Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imthiacht Dheirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne Uisneach

Title
Imthiacht Dheirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne Uisneach
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1805
Publisher
(Tübingen: Niemeyer Verlag, 1962)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Imthiacht D<h>eirdre la Naoise agus Oidhe Chloinne
Uisneach



1. Feacht naon ro luidhe Conc<h>ubhar mhac Fachtna rí
Uladh agus maithe na Craobhruaidhe chum fleadha go tigh
Fheidhlim mhic Doill ard sgéaluidh<e> an rígh agus ba subhach
soimheanmnach an rí agus a mhuinntir ag caitheamh na fleidhe
sin a ttigh an ard sccéaluidhe<e> le ceólta caoimh na noirfideach
agus le binneas glór na mbard 's na nollamh, re haoibhnios ur-
labhra agus seanachais na suadh agus lucht léighte caoineach
leac agus leabhar; re tuar na ndruadh agus lucht áirimhthe ré
agos rean. Agos an tráth bu suthach sáimh comhdháil go coit-
chionn tárla go rucc bean Fheidhlimi inghion áluinn iolchrothach
le linn na fleidhe. Éirghios go hathlamh Caithfaidh caoimh ceann
draoi na hEireand a tharla <do> láthair san ccomhdháil an tráth
sin agas beart a shein-leabhar seitheach sidhe inn a lá<i>mh chlí
lais agus imthighios amach fa húr a leasa agus gabhus ag breath-
nughadh go grinn agus ag rinfheithimh ar néultaibh an aeóir
ar alt na réalt agus ar aois na ré chum fáisdine d'fhagháil agus fios
na cineamhna bhí a ccuine an linibh do gineadh ann. Fillios Caith-
faidh go luath ar chách a láthair an rígh agus do aithris dóibh
tuar agus tarrangaire go ttiucfadh 'niomad dochar agus díthe do
chóicce Uladh da thoisg na hionghiona do gineadh ann.



2. Ag fagháil na fáistine do mhaithibh Uladh do c<h>inneadar


L. 121


comhairle a<n> noidhe do mhilleadh agus dob<h>radar laochra na
Craobhruaidhe a marbadh gan fhuireach. "Ní hamhlaidh déan-
thar" ar an rígh, "ní h<i>onmholta cathughadh a naghaidh na
cinneamhna agus is maircc don tí do mhill<f>eadh naoidhe neam-
hurc<h>óideach óir is geanamhail gnaoi agus gáire an leinibh.
Monuar! bu truagh a múchadh. Tugaidh fa ndeara a uaisle Uladh
agus éistidh liomsa a churadha cródha na Craobhruaidhe agus
tuigidh go ngéilliomsa fós do thuar na ttarrangaire agus d'fhái-
stine bhfáidhe acht cheana ní ghéilliom 's ní mholaim gníomh
táir nó feillg<h>níomh do dhéanamh a ndóchus choisg feirge chum-
achta ndúl. Más cinneam<h>uin í nach féidir seachnadh tugaidh
gach éinneach oidhe do fhéisin acht ná dortaidh crú a naoidhe
nimhchiontach óir ní dual ágh 'na dhiaidh. Fuagram dhíbh,
iomara, a mhaitha na hEamhna go ngabham an inghion faoi <mo>
chumair<c>e bo dhéin feasta agus má beó buan mé agus í is éidir
go mbiadh 'na haon mhnaoi agus na caoimh-c<h>éile agam. Uime
sin dearbhaighiom d'fhearuibh Éireand fá ratha éasg<a> agus
gréin<e> éinneach do lámh<f>adh a milleadh anois nó 'rís nach buan
beó é má mhairiomsa dá éis."



D'éistiodar maithe Uladh agus cách go coitcheann go toí
tostach gur éirigh Conall Cearnach, Feargus mhac Roigh agus
laochra na Craobhruaidhe a naoineacht agus aseadh do beart:
"a airdrí Uladh is ceart do b<h>reith agus is dleacht a choimhéad
agus gurab í do thoilse do dhéantar."



3. Dála na hinghiona thug Conchubhar fona chumairce féisin
í agus do chuir a lios fa leith í dá hoileamhain age buime darbh
ainm Leabharc<h>am a ndaingion na Craobhruaidhe agus beirsiomh
Conchobhar agus Cathfaidh draoi Deirdre d'ainm dhí.



As a haithle do Dheirdre dá hoileamhain go húr faoi Leab-
harc<h>am re ré a haosa agus fo bhantracht gá hard leasugha<dh>
inn gach healadh<ain> bo hoireamhna<ch> d'inghion ard flaithe


L. 122


gur éirigh 'na buinne bláthmhur agus gur chinn ós gach céim a
háilne. Ach cheana ro hoileadh í re hiomarc<aidh> so b<h>ídh
agus dighe ionnus go ma móide a méad sa hapadh agus go ma
luaithe ionnuachar dhi. Is amhlaidh boí árus Dheirdre a ndain-
gion na Craoibhe, do réir recht an rígh: gach solus dúnta a néadan
a dúnaidh agus na fuinneóga cúil a bheith forsgaoilte, luibh-
ghuirt áluinn lán-toirthach in niar thaobh a leassa inn a mbia<dh>
Deirdre seal a si<u>bhal faoi shúil a hoide a ttús agus a ndeireadh
an lae faoi sgáth na ng<c>raobh 's na ngéag úra agus re húr sreabha
siubhalach lúbach baoí <ag> snámh go sáimh trí lár an úirlis. Múir
ard aibhéil aimhréidh nach uras tarsnadh ag timchiolradh an
mór-adhbha soin agus ceathrar farchon fogharg ó Chonchobhar
ag buanchoimhéad ann agus bo baoghalach saoghal don té dá
lámhadh ionsoigheadh óir nír bho dleacht do neach firionn dol dá
ghar nó a gcóir Deirdre nó fós féachain uirre acht a hoide darb
ainm Cailcín agus an rígh Conchobhar boidhéin. Ba rathmhur
réim Chonchobhair agus ba calma clú curadh na Craoibhruaidhe
ag cosnamh cóigeadh Uladh a naghaidh allmhurac<h> agus gach
cóige eile a nÉirinn re na linn agus ní raibh triar a tteaghlach na
hEamhna nó a mBanba fa seach ba cródha ina mic Uisneach nó
laochraidh dob airde céim ná iad .i. Naoise, Ainle agus Ardán.



4. Iomthúsa Dheirdre an tráth ba ceithre mbliaghan décc
d'aois dí do fríth ionnuachar í agus do thriall Conchobhar go
dtuccadh c<h>um <a> aird-chearcaille fodhéin í. Luighios mun am
sin dubhrón tromthuile tuirse ar an óigríoghuin gan chodhladh
sáimh, gan satha thomaltus cen macnaois mar ba gnátha<ch> léi.



Go ttarla lá naon re linn laogh <do> luighe san nGeimhre<adh>
go ndeacha<idh> Cailcín oide Dheirdre a mharbhadh laoigh chum
prainn d'ollm<h>ugha<dh> disi agus iar ndorta<dh> fola an laoigh
amuigh ar a tsneachta cromus fiach dubh dá hól agus mar thucc
Deirdre sin da naire agus í ag feitheamh thré fui<n>neóig an daing-


L. 123


nich ro léig osna throm go ng<c>uala Cailcín í. "Créd fáth do thuirse
<a> inghion?" ol sé. "Monuar nach raibh súd agum mar c<h>ím" ol sí.
"Biaidh sin agad más féidir" ol sé ag tarraing a láimhe go hatha-
lómh gur c<h>aith urchor gan iomroll dá sgine ar amhus an f<h>ich
gur thrasgar a leathchois dhe agus tógus a néan iaromh agus ro
theilg fon aice Dheirdre é. Clisios an inghion a ccéadóir agus ro
thuit a nanfainne go ránoicc Leabharcham fa c<h>obhair dhi.
"Créd fa filir mar chím a inghion ionmhuin?" ol sí "óir is truagh
do g<h>né óthá <i>ndé a leith."



"Mian tárla dhom" ol Dheirdre. "Créd an mian sin?" ar
Leabharcham. "Trí datha it chonarcas" ol Deirdre .i. "duibhe an
f<h>ich, dircce na fola agus gile an tsneachta". "Is urus sin d'-
fhag<h>áil duit anois" ol Leabharcham agus d'éirche <a>mach cen
fuireach agus ro cruinnig<h> lán leastar don tsneachta agus
leath lán chuaiche d'f<h>uil a laoigh agus beanas trí chleite as
sgiathán an f<h>ich agus ro leag ar clár as comhair na hinghiona
iad. Ro thionsgain Deirdre samhoil mar dá mbiadh ag ithe an
tsneachta agus ag blaiseadh na fola go falsa le bar<r> chleite an
f<h>ich agus a buime ag breathn<ugh>adh go géur uirre gur iar<r>
Deirdre ar Leabharcha<m> a fágbháil léi féin seal. Iomthioghas
Leabharc<h>um agus fillios arís agus is amhlaidh a fuair sí
Deirdre ag cumadh meall sneachta a ndeilbh chinn fir agus gá
bhreacadh le bar<r> chleite an nf<h>ich as crú a laoigh agus <ag> cur
mion-chlúmh dubha mar folt fair agus nír airigh sí a buime ag
breathnughadh uirre nó gur chríochnuigh é.



5. "Cia dó is samhlait sin?" ol Leabha<r>c<h>am. Clisios Deir-
dre agus dubhairt "is obair so-m<h>il<l>te í". "Is ro-iongnadh lioomsa
an obair sin a inghion" ol Leabharcham "óir níor bu ghnáth
leatsa deilbh fir do tharraing nocha ro bhoí dleacht dob handáil
na hEamhna mhúnadh dhuit acht comhsamhlacht Chonchobhar
náma. "It conairc mé gnúis am aisling" ar Deirdre "ba gile gnaoi
iná gnúis an rígh nó Chailcín agus is ann a bhfeacus na trí datha
do c<h>ráigh me .i. gile an tsneachta ar a chneis, duibhe an fhiche
ar a fhuilt agus deirge na fola ar a ghruaidh agus monuar ní buan


L. 124


mo bheatha muna bhfagham <mo> mhian." "Faraor do mhian
a in<gh>ion" ar Leabharcham. "mo mhian a bhuime caoimh" ar
Deirdre. "Monuar is truagh do mhian agus is doilghe d'fhag<h>áil"
ol Leabharcham óir daingion dúnta bruighion na Craoibhe is ard
aimhréidh badhmhún timchioll agus géur-choimhéd na mborb
ffarchon inte". "Ní baoghal dúinn na coin" ol Deirdre. "Cáit inn
ar dhearcais an ghnúis sin?" ol Leabharcham. "In aisling ané"
ol Deirdre agus í ag caoi iar bhfolach a gnúis a nucht a buime agus
ag sileadh déar gu flias. "Éirigh díom a dhalta dhil" ol Leab-
harc<h>am "agus cosg do dheóra feasta go nithir biadh agus go
nibhthir deoch agus déis Cailcín a phrainn a chealamh beimaoid
araon a teacht ar an aisling". Tógbhas a buime cionn Dheirdre
suas "gabh uchtac<h> a inghion" ol sí "agus bí foigheideach ór is
dóigh liom go bhfuigheir do mhian go seadh óir do réir aosa agus
beatha daonda ní fada buan saoghal Chonchobhair ad aice."



6. Iar nimthiacht do Leabharcham uaithe d'airigh sí brat
uaithne <ag> crochadh a mbéal fuin<n>eóige dúnta ar chionn
luircc umha agus bar<r> gaighe dá sáitheadh tré mhúir na brui-
ghine. Cuireas Leabharcham a lámh chuige go ránaic léi go réidh
's gur tuitsiomh clocha agus caonach <a>nuas ina haithle co madh
léir solus lae, faithche féurmhar agus rian na ngaisge<adh>ach ós
comhair éadan na bruighne agus na laochra ar a lúth-chleasa
<a>muigh. "Tuigiom a dhalta" ol Leabharc<h>am "gurab ansan
ro chonairc tú an aisling uccadh" acht nír fhreagar Deirdre dhí.
d'fhág a buime biadh agus beóir ar clár a láthoir Dheirdre agus
d'imthigh uaiche cen labhairt léi óir nir thaitean le Leabharc<h>am
tolladh na fuin<n>eóige deagla Chonchubhair nó Chailcín fios
d'fhagháil fair. Iomthúsa Dheirdre nír chealaigh prainn acht ro
choisg a híota as corn béorach agus tógus feóil a laoigh léi iar na
fholach fo bhinn a braite agus ro luidh chum a hoide agus iarrus
cead dul seal amach fá chúla na bruighne. "Tá an ló fuar agus


L. 125


sneachta domhainn ann a inghion" ol Cailcín "acht féidir siub-
hal seal fa sgáth sleasaibh na bruighne agus tobhair dod aire
tiach duigthear na coin".



7. D'imthigh Deirdre <a>mach agus níor stuanadh léi go ndeach-
aidh síos trí lár a tsneachta mar a raibh cuas na bhfarchon agus
mar aithin no coin í agus balumh an f<h>eóil níor bhain léi agus
ní dhearnadar tafan<n> gur rainn sí a prainn eotorra agus fillios
asteach. As a haithle tánaic Leabharc<h>um iaramh agus fuair
Deirdre 'na luighe air leathtaoibh a cearcaille agus é ag osnamh go
trom agus a falcadh déar. Ro sheas a buime go tói seal ag breath-
nughadh uirre gur maothadh a croidhe chum truaighe agus gur
imthigh a fearcc uaithe. Sínios a lámh agus aseadh ro ráidh
"éircche inghion cháidh go mbeimís a trácht ar an aisling agus
ai<th>ris dom a bhfacais an gaisgiath dubh na haislinge ucchad
ariamh a roimh <i>ndé" ol Leabharc<h>aim. "Gaisgiath geal a
bhuime chaoimh, gaisgiath na ngruadh geanamhuil chorcuiri" ol
Deirdre. "Ai<th>ris dom gan ghó" ar Leabharc<h>am "an b<h>fai-
cis ariamh an laoch sin roimhe <i>ndé nó sul far thollais obair na
fuin<n>eóige re bar<r> gaithe agus le lorcc umha agus gur dhear-
cais thríd amach ar laochraidh na Cr<a>oibhe tan ro bhádar ar a
ccleasa lúth ar rian na gcuradh agus go bhfacais an aisling adubhrais".



8. Folachas Deirdre a gnúis a mbrollach a buime ag caoi go
ndubhairt "a mháthair chaín agus <a> oileamhuin mo chroidhe ná
habair sin lem oide agus ní cheilfim ort go b<h>facas é ar faithche
na hEamhna ris na macaibh ag imirt cluibhthe agus a foghluim
cleassa goile agus och ba hálain<n> gnaoi dho an tráth sin agus
bu ro-gheanamhuil andé." "A inghion" ol Leabharcham "ní
fhaca tusa na macaibh nó faithche na heamhna sic ón tráth bu
sheacht mbliadhain daois duit agus itá sin secht mbliadhna ó
shoin." "Secht searbh mbliadhna" ol Deirdre "ó chonairc mé
aoibhneas na faithche agus imirt na macán 's gur chind Naoise
tar ócclaochuibh na hEamhna ar cheana". "Naoise mac Uisneach"
ol Leabharc<h>am. "Naoise is ainm dó mar dubhairt sé liom" ol


L. 126


Deirdre "ach níor fhiarfaigh mé ciar mhac é." "Mar dubhairt sé
leat" ol Leabharcham." "Mar dubhairt sé liom" ol Deirdre "an
tan ro caith sé urc<h>ar meill re hiomroll siar go fiar tar chionn
a nogh-bhuidhean do sheas fa húr na faithche agus d'éirigh meise
as cháich gur thógus an léathróid agus toirbhiros dó í agus
d'fháisg sé mo lámh go lua<th>gháireach." "d'fháisg do lámh
inghion" ol Leabharcham. "D'fháisg sé í go díl agus dubhairt go
b<h>feicfeadh arís mé ach bu deacair dó agus ní fhacus é ó s<h>oin
go ttí <i>ndé agus <a> bhuime chaoimh más maith leat beó mé beir
sgéala dhó uaimse agus abair leis tiacht dom fhios agus dom
agalla<mh> ós ísioll anocht gan fhios do Chailcín nó d'aoin neach
oile." "A inghion" ol Leabharc<h>am "is ro-bhaoghala<ch> an
toisg chosg do mhiansa d'fhagháil ó fheircc an rígh, faoi ghéur-choimhéd
Chailcín um bhfíoch na bhfarc<h>on ngarg agus mun
aimhréidhe an bhadhbhún timchioll." "Ní baoghual dúinn na
coin" ol Deirdre." "Tuilleadh fós" ol Leabharcham "is mór cion
Chonchobhair ar C<h>loinn Uisneach agus níl éin churaidh fon
Ccraobhruaidh is dísle dho iná Naoise." "Má seadh mac Uisneach
é" ol Deirdre "do chualas a thaiste ó bhandáil na hEamhna 's gur
mór a ghabháltu<i>sí féin a niarthar Alban leithmuigh do chumus
Chonchabhair agus a bhuime chaoin ait<ch>iom ort dul da fhios
Naoise agus féidir ai<th>ris dó mar táim agus mar mó mo chionn
a<i>r iná ar Chonchobhair". "Ai<th>ris féin sin do má éidir" ol
Leabharc<h>am agus d'imt<h>igh amach a ccéadóir d'fhios Naoise
gur fríth é agus ránaic léi go hárus Dheirdre a ttús na hoidhche gan
fhios do Chailcín. Tráth c<h>onairc Naoise brea<dh>ghacht gnaoi
na hinghiona líontar é re tuile seirc<e> agus aitighios Deirdre fair
a breith ar éalódh go hAlbain acht bu ro-dhoilighe le Naoise sin
d'eagla Chonchobhair ach faire na hoidhche ro ghabh gnaoi
Dheirdre buaidh fair gur aonta<igh> dhi agus ro triallsat imigh-
theacht san oid<h>che iar na mhároch.




9. D'éalo<i>gh Deirdre a meodhán na hoidhche gan fhios dá
hoide iná buime ór táinic Naoise an tráth sin agus a dhís bráthar
mar aon fris gur thollastar bearna chúl chuas na ccon ór ro
bhádhtar na madradh marbh cheana re nimh ó Dheirdre.



D'ardaighiodar an inghion tar na múiribh trés gach aimh-


L. 127


réidhe gur bhuan réabpa brait agus bar<r> éideagh dhi, agus
chuirseamh ar muin eich í agus nír stuanadh riú go Sliabh Fuaid
agus Fion<n>charn na Foraire agus ránccadar an cuan agus go
ndeachadar a luing agus gur seoladh iad re gaoith ondeas tar
bóchna mara agus for dhrumc<h>ladh an domhuin f<h>airge go Loch
nEathaig<h> an iar<th>ar Alban agus trí coéccad curadh cródha
mar aon friú .i. coégad fo gach fear don triar dearbhráthar .i.
Naoise, Ainle agus Ardán.



10. Fuaradur mic Uisneach conailbhe agus buanacht ó Rígh
Alban go bhfua<i>r tuarasgbháil sgeímhe Dheirdre agus gur iarr
'na mnaoi do féin í. Ghabhus fearg mhór Naoise cona bhráithre
uime sin agus trialluid a hAlbain a noiléanuibh mara ar teitheamh
re Deirdre tair éis iomad coinsgleo eidir iad féin agus muintir an
rígh. Ach cheana iar cclos sin ionn Ultaibh go ro bhádor meic
Uisneach san éigin sin dubhr<ad>ar mórán d'uaislibh an chóic-
ceadh re Chonchobhar go ro thruagh Clann Uisneach do bheith ar
deóraigheacht tré cheilg mhná baois agos go madh cóir fios do
chur orra agus a ttabhairt don tír.



11. Fleadh m<h>ór chaoimh do comóradh le Conchobhar mhac
Fachtna fait a mbruighin mín álain<n> Eamhna Macha do mhai-
thiph agus do mhór uaisle Uladh ar cheana. Tráth thionóll na flatha
go hEamhain Macha ro suigh gach saorfhlaith i neagar agus a nionad
cinte com<h>aosa comhaithiosa féin mar ba gnáth feis na
hEamhna do chommóradh gach bliadha<i>n agus dob é líon
teaghluigh Chonchobhair ceathrar ar thrí fithchid ar sé céat ar
mhíle idre uaisle, airghe, agus am<h>us leath muighe d'araghuibh,
d'ócclaochuibh agus d'aos freastail agus ro friothóladh na saor-
fhir re togha gach bídh agus sogha gach dighe gur bhu subhach
soimheanmnach na slóighte go hoile.



12. Is ansin d'éirghiodar aois ealadhna, ollamhna agus
oirfidigh ciuíl archeana do ghabháil a ndánta fili ar chaithréim
craobh gach cinél 's a ndréacht aníos ó fhréimh géag 's gach ginul
dóibh. Acc so anmanna na bhfileadh ro boédh fon dún an tan sin
.i. Cathfaidh Caoimh mac Conaill mhic Rudhruigh agus Geannán
Glúndubh mhic Cathfaidh agus Gruadhsholus mac Cathfaidh,


L. 128


Seanchán mac Oillioll agus Fircheirtne an fili. Agos ro bhádar ag
ól agus aoibhneas is an sin ro éirigh an bollsaire agus ro craitheas-
tar slabhradh athgharbh umha do chosg moghaibh agus dísgir
sluagh agus slabhradh slim airccit go néistfiod<h> aos maithe agus
mór uaisle Uladh agus do labhair ós ard agus is seadh ro ráidh
"A m<h>aithe agus a ro-f<h>laithe Uladh" ol sé "is áill liom fios
d'fhagháil uaibh an bhfacabhair ariamh a naon ionadh a rabha-
bhar teach is feárr iná teach na hEamhna nó teag<h>lach is fearr
iná an teag<h>lachsa?"



13. "Ni fheacamar" ol iadsomh. Gurab ansin a d'éirigh an rí
Conchubhar go ndubhairt "a uaisle" ol sé "is áill liomsa fios
d'fhagháil uaibh an aithne dhíbh uireasbhaidh ar bith orruibh
féin?" "Ní haithne" ar iad san. "Ní headh sinn domhsa" ol an rígh
"óir is aithne dhamh uireasbhaidh orruibh .i. na trí leóghoin lánbh-
orb, na trí curaidh cródha .i. trí mic Uisneach .i. Naoise, Ainle agus
Ardán óir is iad sin gan amhras trí cinn gaisge glan goile Gaodhal
óir do c<h>oiseóinidís ard-chlú Uladh tar cách cóicce eile in Éirinn
is nach mór an díth agus an easbuidh iad soin a bhféagbhais
oruibh?" ol sé. "Dá lámhamao<i>s sin a rádha a ard rígh Uladh"
ol na maithe "is fada ó déaramaois é óir is iomdha ár a cuireadh
oroin<n> dá bhféagb<h>us agus iomdha creach da beanadh dhín<n> ó
d'imthigh siod agus adubhairt cách gur biomdha dochar agus
díobháil tánaic ar Uladh ó d'éalo<i>gh Clann Uisneach. Do
fhreagar an rígh ag rádh go raibh sin féin san ccineamhain mar
do thuar Cathfaidh draoi go ttiocfadh mórán díobháil don choicce
do thoisg na hinghiona úd a d'éalo<i>gh leó. "Ar an ádhbhar sin"
ol Conchobhar "ná fulaingidh níbhus faide acht cuirthear teachta
a ccor síthe na cuinne go hAlbain óir ní cuibhe dhaoibhse bheith
a néagbhus bhur ccarad ar son cheilg én ndroch-mhná san dom-
han."



14. "Cia rachur ris an tslánaigheacht sin?" ar cách. "Fia-
fraighiomsa sin daoibhse" ol Conchobhar "ór is geis do Naoise
teacht re cor síthe dá fheabhas acht re aon triar amháin a fil a
láthair san ccomhdháilse." d'éistiodar na maithe agus nír labhair


L. 129


én neach gur éirigh an rígh ag rádh "fiosfam anois" ol sé "cia haca
don triar is dísle d'Oltaibh nó cia le rab ionmhuin oineach na
hEamhna" agus an sin tucc Conchubhar Conall Cearnach a bhfód
fa leith leis agus d'fhiarfaigh dhe créd an cumha d'iarrfadh um
dul a ccionn Cloinne Uisneach agus a ttobhairt go hEamhain
Macha. "Ní hiarramsa cumhal nó éadál oman aistir sin" ol Conall
"acht ní racham san ccora sin gan conra<dh> cuinge cheangailte."
"Cia conra<dh> sin?" ol Conchubhar. "Fuil a néiric fola" ol Conall.
"Ghéabhair sin san ccunra<dh>" ol Conchubhar. "Fuil uasal san
ccaingion" ol Conall "gan a milleadh ar m'ionchaibh" ol sé. "Is
dóigh ní baoghal dóibh ar h'ionc<h>uibhse" ol Conchubhar "agus
ní hiarfá m'f<h>uilse san ccaingion." "Iarram a ccéadttús" ol
Conall. "Tuigiom" ol Conchubhar "nach ionmhuin leat mé" agus
cuireas Conall uadha agus tuccas Cúc<h>ulainn chuige iarramh
agus fiarfuighios an ccéadna dhe agus d'iar<r> Cúchulainn na
cuinge céadna. "Créd a dhéanfá ol Conchubhar "dá millfidhe iad
air h'ionchuibh nó as a haithle?" "Do dhéanuin<n>" ol sé "go
nímeóruin<n> bás agus buan-éaga ar én neach dá huaisle ar a
mbeirin<n> ciontach san gníomh sin". "Tuigiom" ol an rígh
"caidhe luighios do dhísleacht" agus chuir Cúcholainn uadha
iaramh agus do ghoir Fearg<h>us chuige agus sifrios an níidh
céadna fair. "Ní habraim" ol Fearg<h>us "go niarruin<n> d'f<h>uilse
san cceingion acht cheana níl én neach ele a nUltaibh do lámh-
<f>adh a milleadh ar m'ionchuibhse nach nimeórunn bruinn báis
agus bith-éaga fair." "Chím" ol Conchobhar "gur bhu tusa féin a
Fh<e>arghuis is dísle dhamhsa." Uime sin is tú rachas san tslá-
naigheacht óir is leat a thucffas siad agus gluais romhad amárach
'na ccionn agus do bhéarsa Cormac Coinlingios agus Dubhach
Da<o>l Uladh a slánuibh fán a bheith dílios dóibh ar na hachtaibh
go ngabhar go Dún Boirigh mac Cáinte ag tiacht anoir dhuit agus
tabhair briathar domhsa Clann Uisneach a chur go hEamhain
Macha gan stuanadh madh oidhche nó lá é ag teacht dóibh."



15. Thuccadar as a noidhche sin agus ro agall Conchobhar
Boirigheach mhac Cáinte ag rádh: "an bhfuil fleadh ar na
ollmhughadh agad domhsa?" ol sé. "Itá" ol Boirigheach "agus
ar súille do ríogh-chuairt sin faoi bheagán do láithibh". "Ní


L. 130


héadam an chuairt sin a dhénomh gus ttrásd" ol an rígh "ar an
ádhbhar soin tabhair cuireadh d'Fhearghus chuice mar is taose a
thucfas sé a nÉirinn agus ná gabh éarra uadha óir géis d'F<h>earghus
fleadh ríodha d'obadh.



Dála Fhearg<h>us ro ghluais um astair iar na mhárach
agus a dhías mac mar aon fris agus nír chian dóibh ar sáile go
rángadar daingion mic Uisneach ag Loch nEitheach an niar<th>ar
Alban. Is amhlaidh do bhádar clann Uisneach san am san agus
dhá fiann-bhotha acu .i. both a ndéanadaois bearbhadh agus
boith a ndéanadh a ccoid agus is an san mbruighion a cholladís
agus iarr ndul d'Fhearg<h>us san bpurt do léig sé glaodh agus is
amhlaidh do bhaoi Naoise agus Deirdre agus iad san bhfiann-
bhoth agus an ceann caoimh eotorra .i. fithioll Chonchubhair agus
iad ag imirt uirri. Do chuala Naoise an glaodh agus dubhairt
"cluinom glaodh Éirin<n>each" ol sé. "Ní glaodh Éirionnuigh
súd" ol Deirdre "ach glaodh Albanuigh agus ro léicc Fearg<h>as
an dara agus an treas glaoidh gur aithin mic Uisneach foghar-ghuth
Fhearghuis gur iarr Naoise ar Ardán a dhul ar chionn
Fhearghuis. Is an sin adubhairt Deirdre gur aithin sí féin an
chéad glaoidh do léicc sé. "Créd far cheilis sin a ríoghuin?" ol Na-oise.
"Aislincc do chonairc mé <a>réir" ol sí "trí leómhain do
theacht chugain<n> ó Eamhan Macha agus trí bolgum meala leó
ina mbélaibh agus a bhfágbháil aguin<n> agus trí bolguim dar
bhfuil do b<h>reith leó."



16. Créd i an b<h>reith fil agad urrthaoi sin a ríoghuin?" ol
Naoise. "Fearg<h>us do theacht chugainn a ccora síthe ó
C<h>onchubhar" ol sí "óir ní millse mil iná cor síothchána an duine
bhréaguigh". "Léig sin tharad" ol Naoise "óir is fada Fearghus sa
bpurt". Ad'éirigh Ardán mar a raibh sé féin agus a dhís mac
iodhoin Iollann Fionn agus Buinne BorbRuadh go ránaic leis don
bhoith ina roibh Naoise, Aindle agus Deirdre ion. Fearastar
fáilte fíor-c<h>aoin friú agus gur thairbhir mic Uisneach teóra
póga go díl dóibh agus d'fhiarfaidh sgéala hÉirionna dhaopha agus
d'insiodar sin dóibh. "Is iad na sgéala is fearr aguinn" ol Fearg<h>us
"Conchubhar dar ccuruinne a ccor agus a slánuigheacht in


L. 131


bhur cceansa." "Ní h<i>ondulta dóibhsion ann sin" ol Deirdre
"óir is mó a ttighearnas anAlbain iná <i n>Éirinn". "Is fearr an
dúthchas nó gach nídh" ol Fearg<h>us "óir is neamh-aoibhin<n>
do neach cidh mór a rath muna bhfeicidh a dhúthchuigh." "Is
fíor sin" ol Naoise, "ór is ansa liom féin Éirind iná Albain gé mó
do ghéabhain<n> an Albain."



17. "Is daingion daoibhse do liomsa" ol Fearg<h>us. "Is
dainghion cheana" ol Naoise "agus racham leat go hÉrind agus
ní da dheóin Dheirdre adubhairt Naoise na briathra sin agus do
bhaoí ag toirmiosg um dol re Fearg<h>us agus tug Fearg<h>us a
bhriathar an sin dá <m>bidis fir Éireand 'na naghaidh nach ba fearr-
de dhóibh é agus eisiomh bheith leó óir "nír bhud díon sgiath nó cath-
bhar dhein neach a bheith bhur naghaidh accos mise mar chui-
mirc<e> orruibh" ol sé. "Is fíor sin" ol Naoise "accos rachamaoine
leatsa gan bhaoghal gan uamhan."



18. Do ruccadar as an oidhche sin go maidin arna mhároch
agus do chuadar mar a roibh a longa agus do chuireadar mic
Uisneach gach nídh dob oireamhnach dóiph féin accos do Dheirdre
ar bord agus a <c>cionn naoi dtráth do chuadar ar sáile re
cogar-gharbh gála onoir-thuaidh ghó ro líonastar na scairde
sgiamhghlanna agus go ro sguapastar an long tar dhrumc<h>ladh na
ttonn ttaosgach agus domhain-fhairge ó iarsgartuibh áille na
hAlbana an ngéar-aimsir go ránccadar an cuan Cáintigh na
hÉirionn agus go risiodar an calaphurt a ngar do Dhún Boirigheach
mhac Cáinte agus d'fhéach Deirdre tar a hais ar críchibh Alban
agus aseadh ro ráidh. "Mo chion duit a thír úd shoir. Is olc
liom d'fhágbháil óir is aoibhinn do chuan 's do chalapuirt 's do
mhagha míne 's do thulcha taitneamhacha thaobh-uaine is do
choillte caomh áilne binn-g<h>othacha agus ní léigeamar a leas
d'fhágbháil" agus adubhairt an laoidh ann.




Ionmhuin liom an tír úd shoir
Alba gona hiongantaibh:
Nocha ttiocfain<n> aiste dhe
muna ttiocfain<n> re Naoise.



Ionmhuin Dún Fiodha,
ionmhuin dún os a ccionn,


L. 132


ionmhuin Inis Droighin de,
is ionmhuin Dún Suibhne.



Coill Chuan ón an Choill chuan
mar a ttigeadh Ainle 's Ardán uair;
fa gairid liom ro boí ann
is Naoise a niarthar Alban.



Gleann Laoighe ó an Ghleann Laoighe
do chodlainn san mboirin chaoimh:
iasg is fíon is saill-bhruic
fa hí mo chuid a nGleann Laoighe.



Gleann Masáin, Gleann Masáin
ard a chneamh, gleil a ghasáin;
an<n> do nímís codladh corrach
ós in Inbheir mongach Masáin



Gleann Eithche ó an Gleann Eithche
ann do thógas mo chéad toígh,
áluinn a fiodh ar néirghe
buaile gréine Gleann Eithche.



Gleann Archaoin, Gleann Archaoin
ba hé an gleann díreach drum-chaoin,
nocha ar ualluidhe fear aoise
nó Naoise a nGleann Archaoin.



Gleann dá Ruadh, Gleann dá Ruadh
mo chionn do gach aoin fhear dar dhual
is binn guth cuaiche ar craobh cruim
ar an mbinn ós Gleann dá Ruadh.



Ionmhuin droighin is tréan tráigh,
Ionmhuin uiscce an ghainimh gloin;
nocha ttiucfuin<n> aisde onoir
muna ttiucfuin<n> le m'ionmhuin.
ionmhuin.


L. 133



19. A haithle na laoidhe sin ránccadar go Dún Boirigheach
mhic Cáinte agus do thoirbhir Boireach teóra póga go dil do
Fhearg<h>us cona mhacaibh agus do C<h>loinn Uisneach mar aon
friú. Is an sin adubhairt Boirigheach go roibh fleadh aige a noir-
chill Fh<e>arghuis agus nár ghéis do fhágbháil go ccaitheadh í.
Ó do chuala Fearg<h>us sin do rinneadh ronuall corcra dhe ó
bharr go bonn agus iseadh ro ráidh "is olc do rinnis a Bhoiriach
fleadh a d'fhuráil oramsa accos Conchobhar iar ttabhairt mo
b<h>riathar foram mar is taoisge a thiuicfuin<n> go hÉirinn dá
ma oidhche nó lá domh ag teach anoir, Clann Uisneach a chur go
hEamhain Macha." "Cuirimse fo gheasuibh thú" ol Boiridhe "muna
ttighe tú do c<h>aitheamh na fleidhe." D'fhiarfaidh Fearg<h>us an sin
do Naoise créd dhénadh ris an b<h>fleadh. "Do dhéanair" ol Deirdre
"gur cór<a> dhuit an fleadh do thréigbheál iná Clann Uisneach." "Ní
thréigfeadsa iad" ol sé "óir cuirfiod mo dhís mac leo .i. Iollainn Fionn
agus Buinne Borb Ruadh go hEamhuin Macha. "Dar mo bhréithir" ol
Naoise, "ní beag linne sin uait óir ní neach eile chosain ariamh sinn acht
inn féin."



20. Gluaisiodar rompa ar na briathraibh sin agus ba tuirseach
iad a ndiaidh Fhearghuis gidheadh do bhí a dheimhin acu dá
ndeac<h>aidís oll-chóigidh Éirionn a n én chomhuirle nach ttiuc-
fadh dhóibh a chumairce <do> shárugha<dh> agus adubhairt
Deirdre "do bhéaruin<n>se comhuirle mhaith dhaoibh a chlann
Uisneach gion go ndéantar libh í." "Créd í an c<h>omhuirle sin a río-
ghuin" ol Naoise .i. "dol go Rachluinn eidir Éire agus Alba agus
fanmhuint ann go ccaithe Fearg<h>us an fleadh agus is comhail
bréithre dhósamh sin agus is fadugha<dh> saoghuil díbhse é." "Ní
dhéanom an c<h>omhuirle sin" ol iadsamh agus adubhairt Clann
Fhearg<h>uis nach roibh baoghal forra agus nach sárachfaidh<e>
briathar a nathara ar én chor. "Maircc a tháinic ris an mbréithir
sin" ol Deirdre "an do thréig sinn ar fleadh" agus do rinne an
laoidh.




Maircc dhúinn tháinic anoir
re bréithir Fhearghuis mhic Roigh romhir;
nocha déansa acht ochán dhe,
Uch! is ro-chrádh re mo chroidhe.


L. 134


Mo chroidhe 'na chaoimh cumha
atá anocht na mhór pudhar;
mar chonncas bhur mbuan oidhe
do Chonchubhar bhur ttruagh luighe.



Ná habair sin a Dheirdre dhian,
a bhean is gile nó an ghrian;
nocha ttí re síthe thar muir
chugain<n> cum ar milleadh.



Monuar is fada liom daoibh
a mhaca áille Uisneach;
teacht ó Albain an fheóir dheirg
fada bhus buan a bhioth-mhaircc.
Maircc.




21. A haithle na laoidhe sin tánccadar rómpa go FionnCharnn
na foraire ar Sliabh Fuaid agus do fhan Deirdre dá néis san
ngleann gur thuit a codla<dh> uirri agus ó d'athain Naoise Deirdre
iarna fhágbháil dia néis ro fill ar ais mar a robh sí agus í ag
éirghe as a codladh agus d'fhiarfuigh dhi "créd far ánais a río-
ghuin" ol sé. "codladh tánaic orm" ol sí, "agus do chonairc mé
aislincc". "Créd í a n-aislincc" ol sé .i. "gan a chionn a<r> Iollann
Fion<n>" ol sí "agus a cheann ar Bhuinne Borb Ruadh accos gan
cungnamh Bhuinne Borb Ruadh libhse agus cungnamh Iollann
Finn libh" accos ro ráidh a laoidh.




Truagh an taibhsi tairbhriogh dhomh,
an ceathrar fear fíor-ghlan;
accos a gcionn ar cheachtar dhe
's gan cungnamh fir re chéile.



Nocha chan do bhéal ach olc
a aindir áluind éadtrocht,
nimh do bheóil thana thall
ar ghalluibh gharbha úathmhar


L. 135


Do b' fhearr liom olc gach nduine
do ráidh Deirdre gan duibhe,
iná bhur nolcsa a thriar mín
re sirfinn muir agus mór-thír.



Do c<h>iúsa a cheann ar Bhuinne
ó sé a s<h>aoghal is faide,
nocha liomsa <a>nocht nach truagh
a cheann féin ar Bhruinne Borb Ruadh.




22. A haithle na laoidh<e> thánccadar rómpa go hArd Mhacha
is ansin adubhairt Deirdre re Naoise "do chím néull san aéiar
agus is néull fola é agus do b<h>éaruinn comhuirle mhaith dhaoibhse
a Chlann Uisneach". "Créd í an c<h>omhuirle sin a ríoghuin?"
ol Naoise. "Dol go Dún Dealgan mar a bhfuil Cú Chulainn go
gcaithe Fearg<h>us an fleadh accos a bheith ar chuimirce Cú
Chulainn d'eagla cheilg Chonchubhair." "Ó nach b<h>fuil eagla
oruin<n> ní dhéanam an chomhuirle sin" ol Naoise agus do rinne
Deirdre an laoidh mar leanas mun ádhbhar soin.




"A Naoise féuch do néull
do chíu sunn san aéiar;
do chim ós Eamhain uainne
fuar-néall fola fior-ruaidhe.



Do ghabhus bíogadh tréas an néull
do chíu sunn san aiéar;
samhalta re crú fola,
néull uathmhar iomghona.



Do bhéaruin<n>se comhuirle daoibh,
a mhaca áille Uisneach:
gan dol go hEamhain anocht,
tré a bhfuil oruibh do g<h>uasacht.



Rachamaoidne go Dún Dealgan
mara bhfuil Cú na hEamhna;


L. 136


'S amárach tiucfamaoidne ar ais
mar aon re Cú na gcaoimh gcleas.



Adubhairt Naoise tré fheirg
re Deirdre ghasda ghruaidh-dheirg:
ó nach bhfuil eagla oruinne
ní dhéanamaoid do chomhuirle



Dobh annamh sin ariamh roimhe
a úa rathmhar Rudhraighe
gan ar mbeith ar aoin sgél de
tusa is mise a chéile



An lá tucc Mana<n>nán an chuach
c<h>ugamsa sa chú ro-luath;
ní bheitheása um ághaidh dhe
dririm riot a Naoise.
A Naoise.




23. A haithle na laoidhe sin do ghluaisiodar rómpa go hEamhain Macha.
"A Chlann Uisneach" ol Deirdre "atá comhartha
agamsa dhaoibhse má tá Conchubhar ar tí feall do dhéanamh
oruibh." "Ca comhartha sin a ríoghuin" ol Naoise. "Má léigthear
sibhse san teach a bhfuil Conchubhar agus maithe Uladh ní
bhfuil sé ar tí feall do dhéanamh oruibh acht más go teach na
Craobhruaidhe a chuirfitheor sibh tá Conc<h>ubhar ar tí an feall
do dhéanamh." Tánccadar an sin go teach na hEamhna agus do
bheanadar beidhm fleisge fris an dorus go ttáinic an doirseoír
d'f<h>iarfraighe cia bhoí ann agus iar na fhios sin do an doirseoír
chuaidh mar a roibh an rígh agus d'innis do gor bha iad trí meic
Uisneach accos Deirdre agus dís mac Fearg<h>uis do bhoeidh ann.



24. Goireas Conchubhar a lucht feadhma agus fritheóilte
chuige d'fhiarfuidhe dhíobh cionus do bhí teach na Craobhruaidhe
fo bhiadh nó fa d<h>ighe. Dubhradar san dá dtigdís seacht gcatha
Uladh ann go bhfuig<h>idís a leór dhóchain bídh agus dighe ann.


L. 137


"Maiseadh" ol Conchubhar "beiridh Mic Uisneach go teach na
Craobhruaidhe".



Is ann sin adubhairt Deirdre "bfhearr mo c<h>omhuirlesi do
dhéanomh agus is fearr daoibh imthiacht san am atá láthair."
"Ní imiocham, go deimhin" ol íad san "óir ní meatacht nó
mílaochdacht do fionnadh oruinn ariamh".



25. Do ghluaisiodar go teach na Craobhruaidhe agus do
chuireadh lucht freastoil agus fritheóla leó ann agus dáileadh
deocha gabháltacha agus biadha saora sochaithmhe orra agus do
bhádor tuirseach a ndiaidh an astair ó Dhún Boiridh Mhic Cáinte
go hEamhain Macha. Is ann sin a d'iarr Naoise an cheann caoimh
do thabhairt chuca go ndéanaidis cluithe d'imirt uirri. Mun am
sin do bhí Conchubhar agus a mhuinntir ag ól agus ag aoibhneas
a tteach na hEamhna gur labhair an rígh agus a seadh ro ráidh:
"dob áill liom fios d'fhagháil a mairion<n> a deilbh féin ar Dheirdre
óir muna chlaochloigh a gnaoi níl a samhailt san domhan re
háille." Is an sin do labhair Leabharchum bean chumhalta an
rígh ag rádh "rachadsa féin san tteachtarocht soin agus béarad
sgéala chughadsa." Is amhlaidh do ro bhí Leabharc<h>um dob
annsa lei Naoise agus Deirdre iná gach drong eile óir bo mhinic
léithe dol a ccríochuibh an domhuin shoir dá niarraigh agus do
bhreith sgéala chuca agus uatha agus d'fhagháil ór agus ionmhus
uatha mar an ccéadna.



26. Táinic Leabharc<h>am iaramh go teach na Craobhruaidhe
agus is sé fuair sí roimpe ann .i. buidhion mhór bhfear narmhach
fo shleasaibh na bruighne <a>muigh. d'agall sí iad accos nír
fhreag<r>adar í gurab ar sin a d'aithin Leabharc<h>am gurab
allmhuraigh iad a tháinic fo thuarasdoil ua Chonchubhar chum
aimhleis do dhénomh. Buailios an dorus go hathlamh agus do
fua<i>r osgladh agus eolais go hairm a roibh Deirdre agus Naoise
agus is amhlaidh fuair iad agus an cionn caoimh eatorra agus iad
ag imirt uirri agus do thoirbhir Leabharc<h>um póga go dil
díocra dóibh agus d'iarfaidh díobh ag rádh "an libhsi tháinic an
mhór-b<h>uidhean allmhurach it chím ar choimhéd amuigh fo
imiol na bruighne fon am so oidhche" ol si. "Ní raibh sluagh nó


L. 138


sochaide linne" ol Naoise "acht naonm<h>ur fear um dá mhac
F<h>earg<h>uis agus inn féin agus atáid na fir sin 'na ccodladh
san dún <a>nois" ol Naoise. "Ní tráth codhladh dhóibhsion nó
imirte dhaoibhsi anois feasta" ol Leabharc<h>um "ór da bhur
bhfios a cuireadh mise d'fhéachain a mairion<n> a deilbh nó a
dreach air Dheirdre uime sin déanaidh faire agus géar-choimhéd
ór is eagal liomsa gur chum feille agus fionng<h>ala <do> dhéanamh
fhoruibh ar tugadh na hallmhuraigh ughad a ttimchioll na bruigh-
neisi anocht" accos do ráidh Leabharcham laoidh.




"Truágh an meabhail ó truagh an meabhail
do ndéantaoi anocht a nEamhain,
accos ó an meabhail sin amach
ba hí an Eamhain iongantach.



Triar is uaisle fo neimh
's as fearr dar theaghail talmhuin,
doilghe liomsa nocht mur atá
a ttuitiom a los aonmhná.



Naoise is Ainnle go mbladh
agus Ardán baisg<h>eal a mbráthair,
feall ar an tríar anocht go lúagh
nocha liomsa nach lán truagh.
Truagh.




27. As a haithle na laoidhe sin dubhairt Leabharcham re
macuibh Uisneach agus re clann Fhearghusa doirsi agus fuinneóga
na bruighne do dhúnadh go daingion agus "má thig oruibh" ol sí
"cosnaighidh sibh féin go calma go ttigi Fearg<h>us agus béa-
raidh buaidh" agus do chaoi Leabharcham frassa díona déar ag
imthiacht dhí agus do luigh go hairm aroibh an rí agus d'iarfuidh
seision sgéala Dheirdre dhí. "Atá sgéala maithe agus droch-
sgéala agum dhuit a ard-f<h>laith" ol Leabharc<h>am. "Cidh na


L. 139


sgéal sin?" ol Conchubhar "atá" ol sí "trí mic Uisneach iar tteacht
chugadsa an<n> .i. an triar is feardha agus is cródha, triar is fearr
dreac<h> is deilbh agus is fearr éolus eagna agus inniol san domhun
agus bu libhsi Éire feasta ó táid mic Uisneach libh agus is iad na
sgéala is measa ann .i. an bhean dob fhearr deilbh agus dénomh
do mhnáibh an domhuin ag imtheacht ó Eamhain dí agus gan a cruth
nó deilbh nó caomh-áille féin uirri". Ó do chuala Conchobhar sin
do chuaidh mórán dá éud ar ccúl uadha agus do bhí ag ól agus ag
aoibhneas tréim<h>si fhada dá éis sin. Iar sin d'fhiarfuidh Conchobhar
an dara feacht "cia ghéabhuinn" ol sé "do bhéaradh sgéala
chugam a mairionn <a> cruth féin air Dheirdre agus ro fhiarfaidh sin
fa thrí agus ní bhfuair neach do fhreagar é. Fa dheóigh adubhairt re
Thréandorn "a Thréanduirn a thein<n>mhílidh" ol sé "a neadairse
cia do mharbh h'athoir agus do thriar dearbhráthoir?" "Atá fios
sin agum" ol Tréandorn "gurab é Naoise mhac Uisneach do
mharbh iad". "Má seadh" ol Conchubhar "éirghe dá fhéachain a
mairion<n> a sgéimh nó gnaoi don mnaoi sin a rug sé uamsa."



28. Do ghluais Tréandorn roimhe go teach na Craobhruaidhe
agus fuair doirsi agus fuin<n>eóigaidhe na bruighne agus fuair fuin<n>eóg
uachtarach a fáigeadh leath osgaoilte a ndearmad agus dréimnior
leis suas chuice gur roibh ag féachain Naoise agus Deirdre trés an
bhfuin<n>eóig sin agus ro airidh Deirdre é agus do chuir a ccéill
do Naoise é. Do fhéach Naoise amach iar sin agus do chonairc
súil an oglaigh. Is amhluidh do bhí Naoise an tan sin agus fear
gunta don fhuirin<n> an a láimh agus tug urchur gan chaime gan
chlaonadh ar shúil a nóglaoigh gur chuir an tsúil as an chlogain
amach agus do chuaidh Tréndorn mar a roibh Conchubhar agus
d'innis a sgéala dho ó thús go deirigh.



29. "Fíor sin" ol Conchubhar "ba rígh an domhain fear an
urchu<i>r sin muna bhfuil saoghal gairid aige ach ai<th>ris dom gan
mheabhail créd an deilbh fil an Deirdre?" "Atá" ar Tréndorn
"nach fil san domhan bean is áille deilbh agus dénomh iná í
ionnus gur bhfiú éin súil a hamharc don tí bhiodh súile eile aige."
Mar do chuala Conchubhar sin ro líon a d'éad agus d'fhormad


L. 140


agus d'fhuagair dona sluaghaibh dol a d'insoidhe na bruighne a
raibh Clann Uisneach agus tánccadar rómpa go teagh na Craobhruaidhe
agus urmhór muinntir Chonchubha<i>r ar mearadh
meisge fón am sin ionnus nachar b<h>feas dóibh créd a rabhadar
ar tí <do> dhéanamh ann nó cia fáth a ndearnadh an iméirghe sin
agus do léigiodar trí gártha mor aidhbhle ar an bhfaith<che> agus
do fhreagair na hAllmhuraidh iad ag cur tinte agus tinnealach a
ttimchioll na bruighne. Iar b<h>faicsin na hoibre sin do lucht
meisge bhfear nUladh do roigheadar go míócheansa as a ndlúth-
chipe catha go ceann faunach fíochmhur ar amus na nAllmhurach
agus ro ghabhadar gá nuirleach agus gá ttuargain agus agá
ccnáimhghearradh gan choigeilt óir do shaoileadar gurab iod soin
a mbiodbhadh agus a neasccarad a tháinic ar tí argnamh a
dhénomh forsan mbruighion agus re méad a meisge agus a mór
ngárthaighe mbaoth-ghlórach ní ccluindís cách a chéile agus ní
mó chlos guth triath nó taoisigh nó caismirt catha nó gur ion-
saighiadar na hAllmhuraigh iadsamh go ttuccadar frassa beadh-
manna fíornaimhdeamhuil dia roile san móir-gheóin sin ar mhodh
nachar bhfeadar re Conchubhar nó maithibh a theaghluigh a
neadarsgain co ndearnadh ár mhór for na slóghuibh gach leith for
imiol na bruighne.



30. Mar do chuala mic Uisneach agus clann Fhearg<h>uis
toran<n> na heasargoin d'iarfaidheadar cia ro bhaoi san mbruigh-
ion nó créd ab áill léobh ann. "Conchubhar accos Uladh uile" ar
cách go coitcheann. Is an<n> do labhair Iollann Fionn do ghuth
fhollus ghlan dh'agallmhadh an rígh ag rádh "A ard rígh Uladh
an é cumairce Fhearghuis is áill libh a bhrisiugh?" "Is áill
lin<n> ibhse" a Chloinn Fhearghuis "an dún sin d'fhágbháil
a ccéadóir agus beiridh Deirdre má thig sí libh go teach na
hEamhna agus fágthar Clann Uisneach mar a b<h>fuil siod."
"Ní dhéantar sin lin<n> nó <go> ttiucfadh Fearg<h>us ar nath-
air" ol Iollann Fionn accos Buine Borb Ruadh "óir bu mhór
an meabhall dúinnibh fealladh ar Chlann Uisneach nó a ttréig-
bheál agus iad ar ar ccomairce anocht." "Dar ar mbréithir" ol
Conchubhar "is mó an meabhail dóibhsion mo bheansa do
b<h>reith uaim agus a cungbháil uaim iná sin uile agus luidhiomsa


L. 141


fá rath gréine agus gealaigh<e>" ol Conchubhar go feargach fír-
nimhneach "go ndéannid<h> sé doighear don<n> ruagh lasrach do
Bhruighion na Craobhruaidhe agus go loisgfin<n> a fil ann sul fá
léigin<n> dom mhnaoí bheith ag mac Uisneach éin oidhche 'mháin
nís faide go bruinne an bheatha." Is ann sin d'fhógair an rígh
tinnte agus tinnealach a chur fon mbruighion go roibh an beacc-
bhuidhion do bhí astoigh arna múchadh re duibhnéalta deataigh.
"Is fíor súd adubhramar" ol Deirdre "ór d'f<h>eall Fearg<h>us
foruibh." "Dar ar mbréithir ámh" ol Buinne Borbruadh "má
fheall sesion ní fheallfamaoidne oruibh". Is ansin ro sheasadar
mic Uisneach agus Clann F<h>earghuis cona ngiollaibh a ndlúth-
chipe catha agus earradh gaisgidhe fa gach leith dona hursanuibh
agus do chuingeadar dorus na bruighne béol-osgaoilte accos ní
lámhadaois cara nó eascaraid toigheacht dá ccóir nó ngoire gur
bhíog Deirdre ag feicsin deircc-lasrach na tinte tiacht asteach ar
thaoibh na bruighne a mbéal fuinneóige ag a mbí sí féin 'na sea-
samh gur dhearc Naoise seacha ag cloistin glóir Dheirdre go
bhfacaid<h> na lasrach<a> go ndubhairt "nár bhain éin ndri<th>le
dhuit a ríoghuin?" ol sé. "Nír bhain díobháil domh go seadh" ol
sí. "Ní fan nías foide an sin" ol Naoise "go rachadsa féin amach
agus coisgfidh mé na tinte sin agus ní himeaglaim na hUltaibh
go ndéanaidís dolaigh dhomh iar m'aithne dhóibh." "Ná tó agus
ná taobh thú féin re buidhion baothchaisigh" ol Deirdre "óir má
téithir amach 'na measg caithfear céad gaithe a néanfheacht ort
agus ní thigear beó uadha." "Is fíor sin" ol cách "agus ní hé
Naoise is cóir dol amach a ccédttús." "Rac<h>adsa féin is mo
ghiolla san chéad ruatharsa" ol Buinne Borbruadh.



31. Gluaisios Buinne amach go hathlamh agus ara mór arach-
tar ar a chúla gá chosnamh agus dhá sgiath mór míliota for a
nguaillibh agus dhá lain<n> leathan líomtha iona lám<h>uibh leó
agus tuccadar luath-chuairt for <an> mbruighion gur mhúchsat
na tinte agus gur mharbh siad caoccad fear san mór ngleó sin
eidir Allmhuraigh agus Ulltaigh gur cuireadh buaireadh mhór ar
na sluaghuibh. d'fhiarfuidh Conchubhar ansin cia do rinne an
easorgoin mhór sin for na sluaghuibh." "Mise Buinne Borbruadh
mac Fhearg<h>uis" ol sé. "Ec so cumha dhuit uaimse" ol Conchubhar.
"Cia an cumha sin?" ol Buinne Borbruadh. "Tríocha céad


L. 142


d'f<h>earan<n>" ol Conchubhar. "Créd eile?" ol Buinne Borb. "Mo
chogar agus mo chomhuirle" ol Conchubhar. "Gébhadsa sin" ol
Buinne Borb Ruadh agus d'imthigh leis é féin agus a ghiolla go
hEamhain cona uadha ainmnighthear Dáil Muin an Oighe don
tsliabh nó na sléibhte a fuaras ó C<h>onchubhar mur chumha an
oidhche sin.



32. Do chuala Deirdre an comhrádh sin agus dubheirt sic "dar
mo chubhais" ol sí "do thréig Buinne Borb a sibh ór súd le Conchubhar
é agus is aithreamhuil a mac é." "Dar m'airm gaisge"
ol Iollann Fionn "an feadh mhairios an lann loinneardha so uma
láimh nón lámh féin iondiobhraice ní th<r>éigfeadsa Clann Uisneach."
As a haithle sin táinic Iollan<n> Fionn amach agus a ara
féin leis go ttuccsad trí luath-chuarta fon bhruighion gur dhíbeir-
siod formhór na slóighte ón mbruighion amach d'éis ár mhór a
chur orra. Do bhádar iaramh a bháthadh na tinte gur airigh an
ara daone éigein ag fadugh<adh> tine agus tinealach for leith imiol
eile don teach agus do roigh chuige sin gur sgabadh na tinte leis
agus gur sluigheadh dís fear rena loinn leathan go ttánic Iollan
Fionn fo chobhair dho, mórsheisir eile agus amus a ro bhí a
ngleic ris an ara. Ó choncadar Iollan<n> Fionn a toigheacht dá
ndionsaighe do theithiodar a ruaig uadha. "Maith anam ámh a
ghiolla" ol Iollan<n> "is mór an téacht so ro ghrighis agus tar
asteach san dún feasta ór is ro-b<h>aoghalach dhuit a bheith
amuigh déis an gníomh sin. Do ghluaisiodar asteach agus ba
lua<th>gháireach meic Uisneach iar bhfaiceál Iollainn Finn slán
beó chuca gor thuit an ara ar <a> aghaidh ag teacht asteach ar
tharsaigh an doru<i>s iarna ghoin ar chúl a chinn d'urchor saighid
faoi imiol a chathbha<i>r agus gur ling a anam agus <a> inchin as a néanacht.
Tarnccadar a tóglách marbh asteach agus dúnadar
dorus na bruighne gur beanadh an gaibh as chlogain an ghiolla
agus ba hims<h>níomhach Iollann Fionn im a bháis go ndubhert
"ní láimh táir thug an urchur sin" ol se "agus ní bhuan mise muna
níocfar é." Tucc Deirdre deoch d'Iollainn Finn iaramh ór bu
mhór a sárugha<dh> é ón mhór-ruathar sin.



33. Do bhádar seal amhlaidh sin go ccualadar tormán na
buidhne ag teacht fon mbruighion aridhsigh gur carnadh leó
ard-c<h>ruach aitin<n> ar sleas an dúnaidh agus iar ffadughadh na
tinte faoi sin ion<n>us gur bhu léir na lasracha donn-ruadh <ag>


L. 143


teacht ós a ccionn san mbruighion iar na niomáin re gaoithe
anoir-thuaidh. Is ansin adubhairt mic Uisneach go rachaidís
féin amach agus go múch<f>aidís na tinte agus tuccadar dís
aradha leó gur báthsad na tinte agus gur sgapsat na tinnealaidh
faoi fhrassa dian saighiad agus ceatha dlú<th> gaithe gá mbualadh
forra. Gabhadar an soin ag sluidheadh na slóighte re faobhar a
lanna gur fhágadar 'na ccarnaibh agus 'na meidhe maol-dhearg
ar feadh na faithche iad gur marbhadh an dá nara go ma créach-
tach cróilinte iad féin da éis a mór ár sin. Do g<h>luaisiodar d'fhios
an mbruighion iaramh agus is amhlaidh fuaradar an dorus dúnta
agus dob iongnadh leó gan Iollann Fionn <do> bheith a mbéal a
doruis gá chosnamh. Tugadar glaodh san dorus gur fhreagair
Deirdre íad iar tteacht as néal dí re cloistin guith Naoise accos
tug iarruidh an dorus d'fhoscladh dhóibh agus is amhlaidh bhí
Iollainn a dénomh <a> dhíchioll bheith <ag> caitheamh uisge ar
shleasuibh an dúin as thiobraid boí a múir na bruighne agus ar
bhfaicsin cloinn Uisneach dhó thánaic 'na ndáil gus an dorus.
"Maith anam a chairdé" ol sé "is maith go ttánccabhair beó as
an mór nguasacht sin a rabhabhar acht cheana ní háit buan-
bheatha dhúin<n> an dúnsa feasta agus ní mó d'fhan<f>ain<n> ann
ó shoin muna beadh Deirdre ór féach na stialla tintighe <ag> tuitiom
anuas far ccionn ón díon agus féach fós re hannteas na ccloch
bhalladh tintemhuil ar ndóghadh thort timchioll agus le héad-
tuailing na ndubhnéall tá deataigh dar ttoc<h>tach agus gar
ndaormhúc<h>a<dh> ionnus gur thuit Deirdre a nanbhfainne faoi"
ol sé. "Bu mó fuar sgáth an doruis ims<h>níomh umpa samh a
bhoí amuigh a naghaidh a namhud iná sin<n> uile" ar Deirdre.
"Dob fhearr bás do fhag<h>áil go cródha mar churadhuibh" ol iad-
san "ar lár faithche ó lámhuibh ar naimhde ina ar mbeith múchta
go hanuasal a tteas agus a tteatach agus ar nadhnacadh foí thurs-
gar seantoighe." An sin do cineadh comhuirle acu an mbruibhion
d'fhágbháil. "Monuar" ol Deirdre "nach bás a fuair mé an lá sul
far fhág mé an dún sa roimhe; mo c<h>rádh nachar marbhadh
mé an oidhche gineadh mé sula bhfeicin<n> an ár so" agus is
amhlaidh bhí Deirdre <ag> caoine agus í ag glanadh na fola ó
chréachtuibh na bhfear. Uaine seal ghairid d'fhuara<i>dh an mór-


L. 144


theas do raibh acu ansin iar ccosg na tinte go ndearnadar iad
féin a bhfochradh ag an tiobroid agus go nibhiodar deoch go
gcualadar na slóighte <ag> teacht arís. Is an sin do rinneadar
daingneach dá sgiathanuibh fa Dheirdre eotorra agus tuccadar
léimionna lán-chalma thar múruibh na bruighne amach agus is
amhlaidh ag imthiacht tar faithche na Craobhruaidhe amach do
bhádar ag sluidheadh agus ag sléachtain no slóighte rompa agus
'na ndiaigh conach roibh éin dar <ag> teacht dá ngarr nachar fá-
gadh 'na ccosar cró ar lár na faithche.



34. Is an sin do dhreasaigh Conchubhar na slóighthe 'na
ndiaigh agus is amhlaidh bhádar Clann Uisneach iar nimt<h>eacht
thar théoran<n> na faithche agus Iollann Fionn ar a ccúla gá
ccosnamh agus ag cosg an tóir bhoí na ndiaigh. Is an sin do ránaic
Fiachra Fionn mac C<h>onchubha<i>r a ngar d'Iollainn Fionn gur
c<h>aith urchur gaithe ar leath taobh a mhuinéal fair gur dhear-
gadh a chneis gan mórghuin. Ruaimnaighthear Iollainn uime sin
gur iompo<igh> <a> ag<h>aidh dá nionsaigheadh agus a chlaoidheamh
cholg fhada uirlicthe ina láimh gur ciorbhadh 's gur sgapadh
dlúth-dhronga ar lár agus ar lán sraithe díobh. Tucc léim ard
éanamhuil an sin ag rádh "Ca bhfuil an lámh ro chaith an gath
úd" ol sé "an lámh chéana ro loit m'ara. Tighdh nois um ghoire
go ndíolfa mé goin mo ghiolla fair." Is an sin ránaic Conchubhar
rí Uladh go ndubhairt. "Cumha uaimse dhuit a Iollann" ol sé "agus
gan dol ní bhus foide." "Ní háill liom cumha uait" ol Iollainn Fionn
"ach más tú Rígh Uladh naisgiom ort an ainm
m'athaira gan fostadh nó toirmeisg a chur orm go leana mé mic
Uisneach agus iad ar ma chuimirce." "Ec so mo mhacsa Fiachra
Fionn" ol Conchubhar "is sé ro mharbh do ghiolla agus ro caith
an gaeth úd fort uime sin fiachaighe bhur ngoile ria roile". "Measa
liom Clann Uisne<ach> iná sin uile" ol Iollainn Fionn "agus ná
fosda mé níos sia agus ná tigidh mo ghoire nó bainfe mé <do>
cheann de<d> cholann." "Ní mac moghaidh tá romhad acht
ruighrighe" ol Conchubhar "agus ó d'fhógrais catha fair cuiriomsa
thusa fo gheasaibh gaisge muna ndéanair comhrac fris san ionadh
so <a>noise" ol sé.



35. Ro líonastar Iollainn re anfa buile is ro bheartaigheas a
lenn leathan urrlicthe go ttug síothadh sár-luath santach ar


L. 145


amus Fhiachra Finn agus gur sginn seision uadha ar teitheadh
san raon céadna ar gabh Clann Uisneach ionus nach roibh slighe
ag Iollainn iadsan a leanmhuint gan teagbháil air Fhiachra rísi.
"Fóill, fóill" ol Conchubhar "accos fan go ccuiridh mo mhacsa
m'airm féin fair agus ní cuibhe dhuitse a Iollainn a leitheide sin
d'amus thabhairt ach comhlann a dhéanadh ris mar churaidh
agus a mhic" ol sé "is a naon oidhche amháin a rugadh thú féin
agus Iollann Fionn agus beirse m'airmse umad .i. an cosgarach agus
mo dhá shleagh agus mo chloidheamh agus déan calmacht agus
mórc<h>ródhacht leó." d'ionsaigheadar an dias curadh a chéile
an sin agus d'fhág an rígh a mhac féin agus Iollainn Fionn a lár
na hiarg<h>ala agus d'imthigh leis a ndiaidh a tóir. Goireas
Conchubhar ar Chathfaidh draoi chuige agus dubhairt fris "A
Chathfaidh caoimh" ol sé "imthighse agus imir draoidheacht for
Cloinn Uisneach más maith leat iad agus fosda iad sulfa mill-
fighthear Uladh uile leó." "Agus cionnus sin" ol Cathfaidh "nach
bhfuil tusa ar tí a marbhadh?" "Ní hamhlaidh tá" ol Conchubhar
"óir bheirim mo bhréithir dhuit nach baoghal dóibh mise acht
amháin mo bhean féin d'fhagháil uadhfa." "Do b<h>réit<h>ir ar
sin?" ol Cathfaidh. "Mo b<h>riathar ríogha" ol Conchubhar "nach
niarraim níasa mhó acht ise chuingbheál dom féin" ol sé. D'im-
thigh Cathfaidh an sin agus d'imir sé cleas draoidheachta fortha
.i. muir teachtaigh do thonnaibh duaibhseacha dhealbha rómpa
ionus go roibh mic Uisneach a snámh ar chlár talmhan accos
Conchabhar le buidh<e>an allmhurach agus Ultaigh sa ruaig orra
agus nír lámhadar baint riú gur thuit a nairm as a lám<h>uibh.
d'fhógar Conchubhar a marbhadh gan fhuireach agus nír f<h>ao-
mhadar na hUltaigh sin do dhéanadh agus do bhí ócclách an sin a
tháinic ó F<h>inn-Lochlan<n> .i. Máine Lámhdhearg agus do mar-
bhadh a dhís dhearbh<r>áthar re Naoise an oidhche sin féin .i.
Uathach agus Ciothach a nanmana agus dubhairt a fear sin go
muir<bh>feadh sé féin Mic Uisneach agus cheangail na hAllmhuraigh
iad chum a ndíthcenta gur beanadh na trí cind díobh le
trí luath-bhéidhmionnaibh chlaoidhmhe ó láimh Mháine lámh-g<h>arbh.
Accos do léig Uladh trí trom-g<h>ártha caointe umpa
agus do ghéis an athchaoin re meád a néigin an oidhche sin agus
ro ghéisiodar trí prímh-thonna na hÉiriond re géim na hathchaoine


L. 146


.i. Tonn Clíodhna, Tonn Tuaighe agus Tonn Rughruidhe fon
bhfiongail sin Chloinne Uisneach.



36. Do bhí Conall Ceárnach an oidhche sin a nDún Subhairc<h>e
agus do chuala<i>dh búirfeach na Tuinne Tuaithe. "Is fíor sin" ol
Conall "atá Conchubhar agus Uladh a néigin agus ní cóir domhsa
éisteacht fris." Do ghabh Conall a airm agus a éideadh gaisge
uime an sin agus ro ghluais san raon go hEamhain go bhfacaidh
na duibhnéalla duaibhseach deataigh, an cheó chíordhubh casur-
lach corrach ós cionn na Craobhruaidhe agus na doighre don<n>-
ruadh lasargha foir imiol na bruighne. Do luaithe Conall go
ránaic a lár na leirge mar a bhfuair na cuirp ciorbhtha carnta ann
agus na slóighte ar sraith iar sléachtain siar fa seach ar feadh na
machaire bonn re bonn. Dobh ionghnamh aidhbhél re Conall an
ár do chonairc's gan éineach beo dá g<h>oire gur ghlaodh ós ard
ag rádh "Créd is fochain nó cia do roighni an mhór-ármach so?"
ol sé. Do chuala<i>dh guth allmhuraigh gunta a lár na sratha ag
rádh "an fear úd shoir re húr na faithche tá ngleic re mac an rígh
anois." "Cui hé bodhéin?" ol Conall. "Nocha nédir mé" ol an
tallmhurach gunta. "Is amhlaidh do b<h>oí an iorgaoil an sin idir
Iollainn Fionn agus Fiachra a ccruadh-chomhras 'sa ccomhlann
fír-nimhneach go feadh thréibhse fhada ór ba luath-chossa<ch>
caol luirgneach an laoch sin mac Chonchubhair, 's as amhluidh
do lingeadh le lúgh léimionna a seachnadh gach buille ó Iollainn
's go sginneadh amach <a> bhfad uadha's go ccaithfeadh na gaethe
tar ais for Iollainn acht cheana ní raibh gath nó saighid ag Iollainn
Fionn gan caitheamh acht a chloidheamh cholgf<h>ada amháin
agus fós choncas dó nachar bh'áil le Fiachra acht iargoil do shí-
neadh amach uim toirmeisg ar son dol a d'fhurtacht Chloinn Uisneach
agus tucc maoidhm uadha 'na ndiaigh. Bhoí Fiachra ar a
chúl an sin go díon re mór-gháir is le frassa gaith. Iompoighios
Iollainn aghaidh fair an sin go ndubhairt "ná sgin abhfad uaim
anois mar chlaodhairc acht seasamh mur churaidh agus tobhair
comhlan<n> domh" ol sé. Caitheas Fiachra an gath an <a> aghaidh
gur maoladh ar éadan a <c>cathbhar Iollainn é. Tógas Iollann an
gath agus do sginn Fiachra ar ais. Tucc Iollann rotha an urchu<i>r
gan io<m>roll ar amus Fhiachra gur ghoin ar cholp<a> a choise é.
Lingios ar leithchois iaram<h> gur thar<r>aing an maol rinn sin as a
chois eile. Ionsoigheas Iollann eision an sin le frasa borb-bheadh-


L. 147


manuibh gur chu<i>r ar sgáth a sgéithe é. Sé sin tráth thánaic
Conall Ceárnach fá lán buile ar fhaicsin gach ár ar feadh na faith-
che accos Fiachra mhac Conchubhair san éigindáil sin gur ionsoidh
Iollann Fionn gan fuireach's gur sháith an cúl-g<h>las tré na
chléibh. "Cibé ro ghoin san dáil mise ar leith mo chúil bhéaruinnse
comhrac aonar ar m'aghaidh dhó" ol Iollann Fionn sa chrú ag
imtheacht ar lár. "Cia thú féin" ol Conall. "Mise Iollann Fionn
mhac Fhearghuis" ol sé "agus más tusa Conall Ceárnach is mór an
t-éacht do rinnis mise do ghoin agus mic Uisneach ar mo choimir-
ce". "Maseadh" ol Conall "ca bhfuil Clann Uisneach <a>nois nó
créd fá bhfuilir le Fiachra?" "A raon maoidhme" ol Iollann
Fionn "agus Conchubhar cona mhórbhuidhion san ruaig orrtha
iar m'fhostasa mu chomhraic re Fiachra agus um thoirmeisg na
leanm<h>aint ná cosnamh" ol sé. "Is truagh an dháil" ol Conall
"nach mór mo mhire?" agus do tharraing a lann agus do bhain a
cheann de Fhiachra mhac Conchubhair. "Maith anam a Chonaill"
ol Iollann Fionn "tá arraing an bháis ormsa <a>nois agus maithiom
dhuit a ndearnais orm má leanair an tóir agus cosnaigh Clann
Uisneach má b<h>eirir beó orthu."



37. Gluaisios Conall go luagh lán buile ina ndiaigh a lorg a
tóir acht ro bháodar mic Uisneach marbh cheana. Tárla Cathfaidh
an draoidh san raon roimhe ar stad ren <a> aghaidh soir
for faithche na fiongala re tuargbháil gréine faoi g<h>ruaim-néal-
laibh. "Créd so a Chathfaidh?" ol Conall. "Cia fáth staonadh?" ol
sé. "A cclluin tú an gháir a Chonaill?" ol Cathfaidh. "Cia fáth
sin?" ol Conall. "Gáir fionngala súd" ol Cathfaidh "agus is mall
ar ttriall óir is marbh Clann Uisneach <a>nois agus féach so
chugain<n> an tóir agus Conchubhar a teacht agus gan Deirdre
leis. Téid Conchubhar amach as raon réidh ar bhfeicsin na díse
agus níor bh'áil re Conall teaghbáil air. Acht cheana ro lean
Cathfaidh é dá agallmhadh.



38. "Is cosmhuil nach bhfuair tú an bhean" ol Cathfaidh.
"Ghéabhthar í! Fiontar í!" ol Conchubhar. "Cionnus sin? mar
sgar siod léi" ol Cathfaidh. "'S gar ó sgaradh a ccinn leó" ol
Conchubhar. "B'urus duitse a sgaramhaint gan dortadh fola" ol
Cathfaidh "agus do bhréithir a choingbheál domhsa". "Níor
bhféidir ise chuingbheál an fhad is mhair<f>eadh Naoise" ol


L. 148


Conc<h>ubhar. "Nár mhairidh tusa ise!" ol Cathfaidh agus tóg-
bhus a lámh a nard na gréine go ndubhairt: "Seacht ccéd blia-
dhan ó tógadh teach na hEamhna agus ó claidheadh an Ráth
ríogha sin ris an riaghan Macha agus ón lá <a>niú amach ní bhíon<n>
rath a c<h>oidhche ar Eamhain accos budh hí an ráth gan rath
ro-iongantach" accos do bfhíor do Chaithfaidh a ndubhairt ór ní
roibh Eamhain ag Conchubhair a bhfad nó a seilbh ag éin nduine
dá shliocht ó shoin a leith.



39. Iomthúsa Dheirdre do bhí fon tráth sin ag caoi go truagh
iar bhféachain na fiongala go ristigh a héighmhe néallaibh neim<h>e
is ag tarrain a folt na ndlaoidhibh <a>g imtheacht re gaoith ar
feadh na faithche fuilteach accos is amhlaidh do bhí ag caoi-
neadh Cloinn<e> Uisneach san laoidh mar leanas.




An-mhór ana héachtasa a nEamhain
mar a ndearnadh an meabhail;
Oidhe mhic Uisneach gan onn,
gabhla ghaisgidhe na hÉirionn.



Ádhbhar rígh Éireand uile
Árdán feathach folt-bhuidhe,
Éire accos Alba gan oil
ag Ainnle 'na urchomhair.



An domhain tshíar accos tshoir
agad a Naoise neartmhair,
do bhiadh uile suibh-réidh
muna ndéantaoi an móireácht.



Adhluicthear misi an a bhfeart
accos cloidhtear ann mo leacht;
dá bhfeitheamh is de thig m'éag,
ó do chonairceas an mór-éacht.




40. As a haithle na laoidhe sin do bhí <ag> teacht ar Albain
agus gach slighe ann a roibh sí féin agus Clanna Uisneach san
laoidh an ar ndiaigh.


L. 149



Sorraidh soir go hAlbain uaim
fa maith radharc cúan is gleann,
faireadh Clann Uisneach aig seilcc
aoibhin<n> suidhe ós leircc go beand.



Tarla maithe Alban ag ól
is Clann Uisneach dar chóir cion,
d'inghion Iarla Dún na Ttreóin
go ttuc Naoise póg gan fhios.



Do chuir chuigthe <e>ilit bhaoth
agh allaidh is laogh re a chois
is do ghabh sé chuicthe ar cuairt
ag filleadh ó shluagh Inbhear Neas.



Mar do chuala<i>dh mise sin
líonas mo cheann don éad,
is téighim um churach amach
fa chuma liom beó nó éag.



Leanaid misi amach ar shnámh
Ainnle is Ardán nar chan bréag
ag fillid<h> misi leó asteach
dias do chuireadh cath ar chéad.



Tucc Naoise a b<h>riathar fíor
is do luidh fo thrí a bhfiaghnuis<e> airm
nach ccuirfeadh orm gruaim
nó go ndeachaidh ar shluadh na marbh.



Tucc an bhean ó Dhún na Ttreóin
briathar mór is móid mhear
nó go ndeachaidh Naoise d'éag
nach rachadh sí féin le fear.



Uch! dá ccluineadh sisi anocht
Naoise iar ndol fo leacht a ccreí


L. 150


do ghuilfeadh sí go beacht
's do ghuilfinnse fo sheacht léi.



Ca hiongnadh cion agam féin
ar chríoch Alban fa séimh ród,
fa slán mo chéile 'na measg
fa liom a heich accos a hór.




41. Asa haithle na laoidhe sin mar do fuair Deirdre aire cháich
ar a chéile táinic roimpe ar fud na faithche go ttárla CúCholainn
di agus naiscios a cuimirce fair agus d'innis <a> sgéala dhó ó thús
go deireadh amhail mar tharla do Chloinn Uisneach agus bu ro-
t<h>ruaighe re CúChulainn sin óir ní raibh duine san domhan
dob ansa leis iná Naoise agus táinic CúCholainn le Deirdre go
hairm a roibh na codlaidh sínte ar bhruach na huaighe agus do
luidh sisi ar ucht Naoise agus do ghabh ag sgaoileadh a folt agus
ag géar-c<h>aoineadh agus do rinne an laodh ann.




Fada an lá gan Clann Uisneach
níor thuirseach bheith 'na ccuallacht,
mic rígh le ndíoltaoi deoraidheadh,
trí leómhoin Chnuic na hUamhcho.



Trí leannáin do m<h>náibh Breatain,
trí seabhaic sléibhe Ccuilin<n>,
mic ríg<h> dar ghéill na gaisgidh,
is dá ttuccadaois amhais urruim.



Na trí beithreadh bheódha,
trí leómhain líofa Chonnraidh;
mic rígh dar d<h>ual moladh
trí mic ochta na nOltach.



Triar laoch nár mhaith fá urraim
a ttuitiom is cúis cruaidhe,
trí mic inghin Cathfaidh
trí gabhla chatha Chuailccne.


L. 151


Trí draguin ó Dhún Mónaidh
na trí curaidh ón Ccraobhruaidhe,
dá ndéis ní beó misi,
triar do bhriseadh gach aon ruaig.



Triar do hoileadh aicce Aoife
aga mbíodh críocha fá chánaigh,
trí huaintheadh bhriste catha,
triar dalthadh ro bhí ag Sgathach.



Triar daltadh do bhí ag Uathadh,
tria<r> laoch fa buan a ttreise,
trí mic oirdheirc Uisneach,
is tuirseach bheith 'na neasbhuidh.



A sé mailighe dearcsnaidh donna,
a sé b<h>fuin<n>eóga glan éadtroma,
a sé roisg uaine mar lonnradh,
is a ngruaidhe mar g<h>rís chonna.



Sé colpuidhe mur chlúmha eala,
a sé nglúine ngasda ngeala,
a sé nglaca slime sleamhna,
a sé slata fionna fionamhna.



Meóir fhada lagha bána,
a lámha séada fada falláin,
a ccuirp budh gile nón sneachta
is a bhfolt mur chlúmha na bhfiacha.



Airdrígh Uladh do thréigios
ar éalógh do ghrádh Naoise,
gear<r> mo shaoghal 'na ndiaigh
ó fearfad a ccluithe caointe.


L. 152


Go mairfinn a ndiaigh Naoise
na saoilidh neach ar talmhuin
nó <i>ndiaigh Ainnle accos Ardán
annam<h> ní bhiaidh anmhuin.



'Na ndiaigh ní bha beó mise,
triúr do lingeadh a lár deabhtha;
ó chuaidh mo leannán uaimse
do dhéan ar uaighe ceatha.



A fhir a thochlas an feartán
na déan a nuaimh go docrach;
biadsa a bhfochar na huaighe
ag dénamh truaighe is ocháin.



Mór do ghéabhainn do dhochar
a bhfochar na ttrí ccuradh;
is duilgheinn gan teach gan tinne,
ní mise nach biadh go dubhach.



A ttrí sgiatha 'sa ttrí sleagha
fá leabaidh dhomh go minic;
cuir na trí cloidhimh cruaidhe
ós a ccionn san uaigh a ghiolla.



A ttrí coin is a ttrí seabhaic
biaidh feasda gan lucht sealcca,
triar congabhla <gach> catha,
triar daltadh Conuill Cearnaigh.



Trí hialla na ttrí ccoin sin
do bhean osnadh ó mo chroidhe se:
is accum do bhí a ttaisgidh
a bhfaicsin is fáth caoidhe.



Ní ro bhádhus ariamh um aonar
acht lá dhéanta bhur nuáighe,


L. 153


gi<dh> minic do bhí misi,
accos sibhsi go huaigneach.



Do chuaidh mo radharc uaimsi
ag faicsin h'uaighe a Naoise,
gear<r> go bhfuícfe m'anam mé,
ní mhairion<n> mo lucht caointe



Ós tríomsa do rin<n>eadh an fheallsa
biadh mo ghalra lán tuirseach,
's tru<a>gh nach raibh mé <a> ttalmhan
sul dá marbhadh mic Uisneach.



Truagh mo thuras le Fearg<h>us
dom chealgadh don Chraobhruaidhe,
le na bhriathraibh bláithe binne
do mealladh sinne an aonuaire.



Do thréigeas Aoibhneas Uladh
ar thriar curadh dob annsa,
mo shaoghal feasta ní fada
'na ndiaidh is áonar dhomhsa.



Is mé Deirdre lán duibhe
is me air foighneall mo bheatha,
bheith <i> ndiaidh mo c<h>éile is miste
ní b<h>iáidh misi ní bhus foide.




42. As a haithle na laoidhe sin do ling Deirdre ar mhuin Naoise
san bhfeart agus fuair bás a ccéadóir agus do tógbhadh a lia ós a
leachta agus do sgríobhadh a nanmanna ós a ccionn agus do
fearadh a ccluithe caointe as a haithle. Cona í sin imtheacht
Dheirdre agus Oide C<h>loinne Uisneach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services