Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Rúise
Title
An Rúise
Author(s)
Mícheál Breathnach,
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Rúise An Tríomhadh Dúma. Bhíos ag tagairt do'n Chéad Dúma an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Ní gábhadh dhom tráchtas nó tagairt fhada a dhéanamh do'n Dara Dúma. Ba ghearr gairid a shaoghal. Bhuail an bás go húr óg é. Tháinig an Tríomhadh Dúma 'n-a dhiaidh. Cia an chaoi ar toghadh é? Níl aon ghléas feileamhnach ceart sa Rúise le Feis a mbéidh cead pléidhe a chúise ag bocht agus saidhbhir innti chomh maith le chéile a chur ar bun. Tá dlighe nó socrughadh nuadh i dtaoibh guthaidheachta-pobail ag teastáil go géar. Ba mhó go mór an chumhacht a bhí ag na bochtaibh agus ag lucht na hoibre sa gcéad Fheis 'ná mar tá aca sa tríomhadh Feis. Bhí faitchíos rómpa agus rinneadh socrughadh le nach dtiocfadh le mórán dhíobh a bheith san bhFeis seo atá ar bun anois. Ag na huaislíbh is mó atá an chumhacht fá láthair. Tá furmhór na mball dílis do'n riaghaltas. Acht cad mar gheall ar na daoinibh nach bhfuil aon duine le labhairt ar a son? Labhraidís féin agus oibrighdís, má's leo a gceart a bhaint amach. “Sinn Féin” a leigheasfas an sgéal sa deireadh. Go cinnte is buille ar aghaidh do mhuinntir na Rúise an fheis seo a bheith aca. Tá sórt “debholution” (!) aca anois agus tá daoine sa Rúise adeiras “gur fearr leath-builín 'ná bheith gan arán.” Tá faill ag cuid de mhuinntir na tíre ar iad féin a chur i gcéill agus cuid de'n chumhacht a bhaint de réir a chéile de'n Tsar. Níl aon aimhreas nach mbainfidh freisin leis an aimsir. Bhí díospóireacht mhór sa bhFeis le goirid a chruthuigh sin. Ní leigfidh faitchíos do'n Impire a bheith ag cur teampáin i gcomhnaidhe ortha. Tá faoi an bhFeis seo anois deagh-ghléas riaghluighthe a shocrughadh má's féidir é. Tá fúithi iarracht a thabhairt ar na tíortha agus na náisiúin bheaga atá sgaipthe annso agus annsúd ar fud na himpireachta a shuaimhniughadh chomh maith 's tá sé 'n-a cumas. Tá ar an bhFeis athrughadh feileamh- nach sásamhail a chur ar an dlighe le go mbéidh sé de cheart ag furmhór na ndaoine guthanna a thabhairt nuair a bhéas toghadh dalta-feise ar siubhal. Acht 'sé mo mheas féin nach n-éireochaidh go maith leis an bhFeis i gceachtar de na mór- iarrachtaibh seo. Duadh agus Deacracht. Ní maith gur féidir a mheas i gceart cia na duadh agus deacracht a bhaineas le gnóthaibh riaghaltais sa Rúise. Ní hionann í agus aon tír eile. Mar dubhras cheana tá an oiread cinidheacha ar leith innti 's nach sásóchaidh an gléas riaghaltais céadna go léir go lá an Luain iad. Tá a mbéasa, a nósa, a dteanga, a stair féin ag gach cineadh agus ní bhéidh siad sásta éirghe as gach nídh dhár dhual dóibh. Níl aon tsuim san impireacht aca ná aon grádh aca dhi. Níl uatha acht an Mathghamhan mór Rúiseach a ruaigeadh ó n-a ndorsaibh, agus cead a bheith aca a dhul ar aghaidh — nó ar gcúl — sa saoghal ar a slighe féin. Na cinidheacha “beaga.” Ní gábhadh dhom a rádh go bhfuil iarpais nimhe- neannta i gcroidhe na bPólach i n-aghaidh na Rúise. Tá siad ag ciapadh ar gach caoi ar féidir leo é. Níl de phaidir ag an bPólach do na tíorthaíbh atá 'ghá chrádh agus 'ghá dhonughadh féin acht gach tubaiste agus mí-rath saoghalta éirghe dhóibh. An bhfuil sin iontóigthe air? Tá súil ag an bPólach — mar tá ag go leor nach é — nach buan do na himpireachtaibh móra so a bhfuil an oiread sin gleo agus torainn agus gaisge aca fá láthair. Tá siad ag fás agus ag neartughadh — cuid dhíobh — le fada anois, acht tiocfaidh an lá a bpléasgfaidh siad ar nós bogáin gaoithe. Cá bhfuil na himpireachta móra a bhí sa domhan fad ó? Ba mhór a gcliú agus a gcáil. Ba mhór a gcumhacht agus a réam tráth. Acht thugadar a seal agus annsin ní raibh ag daoinibh acht a dhul ag tiomsacht agus ag smúrthacht agus ag cuartughadh 'sna sean- leabharlannaibh le 'n-a dtásg agus a dtuairisg fhágháil. 'Sé mo bharamhail féin go dtiocfaidh an lá a mbeidh deireadh le ríoghachta agus le mór-impireachta — an lá a mbéidh tíortha beaga an domhain go haoibhneach sólasach ar a gcomhairle féin. Tá sé fánach ag an Rúiseach a bhfuil de thíorthaibh in' impireacht a shnamadh go daingean láidir le chéile. Ní ghlacfaidh na Tartair éirghe as na sean-chleachtaibh is dual dóibh féin. Tá grádh aca do'n uaigneas agus do'n iargcúltacht, do'n fhiadhach agus do'n tseilg — do gach nídh dhár chleachtuigh a sean agus a sinnsir. Cia an luighe atá aca-san leis an Rúiseach? Bh'fuil sé d'oibliogáid ortha os comhair Dé ná daoine a sléibhte móra féin — na réimsí fiadháine fair- singe a bhí 'n-a seilbh leis na ciantaibh — a thabhairt suas do'n coigcrícheach Rúiseach? Bhfhuil sé d'fhiachaibh ortha go dlisteanach a bheith dílís do'n Tsar? Nach bhfuil sé fánach ag riaghaltas i bpríomh-chathair na Rúise a riaghlughadh i gceart agus dá mbuidheachas? Mar an gcéadna le muinntir Georgia agus le go leor tíortha eile. Tá siad so i n-ainm 's a bheith i seilbh na Rúise. Tá fúithi a gcoinneáil fá smacht. Cia an chaoi a bhféadfaidh sí sin a dhéanamh? Cuir i gcás go mbeadh teachtairí go leor ó na tíorthaibh seo go léir i bhFeis na Rúise, an dtiocfaidís le chéile? Nach mbéidís go léir ag troid ar son a muinn- tire féin? Nach mbéidís féin agus an riaghaltas i n-áracha' a chéile go síorraidhe? “Acht,” arsa tusa, “bheadh an riaghaltas níos cumhachtaighe 'ná iad agus badh bheag a bheann ortha.” Tá áiteacha sa domhan 'n-a bhféadfaidhe sin a rádh go fírinneach. Acht fan ort. Déanfamuid staidéar, an tseachtmhain seo chugainn, ar an gcaoi a bhfuil muinntir Impir- eachta na Rúise roinnte, agus tuigfear annsin chomh deacair 's tá sé an sgéal a réidhteach ar chaoi a shásóchadh an tSar agus a lucht comhairle. Mícheál Breathnach. Léisin, An Eilbhéis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services