Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta Gearra an Iarthair

Title
Sgéalta Gearra an Iarthair
Original Title
Western Folk Reports
Author(s)
Bailithe agus in eagar ag Domhnall Ó Fotharta agus,
Compiler/Editor
Ó Fotharta, Domhnall / Ó Tiománaidhe, Mi
Composition Date
1911
Publisher
O'Brien Patrick

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I. AN FEAR BEAG AGUS AN MEACAN.



1. Fear beag do bhí ins [ba eadh] an duine seo, agus
ba lugha a bhean ioná é féin. Do bhí dhá'r'éag mac aca,
agus do bhí biadh go daor. Do bhí go leor le déanamh
ag an athair agus ag an mháthair le biadh agus éadach
d'fhágháil dóibh.



D'éirigh an t-athair amach ag soláthar breicfeasta
do'n mhuirighin, mar [óir] do bhí an teach folamh.



Do-chonnaic sé meacan mór ag fás, agus adubhairt
sé i n-a intinn féin go mbadh mhaith an chongnamh é dá
mbeadh sé aige leis an ocras do bhaint de na mal-
rachaibh óga.



Rug sé ar an meacan greim caol cruaidh le dul a
tharraingt, agus do sháruigh sé é do thabhairt leis. Do
chuimhnigh sé i n-a intinn dá mbeadh Aonmhar aige, an mach
ba shine, go dtiubharadh sé congnamh chum a tharraingt'.



Tháinig Aonmhar agus rug sé ar an athair, rug an
t-athair ar an meacan, agus do sháruigh orra a
tharraingt.



Adubhairt an t-athair, "Téiridh [téidh] isteach, a Aonmhair,
agus abair le Dómhar teacht amach ag cabhrughadh linn."



2. Tháinig Dómhar, rug sé greim ar Aonmhar, rug
Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan,
agus do sháruigh sé orra a tharraingt.



"A!" adubhairt [ars'] an t-athair, beidh breicfeasta
mall [deigheanach] againn indiu [ins an ló indiu."]



"Téiridh [téidh] isteach, a Dhómhar, agus abair le
Tríomhar teacht amach."



Tháinigh Tríomhar amach.



Rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar,


L. 2


rug Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan,
agus do sháruigh orra a tharraingt.



"Á!" adubhairt an t-athair, "Cadé an sórt ball-
labhair í seo? Téiridh [téidh] isteach a Thríomhair agus
abair le Ceathrar teacht amach chugam. Do bhí sé láidir ó
rugadh é, agus tarraingeochaidh sé an meacan linn."



Tháinig Ceathrar, rug sé greim cruaidh ar Thríomhar,
rug Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug
Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan,
agus do sháruigh orra a tharraingt.



3. Adubhairt an t-athair, "Maise! maise! Beidh sé i
n-am dinnéir de ló sul bheidh breicfeasta ar an stól
againn. Gabh isteach a Cheathrair i gcoinne Chúigmheir; bhí
sé maith riamh agus cuideochaidh sé linn a tharraingt."



Tháinig Cúigmhear amach, rug sé gréim cruaidh ar
Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar
Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an
athair, rug an t-athair greim ar an meacan, agus do
sháruigh sé iad a tharraingt.



"Cad é seo! cad é seo!" adubhairt an t-athair



"Gabh isteach a Chúigmheir, agus tabhair amach Séamhar,
níor loic sé riamh orm, agus tarraingeochamaid an
meacan."



Tháinig Séamhar amach, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug
Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug
Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aon-
mhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus
do sháruigh sé iad a tharraingt.



"Dia ag a réidhteach!" adubhairt an t-athair, "béidh sé
thar am dinnéir, agus ní bheidh an meacan linn. Gabh
isteach a Shéamhair, agus tabhair amach Seachtmhar chugam."



4. Tháinig Seachtmhar amach, rug Seachtmhar ar Shéamhar,
rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar,
rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar,


L. 3


rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug
an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad uile
a tharraingt.



"Gabh isteach, a Sheachtmhair, agus abair le hOchtmhar
teacht amach chugam, beidh sé i n-a thráthnóna sul bheidh
breicfeasta ar an stól againn."



5. Tháinig Ochtmhar amach, rug sé ar Sheachtmhar, rug
Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug
Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug
Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhár ar Aonmhar, rug
Aonmhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan,
agus do sháruigh sé iad go huile a tharraingt.



"A hOchtmhair," adubhairt an t-athair, "Cad é an t-am
de ló anois é?" "Antráthach le haghaidh breicfeasta."



"Do bhí Naonmhar cruaidh gníomharthach ó rugadh é,
agus abair leis teacht amach chugainn nó go dtarraing-
míd an meacan."



Tháinig Naonmhar amach. Rug Naonmhar ar Ochtmhar,
rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar,
rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar,
rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug
Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an athair, rug an
t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé iad go huile
a tharraingt.



"Ara maise, maise!" adubhairt an t-athair, "beidh mo
mharlacha óga chum báis [d'fhagháil] le díoghbháil [de eas-
baidh] breicfeasta.



6. "Gabh isteach a Naonmhair agus abair le Deichneabhar
teacht amach chugam: do bhí sé láidir riamh, agus
tarraingeochaidh sé an meacan."



Tháinig Deichneabhar amach, rug sé ar Naonbhar, rug
Naonbhar ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug
Seachtmhar ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug
Cúigmhear ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug


L. 4


Tríomhar ar Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aon-
mhar ar an athair, rug an t-athair ar an meacan, agus
do sháruigh sé iad uile a tharraingt.



7. "Gabh isteach," ars' an t-athair le Deichneabhar, "agus
abair le Aonmhar-dhéag teacht amach nó go dtarraingmíd
an meacan."



Tháinig Aonmhar-dhéag amach, rug Aonmhar-dhéag ar Dheich-
neabhar, rug Deichneabhar ar Naonbhar, rug Naonbhar
ar Ochtmhar, rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar
ar Shéamhar, rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear
ar Cheathrar, rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar
Dhómhar, rug Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar ar an
athair, rug an t-athair ar an meacan, agus do sháruigh sé
orra go huile a tharraingt.



"Ara! cad é seo! cad é seo! a chlann Ó!" adubhairt
an t-athair, atámuíd stiúcaighthe [caillte] i ndíoghbháil
bídh. Céard do-ghéanamuíd ar aon chor? Gabh isteach, a
Aonmhair-dhéag agus abair le Dómhar-dhéag teacht amach
chugainn nó go dtarraingmíd an meacan.



Tháinig Dómhar-dhéag amach. Do chuireadar an t-athair
annsin ar dheireadh an ranca.



8. Rug an t-athair ar Dhómhar-dhéag, rug Dómhar-dhéag
ar Aonmhar-dhéag, rug Aonmhar-dhéag ar Deichneabhar,
rug Deichneabhar ar Naonbhar, rug Naonbhar ar Ochtmhar,
rug Ochtmhar ar Sheachtmhar, rug Seachtmhar ar Shéamhar,
rug Séamhar ar Chúigmhear, rug Cúigmhear ar Cheathrar,
rug Ceathrar ar Thríomhar, rug Tríomhar ar Dhómhar, rug
Dómhar ar Aonmhar, rug Aonmhar greim caol cruaidh ar
an meacan, do chuir sé aon bhéic amháin as do thug misneach
do'n chuid eile, agus do tharraingeadar an meacan.



An uair do tháinig sé leó, do thuiteadar go huile siar
i mullach an athar agus do bhriseadar a chos. Do cuireadh
duine i gcoinne an leagha le cliath do chur léi.


L. 5


8. Ní raibh siad i n-ann an liaigh do íoc an uair tháinig
sé ag iarraidh a thuarastail.



Do bhí an clann agus an t-athair i gcóimhéid an t-am
sin, agus iad gléasta i n-aon chineál amháin triubhais.



Ní raibh a fhios aige cia an t-athair [cia aca b'athair],
nó cá bhfuigheadh sé íocaidheacht as, acht d'fhág sé an cat
ag faire mar spídeoir.



Lá dá raibh siad ag bualadh eórnan ins an sgioból,
tháinig clampar eatortha, agus do thos[n]uigh ceann
[duine] díobh ag déanamh casaoide.



Adubhairt Aonmhar, "Atá a fhios agat-sa, a athair, gur
mise do tharraing an meacan mór, agus gur mé an fear
is feárr de do chlainn."



9. "Tá fios ar sin agam gur tú," adubhairt an t-athair.
Do léim an cat agus fuair sé greim sgórnaigh ar an
athair, agus do thug sé leis é gur cuireadh coiste air go
mb'éigean dó an liaigh do íoc do shnaidhm a chos dhó. Do
íoc an dá'r'éag mac an cháin dó, agus do sgaoileadh chum
bealaigh é. D'éirigheadar saidhbhir i n-a dhiaidh sin, agus
do phós an dá'r'éag mac dá'r'éag ban, agus atá a sliocht
chomh cumasach le n-a bhfaca tú riamh, gan beann aca
anois ar dhuine ar bith. Fuair an t-athair saoghal fada
le séan i ndiaidh an mhéid annró fuair sé ag a dtógbháil.



Is é Uilliam Pléimeann d'aithris é seo.



II. AN SGÉAL IONGANTACH.



1. Do bhí bean ann agus thugadh siad Áine an Chnuic
uirri, agus is é an áit a raibh sí i n-a comhnaidhe ag Ceis
an Chuirn.



Tháinig duine uasal dár bh'ainm Conn Ó Domhnaill


L. 6


isteach chuiche lá, é féin agus a ghíománach, agus do bhí sí
ag bogadh [luasgadh] fir do bhí ins an aois leanbaidhe ins
an gcliabhán.



2. Do-rinne Conn Ó Domhnaill iongantas mór d'fhear
ar bith do bheith chómh sean agus go mbeithí [ag] a bhogadh i
gcliabhán, agus d'fhiafruigh sé d'Áine ar bh'é sin a hathair
do bhí sí a [do] bhogadh, agus adubhairt sí leis nár bh'é.



D'fhiafruigh sé dhi cad é féin, agus adubhairt sí leis go
mba é mac a mic do bhí sí a [do] bhogadh.



Do bhí iongantas mór ar Chonn Ó Dhomhnaill fá sin,
agus d'fhiafruigh sé d'Áine cad é an aois í féin [cad
dob' aois di], agus adubhairt nach raibh a fhios aici,
go raibh sí chomh fada [sin] ar an saoghal, agus nár
chongaibh sí aon chúntas air, acht mar seo, ar sise:



"Ní tháinig aon Fhéil' Mhártain ó tháinig mé ar an
saoghal nach bhfuil righe mhairt ar an bhfaradh úd thíos i
n-aghaidh.



Adubhairt Conn Ó Domhnaill le n-a ghíománach, "Gabh
suas ar an bhfaradh agus comhairmhigh iad go bhfeicidh mé
cia'n aois Áine [cad é an aois atá ag Áine.]"



Thug an gíománach leis an dréimire, agus do-chuaidh
sé suas ar an bhfaradh, agus thosnuigh sé ag comhaireamh
agus ag cur thairis na rightheacha mart, agus do bhí sé
mar sin ar feadh trí uaire an chluig.



3. D'fhiafruigh an duine uasal de, an é nach raibh siad
comhairmhighthe fós aige?



Adubhairt an gíoniánach leis nach rabhadar; dá gcaith-
feadh sé lá agus bliadhain ar an lochta nach (m)beadh a
ndeireadh cunntaiste [áirmhighthe] aige.



D'iarr an duine uasal air a dhul [teacht] anuas de'n
lochta an uair nach (d)táinig leis iad do chomhaireamh.



Do shiubhail an gíománach anuas an dréimire, agus do
sháruigh siad air a gcunntas [do chomhaireamh].



Adubhairt Conn Ó Domhnaill le hÁine an Chnuic de,


L. 7


[aon] bhean ach [do bheadh] chómh sean [aosta] léi gur
iomdha rud uathbhásach do chonnaic sí ó tháinig sí ar an
saoghal, go mbeadh sé buidheach dhi dá inneosadh sí dhó
roinn de na hiongantais[íbh] is mó do chonnaic sí.



4. Adubhairt sí leis an rud is mó do chuir sí ion-
gantas riamh ann, go raibh sí ag dul [ag] a innsin anois
dó, ó chuir sé an cheist uirri.



"Do bhí mise ar an mbaile seo fad ó, ins an tsean-
shaoghal, agus do bhí maor againn ann, agus do chinn Dia
leis go bhfuair sé bás."



Adubhairt sí gur nigheadh é, agus gur glanadh é mar
do ghéanthaoi le corp ar bith, agus gur cuireadh ós cionn
cláir é, agus go ndearnadh a thóramh, dhá lá agus dhá
oidhche, mar do bhí sé feileamhnach a dhéanamh le n-a mhac-
samhail ar bith.



An lá do bhíodar le n-a chur, tháinig comhra, agus do
chuireadar isteach innti é, agus do leagadh dhá stól
ar an tsráid amach ó'n doras, agus thug beirt fhear
amach an corp as an teach [tigh], agus do leag siad an
chomhra suas ar an dá stól, agus fuair na fir deich bhfeadh
de rópa [théid] cnáibe agus dhá phíosa de mhaide, agus
timcheall ceithre troighthe ar fad [fhaid] ins gach ceann aca.



Tháinig fear stuamdha agus do cheangail sé an dá
mhaide ar an taoibh íochtair de'n chomhrainn.



Do chruinnigh sochraid mhór fhada fhairsing go dtugadh
siad an maor chum na roilge go gcuirfeadh siad ins an
uaigh é.



5. Tháinig ceathrar buachaillidhe óga agus rug fear
[díobh] ar gach aon mhaide, beirt ar gach aon taoibh de'n
chróchar, nó go dtógadh siad é de na stólra[ibh], agus go
siubhalfadh siad leis chómh fada leis an roilig, agus do
sháruigh sé orra a chorruighe.



Do shiubhail an ceathrar sin amach agus d'fhagadar
annsin é, an uair do bhí sé sáruighthe orra an cróchar do


L. 8


thógbháil, agus dá dtéidheadh an méid fear do bhí ar an
tsochraid fá ní chorróchadh siad é. Do b'éigean dóibh
maothadh do thabhairt air, agus é d'fhágbháil annsin, agus
do bhí sáruighthe ar na fir uile go léir an cróchar do
chorruighe de na stólta[ibh].



Do bhí iongantas agus uathbhás ar an méid daoine do
bhí ar an gcruinniughadh go huile faoi. Do-chonnaic fear
de na fir [fearaibh] annsin each dubh ag teacht an bhóthair
agus marcach air, agus níor chomhnuigh sé go dtáinig sé
go dtí an áit a raibh an cróchar. Do bhí gach duine dá raibh
ar an gcruinniughadh annsin ag amharc ar an bhfear do bhí
ar an each dubh, agus d'fhiafruigh sé dhíobh cad é an
fhaillighe do bhí siad a [do] dhéanamh.



6. D'fhreagair fear dhó [é] dá raibh ar an gcruinniughadh
go raibh sé sáruighthe orra an cróchar do chorruighe as sin.
D'fhiafruigh an fear do bhí ar an each díobh cad é an sórt
duine do bhí ins an bhfear [ba eadh an fear] do bhí marbh,
nó cad é an cheárd do lean sé an fhaid do bhí sé beo.



Adubhradh leis - an fear ba shine [aosta] do bhí ar an
tsochraid is é adubhairt leis é - go raibh sé féin ag
amharc air, agus an-eolas aige air ó tháinig sé i gcéil
nó i meabhair, agus nach [bh]faca sé ceárd ar bith ná
ealadhain aige acht ag maoirseacht gur ghlac sé tinneas
a bháis agus go bhfuair sé bás.



"Má's mar sin do bhí," adubhairt an fear do bhí ar an
each dubh, "caithfidh sibh a fhágáil annsin go dtí i mbárach
agus dá siubhladh sibh an tír faghaidh ceathrar maor eile,
agus bíodh siad annso i mbárach agaibh go bhfeicidh sibh
an mbeidh siad ábalta an cróchar do thógbháil."



7. Do sgar an tsochraid annsin, agus do b'éigin an
cróchar do fhágáil mar a raibh sé, agus do shiubhail teacht-
airidhe gach aon áit a raibh maor, ag iarraidh orra teacht
chum na sochraide an lá ar na bárach.


L. 9


8. Tháinig ceathrar maor lá ar n-a bhárach, agus do
chruinnigh an tsochraid arís, mar do chruinnigh indé roimhe
sin, agus tháinig fear an eich dhuibh chomh maith. D'iarr
marcach an eich dhuibh ar an gceathrar maor dul fá an
gcróchar agus do sheas beirt ar gach aon taoibh dhe, agus
do rug fear aca ar gach aon spéice, agus do thóg siad
an cróchar, acht chomh réidh gan streóbh le cróchar ar bith
dár tógadh riamh. Do shiubhail siad leo, agus do shiubhail
marcach an eich dhuibh i n-a gcuideachtain amach ar thoiseach
na sochraide, agus an Ceathrar maor agus an cróchar dá
iomchar leo, ag siubhal aniar i n-a dhiaidh.



Arsa Áine an Chnuic le Conn Ó Domhnaill, "An bhfaca
tú an charraig mhór úd thíos le taoibh an bhóthair?"



"Do-chonnac," adubhairt sé [ar seisean.]



"Do shiubhail marcach an eich dhuibh," ar sise, "agus an
ceathrar maor agus an cróchar leó dhá iomchar. An uair
do-chuaidh siad síos, iad féin agus fear an eich dhuibh go
dtí an charraig, d'osgail éadan na carraige, do shiubhail
an t-each dubh agus a mharcach air isteach ins an gcarraig,
do shiubhail an ceathrar maor agus an cróchar leo isteach
i n-a ndiaidh, agus an uair do bhí siad istigh do dhún an
charraig suas ar ais, mar do bhí sí riamh, agus ní raibh sé
le n-a aithne go ndeachaidh duine isteach riamh inti."



D'fhill an tsochraid a bhaile annsin, mar nach raibh aon
ghraithe [ghnó] ní b'fhaide [badh shia] aca ann.



9. "Ní fhuarthas [fríoth] aon fháisnéis ar mharcach an
eich dhuibh," ar sise, "ná ar an gceathrar maor, ná ar an
gcróchar ó'n lá sin go dtí an lá so, beó nó marbh, cnámh
nó croiceann, i n-úr nó i gcríon, ní raibh aon fháisnéis
orra ní ba mhó."



"Sin é an rud is mó do chuir mé iongantas riamh ann,"
ar sise, "a dhuine uasail!"



"Dar m'fhocal agus dar m'onóir! ba mhór an t-ion-


L. 10


gantas é," adubhairt [arsa] Conn Ó Domhnaill le hÁine
an Chnuic. "Ba mhór an t-iongantas é gan amhras!"



Is é Peadar Mac Énrí d'aithris an sgéal so dhom ar
Oileán Inis Bigil, Cuan an Fhóid Duibh.



III. UILLIAM GABHA.



Do bhí Uilliam Gabha i n-a chomhnaidhe i bparáiste Locha
Ladhair agus do bhí ceárdcha aige i ngar do'n bhóthar,
agus do bhí a theach féin ar an taoibh eile dhe, ar aghaidh a
chéile.



1. Ba ghabha maith é, acht do bhí an iomarca dúil aige
ins an ól. An uair do bheadh sgilling saothruighthe aige,
ní bhfaigheadh sé suaimhneas nó go gcaitheadh sé í. Do bhí
sé chómh tugtha do'n ól is go bhfágadh sé an t-iarann ins
an teinidh go minic nó go dtigeadh sé ar ais as tigh an óil.



Ar dheireadh thiar do ghlac an pobal fuath leis, agus ní
raibh sé ag fagháil rud[a] ar bith le déanamh.



Do bhí Uilliam lá breágh samhraidh i n-a sheasamh ag
doras a cheárdchan, agus tháinig i n-a láthair fear mór
áluinn. Do bhí tart ar Uilliam.



2. D'fhiafruigh an fear mór dhe an gceannóchadh sé deoch
biotáile, agus adubhairt Uilliam leis nach raibh a luach
aige; nach raibh sé ag fagháil aon obair [oibre] le
déanamh agus go raibh tart air.



Adubhairt an fear mór leis, "Do bhéara mise do sháith
airgid duit go ceann seacht mbliadhan. Beidh tú i n-ann
gach uile shórt do cheannach theastóchas uait, agus do
ghéana mé féin obair na ceárdchan duit; tiocfaidh leat
bheith in do chodladh agus in do chomhnaidhe, ag ithe agus ag
ól má thugann tú d'ainm sgríobhtha dham mar bhannaidhe go


L. 11


dtiocfaidh tú liom ag deireadh na seacht mbliadhan, agus
go mbeidh tú fá mo smacht ar feadh na síorraidheachta."



3. Is é an sórt do bhí ins an bhfear mór, splannc as
ifreann. Thug Uilliam sin dó, agus do-rinneadh an
margadh.



Do bhí sé socair sámh é féin agus a shean-bhean, do
bhí gach nídh aige dár theastuigh uaidh, do bhí airgead réidh
i n-a phóca le ceannach.



Tháinig lá fuar le síon agus sneachta, agus sioc. Tháinig
bochtán isteach i n-a thigh, ní raibh sé i n-ann siubhal
ó'n doras go dtí an teine, do bhí sé chómh hannródhach
sin. Do chongnaigh Uilliam leis teacht chuig an teinidh nó
go ndearna sé a ghoradh, agus do gheárr sé amach stróic
de'n fheoil do bhí ar a phláta féin go ndearna sé breic-
feasta maith suas do'n fhear bocht.



"A Uilliam!" adubhairt an fear bocht, "trí nídh ar
bith is mian leat d'fhághail mar ghuidhe do gheobha tú iad."



Adubhairt Uilliam, "Duine ar bith bhéaras ar mo
chasúr, gan é bheith i n-ann sgaramhaint uaidh gur toil
liom féin é." Ba hí sin an chéad guidhe.



Adubairt sé, "Duine ar bith shuidhfeas ar mo chathaoir,
gan é bheith i n-ann éirghe aiste gur toil liom féin a
thógbháil as." Ba hí sin an dara guidhe.



Do bhíodh Uilliam ar meisge, agus ní fhágthaoi pighinn
airgid i n-a phóca go minic nach mbaintí as.



4. Do chuimhnigh sé gan aon phighinn do thabhairt as a
sparán nó go mba toil leis féin é. Ba hí sin an
tríomhadh guidhe.



Ó! adubhairt an duine bocht, "A Uilliam, cad chuige
nár iarr tú na Flaithis," adubhairt Uilliam, "b'fhéidir
go bhfaighinn sin féin fós."



Nuair do bhí na seacht mbliadhna caithte, adubhairt an
splannc, "A Uilliam! atá an t-am thuas, beidh tú anois
liom."


L. 12


"Tá mé réidh," adubhairt Uilliam. "Seo ball theas-
tuigheas ó chomharsain, is cóir dúinn buille do bhualadh
air, fagh greim ar an gcasúr, agus buail an t-iarann
chómh fad agus atá sé te."



5. Do chaith Uilliam an t-iarrann as a láimh féin, agus
adubhairt sé leis an splannc, "atá mise ag imtheacht
anois, agus ná déan aon mhoill."



Rug an splannc ar an gcasúr, agus má rug níor
tháinig leis an casúr do chaitheamh as a lámhaibh; do
bhuail sé é ar an talamh nó go dtarraingeadh sé a
lámha as, agus do chuir sé a dhá chois ar a mhullach, agus
d'fhastuigh a dhá chois de'n chasúr, agus do sháruigh air a
sgaoileadh le n-a bhéal, do ghreamuigh an béal do'n
loisead [loiseag], agus do bhí sé cruptha craptha.
D'imthigh Uilliam an bóthar, agus do chaith sé dhá oidhche
agus dhá lá ag ithe agus ag ól. An uair tháinig Uilliam
a bhaile fuair sé an splannc annsin caithte ceangailte,
agus adubhairt sé leis, "A rógaire! rinne tú margadh
liom-sa, agus do bhris tú féin é, agus saghadfa mé an
an méid madradh atá ins an mbaile ort."



"Ná déan sin, a Uilliam," adubhairt an splannc,
"do-bhéara mé seacht mbliadhna eile dhuit, agus beidh
siad níos feárr fá dhó 'na na seacht bliadhna do caithis."



6. "Margadh déanta é," adubhairt Uilliam.



Rug sé ar an gcasúr agus tháinig sé leis, agus
do-chuaidh an splannc chum na ceárdchan ag cur tosaigh
ar a théarma, ar na seacht mbliadhna eile. Do-chuaidh
Uilliam isteach i n-a thigh, agus do-bhí sé féin agus
a shean-bhean ag cainnt agus ag cómhrádh, ag ithe agus
ag ól, agus níor tharraing siad greim ná deoch do'n
splannc nó go raibh na seacht mbliadhna caithte.



Nuair do bhí an téarma thuas, do léim an splannc
amach as an gceárdchain, agus adubhairt sé, "A Uilliam,
tar liom anois nó bainfidh mé an fheoil anuas dhe do


L. 13


chnámha. Ní bhfaighidh tú mise chómh sodhanta anois agus
fuair tú cheana mé."



7. Do shiubhail Uilliam amach leis, agus adubhairt sé,
"Fágfaidh mé slán agus beannacht ag mo shean-mhnaoi."



Do-chuaidh an bheirt isteach go tigh Uilliam.



"Suidh síos annsin," adubhairt Uilliam, "ar an gcath-
aoir." Do shuidh sé.



Chómh luath agus fuair Uilliam i-na shuidhe é, "Tar
liom," adubhairt sé, agus é féin ag dul amach as an
doras.



An uair d'éirigh an splannc do bhí an chathaoir fastuighthe
dhe. Do chuir sé a dhá láimh innti go gcaitheadh sé uaidh í,
agus d'fhastuigh na lámha dhi. Do-bhuail sé a dhá cois ar an
gcathaoir go sgaoileadh sé an greim, agus do ghreamuigh
an dá cois di.



D'imthigh Uilliam chum an bhaile mhóir, agus chaith an
tsean-bhean amach an splannc, agus do bhí na muca ag a
sglamhairt agus an chathaoir fastuighthe dhe, agus níor
fhéad sé é féin do chosaint orra.



An uair tháinig Uilliam abhaile i ndiaidh dhá lá do
chaitheamh ins an mbaile mór ag ithe agus ag ól, do
chonnaic sé an splannc ins an teinidh, agus do shaghad sé
an madradh mór ann.



8. "Stad de'n obair seo," adubhairt an splannc le
Uilliam, "agus do-bhéara mé seacht mbliadhna eile dhuit,
bheas níos fearr ná an méid do caitheadh uile go léir."



"Déanfaidh mé sin," adubhairt Uilliam.



Rug sé ar an gcathaoir agus do sgaoil sé an ceangal
agus do chaith sé na seacht mbliadhna le sáimheacht.



An uair do bhí an téarma caithte, do léim an splannc
as an gceárdchain agus adubhairt sé, "A Uilliam! ní
bheidh aon margadh le déanamh anois agat. Tiocfaidh tú
liom-sa díreach an bóthar."



D'imthigh an bheirt i n-éinfheacht, agus an uair do bhí


L. 14


siad i ngar do'n bhaile mhór, do chonnaic siad ag teacht
ar an mbóthar gasradh fear, agus adubhairt Uilliam -



"A shean-dhiabhal! ní bhfuil maith ar bith ionnat; sin
sir a bheadh linn, comrádaighthe liom-sa iad, dá mbeadh
airgead agam le biotáile do cheannach dóibh."



9. Adubhairt an splannc, "Déanfaidh mise airgead
díom féin duit, agus tabhair a sáith dóibh."



Do-rinne sé airgead de féin, agus rug Uilliam air,
agus do chuir sé isteach i n-a sparán é.



D'ól sé féin a shaith, agus níor chuir sé áird ar bith ar
na fearaibh. Tháinig sé a bhaile ag triall ar a shean-
mhnaoi féin, agus do bhí an sparán i bpóca a chasóige,
agus an uair do-chuaidh sé a chodladh do chuir sé an chasóg
fá an bpeiliúr, fá n-a cheann, agus do thosnuigh an
splannc ag feadghail agus ag sglamadghail [glamghail].



D'fhiafruigh an bhean de cad é an sórt oibre í sin, agus
adubhairt Uilliam, "Socrochaidh mise an obair seo uile
i mbárach; seo é [ag seo] an splannc atá ins an sparán
agam. Do-bhéara mise amach chum na ceárdchan i mbárach
é, agus cuirfidh mé isteach ins an teinidh é. Séidfidh mé
na builg, agus do-bhéara mé goradh maith dhó, agus
smíochairt mhaith de'n órd mór ar an inneoin."



"Ná déan sin, a Uilliam!" ars' an splannc, istigh ins
an sparán. "Ní iarrfaidh mé thú féin ná duine ar bith
eile."



10. "Margadh é," adubhairt Uilliam, "acht ar ais go
bráth ní bheidh cead agat teacht as an áit d'fhágaidh tú."



I n-a ghearr-am [go gairid] i n-a dhiaidh sin fuair
Uilliam bhás. Do-chuaidh sé go geata na bhFlaitheas,
agus do bhuail sé buille ar an doras, agus tháinig
Naomh Peadar amach chuige.



"Cia hé thusa?" adubhairt Naomh Peadar.



"Is mise Uilliam Gaibhne as paráiste Locha Ladhair."



"Ó!" adubhairt Peadar, "a Uilliam, an uair do bhí ath-


L. 15


chuinge le fagháil agat níor iarr tú a theacht [teacht]
annso.



"Cia'n áit a ngeobhaidh mé?" adubhairt Uilliam.



"Téiridh [imthigh] síos an bóthar dorcha sin, nó go dtigidh
geata rómhat."



11. D'imthigh Uilliam an bóthar go dtáinig sé chuig an
ngeata dubh [chum an gheata dhuibh]. Do bhuail sé buille
ar an doras. Adubhairt an splannc istigh, "Cia thú
féin?" agus adubhairt Uilliam, "Is mé Uilliam Gaibhne
as paráiste Locha Ladhair."



"Ó!" adubhairt an splannc, "Druid [dún] an doras
i n-a aghaidh. Má thigeann sé isteach, do-ghéana sé
amadáin dínn uile. Is é do imir gach cleas orm-sa
nach gcaillfidh mo chuimhne go bráth."



Do bhuaileadar iad féin i n-aghaidh an dorais, agus ní
leigfeadh siad Uilliam isteach. Do b'éigean dó theacht
ar ais an bóthar céadna.



Do-chonnaic Peadar ag teacht é, agus adubhairt sé,



12. "Cad é d'éirigh dhuit, a Uilliam."



Adubhairt Uilliam, "Ní leigfeadh an droich-éadáil sin
isteach mé, agus b'fhéidir gurab é mo leas é. Déan
truagh dhom, a Pheadair! agus ná fág ins an dorchadas
so mé."



"A Uilliam," arsa Peadar, "ó chuaidh tonn baistidh
ort, do-bhéara mé solas duit."



Tharraing sé sop tuighe [chuige]; do las sé é, agus
thug sé do Uilliam é, agus adubhairt sé, "Ní mhúchfaidh
[mhúchfar] an solas sin go lá an bhreitheamhnais."



Is iomdha duine do-chonnaic coinneal Uilliam lasta
[ar lasadh] ó'n ló sin go dtí an lá indiu.



Uilliam Pléimeann d'aithris é seo.


L. 16


IV. SGÉAL SHEAGHÁIN MHIC AN NIALLAIGH AGUS
PHÁIDÍN UÍ CHEALLAIGH.



1. Do bhí beirt fhear i nGaillimh aon uair amháin, dár
bh'ainm Seaghán Mac an Niallaigh agus Páidín Ó Ceallaigh,
agus do bhí cruit ar gach aon fhear aca ó do bhíodar i n-a
ngasúir ngarsúnaibh.



Do bhí Seaghán ag imthecht as baile lá, agus thárla
dhó go ndeachaidh sé thar raith do-bhí ins an áit, agus ag
dul tairse dhó, do chuala sé guth istigh ins an raith ag [a]
radh:-



"Dia Luain, is Dia Máirt!
Dia Luain is Dia Máirt!"



Do sheas Seaghán ag éisteacht.



"Dia Luain, is Dia Máirt, is Déardaoin!
Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]!"
arsa Seaghán Mac an Niallaigh.



"Cia hé sin do chuir fad as mo rann?" ars' an fear
istigh. "Mise," arsa Seaghán Mac an Niallaigh.



"Tair isteach annso," ar seisean, "agus impidhe ar
bith iarrfas tú, tá sé le fagháil agat."



D'osgluigheadh doras annsin do Sheaghán, agus do
chuaidh sé isteach. D'fhiafruigheadh de, céard do bhí ag
teastáil uaidh.



2. "Maise atá," ar seisean, "an chruit seo do-bhaint
díom."



Do-ghéantar sin duit agus fáilte," arsa fear na
ráithe.



D'ionnsuigh sé é, agus deamhan i bhfad do bhí sé leis
go raibh an chruit bainte de Sheaghán aige. Do-rug sé
ar an gcruit, agus do chroch sé suas [chuir sé ar crochadh]
é ar thaoibh an bhalla.


L. 17


3. Bí ag dul a bhaile anois," ar seisean le Seaghán,
"atá tú ceart go leór."



D'imthigh Seaghán a bhaile agus lúthgháir a sháith air fá an
gcruit do bhaint de.



An uair do-chonnaic muintear an bhaile ag teacht é do
bhí iongnadh orra mar do bhí sé chomh díreach le baraille
guna, gan cruit, gan cromadh, agus ba bheag an bhrígh sin
gur chuala Páidín Ó Ceallaigh é.



Tháinig sé chuig [ag triall ar] Seaghán, agus d'fhiafruigh
sé dhe, cia an chaoi ar baineadh an chruit de.



"Maise," arsa Seaghán, "bhíos ag dul thar an ráith úd
thall indé, agus do-chuala mé guth ag [a] rádh:



"Dia Luain, is Dia Máirt!
Dia Luain, is Dia Máirt!"



"Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]!
Dia Luain, is Dia Máirt, is Dia Céadaoin[e]!"
arsa mise.



"Cia hé sin do chuir fad as mo rann?" ars' an guth.



"Seaghán Mac an Niallaigh," arsa mé féin.



Do ghlaodhaigh sé isteach annsin orm, agus adubhairt sé
liom cibé nídh do bhí ag teastáil uaim go raibh sé le
fagháil agam. Annsin adubhairt mé leis an chruit do
bhaint díom, agus do-rinne sé liom mar fheiceas [at-chír]
tú anois mé.



4. "Mo choinsias!" arsa Páidín, "rachaidh mise go dtí
an ráth i mbárach, go mbaintear an chruit díom féin."



Do bhí go maith; d'imthigh Páidín ar maidin lae ar n-a
bhárach chomh fada leis an ráith, agus an uair tháinig sé
chómh fada léi, do chuala sé an guth ag [a] rádh:



"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e],
Lá fighe an bhréidín;


L. 18


5. Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e],
Lá fighe an bhréidín."
"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e],
Déardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn,
Is Dia Domhnaigh."



"Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin[e],
Déardaoin, Dia hAoine, Dia Sathairn,
Is Dia Domhnaigh,"



arsa Páidín Ó Ceallaigh.



"Cia hé sin do mhill mo rann?" ars' an fear istigh.



"Mise," arsa Páidín Ó Ceallaigh.



"Gabh isteach go ndéanad rud éigin leat," ars' eisean.



Do-chuaidh Páidín isteach, agus an uair fuair fear na
ráithe istigh é, cad [céard] do-rinne sé acht breith ar an
gcruit do buaineadh de Sheaghán Mac an Niallaigh agus
a bhualadh aniar ar dhruim Pháidín ós cionn an chruit' do
bhí cheana air.



Do seoladh amach as an raith annsin é, agus do thriall
sé a bhaile, agus mo dhuine bocht, do bhí sé brónach eas-
onórach fá n-a dhá chruit.



6. Dá mhéad an t-iongnadh do bhí ar muinntir an bhaile
fá Sheaghán Mac an Niallaigh d'fheicsint ag teacht abhaile
gan aon chruit, ba mhó seacht n-uaire é ar feicsin dóibh
Páidín ag teacht agus an dá chruit air.



Do bhí an t-ádh ar [le] Sheaghán acht do bhí a mhalairt ar
Pháidín, agus deirim-se libh go mb'fhearr do Pháidín
fanamhain [fanacht] ins an mbaile, agus aon chruit
amháin d'iomchar go foighideach, 'ná an dá cheann do bheith
ar a dhrunn go ló a bháis.



Is é Séamus Mac Énrí do chuir an sgéal so chugam.


L. 19


V. TAIRNGIRE BHRIAIN RUAIDH UÍ CHEARBAIN.



1. Rugadh agus do thógadh Brian Ruadh Ó Cearbháin i
mBaile na hInneona, i n-aice le hInbhear, i n-Iarros,
agus do bhí a theach comhnaidhthe ins an bhFál Ruadh, i ngar
do chladach na fairrge. Duine macánta nach raibh saidh-
bhreas mór aige acht mar an choitcheanntacht badh eadh é,
agus ní raibh fios roimh ré aige i dtús a shaoghail acht mar
do bhí ag gach uile dhuine dh'á raibh i leath-bharúntacht
Iarruis, nó go dtí an bhliadhain 1648.



Ní raibh aon bhóthar ag dul go hIarros ins an tráth
sin, agus do thógfadh sé trí lá é, ó d'fhágfadh sé a theach
féin ag dul thart le bruach fairrge sul a mbeadh sé i
mBaile Nuadh Tír' Amhalghaidh; is ann d'íocadh sé an cíos
le Iarla Árann, oighre dúithche.



Lá dá dtáinig Brian ag íoc cíosa, do bhí baintreabhach
bhocht roimhe ins an oifig ag a raibh muirighin lag mar
chúram uirri, agus ní raibh greim aici le tabhairt dóibh
acht bainne na bó, mar do bhí beatha gann an bhliadhain
sin, agus dá dhonacht dá raibh an bhliadhain do chaithfheadh
an tighearna an cíos do fhagháil.



2. Do bhí a gcuid cíosa íoctha ag na tionóntaibh go
dtáinig sé go dtí an bhaintreabhach, agus ba as aon bhaile
le Brian í, agus an uair do ghlaoidh an tighearna ar a
hainm, d'iarr sí spás air ins an gcíos nó go dtigheadh a
slighe isteach, agus adubhairt sí leis nach raibh seibhte ar
bith aici le n-a cuid páistí do thógbháil acht bainne aon bhó
amháin do bhí aici.



"An bhfuil aon duine agat rachas i mbannaidhe ort?"
do rádh [adubhairt] an tighearna. "Ní fhuil," ar sise,
"acht Dia."



Do bhí baramhail ag an mhnaoi boicht nach (bh)fuigheadh sí
aon duine rachadh i mbannaidhe uirri. "Cuirfe mé Dia i


L. 20


mbannaidhe orm go n-íocfaidh mé a leithéid seo de lá
[ló] thú," ar seise. "Is maith liom fear eile d'fhagháil i
gcuideachtain Dé," ars' an tighearna.



3. Do bhí Brian Ruadh i láthair agus do ghabh sé truagh
mór do'n mhnaoi, agus an uair do-chonnaic sé an bhain-
treabhach bhocht ag gol gan í ag fagháil bannaidhe ar bith,
ní dhearna sé acht a lámh do chur i n-a phóca agus an cíos
d'íoc dhí agus adubhairt sé go nglacfadh sé féin ban-
naidhe Dé.



Do bhuail aithreachas an tighearna agus adubhairt sé
go nglacfadh sé féin Dia i mbannaidhe annsin an uair
do bhí an t-airgead íoctha ag Brian leis, acht adubhairt
Brian nach raibh aon chall [ghábhadh] leis, go raibh an
t-airgead íoctha aige féin.



Thug an bhaintreabhach bhocht a seacht míle beannacht ó
n-a croidhe ar a dá glúin do Bhrian Ruadh Ua Cearbháin
agus d'imthigh sí a bhaile. Ba bhean uasal as Lonndain
do bhí mar chéile ag Iarla Arann, agus ghlac [do ghabh] sí
buidheachas mór le Brian i dtaoibh a dheagh-chroidhe theag-
araigh, mar d'fhóir sé ar an mbaintreabhaigh le linn a
hannródha.



D'umhlaigh Brian do'n mhnaoi uasal, agus, ar seisean,
"cuirfidh an t-Athair Uile-chumhachta a dhá oiread in mo
bhealach mar ghlac mé mar bhannaidhe É, tar éis d'fear-
sa A dhiultughadh, agus ní'l aon deór dhár shil an bhain-
treabhach bhocht le na croidhe cráidhte nár thuit gach uile
dheor aca ag cosaibh Ríogh na Glóire i n-A chathaoir ríoghdha
i nglóir na bhFlaitheas, agus do-gheobhaidh sise nó mise
éiric as gach uile deór aca sin."



4. Do bhí na tionóntaidhthe ag sgaipeadh annsin, gach uile
dhuine ag dul a bhealach féin, agus d'imthigh Brian mar
an gcéadna, agus do-rinne sé aith-ghiorra treasna píosa
mhóir sléibhe, agus an uair do bhí sé leath bhealaigh chum a
thighe féin tháinig marbhtha codlata air, agus do bhain sé a


L. 21


chóta mór de agus do chuir sé fá n-a cheann é, gur
chodail sé támh.



5. Do bhí bos a láimhe fá n-a leacann, agus cibé tráth
do chaith sé i n-a chodladh níor bh'féidir leis do rádh, acht
tháinig aisling air, agus ins an aisling adubhradh leis
an nídh do-gheobhadh sé i muinchille na láimhe deise de'n
chóta do chur i dtaisge go cúramach, agus gan amharc do
thabhairt do mhnaoi ná do pháiste air, ná do aon neach acht
dho féin.



Do bhí cúrsaí na hÉireann - an méid do bhí le déanamh
ó'n ló sin go dtí críoch an domhain - go so-thuigthe dhó-san
clodhbhuailte ar an áilleacán fuair sé i muinchille an
chóta mhóir, an uair do dhúisigh sé, agus gach uile uair go
ndearcfadh sé air go bhfuigheadh sé fios ar olc is ar mhaith
do bhí le teacht ar an saoghal, agus do bhí na soillsidhe
ba bhreághdha dh'á bhfaca sé riamh ag teacht uaidh.



An chéad tairngire do-rinne sé, adubhairt sé



Go mbeadh teach mór ar gach cnocán;
Droichead ar gach fiodán;
Buataisidhe ar na brealláin;
Agus Béarla ag na tachráin.



6. Adubhairt sé go ndéanfaidhe bóithre mine ar fud na
hÉireann; go ndóighfeadh coinneal leith-phighne airgead
na hÉireann go huile; ní raibh aon airgead páipéir
[nótaidhe; bilidhe] ag imtheacht an uair sin, ná eolas ar
bith aca ionnta: ginidheacha buidhe do bhí ann agus air-
gead glas agus airgead ruadh.



Adubhairt sé go gcuirfidhe droichead miotail ar Abhainn
na Daoile ag Crois Mhaoilfhíona, agus go gcuirfidhe
droichead lóbain ar Abhainn na Muaidhe i mBéal an
Atha, agus go gcaillfidhe suim daoine fós leis, agus go
dtiocfadh an saoghal an uair do bheadh droichead ar gach
sruthán.


L. 22


7. Adubhairt sé go mbeadh ataidhe ar na tachráin, agus
go dtiocfadh saoghal na mban óg gan náire.



Adubhairt sé go dtiocfadh na cruacha cáithe, agus go
dtiocfadh ar shliocht oighre dúithche clann Sheagháin duine
do dhóighfeadh an méid tighthe do bheadh ó Chrois M aoilfhíona
go Beárna na Gaoithe le coinnlibh dubha, agus go mbeadh
bóthar ar gach bogán, agus go mbeadh súile ribe ar na
bóithribh.



Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair bheadh rotha
iarrainn ar chóistibh teineadh ó dheas agus ó thuaidh, agus
go mbeadh na clocha ag cainnt ar na bóithribh. Sin iad
na clocha cinn míle.



Adubhairt sé go dtiocfadh na liatha luatha agus go
dtiocfadh an lá a séanfadh duine a bhó i n-a dhoras féin;
go dtiocfadh dhá nidh eile, gur dhaoire an folach 'ná an rud
do bheadh istigh ann; go mbeadh claidhtheacha ar na bóithribh,
agus geataidhe ar na cros-bhóithribh le lucht treaspáis'
[foghla] do chonghbháil siar.



Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair nach (m)beadh
bláth ar an bhfraoch, agus go mbéarfaidhe fear i gCúige
Mumhan, agus go mb'fheairrde d'Éirinn gan a bhreith.



Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair ba charadach an
mac do bhéarfadh greim bidh dh'á athair, agus thiocfadh nídh
eile is measa - béidh na measa dh'á dtomhas dubh.



8. Adubhairt sé go ndéanfaidhe droichead ar an Abhainn
Móir ag Comhraic, agus nach gcríochnóchthaoi choidhche é.
Tá sé amhlaidh. Tá cloch amháin le cur ann fós, agus
atá sé mar sin ó do-rinneadh é, agus ní fhuil misneach
ag duine ar bith an chloch sin do chur air - mar atá
contabhairt ann is dóigh.



Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair bheadh na
daoine dh'á gcur i bpríosún, gan chóir gan cháin, agus go


L. 23


mba chríonna an fear a rachadh thar fairrge, agus go
dtiocfadh bliadhain an óir agus bliadhain an bhróin i n-a
dhiaidh, bliadhain bheag eile nó dhó, agus is beag do bhéas
beo i n-a ndiaidh.



9. Adubhairt sé go dtiocfadh an lá an uair a bheadh lán
adhairce d'ór ar bhuin, agus go rachadh an rón glas
trasna cnuic an Tearmainn, agus an fear a mharbhóchadh
é nach gcóimhlíonfadh sé an bhliadhain; agus b'fhíor dhó, do
thárla mar sin.



Thug a mhac leis leabhar agus thosnuigh sé ag sgríobhadh
gach focail d'á raibh Brian ag a rádh, agus tháinig an
bheirt amach an bealach thríd an mbogach ag tarraingt
ar Thír Amhalghaidh, agus adubhairt Brian le n-a mhac



"Béidh bóthar mine déanta ar an áit atá tú in do
sheasamh fós, agus béidh cóistidhe agus carranna ag rith
ann, agus rachaidh sgéal i mbárr bata níos tapaidhe ná
thiocfadh seabhac ins an aer ó Bhaile Átha Cliath go Cuan
an Fhóid Duibh."



Níor thuig a mhac a chuid cainnte agus do chaith sé a
leabhair i bpoll garbh-bhuaice, agus adubhairt sé, "Ní
bhfuil aon chiall agam-sa atá ag tabhairt áirde órt."



10. I dtaoibh na mbóithre mine, do tháinig an targaire
isteach fírinneach go maith, i n-áit íocaidheacht do fhagháil
i n-airgead ag lucht oibre ar na bóithre is min fuaras
[fríoth] ins an droch-shaoghal, agus go minic ó shoin, agus
sin é an fáth a nglaoidhtear bóithre mine orra; agus ó
fuair Brian an t-áilleacán seo do bhí a cháil ar fud
na tíre ar fad.



Caib. II - An long mhaol.



Lá dár éirigh Brian, agus an uair do bhí a chéad-phroinn
caithte aige, agus é gléasta chum siubhail, adubhairt sé
le n-a mhnaoi go rachadh sé go haonach Bhaile Nuaidh chum


L. 24


beithidhigh do cheannach. "Cá bhfuigh tú an t-airgead?" ar
sise leis. "Nach fada siar an rud chuireas Dia aniar?"
ar seisean.



11. Do-chuaidh sé chum an aonaigh agus do bhí Ultach
annsin ag a raibh sealbhán mór bulán aige gan díol,
agus d'iarr sé ar Bhrian iad do cheannach.



Arsa Brian, "Ní bhfuil aon airgead agam-sa le n-a
gceannóchainn iad. Adubhairt an t-Ultach leis go dtiubh-
radh sé cáirde dhó leis an airgead d'íoc, agus chuir sé
chómh cruaidh ar Bhrian gur thóg sé na beithidhigh uaidh, agus
adubhairt sé leis an Ultach é bheith i n-a thigh a leithéid seo
de lá, agus go mbeadh an t-airgead aige le tabhairt dó.



Tháinig an t-Ultach fá dhéin a chuid airgid go tigh
Bhriain ar an bhFál Ruadh an lá adubhradh leis teacht.
Do chuir Brian fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe, agus
thug sé dinnéar maith dhó, agus nuair do-bhíodar sgathamh
ag cómhrádh, adubhairt bean Bhriain, "Céard do-ghéana
tú anois, ní bhfuil pighinn airgid agat le tabhairt do'n
fhear seo?"



Adubhairt an t-Ultach le Brian, "Thug mise turas
fada annso, agus do shíl mé go mbeadh luach na mbeith-
idheach agat le tabhairt dom." Adubhairt Brian, "Ar
m'fhírinne ní bhfuil sé agam, go gcuiridh Dia chugam é."



Níor thaithnigh an comhrádh sin leis an Ultach ar aon
chor, mar do shíl sé gur ag magadh fá do bhí Brian, agus
tháinig gruaim air, agus an uair do bhí sé ag tarraingt
ar am codalta adubhairt Brian leis, "Téiridh a chodladh
a fhir chneasta, atá do chuid airgid in taoibh ó thuaidh
d'Albain an móiméid seo."



12. Do-rinne an t-Ultach smaoineadh nach raibh dada le
fagháil aige agus do-chuaidh sé a chodladh brónach go leor.



Adubhairt Brian leis roimh an lá, "An bhfuil tú in do
chodladh, a ghiolla thuas?" "Ní bhfuilim anois," adubhairt
an t-Ultach. "Gabh amach chum an dorais," arsa Brian,


L. 25


"agus breathnuigh ar an bhfairrge, agus féach an bhfuil
rud ar bith ag teacht uirri."



13. Do bhí sé i n-a lán-ghealaigh, agus do sheas an ceann-
uightheoir amuigh, agus adubhairt sé go bhfaca sé mar do
bheadh éan i bhfad uaidh, agus adubhairt Brian leis, "Bí
ag amharc air sin go bhfeicidh tú cia an áit a bhfuil a
thriall." "Atá sé ag tarraingt ar an gcaladh," ars' an
ceannuightheoir," Is cosamhail le luing mhaoil é."



"An bhfuil sé i bhfad ó'n gcladach?" arsa Brian.



"Atá sé ag déanamh isteach air, i n-aice an chalaidh,"
ars' an ceannuightheoir.



Tháinig an long mhaol isteach i lár na hoidhche ins an
gcuan, gan aon ghabháil uirri, le hais tighe Bhriain, mar
thiocfadh long fá dhraoidheacht.



"Béidh neart airgid ar ball againn," arsa Brian.



"Bímís ag dul sios; ins an luing mhaoil sin atá luach
do chuid bulán," agus níor fhan sé leis an luing mhaoil
an cladach do bhualadh gur chnap sé ioscada a bhríste go
dtí a dhá ghlúin, agus go ndeachaidh sé amach i n-aircis
na luinge maoile.



Fuair sé bosca mór fada leathan, agus doimhin ar
bhórd na luinge maoile, agus eochair sáidhte i bpoll an
ghluis, agus do chas sé an eochair, agus do bhain sé an
glas de, agus d'osgail sé an bosca, agus do bhí sé lán
de ghinidheachaibh buidhe go dtí an béal; do chomhairigh sé
amach as an mbosca luach a chuid bulán chuig an Ultach.
Do dhruid sé an bosca, agus do chas sé an eochair
tuaitheal arís, agus d'imthigh an long mhaol amach an
bealach céadna.



14. "A dhuine gan chéill," ars an t-Ultach le Brian,
cad é an fáth a ndearna tú sin, ó tháinig sé chughat
isteach nár chonghaibh tú é go léir?"



"Ní raibh ag teacht chugham-sa acht an méid sin, agus


L. 26


do bhain mé mo theastáil as," arsa Brian. "Tá sé sin
ag dul go cúigeadh eile fós.



15. Do bhuail an t-Ultach an bóthar go lán-tsásta ag
tarraingt a bhaile agus an t-airgead leis; agus sul do
shroich sé an baile tháinig na gaduidhthe air ar a bhealach,
acht d'éirigh leis an t-airgead do chur i bhfolach, mar
do b'í an oidhche do bhí ann, agus 'sé an áit ar chuir sé é,
ar thaoibh chnocáin, agus ní raibh aon chomhartha aige air
acht comhartha fánach, agus thar éis na ngaduidhthe do
imtheacht do-chuaidh sé ag tóraidheacht an airgid, agus
do sháruigh sé air cnocán an airgid do fhagháil, mar nach
raibh aon chomhartha aige air acht comhartha na gealaighe,
agus b'éigin dó filleadh ar ais chuig Brian.



An uair do bhí an t-Ultach ag cur a chuid airgid i bhfolach
do bhí an ghealach ag sgalladh [taithneamh], agus shíl sé go
mba comhartha mhaith dhó agus dh'á chuid airgid an ghealach
do bheith ag sgalladh ar an gcnocán i n-a raibh sé i bhfolach,
acht ar ndóigh do bhí an ghealach ag sgalladh [taithneamh]
ar gach uile chnocán thart thimcheall ar an tráth céadna.



Ní raibh an t-Ultach i bhfad i dtigh Bhriain gur pósadh
é féin agus inghean Bhriain, agus do bhí bainfheis aca ar
feadh seachtmhaine, agus do bhí saidhbhir agus daidhbhir ann
ag ithe agus ag ól, ag déanamh siamsa agus grinn,
blas na meala ar gach aon ghreim, agus gan dhá ghreim
ar aon bhlas, agus gan aon ghreim tur.



16. Adubhairt Brian le n-a mhac dul chum a leithéide seo
d'áit, agus go bhfuigheadh sé airgead an Ultaigh; do-chuaidh
an mac ann mar do hórduigheadh dhó, agus fuair sé an
t-airgead ar thaoibh an chnocáin, agus thug sé do'n
Ultach e, agus chuir sé fá annsin.



Do bhí inghean ag an Ultach, agus do bhí sí chómh breágh
sin gur thug muinntear na tíre "Áilne na Gréine" uirri.
Pósadh "Áilne na Gréine" le fear de mhuinntir
Dhómhnaill, agus tá an bunadh sin anois fairsing ar fud


L. 27


na tíre, agus atá sagairt agus easbog againn de'n
tsloinne céadna, agus sílim dá réir sin go dtuigfidh
an léightheoir go raibh lár na fírinne i mbriathraibh Bhriain
Ruaidh Uí Chearbháin.



17. Do-chuaidh sé ag amharc ar an áilleacán arís, agus
thug a bhean fá deara go mbíodh sé ag tarraingt ar an
mbosca go minic, agus go gcaithfeadh nidh cúramach do
bheith aige ann, agus an uair do-chuaidh Brian chum an
tseomra do bhí a bhean suas in-a dhiaidh, agus an uair a
dhearc sé ar an áilleacán do bhí a bhean taobh thiar dhe,
agus do dhearc sise amach thar a ghualainn, agus do
fuair sí radharc ar choirnéal [chúinne] de'n áilleacán,
agus an méid do-chonnaic sí dhe, d'éirigh sé chómh dubh le
gual ceárdchan, agus níor dheallruigh sé ní ba mhó.



I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin adubhairt a mhac go
dtos[n]óchadh sé ar thigh nua do fhorgaint.



"Ná tosnuigh," ars' an t-athair, "go dteasbánaidh mise
dhuit an áit a dtosnóchaidh tú."



Do-chuaidh Brian amach agus láighe leis ag glanadh
luirg an tighe. "Tosnuigh annso," ars' an t-athair, ag
teasbáint na háite dhó a dtosnóchadh sé.



18. An uair do ghlan an mac go dtí an chéad choirnéal
[chúinne] fuair sé soightheach, ar dhéanamh bosca, lán le
ginidheacha óir. Do bhí sé bródamhail go maith annsin fá
an ádh mór do chuir Dia i n-a bhealach.



Arsa an t-athair leis, "Gabh thart le gréin go dtí an
coirnéal [cúinne] eile, agus b'fhéidir nach fearr an
coirnéal sin ioná an coirnéal eile."



Fuair sé soightheach eile ag an dara coirnéal lán d'ór
mar an gcéadna.



Adubhairt sé leis tosnughadh arís go dtéidheadh sé go
dtí an treas coirnéal. Do-rinne sé mar adubhradh
leis, agus fuair sé soightheach eile ann lán d'ór; lean sé


L. 28


do'n obair nó go dtáinig sé go dtí an cheathramhadh coir-
néal, agus fuair sé soightheach eile óir annsin.



Ní raibh cuimse ar a chuid saidhbhris annsin; ní raibh
meas ar leathar stáinín aige le haghaidh a chuid bróg nó
go bhfuair sé péire buataisí árda de leathar na Spáinne.



Caib. III.- pósadh an mhic agus bás Bhriain.



19. "Anois, a bhean thall," arsa Brian le n-a mhnaoi,
pósfaidh do mhac bean uasal; ní bheidh sásamh ar bith
aige i mnaoi thuaithe do phósadh go bpósaidh sé bean uasal,
agus is gearr bhías siad pósta go mbéidh sí ag fagháil
droch-mheas air nuair nach bhfuil sé i bhfuil chómh honórach
léi féin."



Anois an uair do bhí saidhbhreas agus cuimse aca do
rinne mac Bhriain smaoineadh ar phósadh, agus do b'fhíor
do'n athair, ní raibh meas ar chailínibh na comharsanachta
aige. Facthas [do-chonnarcas] dó nach rabhadar sáthach maith
dhó go bhfaghbhadh sé bean uasal, acht adubhairt an t-athair
leis go mb'fhéidir go mbeadh sé chomh maith aige an cailín
aimsire do bhí ar a urlár do phósadh.



Níor ghlac sé comhairle a athar, mar do phós sé thar a
chrois, agus níor éirigh leis, mar seal gearr tar éis dó
an bhean árd-uasal so do phósadh, thosnuigh sí ag caitheamh
droch-mheas' air' ar an ádhbhar gur chas sí leis go mion is
go minic nach raibh sé i bhfuil chomh honórach léi féin.



20. Mar gheall ar a mío-stainnc agus ar a comh-intinn
bhuirb b'éigin dó imtheacht uaithi ar feadh tamaill nó gur
thraoch a fearg, agus gur imthigh beagán de'n uabhar dhi,
agus ba bhuidhe bocht léi é a theacht ar ais, agus an tráth
ar fhill sé, bhí lúthgháir mhór ar a athair, mar ba mhian leis
a chur do fhiachaibh ar a mhac a thairngire do sgríobhadh i
riocht go mbeadh sé ag na daoinibh tar éis a bháis.


L. 29


An tráth do bhí Brian ag iarraidh an tsagairt ní raibh
cosamhlacht bháis air, mar nach raibh sé tinn, agus shíl na
daoine gur éadtrom cinn [meascán mearaidhe] do bhí
air, acht níor bh'eadh, mar do bhí fios aige ó Rígh na Glóire
go raibh a sheal caithte ar an saoghal so, agus go raibh
áit ag fanacht [fanmhain] dhó i gcúirt na n-aingeal i
bhFlaitheas síorraidhe na ngrásta, agus ar an ádhbhar sin
d'fhógair sé a mhac a dhul i gcoinne an tsagairt dó, go
raibh sé i n-Inis Géidhe, agus nach bhfuigheadh sé bás go
dtiocadh sé.



21. Do-chuaidh marcach i gcoinne an tsagairt annsin dó.
Do las sé teine ar chnoc an Tearmainn mar chomhartha
do'n tsagart agus do tháinig sé amach as an oileán nó
go gcuireadh sé an ola dhéidheanach ar Bhrian.



Ní raibh aon bhóthar ann an uair sin acht ag siubhal
tré na móinte agus thré na portaigh. Do bhí bealach
fada rompa go dtí teach Bhriain, agus ní fada do chuaidh
siad go ndeachaidh capall an tsagairt dh'á báthadh, agus
do sgoth an capall crudh, agus adubhairt Brian, "Dia
agus Muire agus Pádraig linn, a shagairt, agus crudh
sgoithte ag do chapall," agus é ag saothrughadh an bháis
ar a leabaidh.



D'fhiafruigh a bhean de cad é an fáth adubhairt sé é sin,
agus adubhairt sé léi, "Do-chuaidh sé gar go maith do'n
tsagart ar an gCeis Ghairbh anois, agus do sgoth a
chapall crudh."



An uair do bhí an sagart ag teacht go caladh na trágha
baineadh tuiseal as a chapall, agus níor mhór nár
cuireadh as an diallaid é. Do bhí sé i bhfoigseacht míle
de thigh Bhriain an tráth sin.



"Goirm agus coisreacaim thú," arsa Brian. Arsa a
mhuinntear, "Tá sé ag rádhmhaillidhe."



22. I gcionn tamaill i n-a dhiaidh sin an uair do bhí an
sagart ag árdughadh ag binn an tighe i gcomhrac na


L. 30


trágha agus an chladaigh do baineadh tuiseal eile as an
gcapall, agus cuireadh an sagart amach as an diallaid,
agus d'fhóbair go mbrisfidhe a mhuinéal.



23. "Dia agus Muire agus Pádraig linn," arsa Brian,
"agam féin thú as gach uile olc agus urchóid," agus
gan é ag amharc ar an sagart ag teacht ar aon chor,
agus an uair tháinig sé isteach ba é Brian an chéad duine
do chuir fáilte roimhe, agus do bhí beagán feirge air an
uair do-chonnaic sé Brian i n-a shuidhe ag cainnt agus
ag comhrádh leó.



"Cad chuige gur chuir tú fios orm-sa?" ars' an sagart
leis, "agus gan cosamhlacht tinnis ar bith ort?"



Arsa Brian, "Déin deoch dhuit féin ar dtús, agus
beannuigh é. Níor mhór dhuit mise agat anocht, nó do bhí
tú i gcruadh-chás." D'innis Brian do'n tsagart gach uile
áit ar baineadh tuiseal as an gcapall. "Do-chuaidh tú
tré ghábhadh mór anocht. Do sgoth do chapall crudh ag an
gCeis Ghairbh an uair do bhí sí ghá báthadh. Cuir duine fá
n-a dhéin agus do-gheobhaidh sé an crudh."



Do-dhearc an sagart ar a chapall, agus b'fhíor do
Bhrian, fuair sé i n-uireasbhaidh cruidh é. Do-chuir an
sagart duine ar ais, agus fuair sé an crudh."



24. Adubhairt Brian leis an sagart, "Chomh luath agus
do bheannóchas tú deoch duit féin, gheobhaidh tú amach chum
an tighe sin amuigh; atá sgata ban ag sníomh ann, agus
an cailín óg atá i n-a suidhe ag doras an tseomra ag
cárdáil, abair léi í féin do ullmhughadh, nó go gcuiridh
tú an ola uirri; do-gheobhaidh sí sin bás romham-sa."



Níor labhair an sagart, acht do-chuaidh sé amach, agus
d'órduigh sé do'n mhnaoi óig í féin do ullmhughadh nó go
gcuireadh sé an ola dhéidheanach uirri. Do-rinne sí mar
adubhradh léi, agus do cuireadh an ola uirri, agus fuair
sí bás ar an mball sin.



An feadh do bhí an sagart ag cur na hola déidheanaighe


L. 31


ar an gcailín do bhí Brian agus a mhach ag comhrádh, agus
é ag sgríobhadh briathra Bhriain mar aguisín leis an méid
de'n tairngire do bhí sgríobhtha aige roimhe rin, agus ins
an tráth céadna do tháinig bean bhocht isteach, agus bhain
an mac spailleadh aisti. "Éist léi," arsa Brian, "béidh
cuid de do bhall féin curtha seacht mbliadhna romhat
féin," agus do bhí, mar chaill sé méar a láimhe i n-a
dhiaidh sin, agus cuireadh ins an talamh í, agus nuair do
chualaidh an mac an méid sin do chaith sé an tairngire
ins an teinidh, agus dóigheadh í.



25. D'fhág sin muinntir na hÉireann gan tairngire
Bhriain Ruaidh Uí Chearbháin do bheith sgríobhtha aca an uair
do chaith a mhac an chéad chuid d'ar sgríobh sé i bpoll
garbh-bhuaice, agus an dara cuid dar sgríobh sé, do chaith
sé isteach ins an teinidh é, agus ba mhór an truagh sin,
mar tháinig furmhór de'n tairngire isteach fíor.



An uair do tháinig an sagart ar ais go tigh Bhriain,
adubhairt sé gur mór do bhí na daoine ag dul amudha nár
thug creideamhaint d'á chuid chainnte, agus é do thógáil
síos ar pháipéar, agus go mbeadh gach cúis d'á mbainfeadh
le hÉirinn go so-thuigsionach aca.



26. "Anois," arsa Brian leis an sagart, "tá mise réidh
fá do chomhair." Do-chuir an sagart an ola dhéidheanach
air. Chómh luath agus do bhí sé réidh leis, do shín sé siar
agus d'éag sé.



Ní raibh aon tslighe leis an tairngire seo do fhagháil
acht ó bhéalaibh na ndaoine, agus sin é an chaoi a bhfuair
mise é.



Mar atá inniste agam cheana gur chuir mac Bhriain
an méid de'n tairngire do bhí sgríobhtha aige ó rath,
agus muna mbeadh go ndeachaidh mise ag cuartughadh,
agus go bhfuair mé an méid seo, do beadh sé fá an bhfód
mar atá an méid do mhill a mhac. Fuaras an méid de'n
tairngire atá annso ó thriúr seanchaidhe fad-cheannach,


L. 32


meabhrach, gealintinneach - is iad sin Uilliam Pléimeann,
Leath-árdán; Séamus Mac Enrí, Inis Bhigil, agus
Seaghán Ó Conmhacháin, Tolachán, Dubh-Thúma; agus d'á
luighead an méid seo féin coingeobhaidh sé ainm Bhriain
Ruaidh Uí Chearbháin i gcuimhne chomh fada agus bheas an
saoghal ar suidheachán, le congnamh Dé.



VI. Diarmuid an reatha agus an gar-lámhach.



1. Tháinig allmhuicidhe [sladaire] go huachtar Acla, agus
do bhí sé annsin ag allmhuiceacht [sladaireacht], agus ní
raibh mórán ann le creachadh acht éin agus ceatharaidhe.
Máille do bhí mar ainm air. Do bhí sé lá annsin ag
spaisteoireacht, agus do-chonnaic sé fear agus bean ag
teacht isteach Fearsad Acla, agus bó leó [aca]. Bláth-
mhail do bhí mar ainm ar an bhfear so do bhí ag teacht.



Tiormuigheann an tráigh míle ar fad agus míle ar
leithead, i riocht is go dtéidheann roinn de'n fhairrge
suas Béal na Cliath agus roinn eile de síos Béal an
Bhuláin. An uair bhíos tráigh rabharta ann, do shiubhalfá
anonn tirim in do bhrógaibh, agus ar mheath rabhartha do
bheithfeá go dtí do chom ag dul treasna na feirste.



Do-chonnaic Máille an bheirt seo ag teacht treasna na
trágha, agus do-chuaidh sé chum a n-airchis', agus do thug
sé leis iad go huachtar Acla agus an bhó, agus an uair
do-chuaidh an fear thug sé leis do chodladh do bhí faitchíos
air go marbhóchthaoi é, agus d'imthigh sé féin agus a bhean
leó an uair do fuair siad fear an tighe i n-a chodladh.



2. Ní raibh a fhios aca cá rachadh siad mar ba í an oidhche
do bhí ann, acht do bhiodar ag siubhal rómpa nó go
dtáinig an lá, agus níor stadadar nó go ndeachaidh siad
go Sliabh Mór, agus do-rinneadar árus beag dóibh féin
annsin.


L. 33


Ní fada do bhíodar imthighthe nó go gcualaidh fear an
tighe go rabhadar ag Sliabh Mór, agus do tháinig sé ar
maidin go moch chum an tighe, agus an uair do tháinig sé
isteach d'fhuagair sé comhrac ar an mBláthmhaileach, agus
do-chuaidh an bheirt aca ar mhacaire an dubhshláin, agus
tar éis seal pionnsaidheachta do mharbhuigheadh an
Bláthmhaileach.



3. Seal gearr i n-a dhiaidh sin do phós an Máilleach an
bhaintreabhach, agus do bhí ceathrar mac mar mhuirighin aice
- is é sin an mac ba shine leis an mBláthmhaileach, agus
an triúr eile leis an Máilleach.



Níor thaithnigh an chéad mhac leis an Máilleach chor ar
bith, mar ba Bhláthmhaileach do bhí ann, agus an uair do
mhéaduigheadar, do bhíodh siad ag imirt i gcuideachtain,
agus facthas [do-chonnarcas] do'n Mháilleach go mba
bheodhaichte an Bláthmhailleach ioná a thriúr mhac féin, agus
adubhairt sé go mbuailfeadh sé doibheart ar an mac
ba shine - is é sin an Bláthmhaileach - acht sul do éirigh
leis sin do dhéanamh do bhuail taom tinnis é, agus
fuair sé bás fá na sgoiltíghe, agus do hadhlacadh é, agus
do chuireadar leacht ós cionn na huaighe mar chomhartha
do na daoinibh gur uaigh do bhí annsin.



Do bhí annsin an mháthair agus an ceathrar cloinne i
gcuideachtain nó go dtugadar mná leo o cibé ait a
bhfuaradar iad, agus gur pósadar.



4. Do bhí na daoine ag fairsingiughadh agus ag teacht go
hAcaill an tráth sin. Tháinig cúram cloinne ar ceathrar
mac na baintreabhaighe, agus an uair do mhéaduigheadar
i n-a mbuachaillíbh óga, mac mic an Mháilligh b'ainm do
Diarmaid an Reatha Ó Maille, agus mac mic an
Bláthmhailigh b'ainm do'n Gar-lámhach Ó Bláthmhail.



Do bhí athair Dhiarmuda ag foirgneamh tighe i mBéal an
Átha Salaigh, agus an uair do bhí sé ag snaidmeadh na
ngaibhleach, do bhris an siuinéir an taráchar, agus


L. 34


b'éigean do stad, agus do bhí an gabha i n-a chomhnaidhe
ag Droichead na Bairr-Dhéise, deich míle fhichead uaidh,
agus caithfeadh duine dul Fearsad Acla le dul chuige
agus deisiughadh d'fhághail ar an taráchair. Adubhairt an
t-athair le Diarmuid:- "A mhic! caithfe tú dul amach
fearsad Acla anocht, agus dul chum an ghabhann, agus
deisiughadh do chur ar an taráchair."



An uair do mheas Diarmuid go raibh sé i n-am aige dul
chum na feirste, d'imthigh sé, agus do-chuaidh sé treasna
na feirste, agus as go bráth leis chum na Bairr-Dhéise,
agus an uair do shroich sé an áit, do dhúisigh sé an gabha,
agus do chuir sé deisiughadh ar an taráchair dhó, agus
tháinig sé a bhaile an fhearsad chéadna ar imthigh sé.



5. Ó d'fhág sé an teach go dtáinig sé a bhaile arís
timcheall cúig uaire a chluig - rinne sé trí fichid míle
do shiubhal, agus an uair do dhúisígh a athair ar maidin,
adubhairt sé, "A Dhiarmuid! chodail tú ar an bhfeirsid?"



"Dearc fá an leabaidh agus leig dhom codladh," arsa
Diarmuid. Do dhearc sé fá an leabaidh, agus fuair sé an
taráchair deisighthe, agus sin é an t-ádhbhar do tugadh
Diarmuid an Reatha mar ainm air.



Do-chuaidh Diarmuid lá go hEach an Ghabhair ag díol a
chuid áirnéis, agus do dhíol sé iad ar an oiread so
airgid, agus an uair do-chuaidh na ceannuightheoiridhe ag
a íoc [chum é d'íoc], ba mhian leo gan [baoghal ar] an
oiread airgid do thabhairt dó agus do gheall siad, agus
do thosnuigheadar ag tabhairt na mbeithidheach leo dhá
aimhdheoin, agus gan leath an airgid íoctha aca.



6. D'ionnsuigh Diarmuid leis an mbata iad, agus do rith
sé tríotha mar do rithfeadh seabhac tré ailt éanacha [éan],
gur bhuail sé iad, agus go dtug sé leis an áirnéis, agus
do bhuail sé an bóthar ag tarraingt a bhaile, agus na
beithidhigh leis [aige].



Do lean beirt fhear é, agus d'fhógair siad é, na


L. 35


beithidhigh do thabhairt dóibh, agus go n-íocfadh siad [go
n-íocfaidís] an t-airgead go hiomlán. Fuair sé annsin
luach na mbeithidheach, agus thug sé dhóibh iad.



Do bhí allmhuraigh mhóra as [ó] Chuan na Marbh ar
an aonach ag amharc air, agus adubhradar gur gaisgidheach
do bhí ann.



7. Do bhí feirmeoir [scológ] mór i gCuan na Marbh,
sínte ar theorainn leis na hallmhuraigh seo, agus an uair
do chonnaic seisean an gaisgeadh do-rigne Diarmuid, do
labhair sé leis, agus d'iarr sé d'impidhe air, teacht siar
leis go Tír Sheoigheach agus go dtiubhradh sé a inghean dhó
le posadh, agus go dtiubhradh sé gach uile nidh eile dhó dá
réir, acht a theacht agus í d'fheicsin, agus muna dtaith-
neadh sí leis go dtiocfadh leis gan í phósadh. Do-chuaidh
sé siar leis go Tír Sheoigheach nó go bhfaca sé an cailín,
agus do thaithin sí leis, agus adubhairt sé le na hathair
go nglacfadh sé léi mar mhnaoi.



Pósadh an lánamha, agus d'fhuagair an t-athair fleadh
agus féasta ar feadh trí oidhche agus trí lá, ag ithe agus
ag ól, blas na meala ar gach aon ghreim, gan dhá ghreim
ar aon bhlas, agus gan aon ghreim tur. Do chruinnigh
bocht agus nocht, saidhbhir agus daidhbhir chum an fhéasta,
ag ithe agus ag ól, ag déanamh siamsa agus grinn, nó
go dtáinig cunntas [tuairisg] isteach go raibh ceann
de na buaibh ceaptha ag na hallmhuraighibh, agus adubhairt
Diarmuid í d'fhágbháil annsin no go dtéidheadh sé féin
amach.



8. An uair do chaitheadar a dinnéar go socair sámh,
d'éirigh Diarmuid agus rug sé ar a bhata, agus bhain sé
crathadh as, agus d'iarr sé ar aodhaire na mbó a theacht
leis, agus an bhó do theasbáint do.



Do shiubhal sé féin agus maor na mbó go dtí talamh
na n-allmhurach - an áit a raibh an bhó - agus d'iarr sé
air an bhó do thiomáint leis go bhfeiceadh sé an dtiocfadh


L. 36


aon duine roimhe. Do thiomáin sé leis í, agus níor tháinig
aon duine roimhe le bac do chur air; agus adubhairt
Diarmuid leis, má d'imthigh aon bhó uaidh le bliadhain,
ceann i n-a hionad do thiomáint leis chomh maith, agus do
thiomáin sé leis trí chinn eile, agus níor leig na hall-
mhuraighe orra féin go bhfacadar na ba ag imtheacht.



9. An uar tháinig sé chum a thighe arís bhí ithe agus ól aca
ar feadh dhá lá eile nó gur sgaip na comharsana ar
deireadh thiar go buidheach beannachtach.



Seal gearr i n-a dhiaidh sin thug sé cuireadh do na
hallmhuraighibh chum dinnéir. Thangadar chuige, agus do
bhí fáilte mhór rómpa ins an gceanntar sin, agus do
bhíodar in-a gcomharsanaibh maithe as sin suas.



Caib. II. - Na gaduidhthe.



An uar do bhí Diarmuid suim aimsire i gCondae na
Gaillimhe, tháinig gaduidhthe go hAcaill ag tabhairt leo
maoin bó do bhí ag Gar-lámhach Ó Bláthmhail, agus an
uair thug siad leo iad, d'imthigh an Gar-lámhach siar go
Condae na Gallimhe, ag iarraidh Diarmuda an Reatha
Uí Mháille, agus ag innsin dó go dtug na gaduidhthe na
beithidhigh leo, agus go dtáinig sé ag a innsin dó-san
gur imthigh siad, agus ag éileamh a chonganta.



10. An uair do chaith sé a dhinnéar d'iarr Diarmuid air
imeacht agus bheith i n-áirdeall na mbeithidheach agus go
leanfadh sé féin é lá ar n-a bhárach, D'imthigh Diarmaid
ar maidin agus a thrí contacha [coin] leis, agus an uair
do bhí sé ag dul síos Gleann na Magh Dubh cailleadh an
chéad chú; ghearr sé uaigh dhi le n-a chlaidheamh, agus chuir
sé ins an talamh í.



Ag dul thar Mháim an Sgárdáin cailleadh an dara


L. 37


cú - thuit sí marbh - agus d'osgail sé uagh le n-a
chlaidheamh dhi, agus chuir sé ins an talamh í.



Ag dul síos Gleann Tomáis dó, thuit an tríomhadh cú
marbh ag a chosabh; d'fhosgail sé uaigh di le n-a chlaideamh,
agus chuir sé í.



11. D'imthigh leis síos thré bhaile mór Chathail, agus siar
Gleann Chaisil, síos Béal an Mhuirthid, thart siar muing
Sheagháin Chaoich, siar as sin an Geata Mór leis, agus an
uair do bhí an Geata Mór fágtha aige do-chonnaic sé na
beithidhigh ag dul siar an trágh, agus do-chonnaic na gad-
uidhthe an fear ag teacht i n-a ndiaidh fá siubhal mór.



Do bhí ceannphort na ngaduidhthe ag marcaidheacht, agus
an uair do-chonnaic sé an fear mór ag teacht i n-a
ndiaidh, agus an siubhal mór do bhí fá, do sgannruigh sé
[tháinig sgannradh ar], agus as go bráth leis chomh tréan
agus d'fhéad sé an capall do thiomáint.



An uair tháinig Diarmuid suas leis na beithidhigh, níor
chuir sé aon áird orra, acht lean sé an marcach, agus
sul do shroich sé a chúirt, tháinig sé suas leis agus
d'fhuagair sé comhrac air.



12. Ní raibh aon dul as ag an ngaduidhe, agus b'éigean
dó dul ar mhachare an dubhshlán le Diarmuid agus a
throid; agus mar do bhí sé i sáinn [i dteannta] throid sé
go borb agus go fíochmhar le Diarmuid go ndearnadar
praiseach de'n talamh, acht ar deireadh thiar thug Diar-
muid buille d'á claidheamh dó, agus do bhain sé an ceann
de, agus d'fhág sé é ag léimnigh le báinidhe ar an
machaire, agus do thionntuigh sé ar a sháil, agus thug sé a
aghaidh ar na beithidhigh.



An uair do chonnaic na gaduidhthe eile é ag tarraingt
orra agus a gceannphort marbh, d'imthigheadar i mbárr
na bhfásgaidhe, agus d'fhágadar na beithidhigh i n-a ndiaidh,
mar bhí uathbhás agus sgannradh orra roimh Diarmuid.



An uair do bhíodar ag dul tré an nGeata Mór leis


L. 38


na beithidhigh, agus sul do tháinig Diarmuid chomh fada
leó, do rinneadar moill ag bleaghan na mbó, agus ag
déanamh pasóide de'n bhainne dhóibh féin, mar do shaoil-
eadar nach raibh aon bhaoghal orra; acht meireach [muna
mbeadh] sin bheadh siad 'san mbaile fá chumhdach a ndaingin
roimh Diarmuid, agus annsin thiocfadh leis dul ag
feadghail i n-aghaidh na gaoithe.



13. Adubhairt sé dá mbeadh fear eile aige go dtiubhradh
sé na beithidhigh as Iarros. Do bhí sé ag cainnt leis féin,
agus adubhairt an Gar-lámhach, "Tá mise annso agat,"
agus do bhí sé ar buille boise le n-a thaoibh. Thiomáin siad
leó aníos a bhaile iad nó go dtángadar go dtí an áit
a dtugtar Béal na Creiche air. An uair thug na gad-
uidhthe leo na beithidhigh treasna Béal na Creiche, ba hí sin
an uair do tugadh an t-ainm sin ar an áit.



Do bhí Diarmuid agus an Gar-lámhach le sgaradh ó
chéile annsin - Diarmuid ag dul siar go Condae na
Gaillimhe - agus sul do sgar sé leis an nGar-lámhach,
adubhairt sé dá dteastóchadh a chongnamh arís uaidh go
raibh sé le fagháil aige agus fáilte. Adubhairt an Gar-
lámhach go raibh sé go han-bhuidheach de, agus do sgaradar
ó chéile.



14. Tháinig an Gar-lámhach a bhaile, agus an áirnéis leis
[aige], go dtí an Sliabh Mór, agus do bhíodar annsin nó
go dtáinig na gaduidhthe arís air ag tabhairt leo na mbó.
Tháinig siad go tráigh Dhúin Inbhir le bárc agus bád
fada, agus do chaitheadar an ancaire annsin, agus d'im-
thigheadar leó ag siubhal go dtáinig siad go dtí an
áirnéis arís, agus do chuireadar tiomáint orra. Do bhí
naoi no deich de mhíltibh le siubhal aca tré cnuic agus
gleannta agus bogaigh, agus an uair do bhíodar ag caladh
na mbád, do bhí an oidhche ann agus an ghealach ag éirghe.



Do thoisigheadar [thosnuigheadar] ag cur na mbeithidheach
isteac ins na báid fhada; do lean an Gar-lámhach iad, agus


L. 39


bhuachaill agus a chailín leis, agus thugadar leó beart
cocháin agus aithinne teineadh [smearóid] agus do lasadar
an cochán ar an árd os cionn na mbád, agus an uair do
chonnaic na fir do bhí ins na báid an teine dhearcadar
suas agus do chonnaiceadar iomadamhlacht na ndaoine
ag rith anuas le fánaidh, agus ní raibh ann acht an triúr
ag rith thart thimcheall na teineadh, agus do shíl an
mhuinntear thíos gur daoine iad do bhí ag rith anuas.



15. Ní raibh ann acht go raibh an ghealach ag soillsiughadh,
agus sgáth na dtriúr do-chonnaiceadar go síorraidhe ag
dul thart thimcheall na teineadh, an uair do bhí an cochán
lasta, agus shíleadar go raibh na mílte ann. Ní raibh
acht aon bhulán amháin aca istigh ins an mbád an uair
do-chonnaiceadar an t-amharc sin, agus do chaitheadar an
bulán sin amach ins an bhfairrge, agus mar gheall ar an
mbulán do chaitheamh amach ins an mbéal baisteadh Béal
an Bhuláin mar ainm air.



D'imthigheadar leó le huathbhás agus le sgannradh
a bhaile, agus thug Gar-lámhach a chuid maoine a bhaile
leis, agus an uair do shocruigh sé é féin ins an mbaile,
annsin do thoisigh [thosnuigh] sé ag déanamh oibre, agus
thug sé leis saoir agus do-rinne sé cúirt ag Béal an
Atha Salaigh, agus do-rinne sé clais naoi dtroighthe ar
leithead agus naoi dtroighthe ar áirde [aoirde] thart thim-
cheall na cúirte, agus do tharraing sé uisge gur líon
sé an chlais, i riocht is nár bh'fhéidir le aon duine dul
isteach ann, agus do chuir sé luasc-dhroichead air, i riocht
is go dtiocfadh leis a tharraingt isteach ins an oidhche
agus a chur ar an gclais ar maidin.



16. Do chuir sé biolla cosanta le bruach na claise
ar an taobh istigh, i riocht is nach dtuitfeadh a chlann amach
nó a mbáthadh.



Do bhí an chúirt le feicsin go dtí le gairid, agus do
bheadh sí fós ann muna mbeadh go tugadh na clocha aisti,


L. 40


agus go ndearnadh garrdha gabhann dhíobh, dhá mhíle siar ó
Dhubh-ghort.



I n-a dhiaidh sin tháinig an Gar-lámhach go ndearna sé
daingean ar oileán beag ins an bhfairrge i n-aice le Dubh
Ghort, agus is é is ainm do'n oileán - an Dún Mór; agus
do-rinne sé ceithre tighthe thuas ar a bhárr, agus is é an
chaoi ar chairt sé an lán as agus chaith sé an chréafóg amach
ins an bhfairrge - ceithre tighthe dúbailte ba eadh iad.



17. Ursana cloch atá ins an doras i n-áit ádhmaid, agus
atá na hursana cloch cúig troighthe ar áirde, agus do
réir mar do bhí sé ag árdughadh do bhí sé ag leathnughadh,
agus ní raibh ins an doras ar leithead ins an gceap
tairsighe acht ocht n-órlaigh déag, agus ceithre troighthe ar
áirde. Do bhí an doras ceithre troighthe eile ar leithead
mar do bhí sé ag árdughadh, agus ní'l a fhios agam cia
an chaoi a raibh sé as sin suas, óir atá sé tuitthe.



Tá an t-oileán timcheall trí fichid slat ar fhaid agus
fiche slat ar leithead, agus atá ocht bhfeadh ar áirde ann
os cionn na fairrge, agus atá áirse ann, agus an
fhairrge ag dul thríd mar rachadh árthach.



Tíormuigheann sé i riocht is go dtig le duine dul suas
air ag strapadóireacht le dhá uair tráighte, agus an uair
thuileann sé bíonn sé i n-a oileán, agus bíonn na mílte
éan gach uile oidhche i n-a gcodladh air go socair sámh,
agus atá sé ráidhte go dtéidheadh an Gar-lámhach do aon
léim amháin isteach air ó'n tír mhóir.



18. Atá sliocht Dhiarmuda an Reatha agus sliocht an
Ghar-lámhaigh i n-Acaill i gcomhnaidhe. An uair fuair Diar-
muid an Reatha bás do osgluigheadh é, agus fuaras
[fríoth] sgiathán ar a chroidhe, agus ba é sin an fáth a
raibh an luathas mór ann.



Is é Pádraig Mac Gréill, atá i n-a chomhnaidhe i nDubh
Ghoirt i n-Acaill, d'aithris an sgéal so dom.


L. 41


VII. Ceap-sinnsear muinntir' Mháille.



Ins an tsean-shaoghal do bhí Muinntear Mháille ar sgoith-
fhir na hÉireann. Do bhí fathaighe agus an-daoine ar thalamh
na hÉireann an uair sin, agus do mharbhuigheadar muinn-
tir Mháille go hiomlán, acht aon fhear amháin, agus do bhí
ag an bhfear sin buachaill aimsire d'ár bh'ainm Ua hEir-
eachtaigh, a bhí i ngar le bheith chomh maith leis féin.



1. Do mharbhuigh na fathaighe an Máilleach an uair do bhí
sé dhá mhí pósta, agus d'fhág sin a bhean i n-a bain-
treabhaigh, agus do bhí sí oidhche agus lá ag guidhe Dé, a
gein chloinne do bheith i n-a mhac an uair thiocfadh sé
ar an tsaoghal.



Ba mhaith mar thárlaidh. Is mac thug sí chum an tsaoghail,
agus an uair do chonnaic sí sin, chaith sí í féin ar a dá
ghlún agus thug sí buidheachas do'n Athair Síorruidhe go
raibh ádhbhar aon fhear amháin aici a choinneóchadh [choimeád-
fadh] an cineadh Mháille beo.



Seal gearr i n-a dhiaidh sin, d'imthigh sí as Umhall Uí
Mháille agus an páiste léithi, agus chuaidh sí amach go
Condae an Chláir, agus ní raibh sí i bhfad annsin nó
gur phós fear eile dár bh'ainm Ua Ceallaigh í.



Tháinig beirt mhac ar a sliocht, agus shíl an Máilleach,
a leas-dhearbhráthair, go mba é a leas-athair a athair
féin, agus an uair do mhéaduigh an triúr buachaillidhe sin,
do théidheadh siad ar an machaire le himeartas gaisgidh
agus bhíodh an Máilleach i gcomhnaidhe i gcomórtas i
n-aghaidh na beirte.



2. An uair do bhí an fear ba óige bliadhain agus fiche
d'aois, do bhí an triúr ar an machaire lá, ag camánacht.


L. 42


agus do bhí an Máilleach ag imirt i n-aghaidh na beirte,
mar ba ghnáthach leis i gcomhnaidhe, agus is é an margadh
do bhí eatortha, cibé taobh do chuirfeadh an báire amach
ar an taoibh eile, buille de'n chamán do bhualadh ar an
gcloigeann ar an taoibh do leigfeadh amach é. Do bhí an
Máilleach ag a chur amach chomh minic go raibh cloigne
na beirte gortuighthe aige, agus tháinig fearg orra, agus
adubhradar leis nár dhearbhráthair leó é. Tháinig sé
isteach go dtí a mháthair agus é brónach go leór. Adubhairt
sí leis go mb'fhearr an fear a athair ioná aon fhear a
raibh dh'á gcineadh ar thalamh na hÉireann, agus má do bhí
amhras ar bith aige ar a cuid cainnte go raibh buachaill
ag a athair ba sloinne dhó Ua hEireachtaigh, agus go raibh
sé i ngar dhá bheith chomh maith le n-a athair féin, agus go
gcualaidh sí ó fhear siubhail a tháinig an bealach le gairid,
go raibh sé beó fós, i n-a luighe ar a leabaidh, agus é
dall le trí bliadhna. "Agus má's duine ag imtheacht
uaim thú," ar sise, "déin do bhealach go hUmhall Uí
Mháille, agus do-bhéara sé fáisnéis duit."



3. D'imthigh sé ag triall ar Ua hEireachtaigh, agus an
uair do chonnaic a bheirt dearbhráthar sin do leanadar
é; ní bheadh siad beo i n-a dhiaidh, adubhradar, le méid
ceana agus do bhí aca air.



Do bhí an geimhreadh ann agus sneachta mór trom leis,
acht níor stad an triúr nó go dtángadar go tigh Uí
hEireachtaigh, agus leis an sneachta do bhaint d'á gcuid
bróg ag an doras, do bhuaileadar chomh cruaidh na bróga
ar an tairsigh gur chualaidh an fear dall do bhí ins an
leabaidh na buillidhe, agus adubhairt sé, "Siúd buille ó
Mháilleach."



4. Thangadar isteach chum an tighe, agus ag caitheadh a


L. 43


gcuid clócaidhe díobh, agus ag crathadh an tsneachta asta,
adubhairt an fear dall, "Sin neart Máilligh, má tá
duine dhíobh beó; tabhair dhom gréim láimhe ort, agus
aithneochaidh mé neart do chnámha."



Do-chuaidh an fear do b'óige go dtí é [chuige]. Rug sé
greim láimhe air. "Ní Máilleach thú," adubhairt an fear
dall. Do-chuaidh an dara fear chuigé. Rug sé greim láimhe
air. "Ní Máilleach thú," adubhairt sé, "acht an oiread."



5. Do-chuaidh an Máilleach chuige. Rug sé greim láimhe
air. "A!" adubhairt an fear dall, "atá cnámh an
Mháilligh in mo láimh anois."



Do shuidh an Máilleach síos i ngar dó, agus d'aithris sé
dhó na focla céadna d'innis an mháthair dó fá ghaisgeadh
a athar. Annsin adubhairt an fear dall leis, "Seo é
[ag seo] claidheamh d'athar atá agam-sa ó'n lá ar mharbhuigh
an fathach é." Do bhí se taobh thall de crochta ar an
mballa.



Rug an Máilleach ar an gclaidheamh, agus adubhairt sé,
"Bainfidh mise sásamh as an bhfathach, nó tuitfidh mé féin."



Adubhairt an fear dall, "Ní bhfuil aon tslighe sásaimh
agat le baint as acht ar aon chuma amháin. Tá tobar
annsin thíos ins an gcoill, agus tá aon áit amháin ann
a dtig leat féin dul i bhfolach, agus tiocfaidh an fathach
ar uair an dó dhéag gach lá, agus tiomfaidh sé a cheann
ins an tobar, agus má bhíonn tú chomh lúthmhar le bheith
aige [i n-a fhochair] sul dírighidh sé a cheann, agus do bhuille
bheith buailte, nó muna mbeidh, tá tú i gcontabhairt.



6. Maith mar thárlaidh. Do chuaidh an Máilleach amach
agus faobhar géar ar a chlaidheamh, le croidhe agus
misneach, le sásamh do bhaint amach fá bhás a athar. Do
chuaidh sé i bhfolach, mar adubhradh leis, agus an uair


L. 44


tháinig an fathach, do thom sé a cheann ins an tobar, agus
do bhí an Máilleach de léim chuige, agus do bhuail sé an
buille sul do dhírigh sé a cheann, agus do chaith sé an
cloigeann de'n cholainn.



Do-chuir sé gad i n-a chluais, agus tharraing sé i n-a
dhiaidh isteach é, chuig Ua hEireachtaigh - an rud do chuir
bród ar a chroidhe.



"Anois," adubhairt Ua hEireachtaigh, "tiocfaidh a
dhearbhráthair i ngearr-am [go gairid] ar a thóir, agus
tomfadh sé a chloigeann féin ins an tobar."



"Téiridh [téidh] amach agus caith an cholann atá thíos as
amharc, agus bí fá réir mar do bhí tú cheana."



7. Do chuir an Máilleach treas faobhar ar a chlaidheamh,
agus do shiubhail sé amach le misneach ní b'fhearr ioná do
bhí aige cheana. Tharraing sé an cholann mhór do bhí thíos
ag an tobar, agus do chaith sé i n-áibhéis í, agus do
chuaidh sé i bhfolach. Níor bh'fhada go bhfaca sé an fathach
mór ag teacht, do bhí chomh hárd le crann, agus an uair
tháinig sé chomh fada leis an tobar, thom sé a cheann ann,
mar do rinne a dhearbhráthair roimhe sin. Thug an Máilleach
truisle [troslóg], agus do bhí sé ag an tobar an uair
do bhí an fathach ag tógbháil a chinn, agus do bhuail sé
buille ar bhaic a mhuinéil air, agus do chaith sé an
cloigeann mór isteach ins an tobar, agus do thuit an
cholann siar ar thalamh thirm, ag lémnigh le báinidhe, an
feadh do bhí aon urradhas ann. Do chuir an Máilleach gad
i n-a chluais, agus do tharraing sé an ceann isteach i
n-a dhiaidh - rud do chuir bród mór ar Ua hEireachtaigh.



8. "Anois," adubhairt Ua hEireachtaigh, "atá tuilleadh
le déanamh agat. Atá an ceann is mó dhíobh go huile thall
ar an oileán, agus is é an chomhartha bhíodh aca teine do


L. 45


chur ar an árdán agus thiocfadh an fear thall anall,
agus má bhíonn tú chomh maith agus go mbeidh tú roimhe,
caithfidh tú dul ainach i n-a aircis, nó má leigeann tú
isteach ar thalamh é tá tú i gcontabhairt."



9. Do chuir an Máilleach an teine amach, agus do-chuaidh
sé go dtí an áit adubhairt an fear dall leis do bheith
an áit a dtiocfadh an fear thall anall - agus ní fada
go bhfaca sé an gíoplach ag teacht ag iomrádh a churacháin,
agus do chuaidh sé amach i n-a aircis go dtí a chom ins an
bhfairrge, agus mar do bhí culaidh an chéad fhathaigh do
mharbhuigh sé, air, do shíl an fathach mór go mba a dhear-
bhráthair do bhí ag teacht amach i n-a aircis nó gur bhuail
sé buille dá chlaidheamh ar a mhuinéal, agus do thuit an
cloigeann isteach ins an gcurachán, agus do léim an
cholann amach ins an bhfairrge.



Thánig an Máilleach a bhaile chuig an fear dall, agus
an cloigeann leis [aige] - an rud do chuir glionndar
ar a chroidhe. Do chaitheadar an oidhche sin le sult agus
le greann.



10. Ar maidin lae ar n-a bhárach d'imthigh an Máilleach
agus thug sé leis a mháthair agus a leas-athair as
Condae an Chláir, isteach go h-Umhall Uí Mháille agus
thóg sé seilbh ar árus na bhfathach, agus ní ghlacfadh an
bheirt dhearbhráthar ainm a n-athar do bheith orra, acht
Máille as sin amach, agus sin é an fáth a bhfuil cuid de
na Máillighe níos lugha ioná a chéile.



An treabh a tháinig ó mhuinntir Cheallaigh atá siad chomh
beag le bunadh ar bith eile ins an tír, acht atá treibh na
Máilleach mór-gníomhamhuil le gaisgeadh i gcomhnaidhe
agus beidh go bráth.



Is é Uilliam Pléimeann do innis an sgéal so.


L. 46


VIII. Fionn Mac Cumhaill agus ridire an
Gháire.



1. Do bhíodh an sgéal so d'á aithris fad ó shoin, agus is
fad ó bhí, dá mbeinn-se ann an uair úd agus a bheith ann
anois ba chríona liath an sgéalaidhe mé; bheadh sgéal
nuadh nó sean-sgéal agam; do chumfainn féin sgéal nó
bheidhinn gan aon sgéal. Acht is é rud do bhí mé ag brath
ar a rádh go raibh fear ann d'ár bh'ainm Fionn mac
Cumhaill, agus do bhí sé i n-a dhuine de na Fiannaibh. Do
théidheadh sé féin agus na Fianna eile amach ag seilg gach
uile lá, agus ar tuitim na hoidhche bhíodh siad ins an
mbaile arís.



Aon lá amháin do-chuaidh Fionn agus na Fianna amach
ag seilg, agus do bhíodar ag siubhal i gcaitheamh an lae
tré coiltibh agus tré sléibhtibh nó go dtáinig an tráth-
nóna, agus do bhí siad ag tarraing a bhaile an uair do
rinne Fionn moill i n-a ndiaidh. Do bhí sé tuirseach,
sáruighthe dé bhárr an lae, agus shuidh sé síos ar chnocán
le taoibh na fairrge, ar aghaidh na gréine, le n-a sgíth do
leigean. Ní raibh sé i bhfad i n-a shuidhe an uair tháinig
gasúr [garsún] beag agus do shuidh sé le n-a ais.



2. "Cuir aimsir orm-sa," ar seisean.



"Maise cad é an mhaith thú féin? Ar ndóigh ní bhfuil
iomchar na n-éanlaith féin ionnat [ní'l tú láidir go leor]
an bhfuil? Cad é an mhaith do bheadh dam ionnad? Nó cad
dó dhéanfá dham dá gcuirfinn aimsir ort?" arsa Fionn.



"An uair is mó do bhuaidhreadh nó do thrioblóid buainfidh
mé gáire asad. Agus áit ar bith i n-a mbeidh do ghnótha
nó teachtaireacht le déanamh, rachaidh mé ann go luath
agus go tapaidh," ars' an gasúr [garsún].


L. 47


3. "Tá go maith," arsa Fionn mac Cumhaill, "Cad é
an t-ainm do bhearfas mé ort?"



"Tabhair an "Gearrbhodach Gar Gasta" orm," ar sisean.



Do bhí go maith agus ní raibh go holc. Thug sé an gasúr
[garsún] a bhaile leis, thug biadh dhó, agus do chuir a
chodladh é.



Do bhí fear eile de da Fiannaibh d'ár bh'ainm dó Conán
ins an tigh céadna. D'éirigh Conán ar maidin leis an
dara tráth de choileach agus do bhuail sé dorn ar an
ngarsún, "Bí ad' [i do] shuidhe," ar seisean, "tá gnó ag
do mháighistir díot."



D'éirigh an garsún, do nigh sé agus do ghlan sé é féin,
agus do-chuaidh sé go dtí n-a mháighistir. D'fhiafruigh sé
dhe an raibh sé ag teastbháil uaidh.



"Tá," arsa Fionn mac Cumhaill. "Caithfe tú dul go
dtí an Domhan Toir agus an Corn Cain, as a dtigeann
na seacht gcinéil biotáile, agus d'á bhfuil na trí fathaidhe,
Beó, Ró, agus Cró ag tabhairt aire dhó a thabhairt
chugam."



"Caithfe mé mo mhargadh do choimhlionadh," ar seisean.



4. D'imthigh sé ar aghaidh agus do bhí sé ag siubhal riamh
agus choidhche nó go dtáinig sé go bruach na fairrge.
Tharraing sé sgian agus cipín maide amach agus do
rinne sé long luath láidir i n-a rachadh seacht gcatha na
Féinne. Do-chuaidh sé isteach ins an loing agus do bhuail
sé buille d'á chois uirre, agus do chuir sé naoi míle
amach ins an bhfairrge í, ag treabhadh na dtonn fíor
dhoimhin, agus ag cur an ghainimh do bhí i n-a íochtar i n-a
uachtar; ag éisteacht le héisg mhóra, míola, rónta, bric
bheaga an bhéil dheirg ag éirghe ar bhois agus ar chois an


L. 48


mhaide rámha, nó gur stiúir sé a long glan, díreach, agus
gur bhuail sí cuan ins an Domhan Toir.



Do chaith sé amach ancaire gan moill agus do stad an
long. D'imthigh sé isteach thríd an tír cum go dtáinig sé
go tigh na bhfathach mór. Do bhí beirt de na faithighe,
Beó agus Ró amuigh ag fiadhach, agus do bhí an fathach
mór, Cró, i n-a shuidhe ar chathaoir ag an teine agus é
i n-a chodladh, agus gach aon tsrann aige; do chloisfidhe
cúig míle bhealaigh ag srannfadhghail é. Do bhí cailín an
tighe ag sguabadh thart agus ag réidhteach suas. Do
bheannuigh sí dhó, agus do bheannuigh sé di. D'fhiafruigh sé
di cá raibh an Corn Cam as a dtigeadh na seacht sóirt
biotáile.



5. "Ara! go mba seacht measa bheidheas tú bliadhain ó
ndiu, a gharsúin ghrána," ar sise, "dá bhfeicfeadh na
fathaighe thú do réabfaidís an croidhe asad. Fág an teach
so ar an toirt nó beidh do anam agam."



D'ionnsuigh sé an cailín agus do sgiob sé a ceann
di le n-a chlaidheamh. Rug sé leis an Corn Cam annsin,
agus as go bráth leis. Thug sé a aghaidh glan díreach ar
an áit i n-ar fhág sé an long.



Go gairid i n-a dhiaidh sin do bhuail tart duine de na
faithighibh agus tháinig sé isteach chum deoch d'fhagháil.
D'fhiafruigh sé de Chró cia mharbhuigh an cailín agus cá
raibh an Corn Cam.



"Do-chonnaic mé garsún beag ag dul amach ó chianaibh,"
ar seisean, "agus measaim gur b'é do mharbhuigh an
cailín agus do ghuid an Corn Cam."



6. "Maise," ars' an fathach, "má's é Céadtach mac Ríogh
na Solladh do bhí ann, ní thiocfaidh mé suas leis."


L. 49


7. Do lean sé an garsún i muinighin anma. D'imthigh sé
leis agus d'imthigh seisean; bhéarfadh sé míle de chois-
céim agus fiche míle de thorslóig. An áit do bhí íseal
do'n ngarsún b'árd í do'n fathach, agus an áit do bhí
árd do'n ngarsún b'íseal í do'n fathach. Is é sin an
uair do bhíodh an fathach ag dul suas i n-aghaidh an chnuic
bhíodh an garsún ag dul síos ar an taoibh eile; agus an
uair do bhíodh an fathach i mbárr an chnuic do bhíodh an gar-
sún ins an ngleann ag bun an chnuic eile. Do bhí siad
ag imtheacht mar sin nó gur bhain an garsún fairrge
amach is go ndeachaidh sé isteach ar bórd luinge. Ar dul
isteach dó ins an luing tháinig an fathach i bhfuigseacht
cainnte dhó, "A gharsúin is feárr do chonnaic mé riamh,"
ar seisean, "tabhair aon deoch amháin dam as an gCorn
Cam agus ní iarrfaidh mé aon deór as arís go bráth."



"Is cruaidh an tóruigheacht chuirfeas tú air," ar
seisean, "má ólann tú aon deór choidhche as."



Do bhuail an garsún buille d'á chois ar deireadh na
luinge agus do chuir sé naoi míle amach ins an bhfairrge
í, aghus níor stadadh léi nó gur shroith sí cuan i nÉirinn.
Chomh luath agus do léim sé amach as an luing, chuir sé
séideóg innti, agus d'imthigh sí mar do bheadh ceo ins an
aer gan fios a tuairisge.



8. An uair tháinig sé go dtí Fionn mac Cumhaill agus
leag sé an Corn Cam ós a chomhair, ní misde a rádh go
raibh fáilte mhór roimhe, nídh nach iongnadh.



"Ní bheidh tart orainn arís go deo," arsa Fionn Mac
Cumhaill. "Ní bheidh an corn so folamh choidhche."



Do-rinne Fionn agus Fianna Éireann fleadh mhór do'n
nGearrbhodach Gar Gasta, agus do chaitheadar an oidhche


L. 50


sin trian de le fiannuigheacht, trian le sgéaluigheacht,
agus an trian eile le trom-shuan agus sámh-chodladh.



9. An uair d'éirigh an garsún do chuir sé bos nighte ar a
éadan, do ghléas sé agus do ghlan sé é féin, do chaith sé
biadh agus chuaidh sé amach leis na Fiannaibh ag fiadhach.
An uair do bhí an lá buaidhte, caithte, tharraing siad
a bhaile; acht do bhí Fionn mhac Cumhaill tuirseach, sár-
uighthe de bhárr an lae, agus do shuidh sé síos ar an
taoibh ó dheas de chnocán do bhí ar aghaidh na fairrge le
n-a sgíth do leigean. Tháinig an garsún agus do shuigh sé
le n-a ais. "An áit i mbeidh an máighistir," ar seisean,
"is ann is cóir do'n mbuachaill do bheith." "A Fhinn
mhic Cumhaill," ar seisean, "dearc siar ar an bhfairrge
úd shiar." Do dhearc Fionn siar. "An bhfeiceann tú
dadadh?" ars' an garsún.



"Do-chím, arsa Fionn, "corrach beag i bhfad uaim, idir
mé agus bun na spéire, agus fear ann. Tá an fear
i n-a shuidhe síos, agus gan duine i n-a fhochair acht é féin.
Tá sé ag tarraing orainn go luath.



"Seachain an fear sin," ars an garsún. "Sin é do
namhaid; agus mar [muna] dtugaidh tú aire dhuit féin
gheobhaidh sé an lámh uachtair ort. Is é an t-ainm atá
air an Sceithín Sceitheamhlach agus tá an feall ann."



"Is ar éigin do bhí na focail amach as a bhéal an uair
do bhí sé i n-a shuidhe le n-a n-ais. Tharraing sé team-
poll mór ar bhárr an chnocáin, agus do shuidh sé síos arís
i n-aice Fhinn ar taoibh an chnocáin.



10. "A n-imreóchthá cluithche, a Fhinn mhic Cumhaill?"
ar seisean.



"Ní raibh mé aon lá riamh nach n-imreoghainn," adubhairt
Fionn mac Cumhaill.


L. 51


Do thosnuigheadar ar imirt. Do chuir an Sceithín Sceith
eamhlach an chéad chluithche ar Fhionn mac Cumhaill agus do
chuir Fionn an dara cluithche ar an Sceithín Sceitheamhlach.



11. "Tabhair féin do bhreith i dtosach, ó thárla gur tú
fuair an chéad chluithche," arsa Fionn.



"Cuirim fá geasa draoidheachta thú gan trí oidhche do
chodladh ar aon leabaidh, ná trí béile bídh do chaitheamh in
aon teach go dtugaidh tú chugam sgéala cad é an fáth gur
chaill Ridire an Gháire a shúile, a fhiacla, agus a gháire:
agus cad é an fáth nach ndeárnaidh sé aon gháire le
seacht mbhliadhna."



"Mhaise," arsa Fionn mac Cumhaill, "cuirim-se thusa
fá geasa draoidheachta do chosa is do choimeád bheathadh do
bhaint díot, thú do dhul i mbárr spíce an teampuill sin,
agus gan do bheith de dheoch agat acht gach do séidfidh an
ghaoth as pota bréan-uisge nó go dtugaidh mise sgéal
chugat cad é an fáth gur chaill Ridire an Gháire a shúile,
a fhiacla, agus a gháire; agus cad é an fáth nach ndeár-
naidh sé aon gháire le seacht mbliadhna."



12. Do-chuaidh Fionn agus an garsún a bhaile annsin.
Do bhí Fionn brónach go leor, nídh nach iongnadh. An uair
do shuidh Fionn síos ins an gcathaoir do-rinne sé osnadh,
agus do phléasg an chathaoir ar gach taoibh de leis an
méid do at sé de dhruim an osnaidh. D'éirigh an garsún
i n-a sheasamh agus rug sé ar chamán agus liathróid, ag
imirt leó chomh dicheallach is dá mbeadh lán an tighe i n-a
aghaidh. Do-rinne Fionn gáire. "A gharsúin," ar seisean,
"cia b'é ar a bhfuil buaidhreadh, ní bhfuil buaidhreadh ar
bith ort-sa."



"Do gheall mé dhuit an uair is mó do bheadh buaidhreadh


L. 52


ort go mbainfinn gáire asad," ars' an garsún.



An lá ar n-a mhárach fuaradar long ullamh do bhéar-
fadh ar an ngaoith Mhárta bheadh rómpa, agus ní bhéarfadh
an gaoth Mhárta bheadh i n-a diaidh uirre, agus d'imthigh
siad ar thuairisg Ridire an Gháire.



Lá breágh d'á raibh siad i n-a seasamh ar bhórd na luinge
agus an gluaiseacht céadna fútha do bhí Fionn ag
breathnughadh go grinn timcheall air, agus adubhairt sé:
13. "Cia an chúirt áluinn í sin do-chím, i n-a bhfuil gach
uile dath ins an domhan innti, agus dhá dhath ós cionn an
iomláin?"



"Is í Sorcha óg Ní Mhaineannáin atá i n-a comhnuidhe
ins an gcúirt sin, agus is í mo mhathair-se í," ars' an
garsún. "Tig leat cuairt do thabhairt go dtí an chúirt,
acht ná ith an biadh agus ná hól an deoch do thiubharfaidh
mo mháthair duit. Agus is é an t-ainm do bhéarfas tú
orm-sa Céadtach mac Ríogh na Solladh."



Do thúirling siad de'n luing agus do-chuaidh siad suas
go dtí an chúirt agus do bhí fáilte mhór rómpa. D'iarradh
orra suidhe ag bórd agus cuid de'n bhiadh breágh do bhí air
do chaitheamh. Adubhairt Fionn le Sorcha óg Ní Mainean-
náin nach (m)blaisfeadh sé greim bídh ná dighe i n-a cúirt
acht air choingheal go leigfeadh sí Céadach d'imtheacht leis.



"Leigfe mé leat é," ar sise, "má gheallann tú dham
go dtiubharfaidh tú ar ais chugam é beo nó marbh."
"Béarfaidh mé ar ais chugat é beo nó marbh," ar
seisean.



14. "Tá go maith," ar sise, "agus an uair bheas tú ag
teacht ar ais bíodh brat geal ar thosach na loinge má
bhíonn sé beó, agus muna mbeidh sé beo, is é sin, má


L. 53


bhíonn sé marbh bíodh brat dubh ar thosach na luinge agat."



Do chaith siad biadh agus d'fhágadar slán agus beann-
acht ag Sorcha óg Ní Meanannáin. Do-chuaidh siad go dtí
an tír i n-a raibh Ridire an Gháire i n-a chomhnaidhe.



15. "Cia hiad na gaiscidhigh seo ag teacht? Is teann atá
siad," arsa Ridire an Gháire. "Is éigean dam iad do
mharbhughadh má's féidir liom é."



An uair tháinig sé cóin fada le Céadtach do rugadar
dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; do dhéanfadh siad
bogán [bogach] de'n chreagán agus creagán de'n bhogán
[bhogach], toibreacha fíor-uisge ag fás tré lár na cnocán.
An chéad chor bhain Céadtach as an Ridire chuir sé go dtí
n-a choróga ins an talamh é, agus an dara cor go imeall
a bhráighde. "Fód glas ós do chionn, a bhodaigh," ar
seisean.



16. "A ghaisgeadhaigh is fearr do-chonnaic mé riamh, im-
pighim ort, mo cheann, mo chosa agus mo choiméad beathadh
do leigean liom, agus rud ar bith atá tú ag iarraidh
caithfe tú é d'fhagháil," arsa Ridire an Gháire.



"Innis do Fhionn mac Cumhaill," arsa Céadtach "cad é
an fáth gur chiall tú do shúile, do fhiacla, agus do gháire;
agus cad é an fáth nach ndearnaidh tú aon gáire le seacht
mbliadhna."



"Déanfad é sin go fonnmhar," arsa Ridire an Gháire.
"Do bhí mé seal de mo shaoghal agus do bhí seisear mac
agam, acht maidean Luain Bealtaine tháinig geirrfhiadh
agus do shuidh sé ag an bhfuinneoig sin amuigh. D'fhiasruigh
sé an raibh mac ríogh nó ridire annso do leanfadh an geirr-
fhiadh ag a raibh fleasg óir i gcúl a chinn agus fleasg
airgid i gclár a éadain. Adubhairt an mac ba shine agam


L. 54


go raibh. D'éirigh sé, chuir sé a chú le n-a chois, a sheabhac
le n-a bhois, agús do-chuaidh sé féin ag marcaidheacht ar
each caol dubh. Do lean sé an geirrfhiadh go ndeachaidh sé
go dtí an cnocán úd thall. D'oscail doras ins an chnoc,
do-chuaidh siad isteach ann, agus ní fhacaidh mé ó shoin iad.
Ní'l bliadhain ar feadh sé bliadhna nach dtigeadh an geirr-
fhiadh nó go dtug sé leis gach uile dhuine de mo chlann
mhac. An seachtmhadh blíadhain tháinig sé arís agus d'iarr
sé orm féin dul leis, agus níor bh'fhéidir liom é d'eiteach.
D'oscail doras ins an chnoc agus do-chuaidh mé isteach.
Do-chonnaic mé istigh romham an Giostaire Liath agus an
Chailleach Bheárnach. Do bhí an Giostaire Liath i n-a shuidhe
i n-aice na teineadh agus torc mór muice bruithte aca.
D'ith siad féin a sáith de, acht níor thug siad aon ghreim
damh-sa. D'fhiafruigh an Giostaire Liath dhíom-sa an im-
reochainn cluithche. Do chuir sé a cheann isteach i slabhra
agus do chaith sé chugam-sa anall é. Adubhairt sé liom-
sa mo cheann do chur isteach ann, agus do chuireas.
"Tarraing!" ar seisean. "Tarraing féin!" arsa mise.
Do tharraing sé agus do chuir sé ar mhullach mo chinn ins
an teine mé. Do bhruith siad agus do loisc siad mé ó
mhullach mo chimn go bunaibh mo chos. Do chaill mé radharc
mo shúl, do thuit mo chuid fiacla, tugadh mo chlann mhac
uaim, sgaipeadh mo shaidhbhreas agus mo mhaoin, agus tá
mé annso lag críon liath. Is é sin an fáth nach ndearna
mé aon gháire le seacht mbliadhna."



17. "Is maith an t-adhbhar é" arsa Céadtach, "téanam
go bhfeicimíd iad."



D'imthigh Céadtach, Fionn, agus Ridire an Gháire, agus
níor stadadar go ndeachadar isteach ann. Fuair said an


L. 55


Giostaire Liath agus an Chailleach Bheárnach i n-a suidhe
ann. Do chuir siad fáilte roimh Céadtach mac Ríogh na
Solladh agus roimh Fionn mac Cumhaill, acht níor labhair
siad cor ar bith le Ridire an Gháire.



18. "Tabhair dam," arsa Céadtach, "an slaitín draoidh-
eachta agus máilín na n-asarluidhe."



"Tá siad crochta suas ar chúl na gaibhle, agus tabhair
leat iad," arsa an Giostaire Liath.



"Anois," ar seisean, "Tá mé ag iarraidh seisear mac
Ridire an Gháire, agus a chuid eachraidhe agus seoda
slán, fuláin."



"Sin iad annsin iad i n-a gclochaibh beaga agus i n-a
gclochaibh móra ar fud an tighe," ars' an Chailleach Bheár-
nach. Do bhuain Céadtach an draoidheacht díobh agus de
Ridire an Gháire, agus do bhíodar slán arís.



An uair do chonnaic Ridire an Gháire a sheisear mac
amach roimhe ag marcuidheacht ar a gcaplaibh do-rinne sé
aon gháire amháin agus do chuadhlaidh Sceithín Sceitheamhlach
thall i n-Éirinn é, agus do thuit sé anuas marbh de bharr
an teampuill.



19. D'fhág Céadtach agus Fionn Mac Cumhaill slán agus
beannacht ag Ridire an Gháire. Do thrialladar ar Sorcha
óg Ní Meanannáin, máthair Chéadtaigh, agus le méid a
luathgháire do saoileadh go mbáithfeadh sí le deoraibh é,
go múchfadh sí le pógaibh é, agus go dtiormóchadh sí é
le brataibh glana síoda agus sróill.



Adubhairt Sorcha óg Ní Meanannáin dá mbeadh brat
dubh ar thosach na loinge an uair do bhí sí ag teacht tar
n-ais go mbáithfidh í.


L. 56


Do ghabh Fionn mac Cumhaill a bhuidheachas le Céadtach
mac Ríogh na Solladh fá é thabhairt tré gach gábhadh, agus
tháinig Fionn a bhaile slán go hÉirinn.



20. Bean aosta, ó Chondae na Sligeach, do aithris an
sgéal so timcheall fiche bliadhan ó shoin, thall i Phila-
delphia U.S.A.



IX. An Dreoilín.



1. Ins an tsean-aimsir do bhi cruinniughadh ag éanlaith
an aeir, agus chinneadar ar rígh do bheith ós a gcionn.
Adubhradar cia ar bith éan is áirde [aoirde] eitleóchadh
gur b'é a bheadh i n-a rígh orra. An uair do chualaidh an
dreoilín sin, d'imthigh leis, agus chuir sé é féin i bhfolach
fa[oi] sgiathán an iolra. Mar bhí sé beag, budh fhuras
folach do chur air, agus mar do bhí sé éadtrom níor
airigh an t-iolra [iolar] a mheádhchan. Do chuadar uile ag
eitleadh, acht budh é an t-iolra [iolar] is áirde [aoirde]
do-chuaidh. Annsin do sgread sé amach agus adubhairt:



2. "Is mise rí na n-éan!"



Níor dheárnadh an dreoilín faillighe; d'eitil sé amach
ó sgiathán an iolra, agus mar nár fhéad an t-iolra a
dhul [dul] níos áirde, óir bhí sé tuirseach sáruighthe. Do
chuaidh sé suas níos áirde ioná an t-iolra, agus adubhairt:



"Ní tusa acht mise rí na n-éan."
Agus ó'n lá sin goirthear "rí na n-éan" ar an dreoi-
lín. An uair bhíos aos óg ag dul thart leis lá Féile
Steapháin, is gnáthach leo an rann do leanas do rádh.
Áit ar bith nach [bh]fuil eolas ar an Gaoidhilge [nGaedhilg]


L. 57


abruigheann siad ráiméis Bhéarla, acht ní'l sé i gcom-
órtas [ní comórtas é] leis an rann a deirtear ins an
nGaoidhilge:-



3. "A dhreoilín, a dhreoilín, rí na n-éan,
Is mór do mhuirighin, is beag thú féin,
Éirigh suas, a bhean an tighe,
A's tabhair dhúinn ubh na circe duibhe
Atá shiar i gcúl an tighe."



Do chualaidh an sionnach go raibh an dreoilín i n-a rígh
agus adubhairt sé: "Ó thárla go bhfuil mise ag marbhadh
éanlaith, ní stadfaidh mé nó go marbhóchad an rí." D'im-
thigh leis [ar aghaidh], agus do bhí sé ag imtheacht gur
casadh nead dreoilín leis [air]. D'fhiafruigh sé:- "An
bhfuil an rí agaibh annsin?" D'fhreagair an sean
dhreoilín é, agus adubhairt go raibh. D'fhiafruigh sé de'n
tsionnach cia an gnó do bhí aige de'n rígh.



"Atá," ars' an sionnach, "go marbhóchaidh mé é."



"Maise," ars' an dreoilín, "an ndéanfaidh tú slad
ar a chlainn?" "Ní dhéanfad," ars' an sionnach.



"Tá go maith," ars' an dreoilín, "druid aníos leis
an neid."



Chomh fhad [an fhaid] agus do bhí an sionnach ag druidim
aníos adubhairt an sean-dhreoilín:



4. "Trí [tré] n-a chéile, a chlann, trí [tré] n-a chéile,
a chlann."



Do chuir an sionnach a cheann isteach ins an neid, acht
tar éis dearcadh go grinn orra, adubhairt, "Ní aithnighim
cia agaibh an rí," agus d'imthigh leis gan dochar 'ná díogh-
bhail do dhéanamh ar an dreoilín ná ar a cuid cloinne.



- Domhnall Ó Fotharta, ó Chondae na Gailmhe, do
aithris an aiste seo i "Siamsa an Gheimhridh."


L. 58


An Púca.



Is beagh baile ar fud na hÉireann nach (bh)fuil cnoc
nó aill, gleann nó poll ann thógas a ainm ó'n bpúca;
acht cia an sórt feithide é; is beag, an-bheag a bhfuil a
fhios sin aca. Adubhairt file éigin go raibh an púca ann
"ó aimsir na díleann," agus gur iomdha athrughadh do
chuireann sé air fein; go mbíonn sé "i n-a chat agus i
n-a mhad[r]adh ins an oidhche, agus ní túisce mar sin é
'ná i n-a shean-ghearán bhán."



1. Is gnáthach leis an bpúca marcuigheacht do thabhairt
do dhuine ar bith fhaghann sé amuigh an uair atá [bhíonn]
sé féin ag siubhal; agus atá dhá chaoi ar a dtugann
sé marcuigheacht. An chéad nós: - an uair chastar i gcos-
amhlacht dhuine é; annsin, duine air bith gur mhaith leis
marcuigheacht do thabhairt dhó, buaileann sé ar a dhruim
é - ceann an mharcaigh shíos le talamh, a chosa shuas, a
éadan le druim an phúca, muinéal an phúca idir dhá chois
an mharcaigh. Beireann sé ar chaol gach coise leis an
marcach i n-a dhá láimh, agus tógann sé mar sin é thar
sléibhtibh agus gleanntaibh, treasna thar loch agus lochán,
suas agus anuas na cnuic, agus an uair atá [bhíonn] an
marcach sáruighthe, tuirseach, tairngthe, caitheann sé
anuas ar an talamh é, agus leigeann sé ar siubhal [chum
siubhail] mar sin é.



2. An chaoi eile - an uair dhéanann sé capall de féin:
cuireann sé a cheann idir dhá chois an té ar mian leis
cath-mhagadh a dhéanamh dhe; tógann sé mar sin ó'n talamh
é, agus bíonn sé ag méadughadh nó go mbíonn sé chomh
mór le capall; annsin, sin dhuit an marcach ar a dhruim


L. 59


ag gabháil scartha, .i. cos ar gach taoibh de, agus cead
aige greim do chongbháil nó é féin do leigean le talamh,
agus a chnámha do bhriseadh, b'fhéidir. 'Sé is minic dhéanas
sé, greim docht do chongbháil air, agus siúd ar siubhal é
cia ar bith áit thoigreóchas an púca é thabhaird leis, agus
ní'l dhá luaithe imthigheas an púca nach amhlaidh is cruaidhe
chongbhuigheas an marcach greim muinge air.



3. Cor-uair castar marcach glic do'n phúca [ar an bpúca]
a chuireas i n-úil dó nach dtig leis magadh a dhéanamh i
gcómhnuidhe. Do bhí ceannuidhe ann fad ó, agus tháinig sé
go Cuan na Mara sul a raibh bóithre déanta ann, agus
ar marcuigheacht do tháinig sé. Fuair sé lóistín, óir bhíodh
fáilte agus fiche an t-am soin ann roimh fhear bóthair
agus bealaigh, agus do bhí cáil agus cainnt i bhfad is i
ngar ar fhlaitheamhlacht agus ar fhéile muinntre Iar-
gConnacht. Do bhí go maith, leig sé a chapall amach ar
fuid na ngort, agus do chuaidh sé féin a chodladh. An
uair do bhí a sháith codlata aige, d'éirigh sé i n-a shuidhe,
d'ith sé a bhéile, agus do ghléas [sé] é féin le haghaidh an
bhothair.



4. D'aithin sé ar na réaltaibh go raibh sé níos moiche ins
an oidhche 'ná [mar do] shaoil sé, acht adubhairt sé leis
féin go mb'fhearr dhó bheith ag cur an aistir dhe. Do chuaidh
sé ar thóir a chapaill, acht cia casadh leis [cia chasfaidhe
air] acht an púca! Do bhuail sé an ceannuidhe ar a
dhruim agus do ghluais sé leis. Ar dtús ní raibh faoi
acht sodar, acht d'éirigh sé i n-a chos-in-áirde [i n-a chosa
i n-áirde] go luath. D'imthigh sé mar an ngaoith, tré
bhogach agus cruadhas, treasna na n-abhann, suas agus
anuas na cnuic, acht do chinn ar an bpúca an fear do


L. 60


chaitheamh dhe. Thug sé searsa [rása luath] eile go dtáinig
sé i n-aice le habhain mhóir, agus do bhí sé ar tí léim do
thabhairt treasna gur chuimhnigh an ceannuidhe go raibh a
chuid spur ar a shálaibh. Thug sé buille láidir le n-a dhá
sháil, agus chuir sé na birínidhe go feoil ins an bpúca.
Do gheit agus do chriothnuigh sé; agus d'iarr sé d'ath-
chuinge ar an gceannuidhe na birínidhe do bhaint as, agus
go leigfeadh sé ar siubhal é. Do-rinne an ceannuidhe
sin, agus do chaith an púca d'á dhruim anuas é, agus siúd
de léim thar an abhainn é.



Acht do ghabh aithmhéala an ceannuidhe [toisc] gur leig
sé an púca chomh réidh sin uaidh; agus shaoil sé é mheal-
ladh ar ais, go gcuireadh sé [de] reachtaibh air gan
leanmhain d'á chleasannaibh ní ba mhó. Mar soin d'iarr
sé air teacht treasna na habhann arís.



"An bhfuil na birínidhe ort i gcomhnuidhe?" ars' an
púca. "Tá siad," ars' an fear.



"Má tá," ars' an púca, "fan mar tá tú; ní rachaidh
mise i do ghoire ná i do ghaobhar go mbainidh tú dhíot iad.
Tá mé réidh leat an t-am so, acht má fhaghaim greim ort
uair eile, agus tú bheith ar easbaidh na spur, beidh a
fhios agat-sa méid mo dhíoghaltais i dtaoibh na gcleas do
imir tú orm."



- Domhnall Ó Fotharta do scríobh é seo do "Shiamsa
an Gheimhridh."


L. 61


XI. An Lioprachán.



1. Ins an tsean-aimsir, sul do lobh na fataidhe - an
rud do dhíbir ar fuid an domhain muinntear na hÉireann,
agus do choisg gach uile shean-ghnás agus gach siamsa do
bhí aca de chleachtaibh a seacht sinnsear - ins an am soin
do bhí fear ag siubhal leis féin lá thríd a chuid talmhan
le bánughadh an lae, agus ceard [cad] do chonnaic sé
uaidh acht lioprachán, agus é i n-a chodladh ar thuláinín
[tulacháinín] deas féarmhar do bhí ar a aghaidh. Rith sé
air [chuige], rug sé air, agus thug sé leis abhaile é. Do
shaoil sé go dtiocfadh leis airgead d'fhagháil uaidh, agus
an uair nach raibh sé ag a fhagháil [aige], do cheangail sé
go dlúth, docht é, agus do chuir sé ins an gcófra [gcomhra]
fá ghlas é. Do bhí mar sin go ceann a seacht mbliadhna.



Fá cheann seacht mbiadhan i n-a dhiaidh sin do bhí an
fear céadna ag siubhal le ciumhais na fairrge lá, gur
casadh sail dó [air]. An uair tháinig sé a bhaile d'innis
sé dhóibh mar fuair sé an tsail; agus leis sin thosnuigh
an lioprachán ag gáire istigh ins an gcófra. Níor chuir
fear an tighe ceist ná cómhrádh air cia an fáth do bhí leis
an ngáire.



2. Do bhí go maith; chongbhuigh sé seacht mbliadhna eile é
gan greim gan deoch. Fá cheann na haimsire sin tháinig
fear siubhail isteach la ins an teach [tigh] i n-a [mar a]
raibh an lioprachán ins an gcofra ann; do bhí biadh
gléasta, agus d'iarr fear an tighe ar an bhfear bocht
druidim leis an mbórd agus greim d'ithe. Ní dhéanfadh
sé é sin, agus chuaidh sé amach arís gan blas de'n bhiadh
d'ithe; agus mar do-chuaidh sé amach thar an táirsigh rinne
an lioprachán gáire mór istigh. Níor chuir fear an tighe


L. 62


aon tsuim ins an ngáire seo, acht an oiread leis an
gcéad gháire; agus do chongbhuigh sé fá ghlas é go ceann
a seacht mbliadhna arís.



I gceann an ama soin do-chuaidh fear an tighe in [chum]
aonaigh do bhí i bhfad uaidh,agus an uair tháinig sé a
bhaile, is é an chéad rud do chuala sé, an lioprachán ag
gáire amach ins an gcofra [gcómhra] istigh.



"Is é seo an tríomhadh gáire do-rinne sé le bliadhain
is fiche," arsa fear an tighe, "agus beidh a fhios agam
cia an fáth do bhí leo."



3. Do-chuaidh sé go dtí an gcófra [gcómhra], agus
d'fhosgail sé é.



"A liopracháin ghránna," ar sé, "innis dham ar an
toirt cia an fáth do bhí leis na trí gháiríbh a rinne tú. Tá
tú agam le bliadhain is fiche, agus ní dheárna tú acht na
trí gáiridhe sin."



"Do b'fheárr dhuit féin gan an fáth do chlos," ars' an
lioprachán.



4. "Innis dham anois cia [cad] fá a ndeárna tú an
gáire."



"Glac mo chomhairle," ars' an lioprachán, "tá go leor
neitheadh a mb'fhearr dhuit bheith gan eolas agat orra, mar
adeir an sean-fhocal, "An rud nach gcluineann an chluas,
ní chuireann sé buaidhirt ar an gcroidhe."



"Éist liom-sa anois, agus leig de do chuid cómhráidh;
cia [cad] an fáth a ndeárna tú gáire, nó deamhan as so
rachas tú go mbainidh mé an cloigeann díot."



"Ná déan soin," ars' an lioprachán, "acht glac foighid
[foighne] nó beidh áithmhéala ort."



"Ní ghlacfaidh mé níos mó grabhsaireacht uait-se," arsa


L. 63


fear an tighe; agus rug sé ar an lioprachán, agus do bhí
sé ar tí an ceann do chasadh dhe, mar chasfá an cloigeann
de dhreoilín.



5. "Fóil, fóil," ars' an lioprachán, "is feárr dham fáth
agus ádhbhar na dtrí ngáire d'innseacht [d'innsint] ná
mo cheann do chailleamhain. Maise, is é an fáth do bhí
leis an gcéad gháire: - an tsail fuair tú cois na
fairrge (má's cuimhneach leat é), do bhí sí tollta, folamh
i n-a lár agus í lán d'ór, agus d'airgead, agus do bhí
a fhios agam-sa go leigtheá uait go fánach an saidhbhreas
do bhí innti i n-ionad sochair do bhuaint as do do [dod']
mhuirighin laig; agus tú féin chomh sanntach, cruaidh,
congbhálach sin, freisin, agus go mb'fheárr leat dul gan
deoch ioná deoch do cheanach. Is é fáth an dara gháire:
an fear siubhail a tháinig isteach agus a dhiúltaigh do'n
bhiadh, ní eireochadh dhó mar thárla dá bhfanfadh sé agus
greim do chaitheamh, mar nár shiubhail sé i bhfad ó'n teach
[tigh] gur baineadh tuiseal as, agus gur bhris sé a chosa
is a chnámha. Fáth an tríomhadh gháire:- b'fheárr liom
gan é innseacht [innsin] duit. Glac mo chomhairle, agus
bí sásta le fios agus fáth an dá gháire do bheith agat."



6. "Ní'l mé sásta agus ní bhead," ars' an fear, "go
gcluinfidh mé fáth an tríomhadh gháire freisin, agus ní
shábhálfaidh an méad atá ráidhte thú."



"Tá go maith, ort féin bheas an milleán. Is é fáth an
treas gháire:- do chuid airgid ar fad do bhí i bhfolach
agat i n-a leithéid seo d'áit ins an ngarrdha, chomh fad
[an uair] agus do bhí tusa imthighthe chum an aonaigh, tháinig
fear mór agus do bhailigh sé leis ar fad é, agus deamhan
pighinn ruadh d'fhág sé agat."


L. 64


7. An uair do chuala an fear sin leig sé sgread mór
as, do chaith sé a hata ins an aer, chaill sé a chiall, agus
d'imthigh sé éadtrom ar fuid an tsaoghail. Do bhailigh an
lioprachán leis, agus níor chualas [chualathas] aon
tuairisg air ó'n lá soin go dtí anois [an lá atá indiu
ann].



- Domhnall Ó Fotharta, oide scoile i gCondaé na
Gailmhe, do chuir an sgéal so i "Siamsa an Gheimhridh."






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services