Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imthiacht Dheirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne Uisneach
Title
Imthiacht Dheirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne Uisneach
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1805
Publisher
(Tübingen: Niemeyer Verlag, 1962)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N ZCP29 114-154} {L 120} {B 1805-09ls 19T} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8} Imthiacht D
eirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne Uisneach 1. Feacht naon ro luidhe Conc
ubhar mhac Fachtna rí Uladh agus maithe na Craobhruaidhe chum fleadha go tigh Fheidhlim mhic Doill ard sgéaluidh
an rígh agus ba subhach soimheanmnach an rí agus a mhuinntir ag caitheamh na fleidhe sin a ttigh an ard sccéaluidhe
le ceólta caoimh na noirfideach agus le binneas glór na mbard 's na nollamh, re haoibhnios ur- labhra agus seanachais na suadh agus lucht léighte caoineach leac agus leabhar; re tuar na ndruadh agus lucht áirimhthe ré agos rean. Agos an tráth bu suthach sáimh comhdháil go coit- chionn tárla go rucc bean Fheidhlimi inghion áluinn iolchrothach le linn na fleidhe. Éirghios go hathlamh Caithfaidh caoimh ceann draoi na hEireand a tharla
láthair san ccomhdháil an tráth sin agas beart a shein-leabhar seitheach sidhe inn a lá
mh chlí lais agus imthighios amach fa húr a leasa agus gabhus ag breath- nughadh go grinn agus ag rinfheithimh ar néultaibh an aeóir ar alt na réalt agus ar aois na ré chum fáisdine d'fhagháil agus fios na cineamhna bhí a ccuine an linibh do gineadh ann. Fillios Caith- faidh go luath ar chách a láthair an rígh agus do aithris dóibh tuar agus tarrangaire go ttiucfadh 'niomad dochar agus díthe do chóicce Uladh da thoisg na hionghiona do gineadh ann. 2. Ag fagháil na fáistine do mhaithibh Uladh do c
inneadar
comhairle a
noidhe do mhilleadh agus dob
radar laochra na Craobhruaidhe a marbadh gan fhuireach. "Ní hamhlaidh déan- thar" ar an rígh, "ní h
onmholta cathughadh a naghaidh na cinneamhna agus is maircc don tí do mhill
eadh naoidhe neam- hurc
óideach óir is geanamhail gnaoi agus gáire an leinibh. Monuar! bu truagh a múchadh. Tugaidh fa ndeara a uaisle Uladh agus éistidh liomsa a churadha cródha na Craobhruaidhe agus tuigidh go ngéilliomsa fós do thuar na ttarrangaire agus d'fhái- stine bhfáidhe acht cheana ní ghéilliom 's ní mholaim gníomh táir nó feillg
níomh do dhéanamh a ndóchus choisg feirge chum- achta ndúl. Más cinneam
uin í nach féidir seachnadh tugaidh gach éinneach oidhe do fhéisin acht ná dortaidh crú a naoidhe nimhchiontach óir ní dual ágh 'na dhiaidh. Fuagram dhíbh, iomara, a mhaitha na hEamhna go ngabham an inghion faoi
chumair
e bo dhéin feasta agus má beó buan mé agus í is éidir go mbiadh 'na haon mhnaoi agus na caoimh-c
éile agam. Uime sin dearbhaighiom d'fhearuibh Éireand fá ratha éasg
agus gréin
éinneach do lámh
adh a milleadh anois nó 'rís nach buan beó é má mhairiomsa dá éis." D'éistiodar maithe Uladh agus cách go coitcheann go toí tostach gur éirigh Conall Cearnach, Feargus mhac Roigh agus laochra na Craobhruaidhe a naoineacht agus aseadh do beart: "a airdrí Uladh is ceart do b
reith agus is dleacht a choimhéad agus gurab í do thoilse do dhéantar." 3. Dála na hinghiona thug Conchubhar fona chumairce féisin í agus do chuir a lios fa leith í dá hoileamhain age buime darbh ainm Leabharc
am a ndaingion na Craobhruaidhe agus beirsiomh Conchobhar agus Cathfaidh draoi Deirdre d'ainm dhí. As a haithle do Dheirdre dá hoileamhain go húr faoi Leab- harc
am re ré a haosa agus fo bhantracht gá hard leasugha
inn gach healadh
bo hoireamhna
d'inghion ard flaithe
gur éirigh 'na buinne bláthmhur agus gur chinn ós gach céim a háilne. Ach cheana ro hoileadh í re hiomarc
so b
ídh agus dighe ionnus go ma móide a méad sa hapadh agus go ma luaithe ionnuachar dhi. Is amhlaidh boí árus Dheirdre a ndain- gion na Craoibhe, do réir recht an rígh: gach solus dúnta a néadan a dúnaidh agus na fuinneóga cúil a bheith forsgaoilte, luibh- ghuirt áluinn lán-toirthach in niar thaobh a leassa inn a mbia
Deirdre seal a si
bhal faoi shúil a hoide a ttús agus a ndeireadh an lae faoi sgáth na ng
raobh 's na ngéag úra agus re húr sreabha siubhalach lúbach baoí
snámh go sáimh trí lár an úirlis. Múir ard aibhéil aimhréidh nach uras tarsnadh ag timchiolradh an mór-adhbha soin agus ceathrar farchon fogharg ó Chonchobhar ag buanchoimhéad ann agus bo baoghalach saoghal don té dá lámhadh ionsoigheadh óir nír bho dleacht do neach firionn dol dá ghar nó a gcóir Deirdre nó fós féachain uirre acht a hoide darb ainm Cailcín agus an rígh Conchobhar boidhéin. Ba rathmhur réim Chonchobhair agus ba calma clú curadh na Craoibhruaidhe ag cosnamh cóigeadh Uladh a naghaidh allmhurac
agus gach cóige eile a nÉirinn re na linn agus ní raibh triar a tteaghlach na hEamhna nó a mBanba fa seach ba cródha ina mic Uisneach nó laochraidh dob airde céim ná iad .i. Naoise, Ainle agus Ardán. 4. Iomthúsa Dheirdre an tráth ba ceithre mbliaghan décc d'aois dí do fríth ionnuachar í agus do thriall Conchobhar go dtuccadh c
um
aird-chearcaille fodhéin í. Luighios mun am sin dubhrón tromthuile tuirse ar an óigríoghuin gan chodhladh sáimh, gan satha thomaltus cen macnaois mar ba gnátha
léi. Go ttarla lá naon re linn laogh
luighe san nGeimhre
go ndeacha
Cailcín oide Dheirdre a mharbhadh laoigh chum prainn d'ollm
ugha
disi agus iar ndorta
fola an laoigh amuigh ar a tsneachta cromus fiach dubh dá hól agus mar thucc Deirdre sin da naire agus í ag feitheamh thré fui
neóig an daing-
nich ro léig osna throm go ng
uala Cailcín í. "Créd fáth do thuirse
inghion?" ol sé. "Monuar nach raibh súd agum mar c
ím" ol sí. "Biaidh sin agad más féidir" ol sé ag tarraing a láimhe go hatha- lómh gur c
aith urchor gan iomroll dá sgine ar amhus an f
ich gur thrasgar a leathchois dhe agus tógus a néan iaromh agus ro theilg fon aice Dheirdre é. Clisios an inghion a ccéadóir agus ro thuit a nanfainne go ránoicc Leabharcham fa c
obhair dhi. "Créd fa filir mar chím a inghion ionmhuin?" ol sí "óir is truagh do g
né óthá
ndé a leith." "Mian tárla dhom" ol Dheirdre. "Créd an mian sin?" ar Leabharcham. "Trí datha it chonarcas" ol Deirdre .i. "duibhe an f
ich, dircce na fola agus gile an tsneachta". "Is urus sin d'- fhag
áil duit anois" ol Leabharcham agus d'éirche
mach cen fuireach agus ro cruinnig
lán leastar don tsneachta agus leath lán chuaiche d'f
uil a laoigh agus beanas trí chleite as sgiathán an f
ich agus ro leag ar clár as comhair na hinghiona iad. Ro thionsgain Deirdre samhoil mar dá mbiadh ag ithe an tsneachta agus ag blaiseadh na fola go falsa le bar
chleite an f
ich agus a buime ag breathn
adh go géur uirre gur iar
Deirdre ar Leabharcha
a fágbháil léi féin seal. Iomthioghas Leabharc
um agus fillios arís agus is amhlaidh a fuair sí Deirdre ag cumadh meall sneachta a ndeilbh chinn fir agus gá bhreacadh le bar
chleite an nf
ich as crú a laoigh agus
cur mion-chlúmh dubha mar folt fair agus nír airigh sí a buime ag breathnughadh uirre nó gur chríochnuigh é. 5. "Cia dó is samhlait sin?" ol Leabha
c
am. Clisios Deir- dre agus dubhairt "is obair so-m
il
te í". "Is ro-iongnadh lioomsa an obair sin a inghion" ol Leabharcham "óir níor bu ghnáth leatsa deilbh fir do tharraing nocha ro bhoí dleacht dob handáil na hEamhna mhúnadh dhuit acht comhsamhlacht Chonchobhar náma. "It conairc mé gnúis am aisling" ar Deirdre "ba gile gnaoi iná gnúis an rígh nó Chailcín agus is ann a bhfeacus na trí datha do c
ráigh me .i. gile an tsneachta ar a chneis, duibhe an fhiche ar a fhuilt agus deirge na fola ar a ghruaidh agus monuar ní buan
mo bheatha muna bhfagham
mhian." "Faraor do mhian a in
ion" ar Leabharcham. "mo mhian a bhuime caoimh" ar Deirdre. "Monuar is truagh do mhian agus is doilghe d'fhag
áil" ol Leabharcham óir daingion dúnta bruighion na Craoibhe is ard aimhréidh badhmhún timchioll agus géur-choimhéd na mborb ffarchon inte". "Ní baoghal dúinn na coin" ol Deirdre. "Cáit inn ar dhearcais an ghnúis sin?" ol Leabharcham. "In aisling ané" ol Deirdre agus í ag caoi iar bhfolach a gnúis a nucht a buime agus ag sileadh déar gu flias. "Éirigh díom a dhalta dhil" ol Leab- harc
am "agus cosg do dheóra feasta go nithir biadh agus go nibhthir deoch agus déis Cailcín a phrainn a chealamh beimaoid araon a teacht ar an aisling". Tógbhas a buime cionn Dheirdre suas "gabh uchtac
a inghion" ol sí "agus bí foigheideach ór is dóigh liom go bhfuigheir do mhian go seadh óir do réir aosa agus beatha daonda ní fada buan saoghal Chonchobhair ad aice." 6. Iar nimthiacht do Leabharcham uaithe d'airigh sí brat uaithne
crochadh a mbéal fuin
eóige dúnta ar chionn luircc umha agus bar
gaighe dá sáitheadh tré mhúir na brui- ghine. Cuireas Leabharcham a lámh chuige go ránaic léi go réidh 's gur tuitsiomh clocha agus caonach
nuas ina haithle co madh léir solus lae, faithche féurmhar agus rian na ngaisge
ach ós comhair éadan na bruighne agus na laochra ar a lúth-chleasa
muigh. "Tuigiom a dhalta" ol Leabharc
am "gurab ansan ro chonairc tú an aisling uccadh" acht nír fhreagar Deirdre dhí. d'fhág a buime biadh agus beóir ar clár a láthoir Dheirdre agus d'imthigh uaiche cen labhairt léi óir nir thaitean le Leabharc
am tolladh na fuin
eóige deagla Chonchubhair nó Chailcín fios d'fhagháil fair. Iomthúsa Dheirdre nír chealaigh prainn acht ro choisg a híota as corn béorach agus tógus feóil a laoigh léi iar na fholach fo bhinn a braite agus ro luidh chum a hoide agus iarrus cead dul seal amach fá chúla na bruighne. "Tá an ló fuar agus
sneachta domhainn ann a inghion" ol Cailcín "acht féidir siub- hal seal fa sgáth sleasaibh na bruighne agus tobhair dod aire tiach duigthear na coin". 7. D'imthigh Deirdre
mach agus níor stuanadh léi go ndeach- aidh síos trí lár a tsneachta mar a raibh cuas na bhfarchon agus mar aithin no coin í agus balumh an f
eóil níor bhain léi agus ní dhearnadar tafan
gur rainn sí a prainn eotorra agus fillios asteach. As a haithle tánaic Leabharc
um iaramh agus fuair Deirdre 'na luighe air leathtaoibh a cearcaille agus é ag osnamh go trom agus a falcadh déar. Ro sheas a buime go tói seal ag breath- nughadh uirre gur maothadh a croidhe chum truaighe agus gur imthigh a fearcc uaithe. Sínios a lámh agus aseadh ro ráidh "éircche inghion cháidh go mbeimís a trácht ar an aisling agus ai
ris dom a bhfacais an gaisgiath dubh na haislinge ucchad ariamh a roimh
ndé" ol Leabharc
aim. "Gaisgiath geal a bhuime chaoimh, gaisgiath na ngruadh geanamhuil chorcuiri" ol Deirdre. "Ai
ris dom gan ghó" ar Leabharc
am "an b
fai- cis ariamh an laoch sin roimhe
ndé nó sul far thollais obair na fuin
eóige re bar
gaithe agus le lorcc umha agus gur dhear- cais thríd amach ar laochraidh na Cr
oibhe tan ro bhádar ar a ccleasa lúth ar rian na gcuradh agus go bhfacais an aisling adubhrais". 8. Folachas Deirdre a gnúis a mbrollach a buime ag caoi go ndubhairt "a mháthair chaín agus
oileamhuin mo chroidhe ná habair sin lem oide agus ní cheilfim ort go b
facas é ar faithche na hEamhna ris na macaibh ag imirt cluibhthe agus a foghluim cleassa goile agus och ba hálain
gnaoi dho an tráth sin agus bu ro-gheanamhuil andé." "A inghion" ol Leabharcham "ní fhaca tusa na macaibh nó faithche na heamhna sic ón tráth bu sheacht mbliadhain daois duit agus itá sin secht mbliadhna ó shoin." "Secht searbh mbliadhna" ol Deirdre "ó chonairc mé aoibhneas na faithche agus imirt na macán 's gur chind Naoise tar ócclaochuibh na hEamhna ar cheana". "Naoise mac Uisneach" ol Leabharc
am. "Naoise is ainm dó mar dubhairt sé liom" ol
Deirdre "ach níor fhiarfaigh mé ciar mhac é." "Mar dubhairt sé leat" ol Leabharcham." "Mar dubhairt sé liom" ol Deirdre "an tan ro caith sé urc
ar meill re hiomroll siar go fiar tar chionn a nogh-bhuidhean do sheas fa húr na faithche agus d'éirigh meise as cháich gur thógus an léathróid agus toirbhiros dó í agus d'fháisg sé mo lámh go lua
gháireach." "d'fháisg do lámh inghion" ol Leabharcham. "D'fháisg sé í go díl agus dubhairt go b
feicfeadh arís mé ach bu deacair dó agus ní fhacus é ó s
oin go ttí
ndé agus
bhuime chaoimh más maith leat beó mé beir sgéala dhó uaimse agus abair leis tiacht dom fhios agus dom agalla
ós ísioll anocht gan fhios do Chailcín nó d'aoin neach oile." "A inghion" ol Leabharc
am "is ro-bhaoghala
an toisg chosg do mhiansa d'fhagháil ó fheircc an rígh, faoi ghéur-choimhéd Chailcín um bhfíoch na bhfarc
on ngarg agus mun aimhréidhe an bhadhbhún timchioll." "Ní baoghual dúinn na coin" ol Deirdre." "Tuilleadh fós" ol Leabharcham "is mór cion Chonchobhair ar C
loinn Uisneach agus níl éin churaidh fon Ccraobhruaidh is dísle dho iná Naoise." "Má seadh mac Uisneach é" ol Deirdre "do chualas a thaiste ó bhandáil na hEamhna 's gur mór a ghabháltu
sí féin a niarthar Alban leithmuigh do chumus Chonchabhair agus a bhuime chaoin ait
iom ort dul da fhios Naoise agus féidir ai
ris dó mar táim agus mar mó mo chionn a
r iná ar Chonchobhair". "Ai
ris féin sin do má éidir" ol Leabharc
am agus d'imt
igh amach a ccéadóir d'fhios Naoise gur fríth é agus ránaic léi go hárus Dheirdre a ttús na hoidhche gan fhios do Chailcín. Tráth c
onairc Naoise brea
ghacht gnaoi na hinghiona líontar é re tuile seirc
agus aitighios Deirdre fair a breith ar éalódh go hAlbain acht bu ro-dhoilighe le Naoise sin d'eagla Chonchobhair ach faire na hoidhche ro ghabh gnaoi Dheirdre buaidh fair gur aonta
dhi agus ro triallsat imigh- theacht san oid
che iar na mhároch. 9. D'éalo
gh Deirdre a meodhán na hoidhche gan fhios dá hoide iná buime ór táinic Naoise an tráth sin agus a dhís bráthar mar aon fris gur thollastar bearna chúl chuas na ccon ór ro bhádhtar na madradh marbh cheana re nimh ó Dheirdre. D'ardaighiodar an inghion tar na múiribh trés gach aimh-
réidhe gur bhuan réabpa brait agus bar
éideagh dhi, agus chuirseamh ar muin eich í agus nír stuanadh riú go Sliabh Fuaid agus Fion
charn na Foraire agus ránccadar an cuan agus go ndeachadar a luing agus gur seoladh iad re gaoith ondeas tar bóchna mara agus for dhrumc
ladh an domhuin f
airge go Loch nEathaig
an iar
ar Alban agus trí coéccad curadh cródha mar aon friú .i. coégad fo gach fear don triar dearbhráthar .i. Naoise, Ainle agus Ardán. 10. Fuaradur mic Uisneach conailbhe agus buanacht ó Rígh Alban go bhfua
r tuarasgbháil sgeímhe Dheirdre agus gur iarr 'na mnaoi do féin í. Ghabhus fearg mhór Naoise cona bhráithre uime sin agus trialluid a hAlbain a noiléanuibh mara ar teitheamh re Deirdre tair éis iomad coinsgleo eidir iad féin agus muintir an rígh. Ach cheana iar cclos sin ionn Ultaibh go ro bhádor meic Uisneach san éigin sin dubhr
ar mórán d'uaislibh an chóic- ceadh re Chonchobhar go ro thruagh Clann Uisneach do bheith ar deóraigheacht tré cheilg mhná baois agos go madh cóir fios do chur orra agus a ttabhairt don tír. 11. Fleadh m
ór chaoimh do comóradh le Conchobhar mhac Fachtna fait a mbruighin mín álain
Eamhna Macha do mhai- thiph agus do mhór uaisle Uladh ar cheana. Tráth thionóll na flatha go hEamhain Macha ro suigh gach saorfhlaith i neagar agus a nionad cinte com
aosa comhaithiosa féin mar ba gnáth feis na hEamhna do chommóradh gach bliadha
n agus dob é líon teaghluigh Chonchobhair ceathrar ar thrí fithchid ar sé céat ar mhíle idre uaisle, airghe, agus am
us leath muighe d'araghuibh, d'ócclaochuibh agus d'aos freastail agus ro friothóladh na saor- fhir re togha gach bídh agus sogha gach dighe gur bhu subhach soimheanmnach na slóighte go hoile. 12. Is ansin d'éirghiodar aois ealadhna, ollamhna agus oirfidigh ciuíl archeana do ghabháil a ndánta fili ar chaithréim craobh gach cinél 's a ndréacht aníos ó fhréimh géag 's gach ginul dóibh. Acc so anmanna na bhfileadh ro boédh fon dún an tan sin .i. Cathfaidh Caoimh mac Conaill mhic Rudhruigh agus Geannán Glúndubh mhic Cathfaidh agus Gruadhsholus mac Cathfaidh,
Seanchán mac Oillioll agus Fircheirtne an fili. Agos ro bhádar ag ól agus aoibhneas is an sin ro éirigh an bollsaire agus ro craitheas- tar slabhradh athgharbh umha do chosg moghaibh agus dísgir sluagh agus slabhradh slim airccit go néistfiod
aos maithe agus mór uaisle Uladh agus do labhair ós ard agus is seadh ro ráidh "A m
aithe agus a ro-f
laithe Uladh" ol sé "is áill liom fios d'fhagháil uaibh an bhfacabhair ariamh a naon ionadh a rabha- bhar teach is feárr iná teach na hEamhna nó teag
lach is fearr iná an teag
lachsa?" 13. "Ni fheacamar" ol iadsomh. Gurab ansin a d'éirigh an rí Conchubhar go ndubhairt "a uaisle" ol sé "is áill liomsa fios d'fhagháil uaibh an aithne dhíbh uireasbhaidh ar bith orruibh féin?" "Ní haithne" ar iad san. "Ní headh sinn domhsa" ol an rígh "óir is aithne dhamh uireasbhaidh orruibh .i. na trí leóghoin lánbh- orb, na trí curaidh cródha .i. trí mic Uisneach .i. Naoise, Ainle agus Ardán óir is iad sin gan amhras trí cinn gaisge glan goile Gaodhal óir do c
oiseóinidís ard-chlú Uladh tar cách cóicce eile in Éirinn is nach mór an díth agus an easbuidh iad soin a bhféagbhais oruibh?" ol sé. "Dá lámhamao
s sin a rádha a ard rígh Uladh" ol na maithe "is fada ó déaramaois é óir is iomdha ár a cuireadh oroin
dá bhféagb
us agus iomdha creach da beanadh dhín
ó d'imthigh siod agus adubhairt cách gur biomdha dochar agus díobháil tánaic ar Uladh ó d'éalo
gh Clann Uisneach. Do fhreagar an rígh ag rádh go raibh sin féin san ccineamhain mar do thuar Cathfaidh draoi go ttiocfadh mórán díobháil don choicce do thoisg na hinghiona úd a d'éalo
gh leó. "Ar an ádhbhar sin" ol Conchobhar "ná fulaingidh níbhus faide acht cuirthear teachta a ccor síthe na cuinne go hAlbain óir ní cuibhe dhaoibhse bheith a néagbhus bhur ccarad ar son cheilg én ndroch-mhná san dom- han." 14. "Cia rachur ris an tslánaigheacht sin?" ar cách. "Fia- fraighiomsa sin daoibhse" ol Conchobhar "ór is geis do Naoise teacht re cor síthe dá fheabhas acht re aon triar amháin a fil a láthair san ccomhdháilse." d'éistiodar na maithe agus nír labhair
én neach gur éirigh an rígh ag rádh "fiosfam anois" ol sé "cia haca don triar is dísle d'Oltaibh nó cia le rab ionmhuin oineach na hEamhna" agus an sin tucc Conchubhar Conall Cearnach a bhfód fa leith leis agus d'fhiarfaigh dhe créd an cumha d'iarrfadh um dul a ccionn Cloinne Uisneach agus a ttobhairt go hEamhain Macha. "Ní hiarramsa cumhal nó éadál oman aistir sin" ol Conall "acht ní racham san ccora sin gan conra
cuinge cheangailte." "Cia conra
sin?" ol Conchubhar. "Fuil a néiric fola" ol Conall. "Ghéabhair sin san ccunra
" ol Conchubhar. "Fuil uasal san ccaingion" ol Conall "gan a milleadh ar m'ionchaibh" ol sé. "Is dóigh ní baoghal dóibh ar h'ionc
uibhse" ol Conchubhar "agus ní hiarfá m'f
uilse san ccaingion." "Iarram a ccéadttús" ol Conall. "Tuigiom" ol Conchubhar "nach ionmhuin leat mé" agus cuireas Conall uadha agus tuccas Cúc
ulainn chuige iarramh agus fiarfuighios an ccéadna dhe agus d'iar
Cúchulainn na cuinge céadna. "Créd a dhéanfá ol Conchubhar "dá millfidhe iad air h'ionchuibh nó as a haithle?" "Do dhéanuin
" ol sé "go nímeóruin
bás agus buan-éaga ar én neach dá huaisle ar a mbeirin
ciontach san gníomh sin". "Tuigiom" ol an rígh "caidhe luighios do dhísleacht" agus chuir Cúcholainn uadha iaramh agus do ghoir Fearg
us chuige agus sifrios an níidh céadna fair. "Ní habraim" ol Fearg
us "go niarruin
d'f
uilse san cceingion acht cheana níl én neach ele a nUltaibh do lámh-
adh a milleadh ar m'ionchuibhse nach nimeórunn bruinn báis agus bith-éaga fair." "Chím" ol Conchobhar "gur bhu tusa féin a Fh
arghuis is dísle dhamhsa." Uime sin is tú rachas san tslá- naigheacht óir is leat a thucffas siad agus gluais romhad amárach 'na ccionn agus do bhéarsa Cormac Coinlingios agus Dubhach Da
l Uladh a slánuibh fán a bheith dílios dóibh ar na hachtaibh go ngabhar go Dún Boirigh mac Cáinte ag tiacht anoir dhuit agus tabhair briathar domhsa Clann Uisneach a chur go hEamhain Macha gan stuanadh madh oidhche nó lá é ag teacht dóibh." 15. Thuccadar as a noidhche sin agus ro agall Conchobhar Boirigheach mhac Cáinte ag rádh: "an bhfuil fleadh ar na ollmhughadh agad domhsa?" ol sé. "Itá" ol Boirigheach "agus ar súille do ríogh-chuairt sin faoi bheagán do láithibh". "Ní
héadam an chuairt sin a dhénomh gus ttrásd" ol an rígh "ar an ádhbhar soin tabhair cuireadh d'Fhearghus chuice mar is taose a thucfas sé a nÉirinn agus ná gabh éarra uadha óir géis d'F
earghus fleadh ríodha d'obadh. Dála Fhearg
us ro ghluais um astair iar na mhárach agus a dhías mac mar aon fris agus nír chian dóibh ar sáile go rángadar daingion mic Uisneach ag Loch nEitheach an niar
ar Alban. Is amhlaidh do bhádar clann Uisneach san am san agus dhá fiann-bhotha acu .i. both a ndéanadaois bearbhadh agus boith a ndéanadh a ccoid agus is an san mbruighion a cholladís agus iarr ndul d'Fhearg
us san bpurt do léig sé glaodh agus is amhlaidh do bhaoi Naoise agus Deirdre agus iad san bhfiann- bhoth agus an ceann caoimh eotorra .i. fithioll Chonchubhair agus iad ag imirt uirri. Do chuala Naoise an glaodh agus dubhairt "cluinom glaodh Éirin
each" ol sé. "Ní glaodh Éirionnuigh súd" ol Deirdre "ach glaodh Albanuigh agus ro léicc Fearg
as an dara agus an treas glaoidh gur aithin mic Uisneach foghar-ghuth Fhearghuis gur iarr Naoise ar Ardán a dhul ar chionn Fhearghuis. Is an sin adubhairt Deirdre gur aithin sí féin an chéad glaoidh do léicc sé. "Créd far cheilis sin a ríoghuin?" ol Na-oise. "Aislincc do chonairc mé
réir" ol sí "trí leómhain do theacht chugain
ó Eamhan Macha agus trí bolgum meala leó ina mbélaibh agus a bhfágbháil aguin
agus trí bolguim dar bhfuil do b
reith leó." 16. Créd i an b
reith fil agad urrthaoi sin a ríoghuin?" ol Naoise. "Fearg
us do theacht chugainn a ccora síthe ó C
onchubhar" ol sí "óir ní millse mil iná cor síothchána an duine bhréaguigh". "Léig sin tharad" ol Naoise "óir is fada Fearghus sa bpurt". Ad'éirigh Ardán mar a raibh sé féin agus a dhís mac iodhoin Iollann Fionn agus Buinne BorbRuadh go ránaic leis don bhoith ina roibh Naoise, Aindle agus Deirdre ion. Fearastar fáilte fíor-c
aoin friú agus gur thairbhir mic Uisneach teóra póga go díl dóibh agus d'fhiarfaidh sgéala hÉirionna dhaopha agus d'insiodar sin dóibh. "Is iad na sgéala is fearr aguinn" ol Fearg
us "Conchubhar dar ccuruinne a ccor agus a slánuigheacht in
bhur cceansa." "Ní h
ondulta dóibhsion ann sin" ol Deirdre "óir is mó a ttighearnas anAlbain iná
Éirinn". "Is fearr an dúthchas nó gach nídh" ol Fearg
us "óir is neamh-aoibhin
do neach cidh mór a rath muna bhfeicidh a dhúthchuigh." "Is fíor sin" ol Naoise, "ór is ansa liom féin Éirind iná Albain gé mó do ghéabhain
an Albain." 17. "Is daingion daoibhse do liomsa" ol Fearg
us. "Is dainghion cheana" ol Naoise "agus racham leat go hÉrind agus ní da dheóin Dheirdre adubhairt Naoise na briathra sin agus do bhaoí ag toirmiosg um dol re Fearg
us agus tug Fearg
us a bhriathar an sin dá
bidis fir Éireand 'na naghaidh nach ba fearr- de dhóibh é agus eisiomh bheith leó óir "nír bhud díon sgiath nó cath- bhar dhein neach a bheith bhur naghaidh accos mise mar chui- mirc
orruibh" ol sé. "Is fíor sin" ol Naoise "accos rachamaoine leatsa gan bhaoghal gan uamhan." 18. Do ruccadar as an oidhche sin go maidin arna mhároch agus do chuadar mar a roibh a longa agus do chuireadar mic Uisneach gach nídh dob oireamhnach dóiph féin accos do Dheirdre ar bord agus a
cionn naoi dtráth do chuadar ar sáile re cogar-gharbh gála onoir-thuaidh ghó ro líonastar na scairde sgiamhghlanna agus go ro sguapastar an long tar dhrumc
ladh na ttonn ttaosgach agus domhain-fhairge ó iarsgartuibh áille na hAlbana an ngéar-aimsir go ránccadar an cuan Cáintigh na hÉirionn agus go risiodar an calaphurt a ngar do Dhún Boirigheach mhac Cáinte agus d'fhéach Deirdre tar a hais ar críchibh Alban agus aseadh ro ráidh. "Mo chion duit a thír úd shoir. Is olc liom d'fhágbháil óir is aoibhinn do chuan 's do chalapuirt 's do mhagha míne 's do thulcha taitneamhacha thaobh-uaine is do choillte caomh áilne binn-g
othacha agus ní léigeamar a leas d'fhágbháil" agus adubhairt an laoidh ann. {C Fil.} Ionmhuin liom an tír úd shoir Alba gona hiongantaibh: Nocha ttiocfain
aiste dhe muna ttiocfain
re Naoise. Ionmhuin Dún Fiodha, ionmhuin dún os a ccionn,
ionmhuin Inis Droighin de, is ionmhuin Dún Suibhne. Coill Chuan ón an Choill chuan mar a ttigeadh Ainle 's Ardán uair; fa gairid liom ro boí ann is Naoise a niarthar Alban. Gleann Laoighe ó an Ghleann Laoighe do chodlainn san mboirin chaoimh: iasg is fíon is saill-bhruic fa hí mo chuid a nGleann Laoighe. Gleann Masáin, Gleann Masáin ard a chneamh, gleil a ghasáin; an
do nímís codladh corrach ós in Inbheir mongach Masáin Gleann Eithche ó an Gleann Eithche ann do thógas mo chéad toígh, áluinn a fiodh ar néirghe buaile gréine Gleann Eithche. Gleann Archaoin, Gleann Archaoin ba hé an gleann díreach drum-chaoin, nocha ar ualluidhe fear aoise nó Naoise a nGleann Archaoin. Gleann dá Ruadh, Gleann dá Ruadh mo chionn do gach aoin fhear dar dhual is binn guth cuaiche ar craobh cruim ar an mbinn ós Gleann dá Ruadh. Ionmhuin droighin is tréan tráigh, Ionmhuin uiscce an ghainimh gloin; nocha ttiucfuin
aisde onoir muna ttiucfuin
le m'ionmhuin. ionmhuin.
{C Prós} 19. A haithle na laoidhe sin ránccadar go Dún Boirigheach mhic Cáinte agus do thoirbhir Boireach teóra póga go dil do Fhearg
us cona mhacaibh agus do C
loinn Uisneach mar aon friú. Is an sin adubhairt Boirigheach go roibh fleadh aige a noir- chill Fh
arghuis agus nár ghéis do fhágbháil go ccaitheadh í. Ó do chuala Fearg
us sin do rinneadh ronuall corcra dhe ó bharr go bonn agus iseadh ro ráidh "is olc do rinnis a Bhoiriach fleadh a d'fhuráil oramsa accos Conchobhar iar ttabhairt mo b
riathar foram mar is taoisge a thiuicfuin
go hÉirinn dá ma oidhche nó lá domh ag teach anoir, Clann Uisneach a chur go hEamhain Macha." "Cuirimse fo gheasuibh thú" ol Boiridhe "muna ttighe tú do c
aitheamh na fleidhe." D'fhiarfaidh Fearg
us an sin do Naoise créd dhénadh ris an b
fleadh. "Do dhéanair" ol Deirdre "gur cór
dhuit an fleadh do thréigbheál iná Clann Uisneach." "Ní thréigfeadsa iad" ol sé "óir cuirfiod mo dhís mac leo .i. Iollainn Fionn agus Buinne Borb Ruadh go hEamhuin Macha. "Dar mo bhréithir" ol Naoise, "ní beag linne sin uait óir ní neach eile chosain ariamh sinn acht inn féin." 20. Gluaisiodar rompa ar na briathraibh sin agus ba tuirseach iad a ndiaidh Fhearghuis gidheadh do bhí a dheimhin acu dá ndeac
aidís oll-chóigidh Éirionn a n én chomhuirle nach ttiuc- fadh dhóibh a chumairce
shárugha
agus adubhairt Deirdre "do bhéaruin
se comhuirle mhaith dhaoibh a chlann Uisneach gion go ndéantar libh í." "Créd í an c
omhuirle sin a río- ghuin" ol Naoise .i. "dol go Rachluinn eidir Éire agus Alba agus fanmhuint ann go ccaithe Fearg
us an fleadh agus is comhail bréithre dhósamh sin agus is fadugha
saoghuil díbhse é." "Ní dhéanom an c
omhuirle sin" ol iadsamh agus adubhairt Clann Fhearg
uis nach roibh baoghal forra agus nach sárachfaidh
briathar a nathara ar én chor. "Maircc a tháinic ris an mbréithir sin" ol Deirdre "an do thréig sinn ar fleadh" agus do rinne an laoidh. {C Fil.} Maircc dhúinn tháinic anoir re bréithir Fhearghuis mhic Roigh romhir; nocha déansa acht ochán dhe, Uch! is ro-chrádh re mo chroidhe.
Mo chroidhe 'na chaoimh cumha atá anocht na mhór pudhar; mar chonncas bhur mbuan oidhe do Chonchubhar bhur ttruagh luighe. Ná habair sin a Dheirdre dhian, a bhean is gile nó an ghrian; nocha ttí re síthe thar muir chugain
cum ar milleadh. Monuar is fada liom daoibh a mhaca áille Uisneach; teacht ó Albain an fheóir dheirg fada bhus buan a bhioth-mhaircc. Maircc. {C Prós} 21. A haithle na laoidhe sin tánccadar rómpa go FionnCharnn na foraire ar Sliabh Fuaid agus do fhan Deirdre dá néis san ngleann gur thuit a codla
uirri agus ó d'athain Naoise Deirdre iarna fhágbháil dia néis ro fill ar ais mar a robh sí agus í ag éirghe as a codladh agus d'fhiarfuigh dhi "créd far ánais a río- ghuin" ol sé. "codladh tánaic orm" ol sí, "agus do chonairc mé aislincc". "Créd í a n-aislincc" ol sé .i. "gan a chionn a
Iollann Fion
" ol sí "agus a cheann ar Bhuinne Borb Ruadh accos gan cungnamh Bhuinne Borb Ruadh libhse agus cungnamh Iollann Finn libh" accos ro ráidh a laoidh. {C Fil.} Truagh an taibhsi tairbhriogh dhomh, an ceathrar fear fíor-ghlan; accos a gcionn ar cheachtar dhe 's gan cungnamh fir re chéile. Nocha chan do bhéal ach olc a aindir áluind éadtrocht, nimh do bheóil thana thall ar ghalluibh gharbha úathmhar
Do b' fhearr liom olc gach nduine do ráidh Deirdre gan duibhe, iná bhur nolcsa a thriar mín re sirfinn muir agus mór-thír. Do c
iúsa a cheann ar Bhuinne ó sé a s
aoghal is faide, nocha liomsa
nocht nach truagh a cheann féin ar Bhruinne Borb Ruadh. {C Prós} 22. A haithle na laoidh
thánccadar rómpa go hArd Mhacha is ansin adubhairt Deirdre re Naoise "do chím néull san aéiar agus is néull fola é agus do b
éaruinn comhuirle mhaith dhaoibhse a Chlann Uisneach". "Créd í an c
omhuirle sin a ríoghuin?" ol Naoise. "Dol go Dún Dealgan mar a bhfuil Cú Chulainn go gcaithe Fearg
us an fleadh accos a bheith ar chuimirce Cú Chulainn d'eagla cheilg Chonchubhair." "Ó nach b
fuil eagla oruin
ní dhéanam an chomhuirle sin" ol Naoise agus do rinne Deirdre an laoidh mar leanas mun ádhbhar soin. {C Fil.} "A Naoise féuch do néull do chíu sunn san aéiar; do chim ós Eamhain uainne fuar-néall fola fior-ruaidhe. Do ghabhus bíogadh tréas an néull do chíu sunn san aiéar; samhalta re crú fola, néull uathmhar iomghona. Do bhéaruin
se comhuirle daoibh, a mhaca áille Uisneach: gan dol go hEamhain anocht, tré a bhfuil oruibh do g
uasacht. Rachamaoidne go Dún Dealgan mara bhfuil Cú na hEamhna;
'S amárach tiucfamaoidne ar ais mar aon re Cú na gcaoimh gcleas. Adubhairt Naoise tré fheirg re Deirdre ghasda ghruaidh-dheirg: ó nach bhfuil eagla oruinne ní dhéanamaoid do chomhuirle Dobh annamh sin ariamh roimhe a úa rathmhar Rudhraighe gan ar mbeith ar aoin sgél de tusa is mise a chéile An lá tucc Mana
nán an chuach c