aicheadh
go dian talcanta tréanmhar.
A raibh ó Bhreitheamh go Leacain
agus ó Leacain go Bearna,
thángadar do aontoil
curaidh tréanmhar' chum spairne.
Tráth bhí a gcionn a chéile
sluagh mear éachtach na notáta,
rug iomad na lámha
buadh for fhearaibh na grána.
/109v./ Ionnsó ionnsaighid na sluaiteadh
go garg gruamadh a chéile,
mar throst caladh is bóchna
no trost mórthuile sléibhe.
Tífidh each ar mhuin a marcaidh
's ag preabadh 's a' léimneadh
go mbrisfeadh uile a chnámha -
ba holc an pháirt, ar mo bhréithir.
chídhfidh beirt lena gcrúca
daingean dlúgh ionna chéile;
chídhfídh duine le súisteadh
'leagan cúigfhear go héasgadh.
chídhfidh feac agus sluasaid
'mbun na cluaise ar ghránach;
chídhfidh spaidil ag pléasgadh
go círéibeach na Spáingeach.
Roith leithreoide le fána
do roith lucht gránach is seisreach
tráth tá leithreoid dá tomáin
le lucht comáin go clisteadh.
'S iomdha arán agus cáise,
's iomdha mála fo bhagún
d'fhág lucht na móirbheart
ar feadh bóithreibh na talmhun.
/110r./ Ba hiomdha ailp do Bhrún Seoirse
ar na bóirthedh bhí leachtadh;
ba hiomdha píosa maith feola
do bhí 'gcomhgair na faithche.
Do bhí ruagan agus briseadh
ar lucht pise agus praisge
ó mheadhoin laoi Dia Domhnuidh
go raibh Aurora ar maidin.
Mar roicheas tréud ó fhaoluibh
do theich na sgaoithsi san ruagadh,
go cnoc álluinn Bhinne Éadair
'na raibh spéirlinn lánluaiteach.
Tig Risteard Tiobuir ó Chlochrán
ar each cheannard chrónchraosach;
budh curata cródha calma
is budh ceannsa é 'n am míne.
Roitheann triughadh mar ruathuile
is ní cumann do snítheadh;
do thocht lucht na bpotáta
is lucht na gránach an aoinfheacht.
Tháinig 'na chuideacht' go ceolmhar
an chlárseach eolgach ón Ghráinnseach,
an marcach bríoghmhar mear modhbhar,
Enrigh Ró an ceart cráidhbheach.
/110v./ Beart siad do ghlór sochlustach:
"Créad an tiubuist so ar Ghaedhluibh?
Nach lór dhíbh na Sasana
'bhur ngearra is sin gan réidhteach?
Léaghmairne 'leabhraibh Gaedhlach'
(is budh léir dhúinn san aiste)
gurbh é easaontadh na ndaoine
bhus fáth d'incrís bhur gclanna.
Snadhmuigh sídh budh-dheastadh
(an fear neartmhar is stuama)
is coimhnigh críoch bhur bhfalladh
do achtrainibh aonuaire".
Annso do bhuail siad cairdeas
lucht potáta agus pónnradh:
an grán bheith a síothpháirt
do fhial-photáta rósta.
Agas so dhíbh an cunnradh
do snadhmadh go fonnmhar sochma:
bia, leaba agus áras
'thabhairt do ghnáth do bhochtuibh.
Cuireadh an sídh an ordúgh
is Dia an urrús go ndéanfa
grán deighshirc mar an phatadh.
Sin crích Cagadh na Bearna.
/111r./ Dubhairt Matha Ó Nualláin
os é Conán na Féine:
"Fúidre orra, deoch orra,
fa la la lára agus léara.
Bhruim siad na brughaidh bhaistiollach',
breallacháin chais-shileach' béarlach',
caistreabháin, drantacháin déirsireach',
dallaráin niata, nimhneacháin,
goileacháin dordha duairceach',
leamhsacháin lumpach'leathchumach',
tarracháin stealtach stuacach'.
Tart orra, teanntadh tein' orra,
falcaridh fuara fallsa;
mille orra, daorbhruid airc' orra,
sirtirigh stuncach' stangcach',
glamairidh, glugairidh, glaffairidh,
cliomuirigh, feallairigh gúngach'.
Muirtlinn chruadh na pollaire,
ruaig air na fomhaire lumpach'.
Tugsam buadha na boduigh linn,
d'imigh na dartacháin drantdhuibh'.
Milléirghe, malléirghe, muirt orra,
glugairidh, glacairidh graingceach'.
/111v./ Tugadh Cath na Bearna
nach ttéid a mbátha choíche,
an bhliadhuin d'aois an tighearna
cúig ar seacht gcéad ar mhíle.
Arna aithscríobhadh ré Tadhg mhac Sheaáin Uí Neachtuin, 1741, Nov. 23.