Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tóruigheacht Duibhe Lacha Láimh-ghile

Title
Tóruigheacht Duibhe Lacha Láimh-ghile
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Duilearga, Séamas
Composition Date
1809
Publisher
(Halle: Niemeyer Verlag, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Feacht n-aon dá n-deacha Fiachra Dubh mac Diomhain
mhic Muircheartaigh mhic Muireadhaigh mhic Eóghain mhic
Néill Naoigiallaigh as Éirinn amach go ndeacha a gcríoch
Lochlann ar eachtra agus is é fa rígh Lochlann an tan
sin .i. Ularg mac Ionnghaine agus fuair Fiachra aoibh agus
onóir mhór ó rígh Lochlann. Acht níor chian dó 'san gcríoch
an tan do ghaibh galar agus géar-easláinte an rígh ionnas
go dtug siad sic a leagha agus a Phisicians, a dhraoithe
agus a fhíor-eolaigh dá ionnsoighe agus do fhiafriogh díobh
créad do fhóirfeadh é.



Adubhradur nach raibh leaghas na heasláinte do urchóid
sic dhó ach muna bhfaoighthaoi bó chluas-dhearg ghlégeal
agus a marbhadh dhó.



Do síreadh críocha Lochlann agus níor fríoth ar an áit
sin acht bó chaillighe duibhe.



Do tairgeadh bó eile dhí ar a son agus Fiachra Fionn
mac Baedáin do b'é sin ainm an fhir, ar fhíor, mar urramh
ris an mbuin sin d'fhaghbháil an tan do iarrfadh í.



Is í sin uair agus aimsir tháinig teachta ar ceann
Fiachra ag foillsiughadh éag a athar dó, agus a ghairm-sean
'na rígh.



Ceiliubhras Fiachra do rígh Lochlann go n-a uaisle agus
níor hairiseadh leis go dtáinig dá thír féin .i. go Cúige


L. 349


oll-bhladhach Uladh agus do bhí bliadhain innte 'na árdrígh
ní is túisge ná do chuala a bheag ó' n gcailligh nduibh.



Lá n-aon a gceann bliadhna dochualadh an t-éighiomh
a n-doras an dúnaidh agus adubhairt a fhios do thabhairt
chuige cad é rinne an t-árd-ghlór sin agus cidhb é do rinne a
thabhairt asteach. Do rinneadh amhlaidh adubhairt
agus is í an chailleach dhubh Lochlannach do bhí ann agus
d'fhear Fiachra fáilte roimpe agus d'fhiafriogh sgéala dhí.
"Atáid sgéala móra olca agam', ar sí .i. 'rígh Laighean
do neamh-chomhaill do gheallamhna um an mbuin."
"Ní misde sin", ar Fiachra. "Dobhéar-sa ceithre ba a nÉirinn duit."
"Ní ghébad", ar an chailleach.
"Do bhéar-sa fiche bó dhuit", ar Fiachra.
"Is briathar domh-sa", ar an chailleach, "nach gheabhad
sin uait", ar sí.



"Maiseadh", ar Fiachra, "dobhéar-sa tríocha bó a ngach
chois dár gheall rígh Lochlann ag díoghailt a choraidheachta
féin agus éagcóra na caillighe duibhe ar an rígh
agus ar rochtain urláir na críche dhó do fhuagair cath ar
Ularg agus thug trí lá go n-oidhchibh cáirde dho chum
tiomsuighthe agus ar dteacht an cháirde sin do síreadh
cath ó' n rígh ar Fhiachraidh.



Do cuireadh trí chéad laoch láidir lán-chalma ó rígh
Uladh do chum an chomhraic sin agus do leigiodh trí
chaoire neimhe amach as pobul rígh lochlann agus
do chuadur tríotha agus tarsa amhuil seabhac tre mhionéanaibh
nó mar chonaibh allta tre mhion-thréadaibh chaorach
ar fairsinge moighe nó machaire. Amhlaidh sin do théidís


L. 350


na caoire theintighe sin tre mhuintir Fhiachra agus gach
neach dochidh iad ní fhéadaidís an aith-fhéachain, agus do
thuiteadur trí chéad an dara lá gus trí chéad an treas lá
leis na caoiribh agus ba dubhach le Fiachra na h-ara agus
na heasbadha móra thugadur ar a mhuintir. Adubhairt a
airm agus a iol-fhaobhra do thabhairt chuige féin go
ndeacha do chomhrac tar ceann a mhuintire.
"Ná beartaigh sin, a rígh Uladh" ar maithe a mhuintire,
"óir ní cuibhe dhuit-se dhuit-se dul do chomhrac le caoiribh."
"Is briathar dhamh-sa", ar Fiachra, "nach tuitfidh nísa
mó d'fhearaibh Éireann leo nó go dtuitiod-san liom-sa nó
mise leo-san."



Is annsin do chonairc Fiachra aon óglách an-aithnid dá
ionnsoighe gacha ndíreach agus brat datha uaine uime agus
léine mhín-tsróil re gusmur a gheil-chnis agus fleasg óir
timpchioll a fhuilt agus dhá os órdha uma chosaibh, agus ar
dteacht do láthair dó adubhairt: "Is dubhach ataoi, a rígh
Uladh", ar sé.



"Ní huaim dochonarc a ádhbhur', ar rígh Uladh .i. mo
mhuintir dá mughadh agus dá mór-mharbhadh le caoiribh
gorma geintlidhe agus mé fhéin ag dul anois do chomhrac riú."
"Ca luach do bhéarthá don tí do choisgfiodh iad?', ar an t-óglách
ar a raibh an deise aonaigh agus oireachtuis.
"A bhreith féin", ar Fiachra, "dá rabha ar mo chumas".
"Tabhuir mo bhreith féin dhomh-sa", ar an t-óglách,
"agus coisgfiod na caoire neimhe díot agus muna dtugair
ní choisgfead agus ní mó ní fhéadfair-si a gcosg."
"Abair an bhreith", ar rígh Uladh.
"Adeirim", ar an t-óglách, "an fáinne atá umad mheóir
mheadhóin do thabhairt dom mar chomhartha chum do
mhná a n-Éirinn ionnas go luighfinn lé.
"Is briathar dham", ar Fiachra, "nach leigfinnsi aon duine
d'fhearaibh Éireann do thuitim ar son gan an chomhartha
sin do thabhairt uaim."


L. 351


"Nocha misde thuit a thabhairt", ar an t-óglách, "óir
geinfir gein bhuadhach uaim-si red mhnaoi agus budh
uait-si ainmneóchar é agus budh Mongán mac Fiachra a
chomh-ainm agus budh ollamh intleacht an mhic sin i ngach
céird is íonchubhaidh do mhac rígh nó ró-fhlatha d'fhoghlaim
agus fós rachad-sa ad' riocht-sa ann ionnas nach budh
eisionraic dod' mhnaoi-si é."



Thug Fiachra an fáinne luachmhar do'n óglách agus
thug an t-óglách, ar sin, brod-chú o dhiamhur a bhruit
go slabhra bhfionn-airgid um a brághaid agus adubhairt:
"An tráth fa dtiucfaid na caoirigh chugad", ar sé, "leig an
bhrod-chú chucha agus is briathar dhamh-sa nach béara aon
chaoira acu a ceann slán go dúnadh rígh lochlanntar ais
agus geallaim dhuit-si, a rígh Uladh", ar sé, "go ngéillfid
Lochlannaigh gan choga gan imreasán duit ó sin amach".



Agus is é do bhí ann .i. an t-Ioldánach Manannan
Mong-bhuidhe mac Lir .i. an té ba mhó intleacht a gcomhachtaibh,
a n-ealadhain draoidheachta dár mhair ionna chomh-aimsir.



Ach cheana do ráinig Manannán roimhe go hÉirinn
agus do chomhraic ris an ríoghan agus do fhágaibh taobhthrom
torrach í.



Dála na gcaorach do thuitiodur leis an gcuin an lá sin
agus trí chéad do mhuintir rígh Lochlann mar aon riú.
Fa mór lúthgháir rígh Uladh agus a mhuintire uime sin
agus níor mhó ná brón agus atuirse rígh Lochlann agus a
mhuintire do'n leith eile.



Ro ghaibh Fiachra braighde agus gialla críoch Lochlann
agus na n-oileán eile nó go ráinig Éire agus do bhí a bhean
taobh-throm torrach roimhe agus an tan thainig ionbhaidh
an tuismidh rug sí mac agus tugadh Mongán d'ainm air.



Cidh tra do bhi óglách eile a gcomh-fhlaitheas re
Fiachra Fionn mac Baedáin .i. Fiachra Dubh mac Diomhain
agus do luighduigheadh ar a bhflaitheas agus rugadh
inghean dó an oidhche chéadna agus tugadh Dubh Lacha


L. 352


Láimh-gheal d'ainm uirthe agus do cuireadh ar seilbh a
cheile í féin agus Mongán.



A gcionn a dtrí n-oidhche tháinig Manannán as
Tír Tairngire agus rug Mongán leis dá altrom agus dá
oileamhuin. Chongaibh an leanbh aige go ceann dá
bhliadhain déag ionnas go raibh múinte i ngach aon céird
ba chóir dá mhacsamhuil d'fhoghlaim.



Dála Fhiachra Dhuibh fuair baoghal ar Fhiachra Fhionn
.i. a fhagháil a n-úathadh sluaigh agus sochraide ionnas
gur marbhadh é féin agus gur loisgeadh a dhúnadh leis tar
ceann a gcleamhnuis.



Annsin do b'áil le maithibh Uladh Mongán do thabhairt
chuca a n-ionad a athar agus gan é ach a gcionn a
shé mbliadhna. Cidh tra ní thug Manannán dóibh é nó
gur fhorbhair a neart agus nó gur fhoghlaim a chleasa
goile agus gaisge agus go raibh comhachtach a gceardaibh
diamhra draoidheachta gur ba slán a dhá bhliadhain déag
dhó. Thug leis go hUltaibh é agus do rinneadh síth agus
caradradh idir é féin agus Fiachra Dubh .i. leath Uladh do
gach nduine agus Dubh Lacha Láimh-gheal mar bhean-chéile
do Mhongán a n-éiric a athar.



Do bhí Mongán mar sin tréimhse fhada a mbun a
shiochna do chomh-líonadh do Fhiachra Dhubh.



Lá n-aon dó, ar sin, ag imirt fhithchille ionna dhúnadh
agus Dubh Lacha ar a ghualainn go bhfeacadh cléireach
dochruidh dibhidh san ursan agus isé adubhairt: "Ní tocht
ba chuibhe re mac rígh Uladh an tocht sin for ataoi
a Mhongáin", ar sé, "agus gan dul ag díoghailt t'athar ar
Fhiachra Dhubh gidh olc le Duibh Lacha é agus atá seision
anois mar do bhí t'athair-si a n-úathadh slúaigh agus
sochraide an tan thug amus air, agus tar-sa liom-sa agus
loisgfiom a dhúnadh agus muirfiom é féin go n-a mhuintir agus
bíodh ríoghacht Uladh agad-sa gan roinnt as sin amach."
"Ní feas dhomh-sa ca sean sic a ndubhrais sin", ar
Mongán, "agus rachad leat agus do dhéan mar adubhrais."


L. 353


Is annsin do ghluais Mongán go n-a mhuintir leis an
gcléireach agus do chuadar fá'n ndúnadh agus do marbhadh
Fiachra leo agus do ghaibh Mongán lánríghe Uladh gan
imreasán dá aithle agus do ghoir uaisle an chúige dá
ionnsoighe agus is é adubhairt riú: "A mhaithe Uladh",
ar sé, "is é is áil liom-sa dul ar cuaird go cúigeachaibh
Éireann dá dtiodhlacadh da mbhúr maithibh agus d'éigsibh
na gcríoch ar cheana."



"Is buadhach an chomhairle sin", ar cách,"agus biaidh
neart ar lámh-ne leat dá dtabhairt dod' réir."



Ráinig Mongán, ar sin, do chum cúigidheach n-Éireann
nó go roch Nás Laighean agus is é fa rígh ar Laighnibh
an tan sin .i. Bran Dubh mac Eachaidh agus d'eisiodar a
bhfarraidh a chéile an oidhche sin. D'éirigh Mongán go
moch ar na mháireach ar gceangal a gcaradradh le rígh
Laighean agus ar n-éirghe amach dhó do chonairc trí
chaogad bó n-áluinn n-ó-dhearg agus trí chaogad laogh
lán-gheal re a gcois ar faithche an dúnaidh. Agus mar
do chonairc Mongán iad do shanntaigh go hanmheasardha
iad. Thug Bran Dubh sin dá aire agus adubhairt: "A rígh
Uladh, dar liom do ghrádhuis na ba úd go mór."



"Do ghrádhas cheana', ar Mongán, "agus is ait liom
bheith dá bhfeachain agus ní bhfuil a-nÉirinn neach re ar
chubhaidh a mbeith aige, dom bharamhail ach mo bhean
féin .i. Dubh lacha Láimh-gheal óir is í aon bhean is fearr
deilbh agus déanamh, innsgne agus urlabhra, méinn agus
maise, cruth agus caomh-dhéanamh, ciall agus ceadfadha
do mhnáibh glan-áilne Gaedheal í agus rug an oiread bó
úd an geall céadna ó bhuaibh an domhain go h-iomlán."



"Maiseadh", ar rígh Lighean, "ní bhfuil ní ar bith ní sic
a dtiubhrainn-si iad ach ar cháirdeas gan éara do dhéanamh
dhúinn ar aon re chéile."



Do rónsad amhlaidh sin agus do snaidhmeadh a gcoir
eaturra ar an órdughadh réimh-ráite.


L. 354


As a haithle sin ráinig Mongán a n-Ultaibh agus na ba
leis. Comh luath agus dochonairc Dubh Lacha na ba thug
sí grádh iomurcach dóibh agus adubhairt: "A Mhongáin", ar
sí, cé thug na ba breághtha úd duit-si? Is iad is áilne
adchonarc mé riamh agus ní tugadh duit iad ach ar son ní
éigin is fearr go mór ionná iad féin do thabhairt ar a son."
Ro innis Mongán dí mar fuair iad.
"A Mhongáin", ar Dubh lacha Láimh-gheal, "is eagal go
n-goillfidh an cómh-rádh sin ort go fóill."
Níor chian, ar sin, go bhfacadur Bran Dubh .i. rígh
Laighean chucha. Ar dteacht do láthair dó fáiltigheas
Mongán roimhe agus fiafrioghios de créad thug san turas sin é.
"D'iarraidh Duibhe Lacha Láimh-ghile thánag mé ó'm
thigh", ar Bran Dubh.



Mar do chualadh Mongán sin do mhuidh tocht lán-mhór
air agus do labhair mar so: "Ní chuala mé riamh rómham
féin éinneach do thabhairt a mhná dá thoil féin do dhuine
eile a gcáirdeas gan éara."



"Gion go gcuala tú", ar Dubh Lacha, "tabhair-si do bhean
uait tar ceann t'oinigh óir is buaine bladh ná saoghal."



Gabhas fearg ádhbhol-mhór Mongán ris an rioghan fá
bheith cómh fionnmhur agus sin dochum dealuighthe ris agus
méid an ghrádha do bhí aige dhí. Gidheadh do dheónaigh
do rígh Laighean Dubh Lacha do bhreith leis má tá nach
raibh fá neamh na néal ní is mó loisg a chrodhe ionná é,



Goireas Dubh Lacha rígh Laighean lé a bhfód fo leith
agus is é adubhairt: "A rígh Laighean", ar sí, "an bhfeidir
tusa nó an measann tú an leigfidhe mise leat dá dtuitfeadh
fir agus leath Uladh tríom?" "Muna mbeith gur bhraith
Mongán go dtugas féin grádh eágmaise dhuit agus fós fuath
dó-san, ar son a shaoire do dheónaigh mo dhealughadh ris,
gidheadh is briathar dómh-sa nach racha mé leat ach lem'
breith féin d'fhagháil uait."



"Créad an bhreith iarras tú, a ríoghan?" ar Bran Dubh.


L. 355


"Tabhair-si a bhriathar re a chomhall", ar si, "agus
inneósad."



Thug Bran a bhriathar dí mar do naisg.



"Maiseadh", ar an inghean, "is é is áil liom-sa mo bheith
féin agad-sa go ceann bliadhna agus gan luighe liom ná
teacht am leaba agus dá dtige tú ar cuaird nó ar tadhall
do'n tigh ionna mbía mé, gan suidhe a n-einiod liom ach ar
m'aighidh thall don taobh eile, óir is eagal liom an grádh
mór thugas duit, fuath d'fháil ionna iomchlan sic uait
agus dá rabham ag suirghe gan cionnta ris an mbliadhain
sin, ní heagal ár ngrádh dhul a bhfuaire ach is dócha a
dhul a dteas."



Ar ngealladh ar chuingidh na ríoghna do Bhran Dubh
rug leis a Laighnibh í. Ach cheana do bhí Mongán feadh
ráithe ag seargadh dá héis agus an oidhche do pósadh
Dubh Lacha re Mongán do pósadh a cómh-dhalta re Mac an
Daimh .i. re chómhalta Mhongáin. Berios Dubh Lach Láimh-gheal
a cómhalta lé go Laighnibh. Anas a chomhalta féin .i. Mac an Daimh
a bhfarraidh Mhongáin.



Tháinig Mac an Daimh lá n-aon do'n teach a raibh
Mongán agus é go dubhach doimheanmnach.



"A Mhongáin", ar sé, "is meata mílaochas do chor agus
ar son go bhfiodhneochasa do bhean féin is fada dhomh-sa
bheith a n-éagmais mo mhná féin tréd droch-cheill-si
óntis nach dearna cáirdeas le giolla rígh Laighean
amhlaidh do rinnis-si le rígh Laighean agus nach túalaing
tú a leanmhain."



"Leig as a leath, a Mhic an Daimh", ar Mongán. "Ní
measa le duine eile sin ná liom-sa agus éirig gus an uaimh
a bhfacamar an chliabh gualann ó chianaibh agus cuir
fód d'úir na hÉireann agus fód d'úir na hAlban ann
ionnas go ndeachuin-si ar do mhuin-si ann go Laighnibh óir
ní hurusa dhomh-sa iompódh ar aon leith nach foillsighthear
do dhraoithibh rígh Laighean óir atáid ag sníomh a
n-eagna agus a n-intleachta re fios m'imeachta do bheith aca


L. 356


do rígh Laighean, gidheadh meallfaidh an chliabh gualann
iad óir bead-sa a nÉirinn agus a nAlbain agus ní bheith
mé a nÉirinn ná a nAlbain an feadh bhead ann agus
inneósaid a dhraoithe do rígh Laighean agus adéarfaid
sinn nach eagla leis mé an gcéin bhead mar sin.



Ar sin do ghluaiseadar rómpa go rangadur machaire
Chille Comáin a Laighnibh agus is í sin uair agus aimsir
do comóradh aonach agus oireachtas Laighneach Life a
Laighnibh agus do chonnarcadur sluagh ádhbhal-mhór agus
sochraide iomdha ag triall as gach áird 'na dtimpchioll
do chum an aonaigh. Is annsin do ghaibh uamhain agus imeagla
Mac an Daimh agus adubhairt: "A Mhongáin, is olc an turas
a dtangamur go Laighnibh, ar sé. Agus do chonnarcadur
sagart Chille Comáin .i. Tiubraid a ainm agus cléireach
eile mar aon leis dá n-ionnsoighe agus iad ag cantain
a psalm agus a dtráth rómpa agus fa mór iongna Mhic
an Daimh an ní sin agus ro fhiafriogh do Mhongán créad
adeirdís na cléirigh.



Ro innis Mongán dó gurab léigheann do bhíodar a rádh.
"A Mhic an Daimh", ar sé, "an dtuigir-si a bheag uatha súd?"
"Ní thuigim ach aon ní amháin", ar Mac an Daimh, "neoch
adeir an fear déidheanach agus is é sin "Amen, Amen."
"Cuimhnigh-se go maith an beagán sin ionnas go mbéadh
agad gidhb é uair riogiom a leas Laighin do ghabháil."



Is annsin do dhealbhuigh Mongán abhainn mhór dhraoidheachta
ar lár an mhoighe agus droichead mór trasna uirre. Rob iongnadh
ádhbhol-mhór leis an sagart an abha
d'fhaicsint agus do ghaibh ag a choisreagadh fhéin roimpe
agus adubhairt:
"Is ar an bhfearann so do rugadh mé agus m'athair
agus do shean-athair agus ní fheaca agus ní chuala abha
do bheith ann agus is deas dúinn droichead d'fhagháil uirre."
Iar sin ionnsoidhid an droichead agus ni túsga do bhain


L. 357


a gcosa ris ionná do thuit sé fútha a meadhon an t-srotha
agus gabhas Mongán an leabhar as láimh an tsagairt agus an
chulaidh o'n gcléireach agus do leig iad féin leis an sruth.
Fiafrioghios Mongán do Mhac an Daimh créad do dhéanfadh riú.
"Báidhtear iad", ar Mac an Daimh.



"Ní dhiongam", ar Mongán, "ach leigfiod feadh míle le
sruth iad agus is leór sin d'imirt d'olc orra gan chúis."



Is annsin do chuaidh Mongán le n-a dhraodiheacht féin
a riocht an t-sagairt agus do chuir Mac an Daimh a riocht
an chléirigh agus do dheilbh coróin mhór 'na cheann, an
chulaidh ar a mhuin agus an leabhar ionna ucht agus do
rángadur chum an aonaighh fó'n samhuil sin. Ro éirigh
rígh Laighean ionna gcoinne agus is é adubhairt: "Dia do
bheatha, a shagairt", ar sé, "agus abair soibhsgéal dúinn óir
is fada nach facamur tú agus éirgidh Céibhionn Cochlach
.i. giolla mo charbaid-si féin leat do dúnadh ionna bhfuil
Dubh Lacha Láimhgheal agus éist a culpa uaithe."



Do léigh Mongán soibhsgéal dóibh agus an feadh do
bhí ag a rádha do fhreagair Mac an Daimh "Amen, Amen".



Is é adeiridís na slúaigh: "Ní fhacamur aon chléireach
riamh ag nach bíodh aon fhocal Laidne no léighinn ach an
cóirneach úd", ar siad, "óir ní abuir aon fhocal ach Amen, Amen."
Ar sin do ghluais Mongán gus an dtigh a raibh Dubh Lacha
Láimh-gheal agus aithnigheas Dubh Lacha é agus adubhairt
an laoidhe:




Beannaigh dhúinn, a chléirigh cháidh,
a shagart Chille Comáin
Gion go bhfuil Bran Dubh a bhfus
rodfia tríad turas



Annsa liom-sa Bran Dubh
nó an bhean luighios 'na fharruid
is í an bhean do bhéarfainn as
dá madh fíor do lánamhnas.


L. 358


Dá dtigidís cléirigh an bheatha
ó theach Dhoinn go roibh seacha
is tú cléireach go nguith nglan
ba fearr liom dom' bheannachadh!




A haithle na h-iomagallmha sin adubhairt Mac an Daimh:



"Fágbhaidh uile an teach, a mhná", ar sé, "óir is briathar
damh-sa nach biaidh bean ar bith a bhfarruidh na ríoghna
ach an bhean tháinig lé féin do'n bhaile nó go ndearna
an sagart a culpa d'éisteacht."



D'fhóbair, ar sin, bean bráthar do rígh Laighean
anmhuin istigh dá n-aimh-dheóin ach cheana do chuir
Mac an Daimh a dhá láimh ionna timpchioll agus do thóg
dá haimh-dheóin tar doras amch í agus druideas go dlúith
an chomhladh 'na deadhaidh agus tógbhas a bhean leis
isan iomdhaidh ba neasa dó níos túsga ionná do thosnaigh
an sagart ar chulpa na ríogh-mhná d'éisdeacht agus thug
lámh tar a brághaid agus pogas go dil í. Ach cheana
do thógaibh Mongán Dubh Lacha leis ionna leaba féin agus
do éisd a culpa na ndeagh-bhan d'éisteacht agus absalóid
iomlán do thabhairt dóibh is annsin do labhair cailleach
coimhéada na séad riú agus í isan gcuíl .i. buime rígh
Laighean. Gidheadh do leig Mongán luas anáile droidheachta
chum na caillighe go nár léir dí an beagán dochí
roimhe sin do dhul fúithe tríot sin.



"A naoimh-chléirigh, na bain neamh dhíom", ar an
chailleach, "agus is éagcóir an smuaineamh do rinis ach
ró-ghrádh mo dhalta orm agus gaibh ar aithreachas uaim."
"Éirigh chugam as an gcúil, a chailleach", ar Mongán
"agus éisd d'fhaoisdín uaim."



Is annsin déirigh an chailleach go hanbhfann aimhleisg
agus do dhealbhaigh Mongán bir chuaille iarainn
roimpe isan slighe agus tuiteas an chailleach fá'n gcuaille
go bhfuair bás a gcéadóir.


L. 359


"Éirigh, a Mhic an Daimh", ar Mongán, "agus tógaibh
an teasglan caillighe úd leat anois agus fágaibh 'san gcúil
a raibh í."



"Is briathar domh-sa', ar Mac an Daimh, "nach tógeóbhad-sa
í." "Tóg féin í nó ná tógaibh óir ní sia leat-sa ataoi a n-éagmais
do mhná ionná liom-sa atáim a n-éagmais mo
mhná féin agus fós ní hannsa leat do bhean ná liom-sa mo
bhean féin."



Éirghios Mongan agus tógbhas an chailleach ar a
mhuin gur fhágaibh san gcúil í. Adubhairt Dubh Lacha:
"Beannacht ort, a Mhongáin", ar sí, "maith do rinnis an
chailleach úd do mharbhadh óir do inneósadh do Bhran Dubh
cionnus do rinneamar ár gculpa ribh."



Is annsin do labhair an t-óglách a n-doras an dúnaidh
agus adubhairt gurbh é féin sagart Chille Comáin agus
tri naonmhuir cléireach mar aon leis.



Is annsin adubhairt an dóirseóir: "Is cubhais domh-sa
ná faca aon bhliadhain riamh is mó sagart ná an bhliadhain
so a gCill Comáin óir atá sagart istigh agus sagart eile
amuigh má's fíor dóibh féin é."



Is annsin adubhairt an sagart do bhí istigh - Mongan -
"Meabhlach an fear amuigh', ar sé, "agus a aos-ghrádha
agus a chomhalta mar aon ris, iar dteacht a reachtaibh naomhchléireach
a ndóigh go bhfuighfeadh teacht d'agallamh
Duibhe Lacha Láimh-ghile agus do bheirim-si logha an uile
pheacaidhe don té do mharbhfadh an fear sin amuigh go n-a mhuintir."



Éirghid lucht an teaghlaigh sin agus gabhuid ag
clochadh na gcléireach do bhí amuigh ionnus nach
deachadh as gan lot ná marbhad díobh ach Tiubraid amháin
agus aon naonmhur dona trí naonmhuir do bhí maille ris.
Do bhí Tiubraid ar siubhal nó go ráinig machaire Chille
Comáin mar a raibh rígh Laighean go maithibh a mhuintire.
Innisid an sgéal sin do rígh Laighean ó thúis go deire.



"Mongán súd', ar rígh Laighean, "agus atá an Tiubraid
ceart .i. sagart Chille Comáin ag éisteacht culpa Duibhe Lacha


L. 360


Láimh-ghile re cian d'aimsir isan mbaile agus is mise féin do
orduigh dó dul ann."



Is annsin do fhorchongair ar a mhuintir Mongán agus a
mhuintir do mharbhadh gur ghabhadur ag a n-éirleach agus
ag a n-aithchumadh a reachtaibh Mhongáin agus a mhuintire
ionnas nár théarnadh as díobh gan mío-chórughadh no
mharbhadh ach an sagart bocht Tiubraid amháin noch do chuaidh
a ngealtacht uatha go teampoll Chille Comáin.



Ráinig rígh Laighean don teach a raibh Dubh Lacha
agus do fhágaibh Mongán an baile roimhe.
"C'áit a bhfuil Tiubraid, a rioghan?" ar Bran Dubh.
"Ní hé do bhí aguinne", ar Dubh Lacha, "ach Mongán
agus fós níl fáth a ceilt aguinn, is é do b'annsa linn do
shagartaibh na beatha."



Do luigh tocht mór ar an rígha agus adubhairt:
"Cuirtear fios uainn ar Tiubraid", ar sé, "óir is olc tharla
dhúinn a mhuintir do mharbhadh agus é féin d'easonórughadh".
Tugthar chuca é agus do rinne an rígh aithrighe
mhór ris.



Ráinig Mongán, ar sin, go hUltaibh agus do bhí ráithe
eile ann ag seargadh a nduibhleanntaibh nó go dtáinig
Mac an Daimh lá n-aon dá ionnsoighe.
"A Mhongáin", ar sé, "is olc do chuiris t'aimsir a dTír
Tairngire mar ná dearnadh tú d'fhoghlaim innte ach
obhlóireacht agus magadh agus do chuid d'ithe agus gan
a thuilleamh."



"Leig as a leath, a Mhic an Daimh", ar Mongán.
"Éirigh-si go Ráith Mhór Deiscirt Bhreagh áit a bhfuil
Dubh Lacha Láimh-gheal agus agallamh í."
"Conus do rachfainnsi annsin, a Mhongáin", ar Mac an
Daimh, "óir do muirfidhe mé dá dtugthaoi aitne orm?"
"Ní deighéantar", ar Mongán", "óir cuirfiod-sa a riocht
oirfidigh ann tú agus tiompán red' chois."
"Cionnas dhéan an uair iarrfuidhear orm oirideacht do
dhéanamh?', ar Mac an Daimh.
"Do bhéar-sa ort rud do sheinm," ar Mongán.


L. 361


Is annsin do ghluais Mac an Daimh roimhe go Ráith
Mhóir Deiscirt Bhreagh agus do aithin Dub Lacha agus
do rinne a agallamh mar ba mhian lé agus is é
adubhairt:
"A Mhic an Daimh", ar sí, "abair-si le Mongán gur mí-threórach
an ní dhó gan teacht dom iarraidh-sa go dúnadh
rígh Laighean anois agus é ar mór-chuaird an chúige an
tan sin agus gur thairg giolla rígh Laighean dhamh-sa éaladh
liom a nUltaibh dá mbeadh eolas aige ann."



Ráinig Mac an Daimh go hUltaibh tar ais agus do
innis ar chan Dubh Lacha Láimh-gheal ris do Mhongán.



Gluaisios Mongán, ar sin, agus nír hanadh leis nó go
ráinig Ráth Mhór mar a raibh Dubh Lacha. D'aithin siad
bantracht an bhaile é agus do dhunadur na dóirsibh rís.
Gidheadh níor urus Mongán do chongbháil as an ionad ar
nach beadh glas ag Duibh Lacha agus ó do tharladh glas an
tighe-si ar a chomhairle, do sgaoileadh asteach Mongán.
Gidheadh do bhí dáil rígh Laighean do'n bhaile an oidhche
sin féin agus ní raibh uain ag Duibh Lacha robha ná sgéal
do thabhairt do Mhongán ach adubhairt freitheólamh maith
do dhéanamh air óir níor éidir lé focul fó leith do labhairt
ris le géire an choimhéada do bhí uirre.



Is annsin do shuidh Dubh Lacha ar aighidh Mhongáin agus
tugadh fithchill chucha agus gabhuid ag fraisimirt gur leig
an ríoghan a cíocha móra maoth-gheala agus a meadhón
seang sneachtuighe ris agus mar do chonairc Mongán sin
tháinig mian agus áilgheas na hinghine dó. Do aithin
Dubh Lacha sin agus dochan an laoidhe:




An madh sin adeirtaoi-si agus adeirid fir amhra
an fear nár charas-sa gobrách ní bhfuighe a harbha



Minic threabhas neach aith-ghort agus treabhas neach eile aith-ghort
is suaill ní is buidheach le bocht gion go dtreabhadh acht aith-ghort.


L. 362



"Ag sin soighneas ort, a Mhongáin", ar sí, "agus ní baoghal
duit, óir ní treabhadh do ghort agus ní bhéadh treafa ach
uait féin."
Is annsin do fógradh rígh Laighen go n-a mharcshluagh sa bhfaithche
agus do fhágaibh Mongán an baile roimhe agus ráinig a nUltaibh.



Do chuaidh rígh Laighean iar sin do'n teach a raibh
Dubh Lacha agus d'fhiafriogh dí an é Mongán do bhí aice
ar dteacht dó féin do'n bhaile.



Adubhairt Dubh Lacha gurab é agus gur dó ba chóir
bheith aice.
"An rabhuis-se aige-sean, a inghean?', ar Bran Dubh.
"Do bhádhas agus biad', ar an inghean, "oir is ceart dom
bheith aige ar an ádhbhar gurab é mo chéad-fhear é agus
is snámh a n-aighidh easa tairgsin mo dhealuighthe ris ó
chroidhe gion gurab éigin mo bheith annso."
"A inghean, dob' áil liom-sa aithchuinghe d'fhagháil
uait-si', ar an rígh, "a n-éagmais mo bheith féin agad, nó go
dtí an cáirde do nascais orm .i. an uair ghluaisios Mongán
o'n mbaile is gnáth leat-sa gan amhras a mheanma do
bheith agad - tusa dá innsin damh-sa an uair-sin."
"Doghéabhair an itche sin, a rígh Laighean", ar Dubh
Lacha, agus a gceann ná ráithe sin eile ráinig Mongán a
Laighnibh do'n leath amuigh do Ráith Deiscirt Bhreagh
agus do bhí a mheanma ag Duibh Lacha agus chan an
laoidh:




"A Bhrain Duibh go soithche slán
A fhlaith an chúige chómh-shlán
Tárla orm, rádh go rath
meanma Mhongáin mhic Fhiachra."



"A ríoghan, ná habair sin
A Dhuibh Lacha fhial ionmhuin;
doghéabhair fáilte re um lá
Agus ná hiomráidh Mongán.


L. 363


Mo chead-fhear go soithcheall slán
mo leath leabtha, mo leannán.




A haithle na hiomagallmha sin d'éirghiodar laoich
dhronga an dúnaidh uile amach, gidheadh níor thairbhe
dhóibh é óir do bhí fios a rúin o'n rioghan roimhe ré ag
Mongán agus do iompuidh ó'n mbaile do'n dul sin agus do bhí
le ré na ráithe déidheanaighe go dubhach doimheanmnach
d'eagla a mhná do chailleamhuin a los a leamhuis féin agus
do thairgeadh maithe Uladh do theacht leis do thahairt
a mhná ar éigin ó rígh Laighean.



"Is briathar dómh-sa", ar Mongán, "an bhean rugadh
uaim-si tré'm aimh-ghliocas féin nach tuitfidh mac mná
d'Últach uimpe nó go dtugthar le'm ghliocas féin tar ais í."
Agus tháinig cáirde na bliadhna do shíor Dubh Lacha
asteach fó'n am sin ach trí lá amháin. Is ansin do ghluais
Mongán agus Mac an Daimh go Laighnibh agus rángadur lámh
ris an ndúnadh ríoghdha agus adubhairt Mac an Daimh:
"Dar liom is ad riocht féin, a Mhongáin, atá fonn ort dul
do'n bhaile."



"Is briathar domh-sa", ar Mongán, "gé thánga go nuige
so nach feas dom fós ca riocht a rach ann."
Do fhéach Mongán seacha 'na thimpchioll agus do chonarc
muileann a bhfogas dó agus cailleach chrannda,
chais-leathrach, mhong-ghlas, mhodartha, mhí-sgíamhach ionna
suidhe a ndoras a mhuilinn agus is é a hainm Cuimhne
Cúillíath an mhuilinn agus madra mór gair-dhriamhach
nár mhó colpach bliadhna ionná é agus sealán gadraigh um
a bhrághaid agus é lán do dheannach agus do luaithreadh
ó leibhion an mhuilinn agus gearrán mairceach bán agus
sean-t-srathar air, neoch do bhíodh ag breith mine o'n muileann
agus arbhair chuige. Do chonarc mar an gcéadna
coileach colgdha crios-leathan ar cháitigh an mhuilinn
agus é ag giobadh agus ag grannghal go gliadrach.


L. 364


Is annsin adubhairt Mongán: "Atá fios agam anois ca
riocht a racham ann agus, a Mhic an Daimh", ar sé, "eirigh
mar a bhfuil Cuimhne Cuilliath an mhuilinn agus innis di
go bhfuil neach annso le na mian a hagallamh." D' imthigh
Mac an Daimh agus do chan sin re Cuimhne.



"Atáim annso re trí fichid bliadhain agus ní bhfuaras
aeinneach le ar mhian m'agallamh go nuige so", ar sí.
Do ghluaisiodur rómpa agus do lean an madra iad
agus mar do chonairc Mongán chuige iad do mhuidh a
ghean gáire air agus do chan:
"Dá ndéantá mo chómhairle, a Chuimhne", ar sé, "do
chuirfinn a riocht mná áilne óige tú ionnas go mbeitheá
ad mhnaoi agam féin nó ag rígh Laighean anocht."



"Do dhéan do thoil-si", ar Chuimhne.



Is annsin do thug Mongán buille do fhleisg doilbhthe
draoidheachta do'n mhadra mhongach mhaisliagh go ndearna
gaidhrín gasta geanamhail de ionnas go dtoillfeadh an
gaidhrín sin ar bhais baintighearnan, agus thug an dara
buille don fhleisg céadna don chailligh go ndearna inghean
óg áluinn chrutach chaomh-áluinn dí agus do chuir é féin
a riocht Aodh Áluinn .i. Concubhar .i. mac rígh Connnacht
agus do chuir Cuimhne Cúilliath a riocht mná mhic rígh
Connacht .i. Aoibhill grúadh-sholuis, inghean rígh Mumhan.



Do chuir Mac an Daimh a riocht giolla mhic rígh Con-
nacht agus do rinne falaire glégeal do'n tsean-ghearrán
bhán agus folt fíor-leabhair corcora caomh-áluinn air agus
ceithre cosa glas-uaithne faoi agus do rinne diallait dath-
áluinn forórdha do'n tsean-t-srathar. Do rinne seabhac
áluinn oireateadhach do'n choileach.



Do chuireadar Cuimhne ar an bhfalaire n-iongantaigh
sin agus thugadur féin dá chapall eile fútha agus do
ghluaiseadur fó'n samhuil sin d'ionnsoighe d'únaidh rígh
Lochlann Laighean.



Téid Mac an Daimh d'agallamh an dóirseóra agus
adubhairt a innsint do rígh Laighean go raibh Aodh


L. 365


Áluinn, mac rígh Connacht agus a bhean agus a ghiolla
do bheith san doras agus gurab ar ionnarba tháinig ó n-a
dhuthaigh agus nár bh'áil leis sluagh ná sochraide do
thabhairt leis ar choimeirce rígh Laighean.



Is amhlaidh sin do bhí rígh Laighean agus urmhór a
chríche mar aon ris agus bainis Duibhe Lacha Láimh-ghile
ag a déanamh leis ar ndul na haimsire adubhramur ar
gcúl agus mar do chuala Bran Dubh, mac rígh Connacht
do bheith amuigh do éirigh ionna choinne agus 'na chómh-
dháil agus rug leis go honórach dá rígh-theaghlach iad,
amhlaidh fa cubhaidh agus do chuir na shuidhe é ar a
ghualainn.



"A rígh agus a thighearna", ar Aodh Áluinn - óir Aodh
Áluinn bhéarfam ar Mhongán go fóill - "ní hé sin fa béas
ann ach an dara duine is fearr bhias a dtigh rígh do chur
ionna shuidhe ar shlios an dúnaidh agus is mise an dara
duine is fearr in do thigh anois agus suidhfead do'n taobh
eile ar th'aigidh agus mo bhean rem' ais agus cuirtear mac
rígh agus ró-fhlatha um thimpchioll dom onórughadh."



Do rinneadh amhlaidh sin acu agus do chuir Aodh
Áluinn briocht seirce ar aighidh agus ar ghruadhaibh na
caillighe céibhléithe ionnas silleadh dá dtug rígh Laighean
uirre nach raibh cnámh ná féith ionna chorp nár líon
do ghrod-ghrádh na caillighe agus ráinig corn líonta do
shean-fhíon so-ólta 'na láimh an tan sin agus adubhairt a
thabhairt d'inghin rígh Mumhan. Tugadh an corn do'n
ríoghan agus d'innis an fear fritheóilte dí amhlaidh adubhradh
ris gur chuir rígh Laighean lán-spéis innte agus go raibh
suirghe lán-mhór aige ré óir do dhearmad grádh ban na
cruinne uirre ar na faicsin dó.



"Maiseadh", ar an chailleach, amhuil do theaguisc Mongán
dí, "innis do'n rígh nach géabhad suirghe ná sibheonradh
uaidh ach muna dtugadh sé an crios airgid geal atá ar


L. 366


a thaoibh mar shéad chugam mar aon ris an gcorn cloch-
bhuadhach as ar ól deoch orm."



Do chuir an rígh an crios agus an corn chuiche gan
mhoill agus do bhéarfadh creasa agus corna na cruinne
dí re h-eadh na huaire sin dá mbeidís aige agus is é do
ghlac an crios agus an corn .i. giolla mhic rígh Connacht.



Ba mhoidhnear umorro fuair an crios óir do bhí neart
céad a gcomhlann san té a mbíodh an crios sin tairis
agus ní ghabha doigh nó deacair an té ar a mbíadh gurab
uime sin adubhairt a mhuintir ris an rígh gan na seóid
do thabhairt don inghin.



"Ní misde a dtabhairt", ar an rígh, "óir biaid agam-sa
gan fuireach mar aon ris an inghin féin", agus adubhairt ris
an bhfear fritheóilte a innsin dí gur bhfearr dí rígh aice
ná ádhbhor rígh nó fear ba tháire ná rígh.



Do rinne an fear fritheóilte a theachtaireacht.



Do tuigeadh sin re Mongán agus adubhairt ris an
ríoghan fosaidh do dhéanamh agus nach biadh inbhe ba
inísle aice ná bheith 'na mnaoi aige féin nó ag rígh Laighean.



Is annsin adubhairt Aoibhill dá mbeadh ríoghacht an
domhain ag aon duine nach tréigfeadh si a céile féin air.



Ní chualaidh rígh Laighean riamh cómhrádh ba
sheirbhe agus ba mheasa leis do chlos ná é.



Tugadh annsin corn eile fá fhíon do rígh Laighean agus
is é adubhairt: "Créad ar a bhfuil táire anois, a mhic righ
Connacht", ar an rígh.



"Atá ort-sa, a rígh", ar mac rígh Connacht.



"Ní mar sin domh-sa, a mhic rígh Connacht", ar an rígh,
"ach thugas-sa grod-ghrádh broistightheach dod' mhnaoi-si
annsúd agus ní fhéadaim a ceilt ort agus ag súd bean eile
dhuit ar a son, Dubh Lacha Láimh-gheal, bean Mhongáin mhic
Fhiachra, neoch thugas-sa liom tre chumann gan éara
uaidh agus ní mór go bhfuil beo bean is áilne ná í bíth
go dtug searc do mhná-sa a neamh-ghrádh féini agus neamh-
ghrádh ban eile an domhain orm-sa."


L. 367


"Eagcóir mhór dibh-si, a rígh", ar mac rígh Connacht,
"mo bhean-sa do shanntughadh d'eis a bhfuaras féin dá
holc gus anois, gidheadh dá dtugainn eich nó cuin nó ór
nó iol-mhaoine do'n bhaile níor iongnadh a n-iarraidh orm
ach saoilim nár chubhaidh mo chéile do tharthain ná do
shanntughadh acht an ní i-n a gcuirionn rígh a dhúil
is éigion a thabhairt dó."



Ba bhuidheach rígh Laighean do na briathraibh sin
agus suidheas an inghean ar a ghualainn agus tugthar
Dubh Lacha tar a ceann do mhac rígh Connacht agus thug
lámh tar a brághaid agus pógas go dil agus go díochrach
í agus adubhairt: "Adéarfadh rígh Laighean nach ó
chroidhe do dhéanamaois an iomlaoidh-si muna rabhamaois
súgach fá'n mnaoi fuairiomar."



Níor lugha le rígh Laighean fá'n a chuid féin do'n
connradh óir do dhlúith-fháisg re n-a chroidhe í agus do
thoirbhir do phógaibh millse í.



Ach cheana do chaith siad eadh fhada do'n oidhche
ag ól agus ag aoibhniughadh a bhfochair a chéile ionnas
gur ghaibh meisge ádhbhol-mhór muintir rígh Laighean
tréis an mhéid meanmaini do bhí ar dhream an árd-rígh.
Gidheadh níor ibh mac rígh Connacht níos mó ná do
fhliuchfadh a theanga ó do rinneadh an iomlaoidh ban sin
idir na huaislibh.



Iar sin do cóirigheadh iomdhaoidhe agus árd-leapacha
dóibh uile a gcoitchinne agus do luigh an rígh a dtúis
na buidhne agus do cuireadh an ógh-ríoghan ucht-gheal
aighidh-náireach do luighe leis. Léimis an measán gaidhrín
a n-iomdha na ríogh-mhná ionna diaidh.



Do cuireadh an seabhac ós colmhain na hárd-leabtha
agus falaire na ban-fhlatha ar shlios an tighe agus do
luigh gach aon acu ó sin amach amhuil fa cubhaidh riú,
gidheadh fa hurusa leabthacha d'fhagháil dóibh óir fa mhór


L. 368


a meisge agus a mí-leas feadh na h-oidhche sin. Gidheadh
cheana is tartmhur tirm-bheólach do bhí Dubh Lacha, a ban-
chumha agus Mac an Daimh óir an tan thigeadh cuach nó
corn chum ceachtar acu do leigeadh Mongán luas anáile
draoidheachta faoi ionnas nach fagbhadh braon ann gan
tiormadh.



Is annsin d'éirigh Mac an Daimh ionna sheasamh agus
adubhairt: "An bhfuil astigh 'na dhúisiocht", ar sé,
"neach do bhéarfadh deoch do mhac rígh Connacht?" agus
d'fhiafriogh sin ós árd trí huaire. Gidheadh ni bhfuair aon
neach dá fhreagradh.



"Is mór an náire díbh", ar sé, "rígh Laighean agus uaisle
a chríche do bheith a n-aon-árus agus a rádh nach bhfuil
fear tiubhartha díghe do mhac rígh Connacht eatortha", agus
ní mó fuair a fhreagradh an uair sin agus ó nach bhfuair do
ghaibh na trí heich is fearr do fuair 'san dúnadh.



Ro ughmadh iad agus do ghluais, ar sin, as an dúnadh
amach .i. Mongán, Dubh Lacha agus Mac an Daimh agus
a bhean.



Do chuadur ar a n-eachaibh agus do chuir Mongán luas
anáile draoidheachta ionna gcosaibh go rabhadur a nUltaibh
gan toirmiosg.



Ag éirghe do'n lá is amhlaidh imorro do bhí rígh
Laighean ris an mbliadhain sin ag ollmhughadh fleidhe
agus bainse Duibhe Lacha Láimh-ghile agus is amhlaidh do
bhí Mongán ris an ré céadna ag ollmhughadh fleidhe do chum
Dubh Lacha do bhreith ó rígh Laighean.



Dála rígh Laighean innstear annso sgéal eile. An
chéad-fhear dá mhuintir do mhúsgail ar maidin do chonairc
an gharbh-chuileasg cheann-mhór, chaol-sgrogach ghearráin
agus é bórach bundúnach mairceach mór-chluasach fá n-a
shean-tsrathar triopallach súgánaigh ar shlios tighe
an rígh. Do chonairc an coileach cochlach crios-leathan
agus é ag bodhradh agus ag bith-bhuaidhreadh an tea-


L. 369


ghlaigh re n-a gharbh-ghlaoch. Do chonairc an madra
mór-gharbh mí-chúmtha lán do cháith agus do dheannach
an mhuilinn agus a shealán gadraigh um a bhrághaid
agus nár mhó colpach bhliadhna ionná é 'n-a leabaidh ag
an rígh agus an t-urlár lán do chamradh. Do chonairc fós
radharc ba ghráineamhla .i. an chailleach liath gharbh-
fhionnach ghlas-fhuar ghránna agus roighne gacha do-
dheilbhe agus gacha droch-dhatha uirthe agus a lámh fó
cheann an rígh agus a lámh-san fo a ceann-si agus a carn
giobóg lán do luaith agus do lathaigh re hais iomdhadh
an árd-fhlatha agus ur-chorp seibhidhe an rígh sínte re bolg
féitheach fíor-thruagh na caillighe agus a mbeól buailte re a
chéile amhuil do bheadh macaomh nuadh neamh-ársa
agus baoth-inghean óg áluinn ag taltughadh a chéile agus
mar adchonairc an t-óglách sin do rinne gáire agus do
mhúsgail an té fa neasa dó agus do rinn an fear sin
gáire. Ach cheana do mhúsgail an teaghlach uile agus
thógbhadur aon gháir sgige agus magaidh um an radharc sin.
Mar adchualaidh an rígh an gháir do thógaibh a cheann
agus do fhéach seacha de agus do chonairc an chailleach
chais-éadanach chruaidh-chuislionnach chor-loirgneach re a
thaoibh.



Féachas fuirre agus is é adubhairt: "Nach tú Cuimhne
Cúilliath an mhuilinn"? ar sé.



"Is mé go deimhin", ar Cuimhne.



"Is é Mongán d'imir an cleas so orrainn aréir", ar an rígh.



"Is é go deimhin", ar Cuimhne.



Is annsin d'éirigh an chailleach go h-aimh-leisg agus
do chuir a droch-thrusgán féin uimpe agus triallus chum an
mhuilinn agus leanas an madra í.



"A Chuimhne", ar an rígh, "an sic ó'n muileann ó
thárla dómh-sa mo threas lánamhnais riot do ghéabhair baile
saor agus céad do gach crodh agus tabhair dómh-sa mó chrios
agus mo chorn."


L. 370


"Is briathar damh", ar sí, "a dtugais damh-sa go rug giolla
Mhongáin uaim iad."



Ba mheasa leis an rígh sin ná Dubh Lacha Láimh-gheal
do chailleamhuin agus ionná a threas lánamhnais ris an
gcailligh agus do chan an laoi ann:




Ar suirghe thugas mo chrios
A Chuimhne, uair is aireach.
Ar na fhios teilc mo chrios, a Chuimhne.



Do bheirim-si briathar ris
nocha briathar gan éislis
gach a dtugais dómh-sa am láimh
go rug leis giolla Mhongáin.



Doraidh siad teaghlach an rígh
tre fhormad is tre imshníomh
Bearthar go luath do Chuimhne
Na seóid fuair tre shuirghe.




Dála Mongáin ar rochtain dá thigh do chuir gairm ar
uaislibh Uladh agus do bhádur ag ól agus ag aoibhniughadh
mar aon ris go ceann coicthighis a n-aon n-ionad.



Ar sin tháinig Mongán go mór-shlúagh Uladh a
Laighnibh agus ní ghabha Mac an Daimh toirmiosg ó aon
duine gan dul ar an dturas sin ag dioghailt a mhná do
bheith bliadhain a n-éagmais ag giolla rígh Laighean.



Do rinne Mongán creacha agus airgthe móra ar
Laighneachaibh. Do loisg dúnadh an rígh agus rug géill
agus braighde iomdha leis dá thír féin a n-éiric ar chuir
Bran Dubh d'amhluadh air ris an mbliadhain roimhe.



Críoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services