Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Bearna Chroise Brighde

Title
Cath Bearna Chroise Brighde
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1705
Publisher
(Tübingen: Niemeyer Verlag, 1981)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Chum an Léightheora



1 A léightheoir chairdeamhuil agus a choimhthíorruighe ionnm-
huin, so chugaibh marbhrannadh na saoth sódh-mholtadh
.i. na potáta; saoith do sháraigh na huile bhiataibh a ndeisi,
a ndeilbh, 's a ndéanadh; a ndreach, a maithis, is a bhfhéile;
agus do sháruigh an uile mhola dar féidir re teanga dhaondha
air bith a dhéanamh; agus nach bhfhuidhe Dallán Forghail
briathraibh foileamhnacha chum a moltadh do réir dhualgas


L. 275


nó toileamhna; agus mar sin atá 'na théadhmadh ródh-ard ag
mo theangasa, bhus míchlisteadh neamhfhoghlumadh, acht
muna nglacar toil ar son gníomha.



2 Má gheibhthear fobhadh na míodh-achtughadh ansan sao-
thar so, ná fuillsidhigh don phuiblidheacht é, acht ceiligh agus
ceartaigh an earráid; teasbéanadh sibh sibh féin grádhach
báidheamhuil carrthannach do na huile agus go mórmhór
damhsa /91v./ go humhal uirísiol ag aisge ar mbáidhe agus ar
muintearras; acht ar son dranntacháin nodachadh nach féi-
dir gan a bhfhiacla do nochtadh amhuil measáin a sáladh
taistioluidh, ní chuirim spéis ionntadh sin, óir ní hé mo
mhian scléip, sutal ná mórthaibshighe do dhéanamh as, acht
caitheamh aimsire beag do mo choimhthíorrachaibh.



3 Tá fós cath nó machaire agus comhlonn teanntadh tinneasnach
agus madhm oirdheirc tásgamhuil caismirteach cródha caithréi-
meach agus troid dásachtach dian dodhfhulangadh agus giorac
géurghuineach gníomhiongantach agus fuathghoil fuilteach
fiochmach faillfhaireach agus luathghoil luaimneach léimneach
lanchalmadh do bhí idir lucht luathfar láidir na bpátuidh
agus drong ghruamadh greamach na pise ag Bearn<a> Croise
Brighide os cionn Tabhlachtadh a gContae Átha Cliath.



4 Ansan gcath so do torchara iliomad for gach taobh agus go
mórmhór do na gráinseoiridh, dá ndearnadh ablachadh
cneadhachadh cródh-óltadh le neart neamhchoimsigh, le
gaois agus le gliocas dothuigsidh bhunaidh chródhaigh chaithm-
híleatadh na Spáingeach mbán mear meisneamhuil meanm-
nach mórchroidheach.



5 Agas ní hiongna gur éirghe buadha agus biseach re treibh na
deighshirce agus na mbeannachtadh .i. treibh uasal onórach na
bpátuidh; agus ní mó is iongna gur éirghe briseadh basgadh agus
bearnadh do lucht an ghráin .i. lucht mheangach mhealltach
mhíodhcharrannach do théid a seirge agus a tteirce feola agus
déghghnéithe ag faicsin séan na sochar a gcomhursan - mailís
gan codhsamhlacht gan compráid. Tuille oile as éagcosm-
huil a ndaonndacht 's a bhfhéile treibhe deighshearcuidh na
bpátuidh, óir an tan nach ttiubhradh an gránach a chac don
choin gan cheannach, biadh an potátach ag brostughadh
deighsheirc agus /92r./ deaghchumuinn ar lucht siubhail agus
bochtuibh Dé. Bhus follus fírinne ionn mo rádh má breath-


L. 276


nuighthear go measarrdha in dá pharduigh. Coimhnigh gur
beag peacadh ná fós fírinne is inscríbhinn agus uime sin is
ionghlacadh leisgéil an ughdair; agus ris so do dhéanamh, cean-
góluigh sibh é níos daingneadh ann bhur seirbhís.



Bhur searbhoghantaidh dílis cianaostadh go héag,



Seaán Ó Neachtuin




/93r./ Cath Bearna Chroise Brighde



Is creach mar d'éug an potáta
caoidhean cásmhar an tsléibhe;
ní dóibh amháin an díobháil
acht do uile iomlán na hÉireann.



Is dubhach mise air a thórra,
m'adhbhar bróin agus deacair;
is measa liom féin a bhás-<s>an
ná éag athar agus máthar.



Samhuil mo Spáingeach gléigeal
a <d>taobh féile le Guaire.
A bhás bhus bás do Ghaedhluibh
uile go leir, mo thruaighe.



Thagadh na mílte an éineacht
go bord féastach na flaithe,
's ní fhacadh saoith ná uasal
a ghruaim ar a mhaladh.



Ag an rígh (céim nach suarrach)
bhí sé ar uairibh 'na fhochair.
Bhí an ríoghan dá phóga
's iad béul ar bhéul gan fholach.



Is muirneach é ag an lady,
is géarghrádh é don chailidh;
bréagán gealgháireach an gharladh
tráth bhíos a nainn os baile.



/93V./ Ní dhubhairt ariamh re cairde
nach raibh fáilte roimhe;
is deir ris an mbocht lábáin:
"Taradh gach aontráth chugainn".



'S eisean lánghrádh gach óighe,
's eisean móirghean gach seanaid,
's eisean miangas na hóige
do bhíos dá phógadh san leabuidh.


L. 277


'S é fear riarrthach na mbochtáin,
fear a n-ochláin do scaoile,
fear do réidheach an tromdháimh
's fear 'dhéanadh móráin díobhsan.



Ó lá Lúghnasaidh san bhfhóghmhar
ní bhíonn a bhord gan fhalach,
nó a réidhghnúis-sean gan gháire
go Féil Phádruic san earrach.



Samhuil leis a' bpotátadh
ní bhfhuil a gclár na Fódla
fírannamh a bhord do-chídhfear
gan sódh do shíor is róstadh.



Achnuighim Ardrígh neimhe
nár sgaradh seisean uainne
gan eighrídh gealadh bánadh,
seal mhairfeas grán a gcruachadh.



/94r./ Ó thurgan gluair na gréine
go ttuirleadh d'éis a aistir,
a maith, a searc, a bhfhéile
ní fhacas féin a shamhuilt.



An tí do tharring Jonas
ó bhrúgh mhíl mhóir na mara,
é go scaoileadh an t-uasal
ó charcar chruaidh an tseacadh -



Lasarus fionn do tóigeadh
os bruid an chró go feartach;
ó 'Íosa, 'rinn an gníomh so,
saor ó dhaoirseadh an fatadh.



Déantar sin, ó a Dhúileamh,
is tóigse an smúit ó Éire;
is neach gan rath gan fhóghnamh
nach déarfadh fós amen leis.



Ní bás as crádh súd bás na Caesar mór
mar bhás na Spáingeach gáireach glégeal óg;
so an bás a d'fhág gach cách go héag a mbróin:
a mbás mo bhás-sa is bás fir nÉireann fós.



/94V./ Bhus so dhíbh Cath na Bearna
do fearadh go láidir líonmhar
idir lucht itheadh na praisge
is lucht an phatadh dílis.


L. 278


Tig ar ttús Mac Maghnuis
lán stráiceadh as a fhoghmhar;
iarrann ar Dhia na nGrása
scrios phátaidh na hEorpa.



'Nach iad amháin is cionntach
nach bhfuil cionnach ar orna?
Nach iad 'chuir fo mhídhmheas
cruithneacht chaoin agus pónnradh?



Thug siad mídhmheas na piseadh.
"Nil acht gliocar san gcoirce,
níl san tseagal acht cáileach",
deir gach cnápach 'na fhochair.



Bíd lucht fhromhadh an photáta
ar nós máladh na holla:
tarrmhór cnapach craosach
gan neart aoinfhir an ochtar'.



Ar Uiliam borb Ó Bróthaidh,
fear coithighthe na mílte,
"Thugais t'éidheach, a bhriolláin,
a chrónsmutáin lán d'fhaoilleach".



/95r./ D'fhreagair a chéile a ndísi
go cruadh cliste chum spairne,
acht ar chliomadh na pónnra
teilgeadh a thóin an airde.



Do thuit cois fón gcnápach
a thóin an airde gur teilge,
agus do bhean dorn san mhéadail
do bhean géim as a bhriosga.



Thug siad bualadh 'na dhiaigh sin,
brúghaidh ghránach' na tíre
is lucht láidir an photáta
'teacht go Bearna Croisi Brighide.



Mala<i>rt lámhann le chéle
rinigh go héasgaidh an dísi
ar son charad na Spáingeach
is brúghadh gránach na críche



Teacht mar dubhruidh cheana;
is 'réir geallamh do tháinig
na mílte curaigh cródha
do lucht pónnra is potáta.



Do tóigeadh tinntidh arda,
publibh bána is lachtna;


L. 279


do ghéagaidh gorma is uaidhne
cuir<eadh> suas taibernacuil.



/95v./ Cheapuigh gach slógh 'na rangcaibh
isin gcampa go cliste,
is gach taoiseach trúpach éachtach
dá bhuidhin féin 'tabhairt meisnidh.



Annso dlúghaid na cai<l>mfhir
os uile cheann 'an mhachadh,
's ní go mainneachtach falsa
acht mar chailmfhir threasach'.



Rug Uiliam borb ar Mhaghnus,
breall an airde do theilg sé;
ní raibh fiacail 'na thóinsean,
beag na mór, nachar briseadh.



Do-rinn se húirle háirle
do chúlg cnápach dá mhuinntir;
samhuil tornuigh an lasgadh
'rinn an ghal ar a gcuimpir.



Dubhairt anso Seon Hóiris
is each mear modhmhar faoisean:
"Imigh tusa, arú, 'stróinsidh -
goi'l Domhnal Óg chum gníomha?



Ochón, ochón, mo chreachsa!
dá mbeith 'na bheatha gan amhras
do laoch mear na mórbheart
'ttós slóiceadh san gcampa!



/9Gr./ Is ó nach bhfhuil 'na dhaonnda,
rachad síos ar son m'uncail;
gidh gur cloichmhó<i>n a uighe,
súd mé libhsi san túirne".



So ráidhtibh Phítir Bhailis,
'ruaig ná 'n eanach nár briseadh
(do sheas 'an chlú 'san mbáire
'n aghaidh cnámharrlach na pise):



Dubhairt Tomás Mac Anna
is é lán leanna agus císte
fuidh aonbholg gusan scornach
mar mhála mór an phíoba:



"Cia bhfhuil lucht an photáta,
lucht na spáid is na sluaisteadh,
bunamh an mheidhg is an chábhfhradh,
lucht an cháise gan uachtar?"


L. 280


Do bhí cantadh do Bhrún Seorsa
ionna dhóid ag an mbodach,
léar leag seisear ba chródha
ar an mbóthar go dodach.



Crann sgiubliúin an bhácúis
'bhí 'na chrágchrubh cnapaidh,
is leag naoi bhfhir dég leis
do lucht féastadh an phátuidh.



/96v./ Bhuaill se buille don spéice
a gclár éadain go crosta
ar Mhatha Ua Nualláin,
fear mór iomlán chum troda.



Do chuir é air a leathghlún
is d'fháguibh a leathshúil brúiteadh;
's an tan d'éirghe 'na sheasadh
dubhairt go sgairteach ag búirfeadh:



"Losgadh ortsa mar bhráthair!
gnia do mháithir thusa!
Ní <h>eadh, deamhan a gaol leat,
a dhuairc dhiamhur na pluice".



Do bhuail an spéice céadna
ar mhac Séamus Uí Threasaidh;
chuir sé Séamus Ó hAnnluain
ar a leathghlúin go talamh.



Bhris an spéice go dornchar
ar mhac Ghorm<l>a Ní Ghaoithín;
's do mhac Eoin Mhic Conmhara
rinnigh an fathach phíbín.



Tarlaodh truisle do<n> bhodach
'bhí 'na shodar chum díbhfheirg;
do luig seisear an éineacht
'mullach na méadhlaibh síos air.



/97r./ D'éirghe an diabhal daonnda
d'aimhdheoin ghníomhuibh an tseisfhear;
sé blaoisg déag do bhlaosguibh
leis an daoch so do breiseadh.



Mac Donnachuidh dúr na sgoile
táinig le bagar mór air;
teilge é air a thóin an airde
'nós garladh a bpoll mhónuigh.



Máighistir scoile ón tSeachúirt
'chuaidh do smachtuigh an fhaithigh,


L. 281


ach gidh mór a shutal
do bhí a chuma san laithigh.



Do bhí Aindrias Ó hAnnluain
fo leathglúin an phocáin;
mar mbeith Seon Mhac a' Diachuir,
'dhéanfadh stiallach dá leathmhás



Acht do Sheon féin gan tibhi
do bhean buille na cluaise,
d'fhág é sínteadh ar an talamh,
gidh budh curadh nár shuarrach.



/97v./ Do thuit leis Pítear Piarais,
do thuit Diarmuid Mhac Gleannáin,
thuit leis Seaán mór Ó Meachair -
chaill an fear sin a leathláimh.



Do thuit Feidhlim Ó Fearghail,
Seon Ó Seanchaidh budh láidir,
Maghnus mór Ó Maolraoide,
is Donnchadh Ó Maonaidh, a bráithir.



Leag sé Diarmnid Ó Cuileabháin
gidh gurbh urrúntadh an flangach;
leag sé Domhnal Ó Comáin,
mac Uí Bhaotháin 's an Strangach.



Leag sé Murchadh Mhac Séamuis,
fear budh tréanmhar for talamh;
's ar éigin 'chreidfeadh daoine
gur stad aoinneach ar Mhurchadh.



Thóig sé cloch ar a ghualainn,
ba leor ualach do sheisear,
's do bhuail í 'gclár éadain
air Bhrian bréagach Mhac Sionnuigh.



Do sgiob a cheann dá choluin
is do bhuail an cloidheamh ar Mhaolradh,
a modh go raibh 'na mharbhán,
mar thuitfeadh lánchaisléan síos air.



/98r./ Bhuail se preab ionnsa mhéadail
ar Chonn céillidh Ó Cealladh;
bhean trí photátadh mhóra
as a sgornaigh ar talamh.



Theilg sé Murchadh Mhac Scaluidh
'lár na grealluidh air a ghlúine;
buille do mheor an daoidh-si
'bhean trí fiacla as Maolrúnaidh.


L. 282


Bhean sé dog do na garrladh
'bhídh air na bántadh ar 'gcomhair,
léar leag seisear an éinfheacht
do lucht pléideach na pónnradh.



Acht 'tan do thuig an dearmad,
och, is mairg 'bhi 'na chuinge!
Mar bheith deamhuin dá thomáin
do theith an t-iomlán roimhe.



Mar shamhuil torc ag tiomáin
iliomad miosáin paiceadh,
is amhluigh do bhí an phlágh so
isin uile ard don achuidh.



"Plágh ar an mbodach gránnadh!
Sgiub sé mo cháise uaimsi
da thabhairt do dhaoine créachtach'
is go raibh mé 'gcéin an uairsi!"



/98v./ Sgiub sé caipín gan truaighe
do Bhrian gruama Mac Breasail,
's gan urad ruibe gruaige
ar a bhuaic do bhí carrach.



Do rug Alasdrann Eustás
ar an Judás mór bhoduigh,
ar son gur dó budh measa,
óir fuair treasgair 'na shochair.



Do leag an diabhal daonndha
'raibh san aonach gan chosnamh,
mar mbeith gur rug na dúilidh
'ttaobh a chúil air a chosa,



A modh gur leag siad fúthadh
fathach crúbach na mine.
Acht an daoith sul do ceangla
do thacht ionna amhgar seisear.



Acht fuair iomad a bhráithre
a anam don chrágadh gionach
's cead dul d'ionnsaigh a bhácúis;
's tráth fuair a phardún, d'imigh.



d'fhiosraidh Caiptín Síle
nach raibh dílis do Shéamus:
"An bhfuil ar bun aon Spáingeach,
nó 'bhfhuil a gcairde dá séana?"



/99r./ "Is dá gcairde misi, a shacáin",
do-bheart Tomás Mac Eochuidh,


L. 283


is air a chionn san díogaidh
tug an saoidh sin deoch dó.



Do leag Ros Ua Cuinn a bhráthair,
Marcus grádhach ón gCorcuidh;
is deimhin go ndéanfádh gáire
da bhfhaicfeádh 'n airde a chosa.



Dubhairt annso Dicidh Máirtín,
fear nár sáruidh a ttréine,
"Bheirim a chlúdh don phata
a ttaobh neartadh agus féile".



Do-bheart sé re mac a uncail:
"You fat bumking from Fingal,
will you stand for your country,
or dare you venture a fall?"



Do chuire annso a bhráthair,
mar budh garrladh, ar an tulaidh,
is bodach eile nár mhó leat
Broun Seorsa nó a phlucadh.



Bhuail Conn cródha Ó Conchubhair
buille buigsheabhain ar Mhaghnus;
do thuit a néal go meatadh
mar go mbeith gearra go cnáibh air.



/99v./ Do bhuail Eoin Mhac a' Léibhe
buille spéice air an mbodach;
is prap do léig na béice
gur theith go treun 'na shodar.



Táinic Ó Cuinn Chluan Dalcáin
air a ghearrán go súgach;
thug Seafradh Ó Cuinn dó leaga
ro chuir é 'cnaga na húire.



"Come along", arsa Budman
's é codh grúmadh le Turcach,
's do teilge a thóin an airde
ar a' ngránach gan fhuireach.



Táinig Réadach Dhún Búinneadh
ar each súgach fon achuidh
'tabhairt dubhshlán an tsléibhe
é go héasga gan leaga.



Do tháinic Risteard Céitinn
air each stéideach go sochmadh,
gur bhris Tadhg mór Ó Cuiliúin
cnámh a bhurrúin ar chlocha.


L. 284


Dubhairt Séamus Ó Comáin,
fear carráin Bhinne Éidir:
"Bhéaradsa air lucht na cúige
an patáta rúta do shéanadh".



/1OOr./ Do tháinig Enrigh Buidhe,
nár gan croidhe chum troda,
is chuir an Rustach ag rince
ar mhullach a chinn san tobar.



Ol Matha mór Ó Nualláin
ar óigeach lánard riabhaidh:
"Codsuncs, cia bhfhuil na boduigh?
Déanfad tobair dá gcliabhaibh.



Feicim don chuid is tréine
dhá chéad do na gráinsibh.
Bheirim m'anam do<n> Riabhaidh
acht mar stiallad a gcnámha.



Codsucs, na cnapstuirlidh!
Coingidh liomsa na boduigh!
Ar fiadh, rachad le bánuidh
mun bhfhadhad mo láinmhian orra!"



Do-rin bagar is toirnéis
is iomad do mhóirchéis cainte,
rod 'chuireadh uathmhuin is teime
ar lucht peise is gránta,



A modh gur dhiúlt siad comhrac
'thabhairt do<n> ghlórach ard so;
badh fearr riú roith san mbóchna
ná dul a gcomhrac láimh' leis.



/lOOv./ Dubhairt Risteard Ó Nualláin
dárbh iomdha carráin foghmhair:
"Cia bhfhuil Donncha an Leastair,
'bheanfadh cnap as a thóinsean?"



"Táim anso", ar Donnchadh,
"is beag mo shuim ionn do neartsa.
Beanfadsa stácadh pónnradh
as do thóinsi go tapuidh".



Rug annso fana chumair,
'bhean bruim as is leagadh.
Ar fiadh, ba mhór an spóirt leat
mar bhí a thóinsean ag cneadadh.



Tig do dhíoghailt an náire
Cian Mhac Cába go Donnchadh,


L. 285


acht dá mhéad a chosnamh
chaill osnadh as a ghúngadh.



Thuit le Donnchadh na ngleoibheart
Murchadh mór Mhac in tSionnuigh;
thuit leis Cathal Ó Cléire,
Seon Mhac Seadha is Mac Lirse.



Do thuit Feardorchadh Ó Dála,
thuit Rádhnaill Ó Lochnáin;
caogad cródha ceart curaidh
thuit le Donnchaidh san teangmháil.



/lOlr./ Rinnigh sé goile gaisge
go deoigh nach rachaidh ar dhearmod
seal bhíos cloch i mbuireann
nó míodhchumann a nGalla.



Strangach Bhaile Uí Chuláin,
gidh gur chomhlán troduigh,
theilg air a tharr an airde
a loimcheart láir a' bhoguigh.



Dubhairt go bras an Róbhach
ar each mear obhar craosach:
"Tigidh, a lucht na bphotáta
má leigean an náire dhíbhse".



Dubhairt Peadar Ó Mughrúin
is é lán míodhrún dósan:
"Air fiadh, brise mé sleadh leat
dá mhéad shearcas tú pónra".



Ruithchid a gcionn a chéile
Os gach éadan don achuidh:
ní facas méad a ttrostadh
ríomh ó thosaidh gach maghchadh.



Seacht ttréunroitheag do roith siad
suil do briseadh a ngaethibh;
ní fhacas méad a ttormáin
ó roinneadh leannán do Éabha.



/1O1v./ Do bhean buille diachrach
annsan tsliasaid do Pheadar,
is air an Róbhach gidh láidir
buill<e> cúl láimhe léar leagadh.



Do bhean ó bhun an chluais de.
Och, budh fuathmhar an buille!
Leabhar aithfrinn, is le náire
nachar fháguidh an tulaidh.


L. 286


Tráth bhean buille go feargach
san mball feardha ar Phítear,
bheart a bhean do bhí 'lathair:
"Go mbeantar na lámha dhíotsa!



Nárbh fhéidir leat do bhuille
a mball oile air do shíneadh?
Nár sgara leatsa trioblóid
go ndéantar cucól díotsa".



Do roith Peadar go treasach,
bhean sé cloidheamh as a dhóidsean;
mar budh sille gaoithe buille
do bhuail buille ná dhó air,



Is buille eile go tréanmhar
a gclar éadain an duine.
Budh samhuil bunnáin léana
na trí béicibh do-rinneadh.



/102r./ Chuir é 'búirfeadh 's a' sgairte,
bhean osna as a chliabhsan
gur shíl gach n-aon sann amharc
go raibh a anam ar iarra.



Táinig a ndóchas a thárráil
fear mór bátalach ramhar,
dá ngoirid cách Cuingireach -
's do fuair a thurnadh san achadh.



Tig Fearghail fial ar sáireach
'níos ó ghráinseach Dhún Búdhuinne;
beart le caraid na Spáingeach:
"Tugaidh cor spairne dhúinne".



Dubhairt Séamus ón tSruthán
"Is mór do mhórdháil bhrostuidh.
Gidh táimsi car cianaostadh,
ní léigead gan íac do bhogar".



"Is truagh liom tú", ol Tomás,
"is mor m'ochlán tríodsa,
mar atá tú 'do cheine
aníorr 's a ndeire t'aoise".



"Ar son go bhfuil mé aosta,
do-bhéarad díbhsi comhrac;
déanfam spóirt don iomlán
mar bheinn an iomlán m'óige.



/102v./ Roithid annso mar sgiotáin.
Ba mhór a ttormán trosgach.


L. 287


Do leagadh for lár mo Thomás
agus a ghearrán ionna fhochair.



Tig Cubhailleach Bhaile an tSearaird
ar each ghealbhán craosach;
do tháinig sé fon achuidh
fo chula caothaidh dídhneach.



Do-bheart go fíachmhar feargach:
"Cia bhfhuil aicme na bpotáta?
An leigfeadh an time dóibhsean
gath ná dhó do lámhach?"



"So misi", ar Risteard Dubhlainn,
"is ní mó liom tú ná noduigh,
is ní chuirim a leith do lámhach
acht mar sgairt sgairdeach cosaidh".



d'ionnsaidh a chéile an dís so
mar shaothaibh gan tlás gan time;
ní fhacas réir a gcalmacht"
ó chuaidh fo armaibh an duine.



Fa dheoigh do thuit brughach na pise,
fuair leagadh léar briseadh a shliasaid;
budh truagh leat méad an ochláin
do-rinn a chompáin diachrach".



/103r./ Do buaile buille agus buille
ionnsa ngoile air Ó Riagáin;
teilg<e> air a tharr an airde
isan chlábar an briollán.



Leag sé Eoin Ó Finneadháin,
Brian ó Lochnáin, an gabhadh;
leag se Fearghail Ó hAirne,
bhídh co dánadh le bobhadh.



Bhean se leagadh is treasgairt
as mac Breasail Mhac Glámha,
is bhean toit nár chúrradh
os fear Údhna Nuí Airne.



Bhuail sé putadh dá phíce
go neart bríoghmhar ar Mhac Corcrán;
do theilg a tharr an airde
's do bhris cnáibh a leathláimh'.



Budh ceol leat Aodh Ó hAnnluain
go cruadh a nglonnach láidir
'breith air Táilliúrach Eisgreach
ag déanamh liochrach dá chnámha.


L. 288


Do thoilg Tomás Ó Cuiliúin
Seon Mac Giobúin chum talamh;
rinn amhluidh le Seon Piarrus
tréar thuit a bhfiabhruis leapuidh.



103v./ Maoileachluinn Ó Dubhshláine,
fear nár cáine a ttoigh leanna,
bhuail sé buille dá spéice
tarsna a bhéil ar Mhac Conmhara.



Tug Uiliam Ó Murchughadh
buille an' bhurrúdhain don Locach,
go raibh sé arna mhárach
go rodhchráidhteadh ionna fhlocas.



Do ghluais ó Ghodamindi
don chath cinnte Mac Comáin.
Budh shamhuil é do ghruagach
ag teacht 'na rúgaire do<n> mhullán.



Táinig Síomón Máirtín,
fear nár sáraigh a ngleoibheart;
do-bheart gan fhuath gan tsiosma:
"Cia bhfhuil tú, 'ghein na pónnra?"



Rinneadar lúth is lámhach,
rinneadar spairn is cumasc,
rinneadar goil gaisge 's éachtadh
'sháraigh céim gacha curaidh.



Fá dheoidh do torchradh an gránach
leis a' bpotáta biatach;
neart goile ná fós luathghail
ní raibh uatha ar iarradh.



/104r./ Chuaidh go prap 'na dhiaigh sin
mar iolar chrágach ruarthach
is naoi bhfhir déag a mhuinntir
gur chreapuill Símión breágh stuama.



Dubhairt annso lucht na pise
go fíachmhar fuilteach fuathmhar:
"Mallacht fós agus easgcaoin
ar lucht na bpataidh is fuaidre.



Go mbeana dóibhsean árfach
is gnáithshioc láidir gan tsneachta!
Coirce, feur, coill is fosgadh,
go raibh orrasan d'easbhuidh".



"Oroibhsi", ar fear oile,
"a choirrgheanuigh na pónnradh,


L. 289


go deoigh nár fhadhadh sibh haisgibh,
's go raibh amhuil dár gcóirsi".



Ar so tháinig Donnchadh Ó hÉilí,
duine deaghchroidheach gan amhras;
do-bheart seisean amen leis,
mar rádhaim féin gan clampar.



Chruinnídear lucht na bpotáta
os gach aon ard do Éire,
is do chruinnigh lucht na pise
is badh dílis deimhin da chéile.



/104v./ Ar maidin lá 'rna bhárach
ar éis an lá do ghlana,
do shín siad air a chéile
ag dul na gréine a gcarbad.



Tháinig anso go spéiremhuil
os éadan gach anuigh
clann na pise is na pónnra
is clann róstadh an phatuidh.



Labhair Donnchadh Ó Nualláin
leis an iomlán go cliste:
"'g<C>luin sibh mise, a chairde,
sibhsi 'tá a láthair uile?



Déanaigh misneach is críonnacht,
bídhigh dílis dá chéile,
is buailfeadh sibh lucht na praisge
os an talamh go héasga".



Do tóigeadh annso ollgháire
's do ghlac an t-iomlán misneach;
le cumas saoi na Spáingeach
chuaidh an báire ar lucht na pise.



Bhí a ttrosd an aghaidh 'chéile
mar ghaoth tréanmhar fo dharaibh,
nó mar stoirm a' bhóchna
ar chargaibh cóstadh na mara.



/105r./ Rinn siad bogán do<n> chreagán,
rinn siad creagán don bhogach;
do sgreig uile na mbánta
bhí báitheadh dá gcuid fola.



Bhá gáir maoitheadh for a chéile
's gáir sgréitheadh is sgreadach;
gáir gola agus caointe
bhí for thaobh don achuidh.


L. 290


Do bhí ochlán is cruaghdhul,
do bhí fuaim agus cladairt,
do bhí greadán is géarghuin,
is cuirp slaoduidh fo shaltairt.



Bhí trost drumuigh san mbuala,
is sgal fuaimneach <s>na stocaibh,
gearán gach neach rena chéile
is lasgadh éugnach ar chorpaibh.



'Na measg bhí húirle búirle
is neart buirbre gan traocha;
cinn, cosadh agus cnámhadh
for a' láithreach sínte.



'mBío<b>la, rinne mé gáire
ag faicsin Sheeáin Mhac Siorruidh
'placadh aráin agus cáise
's a shrón ar lár for an ttalamh.



/105v./ Budh truagh an t-ábhar gáire
Cian Mac Gára air a ghlúine
gan fhearg ná fuath air a phaidrín
is mac Uí Shearcaidh dá rúsgadh.



Do bhean buile don Chuluigheach
ó láimh Rughruigh Mhic Sheafra,
gur thuit fuídh gan rósgíse
'n easbhuidh brígh for in ttalamh.



Do bhuail Brian borb Ó Bróghaidh
buile róidh-iomlán deacrach;
bhean sé barr na blaoisge
re lann líomhfadh do Mharcus.



Bhuail Brian Óg Mhac Rósa
buile coltair san mullach
ar Chon ramhar Mhac Cába
go raibh a bhás a bhfhogus



Uiliam béidhmneach Mac Eochaidh
do-rinn orch<r>adh do Mhac Leastair;
do chuir sé beul go cúl air
re stróic phúrach a chloidhmhe.



Do tháinig Aodh Mac Féidhlim
(do bhean béidhmeann' sgéithe)
'tabhairt dubhshlán na faithche
goile gaisge do dhéanamh.



/lO6r./ Tháinig Breasal Mac Ardghuil,
fear budh láidir croidhe;


L. 291


dá mhéad a neart 's a láthar
bhí air a tharr san aonach.



Táinig Eoin dil Mhac Domhnuill
is bhean sé barr na sróine
do Bhrian dubh Mac Cathail
's budh near<t> goile an-mhór sin.



Maolmhuire Mac an Mhíleadh,
fear nár chlaon chum na troda,
do chuir sleagh ramhar dhíreach
tre chorp Mhaolradh Mhac Colla.



Tháinig Cathal cródha Mac Anna,
flaith dob annamh gan phatuidh,
is chuir a gcruth bháis díachraidh
leasmhac Dhiarmuid Uí Bhacaidh.



Do rug Pítear Ó Lochnáin
(b'esean an coiléan súgach)
greim sgóige agus phíobáin
ar mhac Mícháel Uí Dhubhda.



/1O6v./ Ghreamuigh sé greim go daingean,
gidh gur neartmhar a námhuid,
ar phíobán cnagach na gaoithe
Mhuiris míleatadh an-láidir.



Tháinig Conchubhair Ó Cealla
mar mhadu alladh fo chaoire,
is fuair urchar do lánghath
ó Eoin adhbhar Mac Ciamhuir.



Do bhuail Donnchadh Ó hÉiligh
(flaith fo mhéiligh nár ghortach)
tarraing dhá lámh an éadan
Bhriain ghléigil Mhic Chosgraidh -



Buille do dhall a rosgaibh
is do chuir tocht air a theanga,
'modh, suil d'fhág an láithreach,
go raibh a bhás as go tobann.



Leag Pádruic Mac Aodhagáin
mac Uí Aodhaláin 'na thaibhsi;
do-rinn brúsgar dá chnámha
's do Mhac Grána 'na dhiaigh sin.



/107r./ Bhuaill Diarmuid Ó Maolrainne
buille cam isin maladh
ar Mhaoileach<l>uin Ó Maoilríde,
d'fhág é sínteadh ar an talamh.


L. 292


Do bhuaill Breasal Ó Cearna
lasg do spáid san mbrollach
ar Chonchubhar Mac an Diachuir
'bhí coimh fiatadh re cullach.



Bhuail Tadhg dubh Ó Maonadh
stróic do phíceadh ionnsa méaduil,
do bhean béiceadh agus ochlán
as Thadhg ceannard Mac Shéamuis.



Do bhuail Fearghal Ó Dublhlainn
buille do urlainn a shleighe,
d'fhág sínte ar an láithreach
Uiliam láidir Ó Séidhe.



Do theilg Uiliam Ó Mughrúin
Brian Ó Dúnuir go talamh;
do theilg Diarmuid Ó Murchugh
mac Uí Dhonnchuigh san ngrealluidh.



"Mílte fáilte dhuit, a chliamhuin",
arsa Piaras mear Céitin,
tráth thulg se gusan talamh
Brian ramhar Mhac Éadhmuinn.



/107v./ "Go mbristear 'nois do mhuinéal",
arsa Deinealach cluanach,
"má tá tú fuidh a chosa
ag Conn crostadh Mac Cuartadh".



Do bhuail Cathail Mac Aonghusa
buille ar Ghioll' Íosa cnámhach,
go ndearna de meall diúrnadh
do chuir smúit air a bhráthair.



Diarmuid mór Ó Callaráin,
'bhí 'na dhallarán boduidh,
do bhuail tarraing ar Chathal
do dhall amharc a rosgadh.



Do bhuail Pádruic Ma' Síomuin
sail mhór dílionn do bhata
air Eoin 'mullach na plaoisge,
'chuir é 'míosgail gan fhodhbhar.



Do bhuail Philib Ó Márta<i>n
(fear budh gnáthach gruama)
liag do chloch leathan leacach
ar mhac Beartuil Uí Chuanna.



Bhuail máistir na scoile
buille dog ar Mhac Ciamhair;


L. 293


do-rinn réabach da leithláimh
's d'fhág an breallán claoiteadh.



/108./ 'S í so 'nuair do ro tharla
tiubh na námhad dá chéile,
ag leagan fútha is tharstadh
go dian talganta tréanmhar.



Budh mhor an t-adhbhar uathbháis
bheith a mboilgeán an fhaithe;
budh mhór an t-adhbhar uathmhna
bheith san uairsi san mhacha.



Do bhí sitreach eich is léimneach,
is drithlinn sméire ag lannuibh;
do bhí cruadhghul agus gárra
isna huile ard don acha.



Do bhí tinntreach as lúthraibh,
do bhí crúsguighil ag cailcibh;
do bhí sgoltach cathbharr
idir óigfhir iomlán' in fhaithche.



Do bhí taoisibh ag a mbrostughadh
is iad 'ceapughadh na sluaite;
do bhí curaibh ag comhagháir
's go hiomlán ag cruaghghuil.



Is iomdha cinn is guaillibh
'bhí san uair so gan spracadh;
is iomdha marcach ar leathshúill
ag athnuadhagh an chatha.



/108v./ Is iomdha cos do bhí briste,
is iomdha cnis do bhí gearra;
ba hiomdha sáirfhear gan ghéugadh
bhí san ttréanghoil san lá so.



Is iomdha gnúis do bhí créachtach
ag lucht féastach na bpotáta;
is iomdha cúl do brí gearrthadh
ag lucht cáitheadh na gráach.



Is iomdha cloigean do bhí briste
agus fos lis agus sliasaid;
is iomdha cuim agus muineál
'gearradh 'ttornáil an ghliadh so.



Do chaill bunaibh na bpotáta
iomadh stáidibh dá dtalamh;
chaillfeadh, mo dhóigh, an báire
nó go ndearnadar athghoil.


L. 294


Go borb cuirid re chéile
mar mbeidís 'na Samsoin
gur ruaig ó fheoir an tsléibhe
lucht tréanmhar na gránach.



Ba throstach bríoghmgar a mbéidhmeann',
ba chosgrach tréan gacha sáirfhear,
budh fuaimneach luath an lasgáil
fuair cliabhtháin gacha gránach.



/109r./ Tháinig curaidh na Seanchúirte
go maith dlúgh don láthair;
ruag siad lucht Cluan Dalcáin
'n iomad séideán le fána.



Thig lucht an Bhaile Bhuidhe
ó leachtaoibh an tsléibhe;
thángadar agus do dhíbir
trí mhíle go Binn Éadair.



A raibh ó Chéidín go Briotás
thánaig a gcomhgháir cumais;
do-níd uirleadh san gcúigeadh
's ba cliútach na curaidh.



'Raibh ó Chuan Chille Mantáinn
go roigh Sruthán an tSléibhe.
tháinig siad don <fh>aicheadh
go dian talcanta tréanmhar.



A raibh ó Bhreitheamh go Leacain
agus ó Leacain go Bearna,
thángadar do aontoil
curaidh tréanmhar' chum spairne.



Tráth bhí a gcionn a chéile
sluagh mear éachtach na n<p>otáta,
rug iomad na lámha
buadh for fhearaibh na grána.



/109v./ Ionnsó ionnsaighid na sluaiteadh
go garg gruamadh a chéile,
mar throst caladh is bóchna
no trost mórthuile sléibhe.



Tífidh each ar mhuin a marcaidh
's ag preabadh 's a' léimneadh
go mbrisfeadh uile a chnámha -
ba holc an pháirt, ar mo bhréithir.



chídhfidh beirt lena gcrúca
daingean dlúgh ionna chéile;


L. 295


chídhfídh duine le súisteadh
'leagan cúigfhear go héasgadh.



chídhfidh feac agus sluasaid
'mbun na cluaise ar ghránach;
chídhfidh spaidil ag pléasgadh
go círéibeach na Spáingeach.



Roith leithreoide le fána
do roith lucht gránach is seisreach
tráth tá leithreoid dá tomáin
le lucht comáin go clisteadh.



'S iomdha arán agus cáise,
's iomdha mála fo bhagún
d'fhág lucht na móirbheart
ar feadh bóithreibh na talmhun.



/110r./ Ba hiomdha ailp do Bhrún Seoirse
ar na bóirthedh bhí leachtadh;
ba hiomdha píosa maith feola
do bhí 'gcomhgair na faithche.



Do bhí ruagan agus briseadh
ar lucht pise agus praisge
ó mheadhoin laoi Dia Domhnuidh
go raibh Aurora ar maidin.



Mar roicheas tréud ó fhaoluibh
do theich na sgaoithsi san ruagadh,
go cnoc álluinn Bhinne Éadair
'na raibh spéirlinn lánluaiteach.



Tig Risteard Tiobuir ó Chlochrán
ar each cheannard chrónchraosach;
budh curata cródha calma
is budh ceannsa é 'n am míne.



Roitheann triughadh mar ruathuile
is ní cumann do snítheadh;
do thocht lucht na bpotáta
is lucht na gránach an aoinfheacht.



Tháinig 'na chuideacht' go ceolmhar
an chlárseach eolgach ón Ghráinnseach,
an marcach bríoghmhar mear modhbhar,
Enrigh Ró an ceart cráidhbheach.



/110v./ Beart siad do ghlór sochlustach:
"Créad an tiubuist so ar Ghaedhluibh?


L. 296


Nach lór dhíbh na Sasana
'bhur ngearra is sin gan réidhteach?



Léaghmairne 'leabhraibh Gaedhlach'
(is budh léir dhúinn san aiste)
gurbh é easaontadh na ndaoine
bhus fáth d'incrís bhur gclanna.



Snadhmuigh sídh budh-dheastadh
(an fear neartmhar is stuama)
is coimhnigh críoch bhur bhfalladh
do achtrainibh aonuaire".



Annso do bhuail siad cairdeas
lucht potáta agus pónnradh:
an grán bheith a síothpháirt
do fhial-photáta rósta.



Agas so dhíbh an cunnradh
do snadhmadh go fonnmhar sochma:
bia, leaba agus áras
'thabhairt do ghnáth do bhochtuibh.



Cuireadh an sídh an ordúgh
is Dia an urrús go ndéanfa
grán deighshirc mar an phatadh.
Sin crích Cagadh na Bearna.



/111r./ Dubhairt Matha Ó Nualláin
os é Conán na Féine:
"Fúidre orra, deoch orra,
fa la la lára agus léara.



Bhruim siad na brughaidh bhaistiollach',
breallacháin chais-shileach' béarlach',
caistreabháin, drantacháin déirsireach',
dallaráin niata, nimhneacháin,
goileacháin dordha duairceach',
leamhsacháin lumpach'leathchumach',
tarracháin stealtach stuacach'.
Tart orra, teanntadh tein' orra,
falca<i>ridh fuara fallsa;
mille orra, daorbhruid airc' orra,
sirtirigh stuncach' stangcach',
glamairidh, glugairidh, glaffairidh,
cliomuirigh, feallairigh gúngach'.
Muirtlinn chruadh na pollaire,
ruaig air na fomhaire lumpach'.
Tugsam buadha na <m>boduigh linn,
d'imigh na dartacháin drantdhuibh'.
Milléirghe, malléirghe, muirt orra,
glugairidh, glacairidh graingceach'.


L. 297


/111v./ Tugadh Cath na Bearna
nach ttéid a mbátha choíche,
an bhliadhuin d'aois an tighearna
cúig ar seacht gcéad ar mhíle.



Arna aithscríobhadh ré Tadhg mhac Sheaáin Uí Neachtuin, 1741, Nov. 23.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services