnam agus le duine muinnteardha ba mhaith liom mé féin fhéachaint 'sa gcéad uair. Ba leór dhom é thabhairt duit dhá bhfeicinn an dul agat orm." "Glóir do Dhia,"ars an fathach, "nach bhfuaireas an bhuaidh ort. Dhá bhfághainn ní bheadh faill agat é thabhairt dom go mbítheá marbh stróicthe." Lá ar na mhárach go moch ar maidin d'éirigh Ainebhios gan Eagla; nigh sé a éadan, chíor sé a cheann, agus d'iarr sé ar Dhia é a chur ar a leas. Bhí sé ag brath ar imtheacht. "Fan
bfhuil mé a mhic," ars an fathach, "tá an oiread sin d'ór agus d'airgead agamsa 's nach gcaithfeá choidhche a leath. "D'innis Ainebhios dó go raibh sé faoi gheasaibh agus nach dtainig leis an darna h-oidhche a chaitheadh ins an teach; d'fhiafruigh sé dhe a' raibh bun ná tuairisg aige ar mhadadh na seacht gcos. "Shiubhail mé ar shiubhail mé," ars an fathach dhá fhreagairt, "agus trácht nó cur síos ní chualas go dtí anois ar mhadadh na seacht gcos. Is bocht an sgéal é agus caithfidh mé dul leat. Béidh tú anocht i dteach dearbhráthara dhomhsa, fathach a bhfuil neart an domhain mhóir ann. Má fuairis an ceann is fearr ormsa ní h-é sin le rádh go bhfuightheá an ceann is feárr airsean." "Ní'l call duit dul liom. Nach leor dhom an cáca a thug mo mháthair dhom le n-a aghaidh?" "Is leor cinnte,"ars an fathach, "tá sé chomh maith an cáca sin bheith leat le mise bheith leat." D'fhág Ainebhios gan Eagla slán agus beannacht aige agus d'imthigh leis. Ar dhul faoi do'n ghréin casadh isteach é i dteach an tríomhadh fathaigh agus rinne sé leis díreach mar rinne sé leis an mbeirt eile. Cuireadh ar an bhfathach coingheall Dé agus Críosta gan dochar a dheanamh feasta do dhuine ná deoraidhe a rachadh thairis sin. Ar maidin lá ar na mhárach d'éirigh an rí óg uasal, nigh sé a éadan, chíor sé a cheann agus d'iarr sé ar Dhia é a chur ar a leas. D'innis sé do'n fhathach na geasa millteacha a raibh sé fútha. "Is iongantach do sgéal, a
Ainebhios," ars an fathach, "is beag tír nach bhfuil siubhalta agam, acht go dtí anois ní chualas cur síos ná innsin ar an madadh sin na seacht gcos." "Is cruaidh mo chás, agus is bocht mo sgéal," ars an fear óg. "Ní beó a bhéas mé, agus is cuma liom céard dhéanfas an saoghal óir nach bhfuil tuairisg an mhadaidh le fághail." "Faraoir nach bhfuil," ars an fathach. "Ní mór dhuit anois, a mhic, bheith ag déanamh do bhealaigh romhat. Acht ní thig leat dul níos fuide ar an talamh. Gheobhaidh mé long dhuit." Fuair sé long dhó agus chuir uirthe lón lá 's bliadhain. D'fhág Ainebhios slán aige agus sheol sé leis amach i mbéal na fairrge móire. Naoi lá 's naoi n-oidhche bhí sé ag imtheacht roimhe gan fios aige cé raibh sé ag dul. Ar maidin an deicheamhadh lae d'éirigh sé i mbárr an chrainn seól, dhearc sé uaidh ar na ceithre ceardaí a d'fhág Dia ar an talamh, mar atá, soir, siar, ó thuaidh agus ó dheas. Chonnaic sé taobh tíre agus oileáin, agus tharraing sé air go dian deifreach. Thug sé suas an long ar scainimh mhínchlochach, áit nár bhaoghal di tonn dá tuargaint ná crann de chrainnibh na fairrge ag tuitim uirthe, dhá mbeadh sí bliadhain ann, ní h-é amháin dhá mbeadh sí seachtmhain. Bhí sé ag siubhal leis ar fud an oileáin agus na ríoghachta ó cheann go ceann agus níor casadh neach bhéil bheó leis. Ní raibh fear bean ná duine dhá chasachtáil leis. Bí fir an airm sínte marbh ar 'chuile thaobh, agus bhí chuile shórt bun os cionn. Bí géimneach na
bó ag an gcapall, seitreach an chapaill ag an mbuin, méidhleach na caorach ag an ngabhar, meigleach an ghabhair ag an gcaoirigh, agus mar sin 'chuile shórt bun os cionn ar fud an oileáin, agus, 'na cheann, oidhche dhubh déanta de'n lá le ceó draoidheachta. "Iongantach é seo," arsa Ainebhios ag imtheacht roimhe go raibh sé ag teacht anmhall tráthnóna agus gan teach ná duine dhá chasachtáil leis, "céard dhéanfas mé? Ní beo a bhéas mé." Ar deireadh thiar shroich sé carnán cloch déanta suas mar bheadh bothóg ann. Thoisigh sé ag bualadh na gcloch i n-aghaidh a chéile nuair chuala sé mar bheadh glór an duine istigh. "An duine saoghalach thú,"ars Ainebíos leis, "ná an dtiocfadh leat bun ná tuairisg thabhairt dom ar mhadadh na seacht gcos?" "Má's maith mo sgéal," ars an glór, "is maith mo luach." "Cad é do luach? Rud ar bith atá tú a iarraidh ar son do sgéil féachfaidh mé le na fhághail duit." "Má dhéanann tú suas mo bhothóg mar bhí sí cheana, an méid bun atá agam bhéarfaidh mé dhuit é," ars an glór. Ar an móiméad thoisigh Ainebhios ag cur carraigreacha os cionn a chéile go ndearna sé bothóg seacht n-uaire ní b'fheárr ná bhí sí roimhe. Nuair a bhí sé réidh, d'fhiafruigh sé de'n ghlór ar thaithnigh leis mar bhí an bhothóg. "Taithnigheann sí liom," ar seisean. "Anois tá tú gar go maith do chúirt agus do chathair Rí Fó-thuinn. Tá bainrioghan óg d'inghin aige agus dhá dtigeadh leat dul isteach agus dul ag cómhrádh léithe,
sin í a dtiocfadh léithe bun thabhairt duit ar mhadadh na seacht gcos. Acht sin nidh gur doiligh dhuit dul isteach. Tá mol neimhe ag dul thart ar an gcúirt. Cuirfidh sé sin neimh sé troighthe amach uaidhe agus sé troighthe isteach uaidhe agus sé troighthe i n-áirde. Go dtigidh an fear a árdóchas é fhéin de léim sé troighthe taobh amuigh agus sé troighthe i n-áirde os a chionn agus a leanfas sé troighthe isteach ní féidir a dhul isteach. Nach shin nidh gur doiligh a dhéanamh?" "Caithfidh mé, féachaint leis gidh gur doiligh a dheanamh, ars an fear óg. D'fhág sé slán leis agus tharraing sé ar an gcúirt. Níor airigh sé ariamh go dtainig sé róghar do'n mhol agus theangmhaigh splannc de'n neimh leis. Theann sé amach ar a chúl, d'árduigh sé é fhéin de léim árd acfuinneach gur ghlan sé an mol sé troighthe ar chaon taobh agus sé troighthe os a chionn. Chuaidh sé annsin go dtí an áit a raibh an ceangal ar an mol taobh istigh. Bhris sé é. Rug sé ar an mol agus chaith sé le fánaidh na h-aille amach ins an bhfairrge mhóir é. "Anois," ar seisean agus fearg air, "dheamhan duine a gcuirfidh tú neimh ann aríst go bráth." Chuaidh sé isteach anois go dtí cúirt agus cathair Rí Fóthuinn agus cé casadh leis acht inghean an ríogh, an bhainrioghan óg chéadna a gcuala sé cur síos uirthi ó dhuine an charnáin chloch. Acht ise-chómh luath ariamh agus chonnaic sí amharc air thuit sí i ngrádh leis. Do bheannuigh sé dhi. "A bhean óg uasal," ar seisean, "is bocht mo sgéal agus is cruaidh mo chás. Táim
faoi gheasaibh móra agus fiafruighim dhíot an dtig leat bun ná tuairisg madadh na seacht gcos thabhairt dom." "Tig liom," ar sise "acht má's maith mo sgéal is maith mo luach." "A bhainrioghan, ní'l ór ná airgead agam, acht más luach leat mo cheithre cnámha fhéin is dona liom mé fhéin ar son do sgéil duit." "Ní ór ná airgead atá mé d'iarraidh acht do cheithre cnámha féin ar son mo sgéil." Níor dhubhairt sí a thuilleamh acht réidhtigh sí biadh agus ghlaoidh sí anuas ar a h-athair un suipéir. Thainig an Rí anuas agus shuidh sé isteach agus thoisigh ag ithe, acht níor chuir sé chuige ná uaidh ag an gcoimhightheach óg. Níor thaithnigh sin le Ainebhios gan Eagla agus nidh nach iongnadh níor ith sé tada. 'Sa deireadh labhair an rí leis: "'Tuige nach bhfuil tú ag ithe." "A Rí agus a thighearna," ars Ainebhios, "má's i ngeall ar an ngreim bídh a d'íosainn anocht a chaill tú an chainnt, ith tú fhéin do shuipéar agus troisgfidh mise go maidin." "A dhuine uasail, ní i ngeall ar do ghreim bídh chailleas an chainnt. Is fada an lá an chainnt caillte agam agus budh chóir, dhá mbeadh tabhartas faoi deara ionnat fhéin, go dtuigfeá. Nach bhfaca tú mo chuid fear airm sínte marbh ar fud na ríoghachta. Ní'l agam searbhfhoghantaidhe ná duine ar bith mar budh chóir do mo leitheid bheith aige, cé is móite de'n méid sin d'inghin a d'fhág Dia agam, agus i gcionn gach nidh an gléas cosanta agus sábhála a bhí agam agus ag an
méid sin d'inghin - thainig tusa agus chaith tú síos an gléus cosanta sin le fánaidh na h-aille amach ins an bhfairrge mhóir, agus ag feiceáil go bhfuil 'chuile nidh bun os cionn in mo ríoghacht." "Adhmhuighim a Rí," ars an fear óg, "go ndearna mé an méid sin contráilte, acht is le teann feirge a rinneas é mar theang- mhaigh splannc de'n nimh liom." I n-am codlata na h-oidhche ghlac an rí cead le Ainebhios agus chuaidh un a sheómra fhéin ag dul a chodladh. Nuair a bhí sé imthighthe dubhairt an inghean le Ainebhios: "Fair m'athair anois, agus nuair a gheobhas tú a leathchos bainte as a bhróig caith thú fhéin ar do leathghlúin 'na fhiadhnuise agus iarr athchuinge air. Déarfhaidh sé leat: "athchuinge ar bith atá in mo chumas bhéarfaidh mé dhuit acht aon athchuinge amháin"? Abair leis gurab í an cú gearr glas atá tú a iarraidh ag seilg amárach. Déarfaidh sé leat gurab shin athchuinge nach dtiubhraidh sé dhuit. Iarr athchuinge air an darna h-uair agus déarfaidh sé leat go feargach, athchuinge ar bith atá 'na chumas go dtiubhraidh sé dhuit acht aon athchuinge amháin. Abair thusa leis gurab í an cú gearr glas atá tú a iarraidh ag seilg amárach. Déarfaidh sé leat aríst gurab shin athchuinge nach bhfuighidh tú uaidh. Iarr athchuinge air an tríomhadh uair agus labróchaidh sé go borb leat go dtiubhraidh sé dhuit aon athchuinge ar bith is féidir leis acht aon athchuinge amháin. Abair thusa leis an tríomhadh uair gurab í an cú gearr glas atá tú d'iarraidh. Gheobhaidh
tú d'athchuinge; gheobhaidh tú an cú gearr glas ag seilg amarach. Lean di agus sin é an méid bun is féidir liom anois thabhairt duit ar madadh na seacht gcos." D'imthigh Ainebhios gan Eagla mac ríogh i nÉirinn agus rinne sé comhairle na mná óige. D'iarr sé faoi thrí ar rí Fóthuinn an cú gearr glas a thabhairt dó ag seilg lá ar na mhárach. An tríomhadh uair thug an rí a athchuinge dho agus dubhairt: "Mo bheannacht duit se agus mo mhallacht do bhéal do mhúinte. Dhá ghiorracht ó thainig tú un an tighe is maith an t-oide múinte atá agat. Tá mise gan mhac ná inghean anocht." Ar maidin lá ar na mhárach d'éirigh Ainebhios gan Eagla agus bhí béile gléasta ag an mbainrioghan óig roimhe. Nigh sé a éadan, chíor sé a cheann agus d'iarr sé ar Dhia é a chur ar a leas. Nuair a bhí sé faoi réir, d'éirigh an cú gearr glas amach roimhe agus ghlac seisean cead ag an mnaoi óig. "Anois," ar sise, "má tá suim ar bith agat ionnam, cuimhneóchaidh tú orm agus ar mo chainnt. Má chuireann tú chuice ná uaithe, ná má labhruigheann tú focal leis an gcú gearr glas bainfidh sí an ceann díot dhá fheabhas d'fhear thú. Go bráth go gcuirfidh sí fhéin cainnt ort ná cuir chuice ná uaithe acht lean dí chuile bhealach a dtreoruigheann sí thú. Uair ar bith a chuirfeas tú rómhat labhairt léithe cuimhnigh ar mo chainntsa." "Geallaim dhuit," ar seisean, "nach gcuirfidh mé chuice ná uaithe; ní labhróchad focal léithe." D'fhág sé slán aice agus d'imthigh an cú
gearr glas léithe agus lean seisean dí chuile bhealach a raibh sí ag dul. An am a raibh leath an lae caithte aige ag reatha 'na diaidh gur ar éigean a choinnigh sé 'na h-amharc agus a chroidhe briste le tuirse, chuimhnigh sé gurbh shin é an gléus díbeartha a bhí acu dhá chur ó'n gcúirt ar maidin, an cú gearr glas a chur leis. "Dar m'onóir," ar seisean leis féin, "cuirfead cainnt ar an gcú sul a dtéidhidh mé thairis seo." Acht chomh luath 's chuimhnigh sé sin a dhéanamh d'iompuigh an cú thart agus thug sí a h-aghaidh air go dalba feargach. "Mh'anam," ar seisean 'na inntinn féin, "go bhfuil droch-chuma uirthi. Ní chuirfead cainnt uirthi go fóill." Chuimhnigh sé ar chainnt na mná óige. Chomh luath agus leag sé amach gan focal a rádh léithe d'éirigh an cú gearr glas amach aríst agus lean sé dhi. An am a raibh sé sgathamh maith 'na diaidh, thainig coill mhór romhpú agus bhí an cú ag ionnsuighe isteach, "mo dhona agus mo dhothairne," ars Ainebhios leis fhéin, "ní chuirfead cos thairis seo go gcuirfidh mé cainnt ar an gcú." Acht aríst chomh luath agus chuimhnigh sé cainnt a chur uirthi shuidh sí síos agus d'iompuigh thart agus bhí an-chuma uirthi. Agus ní leigfeadh an faitchíos dó labhairt léithe, agus thainig 'na inntinn cainnt agus comhairle na mná. Chomh luath agus leag sé amach an darna h-uair gan chur chuice ná uaithi, d'éirigh an cú agus d'ionnsuigh isteach 'sa gcoill agus d'ionnsuigh seisean isteach 'na diaidh. Bhí sé annsin ag imtheacht ar fud na coilleadh agus géagáin agus crainn dhá stróiceadh
agus dhá réabadh. Ins an deireadh thiar bhí siad glan amach as an gcoill, agus isteach leó ar churrach bháidhte agus ní'l aon choiscéim dhá dtugad sé nach gcriothnóchadh an bogach ceathramha acra 'chaon taobh dhe. Bhí sé ag imtheacht 'na diaidh ar fud an churraigh go dtainig sé suas le túrtóg i lár an bhogaigh. Shuidh sé síos agus dubhairt leis féin nach beó a bhead sé, nach rachad sé cos ná coiscéim 'na diaidh ní ba mhó. Acht d'iompuigh an cú tart an uair sin agus dubhairt. "A Ainebhios gan Eagla mhac ríogh i n-Éirinn, is fada ó'n teine a shuidheas tú síos." "O a chú gearr glas," ar seisean, "ní'l tuirse ná claoidhe orm anois acht oiread leis an uair a d'fhág mé cúirt agus cathair rí Fóthuinn ó fuaireas an méid sin de do chainnt." "Is maith é sin," ar sise, "acht éirigh in do sheasamh anois agus bhéarfaidh mé neart cainnte dhuit feasta, acht uair ar bith de'n dá uair a chuimhnighis cainnt a chur orm bhainfinn an ceann díot dhá fheabhas d'fhear thú. Dearc anois idir thú fhéin agus bun na spéire. An bhfeiceann tú toit ag éirghe ann? Sin é cúirt agus cathair Rí na Leacan Deirge ins an domhan thoir. Ní'l aon ríoghacht ins an domhan nach bhfuil fear agus cú aisti anocht ann acht Éire." "Nach mbéidh mise agus tusa ann as Éirinn?" ars Ainebhios, "ní bhéidh iongantas ná uathbhás thar fhear ar bith níos mó ná tusa agus mise mar béidh muid as Éirinn." "Tá go maith" ars an cú, "acht dhá mbeadh
ceart le fághail ná leig thusa mise go teach na gcontacha anocht. Áit ar bith nach bhfuighidh mise cead dhul ann ná gabh thusa ann. Bímsa leat ar chuile bhealach dhá rachaidh tú." "Geallaim dhuit," ars Ainebhios, "áit ar bith nach bhfuighidh tú cead dhul nach rachaidh mise ann." Bhí deoin agus deireadh an lae ag tarraingt ortha nuair shroich siad cúirt agus cathair Rí na Leacan Deirge. Thainig fear na madadh go dtí an geata agus chuir sé iall thart ar mhuinéal an chú gearr glas go dtugad sé go teach na gcontacha é. "Cá bhfuil tú ag tabhairt mo chú?" arsa mac Ríogh i nÉirinn leis an bhfear. "Go teach na gcontacha eile," ars an fear, "cé an ait eile a dtiubhrainn í?" "Is cuma liom é, ní leigfidh mé go teach na gcontacha í. Ní raibh agam de chomhluadar ó d'fhág mé Eire acht mo chú agus go deimhin ní scarfad léithe anois." Bhí fear na madadh go dtugad sé leis dhá aimhdeoin í, acht tharraing Ainebhios an bhás agus scáird sé inchinn an fhir i n-aghaidh an geata. Ar bhall na mbonn chuaidh an gháir isteach go dtí an pálás go raibh fiadhaire as Éirinn ann agus go raibh fear na gcontacha marbh aige' agus nach leigfead sé a chú i n-áit ar bit gan é fhéin bheith léithe. Bhí chuile fhear le luathas ag tigheacht ag dearcadh ar an bhfiadhaire as Éirinn agus ag cur iongantais ann. Fuair sé cead ó'n rígh an cú thabhairt leis isteach sa gcistinigh acht bhí maithe agus uaisle na ríoghachta shuas 'sa bpárlús ag an righ.
Bí bainrioghan óg d'inghin ag an rígh agus tháinig sí go bfeiceadh sí an t-Éireannach agus ar bhall na mbonn thuit sí i ngrádh leis. Chuaidh sí suas un an párlúis a raibh uaisle agus maithe na tíre uilig cruinn agus dubhairt sí le n-a h-athair go mbudh mhaith léithe dá dtugad sé cuireadh do'n fiadhaire as Éirinn um an phárlúis, go raibh sé tóigthe múinte, agus go raibh fios a chainnte aige chomh maith le fear ar bith dá bhfaca sé ariamh. "A inghean," ars an Rí, "ó thárluigh spéis 'na chomhluadar agat tabhair thusa leat é acht go deimin ní bhfuighid an cú cead tigheacht annseo." Táinig sí anuas agus rug sí ar bhárr a chúig méar ar an bhfiadhaire as Éirinn agus thug sí cuireadh dhó suas i látair a h-athar(a) agus na maithe. "Ní dhéanfaidh sin," ar seisean, "áit ar bith nach bhfuighidh mo chú cead dhul ann ní'l mise ag dul ann." Suas léithe aríst agus dubairt sí le na h-athair, "Ta fios ag Dia, a athair, nach bhfacas aon chu ná madadh ariamh is lághaighe ná í agus céard do dhéanfas sí ins an gcúirt ach oiread leis na spáinneoirí eile a bhíos ag rith ar fud an tighe?" "A inghean," ars an Rí, "is doiligh gabháil díot; tabhair leat é fhéin agus a chú gearr glas." Chuaidh sí ar ais agus rug sí greim báirr láimhe ar Ainebhios agus dubhairt leis go raibh cead aige a chú bheith leis. Thug sí léithe é fhéin agus an cú agus chuir sé ar cheann buird é an taobh eile os coinne a h-athar(a). An am a raibh an suipéar caithte thoisigh an t-ól agus sheas an bhean óg 'na seasamh ag
ceann an bhuird agus d'fiafhruigh sí dá h-athair: "Nach liomsa, a athair, tríomhadh cuid na ríoghachta." "Seadh," ar seisean. "Nach liom an ríoghacht uilig nuair a caillfidhear thusa?" "Seadh, is leat í, mar ní'l oighre ná athoighre uirthi acht thú." "Nach bhfuil cead agam mo rogha fear phósadh?" "Tá cead agat fear ar bith a thógruigheas tú phósadh." "Má tá," ar sise, "ní phósfaidh mé aon fhear a choidhche acht an fiadhaire as Éirinn." "Ní phósfaidh tú an fiadhaire as Éirinn," ars Ainebhios, "agus ní phósfaidh an fiadhaire as Éirinn thú. Tá an fiadhaire as Éirinn pósta cheana. (Chuimhnigh sé air fhéin go raibh sé geallta d'inghin Rí Fóthuinn.) B'fhéidir gurb olc an tigheacht suas atá aige aon bhean amháin gan bheirt bheith aige agus gan aige acht a lá páighe ag dul ó ríoghacht go ríoghacht é fhéin agus a chú gearr glas." "Dhá mbeadh triúr ban agat," ar sise, "caithfidh tú mé a phósadh. Acht a gcuirteá rómhat gan mé a phósadh chuirfinn do do tharraingt idir ceithre cinn de chaiplibh thú." "A bhainrioghan óg," ar seisean, "b'fhéidir go mbadh fhusa a rádh ná a dhéanamh. Ní phósfaidh mé thú." "A fhiadaire dhána," ar sise, "ó's rud é nach bhfuil tú toilteanach déanfad acht agus margadh leat. Tá agam-sa seóide deas. Sin anois, má's deise do sheóidese ins an oidhche 'márach ná mo sheóidese ní iarrfad thú a phósadh, acht má's deise mo sheóidese ná do sheóidese ní mór dhuit mé a phósadh."
"A bhainrioghan uasal," ar seisean, "má's é do thoil é shiubhail mé rófhada indiu le bheith ag coinneáil cainnte leat. Fáigh leabaidh dhomhsa le do thoil go dtéidhidh mé a chodladh." "Seadh," ar sise, "budh chóir dhom cuimhniughadh airsin roimhe seo." Fuair sé searbhfhóghantaidhe a theasbáin a leabaidh dho agus thug dho coinnleóir agus coinneal lasta innti. Nuair chuaidh sé isteach bhí an cú gearr glas leis agus dubhairt sí: "Cuir as do choinneal, tá focal cainnte agam le rádh leat sul a dtéidhidh tú a chodladh. Anois bí ag faire amach 'sa ngáirdin." (Bhí an gáirdín amach ar aghaidh na fuinneóige os a gcomhair.) Níor bhfada do bhí sé ag faire amach go bhfaca sé an bhainrioghan óg ag dul amach agus ag tógáil lice as béal puill. Ba léar d'Ainebhios annsin cad é an cineal mná a bhí innti, bean drochbhéasach drochmhúinte. Bhí an cú gearr glas le n'ais agus dubhairt sí: "A Ainebhios gan Eagla, cuimhnigh ar an mnaoi atá glan." Bhí faitchíos uirthi go n-athróchad sé a intinn agus nach ndéanfad sé fíor a ghealltanas d'inghin Rí Fóthuinn. Acht taobh amuigh dubhairt an bhainrioghan óg le fear an tseóide sin ba mhó cáil agus luach a thabhairt aice aníos. Thug seisean suas í agus cia an tseóide a bhí aige acht an madadh sin na seacht gcos. "Anois," ars an cú gearr glas, "nach bhfeiceann tú do sháith. Sin í an tseóide a bhéas aice le d'aghaidh oidhche amárach. Leagfaidh sí ar bhois an duine uasail is goire dhí é agus fiafhróchaidh sí dhe an bhfaca sé aon tseóide ariamh is deise ná é
sin. Déarfaidh an duine sin (nidh nach iongnadh) nach bhfaca (agus budh fhíor dhó é). 'Na dhiaidh sin béidh madadh na seacht gcos ag dul thart ó dhuine go duine ó láimh go láimh go dtigidh sé go dtí thusa. Leagfaidhear ar do láimh é agus fiafhróchaidh an bhean óg dhíot an bhfaca tú aon tseóide ariamh níos deise ná é. Abair léi go mbudh deise an tseóide leat do chú gearr glas ná é. Acht dhá sílteá é a choinneáil in do ghlaic d'imtheóchadh sé mar slám ceó(igh) as do láimh. Caith siar thar do ghualainn é agus abair léi aríst go mbudh deise an tseóide leat do chú gearr glas ná é. Go dtugaidh mise isteach in do ghlaic aríst é ní'l aon chabhair dhuit ann. Focal eile fós. Tá beithidheach allta ins an tír seo a bhfuil an ceathramhadh cuid de'n ríoghacht bán aige. Tá an Rí agus na h-uaisle agus a gcontacha agus iad uilig le n-imtheacht ar a thóir amárach le na mharbhughadh má's féidir. Nuair a rachas sinn un na coilleadh, cuirfidhear mise agus thusa ar an mbearnain a mbéidh fhios acu go dtiocfaidh an beithidheach amach as. Tiocfaidh seilg amach i dtoiseach agus imtheóchaidh na contacha uilig 'na diaidh. Ní leanfaidh mise acht dhá acra í go dtigidh mé ar ais aríst. Suidhfead síos in d'fhiadhnuise agus cuirfead fuarchruit orm féin agus béidh tú ag cuimilt agus ag slíocadh mo dhromasa. Ní bhéidh sé i bhfad go dtigidh seilg eile amach. Cé bí cáide a lean mé an chéad seilg ní leanfaidh mé an darna seilg leath chomh fada acht béidh na contacha uilig imthighthe i ndiaidh na seilgeacha. Tiocfaidh mé ar ais
agus suidhfidh mé síos in d'fhiadhnuise agus fuarchruit orm agus bí thusa ag cuimilt mo dhroma. Toiseóchaidh na h-uaisle ag fonómhaid agus ag magadh agus ag déanamh grinn ormsa agus ortsa. Déarfaidh siad leat. "Má's í an mhaith atá ionnat féin atá 'sa gcú faraoir nár fhan tú i n-Éirinn." Ná tabhair áird ortha acht bí ag cuimilt mo dhroma gan cur chucu ná uatha. Ní bhéidh i bhfad go dtigidh an beithidheach allta é fhéin amach. Acht ní h-é an beithidheach allta a leanfas mé i dtoiseach. Leanfad an chéad seilg a thainig amach agus marbhóchad í. 'Na dhiaidh sin leanfad an darna seilg agus marbhóchad í. Leanfad an beithidheach allta an chéad rud eile agus marbhóchad é. Ins an deireadh leanfaidh mé na contacha féin agus ní thiocfaidh aon chú slán ar ais acht mise. Suidhfidh mé síos agus cuirfidh mé fuarchruit orm aríst agus bí thusa ag cuimilt mo dhroma. Creid mise go gcuirfidh sin deireadh leis an magadh. Abair leó go bhfuil siad go maith mur n-ionnsuigheann do chú iad féin agus na cloigne a bhaint dhíobh uilig: "ní'l leath a sáith seilge ag mo chú go foill." Gabh a chodladh anois, a Ainebhios gan Eagla, ní abróchad níos mó leat anocht." Ar maidin lá ar na mhárach, d'éirigh siad uilig agus chuaidh amach un na coilleadh agus cuireadh an fiadhaire as Éirinn ins an áit a mbeadh an beithidheach allta ag teacht amach ann. Níorbh fhada go dtainig minseilg amach agus d'imthigh na contacha uilig go dian deifreach ar a tóir acht sháruigh ortha tigheacht suas léithe, thug sí a h-anam slán uatha agus phill-
eadar ar ais. Ní dheachaidh cú Ainebhios acht sgathamh beag go dtainig sí ar ais ; shuidh sí síos 'na fhiadhnuise agus fuarchruit uirthi. Bhí Ainebhios ag slíocadh a droma. Sul i bhfad d'éirigh amach seilg eile acht ní dheachaidh an cú gearr glas leath chomh fada an uair seo. Shuidh sí síos agus fuarchruit uirthi mar bheadh cú fhaiteach, cú gan mhaith innti. Nuair chonnaic na h-uaisle í bhí iongnadh ortha agus thoisigh siad ag gáiridhe agus ag magadh. "A fhiadhaire as Éirinn," ar siad, "má's í an mhaitheas atá ionnat féin atá 'sa gcú faraoir nár fhan tú i n-Éirinn." Dheamhan áird thug Ainebhios ortha. An tríomhadh uair céard chucu amach as an gcoill acht an beithidheach allta é fhéin agus d'éirigh siad uilig 'na dhiaidh. Acht an cú gearr glas níor lean sise dhe acht amach léi go dtáinig sí suas leis an gcéad seilg gur mharbhuigh sí é. Mharbhuigh sí an darna seilg annsin agus 'na dhiaidh sin mharbhuigh sí an beithidheach allta. D'iompuigh sí gur ionnsuigh sí na contacha eile dhá réabadh agus dhá ngearradh go dtí nár fhág sí ceann acu beó ar an bhfaithche, agus thainig sí í fhéin amháin slán ar ais. Chuir sí fuarchruit uirthi aríst fhéin agus bhí Ainebhios ag cuimilt a droma. Acht cuireadh deireadh leis an magadh agus dubhairt Ainebhios leis na h-uaisle: "Chonnaic sibh bhur sáith anois agus nach ádhbhar magaidh mise ná mo chúsa, agus sílim go bhfuil sibh go maith mur n-ionnsuigheann mo chú sibh féin agus na cloigne a bhaint díobh. Níl leath a sáith seilge aice go fóill."
Nuair a bhí an suipéar réidh i dteach an ríogh an oidhche sin tháinig an bhainrioghan óg dh'inghin isteach agus an tseóide léithe. Leag sí madadh na seacht gcos ar bhois an duine uasail ba goire dhi, agus d'fhiafhruigh sí dhe an bhfaca sé seóide ariamh ba deise ná é. Nidh nach iongnadh dubhairt seisean nach bhfaca. Mar sin do na daoine eile, dubhairt siad nach raibh a shárúghadh le fághail. Bhí an madadh ag imtheacht ó láimh go láimh go dtainig sé ins an deireadh go dtí an fiadhaire as Éirinn. D'fhiafhruigh an bhean óg de an bhfaca sé seóide ariamh ní ba deise ná é. Acht d'fhreagair seisean go bhfaca, go mbudh deise an tseóide leis a chú gearr glas ná é. Ar bhall na mbonn chaith sé siar thar a ghualainn é agus rinne madadh na seacht gcos seabhac dhe fhéin agus d'imthigh leis amach an doras. Acht ní luaithe d'imthigh sé ná d'éirigh an cú gearr glas a bhí 'na luighe ag cosaibh an fhiadhaire, rinne sí iolra dhi fhéin agus amach léi ins na gáinní i ndiaidh an tseabhaic. Scannruigheadar uilig nuair d'imthigh an bheirt agus d'éirigh Ainebhios gan Eagla 'na sheasamh, uallmhire 'na cheann. Rug sé ar chois na cathaoireach a bhí faoi, bhuail sé an fear ba goire dhó ar an leithceann léi, agus le leagan do shúl bhí an seómra maol bán, chuile fhear ag imtheacht le na anam féin. Amach le Ainebhios. Ghléas sé é fhéin suas 'na rígh óg, uasal, róbheó, reachtmhar; a sgian bhacóideach a mb'ainm dhi Cinnbheirt, a chlaidheamh coilgdhíreach táir- ngthe, faobhar un beárrtha agus faobhar un gearrtha, faobhar un treas' agus treas fhaobhar,
buille un treas' agus treasbhuille: bhuail sé an chuaille chomhraic go nimheamhail an- éachtamhail. Dh'fhógair sé ar an rígh deich gcéad ar a aghaidh, deich gcéad ar a chúl, deich gcéad ar 'chaon taobh dhe. Chuaidh sé fríothu mar rachadh seabhac frí ál cearc. Nuair a bhí an fear deiridh marbh aige bhuail sé aríst an chuaille chomhraic agus d'fhógair sé ortha an uimhir a dhúblú. Acht tháinig an Rí agus d'iarr sé párdún, gan aon fhear a mharbhughadh níos mó go dtí meadhon lae lá ar na mhárach. "A Rí," ars Ainebhios, "chonnaiceas chuile shórt go maith agatsa ó thainig mé annseo, agus bhéarfad maithteamhnas duit go dtí an t-am sin amárach." "Leagfaidh mé mo cheann féin ar bhloc," ars an rí, "mur mbí do chú gearr glas ar ais agat aríst ar an meadhon lae." "Bhéarfad ceathramha anma agus báis duit go dtí sin," ars Ainebhios, "acht mar mbí mo chú agamsa an t-am sin atá tú a rádh, bí thú fhéin agus a bhfuil in do ríoghacht ag deanamh faoi réir, mar ní fhágfad fear in do thír nach mbainfead an ceann de. Agus a Rí, ar mhaithe léi fhéin fanadh do raibléire inghine as mo bhealach feasta. Dubhairt sí go gcuirfeadh sí do mo tharraingt idir ceithre cinn de chaiplibh mé, mur bpósfainn í. Acht deirim leat nach bpósfainn a leitheid ar ór an domhain." Ar maidin lá ar na mhárach ní moiche d'éirigh an ghrian ná d'éirigh Ainebhios óg gan Eagla. Bí sé ag faire amach go bhfeicead sé an dtiocfadh an cú. I gcionn sgathaimh thug sé
faoi deara an seabhac ag tigheacht ag eiteall go h-íseal agus an t-iolra ag tigheacht 'na dhiaidh. Bhí faithche bhán os comhair teach an ríogh agus bhí an áit lán de nóiníní geala ag fás ann. D'ísligh an seabhac agus rinne sé nóinín geal de fhéin ag fás ar an talamh. Anuas leis an iolra agus rinne caora dhí fhéin agus bhí sí ag piocad na nóiníní ariamh go dtainig sí suas leis an nóinín seo, madadh na seacht gcos. "A dheirbhshiúr," ars an nóinín geal, "ní thig liom dhul thairis seo." Rinne sé madadh na seacht gcos de fhein aríst agus rinne an t-iolra an cú gearr glas dí fhéin. Rug sí thall 'na béal ar an madadh agus thug sí anonn é gur fhág sí i láimh Ainebhios gan Eagla é. "Anois," ar sise, "creid mise nach scarfaidh sé leat go deó." Nidh nach iongnadh bhí ríméad anmhór ar Ainebhios agus dubhairt sé leis an rígh: "A Rí," ar seisean, "ní mharbhóchad fear ná duine in do ríoghacht níos mó, acht bí cinnte acht a beag sin go dtainig mo chú ar ais nach bhfágfainn mórán agat sul a bhfágainn í." D'fhág sé slán ag an righ agus shiubhail sé leis é fhéin agus an cú gearr glas agus madadh na seacht gcos go dtáinig sé suas leis an túrtóig ar shuidh sé síos an am ar chuir an cú gearr glas cainnt air. "Anois," ars an cú gearr glas, "tá cead agam mo sgéal innsean duit a Ainebhios gan Eagla. Is mise inghean Rí Fóthuinn, agus is é mo dhearbhráthair madadh na seacht gcos. Gabh abhaile agus déan do ghealltanas fíor do mo dheirbhshiúr, agus 'na dhiaidh sin déan
do bhealach go h-Éirinn agus cuir do gheasa díot." "An é nach mbéidh tú a bhaile liom?" ar seisean. "Sé. Sin a raibh de shaoghal le fághail agam go gceapainn mo dhearbhráthair madadh bocht na seacht gcos agus go dtógainn air ais é go dtí an áit ar chuireas cainnt ort. Sin é an fáth a raibh doilgheas ar m'athair mise a thabhairt duit. Ba mhór an gar leis bheith ag dearcadh orm in mo chú féin 'sa teach aige, mar bhí a nádúr liom." "Acht an bhfuil nidh ar bith ins an domhan a dhéanfadh cabhair duit?" "Ní'l," ar sise, "acht aon nidh amháin, nídh nach féidir fhághail. "Mo dhona agus mo dhothairne," ar seisean, "neart Dia d'fholughadh dhíom, nidh ar bith dhá ndearna mé ariamh nár fhághaim a thoradh ná a thairbhe má chuirimse cos thar an túrtóg seo ach oiread leat. Léir mar tá tusa caillte liom, go gcaillidh mise mé fhéin leatsa, sin nó go mbéidh tú a bhaile liom." "Tá sé chomh maith dhom mar sin," ar sise, "an méid bun atá agam a thabhairt duit, agus budh mhaith an rud dhá dtigeadh liom féin bheith leat. Go dtigidh an slaitín draoidh- eachta a rinne an cú gearr glas díomsa agus a rinne madadh na seacht gcos de mo dhear- bhráthair ní'l aon fhuasgailt i ndán dom. Tá sé ag Samhdán na Persia, mar is é a rinne an cleas sin agus a chuir armshluagh agus riogacht m'athara bun os cionn. Anois nuair a thiocfas tú isteach 'na ríoghacht, casfaidhear leat leathdhuine beó agus a leath eile dearg-
lobhtha. Níor leig seisean aon fhear thairis ariamh nach marbhochad sé é. Buailfidh sé an leath lobhtha suas faoi d'aghaidh, lobhfaidh sé agus bréanfaidh sé suas faoi na súilibh agus faoi an éadan thú. Nuair a shílfeá greim fhághail air bheadh sé imthighthe seacht n-iomairídhe agus seacht n-acra de léim uait go dtigeadh sé ort aríst, agus ag leanamhaint mar sin ariamh go ndalladh sé suas ar do dhá chois thú agus go mbréanadh agus go lobhadh sé thú ar fad le lobhthacht agus le bréantas. Ní mharbhóchaidh claidheamh an leath bheó, ní bháithfidh uisge é agus ní dhóighfidh teine é, go dtigidh fear a cheapfas é agus tháirneóchas go bárr an chnuic é, áit a bhfuil caisleán ar a chúl agus istigh 'sa gcaisleán cat déanta de bhainrioghan óig. Nuair a chluinfeas an leath bheó meabhlach ó'n gcat tuitfidh sé marbh ar fad. 'Na dhiaidh sin casfaidhear an cruitíneach ceól-bhinn leat, agus cuirfidh sé fáilte agus sláinte rómhat in d'ainm féin agus in do shloinne, gidh nach bhfaca sé ariamh go dtí an uair sin thú. Déarfaidh sé leat go mbudh mhaith bheith ar phósadh agus ar bhainfheis d'athara agus go seinnfidh sé port duit i n-onóir do d'athair. Nuair a bhéas an port seinnte aige, déarfaidh sé nárbh fheárr an airidh ar d'athair é ná ar do mháthair, agus go seinnfidh sé port duit i n-onóir do do mháthair. Nuair a bhéas an darna port seinnte aige déarfaidh sé nárbh fheárr an airidh ariamh ar d'athair ná ar do mháthair é ná ort fhéin, agus go seinnfidh sé port i n-onóir dhuit féin. Acht faire anois,
a Ainebhios gan Eagla," ars an cú gearr glas, "má tháirnigheann sé an bogha ar an bhfidil in d'ainm féin, tá do neart caillte agat agus an cloigeann bainte dhíot. Nuair a fheicfeas tú an cruitíneach ceól-bhinn ag dul ag tarraingt an bhogha, abair leis: "Ní bhéidh níos mó de do phortanna agam." Tarraing do chlaidheamh agus bain an cloigeann de. Sin a bhfuil de bhun agam. As sin feasta níl agat acht cion do chnáimh. Budh mhaith liom mé fhéin bheith leat, acht ní mór dhom fanacht. Cuir annseo mise agus mo dhearbhráthair madadh na seacht gcos agus imthigh leat." Chuir Ainebhios ann an bheirt; d'fhág sé an túrtóg 'na dhiaidh agus d'ionnsuigh sé isteach i ríoghacht na námhad. Ar deireadh thiar casadh leis an leathdhuine beó agus an leath eile marbh dearg-lobhtha agus baladh gránna míchumhra ag teacht as. Acht dhá dhonacht an baladh é ní raibh dul as ag Ainebhios agus b'éigean do dhul i gcomhrac leis. D'ionnsuigh an leath bheó é gur bhuail sé buille de'n leath lobhtha faoi n-a éadan air agus is beag nár thuit an fear óg i laige ó'n mbaladh uathbhásach agus a shúilí agus a shrón líonta de'n bhréantas agus de'n lobhthacht. D'iarr sé greim fhághail ar an leath bheó acht ar bhall na mbonn bhí seisean imthighthe de léim seacht n-iomairídhe uaidh. Thainig sé ar ais aríst agus an méid a fuair Ainebhios 'na shaoghal fuair sé an uair sin é. Acht d'éirigh leis ar deireadh go bhfuair sé greim daingean láidir a dhá láimh ar an leath bheó agus gur tharraing se dhá aindeóin suas an cnoc é go dtí an áit a raibh an cais-
leán ar a mhullach. Chualaidh an cat istigh an torann chuice agus leig sí meabhlach árd ghéar, agus le leagan do shúl thuit an leath beó marbh. Chaith Ainebhios uaidh é agus chuaidh sé isteach. Acht ní raibh cabhair ann do'n bhain- rioghain óig seo ach oiread, go dtigeadh an slaitín draoidheachta a dhéanfadh 'na cruth féin arist í. D'fhág sé slán aice agus bhí sé ag déanamh a bhealaigh roimhe gur casadh leis an cruitíneach ceólbhinn. "Go mbeannuighthear dhuit, a Ainebhios gan Eagla, mhac ríogh i n-Éirinn," ars an cruitíneach, "is fada ó Éirinn atá tú anois." "Go mbeannuighthear dhuit fhéin, a chruitínigh," ars Ainebhios, "acht cá bhfios duit cé mise? Ní fhacas ariamh roimhe seo thú." "Is cuma sin, acht deirim leat go mbudh mhaith bheith ar phósadh agus ar bhainfheis d'athara. Seinnfidh me port duit i n-onóir do d'athair." Sheinn sé port binn de na ceóltaí sidhe. 'Na dhiaidh sin dubhairt sé: "A Ainebhios gan Eagla ní fearr an airidh ar d'athair é ná ar do mháthair agus anois seinnfidh mé port i n-onóir do do mháthair." Sheinn sé port eile a chuirfeadh sult agus aoibhneas i gcroidhthibh na marbh, port draoidheachta nach gcualaidh aon duine ariamh a shárughadh ar bhinneas agus ar fheabhas. Nuair a bhí an port seinnte aige dubhairt sé: "A Ainebhios ní fearr an airidh ariamh ar d'athair ná ar do mháthair é ná ort fhéin mar is tusa an gaisgidheach is mó cliú agus cáil agus onóir ins an domhan, agus seinnfidh
mé port i n-onóir duit féin." Acht níor leig- eadh dhó an tríomhadh port a sheinm. "Ní bhéidh níos mó de do phortanna agam," ars Ainebhios. Tharraing sé a chlaidheamh agus bhain sé an ceann de'n chruitíneach cheól-bhinn. D'imthigh leis annsin agus thug sé a aghaidh ar ríoghacht an tSamhdáin. Ní bhfuair sé an bealach réidh roimhe acht 'chuile fhear dhá ionn- suighe agus ag iarraidh é a mharbhughadh. Acht tharraing ortha a sgian bhacóideach a mb'ainm dhi Cinnbheirt agus a chlaidheamh coilg-dhíreach táirngthe, faobhar un gearrtha, faobhar un bearrtha, agus bhí sé dhá leagan agus dhá gclaoidheadh go dtí nár fágadh i bPersia 'sa deireadh fear bhéil bheó acht é fhéin agus an Samhdán. Bhí sé anois 'na sheasamh ag geataibh phálás an tSamhdáin nuair thainig spáinneóir madaidh amach agus rug greim colpa air. Tharraing Ainebhios gan Eagla a chlaidheamh go mbainead sé an cloigeann de'n mhadadh acht ghreamuigh a lámh de'n chlaidheamh, ghreamuigh a chlaidheamh de'n mhadadh agus ghreamuigh a chos de'n talamh. B'shin í an uair a dtainig bean an tSamhdáin amach gur thoisigh sí ag magadh agus ag fonómhaid faoi agus ag rádh dhá fheabhas d'fhear é gur gearr go mbaineadh an Samhdán an ceann de. "Ná h-abair thusa sin, a bhainrioghan," ars Ainebhios gan Eagla, "is maith atá tú ceannuighthe agus saothruighthe agamsa. Thainig mé bealach cruaidh fada ó Éirinn i ngeall ort. Oidhche Shamhna déantar cleasa i n-Éirinn agus tusa a thainig chugam in mo chleas agus sin é an fáth a bhfuil tú saothruighthe agus gnóthuighthe go maith agam."
"Dhá mbead fhios agam gurab shin é an fáth, sgaoilfidhe thú," ar sise. "Go deimhin," ar seisean, "sin é an fáth díreach." Chreid sí é agus thainig sí amach agus buidéal ola léi gur chuimil sí do bhéal an mhadaidh í. Sgaoileadh an madadh acht tharraing Ainebhios a chos gur bhuail sé é agus gur sgáird sé a inchinn i n-aghaidh an bhalla. "A bhean uasal, ars Ainebhios, "síleann tú gur i ngeall ort atá mise. Deirim leat anois nach h-eadh." "D'innis tú bréag agus chuir tú amudha mé," ar sise, "acht ó rinneas an méid sin, bain thusa an ceann de'n tSamhdán." "Geallaim dhuit go ndéanfaidh mé sin; le h-aghaidh é a dhéanamh thainig mé." Bhí an Samhdán istigh dhá ghléas féin 'na chulaith catha go dtigeadh sé un troda le mac ríogh i n-Éirinn. Shíl sé é fhághail ceangailte suas ag an doras acht dhá bhuidheachas bhí sé sgaoilte roimhe. Thoisigh an bheirt ar a chéile is gach áit ba tiugha tanaidhe leis an dá chlaidheamh gur éirigh le Ainebhios ins an deireadh thiar gur leag sé an Samhdán agus gur cheangail sé é. "Fóill, fóill, a ghaisgidhigh," ars an Samhdán, "shiubhail mé ar shiubhail mé, chonnaic mé a bhfaca mé, agus is tú an fear is fearr a tharraing ariamh claidheamh in m'aghaidh. Sgaoil mé agus bhéarfaidh mé dhuit an slaitín draoidheachta a dhéanfas bainríoghan óg de chat an chaisleáin, agus bainrioghan óg d'inghin Rí Fóthuinn, an cú gearr glas, agus prionnsa óg de mhadadh na seacht gcos. Beárfaidh mé dhuit coróin Rí Fóthuinn. Bhéarfaidh mé dhuit
an íocshláinte a dhéanfas a chuid airm beó aríst. Bhéarfaidh mé dhuit an tslat draoidh- eachta a thóigfeas an ceó draoidheachta dá ríoghacht. Bhéarfaidh mé dhuit an chláir-fhiacail a athróchas agus a bhéarfas 'chuile shórt nídh ar a cháilidheacht agus ar a nádúr féin. Creidim gur dá gcoinne seo tháinig tú." D'orduigh Ainebhios chuile shórt acu fhághail os a chomhair. Nuair a bhí siad aige, tharraing sé a chlaidheamh gur bhain sé an ceann de'n tSamhdán: d'fhágfadh sé beó é acht ag déanamh gair do'n bhainrioghan a sgaoil é. D'fhág sé slán aice agus phill sé ar ais go dtí an caisleán a raibh ann an bhainrioghan óg déanta 'na cat. Bhuail sé buille beag de'n tslaitín draoidheachta uirthe, agus thainig sí ar ais 'na cruth féin, mar tá bean óg deas. Thug sé leis í gur shroich siad an túrtóg a raibh an cú gearr glas curtha ann, agus madadh bocht na seacht gcos. Bhuail sé an cú leis an tslaitín draoidheachta agus d'éirigh sí 'na cruth féin, bainrioghan áluinn óg. Bhuail sé madadh na seacht gcos, agus ar bhall na mbonn rinneadh prionnsa óg dhe. Amach leó annsin an bheirt bhainríoghan óg agus an bheirt phrionnsaí, ríméad agus bród ar a gcroidhe agus buidheach de'n Té a thug slán as gach gábhadh iad. Chuaidh siad treasna an bhogaigh sin a raibh Ainebhios bocht chomh traochta claoidhte ann agus is ar éigean a bhí sé ag tarraingt a chos 'na dhiaidh sul má chuir an cú gearr glas cainnt air. Isteach 'sa gcoill mhóir a raibh na crainn agus na géagáin dhá réabadh agus dhá stróiceadh agus
é ag iarraidh coinneáil i n-amharc an chú. Amach aríst as an gcoill go dtí an áit ar chuimhnigh sé caint a chur uirthi, gur scannruigh sé go mór ag an drochchuma a bhí uirthí. An bealach ceannann ceádna sin é an bealach a ndeacha siad a bhaile an ceathar seo de na h-uaislibh ag giorrachan an bhóthair le cómhrádh caoin ceanamhail go raibh siad ag tarraingt rí-ghar do ríoghacht Rí Fóthuinn. Chomh luath agus thainig siad isteach ins an ríoghacht thoisigh an ceó draoidheachta a rinne oidhche dhubh de'n lá ag glanadh leis roimh an tslaitín draoidheachta agus gan mhoill bhí teas agus solus na gréine ar fághail arist i dtír mío-ádhamhail Rí Fóthuinn. Níor bh'fhada dhóbhtha gur shroich siad an áit a raibh an t-armshluagh sínte marbh mín. Rinne Ainebhios gan eagla cúigear nó seisear acu beó leis an íocshláinte a fuair sé ón tSamhdán i bPersia agus thug sé an íocshláinte dhóbhtha féin agus cead bheith ag déanamh a chéile beó. Bhí sé féin agus an triúr eile ag deanamh a mbealaigh go socair réidh go dtí an pálás. Ar feadh an ama seo bhí an seanrí 'na sheasamh i mbéal an dorais, agus iongantas na n-iongantas air, agus dubhairt sé le n-a inghin, go raibh neach beannuighthe ar a ríoghacht nuair a chonnaic sé an ceó draoidheachta ag imtheacht agus an lá ag glanadh nár glanadh le bliadhain 's lá. Níorbh fhada dhó annsin gur thoisigh na ba ag géimnigh aríst mar ba nádúr dhóbhtha, sgaoil na caiple tharstú an ghéimneach chéadna agus ghlac chucu a seitreach féin mar ba cáilidheacht dóbhthasan, na caoirigh
beaga bána ghoid siad ar ais ó na gabhair a méidhleach bhrónach chaoin, agus níor fágadh ag na gabhair acht an mheigleach ghéar ghránna a phronn Dia ortha i dtús a saoghail. Níorbh fhada dhó go gcuala sé an torann chuige agus dubhairt sé le n-a inghin; "bhíos lá de'n tsaoghal go n-abróchainn gurab shin iad mo chuid dromaidhe atá dhá mbualadh anois." Níorbh fhada dhó gur siud isteach an cócaire agus a chuid searbhfhóghantaidhe ag tigheacht 'na nduine agus 'na nduine agus 'chuile dhuine ag dul un a áite féin. Níorbh fhada dhó go bhfaca sé an ceathar chuige, a inghean, an cú gearr glas, a mhac, madadh na seacht gcos, Ainebhios gan Eagla, agus an bhainrioghan óg a ndearnaidh an Samhdán cat dí. Deirim leat go raibh cainnt ag an rígh roimh Ainebhios thar mar bhí an chéad oidhche ar chaith sé an mol neimhe a bhí 'na ghléas sábhála ar an gcúirt síos le fánaidh na h-aille isteach 'sa bhfairrge mhóir. Ní raibh call do'n mhol neimhe ní b'fhuide mar bhí arm an ríogh beó aríst dhá chosaint agus dhá shábháil. Chaith siad an oidhche go siamsamhail suairc i bpálás Rí Fóthuinn. Acht ní raibh geasa Ainebhios curtha dhe go foill agus ní tháinig leis an darna h-oidhche fanacht acu. Mar sin rinne sé fíor an oidhche seo a ghealltanas d'inghin an ríogh, an chéad oidhche nuair gheall sé dhí a cheithre cnámha féin dhá dtugad sí dhó bun ná tuairisg mhadadh na seacht gcos. Pósadh iad, agus pósadh chomh maith an bhainrioghan óg a bhí 'na cat ar an bprionnsa óg, madadh na seacht gcos.
Ar maidin lá ar na mhárach fuair Ainebhios gan Eagla a long ins an scainimh mhín-chlochach, áit nár bhaoghal di tonn dá tuargaint, ná crann de chrainnibh na fairrge ag tuitim uirthe. D'imthigh sé amach faoi lán-tseól i mbéal na mara móire go h-Éirinn é fhéin agus an bhainrioghan óg, an cú gearr glas, an prionnsa óg, madadh na seacht gcos, a bhean féin agus an bhean eile. I gcionn naoi lá agus naoi n-oidhche tháinig siad i dtír i n-Éirinn, agus suas leó go dtí cúirt agus cathair a athara. Acht sul ar imthigh sé isteach bhuail Ainebhios an prionnsa óg leis an tslaitín draoidheachta agus rinneadh madadh na seacht gcos de aríst. Thug sé anonn dá leasmháthair 'na h-ucht é. "Anois, a mháthair, ar seisean, "an bhfuil mo gheasa tóigthe dhíom?" "Tá," ar sise, acht i n-aghaidh a cos dubhairt sí é, mar bhí súil aice go bhfuighead sí an ceann is fearr air, agus nach bhfeicfead sí aríst go deireadh an tsaoghail é. Chomh luath agus labhair sí bhuail Ainebhios madadh na seacht gcos leis an tslaitín draoidheachta agus d'éirigh chucú aríst an prionnsa óg na nádúr fhéin. Go dtí sin ní raibh tuairisg a mhic ag an righ agus cinneadh air fhághail amach céard thug as baile é. D'innis Ainebhios dó anois faoi an mbail a chuir a leasmháthair air agus faoi na geasaibh a raibh sé fútha agus gach a ndeacha sé fríd chuile lá ó shoin go dtí an lá sin féin. Bhí an t-athair le buile, agus d'orduigh sé dá shearbhfóghantaidhe teine mhór mhónadh a chur i lár na sráide agus corcán
mór líonta de thearra istigh innti. Caitheadh isteach ins an tearra an bhainrioghan óg inghean Rí na Frainnce gur leaghadh í agus gur cailleadh í. 'Na dhiaidh sin thug Ainebhios leis an bhainrioghan óg an cú gearr glas gur phós sé le na athair í. Mhair an t-athair i bhfad agus nuair a d'imthigh sé ar deireadh ar shluagh na marbh ghlac Ainebhios gan Eagla an Ríoghamhlacht chuige fhéin, agus bhí ceart le fághail ag 'chuile dhuine i n-Éirinn le na linn. Críoch.
CEISTEANNA. ll. 3-5. Cá raibh an rí na chomhnuidhe? An raibh sé pósta? An raibh mórán cloinne aige? Cé méad duine cloinne bhí aige? Céard do rinne sé leis an bpáiste? An raibh sé i bhfad ag an mnaoi sin? Cá ndeachaidh an t-athair? Cá fhaid a chaith sé annsin? Céard d'iarr sé ar Rí na Frainnce? Ar eitigh Rí na Frainnce é? Cá raibh sé le dul nuair a bhí aimsir na bainfeise thart? Cé an dearmad a rinne sé? An bhfuair sé an spré nuair d'iarr sé í? Ar eitigh Rí na Frainnce é an turas seo? Cé an chaoi ar socruigheadh é? Cé shocruigh é? Ar shocruigh siad chuile shórt? Céard d'fhag siad gan socrughadh agus cé shocruigh é sin? Cé ghnóthuigh an cluiche (pron. cluife)? Cé an t-ordughadh a chuir an rí a bhaile go h-Éirinn. Cá raibh mac an ríogh i rith an ama seo? An raibh a fhios aige go raibh an imirt le bheith ann? Céard a bhí ag cur as dó? Ar mhaith leis an bhuaidh a bheith ag na Franncaigh? Ar bh'fhurus dó dhul amach? Cé bhí ghá choinneáil isteach? Ar éirigh léithe? An raibh sé ag imirt? An bhfuair sé cead dul isteach? Cé an chaoi? Ar éirigh leis go maith? An raibh na daoine ag crathadh lámh leis? An dtug an rí sonnrughadh ar bith dhó? Tuige? Ar mhaith leis a fhios a bheith ag an mbainrioghain óig go raibh sé pósta cheana? Cé an locht a fuair Rí na Frainnce ar an Éireannach? ll. 6-8. Cé sheas cliú agus cáil na h-Éireann réir Rí na Frainnce? Cé an gheallamhaint a thug Rí na h-Éireann? Cá fhaid d'fhan na Franncaigh i n-Éirinn? Cé an chaoi ar chuala an bhainrioghan go raibh mac ag an Rí? Cad chuige ar dhubhairt an chailleach an easgaine léite? Cad chuige a mb'fhearr léite an bhanrioghan a cailleadh? Cé mhéad uair a shleamnuigh sí ar fad? Cé mhéad uair a rinne sí é i n-aon turas? Cé h-iad na ceisteanna a chuir sí ar an gcailligh? An bhfuair an chailleach seacadadh? Cad chuige ar thug sí an t-air- gead di. Cé an cleas a d'imir sí nuair a chuaidh sí a bhaile? Céard dubhairt sí a bhí uirthi? Cá bhfuair sí an fhuil? Cé an uair a chuir sí an fhuil in a béal? An raibh sgannradh mór ar an Rí? Céard a sgannruigh e? Cé cuireadh i gcoinne an oighre óig? Céard dubhairt an bhean oileamhainte nuair a bhí sé ag imtheacht? An raibh an bhainrioghan ag feabhsughadh? Céard do chuir biseach uirthi? Cé an leithsgéal a bhí ar na mhárach nuair a h-iarradh uirthi dul ag seilg?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services