Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tóruigheacht Duibhe Lacha Láimh-ghile
Title
Tóruigheacht Duibhe Lacha Láimh-ghile
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Duilearga, Séamas
Composition Date
1809
Publisher
(Halle: Niemeyer Verlag, 1928)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feacht n-aon dá n-deacha Fiachra Dubh mac Diomhain mhic Muircheartaigh mhic Muireadhaigh mhic Eóghain mhic Néill Naoigiallaigh as Éirinn amach go ndeacha a gcríoch Lochlann ar eachtra agus is é fa rígh Lochlann an tan sin .i. Ularg mac Ionnghaine agus fuair Fiachra aoibh agus onóir mhór ó rígh Lochlann. Acht níor chian dó 'san gcríoch an tan do ghaibh galar agus géar-easláinte an rígh ionnas go dtug siad sic a leagha agus a Phisicians, a dhraoithe agus a fhíor-eolaigh dá ionnsoighe agus do fhiafriogh díobh créad do fhóirfeadh é. Adubhradur nach raibh leaghas na heasláinte do urchóid sic dhó ach muna bhfaoighthaoi bó chluas-dhearg ghlégeal agus a marbhadh dhó. Do síreadh críocha Lochlann agus níor fríoth ar an áit sin acht bó chaillighe duibhe. Do tairgeadh bó eile dhí ar a son agus Fiachra Fionn mac Baedáin do b'é sin ainm an fhir, ar fhíor, mar urramh ris an mbuin sin d'fhaghbháil an tan do iarrfadh í. Is í sin uair agus aimsir tháinig teachta ar ceann Fiachra ag foillsiughadh éag a athar dó, agus a ghairm-sean 'na rígh. Ceiliubhras Fiachra do rígh Lochlann go n-a uaisle agus níor hairiseadh leis go dtáinig dá thír féin .i. go Cúige
oll-bhladhach Uladh agus do bhí bliadhain innte 'na árdrígh ní is túisge ná do chuala a bheag ó' n gcailligh nduibh. Lá n-aon a gceann bliadhna dochualadh an t-éighiomh a n-doras an dúnaidh agus adubhairt a fhios do thabhairt chuige cad é rinne an t-árd-ghlór sin agus cidhb é do rinne a thabhairt asteach. Do rinneadh amhlaidh adubhairt agus is í an chailleach dhubh Lochlannach do bhí ann agus d'fhear Fiachra fáilte roimpe agus d'fhiafriogh sgéala dhí. "Atáid sgéala móra olca agam', ar sí .i. 'rígh Laighean do neamh-chomhaill do gheallamhna um an mbuin." "Ní misde sin", ar Fiachra. "Dobhéar-sa ceithre ba a nÉirinn duit." "Ní ghébad", ar an chailleach. "Do bhéar-sa fiche bó dhuit", ar Fiachra. "Is briathar domh-sa", ar an chailleach, "nach gheabhad sin uait", ar sí. "Maiseadh", ar Fiachra, "dobhéar-sa tríocha bó a ngach chois dár gheall rígh Lochlann ag díoghailt a choraidheachta féin agus éagcóra na caillighe duibhe ar an rígh agus ar rochtain urláir na críche dhó do fhuagair cath ar Ularg agus thug trí lá go n-oidhchibh cáirde dho chum tiomsuighthe agus ar dteacht an cháirde sin do síreadh cath ó' n rígh ar Fhiachraidh. Do cuireadh trí chéad laoch láidir lán-chalma ó rígh Uladh do chum an chomhraic sin agus do leigiodh trí chaoire neimhe amach as pobul rígh lochlann agus do chuadur tríotha agus tarsa amhuil seabhac tre mhionéanaibh nó mar chonaibh allta tre mhion-thréadaibh chaorach ar fairsinge moighe nó machaire. Amhlaidh sin do théidís
na caoire theintighe sin tre mhuintir Fhiachra agus gach neach dochidh iad ní fhéadaidís an aith-fhéachain, agus do thuiteadur trí chéad an dara lá gus trí chéad an treas lá leis na caoiribh agus ba dubhach le Fiachra na h-ara agus na heasbadha móra thugadur ar a mhuintir. Adubhairt a airm agus a iol-fhaobhra do thabhairt chuige féin go ndeacha do chomhrac tar ceann a mhuintire. "Ná beartaigh sin, a rígh Uladh" ar maithe a mhuintire, "óir ní cuibhe dhuit-se dhuit-se dul do chomhrac le caoiribh." "Is briathar dhamh-sa", ar Fiachra, "nach tuitfidh nísa mó d'fhearaibh Éireann leo nó go dtuitiod-san liom-sa nó mise leo-san." Is annsin do chonairc Fiachra aon óglách an-aithnid dá ionnsoighe gacha ndíreach agus brat datha uaine uime agus léine mhín-tsróil re gusmur a gheil-chnis agus fleasg óir timpchioll a fhuilt agus dhá os órdha uma chosaibh, agus ar dteacht do láthair dó adubhairt: "Is dubhach ataoi, a rígh Uladh", ar sé. "Ní huaim dochonarc a ádhbhur', ar rígh Uladh .i. mo mhuintir dá mughadh agus dá mór-mharbhadh le caoiribh gorma geintlidhe agus mé fhéin ag dul anois do chomhrac riú." "Ca luach do bhéarthá don tí do choisgfiodh iad?', ar an t-óglách ar a raibh an deise aonaigh agus oireachtuis. "A bhreith féin", ar Fiachra, "dá rabha ar mo chumas". "Tabhuir mo bhreith féin dhomh-sa", ar an t-óglách, "agus coisgfiod na caoire neimhe díot agus muna dtugair ní choisgfead agus ní mó ní fhéadfair-si a gcosg." "Abair an bhreith", ar rígh Uladh. "Adeirim", ar an t-óglách, "an fáinne atá umad mheóir mheadhóin do thabhairt dom mar chomhartha chum do mhná a n-Éirinn ionnas go luighfinn lé. "Is briathar dham", ar Fiachra, "nach leigfinnsi aon duine d'fhearaibh Éireann do thuitim ar son gan an chomhartha sin do thabhairt uaim."
"Nocha misde thuit a thabhairt", ar an t-óglách, "óir geinfir gein bhuadhach uaim-si red mhnaoi agus budh uait-si ainmneóchar é agus budh Mongán mac Fiachra a chomh-ainm agus budh ollamh intleacht an mhic sin i ngach céird is íonchubhaidh do mhac rígh nó ró-fhlatha d'fhoghlaim agus fós rachad-sa ad' riocht-sa ann ionnas nach budh eisionraic dod' mhnaoi-si é." Thug Fiachra an fáinne luachmhar do'n óglách agus thug an t-óglách, ar sin, brod-chú o dhiamhur a bhruit go slabhra bhfionn-airgid um a brághaid agus adubhairt: "An tráth fa dtiucfaid na caoirigh chugad", ar sé, "leig an bhrod-chú chucha agus is briathar dhamh-sa nach béara aon chaoira acu a ceann slán go dúnadh rígh lochlanntar ais agus geallaim dhuit-si, a rígh Uladh", ar sé, "go ngéillfid Lochlannaigh gan choga gan imreasán duit ó sin amach". Agus is é do bhí ann .i. an t-Ioldánach Manannan Mong-bhuidhe mac Lir .i. an té ba mhó intleacht a gcomhachtaibh, a n-ealadhain draoidheachta dár mhair ionna chomh-aimsir. Ach cheana do ráinig Manannán roimhe go hÉirinn agus do chomhraic ris an ríoghan agus do fhágaibh taobhthrom torrach í. Dála na gcaorach do thuitiodur leis an gcuin an lá sin agus trí chéad do mhuintir rígh Lochlann mar aon riú. Fa mór lúthgháir rígh Uladh agus a mhuintire uime sin agus níor mhó ná brón agus atuirse rígh Lochlann agus a mhuintire do'n leith eile. Ro ghaibh Fiachra braighde agus gialla críoch Lochlann agus na n-oileán eile nó go ráinig Éire agus do bhí a bhean taobh-throm torrach roimhe agus an tan thainig ionbhaidh an tuismidh rug sí mac agus tugadh Mongán d'ainm air. Cidh tra do bhi óglách eile a gcomh-fhlaitheas re Fiachra Fionn mac Baedáin .i. Fiachra Dubh mac Diomhain agus do luighduigheadh ar a bhflaitheas agus rugadh inghean dó an oidhche chéadna agus tugadh Dubh Lacha
Láimh-gheal d'ainm uirthe agus do cuireadh ar seilbh a cheile í féin agus Mongán. A gcionn a dtrí n-oidhche tháinig Manannán as Tír Tairngire agus rug Mongán leis dá altrom agus dá oileamhuin. Chongaibh an leanbh aige go ceann dá bhliadhain déag ionnas go raibh múinte i ngach aon céird ba chóir dá mhacsamhuil d'fhoghlaim. Dála Fhiachra Dhuibh fuair baoghal ar Fhiachra Fhionn .i. a fhagháil a n-úathadh sluaigh agus sochraide ionnas gur marbhadh é féin agus gur loisgeadh a dhúnadh leis tar ceann a gcleamhnuis. Annsin do b'áil le maithibh Uladh Mongán do thabhairt chuca a n-ionad a athar agus gan é ach a gcionn a shé mbliadhna. Cidh tra ní thug Manannán dóibh é nó gur fhorbhair a neart agus nó gur fhoghlaim a chleasa goile agus gaisge agus go raibh comhachtach a gceardaibh diamhra draoidheachta gur ba slán a dhá bhliadhain déag dhó. Thug leis go hUltaibh é agus do rinneadh síth agus caradradh idir é féin agus Fiachra Dubh .i. leath Uladh do gach nduine agus Dubh Lacha Láimh-gheal mar bhean-chéile do Mhongán a n-éiric a athar. Do bhí Mongán mar sin tréimhse fhada a mbun a shiochna do chomh-líonadh do Fhiachra Dhubh. Lá n-aon dó, ar sin, ag imirt fhithchille ionna dhúnadh agus Dubh Lacha ar a ghualainn go bhfeacadh cléireach dochruidh dibhidh san ursan agus isé adubhairt: "Ní tocht ba chuibhe re mac rígh Uladh an tocht sin for ataoi a Mhongáin", ar sé, "agus gan dul ag díoghailt t'athar ar Fhiachra Dhubh gidh olc le Duibh Lacha é agus atá seision anois mar do bhí t'athair-si a n-úathadh slúaigh agus sochraide an tan thug amus air, agus tar-sa liom-sa agus loisgfiom a dhúnadh agus muirfiom é féin go n-a mhuintir agus bíodh ríoghacht Uladh agad-sa gan roinnt as sin amach." "Ní feas dhomh-sa ca sean sic a ndubhrais sin", ar Mongán, "agus rachad leat agus do dhéan mar adubhrais."
Is annsin do ghluais Mongán go n-a mhuintir leis an gcléireach agus do chuadar fá'n ndúnadh agus do marbhadh Fiachra leo agus do ghaibh Mongán lánríghe Uladh gan imreasán dá aithle agus do ghoir uaisle an chúige dá ionnsoighe agus is é adubhairt riú: "A mhaithe Uladh", ar sé, "is é is áil liom-sa dul ar cuaird go cúigeachaibh Éireann dá dtiodhlacadh da mbhúr maithibh agus d'éigsibh na gcríoch ar cheana." "Is buadhach an chomhairle sin", ar cách,"agus biaidh neart ar lámh-ne leat dá dtabhairt dod' réir." Ráinig Mongán, ar sin, do chum cúigidheach n-Éireann nó go roch Nás Laighean agus is é fa rígh ar Laighnibh an tan sin .i. Bran Dubh mac Eachaidh agus d'eisiodar a bhfarraidh a chéile an oidhche sin. D'éirigh Mongán go moch ar na mháireach ar gceangal a gcaradradh le rígh Laighean agus ar n-éirghe amach dhó do chonairc trí chaogad bó n-áluinn n-ó-dhearg agus trí chaogad laogh lán-gheal re a gcois ar faithche an dúnaidh. Agus mar do chonairc Mongán iad do shanntaigh go hanmheasardha iad. Thug Bran Dubh sin dá aire agus adubhairt: "A rígh Uladh, dar liom do ghrádhuis na ba úd go mór." "Do ghrádhas cheana', ar Mongán, "agus is ait liom bheith dá bhfeachain agus ní bhfuil a-nÉirinn neach re ar chubhaidh a mbeith aige, dom bharamhail ach mo bhean féin .i. Dubh lacha Láimh-gheal óir is í aon bhean is fearr deilbh agus déanamh, innsgne agus urlabhra, méinn agus maise, cruth agus caomh-dhéanamh, ciall agus ceadfadha do mhnáibh glan-áilne Gaedheal í agus rug an oiread bó úd an geall céadna ó bhuaibh an domhain go h-iomlán." "Maiseadh", ar rígh Lighean, "ní bhfuil ní ar bith ní sic a dtiubhrainn-si iad ach ar cháirdeas gan éara do dhéanamh dhúinn ar aon re chéile." Do rónsad amhlaidh sin agus do snaidhmeadh a gcoir eaturra ar an órdughadh réimh-ráite.
As a haithle sin ráinig Mongán a n-Ultaibh agus na ba leis. Comh luath agus dochonairc Dubh Lacha na ba thug sí grádh iomurcach dóibh agus adubhairt: "A Mhongáin", ar sí, cé thug na ba breághtha úd duit-si? Is iad is áilne adchonarc mé riamh agus ní tugadh duit iad ach ar son ní éigin is fearr go mór ionná iad féin do thabhairt ar a son." Ro innis Mongán dí mar fuair iad. "A Mhongáin", ar Dubh lacha Láimh-gheal, "is eagal go n-goillfidh an cómh-rádh sin ort go fóill." Níor chian, ar sin, go bhfacadur Bran Dubh .i. rígh Laighean chucha. Ar dteacht do láthair dó fáiltigheas Mongán roimhe agus fiafrioghios de créad thug san turas sin é. "D'iarraidh Duibhe Lacha Láimh-ghile thánag mé ó'm thigh", ar Bran Dubh. Mar do chualadh Mongán sin do mhuidh tocht lán-mhór air agus do labhair mar so: "Ní chuala mé riamh rómham féin éinneach do thabhairt a mhná dá thoil féin do dhuine eile a gcáirdeas gan éara." "Gion go gcuala tú", ar Dubh Lacha, "tabhair-si do bhean uait tar ceann t'oinigh óir is buaine bladh ná saoghal." Gabhas fearg ádhbhol-mhór Mongán ris an rioghan fá bheith cómh fionnmhur agus sin dochum dealuighthe ris agus méid an ghrádha do bhí aige dhí. Gidheadh do dheónaigh do rígh Laighean Dubh Lacha do bhreith leis má tá nach raibh fá neamh na néal ní is mó loisg a chrodhe ionná é, Goireas Dubh Lacha rígh Laighean lé a bhfód fo leith agus is é adubhairt: "A rígh Laighean", ar sí, "an bhfeidir tusa nó an measann tú an leigfidhe mise leat dá dtuitfeadh fir agus leath Uladh tríom?" "Muna mbeith gur bhraith Mongán go dtugas féin grádh eágmaise dhuit agus fós fuath dó-san, ar son a shaoire do dheónaigh mo dhealughadh ris, gidheadh is briathar dómh-sa nach racha mé leat ach lem' breith féin d'fhagháil uait." "Créad an bhreith iarras tú, a ríoghan?" ar Bran Dubh.
"Tabhair-si a bhriathar re a chomhall", ar si, "agus inneósad." Thug Bran a bhriathar dí mar do naisg. "Maiseadh", ar an inghean, "is é is áil liom-sa mo bheith féin agad-sa go ceann bliadhna agus gan luighe liom ná teacht am leaba agus dá dtige tú ar cuaird nó ar tadhall do'n tigh ionna mbía mé, gan suidhe a n-einiod liom ach ar m'aighidh thall don taobh eile, óir is eagal liom an grádh mór thugas duit, fuath d'fháil ionna iomchlan sic uait agus dá rabham ag suirghe gan cionnta ris an mbliadhain sin, ní heagal ár ngrádh dhul a bhfuaire ach is dócha a dhul a dteas." Ar ngealladh ar chuingidh na ríoghna do Bhran Dubh rug leis a Laighnibh í. Ach cheana do bhí Mongán feadh ráithe ag seargadh dá héis agus an oidhche do pósadh Dubh Lacha re Mongán do pósadh a cómh-dhalta re Mac an Daimh .i. re chómhalta Mhongáin. Berios Dubh Lach Láimh-gheal a cómhalta lé go Laighnibh. Anas a chomhalta féin .i. Mac an Daimh a bhfarraidh Mhongáin. Tháinig Mac an Daimh lá n-aon do'n teach a raibh Mongán agus é go dubhach doimheanmnach. "A Mhongáin", ar sé, "is meata mílaochas do chor agus ar son go bhfiodhneochasa do bhean féin is fada dhomh-sa bheith a n-éagmais mo mhná féin tréd droch-cheill-si óntis nach dearna cáirdeas le giolla rígh Laighean amhlaidh do rinnis-si le rígh Laighean agus nach túalaing tú a leanmhain." "Leig as a leath, a Mhic an Daimh", ar Mongán. "Ní measa le duine eile sin ná liom-sa agus éirig gus an uaimh a bhfacamar an chliabh gualann ó chianaibh agus cuir fód d'úir na hÉireann agus fód d'úir na hAlban ann ionnas go ndeachuin-si ar do mhuin-si ann go Laighnibh óir ní hurusa dhomh-sa iompódh ar aon leith nach foillsighthear do dhraoithibh rígh Laighean óir atáid ag sníomh a n-eagna agus a n-intleachta re fios m'imeachta do bheith aca
do rígh Laighean, gidheadh meallfaidh an chliabh gualann iad óir bead-sa a nÉirinn agus a nAlbain agus ní bheith mé a nÉirinn ná a nAlbain an feadh bhead ann agus inneósaid a dhraoithe do rígh Laighean agus adéarfaid sinn nach eagla leis mé an gcéin bhead mar sin. Ar sin do ghluaiseadar rómpa go rangadur machaire Chille Comáin a Laighnibh agus is í sin uair agus aimsir do comóradh aonach agus oireachtas Laighneach Life a Laighnibh agus do chonnarcadur sluagh ádhbhal-mhór agus sochraide iomdha ag triall as gach áird 'na dtimpchioll do chum an aonaigh. Is annsin do ghaibh uamhain agus imeagla Mac an Daimh agus adubhairt: "A Mhongáin, is olc an turas a dtangamur go Laighnibh, ar sé. Agus do chonnarcadur sagart Chille Comáin .i. Tiubraid a ainm agus cléireach eile mar aon leis dá n-ionnsoighe agus iad ag cantain a psalm agus a dtráth rómpa agus fa mór iongna Mhic an Daimh an ní sin agus ro fhiafriogh do Mhongán créad adeirdís na cléirigh. Ro innis Mongán dó gurab léigheann do bhíodar a rádh. "A Mhic an Daimh", ar sé, "an dtuigir-si a bheag uatha súd?" "Ní thuigim ach aon ní amháin", ar Mac an Daimh, "neoch adeir an fear déidheanach agus is é sin "Amen, Amen." "Cuimhnigh-se go maith an beagán sin ionnas go mbéadh agad gidhb é uair riogiom a leas Laighin do ghabháil." Is annsin do dhealbhuigh Mongán abhainn mhór dhraoidheachta ar lár an mhoighe agus droichead mór trasna uirre. Rob iongnadh ádhbhol-mhór leis an sagart an abha d'fhaicsint agus do ghaibh ag a choisreagadh fhéin roimpe agus adubhairt: "Is ar an bhfearann so do rugadh mé agus m'athair agus do shean-athair agus ní fheaca agus ní chuala abha do bheith ann agus is deas dúinn droichead d'fhagháil uirre." Iar sin ionnsoidhid an droichead agus ni túsga do bhain
a gcosa ris ionná do thuit sé fútha a meadhon an t-srotha agus gabhas Mongán an leabhar as láimh an tsagairt agus an chulaidh o'n gcléireach agus do leig iad féin leis an sruth. Fiafrioghios Mongán do Mhac an Daimh créad do dhéanfadh riú. "Báidhtear iad", ar Mac an Daimh. "Ní dhiongam", ar Mongán, "ach leigfiod feadh míle le sruth iad agus is leór sin d'imirt d'olc orra gan chúis." Is annsin do chuaidh Mongán le n-a dhraodiheacht féin a riocht an t-sagairt agus do chuir Mac an Daimh a riocht an chléirigh agus do dheilbh coróin mhór 'na cheann, an chulaidh ar a mhuin agus an leabhar ionna ucht agus do rángadur chum an aonaighh fó'n samhuil sin. Ro éirigh rígh Laighean ionna gcoinne agus is é adubhairt: "Dia do bheatha, a shagairt", ar sé, "agus abair soibhsgéal dúinn óir is fada nach facamur tú agus éirgidh Céibhionn Cochlach .i. giolla mo charbaid-si féin leat do dúnadh ionna bhfuil Dubh Lacha Láimhgheal agus éist a culpa uaithe." Do léigh Mongán soibhsgéal dóibh agus an feadh do bhí ag a rádha do fhreagair Mac an Daimh "Amen, Amen". Is é adeiridís na slúaigh: "Ní fhacamur aon chléireach riamh ag nach bíodh aon fhocal Laidne no léighinn ach an cóirneach úd", ar siad, "óir ní abuir aon fhocal ach Amen, Amen." Ar sin do ghluais Mongán gus an dtigh a raibh Dubh Lacha Láimh-gheal agus aithnigheas Dubh Lacha é agus adubhairt an laoidhe:
Beannaigh dhúinn, a chléirigh cháidh, a shagart Chille Comáin Gion go bhfuil Bran Dubh a bhfus rodfia tríad turas Annsa liom-sa Bran Dubh nó an bhean luighios 'na fharruid is í an bhean do bhéarfainn as dá madh fíor do lánamhnas.
Dá dtigidís cléirigh an bheatha ó theach Dhoinn go roibh seacha is tú cléireach go nguith nglan ba fearr liom dom' bheannachadh!
A haithle na h-iomagallmha sin adubhairt Mac an Daimh: "Fágbhaidh uile an teach, a mhná", ar sé, "óir is briathar damh-sa nach biaidh bean ar bith a bhfarruidh na ríoghna ach an bhean tháinig lé féin do'n bhaile nó go ndearna an sagart a culpa d'éisteacht." D'fhóbair, ar sin, bean bráthar do rígh Laighean anmhuin istigh dá n-aimh-dheóin ach cheana do chuir Mac an Daimh a dhá láimh ionna timpchioll agus do thóg dá haimh-dheóin tar doras amch í agus druideas go dlúith an chomhladh 'na deadhaidh agus tógbhas a bhean leis isan iomdhaidh ba neasa dó níos túsga ionná do thosnaigh an sagart ar chulpa na ríogh-mhná d'éisdeacht agus thug lámh tar a brághaid agus pogas go dil í. Ach cheana do thógaibh Mongán Dubh Lacha leis ionna leaba féin agus do éisd a culpa na ndeagh-bhan d'éisteacht agus absalóid iomlán do thabhairt dóibh is annsin do labhair cailleach coimhéada na séad riú agus í isan gcuíl .i. buime rígh Laighean. Gidheadh do leig Mongán luas anáile droidheachta chum na caillighe go nár léir dí an beagán dochí roimhe sin do dhul fúithe tríot sin. "A naoimh-chléirigh, na bain neamh dhíom", ar an chailleach, "agus is éagcóir an smuaineamh do rinis ach ró-ghrádh mo dhalta orm agus gaibh ar aithreachas uaim." "Éirigh chugam as an gcúil, a chailleach", ar Mongán "agus éisd d'fhaoisdín uaim." Is annsin déirigh an chailleach go hanbhfann aimhleisg agus do dhealbhaigh Mongán bir chuaille iarainn roimpe isan slighe agus tuiteas an chailleach fá'n gcuaille go bhfuair bás a gcéadóir.
"Éirigh, a Mhic an Daimh", ar Mongán, "agus tógaibh an teasglan caillighe úd leat anois agus fágaibh 'san gcúil a raibh í." "Is briathar domh-sa', ar Mac an Daimh, "nach tógeóbhad-sa í." "Tóg féin í nó ná tógaibh óir ní sia leat-sa ataoi a n-éagmais do mhná ionná liom-sa atáim a n-éagmais mo mhná féin agus fós ní hannsa leat do bhean ná liom-sa mo bhean féin." Éirghios Mongan agus tógbhas an chailleach ar a mhuin gur fhágaibh san gcúil í. Adubhairt Dubh Lacha: "Beannacht ort, a Mhongáin", ar sí, "maith do rinnis an chailleach úd do mharbhadh óir do inneósadh do Bhran Dubh cionnus do rinneamar ár gculpa ribh." Is annsin do labhair an t-óglách a n-doras an dúnaidh agus adubhairt gurbh é féin sagart Chille Comáin agus tri naonmhuir cléireach mar aon leis. Is annsin adubhairt an dóirseóir: "Is cubhais domh-sa ná faca aon bhliadhain riamh is mó sagart ná an bhliadhain so a gCill Comáin óir atá sagart istigh agus sagart eile amuigh má's fíor dóibh féin é." Is annsin adubhairt an sagart do bhí istigh - Mongan - "Meabhlach an fear amuigh', ar sé, "agus a aos-ghrádha agus a chomhalta mar aon ris, iar dteacht a reachtaibh naomhchléireach a ndóigh go bhfuighfeadh teacht d'agallamh Duibhe Lacha Láimh-ghile agus do bheirim-si logha an uile pheacaidhe don té do mharbhfadh an fear sin amuigh go n-a mhuintir." Éirghid lucht an teaghlaigh sin agus gabhuid ag clochadh na gcléireach do bhí amuigh ionnus nach deachadh as gan lot ná marbhad díobh ach Tiubraid amháin agus aon naonmhur dona trí naonmhuir do bhí maille ris. Do bhí Tiubraid ar siubhal nó go ráinig machaire Chille Comáin mar a raibh rígh Laighean go maithibh a mhuintire. Innisid an sgéal sin do rígh Laighean ó thúis go deire. "Mongán súd', ar rígh Laighean, "agus atá an Tiubraid ceart .i. sagart Chille Comáin ag éisteacht culpa Duibhe Lacha
Láimh-ghile re cian d'aimsir isan mbaile agus is mise féin do orduigh dó dul ann." Is annsin do fhorchongair ar a mhuintir Mongán agus a mhuintir do mharbhadh gur ghabhadur ag a n-éirleach agus ag a n-aithchumadh a reachtaibh Mhongáin agus a mhuintire ionnas nár théarnadh as díobh gan mío-chórughadh no mharbhadh ach an sagart bocht Tiubraid amháin noch do chuaidh a ngealtacht uatha go teampoll Chille Comáin. Ráinig rígh Laighean don teach a raibh Dubh Lacha agus do fhágaibh Mongán an baile roimhe. "C'áit a bhfuil Tiubraid, a rioghan?" ar Bran Dubh. "Ní hé do bhí aguinne", ar Dubh Lacha, "ach Mongán agus fós níl fáth a ceilt aguinn, is é do b'annsa linn do shagartaibh na beatha." Do luigh tocht mór ar an rígha agus adubhairt: "Cuirtear fios uainn ar Tiubraid", ar sé, "óir is olc tharla dhúinn a mhuintir do mharbhadh agus é féin d'easonórughadh". Tugthar chuca é agus do rinne an rígh aithrighe mhór ris. Ráinig Mongán, ar sin, go hUltaibh agus do bhí ráithe eile ann ag seargadh a nduibhleanntaibh nó go dtáinig Mac an Daimh lá n-aon dá ionnsoighe. "A Mhongáin", ar sé, "is olc do chuiris t'aimsir a dTír Tairngire mar ná dearnadh tú d'fhoghlaim innte ach obhlóireacht agus magadh agus do chuid d'ithe agus gan a thuilleamh." "Leig as a leath, a Mhic an Daimh", ar Mongán. "Éirigh-si go Ráith Mhór Deiscirt Bhreagh áit a bhfuil Dubh Lacha Láimh-gheal agus agallamh í." "Conus do rachfainnsi annsin, a Mhongáin", ar Mac an Daimh, "óir do muirfidhe mé dá dtugthaoi aitne orm?" "Ní deighéantar", ar Mongán", "óir cuirfiod-sa a riocht oirfidigh ann tú agus tiompán red' chois." "Cionnas dhéan an uair iarrfuidhear orm oirideacht do dhéanamh?', ar Mac an Daimh. "Do bhéar-sa ort rud do sheinm," ar Mongán.
Is annsin do ghluais Mac an Daimh roimhe go Ráith Mhóir Deiscirt Bhreagh agus do aithin Dub Lacha agus do rinne a agallamh mar ba mhian lé agus is é adubhairt: "A Mhic an Daimh", ar sí, "abair-si le Mongán gur mí-threórach an ní dhó gan teacht dom iarraidh-sa go dúnadh rígh Laighean anois agus é ar mór-chuaird an chúige an tan sin agus gur thairg giolla rígh Laighean dhamh-sa éaladh liom a nUltaibh dá mbeadh eolas aige ann." Ráinig Mac an Daimh go hUltaibh tar ais agus do innis ar chan Dubh Lacha Láimh-gheal ris do Mhongán. Gluaisios Mongán, ar sin, agus nír hanadh leis nó go ráinig Ráth Mhór mar a raibh Dubh Lacha. D'aithin siad bantracht an bhaile é agus do dhunadur na dóirsibh rís. Gidheadh níor urus Mongán do chongbháil as an ionad ar nach beadh glas ag Duibh Lacha agus ó do tharladh glas an tighe-si ar a chomhairle, do sgaoileadh asteach Mongán. Gidheadh do bhí dáil rígh Laighean do'n bhaile an oidhche sin féin agus ní raibh uain ag Duibh Lacha robha ná sgéal do thabhairt do Mhongán ach adubhairt freitheólamh maith do dhéanamh air óir níor éidir lé focul fó leith do labhairt ris le géire an choimhéada do bhí uirre. Is annsin do shuidh Dubh Lacha ar aighidh Mhongáin agus tugadh fithchill chucha agus gabhuid ag fraisimirt gur leig an ríoghan a cíocha móra maoth-gheala agus a meadhón seang sneachtuighe ris agus mar do chonairc Mongán sin tháinig mian agus áilgheas na hinghine dó. Do aithin Dubh Lacha sin agus dochan an laoidhe:
An madh sin adeirtaoi-si agus adeirid fir amhra an fear nár charas-sa gobrách ní bhfuighe a harbha Minic threabhas neach aith-ghort agus treabhas neach eile aith-ghort is suaill ní is buidheach le bocht gion go dtreabhadh acht aith-ghort.
"Ag sin soighneas ort, a Mhongáin", ar sí, "agus ní baoghal duit, óir ní treabhadh do ghort agus ní bhéadh treafa ach uait féin." Is annsin do fógradh rígh Laighen go n-a mharcshluagh sa bhfaithche agus do fhágaibh Mongán an baile roimhe agus ráinig a nUltaibh. Do chuaidh rígh Laighean iar sin do'n teach a raibh Dubh Lacha agus d'fhiafriogh dí an é Mongán do bhí aice ar dteacht dó féin do'n bhaile. Adubhairt Dubh Lacha gurab é agus gur dó ba chóir bheith aice. "An rabhuis-se aige-sean, a inghean?', ar Bran Dubh. "Do bhádhas agus biad', ar an inghean, "oir is ceart dom bheith aige ar an ádhbhar gurab é mo chéad-fhear é agus is snámh a n-aighidh easa tairgsin mo dhealuighthe ris ó chroidhe gion gurab éigin mo bheith annso." "A inghean, dob' áil liom-sa aithchuinghe d'fhagháil uait-si', ar an rígh, "a n-éagmais mo bheith féin agad, nó go dtí an cáirde do nascais orm .i. an uair ghluaisios Mongán o'n mbaile is gnáth leat-sa gan amhras a mheanma do bheith agad - tusa dá innsin damh-sa an uair-sin." "Doghéabhair an itche sin, a rígh Laighean", ar Dubh Lacha, agus a gceann ná ráithe sin eile ráinig Mongán a Laighnibh do'n leath amuigh do Ráith Deiscirt Bhreagh agus do bhí a mheanma ag Duibh Lacha agus chan an laoidh:
"A Bhrain Duibh go soithche slán A fhlaith an chúige chómh-shlán Tárla orm, rádh go rath meanma Mhongáin mhic Fhiachra." "A ríoghan, ná habair sin A Dhuibh Lacha fhial ionmhuin; doghéabhair fáilte re um lá Agus ná hiomráidh Mongán.
Mo chead-fhear go soithcheall slán mo leath leabtha, mo leannán.
A haithle na hiomagallmha sin d'éirghiodar laoich dhronga an dúnaidh uile amach, gidheadh níor thairbhe dhóibh é óir do bhí fios a rúin o'n rioghan roimhe ré ag Mongán agus do iompuidh ó'n mbaile do'n dul sin agus do bhí le ré na ráithe déidheanaighe go dubhach doimheanmnach d'eagla a mhná do chailleamhuin a los a leamhuis féin agus do thairgeadh maithe Uladh do theacht leis do thahairt a mhná ar éigin ó rígh Laighean. "Is briathar dómh-sa", ar Mongán, "an bhean rugadh uaim-si tré'm aimh-ghliocas féin nach tuitfidh mac mná d'Últach uimpe nó go dtugthar le'm ghliocas féin tar ais í." Agus tháinig cáirde na bliadhna do shíor Dubh Lacha asteach fó'n am sin ach trí lá amháin. Is ansin do ghluais Mongán agus Mac an Daimh go Laighnibh agus rángadur lámh ris an ndúnadh ríoghdha agus adubhairt Mac an Daimh: "Dar liom is ad riocht féin, a Mhongáin, atá fonn ort dul do'n bhaile." "Is briathar domh-sa", ar Mongán, "gé thánga go nuige so nach feas dom fós ca riocht a rach ann." Do fhéach Mongán seacha 'na thimpchioll agus do chonarc muileann a bhfogas dó agus cailleach chrannda, chais-leathrach, mhong-ghlas, mhodartha, mhí-sgíamhach ionna suidhe a ndoras a mhuilinn agus is é a hainm Cuimhne Cúillíath an mhuilinn agus madra mór gair-dhriamhach nár mhó colpach bliadhna ionná é agus sealán gadraigh um a bhrághaid agus é lán do dheannach agus do luaithreadh ó leibhion an mhuilinn agus gearrán mairceach bán agus sean-t-srathar air, neoch do bhíodh ag breith mine o'n muileann agus arbhair chuige. Do chonarc mar an gcéadna coileach colgdha crios-leathan ar cháitigh an mhuilinn agus é ag giobadh agus ag grannghal go gliadrach.
Is annsin adubhairt Mongán: "Atá fios agam anois ca riocht a racham ann agus, a Mhic an Daimh", ar sé, "eirigh mar a bhfuil Cuimhne Cuilliath an mhuilinn agus innis di go bhfuil neach annso le na mian a hagallamh." D' imthigh Mac an Daimh agus do chan sin re Cuimhne. "Atáim annso re trí fichid bliadhain agus ní bhfuaras aeinneach le ar mhian m'agallamh go nuige so", ar sí. Do ghluaisiodur rómpa agus do lean an madra iad agus mar do chonairc Mongán chuige iad do mhuidh a ghean gáire air agus do chan: "Dá ndéantá mo chómhairle, a Chuimhne", ar sé, "do chuirfinn a riocht mná áilne óige tú ionnas go mbeitheá ad mhnaoi agam féin nó ag rígh Laighean anocht." "Do dhéan do thoil-si", ar Chuimhne. Is annsin do thug Mongán buille do fhleisg doilbhthe draoidheachta do'n mhadra mhongach mhaisliagh go ndearna gaidhrín gasta geanamhail de ionnas go dtoillfeadh an gaidhrín sin ar bhais baintighearnan, agus thug an dara buille don fhleisg céadna don chailligh go ndearna inghean óg áluinn chrutach chaomh-áluinn dí agus do chuir é féin a riocht Aodh Áluinn .i. Concubhar .i. mac rígh Connnacht agus do chuir Cuimhne Cúilliath a riocht mná mhic rígh Connacht .i. Aoibhill grúadh-sholuis, inghean rígh Mumhan. Do chuir Mac an Daimh a riocht giolla mhic rígh Con- nacht agus do rinne falaire glégeal do'n tsean-ghearrán bhán agus folt fíor-leabhair corcora caomh-áluinn air agus ceithre cosa glas-uaithne faoi agus do rinne diallait dath- áluinn forórdha do'n tsean-t-srathar. Do rinne seabhac áluinn oireateadhach do'n choileach. Do chuireadar Cuimhne ar an bhfalaire n-iongantaigh sin agus thugadur féin dá chapall eile fútha agus do ghluaiseadur fó'n samhuil sin d'ionnsoighe d'únaidh rígh Lochlann Laighean. Téid Mac an Daimh d'agallamh an dóirseóra agus adubhairt a innsint do rígh Laighean go raibh Aodh
Áluinn, mac rígh Connacht agus a bhean agus a ghiolla do bheith san doras agus gurab ar ionnarba tháinig ó n-a dhuthaigh agus nár bh'áil leis sluagh ná sochraide do thabhairt leis ar choimeirce rígh Laighean. Is amhlaidh sin do bhí rígh Laighean agus urmhór a chríche mar aon ris agus bainis Duibhe Lacha Láimh-ghile ag a déanamh leis ar ndul na haimsire adubhramur ar gcúl agus mar do chuala Bran Dubh, mac rígh Connacht do bheith amuigh do éirigh ionna choinne agus 'na chómh- dháil agus rug leis go honórach dá rígh-theaghlach iad, amhlaidh fa cubhaidh agus do chuir na shuidhe é ar a ghualainn. "A rígh agus a thighearna", ar Aodh Áluinn - óir Aodh Áluinn bhéarfam ar Mhongán go fóill - "ní hé sin fa béas ann ach an dara duine is fearr bhias a dtigh rígh do chur ionna shuidhe ar shlios an dúnaidh agus is mise an dara duine is fearr in do thigh anois agus suidhfead do'n taobh eile ar th'aigidh agus mo bhean rem' ais agus cuirtear mac rígh agus ró-fhlatha um thimpchioll dom onórughadh." Do rinneadh amhlaidh sin acu agus do chuir Aodh Áluinn briocht seirce ar aighidh agus ar ghruadhaibh na caillighe céibhléithe ionnas silleadh dá dtug rígh Laighean uirre nach raibh cnámh ná féith ionna chorp nár líon do ghrod-ghrádh na caillighe agus ráinig corn líonta do shean-fhíon so-ólta 'na láimh an tan sin agus adubhairt a thabhairt d'inghin rígh Mumhan. Tugadh an corn do'n ríoghan agus d'innis an fear fritheóilte dí amhlaidh adubhradh ris gur chuir rígh Laighean lán-spéis innte agus go raibh suirghe lán-mhór aige ré óir do dhearmad grádh ban na cruinne uirre ar na faicsin dó. "Maiseadh", ar an chailleach, amhuil do theaguisc Mongán dí, "innis do'n rígh nach géabhad suirghe ná sibheonradh uaidh ach muna dtugadh sé an crios airgid geal atá ar
a thaoibh mar shéad chugam mar aon ris an gcorn cloch- bhuadhach as ar ól deoch orm." Do chuir an rígh an crios agus an corn chuiche gan mhoill agus do bhéarfadh creasa agus corna na cruinne dí re h-eadh na huaire sin dá mbeidís aige agus is é do ghlac an crios agus an corn .i. giolla mhic rígh Connacht. Ba mhoidhnear umorro fuair an crios óir do bhí neart céad a gcomhlann san té a mbíodh an crios sin tairis agus ní ghabha doigh nó deacair an té ar a mbíadh gurab uime sin adubhairt a mhuintir ris an rígh gan na seóid do thabhairt don inghin. "Ní misde a dtabhairt", ar an rígh, "óir biaid agam-sa gan fuireach mar aon ris an inghin féin", agus adubhairt ris an bhfear fritheóilte a innsin dí gur bhfearr dí rígh aice ná ádhbhor rígh nó fear ba tháire ná rígh. Do rinne an fear fritheóilte a theachtaireacht. Do tuigeadh sin re Mongán agus adubhairt ris an ríoghan fosaidh do dhéanamh agus nach biadh inbhe ba inísle aice ná bheith 'na mnaoi aige féin nó ag rígh Laighean. Is annsin adubhairt Aoibhill dá mbeadh ríoghacht an domhain ag aon duine nach tréigfeadh si a céile féin air. Ní chualaidh rígh Laighean riamh cómhrádh ba sheirbhe agus ba mheasa leis do chlos ná é. Tugadh annsin corn eile fá fhíon do rígh Laighean agus is é adubhairt: "Créad ar a bhfuil táire anois, a mhic righ Connacht", ar an rígh. "Atá ort-sa, a rígh", ar mac rígh Connacht. "Ní mar sin domh-sa, a mhic rígh Connacht", ar an rígh, "ach thugas-sa grod-ghrádh broistightheach dod' mhnaoi-si annsúd agus ní fhéadaim a ceilt ort agus ag súd bean eile dhuit ar a son, Dubh Lacha Láimh-gheal, bean Mhongáin mhic Fhiachra, neoch thugas-sa liom tre chumann gan éara uaidh agus ní mór go bhfuil beo bean is áilne ná í bíth go dtug searc do mhná-sa a neamh-ghrádh féini agus neamh- ghrádh ban eile an domhain orm-sa."
"Eagcóir mhór dibh-si, a rígh", ar mac rígh Connacht, "mo bhean-sa do shanntughadh d'eis a bhfuaras féin dá holc gus anois, gidheadh dá dtugainn eich nó cuin nó ór nó iol-mhaoine do'n bhaile níor iongnadh a n-iarraidh orm ach saoilim nár chubhaidh mo chéile do tharthain ná do shanntughadh acht an ní i-n a gcuirionn rígh a dhúil is éigion a thabhairt dó." Ba bhuidheach rígh Laighean do na briathraibh sin agus suidheas an inghean ar a ghualainn agus tugthar Dubh Lacha tar a ceann do mhac rígh Connacht agus thug lámh tar a brághaid agus pógas go dil agus go díochrach í agus adubhairt: "Adéarfadh rígh Laighean nach ó chroidhe do dhéanamaois an iomlaoidh-si muna rabhamaois súgach fá'n mnaoi fuairiomar." Níor lugha le rígh Laighean fá'n a chuid féin do'n connradh óir do dhlúith-fháisg re n-a chroidhe í agus do thoirbhir do phógaibh millse í. Ach cheana do chaith siad eadh fhada do'n oidhche ag ól agus ag aoibhniughadh a bhfochair a chéile ionnas gur ghaibh meisge ádhbhol-mhór muintir rígh Laighean tréis an mhéid meanmaini do bhí ar dhream an árd-rígh. Gidheadh níor ibh mac rígh Connacht níos mó ná do fhliuchfadh a theanga ó do rinneadh an iomlaoidh ban sin idir na huaislibh. Iar sin do cóirigheadh iomdhaoidhe agus árd-leapacha dóibh uile a gcoitchinne agus do luigh an rígh a dtúis na buidhne agus do cuireadh an ógh-ríoghan ucht-gheal aighidh-náireach do luighe leis. Léimis an measán gaidhrín a n-iomdha na ríogh-mhná ionna diaidh. Do cuireadh an seabhac ós colmhain na hárd-leabtha agus falaire na ban-fhlatha ar shlios an tighe agus do luigh gach aon acu ó sin amach amhuil fa cubhaidh riú, gidheadh fa hurusa leabthacha d'fhagháil dóibh óir fa mhór
a meisge agus a mí-leas feadh na h-oidhche sin. Gidheadh cheana is tartmhur tirm-bheólach do bhí Dubh Lacha, a ban- chumha agus Mac an Daimh óir an tan thigeadh cuach nó corn chum ceachtar acu do leigeadh Mongán luas anáile draoidheachta faoi ionnas nach fagbhadh braon ann gan tiormadh. Is annsin d'éirigh Mac an Daimh ionna sheasamh agus adubhairt: "An bhfuil astigh 'na dhúisiocht", ar sé, "neach do bhéarfadh deoch do mhac rígh Connacht?" agus d'fhiafriogh sin ós árd trí huaire. Gidheadh ni bhfuair aon neach dá fhreagradh. "Is mór an náire díbh", ar sé, "rígh Laighean agus uaisle a chríche do bheith a n-aon-árus agus a rádh nach bhfuil fear tiubhartha díghe do mhac rígh Connacht eatortha", agus ní mó fuair a fhreagradh an uair sin agus ó nach bhfuair do ghaibh na trí heich is fearr do fuair 'san dúnadh. Ro ughmadh iad agus do ghluais, ar sin, as an dúnadh amach .i. Mongán, Dubh Lacha agus Mac an Daimh agus a bhean. Do chuadur ar a n-eachaibh agus do chuir Mongán luas anáile draoidheachta ionna gcosaibh go rabhadur a nUltaibh gan toirmiosg. Ag éirghe do'n lá is amhlaidh imorro do bhí rígh Laighean ris an mbliadhain sin ag ollmhughadh fleidhe agus bainse Duibhe Lacha Láimh-ghile agus is amhlaidh do bhí Mongán ris an ré céadna ag ollmhughadh fleidhe do chum Dubh Lacha do bhreith ó rígh Laighean. Dála rígh Laighean innstear annso sgéal eile. An chéad-fhear dá mhuintir do mhúsgail ar maidin do chonairc an gharbh-chuileasg cheann-mhór, chaol-sgrogach ghearráin agus é bórach bundúnach mairceach mór-chluasach fá n-a shean-tsrathar triopallach súgánaigh ar shlios tighe an rígh. Do chonairc an coileach cochlach crios-leathan agus é ag bodhradh agus ag bith-bhuaidhreadh an tea-
ghlaigh re n-a gharbh-ghlaoch. Do chonairc an madra mór-gharbh mí-chúmtha lán do cháith agus do dheannach an mhuilinn agus a shealán gadraigh um a bhrághaid agus nár mhó colpach bhliadhna ionná é 'n-a leabaidh ag an rígh agus an t-urlár lán do chamradh. Do chonairc fós radharc ba ghráineamhla .i. an chailleach liath gharbh- fhionnach ghlas-fhuar ghránna agus roighne gacha do- dheilbhe agus gacha droch-dhatha uirthe agus a lámh fó cheann an rígh agus a lámh-san fo a ceann-si agus a carn giobóg lán do luaith agus do lathaigh re hais iomdhadh an árd-fhlatha agus ur-chorp seibhidhe an rígh sínte re bolg féitheach fíor-thruagh na caillighe agus a mbeól buailte re a chéile amhuil do bheadh macaomh nuadh neamh-ársa agus baoth-inghean óg áluinn ag taltughadh a chéile agus mar adchonairc an t-óglách sin do rinne gáire agus do mhúsgail an té fa neasa dó agus do rinn an fear sin gáire. Ach cheana do mhúsgail an teaghlach uile agus thógbhadur aon gháir sgige agus magaidh um an radharc sin. Mar adchualaidh an rígh an gháir do thógaibh a cheann agus do fhéach seacha de agus do chonairc an chailleach chais-éadanach chruaidh-chuislionnach chor-loirgneach re a thaoibh. Féachas fuirre agus is é adubhairt: "Nach tú Cuimhne Cúilliath an mhuilinn"? ar sé. "Is mé go deimhin", ar Cuimhne. "Is é Mongán d'imir an cleas so orrainn aréir", ar an rígh. "Is é go deimhin", ar Cuimhne. Is annsin d'éirigh an chailleach go h-aimh-leisg agus do chuir a droch-thrusgán féin uimpe agus triallus chum an mhuilinn agus leanas an madra í. "A Chuimhne", ar an rígh, "an sic ó'n muileann ó thárla dómh-sa mo threas lánamhnais riot do ghéabhair baile saor agus céad do gach crodh agus tabhair dómh-sa mó chrios agus mo chorn."
"Is briathar damh", ar sí, "a dtugais damh-sa go rug giolla Mhongáin uaim iad." Ba mheasa leis an rígh sin ná Dubh Lacha Láimh-gheal do chailleamhuin agus ionná a threas lánamhnais ris an gcailligh agus do chan an laoi ann:
Ar suirghe thugas mo chrios A Chuimhne, uair is aireach. Ar na fhios teilc mo chrios, a Chuimhne. Do bheirim-si briathar ris nocha briathar gan éislis gach a dtugais dómh-sa am láimh go rug leis giolla Mhongáin. Doraidh siad teaghlach an rígh tre fhormad is tre imshníomh Bearthar go luath do Chuimhne Na seóid fuair tre shuirghe.
Dála Mongáin ar rochtain dá thigh do chuir gairm ar uaislibh Uladh agus do bhádur ag ól agus ag aoibhniughadh mar aon ris go ceann coicthighis a n-aon n-ionad. Ar sin tháinig Mongán go mór-shlúagh Uladh a Laighnibh agus ní ghabha Mac an Daimh toirmiosg ó aon duine gan dul ar an dturas sin ag dioghailt a mhná do bheith bliadhain a n-éagmais ag giolla rígh Laighean. Do rinne Mongán creacha agus airgthe móra ar Laighneachaibh. Do loisg dúnadh an rígh agus rug géill agus braighde iomdha leis dá thír féin a n-éiric ar chuir Bran Dubh d'amhluadh air ris an mbliadhain roimhe. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services