Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Gearra an Iarthair
Title
Sgéalta Gearra an Iarthair
Original Title
Western Folk Reports
Author(s)
Bailithe agus in eagar ag Domhnall Ó Fotharta agus,
Compiler/Editor
Ó Fotharta, Domhnall / Ó Tiománaidhe, Mi
Composition Date
1911
Publisher
O'Brien Patrick
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. AN FEAR BEAG AGUS AN MEACAN. 1. Fear beag do bhí ins [ba eadh] an duine seo, agus ba lugha a bhean ioná é féin. Do bhí dhá'r'éag mac aca, agus do bhí biadh go daor. Do bhí go leor le déanamh ag an athair agus ag an mháthair le biadh agus éadach d'fhágháil dóibh. D'éirigh an t-athair amach ag soláthar breicfeasta do'n mhuirighin, mar [óir] do bhí an teach folamh. Do-chonnaic sé meacan mór ag fás, agus adubhairt sé i n-a intinn féin go mbadh mhaith an chongnamh é dá mbeadh sé aige leis an ocras do bhaint de na mal- rachaibh óga. Rug sé ar an meacan greim caol cruaidh le dul a tharraingt, agus do sháruigh sé é do thabhairt leis. Do chuimhnigh sé i n-a intinn dá mbeadh Aonmhar aige, an mach ba shine, go dtiubharadh sé congnamh chum a tharraingt'. Tháinig Aonmhar agus rug sé ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh orra a tharraingt. Adubhairt an t-athair, "Téiridh [téidh] isteach, a Aonmhair, agus abair le Dómhar teacht amach ag cabhrughadh linn." 2. Tháinig Dómhar, rug sé greim ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé orra a tharraingt. "A!" adubhairt [ars'] an t-athair, beidh breicfeasta mall [deigheanach] againn indiu [ins an ló indiu."] "Téiridh [téidh] isteach, a Dhómhar, agus abair le Tríomhar teacht amach." Tháinigh Tríomhar amach. Rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar,
rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh orra a tharraingt. "Á!" adubhairt an t-athair, "Cadé an sórt ball- labhair í seo? Téiridh [téidh] isteach a Thríomhair agus abair le Ceathrar teacht amach chugam. Do bhí sé láidir ó rugadh é, agus tarraingeochaidh sé an meacan linn." Tháinig Ceathrar, rug sé greim cruaidh ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh orra a tharraingt. 3. Adubhairt an t-athair, "Maise! maise! Beidh sé i n-am dinnéir de ló sul bheidh breicfeasta ar an stól againn. Gabh isteach a Cheathrair i gcoinne Chúigmheir; bhí sé maith riamh agus cuideochaidh sé linn a tharraingt." Tháinig Cúigmhear amach, rug sé gréim cruaidh ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair greim ar an meacan, agus do sháruigh sé iad a tharraingt. "Cad é seo! cad é seo!" adubhairt an t-athair "Gabh isteach a Chúigmheir, agus tabhair amach Séamhar, níor loic sé riamh orm, agus tarraingeochamaid an meacan." Tháinig Séamhar amach, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aon- mhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad a tharraingt. "Dia ag a réidhteach!" adubhairt an t-athair, "béidh sé thar am dinnéir, agus ní bheidh an meacan linn. Gabh isteach a Shéamhair, agus tabhair amach Seachtmhar chugam." 4. Tháinig Seachtmhar amach, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar,
rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad uile a tharraingt. "Gabh isteach, a Sheachtmhair, agus abair le hOchtmhar teacht amach chugam, beidh sé i n-a thráthnóna sul bheidh breicfeasta ar an stól againn." 5. Tháinig Ochtmhar amach, rug sé ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhár ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad go huile a tharraingt. "A hOchtmhair," adubhairt an t-athair, "Cad é an t-am de ló anois é?" "Antráthach le haghaidh breicfeasta." "Do bhí Naonmhar cruaidh gníomharthach ó rugadh é, agus abair leis teacht amach chugainn nó go dtarraing- míd an meacan." Tháinig Naonmhar amach. Rug Naonmhar ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad go huile a tharraingt. "Ara maise, maise!" adubhairt an t-athair, "beidh mo mharlacha óga chum báis [d'fhagháil] le díoghbháil [de eas- baidh] breicfeasta. 6. "Gabh isteach a Naonmhair agus abair le Deichneabhar teacht amach chugam: do bhí sé láidir riamh, agus tarraingeochaidh sé an meacan." Tháinig Deichneabhar amach, rug sé ar Naonbhar, rug Naonbhar ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug
Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aon- mhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad uile a tharraingt. 7. "Gabh isteach," ars' an t-athair le Deichneabhar, "agus abair le Aonmhar-dhéag teacht amach nó go dtarraingmíd an meacan." Tháinig Aonmhar-dhéag amach, rug Aonmhar-dhéag ar Dheich- neabhar, rug Deichneabhar ar Naonbhar, rug Naonbhar ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé orra go huile a tharraingt. "Ara! cad é seo! cad é seo! a chlann Ó!" adubhairt an t-athair, atámuíd stiúcaighthe [caillte] i ndíoghbháil bídh. Céard do-ghéanamuíd ar aon chor? Gabh isteach, a Aonmhair-dhéag agus abair le Dómhar-dhéag teacht amach chugainn nó go dtarraingmíd an meacan. Tháinig Dómhar-dhéag amach. Do chuireadar an t-athair annsin ar dheireadh an ranca. 8. Rug an t-athair ar Dhómhar-dhéag, rug Dómhar-dhéag ar Aonmhar-dhéag, rug Aonmhar-dhéag ar Deichneabhar, rug Deichneabhar ar Naonbhar, rug Naonbhar ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar greim caol cruaidh ar an meacan, do chuir sé aon bhéic amháin as do thug misneach do'n chuid eile, agus do tharraingeadar an meacan. An uair do tháinig sé leó, do thuiteadar go huile siar i mullach an athar agus do bhriseadar a chos. Do cuireadh duine i gcoinne an leagha le cliath do chur léi.
8. Ní raibh siad i n-ann an liaigh do íoc an uair tháinig sé ag iarraidh a thuarastail. Do bhí an clann agus an t-athair i gcóimhéid an t-am sin, agus iad gléasta i n-aon chineál amháin triubhais. Ní raibh a fhios aige cia an t-athair [cia aca b'athair], nó cá bhfuigheadh sé íocaidheacht as, acht d'fhág sé an cat ag faire mar spídeoir. Lá dá raibh siad ag bualadh eórnan ins an sgioból, tháinig clampar eatortha, agus do thos[n]uigh ceann [duine] díobh ag déanamh casaoide. Adubhairt Aonmhar, "Atá a fhios agat-sa, a athair, gur mise do tharraing an meacan mór, agus gur mé an fear is feárr de do chlainn." 9. "Tá fios ar sin agam gur tú," adubhairt an t-athair. Do léim an cat agus fuair sé greim sgórnaigh ar an athair, agus do thug sé leis é gur cuireadh coiste air go mb'éigean dó an liaigh do íoc do shnaidhm a chos dhó. Do íoc an dá'r'éag mac an cháin dó, agus do sgaoileadh chum bealaigh é. D'éirigheadar saidhbhir i n-a dhiaidh sin, agus do phós an dá'r'éag mac dá'r'éag ban, agus atá a sliocht chomh cumasach le n-a bhfaca tú riamh, gan beann aca anois ar dhuine ar bith. Fuair an t-athair saoghal fada le séan i ndiaidh an mhéid annró fuair sé ag a dtógbháil. Is é Uilliam Pléimeann d'aithris é seo. II. AN SGÉAL IONGANTACH. 1. Do bhí bean ann agus thugadh siad Áine an Chnuic uirri, agus is é an áit a raibh sí i n-a comhnaidhe ag Ceis an Chuirn. Tháinig duine uasal dár bh'ainm Conn Ó Domhnaill
isteach chuiche lá, é féin agus a ghíománach, agus do bhí sí ag bogadh [luasgadh] fir do bhí ins an aois leanbaidhe ins an gcliabhán. 2. Do-rinne Conn Ó Domhnaill iongantas mór d'fhear ar bith do bheith chómh sean agus go mbeithí [ag] a bhogadh i gcliabhán, agus d'fhiafruigh sé d'Áine ar bh'é sin a hathair do bhí sí a [do] bhogadh, agus adubhairt sí leis nár bh'é. D'fhiafruigh sé dhi cad é féin, agus adubhairt sí leis go mba é mac a mic do bhí sí a [do] bhogadh. Do bhí iongantas mór ar Chonn Ó Dhomhnaill fá sin, agus d'fhiafruigh sé d'Áine cad é an aois í féin [cad dob' aois di], agus adubhairt nach raibh a fhios aici, go raibh sí chomh fada [sin] ar an saoghal, agus nár chongaibh sí aon chúntas air, acht mar seo, ar sise: "Ní tháinig aon Fhéil' Mhártain ó tháinig mé ar an saoghal nach bhfuil righe mhairt ar an bhfaradh úd thíos i n-aghaidh. Adubhairt Conn Ó Domhnaill le n-a ghíománach, "Gabh suas ar an bhfaradh agus comhairmhigh iad go bhfeicidh mé cia'n aois Áine [cad é an aois atá ag Áine.]" Thug an gíománach leis an dréimire, agus do-chuaidh sé suas ar an bhfaradh, agus thosnuigh sé ag comhaireamh agus ag cur thairis na rightheacha mart, agus do bhí sé mar sin ar feadh trí uaire an chluig. 3. D'fhiafruigh an duine uasal de, an é nach raibh siad comhairmhighthe fós aige? Adubhairt an gíoniánach leis nach rabhadar; dá gcaith- feadh sé lá agus bliadhain ar an lochta nach (m)beadh a ndeireadh cunntaiste [áirmhighthe] aige. D'iarr an duine uasal air a dhul [teacht] anuas de'n lochta an uair nach (d)táinig leis iad do chomhaireamh. Do shiubhail an gíománach anuas an dréimire, agus do sháruigh siad air a gcunntas [do chomhaireamh]. Adubhairt Conn Ó Domhnaill le hÁine an Chnuic de,
[aon] bhean ach [do bheadh] chómh sean [aosta] léi gur iomdha rud uathbhásach do chonnaic sí ó tháinig sí ar an saoghal, go mbeadh sé buidheach dhi dá inneosadh sí dhó roinn de na hiongantais[íbh] is mó do chonnaic sí. 4. Adubhairt sí leis an rud is mó do chuir sí ion- gantas riamh ann, go raibh sí ag dul [ag] a innsin anois dó, ó chuir sé an cheist uirri. "Do bhí mise ar an mbaile seo fad ó, ins an tsean- shaoghal, agus do bhí maor againn ann, agus do chinn Dia leis go bhfuair sé bás." Adubhairt sí gur nigheadh é, agus gur glanadh é mar do ghéanthaoi le corp ar bith, agus gur cuireadh ós cionn cláir é, agus go ndearnadh a thóramh, dhá lá agus dhá oidhche, mar do bhí sé feileamhnach a dhéanamh le n-a mhac- samhail ar bith. An lá do bhíodar le n-a chur, tháinig comhra, agus do chuireadar isteach innti é, agus do leagadh dhá stól ar an tsráid amach ó'n doras, agus thug beirt fhear amach an corp as an teach [tigh], agus do leag siad an chomhra suas ar an dá stól, agus fuair na fir deich bhfeadh de rópa [théid] cnáibe agus dhá phíosa de mhaide, agus timcheall ceithre troighthe ar fad [fhaid] ins gach ceann aca. Tháinig fear stuamdha agus do cheangail sé an dá mhaide ar an taoibh íochtair de'n chomhrainn. Do chruinnigh sochraid mhór fhada fhairsing go dtugadh siad an maor chum na roilge go gcuirfeadh siad ins an uaigh é. 5. Tháinig ceathrar buachaillidhe óga agus rug fear [díobh] ar gach aon mhaide, beirt ar gach aon taoibh de'n chróchar, nó go dtógadh siad é de na stólra[ibh], agus go siubhalfadh siad leis chómh fada leis an roilig, agus do sháruigh sé orra a chorruighe. Do shiubhail an ceathrar sin amach agus d'fhagadar annsin é, an uair do bhí sé sáruighthe orra an cróchar do
thógbháil, agus dá dtéidheadh an méid fear do bhí ar an tsochraid fá ní chorróchadh siad é. Do b'éigean dóibh maothadh do thabhairt air, agus é d'fhágbháil annsin, agus do bhí sáruighthe ar na fir uile go léir an cróchar do chorruighe de na stólta[ibh]. Do bhí iongantas agus uathbhás ar an méid daoine do bhí ar an gcruinniughadh go huile faoi. Do-chonnaic fear de na fir [fearaibh] annsin each dubh ag teacht an bhóthair agus marcach air, agus níor chomhnuigh sé go dtáinig sé go dtí an áit a raibh an cróchar. Do bhí gach duine dá raibh ar an gcruinniughadh annsin ag amharc ar an bhfear do bhí ar an each dubh, agus d'fhiafruigh sé dhíobh cad é an fhaillighe do bhí siad a [do] dhéanamh. 6. D'fhreagair fear dhó [é] dá raibh ar an gcruinniughadh go raibh sé sáruighthe orra an cróchar do chorruighe as sin. D'fhiafruigh an fear do bhí ar an each díobh cad é an sórt duine do bhí ins an bhfear [ba eadh an fear] do bhí marbh, nó cad é an cheárd do lean sé an fhaid do bhí sé beo. Adubhradh leis - an fear ba shine [aosta] do bhí ar an tsochraid is é adubhairt leis é - go raibh sé féin ag amharc air, agus an-eolas aige air ó tháinig sé i gcéil nó i meabhair, agus nach [bh]faca sé ceárd ar bith ná ealadhain aige acht ag maoirseacht gur ghlac sé tinneas a bháis agus go bhfuair sé bás. "Má's mar sin do bhí," adubhairt an fear do bhí ar an each dubh, "caithfidh sibh a fhágáil annsin go dtí i mbárach agus dá siubhladh sibh an tír faghaidh ceathrar maor eile, agus bíodh siad annso i mbárach agaibh go bhfeicidh sibh an mbeidh siad ábalta an cróchar do thógbháil." 7. Do sgar an tsochraid annsin, agus do b'éigin an cróchar do fhágáil mar a raibh sé, agus do shiubhail teacht- airidhe gach aon áit a raibh maor, ag iarraidh orra teacht chum na sochraide an lá ar na bárach.
8. Tháinig ceathrar maor lá ar n-a bhárach, agus do chruinnigh an tsochraid arís, mar do chruinnigh indé roimhe sin, agus tháinig fear an eich dhuibh chomh maith. D'iarr marcach an eich dhuibh ar an gceathrar maor dul fá an gcróchar agus do sheas beirt ar gach aon taoibh dhe, agus do rug fear aca ar gach aon spéice, agus do thóg siad an cróchar, acht chomh réidh gan streóbh le cróchar ar bith dár tógadh riamh. Do shiubhail siad leo, agus do shiubhail marcach an eich dhuibh i n-a gcuideachtain amach ar thoiseach na sochraide, agus an Ceathrar maor agus an cróchar dá iomchar leo, ag siubhal aniar i n-a dhiaidh. Arsa Áine an Chnuic le Conn Ó Domhnaill, "An bhfaca tú an charraig mhór úd thíos le taoibh an bhóthair?" "Do-chonnac," adubhairt sé [ar seisean.] "Do shiubhail marcach an eich dhuibh," ar sise, "agus an ceathrar maor agus an cróchar leó dhá iomchar. An uair do-chuaidh siad síos, iad féin agus fear an eich dhuibh go dtí an charraig, d'osgail éadan na carraige, do shiubhail an t-each dubh agus a mharcach air isteach ins an gcarraig, do shiubhail an ceathrar maor agus an cróchar leo isteach i n-a ndiaidh, agus an uair do bhí siad istigh do dhún an charraig suas ar ais, mar do bhí sí riamh, agus ní raibh sé le n-a aithne go ndeachaidh duine isteach riamh inti." D'fhill an tsochraid a bhaile annsin, mar nach raibh aon ghraithe [ghnó] ní b'fhaide [badh shia] aca ann. 9. "Ní fhuarthas [fríoth] aon fháisnéis ar mharcach an eich dhuibh," ar sise, "ná ar an gceathrar maor, ná ar an gcróchar ó'n lá sin go dtí an lá so, beó nó marbh, cnámh nó croiceann, i n-úr nó i gcríon, ní raibh aon fháisnéis orra ní ba mhó." "Sin é an rud is mó do chuir mé iongantas riamh ann," ar sise, "a dhuine uasail!" "Dar m'fhocal agus dar m'onóir! ba mhór an t-ion-
gantas é," adubhairt [arsa] Conn Ó Domhnaill le hÁine an Chnuic. "Ba mhór an t-iongantas é gan amhras!" Is é Peadar Mac Énrí d'aithris an sgéal so dhom ar Oileán Inis Bigil, Cuan an Fhóid Duibh. III. UILLIAM GABHA. Do bhí Uilliam Gabha i n-a chomhnaidhe i bparáiste Locha Ladhair agus do bhí ceárdcha aige i ngar do'n bhóthar, agus do bhí a theach féin ar an taoibh eile dhe, ar aghaidh a chéile. 1. Ba ghabha maith é, acht do bhí an iomarca dúil aige ins an ól. An uair do bheadh sgilling saothruighthe aige, ní bhfaigheadh sé suaimhneas nó go gcaitheadh sé í. Do bhí sé chómh tugtha do'n ól is go bhfágadh sé an t-iarann ins an teinidh go minic nó go dtigeadh sé ar ais as tigh an óil. Ar dheireadh thiar do ghlac an pobal fuath leis, agus ní raibh sé ag fagháil rud[a] ar bith le déanamh. Do bhí Uilliam lá breágh samhraidh i n-a sheasamh ag doras a cheárdchan, agus tháinig i n-a láthair fear mór áluinn. Do bhí tart ar Uilliam. 2. D'fhiafruigh an fear mór dhe an gceannóchadh sé deoch biotáile, agus adubhairt Uilliam leis nach raibh a luach aige; nach raibh sé ag fagháil aon obair [oibre] le déanamh agus go raibh tart air. Adubhairt an fear mór leis, "Do bhéara mise do sháith airgid duit go ceann seacht mbliadhan. Beidh tú i n-ann gach uile shórt do cheannach theastóchas uait, agus do ghéana mé féin obair na ceárdchan duit; tiocfaidh leat bheith in do chodladh agus in do chomhnaidhe, ag ithe agus ag ól má thugann tú d'ainm sgríobhtha dham mar bhannaidhe go
dtiocfaidh tú liom ag deireadh na seacht mbliadhan, agus go mbeidh tú fá mo smacht ar feadh na síorraidheachta." 3. Is é an sórt do bhí ins an bhfear mór, splannc as ifreann. Thug Uilliam sin dó, agus do-rinneadh an margadh. Do bhí sé socair sámh é féin agus a shean-bhean, do bhí gach nídh aige dár theastuigh uaidh, do bhí airgead réidh i n-a phóca le ceannach. Tháinig lá fuar le síon agus sneachta, agus sioc. Tháinig bochtán isteach i n-a thigh, ní raibh sé i n-ann siubhal ó'n doras go dtí an teine, do bhí sé chómh hannródhach sin. Do chongnaigh Uilliam leis teacht chuig an teinidh nó go ndearna sé a ghoradh, agus do gheárr sé amach stróic de'n fheoil do bhí ar a phláta féin go ndearna sé breic- feasta maith suas do'n fhear bocht. "A Uilliam!" adubhairt an fear bocht, "trí nídh ar bith is mian leat d'fhághail mar ghuidhe do gheobha tú iad." Adubhairt Uilliam, "Duine ar bith bhéaras ar mo chasúr, gan é bheith i n-ann sgaramhaint uaidh gur toil liom féin é." Ba hí sin an chéad guidhe. Adubairt sé, "Duine ar bith shuidhfeas ar mo chathaoir, gan é bheith i n-ann éirghe aiste gur toil liom féin a thógbháil as." Ba hí sin an dara guidhe. Do bhíodh Uilliam ar meisge, agus ní fhágthaoi pighinn airgid i n-a phóca go minic nach mbaintí as. 4. Do chuimhnigh sé gan aon phighinn do thabhairt as a sparán nó go mba toil leis féin é. Ba hí sin an tríomhadh guidhe. Ó! adubhairt an duine bocht, "A Uilliam, cad chuige nár iarr tú na Flaithis," adubhairt Uilliam, "b'fhéidir go bhfaighinn sin féin fós." Nuair do bhí na seacht mbliadhna caithte, adubhairt an splannc, "A Uilliam! atá an t-am thuas, beidh tú anois liom."
"Tá mé réidh," adubhairt Uilliam. "Seo ball theas- tuigheas ó chomharsain, is cóir dúinn buille do bhualadh air, fagh greim ar an gcasúr, agus buail an t-iarann chómh fad agus atá sé te." 5. Do chaith Uilliam an t-iarrann as a láimh féin, agus adubhairt sé leis an splannc, "atá mise ag imtheacht anois, agus ná déan aon mhoill." Rug an splannc ar an gcasúr, agus má rug níor tháinig leis an casúr do chaitheamh as a lámhaibh; do bhuail sé é ar an talamh nó go dtarraingeadh sé a lámha as, agus do chuir sé a dhá chois ar a mhullach, agus d'fhastuigh a dhá chois de'n chasúr, agus do sháruigh air a sgaoileadh le n-a bhéal, do ghreamuigh an béal do'n loisead [loiseag], agus do bhí sé cruptha craptha. D'imthigh Uilliam an bóthar, agus do chaith sé dhá oidhche agus dhá lá ag ithe agus ag ól. An uair tháinig Uilliam a bhaile fuair sé an splannc annsin caithte ceangailte, agus adubhairt sé leis, "A rógaire! rinne tú margadh liom-sa, agus do bhris tú féin é, agus saghadfa mé an an méid madradh atá ins an mbaile ort." "Ná déan sin, a Uilliam," adubhairt an splannc, "do-bhéara mé seacht mbliadhna eile dhuit, agus beidh siad níos feárr fá dhó 'na na seacht bliadhna do caithis." 6. "Margadh déanta é," adubhairt Uilliam. Rug sé ar an gcasúr agus tháinig sé leis, agus do-chuaidh an splannc chum na ceárdchan ag cur tosaigh ar a théarma, ar na seacht mbliadhna eile. Do-chuaidh Uilliam isteach i n-a thigh, agus do-bhí sé féin agus a shean-bhean ag cainnt agus ag cómhrádh, ag ithe agus ag ól, agus níor tharraing siad greim ná deoch do'n splannc nó go raibh na seacht mbliadhna caithte. Nuair do bhí an téarma thuas, do léim an splannc amach as an gceárdchain, agus adubhairt sé, "A Uilliam, tar liom anois nó bainfidh mé an fheoil anuas dhe do
chnámha. Ní bhfaighidh tú mise chómh sodhanta anois agus fuair tú cheana mé." 7. Do shiubhail Uilliam amach leis, agus adubhairt sé, "Fágfaidh mé slán agus beannacht ag mo shean-mhnaoi." Do-chuaidh an bheirt isteach go tigh Uilliam. "Suidh síos annsin," adubhairt Uilliam, "ar an gcath- aoir." Do shuidh sé. Chómh luath agus fuair Uilliam i-na shuidhe é, "Tar liom," adubhairt sé, agus é féin ag dul amach as an doras. An uair d'éirigh an splannc do bhí an chathaoir fastuighthe dhe. Do chuir sé a dhá láimh innti go gcaitheadh sé uaidh í, agus d'fhastuigh na lámha dhi. Do-bhuail sé a dhá cois ar an gcathaoir go sgaoileadh sé an greim, agus do ghreamuigh an dá cois di. D'imthigh Uilliam chum an bhaile mhóir, agus chaith an tsean-bhean amach an splannc, agus do bhí na muca ag a sglamhairt agus an chathaoir fastuighthe dhe, agus níor fhéad sé é féin do chosaint orra. An uair tháinig Uilliam abhaile i ndiaidh dhá lá do chaitheamh ins an mbaile mór ag ithe agus ag ól, do chonnaic sé an splannc ins an teinidh, agus do shaghad sé an madradh mór ann. 8. "Stad de'n obair seo," adubhairt an splannc le Uilliam, "agus do-bhéara mé seacht mbliadhna eile dhuit, bheas níos fearr ná an méid do caitheadh uile go léir." "Déanfaidh mé sin," adubhairt Uilliam. Rug sé ar an gcathaoir agus do sgaoil sé an ceangal agus do chaith sé na seacht mbliadhna le sáimheacht. An uair do bhí an téarma caithte, do léim an splannc as an gceárdchain agus adubhairt sé, "A Uilliam! ní bheidh aon margadh le déanamh anois agat. Tiocfaidh tú liom-sa díreach an bóthar." D'imthigh an bheirt i n-éinfheacht, agus an uair do bhí
siad i ngar do'n bhaile mhór, do chonnaic siad ag teacht ar an mbóthar gasradh fear, agus adubhairt Uilliam - "A shean-dhiabhal! ní bhfuil maith ar bith ionnat; sin sir a bheadh linn, comrádaighthe liom-sa iad, dá mbeadh airgead agam le biotáile do cheannach dóibh." 9. Adubhairt an splannc, "Déanfaidh mise airgead díom féin duit, agus tabhair a sáith dóibh." Do-rinne sé airgead de féin, agus rug Uilliam air, agus do chuir sé isteach i n-a sparán é. D'ól sé féin a shaith, agus níor chuir sé áird ar bith ar na fearaibh. Tháinig sé a bhaile ag triall ar a shean- mhnaoi féin, agus do bhí an sparán i bpóca a chasóige, agus an uair do-chuaidh sé a chodladh do chuir sé an chasóg fá an bpeiliúr, fá n-a cheann, agus do thosnuigh an splannc ag feadghail agus ag sglamadghail [glamghail]. D'fhiafruigh an bhean de cad é an sórt oibre í sin, agus adubhairt Uilliam, "Socrochaidh mise an obair seo uile i mbárach; seo é [ag seo] an splannc atá ins an sparán agam. Do-bhéara mise amach chum na ceárdchan i mbárach é, agus cuirfidh mé isteach ins an teinidh é. Séidfidh mé na builg, agus do-bhéara mé goradh maith dhó, agus smíochairt mhaith de'n órd mór ar an inneoin." "Ná déan sin, a Uilliam!" ars' an splannc, istigh ins an sparán. "Ní iarrfaidh mé thú féin ná duine ar bith eile." 10. "Margadh é," adubhairt Uilliam, "acht ar ais go bráth ní bheidh cead agat teacht as an áit d'fhágaidh tú." I n-a ghearr-am [go gairid] i n-a dhiaidh sin fuair Uilliam bhás. Do-chuaidh sé go geata na bhFlaitheas, agus do bhuail sé buille ar an doras, agus tháinig Naomh Peadar amach chuige. "Cia hé thusa?" adubhairt Naomh Peadar. "Is mise Uilliam Gaibhne as paráiste Locha Ladhair." "Ó!" adubhairt Peadar, "a Uilliam, an uair do bhí ath-
chuinge le fagháil agat níor iarr tú a theacht [teacht] annso. "Cia'n áit a ngeobhaidh mé?" adubhairt Uilliam. "Téiridh [imthigh] síos an bóthar dorcha sin, nó go dtigidh geata rómhat." 11. D'imthigh Uilliam an bóthar go dtáinig sé chuig an ngeata dubh [chum an gheata dhuibh]. Do bhuail sé buille ar an doras. Adubhairt an splannc istigh, "Cia thú féin?" agus adubhairt Uilliam, "Is mé Uilliam Gaibhne as paráiste Locha Ladhair." "Ó!" adubhairt an splannc, "Druid [dún] an doras i n-a aghaidh. Má thigeann sé isteach, do-ghéana sé amadáin dínn uile. Is é do imir gach cleas orm-sa nach gcaillfidh mo chuimhne go bráth." Do bhuaileadar iad féin i n-aghaidh an dorais, agus ní leigfeadh siad Uilliam isteach. Do b'éigean dó theacht ar ais an bóthar céadna. Do-chonnaic Peadar ag teacht é, agus adubhairt sé, 12. "Cad é d'éirigh dhuit, a Uilliam." Adubhairt Uilliam, "Ní leigfeadh an droich-éadáil sin isteach mé, agus b'fhéidir gurab é mo leas é. Déan truagh dhom, a Pheadair! agus ná fág ins an dorchadas so mé." "A Uilliam," arsa Peadar, "ó chuaidh tonn baistidh ort, do-bhéara mé solas duit." Tharraing sé sop tuighe [chuige]; do las sé é, agus thug sé do Uilliam é, agus adubhairt sé, "Ní mhúchfaidh [mhúchfar] an solas sin go lá an bhreitheamhnais." Is iomdha duine do-chonnaic coinneal Uilliam lasta [ar lasadh] ó'n ló sin go dtí an lá indiu. Uilliam Pléimeann d'aithris é seo.
IV. SGÉAL SHEAGHÁIN MHIC AN NIALLAIGH AGUS PHÁIDÍN UÍ CHEALLAIGH. 1. Do bhí beirt fhear i nGaillimh aon uair amháin, dár bh'ainm Seaghán Mac an Niallaigh agus Páidín Ó Ceallaigh, agus do bhí cruit ar gach aon fhear aca ó do bhíodar i n-a ngasúir ngarsúnaibh. Do bhí Seaghán ag imthecht as baile lá, agus thárla dhó go ndeachaidh sé thar raith do-bhí ins an áit, agus ag dul tairse dhó, do chuala sé guth istigh ins an raith ag [a] radh:- "Dia Luain, is Dia Máirt! Dia Luain is Dia Máirt!" Do sheas Seaghán ag éisteacht. "Dia Luain, is Dia Máirt, is Déardaoin! Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]!" arsa Seaghán Mac an Niallaigh. "Cia hé sin do chuir fad as mo rann?" ars' an fear istigh. "Mise," arsa Seaghán Mac an Niallaigh. "Tair isteach annso," ar seisean, "agus impidhe ar bith iarrfas tú, tá sé le fagháil agat." D'osgluigheadh doras annsin do Sheaghán, agus do chuaidh sé isteach. D'fhiafruigheadh de, céard do bhí ag teastáil uaidh. 2. "Maise atá," ar seisean, "an chruit seo do-bhaint díom." Do-ghéantar sin duit agus fáilte," arsa fear na ráithe. D'ionnsuigh sé é, agus deamhan i bhfad do bhí sé leis go raibh an chruit bainte de Sheaghán aige. Do-rug sé ar an gcruit, agus do chroch sé suas [chuir sé ar crochadh] é ar thaoibh an bhalla.
3. Bí ag dul a bhaile anois," ar seisean le Seaghán, "atá tú ceart go leór." D'imthigh Seaghán a bhaile agus lúthgháir a sháith air fá an gcruit do bhaint de. An uair do-chonnaic muintear an bhaile ag teacht é do bhí iongnadh orra mar do bhí sé chomh díreach le baraille guna, gan cruit, gan cromadh, agus ba bheag an bhrígh sin gur chuala Páidín Ó Ceallaigh é. Tháinig sé chuig [ag triall ar] Seaghán, agus d'fhiafruigh sé dhe, cia an chaoi ar baineadh an chruit de. "Maise," arsa Seaghán, "bhíos ag dul thar an ráith úd thall indé, agus do-chuala mé guth ag [a] rádh: "Dia Luain, is Dia Máirt! Dia Luain, is Dia Máirt!" "Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]! Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]!" arsa mise. "Cia hé sin do chuir fad as mo rann?" ars' an guth. "Seaghán Mac an Niallaigh," arsa mé féin. Do ghlaodhaigh sé isteach annsin orm, agus adubhairt sé liom cibé nídh do bhí ag teastáil uaim go raibh sé le fagháil agam. Annsin adubhairt mé leis an chruit do bhaint díom, agus do-rinne sé liom mar fheiceas [at-chír] tú anois mé. 4. "Mo choinsias!" arsa Páidín, "rachaidh mise go dtí an ráth i mbárach, go mbaintear an chruit díom féin." Do bhí go maith; d'imthigh Páidín ar maidin lae ar n-a bhárach chomh fada leis an ráith, agus an uair tháinig sé chómh fada léi, do chuala sé an guth ag [a] rádh: "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e], Lá fighe an bhréidín;
5. Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e], Lá fighe an bhréidín." "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e], Déardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn, Is Dia Domhnaigh." "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e], Déardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn, Is Dia Domhnaigh," arsa Páidín Ó Ceallaigh. "Cia hé sin do mhill mo rann?" ars' an fear istigh. "Mise," arsa Páidín Ó Ceallaigh. "Gabh isteach go ndéanad rud éigin leat," ars' eisean. Do-chuaidh Páidín isteach, agus an uair fuair fear na ráithe istigh é, cad [céard] do-rinne sé acht breith ar an gcruit do buaineadh de Sheaghán Mac an Niallaigh agus a bhualadh aniar ar dhruim Pháidín ós cionn an chruit' do bhí cheana air. Do seoladh amach as an raith annsin é, agus do thriall sé a bhaile, agus mo dhuine bocht, do bhí sé brónach eas- onórach fá n-a dhá chruit. 6. Dá mhéad an t-iongnadh do bhí ar muinntir an bhaile fá Sheaghán Mac an Niallaigh d'fheicsint ag teacht abhaile gan aon chruit, ba mhó seacht n-uaire é ar feicsin dóibh Páidín ag teacht agus an dá chruit air. Do bhí an t-ádh ar [le] Sheaghán acht do bhí a mhalairt ar Pháidín, agus deirim-se libh go mb'fhearr do Pháidín fanamhain [fanacht] ins an mbaile, agus aon chruit amháin d'iomchar go foighideach, 'ná an dá cheann do bheith ar a dhrunn go ló a bháis. Is é Séamus Mac Énrí do chuir an sgéal so chugam.
V. TAIRNGIRE BHRIAIN RUAIDH UÍ CHEARBAIN. 1. Rugadh agus do thógadh Brian Ruadh Ó Cearbháin i mBaile na hInneona, i n-aice le hInbhear, i n-Iarros, agus do bhí a theach comhnaidhthe ins an bhFál Ruadh, i ngar do chladach na fairrge. Duine macánta nach raibh saidh- bhreas mór aige acht mar an choitcheanntacht badh eadh é, agus ní raibh fios roimh ré aige i dtús a shaoghail acht mar do bhí ag gach uile dhuine dh'á raibh i leath-bharúntacht Iarruis, nó go dtí an bhliadhain 1648. Ní raibh aon bhóthar ag dul go hIarros ins an tráth sin, agus do thógfadh sé trí lá é, ó d'fhágfadh sé a theach féin ag dul thart le bruach fairrge sul a mbeadh sé i mBaile Nuadh Tír' Amhalghaidh; is ann d'íocadh sé an cíos le Iarla Árann, oighre dúithche. Lá dá dtáinig Brian ag íoc cíosa, do bhí baintreabhach bhocht roimhe ins an oifig ag a raibh muirighin lag mar chúram uirri, agus ní raibh greim aici le tabhairt dóibh acht bainne na bó, mar do bhí beatha gann an bhliadhain sin, agus dá dhonacht dá raibh an bhliadhain do chaithfheadh an tighearna an cíos do fhagháil. 2. Do bhí a gcuid cíosa íoctha ag na tionóntaibh go dtáinig sé go dtí an bhaintreabhach, agus ba as aon bhaile le Brian í, agus an uair do ghlaoidh an tighearna ar a hainm, d'iarr sí spás air ins an gcíos nó go dtigheadh a slighe isteach, agus adubhairt sí leis nach raibh seibhte ar bith aici le n-a cuid páistí do thógbháil acht bainne aon bhó amháin do bhí aici. "An bhfuil aon duine agat rachas i mbannaidhe ort?" do rádh [adubhairt] an tighearna. "Ní fhuil," ar sise, "acht Dia." Do bhí baramhail ag an mhnaoi boicht nach (bh)fuigheadh sí aon duine rachadh i mbannaidhe uirri. "Cuirfe mé Dia i
mbannaidhe orm go n-íocfaidh mé a leithéid seo de lá [ló] thú," ar seise. "Is maith liom fear eile d'fhagháil i gcuideachtain Dé," ars' an tighearna. 3. Do bhí Brian Ruadh i láthair agus do ghabh sé truagh mór do'n mhnaoi, agus an uair do-chonnaic sé an bhain- treabhach bhocht ag gol gan í ag fagháil bannaidhe ar bith, ní dhearna sé acht a lámh do chur i n-a phóca agus an cíos d'íoc dhí agus adubhairt sé go nglacfadh sé féin ban- naidhe Dé. Do bhuail aithreachas an tighearna agus adubhairt sé go nglacfadh sé féin Dia i mbannaidhe annsin an uair do bhí an t-airgead íoctha ag Brian leis, acht adubhairt Brian nach raibh aon chall [ghábhadh] leis, go raibh an t-airgead íoctha aige féin. Thug an bhaintreabhach bhocht a seacht míle beannacht ó n-a croidhe ar a dá glúin do Bhrian Ruadh Ua Cearbháin agus d'imthigh sí a bhaile. Ba bhean uasal as Lonndain do bhí mar chéile ag Iarla Arann, agus ghlac [do ghabh] sí buidheachas mór le Brian i dtaoibh a dheagh-chroidhe theag- araigh, mar d'fhóir sé ar an mbaintreabhaigh le linn a hannródha. D'umhlaigh Brian do'n mhnaoi uasal, agus, ar seisean, "cuirfidh an t-Athair Uile-chumhachta a dhá oiread in mo bhealach mar ghlac mé mar bhannaidhe É, tar éis d'fear- sa A dhiultughadh, agus ní'l aon deór dhár shil an bhain- treabhach bhocht le na croidhe cráidhte nár thuit gach uile dheor aca ag cosaibh Ríogh na Glóire i n-A chathaoir ríoghdha i nglóir na bhFlaitheas, agus do-gheobhaidh sise nó mise éiric as gach uile deór aca sin." 4. Do bhí na tionóntaidhthe ag sgaipeadh annsin, gach uile dhuine ag dul a bhealach féin, agus d'imthigh Brian mar an gcéadna, agus do-rinne sé aith-ghiorra treasna píosa mhóir sléibhe, agus an uair do bhí sé leath bhealaigh chum a thighe féin tháinig marbhtha codlata air, agus do bhain sé a
chóta mór de agus do chuir sé fá n-a cheann é, gur chodail sé támh. 5. Do bhí bos a láimhe fá n-a leacann, agus cibé tráth do chaith sé i n-a chodladh níor bh'féidir leis do rádh, acht tháinig aisling air, agus ins an aisling adubhradh leis an nídh do-gheobhadh sé i muinchille na láimhe deise de'n chóta do chur i dtaisge go cúramach, agus gan amharc do thabhairt do mhnaoi ná do pháiste air, ná do aon neach acht dho féin. Do bhí cúrsaí na hÉireann - an méid do bhí le déanamh ó'n ló sin go dtí críoch an domhain - go so-thuigthe dhó-san clodhbhuailte ar an áilleacán fuair sé i muinchille an chóta mhóir, an uair do dhúisigh sé, agus gach uile uair go ndearcfadh sé air go bhfuigheadh sé fios ar olc is ar mhaith do bhí le teacht ar an saoghal, agus do bhí na soillsidhe ba bhreághdha dh'á bhfaca sé riamh ag teacht uaidh. An chéad tairngire do-rinne sé, adubhairt sé Go mbeadh teach mór ar gach cnocán; Droichead ar gach fiodán; Buataisidhe ar na brealláin; Agus Béarla ag na tachráin. 6. Adubhairt sé go ndéanfaidhe bóithre mine ar fud na hÉireann; go ndóighfeadh coinneal leith-phighne airgead na hÉireann go huile; ní raibh aon airgead páipéir [nótaidhe; bilidhe] ag imtheacht an uair sin, ná eolas ar bith aca ionnta: ginidheacha buidhe do bhí ann agus air- gead glas agus airgead ruadh. Adubhairt sé go gcuirfidhe droichead miotail ar Abhainn na Daoile ag Crois Mhaoilfhíona, agus go gcuirfidhe droichead lóbain ar Abhainn na Muaidhe i mBéal an Atha, agus go gcaillfidhe suim daoine fós leis, agus go dtiocfadh an saoghal an uair do bheadh droichead ar gach sruthán.
7. Adubhairt sé go mbeadh ataidhe ar na tachráin, agus go dtiocfadh saoghal na mban óg gan náire. Adubhairt sé go dtiocfadh na cruacha cáithe, agus go dtiocfadh ar shliocht oighre dúithche clann Sheagháin duine do dhóighfeadh an méid tighthe do bheadh ó Chrois M aoilfhíona go Beárna na Gaoithe le coinnlibh dubha, agus go mbeadh bóthar ar gach bogán, agus go mbeadh súile ribe ar na bóithribh. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair bheadh rotha iarrainn ar chóistibh teineadh ó dheas agus ó thuaidh, agus go mbeadh na clocha ag cainnt ar na bóithribh. Sin iad na clocha cinn míle. Adubhairt sé go dtiocfadh na liatha luatha agus go dtiocfadh an lá a séanfadh duine a bhó i n-a dhoras féin; go dtiocfadh dhá nidh eile, gur dhaoire an folach 'ná an rud do bheadh istigh ann; go mbeadh claidhtheacha ar na bóithribh, agus geataidhe ar na cros-bhóithribh le lucht treaspáis' [foghla] do chonghbháil siar. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair nach (m)beadh bláth ar an bhfraoch, agus go mbéarfaidhe fear i gCúige Mumhan, agus go mb'fheairrde d'Éirinn gan a bhreith. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair ba charadach an mac do bhéarfadh greim bidh dh'á athair, agus thiocfadh nídh eile is measa - béidh na measa dh'á dtomhas dubh. 8. Adubhairt sé go ndéanfaidhe droichead ar an Abhainn Móir ag Comhraic, agus nach gcríochnóchthaoi choidhche é. Tá sé amhlaidh. Tá cloch amháin le cur ann fós, agus atá sé mar sin ó do-rinneadh é, agus ní fhuil misneach ag duine ar bith an chloch sin do chur air - mar atá contabhairt ann is dóigh. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair bheadh na daoine dh'á gcur i bpríosún, gan chóir gan cháin, agus go
mba chríonna an fear a rachadh thar fairrge, agus go dtiocfadh bliadhain an óir agus bliadhain an bhróin i n-a dhiaidh, bliadhain bheag eile nó dhó, agus is beag do bhéas beo i n-a ndiaidh. 9. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair a bheadh lán adhairce d'ór ar bhuin, agus go rachadh an rón glas trasna cnuic an Tearmainn, agus an fear a mharbhóchadh é nach gcóimhlíonfadh sé an bhliadhain; agus b'fhíor dhó, do thárla mar sin. Thug a mhac leis leabhar agus thosnuigh sé ag sgríobhadh gach focail d'á raibh Brian ag a rádh, agus tháinig an bheirt amach an bealach thríd an mbogach ag tarraingt ar Thír Amhalghaidh, agus adubhairt Brian le n-a mhac "Béidh bóthar mine déanta ar an áit atá tú in do sheasamh fós, agus béidh cóistidhe agus carranna ag rith ann, agus rachaidh sgéal i mbárr bata níos tapaidhe ná thiocfadh seabhac ins an aer ó Bhaile Átha Cliath go Cuan an Fhóid Duibh." Níor thuig a mhac a chuid cainnte agus do chaith sé a leabhair i bpoll garbh-bhuaice, agus adubhairt sé, "Ní bhfuil aon chiall agam-sa atá ag tabhairt áirde órt." 10. I dtaoibh na mbóithre mine, do tháinig an targaire isteach fírinneach go maith, i n-áit íocaidheacht do fhagháil i n-airgead ag lucht oibre ar na bóithre is min fuaras [fríoth] ins an droch-shaoghal, agus go minic ó shoin, agus sin é an fáth a nglaoidhtear bóithre mine orra; agus ó fuair Brian an t-áilleacán seo do bhí a cháil ar fud na tíre ar fad. Caib. II - An long mhaol. Lá dár éirigh Brian, agus an uair do bhí a chéad-phroinn caithte aige, agus é gléasta chum siubhail, adubhairt sé le n-a mhnaoi go rachadh sé go haonach Bhaile Nuaidh chum
beithidhigh do cheannach. "Cá bhfuigh tú an t-airgead?" ar sise leis. "Nach fada siar an rud chuireas Dia aniar?" ar seisean. 11. Do-chuaidh sé chum an aonaigh agus do bhí Ultach annsin ag a raibh sealbhán mór bulán aige gan díol, agus d'iarr sé ar Bhrian iad do cheannach. Arsa Brian, "Ní bhfuil aon airgead agam-sa le n-a gceannóchainn iad. Adubhairt an t-Ultach leis go dtiubh- radh sé cáirde dhó leis an airgead d'íoc, agus chuir sé chómh cruaidh ar Bhrian gur thóg sé na beithidhigh uaidh, agus adubhairt sé leis an Ultach é bheith i n-a thigh a leithéid seo de lá, agus go mbeadh an t-airgead aige le tabhairt dó. Tháinig an t-Ultach fá dhéin a chuid airgid go tigh Bhriain ar an bhFál Ruadh an lá adubhradh leis teacht. Do chuir Brian fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe, agus thug sé dinnéar maith dhó, agus nuair do-bhíodar sgathamh ag cómhrádh, adubhairt bean Bhriain, "Céard do-ghéana tú anois, ní bhfuil pighinn airgid agat le tabhairt do'n fhear seo?" Adubhairt an t-Ultach le Brian, "Thug mise turas fada annso, agus do shíl mé go mbeadh luach na mbeith- idheach agat le tabhairt dom." Adubhairt Brian, "Ar m'fhírinne ní bhfuil sé agam, go gcuiridh Dia chugam é." Níor thaithnigh an comhrádh sin leis an Ultach ar aon chor, mar do shíl sé gur ag magadh fá do bhí Brian, agus tháinig gruaim air, agus an uair do bhí sé ag tarraingt ar am codalta adubhairt Brian leis, "Téiridh a chodladh a fhir chneasta, atá do chuid airgid in taoibh ó thuaidh d'Albain an móiméid seo." 12. Do-rinne an t-Ultach smaoineadh nach raibh dada le fagháil aige agus do-chuaidh sé a chodladh brónach go leor. Adubhairt Brian leis roimh an lá, "An bhfuil tú in do chodladh, a ghiolla thuas?" "Ní bhfuilim anois," adubhairt an t-Ultach. "Gabh amach chum an dorais," arsa Brian,
"agus breathnuigh ar an bhfairrge, agus féach an bhfuil rud ar bith ag teacht uirri." 13. Do bhí sé i n-a lán-ghealaigh, agus do sheas an ceann- uightheoir amuigh, agus adubhairt sé go bhfaca sé mar do bheadh éan i bhfad uaidh, agus adubhairt Brian leis, "Bí ag amharc air sin go bhfeicidh tú cia an áit a bhfuil a thriall." "Atá sé ag tarraingt ar an gcaladh," ars' an ceannuightheoir," Is cosamhail le luing mhaoil é." "An bhfuil sé i bhfad ó'n gcladach?" arsa Brian. "Atá sé ag déanamh isteach air, i n-aice an chalaidh," ars' an ceannuightheoir. Tháinig an long mhaol isteach i lár na hoidhche ins an gcuan, gan aon ghabháil uirri, le hais tighe Bhriain, mar thiocfadh long fá dhraoidheacht. "Béidh neart airgid ar ball againn," arsa Brian. "Bímís ag dul sios; ins an luing mhaoil sin atá luach do chuid bulán," agus níor fhan sé leis an luing mhaoil an cladach do bhualadh gur chnap sé ioscada a bhríste go dtí a dhá ghlúin, agus go ndeachaidh sé amach i n-aircis na luinge maoile. Fuair sé bosca mór fada leathan, agus doimhin ar bhórd na luinge maoile, agus eochair sáidhte i bpoll an ghluis, agus do chas sé an eochair, agus do bhain sé an glas de, agus d'osgail sé an bosca, agus do bhí sé lán de ghinidheachaibh buidhe go dtí an béal; do chomhairigh sé amach as an mbosca luach a chuid bulán chuig an Ultach. Do dhruid sé an bosca, agus do chas sé an eochair tuaitheal arís, agus d'imthigh an long mhaol amach an bealach céadna. 14. "A dhuine gan chéill," ars an t-Ultach le Brian, cad é an fáth a ndearna tú sin, ó tháinig sé chughat isteach nár chonghaibh tú é go léir?" "Ní raibh ag teacht chugham-sa acht an méid sin, agus
do bhain mé mo theastáil as," arsa Brian. "Tá sé sin ag dul go cúigeadh eile fós. 15. Do bhuail an t-Ultach an bóthar go lán-tsásta ag tarraingt a bhaile agus an t-airgead leis; agus sul do shroich sé an baile tháinig na gaduidhthe air ar a bhealach, acht d'éirigh leis an t-airgead do chur i bhfolach, mar do b'í an oidhche do bhí ann, agus 'sé an áit ar chuir sé é, ar thaoibh chnocáin, agus ní raibh aon chomhartha aige air acht comhartha fánach, agus thar éis na ngaduidhthe do imtheacht do-chuaidh sé ag tóraidheacht an airgid, agus do sháruigh sé air cnocán an airgid do fhagháil, mar nach raibh aon chomhartha aige air acht comhartha na gealaighe, agus b'éigin dó filleadh ar ais chuig Brian. An uair do bhí an t-Ultach ag cur a chuid airgid i bhfolach do bhí an ghealach ag sgalladh [taithneamh], agus shíl sé go mba comhartha mhaith dhó agus dh'á chuid airgid an ghealach do bheith ag sgalladh ar an gcnocán i n-a raibh sé i bhfolach, acht ar ndóigh do bhí an ghealach ag sgalladh [taithneamh] ar gach uile chnocán thart thimcheall ar an tráth céadna. Ní raibh an t-Ultach i bhfad i dtigh Bhriain gur pósadh é féin agus inghean Bhriain, agus do bhí bainfheis aca ar feadh seachtmhaine, agus do bhí saidhbhir agus daidhbhir ann ag ithe agus ag ól, ag déanamh siamsa agus grinn, blas na meala ar gach aon ghreim, agus gan dhá ghreim ar aon bhlas, agus gan aon ghreim tur. 16. Adubhairt Brian le n-a mhac dul chum a leithéide seo d'áit, agus go bhfuigheadh sé airgead an Ultaigh; do-chuaidh an mac ann mar do hórduigheadh dhó, agus fuair sé an t-airgead ar thaoibh an chnocáin, agus thug sé do'n Ultach e, agus chuir sé fá annsin. Do bhí inghean ag an Ultach, agus do bhí sí chómh breágh sin gur thug muinntear na tíre "Áilne na Gréine" uirri. Pósadh "Áilne na Gréine" le fear de mhuinntir Dhómhnaill, agus tá an bunadh sin anois fairsing ar fud
na tíre, agus atá sagairt agus easbog againn de'n tsloinne céadna, agus sílim dá réir sin go dtuigfidh an léightheoir go raibh lár na fírinne i mbriathraibh Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin. 17. Do-chuaidh sé ag amharc ar an áilleacán arís, agus thug a bhean fá deara go mbíodh sé ag tarraingt ar an mbosca go minic, agus go gcaithfeadh nidh cúramach do bheith aige ann, agus an uair do-chuaidh Brian chum an tseomra do bhí a bhean suas in-a dhiaidh, agus an uair a dhearc sé ar an áilleacán do bhí a bhean taobh thiar dhe, agus do dhearc sise amach thar a ghualainn, agus do fuair sí radharc ar choirnéal [chúinne] de'n áilleacán, agus an méid do-chonnaic sí dhe, d'éirigh sé chómh dubh le gual ceárdchan, agus níor dheallruigh sé ní ba mhó. I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin adubhairt a mhac go dtos[n]óchadh sé ar thigh nua do fhorgaint. "Ná tosnuigh," ars' an t-athair, "go dteasbánaidh mise dhuit an áit a dtosnóchaidh tú." Do-chuaidh Brian amach agus láighe leis ag glanadh luirg an tighe. "Tosnuigh annso," ars' an t-athair, ag teasbáint na háite dhó a dtosnóchadh sé. 18. An uair do ghlan an mac go dtí an chéad choirnéal [chúinne] fuair sé soightheach, ar dhéanamh bosca, lán le ginidheacha óir. Do bhí sé bródamhail go maith annsin fá an ádh mór do chuir Dia i n-a bhealach. Arsa an t-athair leis, "Gabh thart le gréin go dtí an coirnéal [cúinne] eile, agus b'fhéidir nach fearr an coirnéal sin ioná an coirnéal eile." Fuair sé soightheach eile ag an dara coirnéal lán d'ór mar an gcéadna. Adubhairt sé leis tosnughadh arís go dtéidheadh sé go dtí an treas coirnéal. Do-rinne sé mar adubhradh leis, agus fuair sé soightheach eile ann lán d'ór; lean sé
do'n obair nó go dtáinig sé go dtí an cheathramhadh coir- néal, agus fuair sé soightheach eile óir annsin. Ní raibh cuimse ar a chuid saidhbhris annsin; ní raibh meas ar leathar stáinín aige le haghaidh a chuid bróg nó go bhfuair sé péire buataisí árda de leathar na Spáinne. Caib. III.- pósadh an mhic agus bás Bhriain. 19. "Anois, a bhean thall," arsa Brian le n-a mhnaoi, pósfaidh do mhac bean uasal; ní bheidh sásamh ar bith aige i mnaoi thuaithe do phósadh go bpósaidh sé bean uasal, agus is gearr bhías siad pósta go mbéidh sí ag fagháil droch-mheas air nuair nach bhfuil sé i bhfuil chómh honórach léi féin." Anois an uair do bhí saidhbhreas agus cuimse aca do rinne mac Bhriain smaoineadh ar phósadh, agus do b'fhíor do'n athair, ní raibh meas ar chailínibh na comharsanachta aige. Facthas [do-chonnarcas] dó nach rabhadar sáthach maith dhó go bhfaghbhadh sé bean uasal, acht adubhairt an t-athair leis go mb'fhéidir go mbeadh sé chomh maith aige an cailín aimsire do bhí ar a urlár do phósadh. Níor ghlac sé comhairle a athar, mar do phós sé thar a chrois, agus níor éirigh leis, mar seal gearr tar éis dó an bhean árd-uasal so do phósadh, thosnuigh sí ag caitheamh droch-mheas' air' ar an ádhbhar gur chas sí leis go mion is go minic nach raibh sé i bhfuil chomh honórach léi féin. 20. Mar gheall ar a mío-stainnc agus ar a comh-intinn bhuirb b'éigin dó imtheacht uaithi ar feadh tamaill nó gur thraoch a fearg, agus gur imthigh beagán de'n uabhar dhi, agus ba bhuidhe bocht léi é a theacht ar ais, agus an tráth ar fhill sé, bhí lúthgháir mhór ar a athair, mar ba mhian leis a chur do fhiachaibh ar a mhac a thairngire do sgríobhadh i riocht go mbeadh sé ag na daoinibh tar éis a bháis.
An tráth do bhí Brian ag iarraidh an tsagairt ní raibh cosamhlacht bháis air, mar nach raibh sé tinn, agus shíl na daoine gur éadtrom cinn [meascán mearaidhe] do bhí air, acht níor bh'eadh, mar do bhí fios aige ó Rígh na Glóire go raibh a sheal caithte ar an saoghal so, agus go raibh áit ag fanacht [fanmhain] dhó i gcúirt na n-aingeal i bhFlaitheas síorraidhe na ngrásta, agus ar an ádhbhar sin d'fhógair sé a mhac a dhul i gcoinne an tsagairt dó, go raibh sé i n-Inis Géidhe, agus nach bhfuigheadh sé bás go dtiocadh sé. 21. Do-chuaidh marcach i gcoinne an tsagairt annsin dó. Do las sé teine ar chnoc an Tearmainn mar chomhartha do'n tsagart agus do tháinig sé amach as an oileán nó go gcuireadh sé an ola dhéidheanach ar Bhrian. Ní raibh aon bhóthar ann an uair sin acht ag siubhal tré na móinte agus thré na portaigh. Do bhí bealach fada rompa go dtí teach Bhriain, agus ní fada do chuaidh siad go ndeachaidh capall an tsagairt dh'á báthadh, agus do sgoth an capall crudh, agus adubhairt Brian, "Dia agus Muire agus Pádraig linn, a shagairt, agus crudh sgoithte ag do chapall," agus é ag saothrughadh an bháis ar a leabaidh. D'fhiafruigh a bhean de cad é an fáth adubhairt sé é sin, agus adubhairt sé léi, "Do-chuaidh sé gar go maith do'n tsagart ar an gCeis Ghairbh anois, agus do sgoth a chapall crudh." An uair do bhí an sagart ag teacht go caladh na trágha baineadh tuiseal as a chapall, agus níor mhór nár cuireadh as an diallaid é. Do bhí sé i bhfoigseacht míle de thigh Bhriain an tráth sin. "Goirm agus coisreacaim thú," arsa Brian. Arsa a mhuinntear, "Tá sé ag rádhmhaillidhe." 22. I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin an uair do bhí an sagart ag árdughadh ag binn an tighe i gcomhrac na
trágha agus an chladaigh do baineadh tuiseal eile as an gcapall, agus cuireadh an sagart amach as an diallaid, agus d'fhóbair go mbrisfidhe a mhuinéal. 23. "Dia agus Muire agus Pádraig linn," arsa Brian, "agam féin thú as gach uile olc agus urchóid," agus gan é ag amharc ar an sagart ag teacht ar aon chor, agus an uair tháinig sé isteach ba é Brian an chéad duine do chuir fáilte roimhe, agus do bhí beagán feirge air an uair do-chonnaic sé Brian i n-a shuidhe ag cainnt agus ag comhrádh leó. "Cad chuige gur chuir tú fios orm-sa?" ars' an sagart leis, "agus gan cosamhlacht tinnis ar bith ort?" Arsa Brian, "Déin deoch dhuit féin ar dtús, agus beannuigh é. Níor mhór dhuit mise agat anocht, nó do bhí tú i gcruadh-chás." D'innis Brian do'n tsagart gach uile áit ar baineadh tuiseal as an gcapall. "Do-chuaidh tú tré ghábhadh mór anocht. Do sgoth do chapall crudh ag an gCeis Ghairbh an uair do bhí sí ghá báthadh. Cuir duine fá n-a dhéin agus do-gheobhaidh sé an crudh." Do-dhearc an sagart ar a chapall, agus b'fhíor do Bhrian, fuair sé i n-uireasbhaidh cruidh é. Do-chuir an sagart duine ar ais, agus fuair sé an crudh." 24. Adubhairt Brian leis an sagart, "Chomh luath agus do bheannóchas tú deoch duit féin, gheobhaidh tú amach chum an tighe sin amuigh; atá sgata ban ag sníomh ann, agus an cailín óg atá i n-a suidhe ag doras an tseomra ag cárdáil, abair léi í féin do ullmhughadh, nó go gcuiridh tú an ola uirri; do-gheobhaidh sí sin bás romham-sa." Níor labhair an sagart, acht do-chuaidh sé amach, agus d'órduigh sé do'n mhnaoi óig í féin do ullmhughadh nó go gcuireadh sé an ola dhéidheanach uirri. Do-rinne sí mar adubhradh léi, agus do cuireadh an ola uirri, agus fuair sí bás ar an mball sin. An feadh do bhí an sagart ag cur na hola déidheanaighe
ar an gcailín do bhí Brian agus a mhach ag comhrádh, agus é ag sgríobhadh briathra Bhriain mar aguisín leis an méid de'n tairngire do bhí sgríobhtha aige roimhe rin, agus ins an tráth céadna do tháinig bean bhocht isteach, agus bhain an mac spailleadh aisti. "Éist léi," arsa Brian, "béidh cuid de do bhall féin curtha seacht mbliadhna romhat féin," agus do bhí, mar chaill sé méar a láimhe i n-a dhiaidh sin, agus cuireadh ins an talamh í, agus nuair do chualaidh an mac an méid sin do chaith sé an tairngire ins an teinidh, agus dóigheadh í. 25. D'fhág sin muinntir na hÉireann gan tairngire Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin do bheith sgríobhtha aca an uair do chaith a mhac an chéad chuid d'ar sgríobh sé i bpoll garbh-bhuaice, agus an dara cuid dar sgríobh sé, do chaith sé isteach ins an teinidh é, agus ba mhór an truagh sin, mar tháinig furmhór de'n tairngire isteach fíor. An uair do tháinig an sagart ar ais go tigh Bhriain, adubhairt sé gur mór do bhí na daoine ag dul amudha nár thug creideamhaint d'á chuid chainnte, agus é do thógáil síos ar pháipéar, agus go mbeadh gach cúis d'á mbainfeadh le hÉirinn go so-thuigsionach aca. 26. "Anois," arsa Brian leis an sagart, "tá mise réidh fá do chomhair." Do-chuir an sagart an ola dhéidheanach air. Chómh luath agus do bhí sé réidh leis, do shín sé siar agus d'éag sé. Ní raibh aon tslighe leis an tairngire seo do fhagháil acht ó bhéalaibh na ndaoine, agus sin é an chaoi a bhfuair mise é. Mar atá inniste agam cheana gur chuir mac Bhriain an méid de'n tairngire do bhí sgríobhtha aige ó rath, agus muna mbeadh go ndeachaidh mise ag cuartughadh, agus go bhfuair mé an méid seo, do beadh sé fá an bhfód mar atá an méid do mhill a mhac. Fuaras an méid de'n tairngire atá annso ó thriúr seanchaidhe fad-cheannach,
meabhrach, gealintinneach - is iad sin Uilliam Pléimeann, Leath-árdán; Séamus Mac Enrí, Inis Bhigil, agus Seaghán Ó Conmhacháin, Tolachán, Dubh-Thúma; agus d'á luighead an méid seo féin coingeobhaidh sé ainm Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin i gcuimhne chomh fada agus bheas an saoghal ar suidheachán, le congnamh Dé. VI. Diarmuid an reatha agus an gar-lámhach. 1. Tháinig allmhuicidhe [sladaire] go huachtar Acla, agus do bhí sé annsin ag allmhuiceacht [sladaireacht], agus ní raibh mórán ann le creachadh acht éin agus ceatharaidhe. Máille do bhí mar ainm air. Do bhí sé lá annsin ag spaisteoireacht, agus do-chonnaic sé fear agus bean ag teacht isteach Fearsad Acla, agus bó leó [aca]. Bláth- mhail do bhí mar ainm ar an bhfear so do bhí ag teacht. Tiormuigheann an tráigh míle ar fad agus míle ar leithead, i riocht is go dtéidheann roinn de'n fhairrge suas Béal na Cliath agus roinn eile de síos Béal an Bhuláin. An uair bhíos tráigh rabharta ann, do shiubhalfá anonn tirim in do bhrógaibh, agus ar mheath rabhartha do bheithfeá go dtí do chom ag dul treasna na feirste. Do-chonnaic Máille an bheirt seo ag teacht treasna na trágha, agus do-chuaidh sé chum a n-airchis', agus do thug sé leis iad go huachtar Acla agus an bhó, agus an uair do-chuaidh an fear thug sé leis do chodladh do bhí faitchíos air go marbhóchthaoi é, agus d'imthigh sé féin agus a bhean leó an uair do fuair siad fear an tighe i n-a chodladh. 2. Ní raibh a fhios aca cá rachadh siad mar ba í an oidhche do bhí ann, acht do bhiodar ag siubhal rómpa nó go dtáinig an lá, agus níor stadadar nó go ndeachaidh siad go Sliabh Mór, agus do-rinneadar árus beag dóibh féin annsin.
Ní fada do bhíodar imthighthe nó go gcualaidh fear an tighe go rabhadar ag Sliabh Mór, agus do tháinig sé ar maidin go moch chum an tighe, agus an uair do tháinig sé isteach d'fhuagair sé comhrac ar an mBláthmhaileach, agus do-chuaidh an bheirt aca ar mhacaire an dubhshláin, agus tar éis seal pionnsaidheachta do mharbhuigheadh an Bláthmhaileach. 3. Seal gearr i n-a dhiaidh sin do phós an Máilleach an bhaintreabhach, agus do bhí ceathrar mac mar mhuirighin aice - is é sin an mac ba shine leis an mBláthmhaileach, agus an triúr eile leis an Máilleach. Níor thaithnigh an chéad mhac leis an Máilleach chor ar bith, mar ba Bhláthmhaileach do bhí ann, agus an uair do mhéaduigheadar, do bhíodh siad ag imirt i gcuideachtain, agus facthas [do-chonnarcas] do'n Mháilleach go mba bheodhaichte an Bláthmhailleach ioná a thriúr mhac féin, agus adubhairt sé go mbuailfeadh sé doibheart ar an mac ba shine - is é sin an Bláthmhaileach - acht sul do éirigh leis sin do dhéanamh do bhuail taom tinnis é, agus fuair sé bás fá na sgoiltíghe, agus do hadhlacadh é, agus do chuireadar leacht ós cionn na huaighe mar chomhartha do na daoinibh gur uaigh do bhí annsin. Do bhí annsin an mháthair agus an ceathrar cloinne i gcuideachtain nó go dtugadar mná leo o cibé ait a bhfuaradar iad, agus gur pósadar. 4. Do bhí na daoine ag fairsingiughadh agus ag teacht go hAcaill an tráth sin. Tháinig cúram cloinne ar ceathrar mac na baintreabhaighe, agus an uair do mhéaduigheadar i n-a mbuachaillíbh óga, mac mic an Mháilligh b'ainm do Diarmaid an Reatha Ó Maille, agus mac mic an Bláthmhailigh b'ainm do'n Gar-lámhach Ó Bláthmhail. Do bhí athair Dhiarmuda ag foirgneamh tighe i mBéal an Átha Salaigh, agus an uair do bhí sé ag snaidmeadh na ngaibhleach, do bhris an siuinéir an taráchar, agus
b'éigean do stad, agus do bhí an gabha i n-a chomhnaidhe ag Droichead na Bairr-Dhéise, deich míle fhichead uaidh, agus caithfeadh duine dul Fearsad Acla le dul chuige agus deisiughadh d'fhághail ar an taráchair. Adubhairt an t-athair le Diarmuid:- "A mhic! caithfe tú dul amach fearsad Acla anocht, agus dul chum an ghabhann, agus deisiughadh do chur ar an taráchair." An uair do mheas Diarmuid go raibh sé i n-am aige dul chum na feirste, d'imthigh sé, agus do-chuaidh sé treasna na feirste, agus as go bráth leis chum na Bairr-Dhéise, agus an uair do shroich sé an áit, do dhúisigh sé an gabha, agus do chuir sé deisiughadh ar an taráchair dhó, agus tháinig sé a bhaile an fhearsad chéadna ar imthigh sé. 5. Ó d'fhág sé an teach go dtáinig sé a bhaile arís timcheall cúig uaire a chluig - rinne sé trí fichid míle do shiubhal, agus an uair do dhúisígh a athair ar maidin, adubhairt sé, "A Dhiarmuid! chodail tú ar an bhfeirsid?" "Dearc fá an leabaidh agus leig dhom codladh," arsa Diarmuid. Do dhearc sé fá an leabaidh, agus fuair sé an taráchair deisighthe, agus sin é an t-ádhbhar do tugadh Diarmuid an Reatha mar ainm air. Do-chuaidh Diarmuid lá go hEach an Ghabhair ag díol a chuid áirnéis, agus do dhíol sé iad ar an oiread so airgid, agus an uair do-chuaidh na ceannuightheoiridhe ag a íoc [chum é d'íoc], ba mhian leo gan [baoghal ar] an oiread airgid do thabhairt dó agus do gheall siad, agus do thosnuigheadar ag tabhairt na mbeithidheach leo dhá aimhdheoin, agus gan leath an airgid íoctha aca. 6. D'ionnsuigh Diarmuid leis an mbata iad, agus do rith sé tríotha mar do rithfeadh seabhac tré ailt éanacha [éan], gur bhuail sé iad, agus go dtug sé leis an áirnéis, agus do bhuail sé an bóthar ag tarraingt a bhaile, agus na beithidhigh leis [aige]. Do lean beirt fhear é, agus d'fhógair siad é, na
beithidhigh do thabhairt dóibh, agus go n-íocfadh siad [go n-íocfaidís] an t-airgead go hiomlán. Fuair sé annsin luach na mbeithidheach, agus thug sé dhóibh iad. Do bhí allmhuraigh mhóra as [ó] Chuan na Marbh ar an aonach ag amharc air, agus adubhradar gur gaisgidheach do bhí ann. 7. Do bhí feirmeoir [scológ] mór i gCuan na Marbh, sínte ar theorainn leis na hallmhuraigh seo, agus an uair do chonnaic seisean an gaisgeadh do-rigne Diarmuid, do labhair sé leis, agus d'iarr sé d'impidhe air, teacht siar leis go Tír Sheoigheach agus go dtiubhradh sé a inghean dhó le posadh, agus go dtiubhradh sé gach uile nidh eile dhó dá réir, acht a theacht agus í d'fheicsin, agus muna dtaith- neadh sí leis go dtiocfadh leis gan í phósadh. Do-chuaidh sé siar leis go Tír Sheoigheach nó go bhfaca sé an cailín, agus do thaithin sí leis, agus adubhairt sé le na hathair go nglacfadh sé léi mar mhnaoi. Pósadh an lánamha, agus d'fhuagair an t-athair fleadh agus féasta ar feadh trí oidhche agus trí lá, ag ithe agus ag ól, blas na meala ar gach aon ghreim, gan dhá ghreim ar aon bhlas, agus gan aon ghreim tur. Do chruinnigh bocht agus nocht, saidhbhir agus daidhbhir chum an fhéasta, ag ithe agus ag ól, ag déanamh siamsa agus grinn, nó go dtáinig cunntas [tuairisg] isteach go raibh ceann de na buaibh ceaptha ag na hallmhuraighibh, agus adubhairt Diarmuid í d'fhágbháil annsin no go dtéidheadh sé féin amach. 8. An uair do chaitheadar a dinnéar go socair sámh, d'éirigh Diarmuid agus rug sé ar a bhata, agus bhain sé crathadh as, agus d'iarr sé ar aodhaire na mbó a theacht leis, agus an bhó do theasbáint do. Do shiubhal sé féin agus maor na mbó go dtí talamh na n-allmhurach - an áit a raibh an bhó - agus d'iarr sé air an bhó do thiomáint leis go bhfeiceadh sé an dtiocfadh
aon duine roimhe. Do thiomáin sé leis í, agus níor tháinig aon duine roimhe le bac do chur air; agus adubhairt Diarmuid leis, má d'imthigh aon bhó uaidh le bliadhain, ceann i n-a hionad do thiomáint leis chomh maith, agus do thiomáin sé leis trí chinn eile, agus níor leig na hall- mhuraighe orra féin go bhfacadar na ba ag imtheacht. 9. An uar tháinig sé chum a thighe arís bhí ithe agus ól aca ar feadh dhá lá eile nó gur sgaip na comharsana ar deireadh thiar go buidheach beannachtach. Seal gearr i n-a dhiaidh sin thug sé cuireadh do na hallmhuraighibh chum dinnéir. Thangadar chuige, agus do bhí fáilte mhór rómpa ins an gceanntar sin, agus do bhíodar in-a gcomharsanaibh maithe as sin suas. Caib. II. - Na gaduidhthe. An uar do bhí Diarmuid suim aimsire i gCondae na Gaillimhe, tháinig gaduidhthe go hAcaill ag tabhairt leo maoin bó do bhí ag Gar-lámhach Ó Bláthmhail, agus an uair thug siad leo iad, d'imthigh an Gar-lámhach siar go Condae na Gallimhe, ag iarraidh Diarmuda an Reatha Uí Mháille, agus ag innsin dó go dtug na gaduidhthe na beithidhigh leo, agus go dtáinig sé ag a innsin dó-san gur imthigh siad, agus ag éileamh a chonganta. 10. An uair do chaith sé a dhinnéar d'iarr Diarmuid air imeacht agus bheith i n-áirdeall na mbeithidheach agus go leanfadh sé féin é lá ar n-a bhárach, D'imthigh Diarmaid ar maidin agus a thrí contacha [coin] leis, agus an uair do bhí sé ag dul síos Gleann na Magh Dubh cailleadh an chéad chú; ghearr sé uaigh dhi le n-a chlaidheamh, agus chuir sé ins an talamh í. Ag dul thar Mháim an Sgárdáin cailleadh an dara
cú - thuit sí marbh - agus d'osgail sé uagh le n-a chlaidheamh dhi, agus chuir sé ins an talamh í. Ag dul síos Gleann Tomáis dó, thuit an tríomhadh cú marbh ag a chosabh; d'fhosgail sé uaigh di le n-a chlaideamh, agus chuir sé í. 11. D'imthigh leis síos thré bhaile mór Chathail, agus siar Gleann Chaisil, síos Béal an Mhuirthid, thart siar muing Sheagháin Chaoich, siar as sin an Geata Mór leis, agus an uair do bhí an Geata Mór fágtha aige do-chonnaic sé na beithidhigh ag dul siar an trágh, agus do-chonnaic na gad- uidhthe an fear ag teacht i n-a ndiaidh fá siubhal mór. Do bhí ceannphort na ngaduidhthe ag marcaidheacht, agus an uair do-chonnaic sé an fear mór ag teacht i n-a ndiaidh, agus an siubhal mór do bhí fá, do sgannruigh sé [tháinig sgannradh ar], agus as go bráth leis chomh tréan agus d'fhéad sé an capall do thiomáint. An uair tháinig Diarmuid suas leis na beithidhigh, níor chuir sé aon áird orra, acht lean sé an marcach, agus sul do shroich sé a chúirt, tháinig sé suas leis agus d'fhuagair sé comhrac air. 12. Ní raibh aon dul as ag an ngaduidhe, agus b'éigean dó dul ar mhachare an dubhshlán le Diarmuid agus a throid; agus mar do bhí sé i sáinn [i dteannta] throid sé go borb agus go fíochmhar le Diarmuid go ndearnadar praiseach de'n talamh, acht ar deireadh thiar thug Diar- muid buille d'á claidheamh dó, agus do bhain sé an ceann de, agus d'fhág sé é ag léimnigh le báinidhe ar an machaire, agus do thionntuigh sé ar a sháil, agus thug sé a aghaidh ar na beithidhigh. An uair do chonnaic na gaduidhthe eile é ag tarraingt orra agus a gceannphort marbh, d'imthigheadar i mbárr na bhfásgaidhe, agus d'fhágadar na beithidhigh i n-a ndiaidh, mar bhí uathbhás agus sgannradh orra roimh Diarmuid. An uair do bhíodar ag dul tré an nGeata Mór leis
na beithidhigh, agus sul do tháinig Diarmuid chomh fada leó, do rinneadar moill ag bleaghan na mbó, agus ag déanamh pasóide de'n bhainne dhóibh féin, mar do shaoil- eadar nach raibh aon bhaoghal orra; acht meireach [muna mbeadh] sin bheadh siad 'san mbaile fá chumhdach a ndaingin roimh Diarmuid, agus annsin thiocfadh leis dul ag feadghail i n-aghaidh na gaoithe. 13. Adubhairt sé dá mbeadh fear eile aige go dtiubhradh sé na beithidhigh as Iarros. Do bhí sé ag cainnt leis féin, agus adubhairt an Gar-lámhach, "Tá mise annso agat," agus do bhí sé ar buille boise le n-a thaoibh. Thiomáin siad leó aníos a bhaile iad nó go dtángadar go dtí an áit a dtugtar Béal na Creiche air. An uair thug na gad- uidhthe leo na beithidhigh treasna Béal na Creiche, ba hí sin an uair do tugadh an t-ainm sin ar an áit. Do bhí Diarmuid agus an Gar-lámhach le sgaradh ó chéile annsin - Diarmuid ag dul siar go Condae na Gaillimhe - agus sul do sgar sé leis an nGar-lámhach, adubhairt sé dá dteastóchadh a chongnamh arís uaidh go raibh sé le fagháil aige agus fáilte. Adubhairt an Gar- lámhach go raibh sé go han-bhuidheach de, agus do sgaradar ó chéile. 14. Tháinig an Gar-lámhach a bhaile, agus an áirnéis leis [aige], go dtí an Sliabh Mór, agus do bhíodar annsin nó go dtáinig na gaduidhthe arís air ag tabhairt leo na mbó. Tháinig siad go tráigh Dhúin Inbhir le bárc agus bád fada, agus do chaitheadar an ancaire annsin, agus d'im- thigheadar leó ag siubhal go dtáinig siad go dtí an áirnéis arís, agus do chuireadar tiomáint orra. Do bhí naoi no deich de mhíltibh le siubhal aca tré cnuic agus gleannta agus bogaigh, agus an uair do bhíodar ag caladh na mbád, do bhí an oidhche ann agus an ghealach ag éirghe. Do thoisigheadar [thosnuigheadar] ag cur na mbeithidheach isteac ins na báid fhada; do lean an Gar-lámhach iad, agus
bhuachaill agus a chailín leis, agus thugadar leó beart cocháin agus aithinne teineadh [smearóid] agus do lasadar an cochán ar an árd os cionn na mbád, agus an uair do chonnaic na fir do bhí ins na báid an teine dhearcadar suas agus do chonnaiceadar iomadamhlacht na ndaoine ag rith anuas le fánaidh, agus ní raibh ann acht an triúr ag rith thart thimcheall na teineadh, agus do shíl an mhuinntear thíos gur daoine iad do bhí ag rith anuas. 15. Ní raibh ann acht go raibh an ghealach ag soillsiughadh, agus sgáth na dtriúr do-chonnaiceadar go síorraidhe ag dul thart thimcheall na teineadh, an uair do bhí an cochán lasta, agus shíleadar go raibh na mílte ann. Ní raibh acht aon bhulán amháin aca istigh ins an mbád an uair do-chonnaiceadar an t-amharc sin, agus do chaitheadar an bulán sin amach ins an bhfairrge, agus mar gheall ar an mbulán do chaitheamh amach ins an mbéal baisteadh Béal an Bhuláin mar ainm air. D'imthigheadar leó le huathbhás agus le sgannradh a bhaile, agus thug Gar-lámhach a chuid maoine a bhaile leis, agus an uair do shocruigh sé é féin ins an mbaile, annsin do thoisigh [thosnuigh] sé ag déanamh oibre, agus thug sé leis saoir agus do-rinne sé cúirt ag Béal an Atha Salaigh, agus do-rinne sé clais naoi dtroighthe ar leithead agus naoi dtroighthe ar áirde [aoirde] thart thim- cheall na cúirte, agus do tharraing sé uisge gur líon sé an chlais, i riocht is nár bh'fhéidir le aon duine dul isteach ann, agus do chuir sé luasc-dhroichead air, i riocht is go dtiocfadh leis a tharraingt isteach ins an oidhche agus a chur ar an gclais ar maidin. 16. Do chuir sé biolla cosanta le bruach na claise ar an taobh istigh, i riocht is nach dtuitfeadh a chlann amach nó a mbáthadh. Do bhí an chúirt le feicsin go dtí le gairid, agus do bheadh sí fós ann muna mbeadh go tugadh na clocha aisti,
agus go ndearnadh garrdha gabhann dhíobh, dhá mhíle siar ó Dhubh-ghort. I n-a dhiaidh sin tháinig an Gar-lámhach go ndearna sé daingean ar oileán beag ins an bhfairrge i n-aice le Dubh Ghort, agus is é is ainm do'n oileán - an Dún Mór; agus do-rinne sé ceithre tighthe thuas ar a bhárr, agus is é an chaoi ar chairt sé an lán as agus chaith sé an chréafóg amach ins an bhfairrge - ceithre tighthe dúbailte ba eadh iad. 17. Ursana cloch atá ins an doras i n-áit ádhmaid, agus atá na hursana cloch cúig troighthe ar áirde, agus do réir mar do bhí sé ag árdughadh do bhí sé ag leathnughadh, agus ní raibh ins an doras ar leithead ins an gceap tairsighe acht ocht n-órlaigh déag, agus ceithre troighthe ar áirde. Do bhí an doras ceithre troighthe eile ar leithead mar do bhí sé ag árdughadh, agus ní'l a fhios agam cia an chaoi a raibh sé as sin suas, óir atá sé tuitthe. Tá an t-oileán timcheall trí fichid slat ar fhaid agus fiche slat ar leithead, agus atá ocht bhfeadh ar áirde ann os cionn na fairrge, agus atá áirse ann, agus an fhairrge ag dul thríd mar rachadh árthach. Tíormuigheann sé i riocht is go dtig le duine dul suas air ag strapadóireacht le dhá uair tráighte, agus an uair thuileann sé bíonn sé i n-a oileán, agus bíonn na mílte éan gach uile oidhche i n-a gcodladh air go socair sámh, agus atá sé ráidhte go dtéidheadh an Gar-lámhach do aon léim amháin isteach air ó'n tír mhóir. 18. Atá sliocht Dhiarmuda an Reatha agus sliocht an Ghar-lámhaigh i n-Acaill i gcomhnaidhe. An uair fuair Diar- muid an Reatha bás do osgluigheadh é, agus fuaras [fríoth] sgiathán ar a chroidhe, agus ba é sin an fáth a raibh an luathas mór ann. Is é Pádraig Mac Gréill, atá i n-a chomhnaidhe i nDubh Ghoirt i n-Acaill, d'aithris an sgéal so dom.
VII. Ceap-sinnsear muinntir' Mháille. Ins an tsean-shaoghal do bhí Muinntear Mháille ar sgoith- fhir na hÉireann. Do bhí fathaighe agus an-daoine ar thalamh na hÉireann an uair sin, agus do mharbhuigheadar muinn- tir Mháille go hiomlán, acht aon fhear amháin, agus do bhí ag an bhfear sin buachaill aimsire d'ár bh'ainm Ua hEir- eachtaigh, a bhí i ngar le bheith chomh maith leis féin. 1. Do mharbhuigh na fathaighe an Máilleach an uair do bhí sé dhá mhí pósta, agus d'fhág sin a bhean i n-a bain- treabhaigh, agus do bhí sí oidhche agus lá ag guidhe Dé, a gein chloinne do bheith i n-a mhac an uair thiocfadh sé ar an tsaoghal. Ba mhaith mar thárlaidh. Is mac thug sí chum an tsaoghail, agus an uair do chonnaic sí sin, chaith sí í féin ar a dá ghlún agus thug sí buidheachas do'n Athair Síorruidhe go raibh ádhbhar aon fhear amháin aici a choinneóchadh [choimeád- fadh] an cineadh Mháille beo. Seal gearr i n-a dhiaidh sin, d'imthigh sí as Umhall Uí Mháille agus an páiste léithi, agus chuaidh sí amach go Condae an Chláir, agus ní raibh sí i bhfad annsin nó gur phós fear eile dár bh'ainm Ua Ceallaigh í. Tháinig beirt mhac ar a sliocht, agus shíl an Máilleach, a leas-dhearbhráthair, go mba é a leas-athair a athair féin, agus an uair do mhéaduigh an triúr buachaillidhe sin, do théidheadh siad ar an machaire le himeartas gaisgidh agus bhíodh an Máilleach i gcomhnaidhe i gcomórtas i n-aghaidh na beirte. 2. An uair do bhí an fear ba óige bliadhain agus fiche d'aois, do bhí an triúr ar an machaire lá, ag camánacht.
agus do bhí an Máilleach ag imirt i n-aghaidh na beirte, mar ba ghnáthach leis i gcomhnaidhe, agus is é an margadh do bhí eatortha, cibé taobh do chuirfeadh an báire amach ar an taoibh eile, buille de'n chamán do bhualadh ar an gcloigeann ar an taoibh do leigfeadh amach é. Do bhí an Máilleach ag a chur amach chomh minic go raibh cloigne na beirte gortuighthe aige, agus tháinig fearg orra, agus adubhradar leis nár dhearbhráthair leó é. Tháinig sé isteach go dtí a mháthair agus é brónach go leór. Adubhairt sí leis go mb'fhearr an fear a athair ioná aon fhear a raibh dh'á gcineadh ar thalamh na hÉireann, agus má do bhí amhras ar bith aige ar a cuid cainnte go raibh buachaill ag a athair ba sloinne dhó Ua hEireachtaigh, agus go raibh sé i ngar dhá bheith chomh maith le n-a athair féin, agus go gcualaidh sí ó fhear siubhail a tháinig an bealach le gairid, go raibh sé beó fós, i n-a luighe ar a leabaidh, agus é dall le trí bliadhna. "Agus má's duine ag imtheacht uaim thú," ar sise, "déin do bhealach go hUmhall Uí Mháille, agus do-bhéara sé fáisnéis duit." 3. D'imthigh sé ag triall ar Ua hEireachtaigh, agus an uair do chonnaic a bheirt dearbhráthar sin do leanadar é; ní bheadh siad beo i n-a dhiaidh, adubhradar, le méid ceana agus do bhí aca air. Do bhí an geimhreadh ann agus sneachta mór trom leis, acht níor stad an triúr nó go dtángadar go tigh Uí hEireachtaigh, agus leis an sneachta do bhaint d'á gcuid bróg ag an doras, do bhuaileadar chomh cruaidh na bróga ar an tairsigh gur chualaidh an fear dall do bhí ins an leabaidh na buillidhe, agus adubhairt sé, "Siúd buille ó Mháilleach." 4. Thangadar isteach chum an tighe, agus ag caitheadh a
gcuid clócaidhe díobh, agus ag crathadh an tsneachta asta, adubhairt an fear dall, "Sin neart Máilligh, má tá duine dhíobh beó; tabhair dhom gréim láimhe ort, agus aithneochaidh mé neart do chnámha." Do-chuaidh an fear do b'óige go dtí é [chuige]. Rug sé greim láimhe air. "Ní Máilleach thú," adubhairt an fear dall. Do-chuaidh an dara fear chuigé. Rug sé greim láimhe air. "Ní Máilleach thú," adubhairt sé, "acht an oiread." 5. Do-chuaidh an Máilleach chuige. Rug sé greim láimhe air. "A!" adubhairt an fear dall, "atá cnámh an Mháilligh in mo láimh anois." Do shuidh an Máilleach síos i ngar dó, agus d'aithris sé dhó na focla céadna d'innis an mháthair dó fá ghaisgeadh a athar. Annsin adubhairt an fear dall leis, "Seo é [ag seo] claidheamh d'athar atá agam-sa ó'n lá ar mharbhuigh an fathach é." Do bhí se taobh thall de crochta ar an mballa. Rug an Máilleach ar an gclaidheamh, agus adubhairt sé, "Bainfidh mise sásamh as an bhfathach, nó tuitfidh mé féin." Adubhairt an fear dall, "Ní bhfuil aon tslighe sásaimh agat le baint as acht ar aon chuma amháin. Tá tobar annsin thíos ins an gcoill, agus tá aon áit amháin ann a dtig leat féin dul i bhfolach, agus tiocfaidh an fathach ar uair an dó dhéag gach lá, agus tiomfaidh sé a cheann ins an tobar, agus má bhíonn tú chomh lúthmhar le bheith aige [i n-a fhochair] sul dírighidh sé a cheann, agus do bhuille bheith buailte, nó muna mbeidh, tá tú i gcontabhairt. 6. Maith mar thárlaidh. Do chuaidh an Máilleach amach agus faobhar géar ar a chlaidheamh, le croidhe agus misneach, le sásamh do bhaint amach fá bhás a athar. Do chuaidh sé i bhfolach, mar adubhradh leis, agus an uair
tháinig an fathach, do thom sé a cheann ins an tobar, agus do bhí an Máilleach de léim chuige, agus do bhuail sé an buille sul do dhírigh sé a cheann, agus do chaith sé an cloigeann de'n cholainn. Do-chuir sé gad i n-a chluais, agus tharraing sé i n-a dhiaidh isteach é, chuig Ua hEireachtaigh - an rud do chuir bród ar a chroidhe. "Anois," adubhairt Ua hEireachtaigh, "tiocfaidh a dhearbhráthair i ngearr-am [go gairid] ar a thóir, agus tomfadh sé a chloigeann féin ins an tobar." "Téiridh [téidh] amach agus caith an cholann atá thíos as amharc, agus bí fá réir mar do bhí tú cheana." 7. Do chuir an Máilleach treas faobhar ar a chlaidheamh, agus do shiubhail sé amach le misneach ní b'fhearr ioná do bhí aige cheana. Tharraing sé an cholann mhór do bhí thíos ag an tobar, agus do chaith sé i n-áibhéis í, agus do chuaidh sé i bhfolach. Níor bh'fhada go bhfaca sé an fathach mór ag teacht, do bhí chomh hárd le crann, agus an uair tháinig sé chomh fada leis an tobar, thom sé a cheann ann, mar do rinne a dhearbhráthair roimhe sin. Thug an Máilleach truisle [troslóg], agus do bhí sé ag an tobar an uair do bhí an fathach ag tógbháil a chinn, agus do bhuail sé buille ar bhaic a mhuinéil air, agus do chaith sé an cloigeann mór isteach ins an tobar, agus do thuit an cholann siar ar thalamh thirm, ag lémnigh le báinidhe, an feadh do bhí aon urradhas ann. Do chuir an Máilleach gad i n-a chluais, agus do tharraing sé an ceann isteach i n-a dhiaidh - rud do chuir bród mór ar Ua hEireachtaigh. 8. "Anois," adubhairt Ua hEireachtaigh, "atá tuilleadh le déanamh agat. Atá an ceann is mó dhíobh go huile thall ar an oileán, agus is é an chomhartha bhíodh aca teine do
chur ar an árdán agus thiocfadh an fear thall anall, agus má bhíonn tú chomh maith agus go mbeidh tú roimhe, caithfidh tú dul ainach i n-a aircis, nó má leigeann tú isteach ar thalamh é tá tú i gcontabhairt." 9. Do chuir an Máilleach an teine amach, agus do-chuaidh sé go dtí an áit adubhairt an fear dall leis do bheith an áit a dtiocfadh an fear thall anall - agus ní fada go bhfaca sé an gíoplach ag teacht ag iomrádh a churacháin, agus do chuaidh sé amach i n-a aircis go dtí a chom ins an bhfairrge, agus mar do bhí culaidh an chéad fhathaigh do mharbhuigh sé, air, do shíl an fathach mór go mba a dhear- bhráthair do bhí ag teacht amach i n-a aircis nó gur bhuail sé buille dá chlaidheamh ar a mhuinéal, agus do thuit an cloigeann isteach ins an gcurachán, agus do léim an cholann amach ins an bhfairrge. Thánig an Máilleach a bhaile chuig an fear dall, agus an cloigeann leis [aige] - an rud do chuir glionndar ar a chroidhe. Do chaitheadar an oidhche sin le sult agus le greann. 10. Ar maidin lae ar n-a bhárach d'imthigh an Máilleach agus thug sé leis a mháthair agus a leas-athair as Condae an Chláir, isteach go h-Umhall Uí Mháille agus thóg sé seilbh ar árus na bhfathach, agus ní ghlacfadh an bheirt dhearbhráthar ainm a n-athar do bheith orra, acht Máille as sin amach, agus sin é an fáth a bhfuil cuid de na Máillighe níos lugha ioná a chéile. An treabh a tháinig ó mhuinntir Cheallaigh atá siad chomh beag le bunadh ar bith eile ins an tír, acht atá treibh na Máilleach mór-gníomhamhuil le gaisgeadh i gcomhnaidhe agus beidh go bráth. Is é Uilliam Pléimeann do innis an sgéal so.
VIII. Fionn Mac Cumhaill agus ridire an Gháire. 1. Do bhíodh an sgéal so d'á aithris fad ó shoin, agus is fad ó bhí, dá mbeinn-se ann an uair úd agus a bheith ann anois ba chríona liath an sgéalaidhe mé; bheadh sgéal nuadh nó sean-sgéal agam; do chumfainn féin sgéal nó bheidhinn gan aon sgéal. Acht is é rud do bhí mé ag brath ar a rádh go raibh fear ann d'ár bh'ainm Fionn mac Cumhaill, agus do bhí sé i n-a dhuine de na Fiannaibh. Do théidheadh sé féin agus na Fianna eile amach ag seilg gach uile lá, agus ar tuitim na hoidhche bhíodh siad ins an mbaile arís. Aon lá amháin do-chuaidh Fionn agus na Fianna amach ag seilg, agus do bhíodar ag siubhal i gcaitheamh an lae tré coiltibh agus tré sléibhtibh nó go dtáinig an tráth- nóna, agus do bhí siad ag tarraing a bhaile an uair do rinne Fionn moill i n-a ndiaidh. Do bhí sé tuirseach, sáruighthe dé bhárr an lae, agus shuidh sé síos ar chnocán le taoibh na fairrge, ar aghaidh na gréine, le n-a sgíth do leigean. Ní raibh sé i bhfad i n-a shuidhe an uair tháinig gasúr [garsún] beag agus do shuidh sé le n-a ais. 2. "Cuir aimsir orm-sa," ar seisean. "Maise cad é an mhaith thú féin? Ar ndóigh ní bhfuil iomchar na n-éanlaith féin ionnat [ní'l tú láidir go leor] an bhfuil? Cad é an mhaith do bheadh dam ionnad? Nó cad dó dhéanfá dham dá gcuirfinn aimsir ort?" arsa Fionn. "An uair is mó do bhuaidhreadh nó do thrioblóid buainfidh mé gáire asad. Agus áit ar bith i n-a mbeidh do ghnótha nó teachtaireacht le déanamh, rachaidh mé ann go luath agus go tapaidh," ars' an gasúr [garsún].
3. "Tá go maith," arsa Fionn mac Cumhaill, "Cad é an t-ainm do bhearfas mé ort?" "Tabhair an "Gearrbhodach Gar Gasta" orm," ar sisean. Do bhí go maith agus ní raibh go holc. Thug sé an gasúr [garsún] a bhaile leis, thug biadh dhó, agus do chuir a chodladh é. Do bhí fear eile de da Fiannaibh d'ár bh'ainm dó Conán ins an tigh céadna. D'éirigh Conán ar maidin leis an dara tráth de choileach agus do bhuail sé dorn ar an ngarsún, "Bí ad' [i do] shuidhe," ar seisean, "tá gnó ag do mháighistir díot." D'éirigh an garsún, do nigh sé agus do ghlan sé é féin, agus do-chuaidh sé go dtí n-a mháighistir. D'fhiafruigh sé dhe an raibh sé ag teastbháil uaidh. "Tá," arsa Fionn mac Cumhaill. "Caithfe tú dul go dtí an Domhan Toir agus an Corn Cain, as a dtigeann na seacht gcinéil biotáile, agus d'á bhfuil na trí fathaidhe, Beó, Ró, agus Cró ag tabhairt aire dhó a thabhairt chugam." "Caithfe mé mo mhargadh do choimhlionadh," ar seisean. 4. D'imthigh sé ar aghaidh agus do bhí sé ag siubhal riamh agus choidhche nó go dtáinig sé go bruach na fairrge. Tharraing sé sgian agus cipín maide amach agus do rinne sé long luath láidir i n-a rachadh seacht gcatha na Féinne. Do-chuaidh sé isteach ins an loing agus do bhuail sé buille d'á chois uirre, agus do chuir sé naoi míle amach ins an bhfairrge í, ag treabhadh na dtonn fíor dhoimhin, agus ag cur an ghainimh do bhí i n-a íochtar i n-a uachtar; ag éisteacht le héisg mhóra, míola, rónta, bric bheaga an bhéil dheirg ag éirghe ar bhois agus ar chois an
mhaide rámha, nó gur stiúir sé a long glan, díreach, agus gur bhuail sí cuan ins an Domhan Toir. Do chaith sé amach ancaire gan moill agus do stad an long. D'imthigh sé isteach thríd an tír cum go dtáinig sé go tigh na bhfathach mór. Do bhí beirt de na faithighe, Beó agus Ró amuigh ag fiadhach, agus do bhí an fathach mór, Cró, i n-a shuidhe ar chathaoir ag an teine agus é i n-a chodladh, agus gach aon tsrann aige; do chloisfidhe cúig míle bhealaigh ag srannfadhghail é. Do bhí cailín an tighe ag sguabadh thart agus ag réidhteach suas. Do bheannuigh sí dhó, agus do bheannuigh sé di. D'fhiafruigh sé di cá raibh an Corn Cam as a dtigeadh na seacht sóirt biotáile. 5. "Ara! go mba seacht measa bheidheas tú bliadhain ó ndiu, a gharsúin ghrána," ar sise, "dá bhfeicfeadh na fathaighe thú do réabfaidís an croidhe asad. Fág an teach so ar an toirt nó beidh do anam agam." D'ionnsuigh sé an cailín agus do sgiob sé a ceann di le n-a chlaidheamh. Rug sé leis an Corn Cam annsin, agus as go bráth leis. Thug sé a aghaidh glan díreach ar an áit i n-ar fhág sé an long. Go gairid i n-a dhiaidh sin do bhuail tart duine de na faithighibh agus tháinig sé isteach chum deoch d'fhagháil. D'fhiafruigh sé de Chró cia mharbhuigh an cailín agus cá raibh an Corn Cam. "Do-chonnaic mé garsún beag ag dul amach ó chianaibh," ar seisean, "agus measaim gur b'é do mharbhuigh an cailín agus do ghuid an Corn Cam." 6. "Maise," ars' an fathach, "má's é Céadtach mac Ríogh na Solladh do bhí ann, ní thiocfaidh mé suas leis."
7. Do lean sé an garsún i muinighin anma. D'imthigh sé leis agus d'imthigh seisean; bhéarfadh sé míle de chois- céim agus fiche míle de thorslóig. An áit do bhí íseal do'n ngarsún b'árd í do'n fathach, agus an áit do bhí árd do'n ngarsún b'íseal í do'n fathach. Is é sin an uair do bhíodh an fathach ag dul suas i n-aghaidh an chnuic bhíodh an garsún ag dul síos ar an taoibh eile; agus an uair do bhíodh an fathach i mbárr an chnuic do bhíodh an gar- sún ins an ngleann ag bun an chnuic eile. Do bhí siad ag imtheacht mar sin nó gur bhain an garsún fairrge amach is go ndeachaidh sé isteach ar bórd luinge. Ar dul isteach dó ins an luing tháinig an fathach i bhfuigseacht cainnte dhó, "A gharsúin is feárr do chonnaic mé riamh," ar seisean, "tabhair aon deoch amháin dam as an gCorn Cam agus ní iarrfaidh mé aon deór as arís go bráth." "Is cruaidh an tóruigheacht chuirfeas tú air," ar seisean, "má ólann tú aon deór choidhche as." Do bhuail an garsún buille d'á chois ar deireadh na luinge agus do chuir sé naoi míle amach ins an bhfairrge í, aghus níor stadadh léi nó gur shroith sí cuan i nÉirinn. Chomh luath agus do léim sé amach as an luing, chuir sé séideóg innti, agus d'imthigh sí mar do bheadh ceo ins an aer gan fios a tuairisge. 8. An uair tháinig sé go dtí Fionn mac Cumhaill agus leag sé an Corn Cam ós a chomhair, ní misde a rádh go raibh fáilte mhór roimhe, nídh nach iongnadh. "Ní bheidh tart orainn arís go deo," arsa Fionn Mac Cumhaill. "Ní bheidh an corn so folamh choidhche." Do-rinne Fionn agus Fianna Éireann fleadh mhór do'n nGearrbhodach Gar Gasta, agus do chaitheadar an oidhche
sin trian de le fiannuigheacht, trian le sgéaluigheacht, agus an trian eile le trom-shuan agus sámh-chodladh. 9. An uair d'éirigh an garsún do chuir sé bos nighte ar a éadan, do ghléas sé agus do ghlan sé é féin, do chaith sé biadh agus chuaidh sé amach leis na Fiannaibh ag fiadhach. An uair do bhí an lá buaidhte, caithte, tharraing siad a bhaile; acht do bhí Fionn mhac Cumhaill tuirseach, sár- uighthe de bhárr an lae, agus do shuidh sé síos ar an taoibh ó dheas de chnocán do bhí ar aghaidh na fairrge le n-a sgíth do leigean. Tháinig an garsún agus do shuigh sé le n-a ais. "An áit i mbeidh an máighistir," ar seisean, "is ann is cóir do'n mbuachaill do bheith." "A Fhinn mhic Cumhaill," ar seisean, "dearc siar ar an bhfairrge úd shiar." Do dhearc Fionn siar. "An bhfeiceann tú dadadh?" ars' an garsún. "Do-chím, arsa Fionn, "corrach beag i bhfad uaim, idir mé agus bun na spéire, agus fear ann. Tá an fear i n-a shuidhe síos, agus gan duine i n-a fhochair acht é féin. Tá sé ag tarraing orainn go luath. "Seachain an fear sin," ars an garsún. "Sin é do namhaid; agus mar [muna] dtugaidh tú aire dhuit féin gheobhaidh sé an lámh uachtair ort. Is é an t-ainm atá air an Sceithín Sceitheamhlach agus tá an feall ann." "Is ar éigin do bhí na focail amach as a bhéal an uair do bhí sé i n-a shuidhe le n-a n-ais. Tharraing sé team- poll mór ar bhárr an chnocáin, agus do shuidh sé síos arís i n-aice Fhinn ar taoibh an chnocáin. 10. "A n-imreóchthá cluithche, a Fhinn mhic Cumhaill?" ar seisean. "Ní raibh mé aon lá riamh nach n-imreoghainn," adubhairt Fionn mac Cumhaill.
Do thosnuigheadar ar imirt. Do chuir an Sceithín Sceith eamhlach an chéad chluithche ar Fhionn mac Cumhaill agus do chuir Fionn an dara cluithche ar an Sceithín Sceitheamhlach. 11. "Tabhair féin do bhreith i dtosach, ó thárla gur tú fuair an chéad chluithche," arsa Fionn. "Cuirim fá geasa draoidheachta thú gan trí oidhche do chodladh ar aon leabaidh, ná trí béile bídh do chaitheamh in aon teach go dtugaidh tú chugam sgéala cad é an fáth gur chaill Ridire an Gháire a shúile, a fhiacla, agus a gháire: agus cad é an fáth nach ndeárnaidh sé aon gháire le seacht mbhliadhna." "Mhaise," arsa Fionn mac Cumhaill, "cuirim-se thusa fá geasa draoidheachta do chosa is do choimeád bheathadh do bhaint díot, thú do dhul i mbárr spíce an teampuill sin, agus gan do bheith de dheoch agat acht gach do séidfidh an ghaoth as pota bréan-uisge nó go dtugaidh mise sgéal chugat cad é an fáth gur chaill Ridire an Gháire a shúile, a fhiacla, agus a gháire; agus cad é an fáth nach ndeár- naidh sé aon gháire le seacht mbliadhna." 12. Do-chuaidh Fionn agus an garsún a bhaile annsin. Do bhí Fionn brónach go leor, nídh nach iongnadh. An uair do shuidh Fionn síos ins an gcathaoir do-rinne sé osnadh, agus do phléasg an chathaoir ar gach taoibh de leis an méid do at sé de dhruim an osnaidh. D'éirigh an garsún i n-a sheasamh agus rug sé ar chamán agus liathróid, ag imirt leó chomh dicheallach is dá mbeadh lán an tighe i n-a aghaidh. Do-rinne Fionn gáire. "A gharsúin," ar seisean, "cia b'é ar a bhfuil buaidhreadh, ní bhfuil buaidhreadh ar bith ort-sa." "Do gheall mé dhuit an uair is mó do bheadh buaidhreadh
ort go mbainfinn gáire asad," ars' an garsún. An lá ar n-a mhárach fuaradar long ullamh do bhéar- fadh ar an ngaoith Mhárta bheadh rómpa, agus ní bhéarfadh an gaoth Mhárta bheadh i n-a diaidh uirre, agus d'imthigh siad ar thuairisg Ridire an Gháire. Lá breágh d'á raibh siad i n-a seasamh ar bhórd na luinge agus an gluaiseacht céadna fútha do bhí Fionn ag breathnughadh go grinn timcheall air, agus adubhairt sé: 13. "Cia an chúirt áluinn í sin do-chím, i n-a bhfuil gach uile dath ins an domhan innti, agus dhá dhath ós cionn an iomláin?" "Is í Sorcha óg Ní Mhaineannáin atá i n-a comhnuidhe ins an gcúirt sin, agus is í mo mhathair-se í," ars' an garsún. "Tig leat cuairt do thabhairt go dtí an chúirt, acht ná ith an biadh agus ná hól an deoch do thiubharfaidh mo mháthair duit. Agus is é an t-ainm do bhéarfas tú orm-sa Céadtach mac Ríogh na Solladh." Do thúirling siad de'n luing agus do-chuaidh siad suas go dtí an chúirt agus do bhí fáilte mhór rómpa. D'iarradh orra suidhe ag bórd agus cuid de'n bhiadh breágh do bhí air do chaitheamh. Adubhairt Fionn le Sorcha óg Ní Mainean- náin nach (m)blaisfeadh sé greim bídh ná dighe i n-a cúirt acht air choingheal go leigfeadh sí Céadach d'imtheacht leis. "Leigfe mé leat é," ar sise, "má gheallann tú dham go dtiubharfaidh tú ar ais chugam é beo nó marbh." "Béarfaidh mé ar ais chugat é beo nó marbh," ar seisean. 14. "Tá go maith," ar sise, "agus an uair bheas tú ag teacht ar ais bíodh brat geal ar thosach na loinge má bhíonn sé beó, agus muna mbeidh sé beo, is é sin, má
bhíonn sé marbh bíodh brat dubh ar thosach na luinge agat." Do chaith siad biadh agus d'fhágadar slán agus beann- acht ag Sorcha óg Ní Meanannáin. Do-chuaidh siad go dtí an tír i n-a raibh Ridire an Gháire i n-a chomhnaidhe. 15. "Cia hiad na gaiscidhigh seo ag teacht? Is teann atá siad," arsa Ridire an Gháire. "Is éigean dam iad do mharbhughadh má's féidir liom é." An uair tháinig sé cóin fada le Céadtach do rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; do dhéanfadh siad bogán [bogach] de'n chreagán agus creagán de'n bhogán [bhogach], toibreacha fíor-uisge ag fás tré lár na cnocán. An chéad chor bhain Céadtach as an Ridire chuir sé go dtí n-a choróga ins an talamh é, agus an dara cor go imeall a bhráighde. "Fód glas ós do chionn, a bhodaigh," ar seisean. 16. "A ghaisgeadhaigh is fearr do-chonnaic mé riamh, im- pighim ort, mo cheann, mo chosa agus mo choiméad beathadh do leigean liom, agus rud ar bith atá tú ag iarraidh caithfe tú é d'fhagháil," arsa Ridire an Gháire. "Innis do Fhionn mac Cumhaill," arsa Céadtach "cad é an fáth gur chiall tú do shúile, do fhiacla, agus do gháire; agus cad é an fáth nach ndearnaidh tú aon gáire le seacht mbliadhna." "Déanfad é sin go fonnmhar," arsa Ridire an Gháire. "Do bhí mé seal de mo shaoghal agus do bhí seisear mac agam, acht maidean Luain Bealtaine tháinig geirrfhiadh agus do shuidh sé ag an bhfuinneoig sin amuigh. D'fhiasruigh sé an raibh mac ríogh nó ridire annso do leanfadh an geirr- fhiadh ag a raibh fleasg óir i gcúl a chinn agus fleasg airgid i gclár a éadain. Adubhairt an mac ba shine agam
go raibh. D'éirigh sé, chuir sé a chú le n-a chois, a sheabhac le n-a bhois, agús do-chuaidh sé féin ag marcaidheacht ar each caol dubh. Do lean sé an geirrfhiadh go ndeachaidh sé go dtí an cnocán úd thall. D'oscail doras ins an chnoc, do-chuaidh siad isteach ann, agus ní fhacaidh mé ó shoin iad. Ní'l bliadhain ar feadh sé bliadhna nach dtigeadh an geirr- fhiadh nó go dtug sé leis gach uile dhuine de mo chlann mhac. An seachtmhadh blíadhain tháinig sé arís agus d'iarr sé orm féin dul leis, agus níor bh'fhéidir liom é d'eiteach. D'oscail doras ins an chnoc agus do-chuaidh mé isteach. Do-chonnaic mé istigh romham an Giostaire Liath agus an Chailleach Bheárnach. Do bhí an Giostaire Liath i n-a shuidhe i n-aice na teineadh agus torc mór muice bruithte aca. D'ith siad féin a sáith de, acht níor thug siad aon ghreim damh-sa. D'fhiafruigh an Giostaire Liath dhíom-sa an im- reochainn cluithche. Do chuir sé a cheann isteach i slabhra agus do chaith sé chugam-sa anall é. Adubhairt sé liom- sa mo cheann do chur isteach ann, agus do chuireas. "Tarraing!" ar seisean. "Tarraing féin!" arsa mise. Do tharraing sé agus do chuir sé ar mhullach mo chinn ins an teine mé. Do bhruith siad agus do loisc siad mé ó mhullach mo chimn go bunaibh mo chos. Do chaill mé radharc mo shúl, do thuit mo chuid fiacla, tugadh mo chlann mhac uaim, sgaipeadh mo shaidhbhreas agus mo mhaoin, agus tá mé annso lag críon liath. Is é sin an fáth nach ndearna mé aon gháire le seacht mbliadhna." 17. "Is maith an t-adhbhar é" arsa Céadtach, "téanam go bhfeicimíd iad." D'imthigh Céadtach, Fionn, agus Ridire an Gháire, agus níor stadadar go ndeachadar isteach ann. Fuair said an
Giostaire Liath agus an Chailleach Bheárnach i n-a suidhe ann. Do chuir siad fáilte roimh Céadtach mac Ríogh na Solladh agus roimh Fionn mac Cumhaill, acht níor labhair siad cor ar bith le Ridire an Gháire. 18. "Tabhair dam," arsa Céadtach, "an slaitín draoidh- eachta agus máilín na n-asarluidhe." "Tá siad crochta suas ar chúl na gaibhle, agus tabhair leat iad," arsa an Giostaire Liath. "Anois," ar seisean, "Tá mé ag iarraidh seisear mac Ridire an Gháire, agus a chuid eachraidhe agus seoda slán, fuláin." "Sin iad annsin iad i n-a gclochaibh beaga agus i n-a gclochaibh móra ar fud an tighe," ars' an Chailleach Bheár- nach. Do bhuain Céadtach an draoidheacht díobh agus de Ridire an Gháire, agus do bhíodar slán arís. An uair do chonnaic Ridire an Gháire a sheisear mac amach roimhe ag marcuidheacht ar a gcaplaibh do-rinne sé aon gháire amháin agus do chuadhlaidh Sceithín Sceitheamhlach thall i n-Éirinn é, agus do thuit sé anuas marbh de bharr an teampuill. 19. D'fhág Céadtach agus Fionn Mac Cumhaill slán agus beannacht ag Ridire an Gháire. Do thrialladar ar Sorcha óg Ní Meanannáin, máthair Chéadtaigh, agus le méid a luathgháire do saoileadh go mbáithfeadh sí le deoraibh é, go múchfadh sí le pógaibh é, agus go dtiormóchadh sí é le brataibh glana síoda agus sróill. Adubhairt Sorcha óg Ní Meanannáin dá mbeadh brat dubh ar thosach na loinge an uair do bhí sí ag teacht tar n-ais go mbáithfidh í.
Do ghabh Fionn mac Cumhaill a bhuidheachas le Céadtach mac Ríogh na Solladh fá é thabhairt tré gach gábhadh, agus tháinig Fionn a bhaile slán go hÉirinn. 20. Bean aosta, ó Chondae na Sligeach, do aithris an sgéal so timcheall fiche bliadhan ó shoin, thall i Phila- delphia U.S.A. IX. An Dreoilín. 1. Ins an tsean-aimsir do bhi cruinniughadh ag éanlaith an aeir, agus chinneadar ar rígh do bheith ós a gcionn. Adubhradar cia ar bith éan is áirde [aoirde] eitleóchadh gur b'é a bheadh i n-a rígh orra. An uair do chualaidh an dreoilín sin, d'imthigh leis, agus chuir sé é féin i bhfolach fa[oi] sgiathán an iolra. Mar bhí sé beag, budh fhuras folach do chur air, agus mar do bhí sé éadtrom níor airigh an t-iolra [iolar] a mheádhchan. Do chuadar uile ag eitleadh, acht budh é an t-iolra [iolar] is áirde [aoirde] do-chuaidh. Annsin do sgread sé amach agus adubhairt: 2. "Is mise rí na n-éan!" Níor dheárnadh an dreoilín faillighe; d'eitil sé amach ó sgiathán an iolra, agus mar nár fhéad an t-iolra a dhul [dul] níos áirde, óir bhí sé tuirseach sáruighthe. Do chuaidh sé suas níos áirde ioná an t-iolra, agus adubhairt: "Ní tusa acht mise rí na n-éan." Agus ó'n lá sin goirthear "rí na n-éan" ar an dreoi- lín. An uair bhíos aos óg ag dul thart leis lá Féile Steapháin, is gnáthach leo an rann do leanas do rádh. Áit ar bith nach [bh]fuil eolas ar an Gaoidhilge [nGaedhilg]
abruigheann siad ráiméis Bhéarla, acht ní'l sé i gcom- órtas [ní comórtas é] leis an rann a deirtear ins an nGaoidhilge:- 3. "A dhreoilín, a dhreoilín, rí na n-éan, Is mór do mhuirighin, is beag thú féin, Éirigh suas, a bhean an tighe, A's tabhair dhúinn ubh na circe duibhe Atá shiar i gcúl an tighe." Do chualaidh an sionnach go raibh an dreoilín i n-a rígh agus adubhairt sé: "Ó thárla go bhfuil mise ag marbhadh éanlaith, ní stadfaidh mé nó go marbhóchad an rí." D'im- thigh leis [ar aghaidh], agus do bhí sé ag imtheacht gur casadh nead dreoilín leis [air]. D'fhiafruigh sé:- "An bhfuil an rí agaibh annsin?" D'fhreagair an sean dhreoilín é, agus adubhairt go raibh. D'fhiafruigh sé de'n tsionnach cia an gnó do bhí aige de'n rígh. "Atá," ars' an sionnach, "go marbhóchaidh mé é." "Maise," ars' an dreoilín, "an ndéanfaidh tú slad ar a chlainn?" "Ní dhéanfad," ars' an sionnach. "Tá go maith," ars' an dreoilín, "druid aníos leis an neid." Chomh fhad [an fhaid] agus do bhí an sionnach ag druidim aníos adubhairt an sean-dhreoilín: 4. "Trí [tré] n-a chéile, a chlann, trí [tré] n-a chéile, a chlann." Do chuir an sionnach a cheann isteach ins an neid, acht tar éis dearcadh go grinn orra, adubhairt, "Ní aithnighim cia agaibh an rí," agus d'imthigh leis gan dochar 'ná díogh- bhail do dhéanamh ar an dreoilín ná ar a cuid cloinne. - Domhnall Ó Fotharta, ó Chondae na Gailmhe, do aithris an aiste seo i "Siamsa an Gheimhridh."
An Púca. Is beagh baile ar fud na hÉireann nach (bh)fuil cnoc nó aill, gleann nó poll ann thógas a ainm ó'n bpúca; acht cia an sórt feithide é; is beag, an-bheag a bhfuil a fhios sin aca. Adubhairt file éigin go raibh an púca ann "ó aimsir na díleann," agus gur iomdha athrughadh do chuireann sé air fein; go mbíonn sé "i n-a chat agus i n-a mhad[r]adh ins an oidhche, agus ní túisce mar sin é 'ná i n-a shean-ghearán bhán." 1. Is gnáthach leis an bpúca marcuigheacht do thabhairt do dhuine ar bith fhaghann sé amuigh an uair atá [bhíonn] sé féin ag siubhal; agus atá dhá chaoi ar a dtugann sé marcuigheacht. An chéad nós: - an uair chastar i gcos- amhlacht dhuine é; annsin, duine air bith gur mhaith leis marcuigheacht do thabhairt dhó, buaileann sé ar a dhruim é - ceann an mharcaigh shíos le talamh, a chosa shuas, a éadan le druim an phúca, muinéal an phúca idir dhá chois an mharcaigh. Beireann sé ar chaol gach coise leis an marcach i n-a dhá láimh, agus tógann sé mar sin é thar sléibhtibh agus gleanntaibh, treasna thar loch agus lochán, suas agus anuas na cnuic, agus an uair atá [bhíonn] an marcach sáruighthe, tuirseach, tairngthe, caitheann sé anuas ar an talamh é, agus leigeann sé ar siubhal [chum siubhail] mar sin é. 2. An chaoi eile - an uair dhéanann sé capall de féin: cuireann sé a cheann idir dhá chois an té ar mian leis cath-mhagadh a dhéanamh dhe; tógann sé mar sin ó'n talamh é, agus bíonn sé ag méadughadh nó go mbíonn sé chomh mór le capall; annsin, sin dhuit an marcach ar a dhruim
ag gabháil scartha, .i. cos ar gach taoibh de, agus cead aige greim do chongbháil nó é féin do leigean le talamh, agus a chnámha do bhriseadh, b'fhéidir. 'Sé is minic dhéanas sé, greim docht do chongbháil air, agus siúd ar siubhal é cia ar bith áit thoigreóchas an púca é thabhaird leis, agus ní'l dhá luaithe imthigheas an púca nach amhlaidh is cruaidhe chongbhuigheas an marcach greim muinge air. 3. Cor-uair castar marcach glic do'n phúca [ar an bpúca] a chuireas i n-úil dó nach dtig leis magadh a dhéanamh i gcómhnuidhe. Do bhí ceannuidhe ann fad ó, agus tháinig sé go Cuan na Mara sul a raibh bóithre déanta ann, agus ar marcuigheacht do tháinig sé. Fuair sé lóistín, óir bhíodh fáilte agus fiche an t-am soin ann roimh fhear bóthair agus bealaigh, agus do bhí cáil agus cainnt i bhfad is i ngar ar fhlaitheamhlacht agus ar fhéile muinntre Iar- gConnacht. Do bhí go maith, leig sé a chapall amach ar fuid na ngort, agus do chuaidh sé féin a chodladh. An uair do bhí a sháith codlata aige, d'éirigh sé i n-a shuidhe, d'ith sé a bhéile, agus do ghléas [sé] é féin le haghaidh an bhothair. 4. D'aithin sé ar na réaltaibh go raibh sé níos moiche ins an oidhche 'ná [mar do] shaoil sé, acht adubhairt sé leis féin go mb'fhearr dhó bheith ag cur an aistir dhe. Do chuaidh sé ar thóir a chapaill, acht cia casadh leis [cia chasfaidhe air] acht an púca! Do bhuail sé an ceannuidhe ar a dhruim agus do ghluais sé leis. Ar dtús ní raibh faoi acht sodar, acht d'éirigh sé i n-a chos-in-áirde [i n-a chosa i n-áirde] go luath. D'imthigh sé mar an ngaoith, tré bhogach agus cruadhas, treasna na n-abhann, suas agus anuas na cnuic, acht do chinn ar an bpúca an fear do
chaitheamh dhe. Thug sé searsa [rása luath] eile go dtáinig sé i n-aice le habhain mhóir, agus do bhí sé ar tí léim do thabhairt treasna gur chuimhnigh an ceannuidhe go raibh a chuid spur ar a shálaibh. Thug sé buille láidir le n-a dhá sháil, agus chuir sé na birínidhe go feoil ins an bpúca. Do gheit agus do chriothnuigh sé; agus d'iarr sé d'ath- chuinge ar an gceannuidhe na birínidhe do bhaint as, agus go leigfeadh sé ar siubhal é. Do-rinne an ceannuidhe sin, agus do chaith an púca d'á dhruim anuas é, agus siúd de léim thar an abhainn é. Acht do ghabh aithmhéala an ceannuidhe [toisc] gur leig sé an púca chomh réidh sin uaidh; agus shaoil sé é mheal- ladh ar ais, go gcuireadh sé [de] reachtaibh air gan leanmhain d'á chleasannaibh ní ba mhó. Mar soin d'iarr sé air teacht treasna na habhann arís. "An bhfuil na birínidhe ort i gcomhnuidhe?" ars' an púca. "Tá siad," ars' an fear. "Má tá," ars' an púca, "fan mar tá tú; ní rachaidh mise i do ghoire ná i do ghaobhar go mbainidh tú dhíot iad. Tá mé réidh leat an t-am so, acht má fhaghaim greim ort uair eile, agus tú bheith ar easbaidh na spur, beidh a fhios agat-sa méid mo dhíoghaltais i dtaoibh na gcleas do imir tú orm." - Domhnall Ó Fotharta do scríobh é seo do "Shiamsa an Gheimhridh."
XI. An Lioprachán. 1. Ins an tsean-aimsir, sul do lobh na fataidhe - an rud do dhíbir ar fuid an domhain muinntear na hÉireann, agus do choisg gach uile shean-ghnás agus gach siamsa do bhí aca de chleachtaibh a seacht sinnsear - ins an am soin do bhí fear ag siubhal leis féin lá thríd a chuid talmhan le bánughadh an lae, agus ceard [cad] do chonnaic sé uaidh acht lioprachán, agus é i n-a chodladh ar thuláinín [tulacháinín] deas féarmhar do bhí ar a aghaidh. Rith sé air [chuige], rug sé air, agus thug sé leis abhaile é. Do shaoil sé go dtiocfadh leis airgead d'fhagháil uaidh, agus an uair nach raibh sé ag a fhagháil [aige], do cheangail sé go dlúth, docht é, agus do chuir sé ins an gcófra [gcomhra] fá ghlas é. Do bhí mar sin go ceann a seacht mbliadhna. Fá cheann seacht mbiadhan i n-a dhiaidh sin do bhí an fear céadna ag siubhal le ciumhais na fairrge lá, gur casadh sail dó [air]. An uair tháinig sé a bhaile d'innis sé dhóibh mar fuair sé an tsail; agus leis sin thosnuigh an lioprachán ag gáire istigh ins an gcófra. Níor chuir fear an tighe ceist ná cómhrádh air cia an fáth do bhí leis an ngáire. 2. Do bhí go maith; chongbhuigh sé seacht mbliadhna eile é gan greim gan deoch. Fá cheann na haimsire sin tháinig fear siubhail isteach la ins an teach [tigh] i n-a [mar a] raibh an lioprachán ins an gcofra ann; do bhí biadh gléasta, agus d'iarr fear an tighe ar an bhfear bocht druidim leis an mbórd agus greim d'ithe. Ní dhéanfadh sé é sin, agus chuaidh sé amach arís gan blas de'n bhiadh d'ithe; agus mar do-chuaidh sé amach thar an táirsigh rinne an lioprachán gáire mór istigh. Níor chuir fear an tighe
aon tsuim ins an ngáire seo, acht an oiread leis an gcéad gháire; agus do chongbhuigh sé fá ghlas é go ceann a seacht mbliadhna arís. I gceann an ama soin do-chuaidh fear an tighe in [chum] aonaigh do bhí i bhfad uaidh,agus an uair tháinig sé a bhaile, is é an chéad rud do chuala sé, an lioprachán ag gáire amach ins an gcofra [gcómhra] istigh. "Is é seo an tríomhadh gáire do-rinne sé le bliadhain is fiche," arsa fear an tighe, "agus beidh a fhios agam cia an fáth do bhí leo." 3. Do-chuaidh sé go dtí an gcófra [gcómhra], agus d'fhosgail sé é. "A liopracháin ghránna," ar sé, "innis dham ar an toirt cia an fáth do bhí leis na trí gháiríbh a rinne tú. Tá tú agam le bliadhain is fiche, agus ní dheárna tú acht na trí gáiridhe sin." "Do b'fheárr dhuit féin gan an fáth do chlos," ars' an lioprachán. 4. "Innis dham anois cia [cad] fá a ndeárna tú an gáire." "Glac mo chomhairle," ars' an lioprachán, "tá go leor neitheadh a mb'fhearr dhuit bheith gan eolas agat orra, mar adeir an sean-fhocal, "An rud nach gcluineann an chluas, ní chuireann sé buaidhirt ar an gcroidhe." "Éist liom-sa anois, agus leig de do chuid cómhráidh; cia [cad] an fáth a ndeárna tú gáire, nó deamhan as so rachas tú go mbainidh mé an cloigeann díot." "Ná déan soin," ars' an lioprachán, "acht glac foighid [foighne] nó beidh áithmhéala ort." "Ní ghlacfaidh mé níos mó grabhsaireacht uait-se," arsa
fear an tighe; agus rug sé ar an lioprachán, agus do bhí sé ar tí an ceann do chasadh dhe, mar chasfá an cloigeann de dhreoilín. 5. "Fóil, fóil," ars' an lioprachán, "is feárr dham fáth agus ádhbhar na dtrí ngáire d'innseacht [d'innsint] ná mo cheann do chailleamhain. Maise, is é an fáth do bhí leis an gcéad gháire: - an tsail fuair tú cois na fairrge (má's cuimhneach leat é), do bhí sí tollta, folamh i n-a lár agus í lán d'ór, agus d'airgead, agus do bhí a fhios agam-sa go leigtheá uait go fánach an saidhbhreas do bhí innti i n-ionad sochair do bhuaint as do do [dod'] mhuirighin laig; agus tú féin chomh sanntach, cruaidh, congbhálach sin, freisin, agus go mb'fheárr leat dul gan deoch ioná deoch do cheanach. Is é fáth an dara gháire: an fear siubhail a tháinig isteach agus a dhiúltaigh do'n bhiadh, ní eireochadh dhó mar thárla dá bhfanfadh sé agus greim do chaitheamh, mar nár shiubhail sé i bhfad ó'n teach [tigh] gur baineadh tuiseal as, agus gur bhris sé a chosa is a chnámha. Fáth an tríomhadh gháire:- b'fheárr liom gan é innseacht [innsin] duit. Glac mo chomhairle, agus bí sásta le fios agus fáth an dá gháire do bheith agat." 6. "Ní'l mé sásta agus ní bhead," ars' an fear, "go gcluinfidh mé fáth an tríomhadh gháire freisin, agus ní shábhálfaidh an méad atá ráidhte thú." "Tá go maith, ort féin bheas an milleán. Is é fáth an treas gháire:- do chuid airgid ar fad do bhí i bhfolach agat i n-a leithéid seo d'áit ins an ngarrdha, chomh fad [an uair] agus do bhí tusa imthighthe chum an aonaigh, tháinig fear mór agus do bhailigh sé leis ar fad é, agus deamhan pighinn ruadh d'fhág sé agat."
7. An uair do chuala an fear sin leig sé sgread mór as, do chaith sé a hata ins an aer, chaill sé a chiall, agus d'imthigh sé éadtrom ar fuid an tsaoghail. Do bhailigh an lioprachán leis, agus níor chualas [chualathas] aon tuairisg air ó'n lá soin go dtí anois [an lá atá indiu ann]. - Domhnall Ó Fotharta, oide scoile i gCondaé na Gailmhe, do chuir an sgéal so i "Siamsa an Gheimhridh."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services