Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tóruigheacht Mhadadh na Seacht gCos

Title
Tóruigheacht Mhadadh na Seacht gCos
Author(s)
Mac Aodháin, Pádraic,
Compiler/Editor
Ó Moghráin, Pádraic
Composition Date
1905
Publisher
Brún agus Ó Nualláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÓRUIGHEACHT MHADADH NA SEACHT gCOS



Bhí rí i nÉirinn fadó agus creidim nuair
a bhí sé i n-aois gur phós sé agus cailleadh
a bhean leis an gcéad duine cloinne. Mac
a bhí aice. Cuir an rí an páiste dhá oileamhaint
ag mnaoi agus bhí annsin go raibh sé suas
'na ghearrstócach. Timchioll an ama sin
chuaidh a athair thar an bhfairrge ar cuairt
do'n Fhrainnc agus chaith sé mí i gcúirt rí
na Frainnce. An am a raibh an mhí caithte
d'iarr sé an inghean ar rí na Frainnce le
pósadh. Thug seisean dó í agus nuair a bhí
sé ann agus aimsear na bainfheise caithte
thug sé triall go h-Éirinn ar ais. Sul ar
imthigh sé d'iarr sé spré na mná.



"A rí agus a thighearna" ars an t-athair
leis, "níor iarr tú orm acht bean agus thug
mise dhuit í. Dhá n-iarrtá orm bean agus
spré chaithfeá fhághail. Anois ní bhfuighidh tú
aon spré."



"Ní h-é sin gnás na h-Éireann," arsa
rí na h-Éireann, "léir mar bhéadh 'san áit
a bhfuightheá bean gheobhthá spré."



"Le leisg d'eiteachtáil'" ars an rí eile,
"bhéarfaidh mé breitheamhnas beirte dhuit
agus sí mo bhean féin a thógfas mé ar mo
thaobhsa."



"Der m'onoir,"arsa rí na h-Éireann,


L. 4


"ní córta dhuit é sin ná mise mo bhean féin
a thógaint agus má fhágann sí í féin folamh
bíodh aice."



Dá réir sin chuaidh an mháthair agus an inghean
isteach i seómra dhóbhtha fhéin agus rinne breith
daréug Franncach agus daréug Éireannach
fhághail agus a chur ag imirt liathróide, agus
dhá gcuireadh na Franncaigh an liathróid
amach ar na h-Éireannaigh é bheith folamh, agus
dhá gcuireadh na h-Éireannaigh an liathróid
amach ar na Franncaigh chaithfead sé spré
fhághail.



"Tá go maith," arsa rí na h-Éireann, "acht
cé acu ríoghacht de'n dá ríoghacht a
n-imreóchthar an liathróid ann?"



"Ó, sin rud nár leag muid amach," ars
na mná, "cé acu a n-imreóchaidhe í."



"Der m'onóir," ars an rí, go socróchaidh
mise agus rí na Frainnce é sin. Fágh dhomsa
paca cárdaí agus má chuirim se an cluiche
amach air imreóchar an liathróid i n-Éirinn
agus má chuireann seisean an chluiche amach
ormsa imrighthear sa bhFrainnc í."



Shuidh an dá rí síos agus d'éirigh leis an
Éireannach gur chuir sé an chluiche amach ar
an bhFranncach. Leag siad amach mí ón lá
sin an liathróid imirt i n-Éirinn. Scríobh an
rí abhaile ag a chuid ceannphort sgata
buachaillí fhágháil agus iad bheith ag imirt agus
ag cleachtadh agus daréug de na fir ab' fheárr
bheith réidh mí ón lá sin. An am a raibh an mhí
le bheith istigh sheól siad abhaile go h-Éirinn,
rí na h-Éireann agus a bhean agus rí na
Frainnce agus a bhean agus iad uilig.


L. 5


Nuair a thainig siad i dtír agus nuair a
thainig an lá a raibh an mhí istigh thoisigh siad
ag imirt.



Ins an am céadna bhí mac an rí i dteach
na mná a d'oil é agus chualaidh sé torann
na h-imeartha. "Der m'onóir," ar seisean,
"is dona an sgéal agaibh má thugann na
Franncaigh treis na h-Éireann leóbh indiu."
"A shramacháin," ars an bhean leis, "mur
bhfuil rud i n-Éirinn a sheasfas cliú na
h-Éireann tharadsa ní thusa a sheasfas é."
"Is cuma liom,"ar seisean, "cé tá ann
nó as, rachaidh mise 'na dháil."



D'imthigh an bhean agus sheas sí ar an doras
dhá choinneáil isteach, acht léim sé amach thar
a gualainn agus amach leis. Pé uair a dtáinig
sé isteach ins an áit a raibh an liathróid dá
h-imirt bhí fear de na h-Éireannaigh agus
rúitín as áit aige. Sheas an geárrstócach
isteach 'na áit. Chomh luath agus fuair sé an
liathróid amach roimhe ní bhfuair Franncach
ná Éireannach faill ar phoc uirthi gur chuir
sé amach an góraidh í. Níor dhubhairt sé focal,
níor chuir sé chucu ná uatha acht a chamán a
shocrughadh faoi na asgaill agus pilleadh leis
abhaile an bealach céadna a dtáinig sé.



Nuair a chonnaic rí na Frainnce é sin bhí
iongantas an domhain air agus dubhairt sé
leis an rí eile:



"Der m'onóir," ar seisean, "ní fhaca mé
locht ná rud ort ó casadh orm thú go dtí
an méid sin : an fear a sheas spré dhuit agus
cliú na h-Éireann a leigean dó imtheacht leis
gan cur chuige ná uaidhe. Dhá ndéanad sé


L. 6


dhomsa é sin ní bheadh 's agam cé na teidil
ná na céimeanna a thiubhrainn do."



"Ó,"arsa rí na h-Éireann, "tá an t-am
fada le dearcadh 'na dhiaidh. Bheirim briathar
go ndearcfaidh iné 'na dhiaidh sin go fóill."
"Mar ndéantá sin ní dhéanfá an ceart.
Léir mar chonnaic mé, bheadh treis na h-Éireann
leis na Franncaigh acht mar beag an gasúr
a sheas spré dhuit agus cliú agus cáil na
h-Éireann."



D'fhan Rí na Frainnce agus a bhainrioghan
go ndearna siad a gcuairt i n-Éirinn
agus 'na dhiaidh sin d'imthigh leóbh.



Faoi cheann sgathaimh d'éirigh an bhainrioghan
óg amach ag siubhal thart ar an gcúirt. Bhí sí
ag dul thart le teach cailleach na gcearc
nuair bhain sleamhnughadh dí agus dubhairt
cailleach na gcearc léithe: "Ná raibh Dia
ná Muire leat," ar sise. Níor dhubhairt an
bhainrioghan óg tada acht ghlac sí go mór faoi
na croidhe a leitheid d'easgaine a rádh léithe
agus phill sí abhaile. Thainig sí amach lá ar
na mhárach agus shleamhnuigh sí i n-aon turas
go bhfeicead sí an n-abróchadh bean na gcearc
an chainnt chéadna léithe. Dubhairt. An
tríomhadh lá thainig sí amach ins an áit céadna
agus shleamhnuigh sí dá toil deonughadh fhéin,
agus dubhradh an chainnt chéadna léithe. "A
chailligh," ars an bhainrioghan óg, "thainig mé
amach tá trí lá ó shoin agus bhain sleamhnughadh
dhíom agus dubhairt tusa liom "ná raibh Dia
ná Muire agam." Tháinig mé amach indé
agus indiu agus shleamhnuigh mé i n-aon turas
go bhfeicinn an n-abróchthá an rud céadna


L. 7


agus dubhairt tú. Innis dom cé an t-olc
agat dom? Ná cé an t-olc a rinne mise ort-sa
ná ar aon duine ar bith eile ó thainig mé go
h-Éirinn gur dhubhairt tú a leitheid d'eas-
gaine liom?"



"Ní doiligh an cheist a fhuasgailt, a
bhainrioghan óg," arsa cailleach na gcearc. "An
chéad bhean a bhí ag an rí dhá mbead sí ag dul
thart ba mhaith uaithe a seachadadh dhom "Nuair
a chualaidh sí sin chuir an bhainrioghan óg lámh
'na póca agus tharraing sí aníos sparán
óir. "Innis dom a chailligh," ar sise, "a'
raibh rí na h-Éireann pósta cheana?" "An
mar sin atá tú? Dhá dtagadh oighre ar bith
in do dhiaidh-se síleann tusa gurab é oighre
na h-Éireann é. A' bhfaca tú an fear óg
a chuir amach an liathróid ar na Franncaigh?
Sin oighre na h-Éireann, sin mac na céad
mhná a chuir an liathróid amach."



Thug an bhainrioghan óg an t-ór dhi agus
d'imthigh léithe agus fealltanas 'na croidhe.
Nuair a thainigh sí isteach ins an bpálás dubhairt
sí leis an gcócaire sicín circe a mharbhugadh
agus a chuid fola a thabhairt aice i soitheach.
D'imthigh sí un a seómra féin agus luigh ar
a leabaidh. Ar theacht abhaile do'n rí bhí
cunntas roimhe ó'n gcócaire go raibh an bhainrioghan
go dona tinn ar a leabaidh. Ar bhall na mbonn
suas leis an rí glan díreach go dtí an seómra.
Acht an bhean, chomh luath agus d'airigh sí a
fear ag tígheacht d'ionntuigh sí ar a leathtaobh,
d'ól sí lán a béil de fhuil an tsicín agus
nuair a tháinig sé isteach chaith sí an fhuil amach
faoi na chosaibh air. Scannruigh seisean go


L. 8


mór mar shíl sé gurbh í fuil a croidhe a bhí dá
cur amach aice. Mar cailleadh a chéadbhean
bhí faitchíos air go raibh an chaill chéadna
uirthise.



"O,"ar seisean, "tá an chaill ort a thaisge."



"Ar ndóigh," ar sise, "is beag an dochar
dhom bheith ag cur fuil mo chroidhe amach agus
is beag an mhuinighin a bhí agat asam ó thainig
mé go h-Éirinn agus nach dtug tú do mhac
annseo ag coinnéail comhluadair liom agus
nár leig ort fhéin go raibh a leitheid agat."



Bhí náire ar an rí gur fritheadh amach é, agus
dubhairt sé: "Ó má dhéanann mo mhac maitheas
ar bith dhuit bhéarfaidh mé chugat é agus céad
fáilte."



"Sílim,"ar sise, "go n-éadtromóchad sé
mo chroidhe dhá mbead sé ag coinneáil comh-
luadair liom."



D'orduigh an rí dá chóistire ceithre cinn
de chaiplibh a chur isteach 'sa gcóiste agus
imtheacht i gcoinne an mhic go dtí an áit ar
tóigeadh é. Nuair a tháinig an cóiste un an
toige dubhairt an fear leis an mac a ghabhail
isteach agus go dtiubhrad sé leis abhaile
go dtí an pálás é. "Tá tú ag imtheacht anois
a mhic," ars an bhean a d'oil é, "agus tá
faitchíos orm gur gearr go dtéidhidh anál
do leasmháthara fút." Acht an bhainrioghan
óg, ó chuala sí go raibh an mac ag tigheacht
bhí sí ag eirghe 'na sláinte mar adéarfá,
agus nuair a tháinig sé un an toighe bhí sí chomh
maith agus bhí sí ariamh.



Lá ar na mhárac d'iarr an rí uirthi a thigheacht
amach í fhéin agus an mac ag seilg. Acht


L. 11


dubhairt sí leis nach raibh sí i riocht suidhe ar
chapall indiu, agus, "Fág do mhac agam,"
ar sise, "ag coinneáil comhluadair liom go
dtigidh tú abhaile. "Bhí an rí sásta agus
d'imthigh leis.



Nuair a fuair sí imthighthe é agus an teach
bán mar adéarfá, chuaidh sí féin agus an mac
ag imirt liathróide 'sa seómra fada
fairsing a bhí ann. "Anois,"ar sise, "an té a
chuirfeas an liathróid amach béidh breith agus
oireachtas le tabhairt ag an duine sin ar
an duine eile." "Bhí mac an rí ag cur na
liathróide amach chuile uair uirthi go bhfaca
sé go raibh sí ag dul i bhfeirg, agus leig sé
dhí an liathróid a chur amach air aon uair amháin.
Ar an móiméad sheas sí agus dubhairt: "Tá
breith agus oireachtas le tabhairt agam ort."



"O,"ar seisean, "cé an bhreith ná an
t-oireachtas a bhéarfá orm acht léir mar thug
mise ort-sa, sé sin an chathaoir a athrughadh ón
taobh thall go dtí an taobh i bhfus de'n teach."



"Ní hé sin an bhreith ná an t-oireachtas a
bhéarfas mise ort-sa,"ar sise. "Cuirim
thusa faoi gheasaibh agus faoi thromdhiombhadh
na bliadhna gan dhá oidhche a chodladh i
n-aonteach ná dhá bhiadh ithe d'aon bhord go gcuiridh
tú an domhan mór thart, faoi, agus os a chionn
ná go bhfághaidh tú dhomsa madadh na seacht
gcos."



Ar an móiméad, an buachaill bocht, chaith
sé uaidhe an cámán agus amach leis agus
gach gáir chaointe agus gola leis go dtainig
sé go dtí an bhean a d'oil é. "O,"ar sise
nuair a chonnaic sí é, "tá fhios ag Dia gur


L. 12


geárr a chuaidh tú, a mhic, go ndeachaidh anál
do leasmháthara fút. Cé an t-olc a rinne
sí ort?"



D'innis sé dhi gach a' ndeachaidh sé fríd
agus faoi na geasa a raibh sé fútha. "Agus
a mháthair,"ar seisean, "ní thig liom fanacht
an darna oidhche annseo, agus caithfidh mé
bheith ag imtheacht ar maidin."



"O,"ars an bhean, "do mheas sí do chur
as a bealach i gcuideacht."



"Acht, a mháthair, a' bhfuil tuairisg madadh
na seacht gcos agat le tabhairt dom?"



"Mo bhrón, a mhic, ní'l bun ná tuairisg
madadh na seacht gcos againn. Níor chualaidh
mé ariamh go dtí anois go raibh a leitheid ann."



Ar maidin lá ar na mhárach, d'fhuin sí
trí cácaí beaga, "Seo anois, is a Ainebhios
gan Eagla"(b'é sin an t-ainm a bhí air) ar
sise, "béidh tú anocht i dteach dearbhráthara
dhomsa, fathach a bhfuil neart trian an domhain
ann. Níor leig sé sin Éireannach ná coimhightheach
ar bith thairis nach marbhóchad sé agus nach
stróicfead sé é. Tabhair dhó ceann de na
cácaí agus nuair a bhrisfeas sé é rachaidh
baladh mo bhainne cíoch faoi na shróin, agus
aithneóchaidh sé gur mac dhomsa thú. Bhéarfaidh
sé duit lóistín na h-oidhche chomh maith agus
bhéas aige agus má tá tuairisg madadh na
seacht gcos aige bhéarfaidh se dhuit é agus
fáilte. Béidh tú an darna h-oidhche i dteach
dearbhráthara eile dhom, fathach a bhfuil neart
dhá dtrian an domhain ann. Tabhair dhó an
darna cáca agus má tá tuairisg madadh
na seacht gcos aige innseochaidh sé dhuit gach


L. 13


a bhfuil d'eolas aige. Beidh tú an tríomhadh
oidhche i dteach dearbhráthara eile dhom, fathach
a bhfuil neart an domhain ann; tabhair dhó
an tríomhadh cáca, agus gheobhaidh tú uaidh gach
a bhfuil de thuairisg aige.



Cheangail sí suas na trí cácaí agus dubhairt
go mbéad siad chomh maith 's dhá mbeadh sí
féin ag siubhal leis. D'fhág sé slán aice
agus d'imthigh leis.



Bhí sé ag imtheacht ar an mbealach gur casadh
isteach é go mall trathnóna ag teach an
fhathaigh, an chéad fhathach a raibh neart tríomhadh
cuid an domhain ann. Bhí sé istigh roimhe
nuair a thainig an fathach isteach.



"Airighim baladh an Éireannaigh bhréagaigh
bhradaigh annseo," ars an fathach.



"Ní airigheann tú baladh Éireannach bréagach
ná bradach is measa ná do chuid balaidh
fhéin," ars Ainebhios gan Eagla. "Ara a
chréatúirín ghránna," ars an fathach, "is mór
liom de ghreim thú agus is beag liom de dhá
ghreim thú; cé acu is feárr leat coraidheacht
ar leacrachaibh glasa ná gabháil de sgeana
i mbáirreasnachaibh ar a chéile?" "Is fearr
liom coraidheacht ar leacrachaibh glasa,"arsa
Ainebhios gan Eagla. "Sé chleacht mé ariamh
i dteach m'athara agus mo mháthara i n-Éirinn."
Rug an bheirt dhá shnaidhm ar a chéile thart
ar an h-easnachaibh agus d'éirigh le mac rí
i nÉirinn gur chuir sé an fathach faoi agus
gur cheangail sé é. "Fóill, fóill, a ghaisgidhigh'
ars an fathach "shiubhail mé ar shiubhail mé, chonnaic
mé a bhfaca mé, chualaidh mé a gcualaidh mé
agus is tú an gaisgidheach de dhuine óg is


L. 14


fearr a casadh orm ariamh. Sgaoil mé agus
beidh mé in mo ghiolla turais agus teachtaire
agat go lá mo bháis."



"Sgaoilfidh mé thú ar an gcunntar seo"
arsa Ainebhios gan Eagla "nach bhfuil aon
choimhightheach ná Éireannach a rachas an bealach
seo aríst go bráth nach dtiubhraidh tú lóistín
na h-oidhche dhó agus nach leigfidh tú slán
amach as do ríoghacht."



"Sin agus gach coingheall eile dá gcuir-
fidh tú orm "ars an fathach agus sgaoileadh é.



An am a raibh an suipéar réidh agus dhá
fhéachaint acu ar 'chaon taobh de'n bhord
tharraing Ainebhios gan Eagla cáca beag
aníos as a phóca, ceann de na cácaí a thug
an bhean a d'oil é dhó ar maidin agus thairg
sé do'n fhathach é. "Seo lón,"ar seisean,
"a thug mo mháthair dhom ar maidin, agus
b'fhéidir go mb'fhearr leat greim dhe ná an
rud a bhfuil cleachtadh agat air i gcomhnuidhe."



Rug an fathach ar an gcáca agus nuair a
bhris sé é chuaidh baladh an bhainne cíoch faoi
na shróin. Chuir sé gáir as. "A mhic mo
dheirbhshíre, nach 'eo é an fáth ar chuir do mháthair
an lón seo leat le m'aghaidh le tabhairt domsa
nár leig aon fhear ariamh thart nach marbhóchainn
é? Agus 'tuige nach dtug tú dhom an cáca
an am ar chuir mé drochaighneas ort?"



"Duine óg mé a uncail," ar seisean,
"nar fhág an baile ariamh roimh indiu. Ní
raibh fhios agam cé an neart a bhí ionnam
agus le duine muinnteardha ba mhaith liom
me fhéin fhéachaint i dtoiseach, agus ba leór
dhom é thabhairt duit dhá bhfeicinn dul agat


L. 17


orm." "O, a mhic mo dheirbhshíre," ars an
fathach, "glóir do Dhia nach bhfuair mé an
bhuaidh ort. Dhá bhfághainn an lámh i n-uachtar
ort, ní thiubhrainn faill duit an cáca a thabhairt
dom go mbítheá marbh stróicthe agam."



Go moch ar maidin d'éirigh Ainebhios gan
Eagla mac rí i n-Éirinn. Nigh sé a éadan,
chíor sé a cheann, agus d'iarr sé ar Dhia é a
chur ar a leas. Nuair a bhí sé ag brath ar
imtheacht dubhairt an fathach leis. "Fan annseo
agam. Má's ór ná airgead atá ag teastáil
uait nach bhfuil an oiread sin agam nach
gcaithfeá choidhche a leath?"



"O, a uncail, caithfidh mé bheith ag imtheacht.
Táim faoi gheasaibh gan dá oidhche a chodladh
i n-aon teach ná dhá bhiadh ithe d'aon bhord
go bhfághaidh mé do mo leasmháthair madadh
na seacht gcos. A' bhfuil eolas ar bith agat-sa,
le tabhairt dom ar mhadadh na seacht gcos?"



"Chualaidh mé a gcualaidh mé, a mhic, agus
ní chualaidh mé trácht ar mhadadh na seacht
gcos ariamh roimhe seo. Caithfidh mé dhul leat
mar sin: Béidh tú anocht i dteach dearbh-
ráthara dhom, fathach a bhfuil neart dhá dtrian
an domhain ann. Níor leig sé duine thairis
ariamh nach marbhóchad sé é agus tá faitchíos
orm go marbhóchaidh sé thú mar an gcéadna."



"Ní'l call agat leis," ars Ainibhios gan
Eagla,"mar chuir mo mháthair cáca eile liom
le h-aghaidh an fhathaigh." "Má chuir, tá an
cáca chomh maith bheith leat le mise a bheith leat.
Ar choimrighe Dhia thú, a mhic."



D'imthigh Ainebhios gan Eagla, agus bhí neoin
agus deireadh an lae ag tarraingt air nuair


L. 18


casadh isteach é ag teach an darna fathaigh
an darna hoidhche. Rug sé é fhéin agus an
fathach dhá shnaidhm ar a chéile gur cheangail
Ainbhios gan Eagla an fathach. Sul ar sgaoil
sé é chuir sé coingheall Dé agus Críosta
air, coimhightheach ná Éireannach ar bith a bheadh
ag dul thart gan dochar a dhéanamh dhó acht
lóistín na h-oidhche chomh maith 's bheadh aige
thabhairt dó agus é a leigean slán ag imtheacht
dó.



"Sin,"ars an fathach, "agus gach coingheall
eile dá gcuirfidh tú orm."



I n-am an tsuipéir nuair bhris an fathach
an cáca a thairg Ainebhios gan Eagla dhó, chuir
sé gáir as. "A mhic mo dheirbhshíre nach 'eo
é an fáth ar chuir do mháthair leat an cáca
seo le tabhairt dom le do shábháil ormsa nár
leig duine ná deoraidhe thart ariamh nach
marbhóchainn é. 'Tuige nach dtug tú dhom
é an am ar chuireas drochaighneas ort?"



"Duine óg mé a uncail nár fhág an baile
ariamh roimh indé. Ní raibh fhios agam cé an
neart a bhí ionnam agus le duine muinnteardha
ba mhaith liom mé féin fhéachaint 'sa gcéad
uair. Ba leór dhom é thabhairt duit dhá
bhfeicinn an dul agat orm."



"Glóir do Dhia,"ars an fathach, "nach
bhfuaireas an bhuaidh ort. Dhá bhfághainn ní
bheadh faill agat é thabhairt dom go mbítheá
marbh stróicthe."



Lá ar na mhárach go moch ar maidin d'éirigh
Ainebhios gan Eagla; nigh sé a éadan, chíor
sé a cheann, agus d'iarr sé ar Dhia é a chur
ar a leas. Bhí sé ag brath ar imtheacht. "Fan


L. 19


bfhuil mé a mhic," ars an fathach, "tá an oiread
sin d'ór agus d'airgead agamsa 's nach
gcaithfeá choidhche a leath. "D'innis Ainebhios
dó go raibh sé faoi gheasaibh agus nach dtainig
leis an darna h-oidhche a chaitheadh ins an teach;
d'fhiafruigh sé dhe a' raibh bun ná tuairisg
aige ar mhadadh na seacht gcos.



"Shiubhail mé ar shiubhail mé," ars an fathach
dhá fhreagairt, "agus trácht nó cur síos ní
chualas go dtí anois ar mhadadh na seacht
gcos. Is bocht an sgéal é agus caithfidh mé
dul leat. Béidh tú anocht i dteach dearbhráthara
dhomhsa, fathach a bhfuil neart an domhain mhóir
ann. Má fuairis an ceann is fearr ormsa
ní h-é sin le rádh go bhfuightheá an ceann is
feárr airsean."



"Ní'l call duit dul liom. Nach leor dhom
an cáca a thug mo mháthair dhom le n-a aghaidh?"
"Is leor cinnte,"ars an fathach, "tá sé
chomh maith an cáca sin bheith leat le mise bheith
leat."



D'fhág Ainebhios gan Eagla slán agus
beannacht aige agus d'imthigh leis. Ar dhul
faoi do'n ghréin casadh isteach é i dteach an
tríomhadh fathaigh agus rinne sé leis díreach
mar rinne sé leis an mbeirt eile. Cuireadh
ar an bhfathach coingheall Dé agus Críosta
gan dochar a dheanamh feasta do dhuine ná
deoraidhe a rachadh thairis sin.



Ar maidin lá ar na mhárach d'éirigh an rí
óg uasal, nigh sé a éadan, chíor sé a cheann
agus d'iarr sé ar Dhia é a chur ar a leas.
D'innis sé do'n fhathach na geasa millteacha
a raibh sé fútha. "Is iongantach do sgéal, a


L. 20


Ainebhios," ars an fathach, "is beag tír nach
bhfuil siubhalta agam, acht go dtí anois ní
chualas cur síos ná innsin ar an madadh sin
na seacht gcos."



"Is cruaidh mo chás, agus is bocht mo
sgéal," ars an fear óg. "Ní beó a bhéas mé,
agus is cuma liom céard dhéanfas an saoghal
óir nach bhfuil tuairisg an mhadaidh le fághail."



"Faraoir nach bhfuil," ars an fathach. "Ní
mór dhuit anois, a mhic, bheith ag déanamh do
bhealaigh romhat. Acht ní thig leat dul níos
fuide ar an talamh. Gheobhaidh mé long dhuit."



Fuair sé long dhó agus chuir uirthe lón
lá 's bliadhain. D'fhág Ainebhios slán aige
agus sheol sé leis amach i mbéal na fairrge
móire. Naoi lá 's naoi n-oidhche bhí sé ag
imtheacht roimhe gan fios aige cé raibh sé ag
dul. Ar maidin an deicheamhadh lae d'éirigh
sé i mbárr an chrainn seól, dhearc sé uaidh
ar na ceithre ceardaí a d'fhág Dia ar an
talamh, mar atá, soir, siar, ó thuaidh agus
ó dheas. Chonnaic sé taobh tíre agus oileáin,
agus tharraing sé air go dian deifreach. Thug
sé suas an long ar scainimh mhínchlochach, áit
nár bhaoghal di tonn dá tuargaint ná crann
de chrainnibh na fairrge ag tuitim uirthe, dhá
mbeadh sí bliadhain ann, ní h-é amháin dhá
mbeadh sí seachtmhain.



Bhí sé ag siubhal leis ar fud an oileáin
agus na ríoghachta ó cheann go ceann agus
níor casadh neach bhéil bheó leis. Ní raibh fear
bean ná duine dhá chasachtáil leis. Bí fir an
airm sínte marbh ar 'chuile thaobh, agus bhí
chuile shórt bun os cionn. Bí géimneach na


L. 21


bó ag an gcapall, seitreach an chapaill ag
an mbuin, méidhleach na caorach ag an ngabhar,
meigleach an ghabhair ag an gcaoirigh, agus
mar sin 'chuile shórt bun os cionn ar fud an
oileáin, agus, 'na cheann, oidhche dhubh déanta
de'n lá le ceó draoidheachta. "Iongantach é
seo," arsa Ainebhios ag imtheacht roimhe go
raibh sé ag teacht anmhall tráthnóna agus
gan teach ná duine dhá chasachtáil leis, "céard
dhéanfas mé? Ní beo a bhéas mé."



Ar deireadh thiar shroich sé carnán cloch
déanta suas mar bheadh bothóg ann. Thoisigh
sé ag bualadh na gcloch i n-aghaidh a chéile
nuair chuala sé mar bheadh glór an duine
istigh.



"An duine saoghalach thú,"ars Ainebíos
leis, "ná an dtiocfadh leat bun ná tuairisg
thabhairt dom ar mhadadh na seacht gcos?"



"Má's maith mo sgéal," ars an glór,
"is maith mo luach." "Cad é do luach? Rud
ar bith atá tú a iarraidh ar son do sgéil
féachfaidh mé le na fhághail duit."



"Má dhéanann tú suas mo bhothóg mar
bhí sí cheana, an méid bun atá agam bhéarfaidh
mé dhuit é," ars an glór. Ar an móiméad
thoisigh Ainebhios ag cur carraigreacha os
cionn a chéile go ndearna sé bothóg seacht
n-uaire ní b'fheárr ná bhí sí roimhe. Nuair a
bhí sé réidh, d'fhiafruigh sé de'n ghlór ar thaithnigh
leis mar bhí an bhothóg. "Taithnigheann sí
liom," ar seisean. "Anois tá tú gar go
maith do chúirt agus do chathair Rí Fó-thuinn. Tá
bainrioghan óg d'inghin aige agus dhá dtigeadh
leat dul isteach agus dul ag cómhrádh léithe,


L. 22


sin í a dtiocfadh léithe bun thabhairt duit ar
mhadadh na seacht gcos. Acht sin nidh gur
doiligh dhuit dul isteach. Tá mol neimhe ag
dul thart ar an gcúirt. Cuirfidh sé sin neimh
sé troighthe amach uaidhe agus sé troighthe
isteach uaidhe agus sé troighthe i n-áirde.
Go dtigidh an fear a árdóchas é fhéin de léim
sé troighthe taobh amuigh agus sé troighthe i
n-áirde os a chionn agus a leanfas sé troighthe
isteach ní féidir a dhul isteach. Nach shin nidh
gur doiligh a dhéanamh?" "Caithfidh mé,
féachaint leis gidh gur doiligh a dheanamh,
ars an fear óg. D'fhág sé slán leis agus
tharraing sé ar an gcúirt.



Níor airigh sé ariamh go dtainig sé róghar
do'n mhol agus theangmhaigh splannc de'n
neimh leis. Theann sé amach ar a chúl, d'árduigh
sé é fhéin de léim árd acfuinneach gur ghlan
sé an mol sé troighthe ar chaon taobh agus
sé troighthe os a chionn. Chuaidh sé annsin go
dtí an áit a raibh an ceangal ar an mol taobh
istigh. Bhris sé é. Rug sé ar an mol agus chaith
sé le fánaidh na h-aille amach ins an bhfairrge
mhóir é. "Anois," ar seisean agus fearg
air, "dheamhan duine a gcuirfidh tú neimh
ann aríst go bráth."



Chuaidh sé isteach anois go dtí cúirt agus
cathair Rí Fóthuinn agus cé casadh leis acht
inghean an ríogh, an bhainrioghan óg chéadna
a gcuala sé cur síos uirthi ó dhuine an charnáin
chloch. Acht ise-chómh luath ariamh agus chonnaic
sí amharc air thuit sí i ngrádh leis. Do bheannuigh
sé dhi. "A bhean óg uasal," ar seisean, "is
bocht mo sgéal agus is cruaidh mo chás. Táim


L. 23


faoi gheasaibh móra agus fiafruighim dhíot an
dtig leat bun ná tuairisg madadh na seacht
gcos thabhairt dom." "Tig liom," ar sise
"acht má's maith mo sgéal is maith mo
luach."



"A bhainrioghan, ní'l ór ná airgead agam,
acht más luach leat mo cheithre cnámha fhéin
is dona liom mé fhéin ar son do sgéil duit."



"Ní ór ná airgead atá mé d'iarraidh acht
do cheithre cnámha féin ar son mo sgéil."



Níor dhubhairt sí a thuilleamh acht réidhtigh
sí biadh agus ghlaoidh sí anuas ar a h-athair
un suipéir. Thainig an Rí anuas agus shuidh
sé isteach agus thoisigh ag ithe, acht níor chuir
sé chuige ná uaidh ag an gcoimhightheach óg. Níor
thaithnigh sin le Ainebhios gan Eagla agus
nidh nach iongnadh níor ith sé tada. 'Sa deireadh
labhair an rí leis: "'Tuige nach bhfuil tú
ag ithe."



"A Rí agus a thighearna," ars Ainebhios,
"má's i ngeall ar an ngreim bídh a d'íosainn
anocht a chaill tú an chainnt, ith tú fhéin do
shuipéar agus troisgfidh mise go maidin."



"A dhuine uasail, ní i ngeall ar do ghreim
bídh chailleas an chainnt. Is fada an lá an
chainnt caillte agam agus budh chóir, dhá
mbeadh tabhartas faoi deara ionnat fhéin,
go dtuigfeá. Nach bhfaca tú mo chuid fear
airm sínte marbh ar fud na ríoghachta. Ní'l
agam searbhfhoghantaidhe ná duine ar bith
mar budh chóir do mo leitheid bheith aige, cé
is móite de'n méid sin d'inghin a d'fhág Dia
agam, agus i gcionn gach nidh an gléas
cosanta agus sábhála a bhí agam agus ag an


L. 24


méid sin d'inghin - thainig tusa agus chaith
tú síos an gléus cosanta sin le fánaidh na
h-aille amach ins an bhfairrge mhóir, agus
ag feiceáil go bhfuil 'chuile nidh bun os cionn
in mo ríoghacht."



"Adhmhuighim a Rí," ars an fear óg, "go
ndearna mé an méid sin contráilte, acht
is le teann feirge a rinneas é mar theang-
mhaigh splannc de'n nimh liom."



I n-am codlata na h-oidhche ghlac an rí
cead le Ainebhios agus chuaidh un a sheómra
fhéin ag dul a chodladh. Nuair a bhí sé imthighthe
dubhairt an inghean le Ainebhios: "Fair
m'athair anois, agus nuair a gheobhas tú a
leathchos bainte as a bhróig caith thú fhéin ar
do leathghlúin 'na fhiadhnuise agus iarr
athchuinge air. Déarfhaidh sé leat: "athchuinge
ar bith atá in mo chumas bhéarfaidh mé dhuit
acht aon athchuinge amháin"? Abair leis gurab
í an cú gearr glas atá tú a iarraidh ag seilg
amárach. Déarfaidh sé leat gurab shin
athchuinge nach dtiubhraidh sé dhuit. Iarr
athchuinge air an darna h-uair agus déarfaidh
sé leat go feargach, athchuinge ar bith atá
'na chumas go dtiubhraidh sé dhuit acht aon
athchuinge amháin. Abair thusa leis gurab í
an cú gearr glas atá tú a iarraidh ag seilg
amárach. Déarfaidh sé leat aríst gurab shin
athchuinge nach bhfuighidh tú uaidh. Iarr athchuinge
air an tríomhadh uair agus labróchaidh sé go
borb leat go dtiubhraidh sé dhuit aon athchuinge
ar bith is féidir leis acht aon athchuinge amháin.
Abair thusa leis an tríomhadh uair gurab í
an cú gearr glas atá tú d'iarraidh. Gheobhaidh


L. 25


tú d'athchuinge; gheobhaidh tú an cú gearr
glas ag seilg amarach. Lean di agus sin é
an méid bun is féidir liom anois thabhairt
duit ar madadh na seacht gcos."



D'imthigh Ainebhios gan Eagla mac ríogh
i nÉirinn agus rinne sé comhairle na mná
óige. D'iarr sé faoi thrí ar rí Fóthuinn an
cú gearr glas a thabhairt dó ag seilg lá ar
na mhárach. An tríomhadh uair thug an rí a
athchuinge dho agus dubhairt: "Mo bheannacht
duit se agus mo mhallacht do bhéal do mhúinte.
Dhá ghiorracht ó thainig tú un an tighe is maith
an t-oide múinte atá agat. Tá mise gan
mhac ná inghean anocht."



Ar maidin lá ar na mhárach d'éirigh Ainebhios
gan Eagla agus bhí béile gléasta ag an
mbainrioghan óig roimhe. Nigh sé a éadan,
chíor sé a cheann agus d'iarr sé ar Dhia é a
chur ar a leas. Nuair a bhí sé faoi réir, d'éirigh
an cú gearr glas amach roimhe agus ghlac
seisean cead ag an mnaoi óig. "Anois,"
ar sise, "má tá suim ar bith agat ionnam,
cuimhneóchaidh tú orm agus ar mo chainnt.
Má chuireann tú chuice ná uaithe, ná má
labhruigheann tú focal leis an gcú gearr glas
bainfidh sí an ceann díot dhá fheabhas d'fhear
thú. Go bráth go gcuirfidh sí fhéin cainnt ort ná
cuir chuice ná uaithe acht lean dí chuile bhealach a
dtreoruigheann sí thú. Uair ar bith a chuirfeas
tú rómhat labhairt léithe cuimhnigh ar mo
chainntsa." "Geallaim dhuit," ar seisean,
"nach gcuirfidh mé chuice ná uaithe; ní
labhróchad focal léithe."



D'fhág sé slán aice agus d'imthigh an cú


L. 26


gearr glas léithe agus lean seisean dí
chuile bhealach a raibh sí ag dul. An am a raibh
leath an lae caithte aige ag reatha 'na diaidh
gur ar éigean a choinnigh sé 'na h-amharc
agus a chroidhe briste le tuirse, chuimhnigh sé
gurbh shin é an gléus díbeartha a bhí acu dhá
chur ó'n gcúirt ar maidin, an cú gearr glas
a chur leis. "Dar m'onóir," ar seisean leis
féin, "cuirfead cainnt ar an gcú sul a
dtéidhidh mé thairis seo." Acht chomh luath 's
chuimhnigh sé sin a dhéanamh d'iompuigh an cú
thart agus thug sí a h-aghaidh air go dalba
feargach. "Mh'anam," ar seisean 'na inntinn
féin, "go bhfuil droch-chuma uirthi. Ní
chuirfead cainnt uirthi go fóill." Chuimhnigh sé
ar chainnt na mná óige. Chomh luath agus leag
sé amach gan focal a rádh léithe d'éirigh an
cú gearr glas amach aríst agus lean sé dhi.



An am a raibh sé sgathamh maith 'na diaidh,
thainig coill mhór romhpú agus bhí an cú ag
ionnsuighe isteach, "mo dhona agus mo
dhothairne," ars Ainebhios leis fhéin, "ní
chuirfead cos thairis seo go gcuirfidh mé cainnt
ar an gcú." Acht aríst chomh luath agus chuimhnigh
sé cainnt a chur uirthi shuidh sí síos agus
d'iompuigh thart agus bhí an-chuma uirthi. Agus
ní leigfeadh an faitchíos dó labhairt léithe,
agus thainig 'na inntinn cainnt agus comhairle
na mná. Chomh luath agus leag sé amach an
darna h-uair gan chur chuice ná uaithi, d'éirigh
an cú agus d'ionnsuigh isteach 'sa gcoill
agus d'ionnsuigh seisean isteach 'na diaidh.
Bhí sé annsin ag imtheacht ar fud na coilleadh
agus géagáin agus crainn dhá stróiceadh


L. 29


agus dhá réabadh. Ins an deireadh thiar bhí
siad glan amach as an gcoill, agus isteach
leó ar churrach bháidhte agus ní'l aon choiscéim
dhá dtugad sé nach gcriothnóchadh an bogach
ceathramha acra 'chaon taobh dhe. Bhí sé ag
imtheacht 'na diaidh ar fud an churraigh go
dtainig sé suas le túrtóg i lár an bhogaigh.
Shuidh sé síos agus dubhairt leis féin nach
beó a bhead sé, nach rachad sé cos ná coiscéim
'na diaidh ní ba mhó. Acht d'iompuigh an cú
tart an uair sin agus dubhairt.



"A Ainebhios gan Eagla mhac ríogh i n-Éirinn,
is fada ó'n teine a shuidheas tú síos."
"O a chú gearr glas," ar seisean, "ní'l
tuirse ná claoidhe orm anois acht oiread
leis an uair a d'fhág mé cúirt agus cathair
rí Fóthuinn ó fuaireas an méid sin de do
chainnt."



"Is maith é sin," ar sise, "acht éirigh in
do sheasamh anois agus bhéarfaidh mé neart
cainnte dhuit feasta, acht uair ar bith de'n
dá uair a chuimhnighis cainnt a chur orm
bhainfinn an ceann díot dhá fheabhas d'fhear
thú. Dearc anois idir thú fhéin agus bun na
spéire. An bhfeiceann tú toit ag éirghe ann?
Sin é cúirt agus cathair Rí na Leacan Deirge
ins an domhan thoir. Ní'l aon ríoghacht ins an
domhan nach bhfuil fear agus cú aisti anocht
ann acht Éire."



"Nach mbéidh mise agus tusa ann as
Éirinn?" ars Ainebhios, "ní bhéidh iongantas
ná uathbhás thar fhear ar bith níos mó ná tusa
agus mise mar béidh muid as Éirinn."
"Tá go maith" ars an cú, "acht dhá mbeadh


L. 30


ceart le fághail ná leig thusa mise go teach
na gcontacha anocht. Áit ar bith nach bhfuighidh
mise cead dhul ann ná gabh thusa ann. Bímsa
leat ar chuile bhealach dhá rachaidh tú."



"Geallaim dhuit," ars Ainebhios, "áit ar
bith nach bhfuighidh tú cead dhul nach rachaidh
mise ann." Bhí deoin agus deireadh an lae
ag tarraingt ortha nuair shroich siad cúirt
agus cathair Rí na Leacan Deirge. Thainig
fear na madadh go dtí an geata agus chuir
sé iall thart ar mhuinéal an chú gearr glas
go dtugad sé go teach na gcontacha é. "Cá
bhfuil tú ag tabhairt mo chú?" arsa mac
Ríogh i nÉirinn leis an bhfear.



"Go teach na gcontacha eile," ars an fear,
"cé an ait eile a dtiubhrainn í?"



"Is cuma liom é, ní leigfidh mé go teach
na gcontacha í. Ní raibh agam de chomhluadar
ó d'fhág mé Eire acht mo chú agus go deimhin
ní scarfad léithe anois."



Bhí fear na madadh go dtugad sé leis dhá
aimhdeoin í, acht tharraing Ainebhios an bhás
agus scáird sé inchinn an fhir i n-aghaidh an
geata. Ar bhall na mbonn chuaidh an gháir
isteach go dtí an pálás go raibh fiadhaire
as Éirinn ann agus go raibh fear na gcontacha
marbh aige' agus nach leigfead sé a chú i n-áit
ar bit gan é fhéin bheith léithe. Bhí chuile fhear
le luathas ag tigheacht ag dearcadh ar an
bhfiadhaire as Éirinn agus ag cur iongantais
ann. Fuair sé cead ó'n rígh an cú thabhairt
leis isteach sa gcistinigh acht bhí maithe agus
uaisle na ríoghachta shuas 'sa bpárlús ag
an righ.


L. 31


Bí bainrioghan óg d'inghin ag an rígh agus
tháinig sí go bfeiceadh sí an t-Éireannach
agus ar bhall na mbonn thuit sí i ngrádh leis.
Chuaidh sí suas un an párlúis a raibh uaisle
agus maithe na tíre uilig cruinn agus dubhairt
sí le n-a h-athair go mbudh mhaith léithe dá
dtugad sé cuireadh do'n fiadhaire as Éirinn
um an phárlúis, go raibh sé tóigthe múinte,
agus go raibh fios a chainnte aige chomh maith
le fear ar bith dá bhfaca sé ariamh. "A
inghean," ars an Rí, "ó thárluigh spéis 'na
chomhluadar agat tabhair thusa leat é acht
go deimin ní bhfuighid an cú cead tigheacht
annseo." Táinig sí anuas agus rug sí ar bhárr
a chúig méar ar an bhfiadhaire as Éirinn agus
thug sí cuireadh dhó suas i látair a h-athar(a)
agus na maithe. "Ní dhéanfaidh sin," ar seisean,
"áit ar bith nach bhfuighidh mo chú cead dhul
ann ní'l mise ag dul ann."



Suas léithe aríst agus dubairt sí le na
h-athair, "Ta fios ag Dia, a athair, nach bhfacas
aon chu ná madadh ariamh is lághaighe ná í agus
céard do dhéanfas sí ins an gcúirt ach oiread
leis na spáinneoirí eile a bhíos ag rith ar
fud an tighe?" "A inghean," ars an Rí, "is
doiligh gabháil díot; tabhair leat é fhéin agus
a chú gearr glas." Chuaidh sí ar ais agus rug
sí greim báirr láimhe ar Ainebhios agus
dubhairt leis go raibh cead aige a chú bheith
leis. Thug sí léithe é fhéin agus an cú agus
chuir sé ar cheann buird é an taobh eile os
coinne a h-athar(a).



An am a raibh an suipéar caithte thoisigh an
t-ól agus sheas an bhean óg 'na seasamh ag


L. 32


ceann an bhuird agus d'fiafhruigh sí dá
h-athair: "Nach liomsa, a athair, tríomhadh
cuid na ríoghachta." "Seadh," ar seisean.



"Nach liom an ríoghacht uilig nuair a
caillfidhear thusa?" "Seadh, is leat í, mar ní'l
oighre ná athoighre uirthi acht thú."



"Nach bhfuil cead agam mo rogha fear
phósadh?"



"Tá cead agat fear ar bith a thógruigheas
tú phósadh." "Má tá," ar sise, "ní phósfaidh
mé aon fhear a choidhche acht an fiadhaire as
Éirinn."



"Ní phósfaidh tú an fiadhaire as Éirinn,"
ars Ainebhios, "agus ní phósfaidh an fiadhaire
as Éirinn thú. Tá an fiadhaire as Éirinn
pósta cheana. (Chuimhnigh sé air fhéin go raibh
sé geallta d'inghin Rí Fóthuinn.) B'fhéidir
gurb olc an tigheacht suas atá aige aon bhean
amháin gan bheirt bheith aige agus gan aige acht
a lá páighe ag dul ó ríoghacht go ríoghacht é
fhéin agus a chú gearr glas." "Dhá mbeadh
triúr ban agat," ar sise, "caithfidh tú mé
a phósadh. Acht a gcuirteá rómhat gan mé a
phósadh chuirfinn do do tharraingt idir ceithre
cinn de chaiplibh thú." "A bhainrioghan óg,"
ar seisean, "b'fhéidir go mbadh fhusa a rádh
ná a dhéanamh. Ní phósfaidh mé thú."



"A fhiadaire dhána," ar sise, "ó's rud é
nach bhfuil tú toilteanach déanfad acht agus
margadh leat. Tá agam-sa seóide deas.
Sin anois, má's deise do sheóidese ins an
oidhche 'márach ná mo sheóidese ní iarrfad
thú a phósadh, acht má's deise mo sheóidese
ná do sheóidese ní mór dhuit mé a phósadh."


L. 33


"A bhainrioghan uasal," ar seisean, "má's
é do thoil é shiubhail mé rófhada indiu le bheith
ag coinneáil cainnte leat. Fáigh leabaidh
dhomhsa le do thoil go dtéidhidh mé a chodladh."



"Seadh," ar sise, "budh chóir dhom
cuimhniughadh airsin roimhe seo."



Fuair sé searbhfhóghantaidhe a theasbáin a
leabaidh dho agus thug dho coinnleóir agus
coinneal lasta innti. Nuair chuaidh sé isteach
bhí an cú gearr glas leis agus dubhairt sí:
"Cuir as do choinneal, tá focal cainnte
agam le rádh leat sul a dtéidhidh tú a chodladh.
Anois bí ag faire amach 'sa ngáirdin." (Bhí an
gáirdín amach ar aghaidh na fuinneóige os a
gcomhair.) Níor bhfada do bhí sé ag faire
amach go bhfaca sé an bhainrioghan óg ag dul
amach agus ag tógáil lice as béal puill.
Ba léar d'Ainebhios annsin cad é an cineal
mná a bhí innti, bean drochbhéasach drochmhúinte.
Bhí an cú gearr glas le n'ais agus dubhairt
sí: "A Ainebhios gan Eagla, cuimhnigh ar an
mnaoi atá glan." Bhí faitchíos uirthi go
n-athróchad sé a intinn agus nach ndéanfad
sé fíor a ghealltanas d'inghin Rí Fóthuinn.
Acht taobh amuigh dubhairt an bhainrioghan óg
le fear an tseóide sin ba mhó cáil agus luach
a thabhairt aice aníos. Thug seisean suas í
agus cia an tseóide a bhí aige acht an madadh
sin na seacht gcos. "Anois," ars an cú
gearr glas, "nach bhfeiceann tú do sháith.
Sin í an tseóide a bhéas aice le d'aghaidh oidhche
amárach. Leagfaidh sí ar bhois an duine uasail
is goire dhí é agus fiafhróchaidh sí dhe an
bhfaca sé aon tseóide ariamh is deise ná é


L. 34


sin. Déarfaidh an duine sin (nidh nach iongnadh)
nach bhfaca (agus budh fhíor dhó é). 'Na dhiaidh
sin béidh madadh na seacht gcos ag dul thart
ó dhuine go duine ó láimh go láimh go dtigidh
sé go dtí thusa. Leagfaidhear ar do láimh é
agus fiafhróchaidh an bhean óg dhíot an bhfaca
tú aon tseóide ariamh níos deise ná é. Abair
léi go mbudh deise an tseóide leat do chú
gearr glas ná é. Acht dhá sílteá é a choinneáil
in do ghlaic d'imtheóchadh sé mar slám ceó(igh)
as do láimh. Caith siar thar do ghualainn é
agus abair léi aríst go mbudh deise an
tseóide leat do chú gearr glas ná é. Go
dtugaidh mise isteach in do ghlaic aríst é
ní'l aon chabhair dhuit ann.



Focal eile fós. Tá beithidheach allta ins
an tír seo a bhfuil an ceathramhadh cuid de'n
ríoghacht bán aige. Tá an Rí agus na h-uaisle
agus a gcontacha agus iad uilig le n-imtheacht
ar a thóir amárach le na mharbhughadh má's féidir.
Nuair a rachas sinn un na coilleadh,
cuirfidhear mise agus thusa ar an mbearnain a
mbéidh fhios acu go dtiocfaidh an beithidheach
amach as. Tiocfaidh seilg amach i dtoiseach
agus imtheóchaidh na contacha uilig 'na diaidh.
Ní leanfaidh mise acht dhá acra í go dtigidh
mé ar ais aríst. Suidhfead síos in d'fhiadhnuise
agus cuirfead fuarchruit orm féin agus
béidh tú ag cuimilt agus ag slíocadh mo
dhromasa. Ní bhéidh sé i bhfad go dtigidh seilg
eile amach. Cé bí cáide a lean mé an chéad
seilg ní leanfaidh mé an darna seilg leath
chomh fada acht béidh na contacha uilig imthighthe
i ndiaidh na seilgeacha. Tiocfaidh mé ar ais


L. 35


agus suidhfidh mé síos in d'fhiadhnuise agus
fuarchruit orm agus bí thusa ag cuimilt mo
dhroma. Toiseóchaidh na h-uaisle ag fonómhaid
agus ag magadh agus ag déanamh grinn ormsa
agus ortsa. Déarfaidh siad leat. "Má's
í an mhaith atá ionnat féin atá 'sa gcú faraoir
nár fhan tú i n-Éirinn." Ná tabhair áird ortha
acht bí ag cuimilt mo dhroma gan cur chucu
ná uatha. Ní bhéidh i bhfad go dtigidh an
beithidheach allta é fhéin amach. Acht ní h-é an
beithidheach allta a leanfas mé i dtoiseach. Leanfad
an chéad seilg a thainig amach agus marbhóchad
í. 'Na dhiaidh sin leanfad an darna seilg agus
marbhóchad í. Leanfad an beithidheach allta
an chéad rud eile agus marbhóchad é. Ins
an deireadh leanfaidh mé na contacha féin
agus ní thiocfaidh aon chú slán ar ais acht
mise. Suidhfidh mé síos agus cuirfidh mé
fuarchruit orm aríst agus bí thusa ag cuimilt
mo dhroma. Creid mise go gcuirfidh sin
deireadh leis an magadh. Abair leó go bhfuil
siad go maith mur n-ionnsuigheann do chú
iad féin agus na cloigne a bhaint dhíobh uilig:
"ní'l leath a sáith seilge ag mo chú go
foill." Gabh a chodladh anois, a Ainebhios gan
Eagla, ní abróchad níos mó leat anocht."



Ar maidin lá ar na mhárach, d'éirigh siad
uilig agus chuaidh amach un na coilleadh agus
cuireadh an fiadhaire as Éirinn ins an áit a
mbeadh an beithidheach allta ag teacht amach
ann. Níorbh fhada go dtainig minseilg amach
agus d'imthigh na contacha uilig go dian
deifreach ar a tóir acht sháruigh ortha tigheacht suas
léithe, thug sí a h-anam slán uatha agus phill-


L. 36


eadar ar ais. Ní dheachaidh cú Ainebhios acht
sgathamh beag go dtainig sí ar ais ; shuidh
sí síos 'na fhiadhnuise agus fuarchruit uirthi.
Bhí Ainebhios ag slíocadh a droma.



Sul i bhfad d'éirigh amach seilg eile acht
ní dheachaidh an cú gearr glas leath chomh fada
an uair seo. Shuidh sí síos agus fuarchruit
uirthi mar bheadh cú fhaiteach, cú gan mhaith
innti. Nuair chonnaic na h-uaisle í bhí iongnadh
ortha agus thoisigh siad ag gáiridhe agus ag
magadh. "A fhiadhaire as Éirinn," ar siad,
"má's í an mhaitheas atá ionnat féin atá
'sa gcú faraoir nár fhan tú i n-Éirinn."
Dheamhan áird thug Ainebhios ortha.



An tríomhadh uair céard chucu amach as an
gcoill acht an beithidheach allta é fhéin agus
d'éirigh siad uilig 'na dhiaidh. Acht an cú gearr
glas níor lean sise dhe acht amach léi go
dtáinig sí suas leis an gcéad seilg gur
mharbhuigh sí é. Mharbhuigh sí an darna seilg
annsin agus 'na dhiaidh sin mharbhuigh sí an
beithidheach allta. D'iompuigh sí gur ionnsuigh
sí na contacha eile dhá réabadh agus dhá
ngearradh go dtí nár fhág sí ceann acu beó
ar an bhfaithche, agus thainig sí í fhéin amháin
slán ar ais. Chuir sí fuarchruit uirthi aríst
fhéin agus bhí Ainebhios ag cuimilt a droma.
Acht cuireadh deireadh leis an magadh agus
dubhairt Ainebhios leis na h-uaisle: "Chonnaic
sibh bhur sáith anois agus nach ádhbhar magaidh
mise ná mo chúsa, agus sílim go bhfuil sibh
go maith mur n-ionnsuigheann mo chú sibh
féin agus na cloigne a bhaint díobh. Níl leath
a sáith seilge aice go fóill."


L. 37


Nuair a bhí an suipéar réidh i dteach an
ríogh an oidhche sin tháinig an bhainrioghan óg
dh'inghin isteach agus an tseóide léithe. Leag
sí madadh na seacht gcos ar bhois an duine
uasail ba goire dhi, agus d'fhiafhruigh sí dhe
an bhfaca sé seóide ariamh ba deise ná é.
Nidh nach iongnadh dubhairt seisean nach bhfaca.
Mar sin do na daoine eile, dubhairt siad
nach raibh a shárúghadh le fághail. Bhí an madadh
ag imtheacht ó láimh go láimh go dtainig sé
ins an deireadh go dtí an fiadhaire as Éirinn.
D'fhiafhruigh an bhean óg de an bhfaca sé seóide
ariamh ní ba deise ná é. Acht d'fhreagair
seisean go bhfaca, go mbudh deise an tseóide
leis a chú gearr glas ná é. Ar bhall na mbonn
chaith sé siar thar a ghualainn é agus rinne
madadh na seacht gcos seabhac dhe fhéin agus
d'imthigh leis amach an doras. Acht ní luaithe
d'imthigh sé ná d'éirigh an cú gearr glas a bhí
'na luighe ag cosaibh an fhiadhaire, rinne sí
iolra dhi fhéin agus amach léi ins na gáinní
i ndiaidh an tseabhaic.



Scannruigheadar uilig nuair d'imthigh an
bheirt agus d'éirigh Ainebhios gan Eagla 'na
sheasamh, uallmhire 'na cheann. Rug sé ar chois
na cathaoireach a bhí faoi, bhuail sé an fear ba
goire dhó ar an leithceann léi, agus le leagan
do shúl bhí an seómra maol bán, chuile fhear
ag imtheacht le na anam féin. Amach le Ainebhios.
Ghléas sé é fhéin suas 'na rígh óg, uasal, róbheó,
reachtmhar; a sgian bhacóideach a mb'ainm
dhi Cinnbheirt, a chlaidheamh coilgdhíreach táir-
ngthe, faobhar un beárrtha agus faobhar un
gearrtha, faobhar un treas' agus treas fhaobhar,


L. 38


buille un treas' agus treasbhuille: bhuail
sé an chuaille chomhraic go nimheamhail an-
éachtamhail. Dh'fhógair sé ar an rígh deich gcéad
ar a aghaidh, deich gcéad ar a chúl, deich gcéad
ar 'chaon taobh dhe. Chuaidh sé fríothu mar
rachadh seabhac frí ál cearc. Nuair a bhí an
fear deiridh marbh aige bhuail sé aríst an
chuaille chomhraic agus d'fhógair sé ortha an
uimhir a dhúblú. Acht tháinig an Rí agus d'iarr
sé párdún, gan aon fhear a mharbhughadh níos
mó go dtí meadhon lae lá ar na mhárach.



"A Rí," ars Ainebhios, "chonnaiceas chuile
shórt go maith agatsa ó thainig mé annseo,
agus bhéarfad maithteamhnas duit go dtí an
t-am sin amárach." "Leagfaidh mé mo cheann
féin ar bhloc," ars an rí, "mur mbí do chú
gearr glas ar ais agat aríst ar an meadhon
lae."



"Bhéarfad ceathramha anma agus báis duit
go dtí sin," ars Ainebhios, "acht mar mbí
mo chú agamsa an t-am sin atá tú a rádh,
bí thú fhéin agus a bhfuil in do ríoghacht ag
deanamh faoi réir, mar ní fhágfad fear in
do thír nach mbainfead an ceann de. Agus
a Rí, ar mhaithe léi fhéin fanadh do raibléire
inghine as mo bhealach feasta. Dubhairt sí
go gcuirfeadh sí do mo tharraingt idir ceithre
cinn de chaiplibh mé, mur bpósfainn í. Acht
deirim leat nach bpósfainn a leitheid ar ór
an domhain."



Ar maidin lá ar na mhárach ní moiche d'éirigh
an ghrian ná d'éirigh Ainebhios óg gan Eagla.
Bí sé ag faire amach go bhfeicead sé an
dtiocfadh an cú. I gcionn sgathaimh thug sé


L. 39


faoi deara an seabhac ag tigheacht ag eiteall
go h-íseal agus an t-iolra ag tigheacht 'na
dhiaidh. Bhí faithche bhán os comhair teach an
ríogh agus bhí an áit lán de nóiníní geala
ag fás ann. D'ísligh an seabhac agus rinne
sé nóinín geal de fhéin ag fás ar an talamh.
Anuas leis an iolra agus rinne caora dhí
fhéin agus bhí sí ag piocad na nóiníní ariamh
go dtainig sí suas leis an nóinín seo, madadh
na seacht gcos. "A dheirbhshiúr," ars an
nóinín geal, "ní thig liom dhul thairis seo."
Rinne sé madadh na seacht gcos de fhein aríst
agus rinne an t-iolra an cú gearr glas dí
fhéin. Rug sí thall 'na béal ar an madadh
agus thug sí anonn é gur fhág sí i láimh Ainebhios
gan Eagla é. "Anois," ar sise, "creid
mise nach scarfaidh sé leat go deó." Nidh nach
iongnadh bhí ríméad anmhór ar Ainebhios agus
dubhairt sé leis an rígh: "A Rí," ar seisean,
"ní mharbhóchad fear ná duine in do ríoghacht
níos mó, acht bí cinnte acht a beag sin go
dtainig mo chú ar ais nach bhfágfainn mórán
agat sul a bhfágainn í."



D'fhág sé slán ag an righ agus shiubhail sé
leis é fhéin agus an cú gearr glas agus
madadh na seacht gcos go dtáinig sé suas
leis an túrtóig ar shuidh sé síos an am ar
chuir an cú gearr glas cainnt air.



"Anois," ars an cú gearr glas, "tá cead
agam mo sgéal innsean duit a Ainebhios gan
Eagla. Is mise inghean Rí Fóthuinn, agus is
é mo dhearbhráthair madadh na seacht gcos.
Gabh abhaile agus déan do ghealltanas fíor
do mo dheirbhshiúr, agus 'na dhiaidh sin déan


L. 40


do bhealach go h-Éirinn agus cuir do gheasa
díot."



"An é nach mbéidh tú a bhaile liom?" ar
seisean. "Sé. Sin a raibh de shaoghal le fághail
agam go gceapainn mo dhearbhráthair madadh
bocht na seacht gcos agus go dtógainn air
ais é go dtí an áit ar chuireas cainnt ort.
Sin é an fáth a raibh doilgheas ar m'athair mise
a thabhairt duit. Ba mhór an gar leis bheith
ag dearcadh orm in mo chú féin 'sa teach
aige, mar bhí a nádúr liom." "Acht an bhfuil
nidh ar bith ins an domhan a dhéanfadh cabhair
duit?"



"Ní'l," ar sise, "acht aon nidh amháin, nídh
nach féidir fhághail. "Mo dhona agus mo
dhothairne," ar seisean, "neart Dia d'fholughadh
dhíom, nidh ar bith dhá ndearna mé ariamh nár
fhághaim a thoradh ná a thairbhe má chuirimse
cos thar an túrtóg seo ach oiread leat. Léir
mar tá tusa caillte liom, go gcaillidh mise
mé fhéin leatsa, sin nó go mbéidh tú a bhaile
liom."



"Tá sé chomh maith dhom mar sin," ar sise,
"an méid bun atá agam a thabhairt duit,
agus budh mhaith an rud dhá dtigeadh liom
féin bheith leat. Go dtigidh an slaitín draoidh-
eachta a rinne an cú gearr glas díomsa agus
a rinne madadh na seacht gcos de mo dhear-
bhráthair ní'l aon fhuasgailt i ndán dom.
Tá sé ag Samhdán na Persia, mar is é a rinne
an cleas sin agus a chuir armshluagh agus
riogacht m'athara bun os cionn. Anois nuair
a thiocfas tú isteach 'na ríoghacht, casfaidhear
leat leathdhuine beó agus a leath eile dearg-


L. 41


lobhtha. Níor leig seisean aon fhear thairis
ariamh nach marbhochad sé é. Buailfidh sé an
leath lobhtha suas faoi d'aghaidh, lobhfaidh sé
agus bréanfaidh sé suas faoi na súilibh agus
faoi an éadan thú. Nuair a shílfeá greim
fhághail air bheadh sé imthighthe seacht n-iomairídhe
agus seacht n-acra de léim uait go dtigeadh
sé ort aríst, agus ag leanamhaint mar sin
ariamh go ndalladh sé suas ar do dhá chois
thú agus go mbréanadh agus go lobhadh sé thú
ar fad le lobhthacht agus le bréantas. Ní
mharbhóchaidh claidheamh an leath bheó, ní bháithfidh
uisge é agus ní dhóighfidh teine é, go dtigidh
fear a cheapfas é agus tháirneóchas go bárr
an chnuic é, áit a bhfuil caisleán ar a chúl
agus istigh 'sa gcaisleán cat déanta de
bhainrioghan óig. Nuair a chluinfeas an leath
bheó meabhlach ó'n gcat tuitfidh sé marbh ar
fad.



'Na dhiaidh sin casfaidhear an cruitíneach
ceól-bhinn leat, agus cuirfidh sé fáilte agus
sláinte rómhat in d'ainm féin agus in do
shloinne, gidh nach bhfaca sé ariamh go dtí an
uair sin thú. Déarfaidh sé leat go mbudh
mhaith bheith ar phósadh agus ar bhainfheis d'athara
agus go seinnfidh sé port duit i n-onóir
do d'athair. Nuair a bhéas an port seinnte
aige, déarfaidh sé nárbh fheárr an airidh ar
d'athair é ná ar do mháthair, agus go seinnfidh
sé port duit i n-onóir do do mháthair. Nuair a
bhéas an darna port seinnte aige déarfaidh
sé nárbh fheárr an airidh ariamh ar d'athair ná
ar do mháthair é ná ort fhéin, agus go seinnfidh
sé port i n-onóir dhuit féin. Acht faire anois,


L. 42


a Ainebhios gan Eagla," ars an cú gearr
glas, "má tháirnigheann sé an bogha ar an
bhfidil in d'ainm féin, tá do neart caillte
agat agus an cloigeann bainte dhíot. Nuair a
fheicfeas tú an cruitíneach ceól-bhinn ag dul
ag tarraingt an bhogha, abair leis: "Ní bhéidh
níos mó de do phortanna agam." Tarraing
do chlaidheamh agus bain an cloigeann de.
Sin a bhfuil de bhun agam. As sin feasta
níl agat acht cion do chnáimh. Budh mhaith liom
mé fhéin bheith leat, acht ní mór dhom fanacht.
Cuir annseo mise agus mo dhearbhráthair
madadh na seacht gcos agus imthigh leat."



Chuir Ainebhios ann an bheirt; d'fhág sé
an túrtóg 'na dhiaidh agus d'ionnsuigh sé
isteach i ríoghacht na námhad. Ar deireadh thiar
casadh leis an leathdhuine beó agus an leath
eile marbh dearg-lobhtha agus baladh gránna
míchumhra ag teacht as. Acht dhá dhonacht an
baladh é ní raibh dul as ag Ainebhios agus
b'éigean do dhul i gcomhrac leis. D'ionnsuigh
an leath bheó é gur bhuail sé buille de'n leath
lobhtha faoi n-a éadan air agus is beag nár
thuit an fear óg i laige ó'n mbaladh uathbhásach
agus a shúilí agus a shrón líonta de'n
bhréantas agus de'n lobhthacht. D'iarr sé greim
fhághail ar an leath bheó acht ar bhall na mbonn
bhí seisean imthighthe de léim seacht n-iomairídhe
uaidh. Thainig sé ar ais aríst agus an méid
a fuair Ainebhios 'na shaoghal fuair sé an uair
sin é. Acht d'éirigh leis ar deireadh go bhfuair
sé greim daingean láidir a dhá láimh ar an
leath bheó agus gur tharraing se dhá aindeóin
suas an cnoc é go dtí an áit a raibh an cais-


L. 43


leán ar a mhullach. Chualaidh an cat istigh
an torann chuice agus leig sí meabhlach árd
ghéar, agus le leagan do shúl thuit an leath
beó marbh. Chaith Ainebhios uaidh é agus chuaidh
sé isteach. Acht ní raibh cabhair ann do'n bhain-
rioghain óig seo ach oiread, go dtigeadh an
slaitín draoidheachta a dhéanfadh 'na cruth
féin arist í.



D'fhág sé slán aice agus bhí sé ag déanamh
a bhealaigh roimhe gur casadh leis an cruitíneach
ceólbhinn.



"Go mbeannuighthear dhuit, a Ainebhios gan
Eagla, mhac ríogh i n-Éirinn," ars an cruitíneach,
"is fada ó Éirinn atá tú anois."



"Go mbeannuighthear dhuit fhéin, a chruitínigh,"
ars Ainebhios, "acht cá bhfios duit cé mise?
Ní fhacas ariamh roimhe seo thú."



"Is cuma sin, acht deirim leat go mbudh
mhaith bheith ar phósadh agus ar bhainfheis d'athara.
Seinnfidh me port duit i n-onóir do d'athair."



Sheinn sé port binn de na ceóltaí sidhe.
'Na dhiaidh sin dubhairt sé: "A Ainebhios
gan Eagla ní fearr an airidh ar d'athair é
ná ar do mháthair agus anois seinnfidh mé
port i n-onóir do do mháthair." Sheinn sé port
eile a chuirfeadh sult agus aoibhneas i
gcroidhthibh na marbh, port draoidheachta nach gcualaidh
aon duine ariamh a shárughadh ar bhinneas
agus ar fheabhas.



Nuair a bhí an port seinnte aige dubhairt
sé: "A Ainebhios ní fearr an airidh ariamh
ar d'athair ná ar do mháthair é ná ort fhéin
mar is tusa an gaisgidheach is mó cliú agus
cáil agus onóir ins an domhan, agus seinnfidh


L. 44


mé port i n-onóir duit féin." Acht níor leig-
eadh dhó an tríomhadh port a sheinm. "Ní bhéidh
níos mó de do phortanna agam," ars Ainebhios.
Tharraing sé a chlaidheamh agus bhain sé an
ceann de'n chruitíneach cheól-bhinn.



D'imthigh leis annsin agus thug sé a aghaidh
ar ríoghacht an tSamhdáin. Ní bhfuair sé an
bealach réidh roimhe acht 'chuile fhear dhá ionn-
suighe agus ag iarraidh é a mharbhughadh. Acht
tharraing ortha a sgian bhacóideach a mb'ainm
dhi Cinnbheirt agus a chlaidheamh coilg-dhíreach
táirngthe, faobhar un gearrtha, faobhar un
bearrtha, agus bhí sé dhá leagan agus dhá
gclaoidheadh go dtí nár fágadh i bPersia
'sa deireadh fear bhéil bheó acht é fhéin agus an
Samhdán. Bhí sé anois 'na sheasamh ag geataibh
phálás an tSamhdáin nuair thainig spáinneóir
madaidh amach agus rug greim colpa air.
Tharraing Ainebhios gan Eagla a chlaidheamh
go mbainead sé an cloigeann de'n mhadadh
acht ghreamuigh a lámh de'n chlaidheamh, ghreamuigh
a chlaidheamh de'n mhadadh agus ghreamuigh a
chos de'n talamh. B'shin í an uair a dtainig
bean an tSamhdáin amach gur thoisigh sí ag
magadh agus ag fonómhaid faoi agus ag rádh
dhá fheabhas d'fhear é gur gearr go mbaineadh
an Samhdán an ceann de. "Ná h-abair thusa
sin, a bhainrioghan," ars Ainebhios gan Eagla,
"is maith atá tú ceannuighthe agus saothruighthe
agamsa. Thainig mé bealach cruaidh fada ó
Éirinn i ngeall ort. Oidhche Shamhna déantar
cleasa i n-Éirinn agus tusa a thainig chugam
in mo chleas agus sin é an fáth a bhfuil tú
saothruighthe agus gnóthuighthe go maith agam."


L. 47


"Dhá mbead fhios agam gurab shin é an
fáth, sgaoilfidhe thú," ar sise.
"Go deimhin," ar seisean, "sin é an fáth
díreach."



Chreid sí é agus thainig sí amach agus buidéal
ola léi gur chuimil sí do bhéal an mhadaidh í.
Sgaoileadh an madadh acht tharraing Ainebhios
a chos gur bhuail sé é agus gur sgáird sé a
inchinn i n-aghaidh an bhalla. "A bhean uasal,
ars Ainebhios, "síleann tú gur i ngeall ort
atá mise. Deirim leat anois nach h-eadh."
"D'innis tú bréag agus chuir tú amudha mé,"
ar sise, "acht ó rinneas an méid sin, bain
thusa an ceann de'n tSamhdán."



"Geallaim dhuit go ndéanfaidh mé sin;
le h-aghaidh é a dhéanamh thainig mé."



Bhí an Samhdán istigh dhá ghléas féin 'na chulaith
catha go dtigeadh sé un troda le mac ríogh
i n-Éirinn. Shíl sé é fhághail ceangailte suas
ag an doras acht dhá bhuidheachas bhí sé sgaoilte
roimhe. Thoisigh an bheirt ar a chéile is gach áit
ba tiugha tanaidhe leis an dá chlaidheamh gur
éirigh le Ainebhios ins an deireadh thiar gur
leag sé an Samhdán agus gur cheangail sé
é. "Fóill, fóill, a ghaisgidhigh," ars an Samhdán,
"shiubhail mé ar shiubhail mé, chonnaic mé a
bhfaca mé, agus is tú an fear is fearr a
tharraing ariamh claidheamh in m'aghaidh. Sgaoil
mé agus bhéarfaidh mé dhuit an slaitín
draoidheachta a dhéanfas bainríoghan óg de chat an
chaisleáin, agus bainrioghan óg d'inghin Rí
Fóthuinn, an cú gearr glas, agus prionnsa
óg de mhadadh na seacht gcos. Beárfaidh mé
dhuit coróin Rí Fóthuinn. Bhéarfaidh mé dhuit


L. 48


an íocshláinte a dhéanfas a chuid airm beó
aríst. Bhéarfaidh mé dhuit an tslat draoidh-
eachta a thóigfeas an ceó draoidheachta dá
ríoghacht. Bhéarfaidh mé dhuit an chláir-fhiacail
a athróchas agus a bhéarfas 'chuile shórt nídh
ar a cháilidheacht agus ar a nádúr féin.
Creidim gur dá gcoinne seo tháinig tú."
D'orduigh Ainebhios chuile shórt acu fhághail
os a chomhair. Nuair a bhí siad aige, tharraing
sé a chlaidheamh gur bhain sé an ceann de'n
tSamhdán: d'fhágfadh sé beó é acht ag déanamh
gair do'n bhainrioghan a sgaoil é.



D'fhág sé slán aice agus phill sé ar ais
go dtí an caisleán a raibh ann an bhainrioghan
óg déanta 'na cat. Bhuail sé buille beag
de'n tslaitín draoidheachta uirthe, agus
thainig sí ar ais 'na cruth féin, mar tá bean
óg deas. Thug sé leis í gur shroich siad an
túrtóg a raibh an cú gearr glas curtha ann,
agus madadh bocht na seacht gcos. Bhuail
sé an cú leis an tslaitín draoidheachta agus
d'éirigh sí 'na cruth féin, bainrioghan áluinn
óg. Bhuail sé madadh na seacht gcos, agus
ar bhall na mbonn rinneadh prionnsa óg dhe.



Amach leó annsin an bheirt bhainríoghan óg
agus an bheirt phrionnsaí, ríméad agus bród
ar a gcroidhe agus buidheach de'n Té a thug
slán as gach gábhadh iad. Chuaidh siad treasna
an bhogaigh sin a raibh Ainebhios bocht chomh
traochta claoidhte ann agus is ar éigean
a bhí sé ag tarraingt a chos 'na dhiaidh sul
má chuir an cú gearr glas cainnt air. Isteach
'sa gcoill mhóir a raibh na crainn agus na
géagáin dhá réabadh agus dhá stróiceadh agus


L. 49


é ag iarraidh coinneáil i n-amharc an chú. Amach
aríst as an gcoill go dtí an áit ar chuimhnigh
sé caint a chur uirthi, gur scannruigh sé
go mór ag an drochchuma a bhí uirthí. An bealach
ceannann ceádna sin é an bealach a ndeacha
siad a bhaile an ceathar seo de na h-uaislibh
ag giorrachan an bhóthair le cómhrádh caoin
ceanamhail go raibh siad ag tarraingt rí-ghar
do ríoghacht Rí Fóthuinn.



Chomh luath agus thainig siad isteach ins an
ríoghacht thoisigh an ceó draoidheachta a rinne
oidhche dhubh de'n lá ag glanadh leis roimh an
tslaitín draoidheachta agus gan mhoill bhí
teas agus solus na gréine ar fághail arist
i dtír mío-ádhamhail Rí Fóthuinn. Níor bh'fhada
dhóbhtha gur shroich siad an áit a raibh an
t-armshluagh sínte marbh mín. Rinne Ainebhios gan
eagla cúigear nó seisear acu beó leis an
íocshláinte a fuair sé ón tSamhdán i bPersia
agus thug sé an íocshláinte dhóbhtha féin agus
cead bheith ag déanamh a chéile beó. Bhí sé
féin agus an triúr eile ag deanamh a mbealaigh
go socair réidh go dtí an pálás.



Ar feadh an ama seo bhí an seanrí 'na sheasamh
i mbéal an dorais, agus iongantas na
n-iongantas air, agus dubhairt sé le n-a
inghin, go raibh neach beannuighthe ar a ríoghacht
nuair a chonnaic sé an ceó draoidheachta ag
imtheacht agus an lá ag glanadh nár glanadh
le bliadhain 's lá. Níorbh fhada dhó annsin
gur thoisigh na ba ag géimnigh aríst mar ba
nádúr dhóbhtha, sgaoil na caiple tharstú an
ghéimneach chéadna agus ghlac chucu a seitreach
féin mar ba cáilidheacht dóbhthasan, na caoirigh


L. 50


beaga bána ghoid siad ar ais ó na gabhair a
méidhleach bhrónach chaoin, agus níor fágadh
ag na gabhair acht an mheigleach ghéar ghránna
a phronn Dia ortha i dtús a saoghail. Níorbh
fhada dhó go gcuala sé an torann chuige agus
dubhairt sé le n-a inghin; "bhíos lá de'n
tsaoghal go n-abróchainn gurab shin iad mo
chuid dromaidhe atá dhá mbualadh anois."
Níorbh fhada dhó gur siud isteach an cócaire
agus a chuid searbhfhóghantaidhe ag tigheacht
'na nduine agus 'na nduine agus 'chuile
dhuine ag dul un a áite féin. Níorbh fhada
dhó go bhfaca sé an ceathar chuige, a inghean, an
cú gearr glas, a mhac, madadh na seacht gcos,
Ainebhios gan Eagla, agus an bhainrioghan
óg a ndearnaidh an Samhdán cat dí. Deirim
leat go raibh cainnt ag an rígh roimh Ainebhios
thar mar bhí an chéad oidhche ar chaith sé an
mol neimhe a bhí 'na ghléas sábhála ar an
gcúirt síos le fánaidh na h-aille isteach 'sa
bhfairrge mhóir. Ní raibh call do'n mhol neimhe
ní b'fhuide mar bhí arm an ríogh beó aríst
dhá chosaint agus dhá shábháil. Chaith siad an
oidhche go siamsamhail suairc i bpálás Rí
Fóthuinn. Acht ní raibh geasa Ainebhios curtha
dhe go foill agus ní tháinig leis an darna
h-oidhche fanacht acu. Mar sin rinne sé fíor
an oidhche seo a ghealltanas d'inghin an ríogh,
an chéad oidhche nuair gheall sé dhí a cheithre
cnámha féin dhá dtugad sí dhó bun ná tuairisg
mhadadh na seacht gcos. Pósadh iad, agus
pósadh chomh maith an bhainrioghan óg a bhí 'na
cat ar an bprionnsa óg, madadh na seacht
gcos.


L. 51


Ar maidin lá ar na mhárach fuair Ainebhios
gan Eagla a long ins an scainimh mhín-chlochach,
áit nár bhaoghal di tonn dá tuargaint, ná
crann de chrainnibh na fairrge ag tuitim
uirthe. D'imthigh sé amach faoi lán-tseól i
mbéal na mara móire go h-Éirinn é fhéin
agus an bhainrioghan óg, an cú gearr glas,
an prionnsa óg, madadh na seacht gcos, a
bhean féin agus an bhean eile. I gcionn naoi
lá agus naoi n-oidhche tháinig siad i dtír i
n-Éirinn, agus suas leó go dtí cúirt agus
cathair a athara. Acht sul ar imthigh sé isteach
bhuail Ainebhios an prionnsa óg leis an
tslaitín draoidheachta agus rinneadh madadh
na seacht gcos de aríst. Thug sé anonn dá
leasmháthair 'na h-ucht é. "Anois, a mháthair,
ar seisean, "an bhfuil mo gheasa tóigthe dhíom?"
"Tá," ar sise, acht i n-aghaidh a cos dubhairt
sí é, mar bhí súil aice go bhfuighead sí an ceann
is fearr air, agus nach bhfeicfead sí aríst
go deireadh an tsaoghail é. Chomh luath agus
labhair sí bhuail Ainebhios madadh na seacht
gcos leis an tslaitín draoidheachta agus
d'éirigh chucú aríst an prionnsa óg na
nádúr fhéin.



Go dtí sin ní raibh tuairisg a mhic ag an
righ agus cinneadh air fhághail amach céard
thug as baile é. D'innis Ainebhios dó anois
faoi an mbail a chuir a leasmháthair air agus
faoi na geasaibh a raibh sé fútha agus gach a
ndeacha sé fríd chuile lá ó shoin go dtí an
lá sin féin. Bhí an t-athair le buile, agus
d'orduigh sé dá shearbhfóghantaidhe teine mhór
mhónadh a chur i lár na sráide agus corcán


L. 52


mór líonta de thearra istigh innti. Caitheadh
isteach ins an tearra an bhainrioghan óg
inghean Rí na Frainnce gur leaghadh í agus
gur cailleadh í. 'Na dhiaidh sin thug Ainebhios
leis an bhainrioghan óg an cú gearr glas gur
phós sé le na athair í. Mhair an t-athair i bhfad
agus nuair a d'imthigh sé ar deireadh ar shluagh
na marbh ghlac Ainebhios gan Eagla an
Ríoghamhlacht chuige fhéin, agus bhí ceart le
fághail ag 'chuile dhuine i n-Éirinn le na linn.
Críoch.


L. 57


CEISTEANNA.



ll. 3-5.
Cá raibh an rí na chomhnuidhe? An raibh sé pósta? An raibh
mórán cloinne aige? Cé méad duine cloinne bhí aige? Céard do
rinne sé leis an bpáiste? An raibh sé i bhfad ag an mnaoi sin?
Cá ndeachaidh an t-athair? Cá fhaid a chaith sé annsin? Céard
d'iarr sé ar Rí na Frainnce? Ar eitigh Rí na Frainnce é? Cá
raibh sé le dul nuair a bhí aimsir na bainfeise thart? Cé an
dearmad a rinne sé?



An bhfuair sé an spré nuair d'iarr sé í? Ar eitigh Rí na
Frainnce é an turas seo? Cé an chaoi ar socruigheadh é? Cé shocruigh
é? Ar shocruigh siad chuile shórt? Céard d'fhag siad gan socrughadh
agus cé shocruigh é sin? Cé ghnóthuigh an cluiche (pron. cluife)?
Cé an t-ordughadh a chuir an rí a bhaile go h-Éirinn.



Cá raibh mac an ríogh i rith an ama seo? An raibh a fhios aige
go raibh an imirt le bheith ann? Céard a bhí ag cur as dó? Ar
mhaith leis an bhuaidh a bheith ag na Franncaigh? Ar bh'fhurus dó
dhul amach? Cé bhí ghá choinneáil isteach? Ar éirigh léithe? An raibh
sé ag imirt? An bhfuair sé cead dul isteach? Cé an chaoi? Ar
éirigh leis go maith? An raibh na daoine ag crathadh lámh leis?
An dtug an rí sonnrughadh ar bith dhó? Tuige? Ar mhaith leis a
fhios a bheith ag an mbainrioghain óig go raibh sé pósta cheana?
Cé an locht a fuair Rí na Frainnce ar an Éireannach?



ll. 6-8.
Cé sheas cliú agus cáil na h-Éireann réir Rí na Frainnce?
Cé an gheallamhaint a thug Rí na h-Éireann? Cá fhaid d'fhan na
Franncaigh i n-Éirinn? Cé an chaoi ar chuala an bhainrioghan go
raibh mac ag an Rí? Cad chuige ar dhubhairt an chailleach an easgaine
léite? Cad chuige a mb'fhearr léite an bhanrioghan a cailleadh?
Cé mhéad uair a shleamnuigh sí ar fad? Cé mhéad uair a rinne sí
é i n-aon turas? Cé h-iad na ceisteanna a chuir sí ar an gcailligh?
An bhfuair an chailleach seacadadh? Cad chuige ar thug sí an t-air-
gead di.



Cé an cleas a d'imir sí nuair a chuaidh sí a bhaile? Céard
dubhairt sí a bhí uirthi? Cá bhfuair sí an fhuil? Cé an uair a chuir
sí an fhuil in a béal? An raibh sgannradh mór ar an Rí? Céard
a sgannruigh e? Cé cuireadh i gcoinne an oighre óig? Céard
dubhairt an bhean oileamhainte nuair a bhí sé ag imtheacht? An
raibh an bhainrioghan ag feabhsughadh? Céard do chuir biseach uirthi?
Cé an leithsgéal a bhí ar na mhárach nuair a h-iarradh uirthi
dul ag seilg?









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services