Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Rúise

Title
An Rúise
Author(s)
Mícheál Breathnach,
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Rúise



An Tríomhadh Dúma.



Bhíos ag tagairt do'n Chéad Dúma an
tseachtmhain seo ghabh tharainn. Ní gábhadh
dhom tráchtas nó tagairt fhada a dhéanamh
do'n Dara Dúma. Ba ghearr gairid a
shaoghal. Bhuail an bás go húr óg é. Tháinig
an Tríomhadh Dúma 'n-a dhiaidh. Cia an chaoi ar
toghadh é? Níl aon ghléas feileamhnach ceart
sa Rúise le Feis a mbéidh cead pléidhe a chúise
ag bocht agus saidhbhir innti chomh maith le chéile
a chur ar bun. Tá dlighe nó socrughadh nuadh i
dtaoibh guthaidheachta-pobail ag teastáil go
géar. Ba mhó go mór an chumhacht a bhí ag na
bochtaibh agus ag lucht na hoibre sa gcéad
Fheis 'ná mar tá aca sa tríomhadh Feis. Bhí
faitchíos rómpa agus rinneadh socrughadh le nach
dtiocfadh le mórán dhíobh a bheith san bhFeis seo
atá ar bun anois. Ag na huaislíbh is mó atá
an chumhacht fá láthair. Tá furmhór na mball
dílis do'n riaghaltas. Acht cad mar gheall ar
na daoinibh nach bhfuil aon duine le labhairt ar
a son? Labhraidís féin agus oibrighdís, má's
leo a gceart a bhaint amach. “Sinn Féin” a
leigheasfas an sgéal sa deireadh. Go cinnte is
buille ar aghaidh do mhuinntir na Rúise an fheis
seo a bheith aca. Tá sórt “debholution” (!)
aca anois agus tá daoine sa Rúise adeiras
“gur fearr leath-builín 'ná bheith gan arán.”
Tá faill ag cuid de mhuinntir na tíre ar iad
féin a chur i gcéill agus cuid de'n chumhacht a
bhaint de réir a chéile de'n Tsar. Níl aon
aimhreas nach mbainfidh freisin leis an aimsir.
Bhí díospóireacht mhór sa bhFeis le goirid a
chruthuigh sin. Ní leigfidh faitchíos do'n Impire
a bheith ag cur teampáin i gcomhnaidhe ortha. Tá
faoi an bhFeis seo anois deagh-ghléas riaghluighthe
a shocrughadh má's féidir é. Tá fúithi iarracht a
thabhairt ar na tíortha agus na náisiúin bheaga
atá sgaipthe annso agus annsúd ar fud na
himpireachta a shuaimhniughadh chomh maith 's tá sé
'n-a cumas. Tá ar an bhFeis athrughadh feileamh-
nach sásamhail a chur ar an dlighe le go mbéidh
sé de cheart ag furmhór na ndaoine guthanna a
thabhairt nuair a bhéas toghadh dalta-feise ar
siubhal. Acht 'sé mo mheas féin nach n-éireochaidh
go maith leis an bhFeis i gceachtar de na mór-
iarrachtaibh seo.



Duadh agus Deacracht.



Ní maith gur féidir a mheas i gceart cia na
duadh agus deacracht a bhaineas le gnóthaibh
riaghaltais sa Rúise. Ní hionann í agus aon
tír eile. Mar dubhras cheana tá an oiread
cinidheacha ar leith innti 's nach sásóchaidh an
gléas riaghaltais céadna go léir go lá an Luain
iad. Tá a mbéasa, a nósa, a dteanga, a stair
féin ag gach cineadh agus ní bhéidh siad sásta
éirghe as gach nídh dhár dhual dóibh. Níl aon
tsuim san impireacht aca ná aon grádh aca dhi.
Níl uatha acht an Mathghamhan mór Rúiseach a
ruaigeadh ó n-a ndorsaibh, agus cead a bheith
aca a dhul ar aghaidh — nó ar gcúl — sa saoghal
ar a slighe féin.



Na cinidheacha “beaga.”



Ní gábhadh dhom a rádh go bhfuil iarpais nimhe-
neannta i gcroidhe na bPólach i n-aghaidh na
Rúise. Tá siad ag ciapadh ar gach caoi ar
féidir leo é. Níl de phaidir ag an bPólach do
na tíorthaíbh atá 'ghá chrádh agus 'ghá dhonughadh
féin acht gach tubaiste agus mí-rath saoghalta
éirghe dhóibh. An bhfuil sin iontóigthe air? Tá
súil ag an bPólach — mar tá ag go leor nach
é — nach buan do na himpireachtaibh móra so a
bhfuil an oiread sin gleo agus torainn agus
gaisge aca fá láthair. Tá siad ag fás agus
ag neartughadh — cuid dhíobh — le fada anois, acht
tiocfaidh an lá a bpléasgfaidh siad ar nós
bogáin gaoithe. Cá bhfuil na himpireachta móra
a bhí sa domhan fad ó? Ba mhór a gcliú agus
a gcáil. Ba mhór a gcumhacht agus a réam
tráth. Acht thugadar a seal agus annsin ní
raibh ag daoinibh acht a dhul ag tiomsacht agus
ag smúrthacht agus ag cuartughadh 'sna sean-
leabharlannaibh le 'n-a dtásg agus a dtuairisg
fhágháil. 'Sé mo bharamhail féin go dtiocfaidh
an lá a mbeidh deireadh le ríoghachta agus le
mór-impireachta — an lá a mbéidh tíortha beaga
an domhain go haoibhneach sólasach ar a gcomhairle
féin. Tá sé fánach ag an Rúiseach a bhfuil de
thíorthaibh in' impireacht a shnamadh go daingean
láidir le chéile. Ní ghlacfaidh na Tartair éirghe
as na sean-chleachtaibh is dual dóibh féin. Tá
grádh aca do'n uaigneas agus do'n iargcúltacht,
do'n fhiadhach agus do'n tseilg — do gach nídh dhár
chleachtuigh a sean agus a sinnsir. Cia an luighe
atá aca-san leis an Rúiseach? Bh'fuil sé
d'oibliogáid ortha os comhair Dé ná daoine a
sléibhte móra féin — na réimsí fiadháine fair-
singe a bhí 'n-a seilbh leis na ciantaibh — a thabhairt
suas do'n coigcrícheach Rúiseach? Bhfhuil sé
d'fhiachaibh ortha go dlisteanach a bheith dílís do'n
Tsar? Nach bhfuil sé fánach ag riaghaltas i
bpríomh-chathair na Rúise a riaghlughadh i gceart
agus dá mbuidheachas? Mar an gcéadna le
muinntir Georgia agus le go leor tíortha eile.
Tá siad so i n-ainm 's a bheith i seilbh na Rúise.
Tá fúithi a gcoinneáil fá smacht. Cia an chaoi a
bhféadfaidh sí sin a dhéanamh? Cuir i gcás go
mbeadh teachtairí go leor ó na tíorthaibh seo go
léir i bhFeis na Rúise, an dtiocfaidís le chéile?
Nach mbéidís go léir ag troid ar son a muinn-
tire féin? Nach mbéidís féin agus an
riaghaltas i n-áracha' a chéile go síorraidhe?
“Acht,” arsa tusa, “bheadh an riaghaltas níos
cumhachtaighe 'ná iad agus badh bheag a bheann
ortha.” Tá áiteacha sa domhan 'n-a bhféadfaidhe
sin a rádh go fírinneach. Acht fan ort.
Déanfamuid staidéar, an tseachtmhain seo
chugainn, ar an gcaoi a bhfuil muinntir Impir-
eachta na Rúise roinnte, agus tuigfear annsin
chomh deacair 's tá sé an sgéal a réidhteach ar
chaoi a shásóchadh an tSar agus a lucht comhairle.



Mícheál Breathnach.



Léisin, An Eilbhéis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services